Uimhir 15 de 1979
ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1979
[An tiontú oifigiúil]
An líon gnáthbhreithiúna san Ard-Chúirt.
1.—Dáréag ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh san Ard-Chúirt.
Iarmhartach.
2.—Cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b) (a cuireadh isteach le hAcht na gCúirteanna, 1977) d'alt 14 (1) den Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975:
“(b) más rud é ar é a cheapadh amhlaidh gurb é Uachtarán na hArd-Chúirte é nó gur gnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt é, ansin fad a shealbhóidh sé an oifig bhreithiúnach a shealbhaigh sé ar é a cheapadh amhlaidh—
(i) is trí déag ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh san Ard-Chúirt, agus
(ii) déanfar an tagairt in alt 1 d'Acht na gCúirteanna, 1979, do dháréag a fhorléiriú mar thagairt do thrí déag, agus”.
Aisghairm.
3.—Aisghairtear leis seo alt 1 (1) d'Acht na gCúirteanna, 1977.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
4.—(1) Féadfar Acht na gCúirteanna, 1979, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1979, a ghairm d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1977, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad le chéile mar aon Acht amháin.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |