Uimhir 24 de 1926.
ACHT UM MÉADÚ CÍOSA AGUS ÚIS MHORGÁISTE (COSCANNA), 1926.
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an tAcht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 (Uimh. 19 de 1923); cialluíonn an focal “Acht 1920” an Increase of Rent and Mortgage Interest (Restrictions) Act, 1920; agus
cialluíonn an focal “fógra reachtúil” an fógra a luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 3 d'Acht 1920 i dtaobh bheith ar aigne cíos do mhéadú no an fógra ag méadú cíosa a luaidhtear i bhfo-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht, pe'ca aca a éilíonn an có-théacs.
Buanú ar an bPríomh-Acht.
2.—D'ainneoin éinní ina choinnibh sin ann leanfidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 24adh lá de Mheitheamh, 1929, fé réir na leasuithe a dintar air leis an Acht so agus ragha sé in éag ansan.
An brí a bheidh le “an tAcht so” sa Phríomh-Acht.
3.—O am rithte an Achta láithrigh seo agus dá éis sin déanfar an focal “an tAcht so,” pé áit ina bhfachtar é sa Phríomh-Acht (agus fós in aon chlás a cuirtar isteach sa Phríomh-Acht de bhua an Achta láithrigh seo), do léiriú mar fhocal a chialluíonn an Príomh-Acht agus é leasuithe leis an Acht láithreach so, agus is dá réir sin a bheidh éifeacht ag an bPríomh-Acht.
Leasuithe maidir le baint an Phríomh-Achta.
4.—On 24adh lá de Mheitheamh, 1926, léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá leasuítí fo-alt (1) d'alt 3 dhe mar leanas, sé sin le rá, tríd an gcéad mhír den bhfo-alt san do scrios amach, mír dar tosach na focail “Gan dochar” agus dar críoch na focail “gach tigh no cuid de thigh den tsórt san,” agus tríd an mír seo a leanas do chur isteach in ionad na míre a scriostar amach amhlaidh, sé sin le rá:—
“(1) Maidir le haon tigh áirithe no cuid áirithe de thigh atá curtha mar chomhnaí fé leith, bainfidh an tAcht so, fé réir forálacha an ailt seo:—
(a) leis an tigh sin no leis an gcuid sin de thigh go dtí an 24adh lá de Mheitheamh, 1927, agus ní níos sia ná san, i gcás méid riail-chíosa no luach ionrátuithe an tighe sin no na coda san de thigh do bheith gan dul—
(i) thar £40 i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus sna bailecheanntracha i Líomtáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath, agus
(ii) thar £30 in áiteanna eile, no
(b) leis an tigh sin no leis an gcuid sin de thigh go dtí an 24adh lá de Mheitheamh, 1928, agus ní níos sia ná san, i gcás méid riail-chíosa no luach ionrátuithe an tighe sin no na coda san de thigh do bheith gan dul—
(i) thar £30 i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus sna bailecheanntracha i Líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath, agus
(ii) thar £25 in áiteanna eile, no
(c) leis an tigh sin no leis an gcuid sin de thigh go dtí an 24adh lá de Mheitheamh, 1929, agus ní níos sia ná san, i gcás méid riail-chíosa no luach ionrátuithe an tighe sin no na coda san de thigh do bheith gan dul—
(i) thar £25 i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath agus sna bailecheanntracha i Líomatáiste Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus
(ii) thar £20 in áiteanna eile;
agus go dtí an dáta a luaidhtear anso roimhe seo do gach tigh no cuid de thigh den tsórt san tuigfar gur tigh comhnaithe le n-a mbaineann an tAcht so é.”
I gcásanna áirithe beidh an Príomh-Acht gan baint aige le tithe comhnaithe.
5.—(1) I gcás tiarna tighe chomhnaithe le n-a mbaineann an Príomh-Acht agus 'na bhfuil a riail-chíos agus a luach ionrátuithe thar £20 do bheith i seilbh an tighe chomhnaithe iomláin le linn rithte an Achta so no do theacht i seilbh an tighe chomhnaithe iomláin aon uair tar éis rithte an Achta so, ansan, o am rithte an Achta so agus dá éis sin no o dháta agus tar éis dáta an tiarna do theacht i seilbh ina dhiaidh sin, pe'ca aca é, scuirfidh an Príomh-Acht de bhaint do bheith aige leis an tigh comhnaithe sin ach amháin sa chás a luaidhtear ina dhiaidh seo anso.
(2) I gcás cuid de thigh chomhnaithe le n-a mbaineann an Príomh-Acht do bheith fo-churtha go dleathach agus gur tigh comhnaithe le n-a mbaineann an Príomh-Acht an chuid atá fochurtha amhlaidh, leis, ní scuirfidh an Príomh-Acht de bhua an ailt seo de bhaint do bheith aige leis an gcuid atá fo-churtha amhlaidh de bhrí an tionónta do bheith no do theacht i seilbh na coda san, agus, má bhíonn no má thagann an tiarna i seilbh aon choda ná fuil fo-churtha amhlaidh, scuirfidh an Príomh-Acht de bhaint do bheith aige leis an gcuid sin d'ainneoin fo-thionónta d'fhanúint i seilbh no do choinneáil seilbh aon choda eile de bhua an Phríomh-Achta.
(3) Chun crícheanna an ailt seo léireofar an focal “seilbh” i gcéill seilbhe achtálta agus ní tuigfar tiarna do bheith tagtha i seilbh de bhrí atharú tionóntachta a dineadh le n-a thoil agus dá bhrí sin amháin.
Leasuithe ar an bPríomh-Acht i dtaobh méaduithe ceaduithe.
6.—On 24adh lá de Mheitheamh, 1926, léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá leasuítí fo-alt (1) d'alt 8 de mar leanas, sé sin le rá:—
(a) tríd na focail agus na figiúirí “no i dtréimhse an dá bhlian 1925 agus 1926 no i dtréimhse an dá bhlian 1926 agus 1927 no i dtréimhse an dá bhlian 1927 agus 1928” do chur isteach i bhfo-mhír (c) (iii) dhe i ndiaidh na bhfocal agus na bhfigiúirí “i dtréimhse an dá bhlian 1923 agus 1924”;
(b) tríd an bhfocal “deich” do scrios amach as fo-mhír (d) dhe agus an focal “fiche” do chur in ionad an fhocail do scriosadh amach amhlaidh.
Dleathú có-aontuithe áirithe.
7.—(1) I gcás ina gcuirtar ar cosnamh, fé chó-aontú do thionóntacht nua, cíos nách mó ná an riail-chíos agus na méaduithe a ceaduítear le hAcht 1920 más roimh an 24adh lá de Mheitheamh, 1923, a dineadh an có-aontú san, no leis an bPríomh-Acht, más ar an 24adh lá de Mheitheamh, 1923, no dá éis sin, agus roimh an 24adh lá de Mheitheamh, 1926, a dineadh an có-aontú san (pe'ca roimh am rithte an Achta so no dá éis sin a dineadh é), no leis an bPríomh-Acht, mar a leasuítear leis an Acht so é, más ar an 24adh lá de Mheitheamh, 1926, no dá éis sin, a dineadh an có-aontú san, ansan, fé réir forálacha an ailt seo, bíodh nár dineadh fógra reachtúil a bhí dleathach agus éifeachtúil do sheirbhéail ar an tionónta do réir fo-alt (2) d'alt 3 d'Acht 1920 no do réir fo-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht, pe'ca aca é, tuigfar gur méadú cíosa dleathach ceaduithe an bhreis a bheidh ag an gcíos a cuirtar ar cosnamh amhlaidh ar an riail-chíos agus gurbh ea riamh agus nách suim í agus nár shuim riamh í nárbh fhéidir a bhaint den tionónta do réir bhrí alt 1 d'Acht 1920 ná do réir bhrí alt 12 den Phríomh-Acht, pe'ca aca é, no dob fhéidir don tionónta a bhaint amach do réir bhrí fo-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1920 no do réir bhrí fo-alt (1) d'alt 15 den Phríomh-Acht, pe'ca aca é.
(2) Ní dhéanfidh éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo difir do chearta tionónta fé mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 7 den Phríomh-Acht.
(3) Ní theidealóidh an t-alt so do thiarna tighe aon tsuimeanna do bhaint de thionónta do baineadh den tiarna tighe roimh an 4adh lá de Bhealtaine, 1926, tré lascainí do bhaint as cíos no ar shlí eile, ná aon chíos do bhaint de nár híocadh de dheascaibh na lascainí sin do bhaint as.
(4) Ní dhéanfidh an t-alt so difir do cheart feidhmithe aon bhreithiúntais do thug cúirt cheart-údaráis roimh an 4adh lá de Bhealtaine, 1926, ná ní dhéanfa sé ionbhainte amach aon tsuim do híocadh fé n-a leithéid sin de bhreithiúntas.
Eifeacht fógraí reachtúla áirithe.
8.—(1) Má seirbheáladh fógra reachtúil ar thionónta fé Acht 1920 roimh an 24adh lá de Mheitheamh, 1923, no ar thionónta fén bPríomh-Acht roimh am rithte an Achta so no dá éis sin agus, chun an fógra reachtúil sin do dhéanamh éifeachtúil, gur ghá fógra a chuirfadh deire le tionóntacht an tionónta san (fógra dá ngairmtear fógra chun imeacht san alt so) ach nár seirbheáladh ar an tionónta aon fhógra dleathach chun imeacht, beidh éifeacht ag an bhfógra reachtúil sin agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá mb'fhógra chun imeacht é leis do raghadh in éag an lá díreach roimh an dáta o n-a bhfuil no o n-a raibh an méadú cíosa le dul in éifeacht de bhua an fhógra reachtúla san no, dá mba ná féadfí deire do chur leis an tionóntacht san go dlíthiúil le fógra chun imeacht do raghadh in éag an lá san a céad-luaidhtear, ansan an chéad lá ina dhiaidh sin a bheadh sé éifeachtúil chun deire do chur leis an tionóntacht san dá mb'fhógra chun imeacht é, agus sa chás deiridh sin tuigfar éifeacht do bheith ag fógra reachtúil a seirbheáladh roimh am rithte an Achta so fé is dá luaidhtí an chéad lá san sa bhfógra reachtúil mar dháta o n-a raghadh an méadú cíosa in éifeacht.
(2) Ní theidealóidh an t-alt so do thiarna tighe tar éis rithte an Achta so éinní acu so síos do bhaint de thionónta in aghaidh aon tréimhse roimh an 4adh lá de Bhealtaine, 1926, eadhon, an méadú cíosa a dleathuítear leis an alt so, no aon tsuimeanna do baineadh den tiarna tighe roimh an dáta san tré lascainí do bhaint as cíos no ar shlí eile, no aon chíos nár híocadh roimh an dáta san de dheascaibh na lascainí sin do bhaint as.
(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1920 ná fo-alt (1) d'alt 15 den Phríomh-Acht le méadú cíosa a dleathuítear leis an alt so agus do híocadh ag tionónta no do baineadh de roimh an 4adh lá de Bhealtaine, 1926.
(4) Ní dhéanfidh an t-alt so difir do cheart feidhmithe aon bhreithiúntais do thug cúirt cheart-údaráis roimh an 4adh lá de Bhealtaine, 1926, ná ní dhéanfa sé ionbhainte amach aon tsuim do híocadh fé n-a leithéid sin de bhreithiúntas.
Leasú ar an bPríomh-Acht i dtaobh fiachais i rátaí ar thithe neathionóntuithe.
9.—Ní bhainfidh alt 16 den Phríomh-Acht le tigh comhnaithe i rith aon tréimhse nách sia ná sé mhí ina mbeidh an tigh comhnaithe sin folamh no nea-thionóntuithe chun breisithe, atharuithe no deisithe do dhéanamh air no de dheascaibh a bheith bona fide thar chumas a thiarna tionónta oiriúnach d'fháil do ar chíos is ionann leis an riail-chíos agus na méaduithe a ceaduítear leis an bPríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é.
Rialacha i dtaobh nósimeachta.
10.—(1) Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá leasuítí alt 19 de mar leanas, sé sin le rá:—
(i) tríd na focail “D'ainneoin éinní atá san Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924)” do chur i bhfo-alt (1) den alt san díreach roimh na focail “Féadfidh an Coiste Rialacha”; agus
(ii) trí mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) den alt san do scrios amach agus na míreanna so a leanas do chur in ionad an dá mhír a scriosadh amach amhlaidh, sé sin le rá:—
(a) dhá Bhreitheamh den Chúirt Chuarda a hainmneofar o am go ham ag Prímh-Bhreitheamh Shaorstáit Éireann, agus
(b) aon Bhreitheamh amháin den Chúirt Dúithche a hainmneofar o am go ham ag an Aire Dlí agus Cirt.
(2) Gach riail a dineadh agus gach fuirm a horduíodh fé alt 19 den Phríomh-Acht agus atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so, leanfid i bhfeidhm faid a bheidh an Príomh-Acht i bhfeidhm ach san fé réir agus gan dochar d'aon leasú no ceiliúra a dineadh ar an riail no ar an bhfuirm sin fén alt san 19 mar a leasuítear leis an Acht so é.
Beidh airgead áirithe gan bheith ionbhainte amach.
11.—On 4adh lá de Bhealtaine, 1926, amach ní chuirfidh éinní atá sa Phríomh-Acht ar chumas tionónta aon airgead do bhaint amach ná féadfadh an tionónta a bhaint amach roimh an 22adh lá de Mheitheamh, 1923, i gcás áitribh a húsáidtear chun crícheanna gnótha, céirde no gairme no chun na seirbhísí puiblí agus le n-a mbaineann an Príomh-Acht de bhua alt 17 den Acht san, no ná féadfadh an tionónta a bhaint amach roimh an 24adh lá de Mheitheamh, 1923, i geás áitribh eile le n-a mbaineann an Príomh-Acht.
Cearta do chimeád slán tar éis dul in éag don Phríomh-Acht.
12.—Má ráiníonn don Phríomh-Acht mar a leasuítear é leis an Acht so dul in éag maidir le haon tigh comhnaithe le n-a mbaineann an Príomh-Acht agus é leasuithe amhlaidh, ní chuirfidh san ar chumas tiarna tighe aon chíos, ús, ná suim eile do bhaint amach ná féadfí a bhaint amach roimh an dul-in-éag san ná ní dhéanfa sé difir do cheart tionónta chun aon tsuim do bhaint amach a bhí, roimh an dul-in-éag san, ionbhainte amach ag an tionónta fén bPríomh-Acht agus é atharuithe agus leasuithe amhlaidh.
Leasú ar na fuirmeacha sa Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
13.—On 24adh lá de Mheitheamh, 1926, léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí na fuirmeacha atá sa Sceideal a ghabhann leis do leasú mar leanas, sé sin le rá:—
(a) tríd na focail agus na figiúirí “Acht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923” do scrios amach as gach áit ina bhfuilid sna fuirmeacha san agus na focail agus na figiúirí “Achtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 agus 1926” do chur in ionad na bhfocal agus na bhfigiúirí sin; agus
(b) tríd na focail “deich per cent. den riail-chíos” do scrios amach as gach áit ina bhfuilid sna fuirmeacha san agus na focail “fiche per cent. den riail-chíos” do chur in ionad na bhfocal san; agus
(c) tríd na focail agus na figiúirí “(no sna blianta 1925-26, no sna blianta 1926-27, no sna blianta 1927-28)” do chur i ndiaidh na bhfocal agus na bhfigiúirí “sna blianta 1923-1924” i ngach áit ina bhfuilid sna fuirmeacha san.
Tuille comhachta don Chuirt.
14.—(1) Le linn éisteacht aicsin chun aon chios a héilítear a bheith dlite o thiarna tighe no aon tsuim a héilítear a bheith ionbhainte amach ag tionónta ar scór tighe chomhnaithe le n-a mbaineann an Príomh-Acht, mar a leasuítear é leis an Acht so, do bhaint amach féadfidh an Chúirt, ar iarratas o aon pháirtí san éisteacht san, aon cheist do shocrú a eiríonn fén bPríomh-Acht no fén Acht so agus nách ró-dheacair a shocrú le linn na héisteachta san do réir tuairim na Cúirte.
(2) Más deimhin leis an gcúirt gur dearmhad bona fide ar thaobh an tiarna tighe fé ndeár aon earráid do bheith i bhfógra reachtúil no éinní do bheith leigthe ar lár ann, pe'ca roimh am rithte an Achta so no dá éis sin a seirbheáladh é, beidh comhacht aici chun an fógra reachtúil sin do leasú tré aon earráidí ann do cheartú agus éinní do leigeadh ar lár ann do chur isteach, tré n-a mbeadh an fógra reachtúil sin nea-dhleathach mara ndintí a gceartú no a gcur isteach, agus san ar théarmaí agus ar choiníollacha maidir le riaráiste cíosa no éinní eile fé mar is dó leis an gcúirt a bheith ceart agus réasúnta agus, má orduíonn an chúirt amhlaidh, beidh agus tuigfar go raibh éifeacht mar fhógra reachtúil dleathach ag an bhfógra reachtúil agus é leasuithe amhlaidh.
Gearr-theideal, léiriú, agus luadh.
15.—Féadfar an tAcht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1926, go ghairm den Acht so agus léireofar é mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht, agus féadfar na hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 agus 1926, do ghairm den Acht san agus den Acht so le chéile.