Uimhir 15 de 1943.
ACHT TOGHCHÁIN (CÁRTAÍ VÓTAÍOCHTA), 1943.
[An tionntódh oifigeamhail.]
[18adh Bealtaine, 1943.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “clár de thoghthóirí Dála” clár de dhaoine atá i dteideal vótáil i dtoghchán chomhaltaí no chomhalta do Dháil Éireann;
cialluíonn an abairt “an staid phráinne náisiúnta atá ann fé láthair” an staid phráinne náisiúnta dhéanann deifir do bhonn beatha an Stáit agus do dearbhuíodh le rúin do rith gach Tigh den Oireachtas an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1939, do bheith ann;
cialluíonn rud do bheith “orduithe” é bheith orduithe ag an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe.
Cinn chóimhrimh do chur cártaí vótaíochta amach.
2.—(1) Aon uair a thárlóidh, in olltoghchán chomhaltaí do Dháil Éireann a tionólfar i rith na staide práinne náisiúnta atá ann fé láthair, go gcuirfear an toghchán in aon dáilcheanntar áirithe ar athló chun vótaíocht do thógaint, déanfaidh an ceann cóimhrimh don dáilcheanntar san cárta (dá ngairmtear cárta vótaíochta san Acht so) sa bhfuirm orduithe do chur leis an bpost do réir an Achta so chun gach toghthóra a mbeidh a ainm ar an gclár de thoghthóirí Dála don dáilcheanntar san agus gan í ar an liost de phost-vótálaithe don dáilcheanntar san á chur in iúl don toghthóir sin cadé a uimhir (maille le leitir a cheanntair vótaíochta) ar an gclár san agus cá bhfuil an t-ionad vótaíochta ina mbeidh an toghthóir sin i dteideal vótáil sa toghchán san.
(2) Déanfar gach cárta vótaíochta cuirfear fén Acht so chun toghthóra in aon dáilcheanntar áirithe do dhíriú chun an toghthóra san fén ainm féna mbeidh sé cláruithe sa chlár de thoghthóirí Dála don dáilcheanntar san agus ag an seoladh ar ina thaobh a bheidh sé cláruithe amhlaidh, agus cuirfear amach é i dtráth chun go seachadfaí é i ngnáth-chúrsa an phuist ag an seoladh san am nach déanaighe ná an tríú lá roimh an lá vótaíochta sa toghchán lena mbainfidh.
(3) Déanfaidh an ceann cóimhrimh gach cárta vótaíochta do sheachadadh don Cheann-Oifig Phuist is comhgaraighe dhó no do pé post-oifig eile socrófar leis an gCeann-Mháistir Puist, agus déanfaidh an Ceann-Mháistir Puist no máistir puist na post-oifige eile sin (do réir mar a bheidh) é chur ar aghaidh saor o chostas chun é sheachadadh don duine chun a mbeidh sé dírithe.
Costais cinn chóimhrimh.
3.—Na costais féna raghaidh ceann cóimhrimh chun an tAcht so do chólíonadh i dtoghchán áirmheofar iad mar chostais féna raghaidh chun crícheanna an toghcháin sin do réir bhrí ailt 25 den Acht Timpeal Toghcháin, 1923 (Uimh. 12 de 1923), agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt san.
Toghchán do bheith bailidhe d'ainneoin gan an tAcht so do chólíonadh.
4.—(1) Ní bheidh aon toghchán nea-mbailidhe toisc an ceann cóimhrimh do mhainneachtain i gcárta vótaíochta do chur do réir an Achta so chun aon toghthóra áirithe no toisc gan cárta vótaíochta do sheachadadh d'aon toghthóir áirithe no toisc aon earráide no mí-ráitis in aon chárta vótaíochta cuirfear amach de bhun an Achta so, ná ní déanfar aon toghchán do chonspóid ar scór aon mhainneachtana no nea-sheachadta no earráide no mí-ráitis den tsórt san.
(2) Ní luighfidh ná ní bunófar aon aicsean ná imeacht eile i gcoinnibh cinn chóimhrimh mar gheall ar aon mhainneachtain uaidh sin i gcárta vótaíochta do chur do réir an Achta so chun aon toghthóra áirithe ná mar gheall ar aon earráid no mí-ráiteas in aon chárta chuirfe sé amach amhlaidh.
Gearr-theideal agus có-luadh.
5.—(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Cártaí Vótaíochta), 1943, do ghairm den Acht so.
(2) Folóidh an có-luadh “na hAchtanna Toghcháin, 1923 ge 1943,” an tAcht so chun gach críche.