[EN]

Uimhir 15 de 1942.


[EN]

ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1941, DO DHLEATHÚ DEONTAS ÁIRITHE FÚTHA, AGUS DÁ CHUMASÚ D'ÚDARÁIS ÁITIÚLA TITHE ÁIRITHE DO LEITHREASÚ CHUN CÓIRÍOCHT DO THABHAIRT DO DHAOINE A nDEARNADH DÁ nÁITEANNA COMHNAITHE DÍOBHÁLA LE N-A MBAINEANN AN tACHT NEODRACHTA (DÍOBHÁIL CHOGAIDH DO MHAOIN), 1941. [8adh Iúl, 1942.] ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht so cialluíonn an abairt “ an Príomh-Acht ” Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932).

[EN]

Fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht de leasú.

2.—(1) Déantar, leis seo, fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do leasú ar na slite seo leanas agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an tagairt don 1adh lá d'Abrán, 1935, atá i míreanna (c), (d), (e), (f), (g), agus (h) den fho-alt san (1) léireofar í mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1943 ;

[EN]

(b) gach tagairt don 1adh lá d'Abrán, 1940, atá i mír (j) den fho-alt san (1) (eadhon, an mhír do cuireadh isteach ann tré mhír (c) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Leasú), 1939 (Uimh. 3 de 1939)) léireofar í mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1943.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 1 d'Acht na dTithe (Leasú), 1941 (Uimh. 18 de 1941).

[EN]

(3) Beidh an t-alt so mar do bheadh éifeacht aige agus is tuigthe éifeacht do bheith aige amhail ar an 1adh lá d'Abrán, 1942, agus ón lá san amach,

[EN]

Tithe áirithe do leithreasú i gcóir daoine fhágfaidh áiteanna comhnaithe bheidh díobhálta ar shlite áirithe, etc.

3.—(1) Tigh ar bith a bheidh curtha ar fáil ag údarás áitiúil fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, no fé Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1941, agus a bheidh ina seilbh de thurns na huaire, féadfaid é leithreasú chun cóiríocht do thabhairt do dhuine ar bith fhágfaidh a áit chomhnaithe mar gheall ar dhíobháil a bheidh déanta dhi ar aon tslí dá luaidhtear i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Acht Neodrachta (Díobháil Chogaidh do Mhaoin), 1941 (Uimh. 24 de 1941).

[EN]

(2) I gcás feidhm fo-ailt (1) d'alt 6 den Phríomh-Acht, maidir le tigh a bheidh curtha ar fáil ag údarás áitiúil fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, agus a bheidh leithreasuithe de bhun an ailt seo, do bheith fé réir fo-mhíre (ii) de mhír (a) den fho-alt san (1), déanfar an tagairt atá sa bhfo-mhír sin (ii) do thrí tríochad agus trian per centum de na muirir bhliantúla iasachta do léiriú mar thagairt de shé seascad agus dhá dtrian per centum de na muirir sin.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm, maidir le tigh a leithreasófar de bhun an ailt seo, ag fo-alt (5) d'alt 6 den Phríomh-Acht ná ag na rialacháin a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire chun crícheanna an fho-ailt sin.

[EN]

(4) I gcás tigh a bheidh curtha ar fáil fé Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1941, do leithreasú de bhun an ailt seo, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas faid a mhairfidh an leithreasú san, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní bheidh feidhm, maidir leis an tigh, ag alt 29 den Labourers (Ireland) Act, 1906, ná ag aon rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt san,

[EN]

(b) ní bheidh an tigh incheannuithe fé Acht na Sclábhaithe, 1936 (Uimh. 24 de 1936).

[EN]

(5) Beidh an t-alt so mar do bheadh éifeacht aige agus is tuigthe éifeacht do bheith aige amhail ar an 26adh lá de Lúnasa, 1940, agus ón lá san amach.

[EN]

Deontais áirithe do bheith bailidhe.

4.—(1) I gcás—

[EN]

(a) deontas uirchiallann bheith ina dhcontas fé mhír (d), (g), no (h), do réir mar atá, d'fho-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do bheith déanta roimh dháta an Achta so do rith, agus

[EN]

(b) an deontas san do bheith ina dheontas chuibhe dá bhforáiltí le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 1 den Labourers Act, 1919, go ndéanfaí duine bheadh ag seoladh siopa d'áireamh chun crícheanna na míre sin mar dhuine bheadh ag obair ar chéird,

[EN]

beidh an deontas san mar do bheadh sé agus is tuigthe go raibh sé riamh ina dheontas chuibhe.

[EN]

(2) I gcás—

[EN]

(a) deontas uirchiallann bheith ina dheontas fé mhír (d), (g), no (h), do réir mar atá, d'fho-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do bheith leith-churtha, ach gan é bheith déanta, roimh dháta an Achta so do rith, agus

[EN]

(b) an deontas san do bheith ina dheontas fhéadfaí a dhéanamh go cuibhe dá bhforáiltí le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 1 den Labourers Act, 1919, go ndéanfaí duine bheadh ag seoladh siopa d'áireamh chun crícheanna na míre sin mar dhuine bheadh ag obair ar chéird,

[EN]

is dleathach an deontas san do dhéanamh fé is dá bhforáiltí mar adubhradh leis an mír sin (b) d'fho-alt (1) d'alt 1 den Labourers Act, 1919.

[EN]

Gearr-theideal agus có-luadh.

5.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1942, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1942, do ghairm d'Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1941, agus den Acht so le chéile.