[EN]

Uimhir 15 de 1929.


[EN]

ACHT UM MÉADÚ CÍOSA AGUS ÚIS MHORGÁISTE (COSCANNA), 1929.


ACHT CHUN NA hACHTANNA UM MÉADÚ CÍOSA AGUS ÚIS MHORGÁISTE (COSCANNA), 1923 GO 1928, DO BHUANÚ AGUS DO LEASÚ. [25adh Meitheamh, 1929.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:[EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “Acht 1923” an tAcht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 (Uimh. 19 de 1923);

[EN]

cialluíonn an abairt “Acht 1926” an tAcht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1926 (Uimh. 24 de 1926); agus

[EN]

cialluíonn an abairt “Acht 1928” an tAcht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1928 (Uimh 5 de 1928).

[EN]

Buanú Achta 1923.

2.—Athghairmtear leis seo alt 2 d'Acht 1926 agus ina ionad san achtuítear leis seo go leanfidh Acht 1923, d'ainneoin éinní contrárdha dho san atá ann, i bhfeidhm, fé réir na leasuithe a dintar ann le hAcht 1926, le hAcht 1928 agus leis an Acht so, go dtí an 24adh lá de Mheitheamh, 1930, agus go ragha sé in éag ansan.

[EN]

Leasuithe maidir le baint Achta 1923.

3.—Athghairmtear leis seo alt 2 d'Acht 1928 agus ina ionad san achtuítear leis seo go léireofar alt 4 d'Acht 1926 agus go mbeidh éifeacht aige fé is dá ndintí clás (b) den mhír do cuireadh isteach in Acht 1923 leis an alt san do leasú tríd an mbliain 1930 do chur in ionad na bliana 1928 agus fé is dá scriostí amach clás (c) den mhír sin.

[EN]

Gearr-theideal, agus luadh.

4.—Féadfar an tAcht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1929, do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1929, do ghairm de sna hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1928, agus den Acht so le chéile.