Uimhir 16 de 1957.
AN tACHT SLÁINTE AGUS CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1957.
[An tiontó oifigiúil.]
[18 Iúil, 1957.]
An tAcht Sláinte, 1953, a leasú.
1.—(1) Leasaítear leis seo alt 15 den Acht Sláinte, 1953 (Uimh. 26 de 1953)—
(a) trí “deich scillinge” a chur in ionad “sé scillinge” i bhfo-alt (4), agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (5):
“(5) (a) Cuirfear seirbhísí sainliachta faoi fho-alt (1) den alt seo ar fáil in aisce do na daoine a sonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 14 den Acht seo.
(b) Nuair a cuirfear seirbhísí sainliachta ar fáil faoi fho-alt (1) den alt seo do dhuine nach duine a sonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 14 den Acht seo agus nach othar cónaithe i bhforas, gearrfar, gach ócáid a cuirfear na seirbhísí ar fáil, pé táille a sonrófar le hordú arna dhéanamh ó am go ham ag an Aire, ach nach mó ná seacht scillinge agus sé pingne i gcás scrúduithe X-ruithne agus trí scillinge in aon chás eile, agus baileofar an táille sin i pé slí a ordós an tAire ó am go ham.”
(2) Leasaítear leis seo alt 25 den Acht Sláinte, 1953, trí “deich scillinge” a chur in ionad “sé scillinge” i ngach ceann de na fo-ailt (2) go (6).
An tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, a leasú.
2.—Leasaítear leis seo Alt 231A den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945), is é sin, an t-alt a cuireadh isteach ann le fo-alt (8) d'alt 71 den Acht Sláinte, 1953, trí “deich scillinge” a chur in ionad “sé scillinge” i bhfo-alt (3).
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.
3.—(1) Féadfar an tAcht Sláinte agus Cóireála Meabhair-Ghalar, 1957, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta Sláinte, 1947 go 1957, a ghairm de na hAchta Sláinte, 1947 go 1954, agus d'alt 1 den Acht seo le chéile.
(3) Féadfar na hAchta Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1957, a ghairm den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945), d'alt 71 den Acht Sláinte, 1953 (Uimh. 26 de 1953), den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1953 (Uimh. 35 de 1953), agus d'alt 2 den Acht seo le chéile.
(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire Sláinte le hordú.