Uimhir 16 de 1980
AN tACHT UM DHÍOL EARRAÍ AGUS SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ, 1980
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal.
1.—(1) Féadfar an tAcht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh sé mhí tar éis dáta a rite.
Léiriú i gcoitinne.
2.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1893” an Sale of Goods Act, 1893;
folaíonn “gnó” gairm agus gníomhaíochtaí aon údaráis Stáit nó údaráis áitiúil;
forléireofar “déileáil mar thomhaltóir” de réir alt 3;
forléireofar “cóir réasúnach” de réir fho-alt (3);
tá le “comhaontú fruilcheannaigh” an bhrí a shanntar do “comhaontú fost-cheannaigh” le halt 1 den Acht Fost-Cheannaigh, 1946;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta;
ní fholaíonn “seirbhís” seirbhísí meitéareolaíocha ná seirbhísí eitleoireachta a sholáthraíonn an tAire Iompair ná aon ní a dhéantar faoi chonradh seirbhíse;
ciallaíonn “údarás Stáit” Aire den Rialtas, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn agus Coimisiún Talún na hÉireann.
(2) Folaíonn tagairt san Acht seo do sholáthar seirbhíse tagairt do sheirbhís nó do shaoráid a thabhairt nó a chur ar fáil agus do thairiscint í a sholáthar.
(3) I gcás a n-éireoidh ceist faoi alt 13, 31, 40 nó 46 den Acht seo nó faoi alt 55 d'Acht 1893 (a chuirtear isteach le halt 22 den Acht seo) maidir le téarma, comhaontú nó foráil a bheith cóir réasúnach tabharfar aird ar na critéir atá leagtha amach sa Sceideal nuair a bheifear á cinneadh.
Déileáil mar thomhaltóir.
3.—(1) In Acht 1893 agus san Acht seo deirtear go bhfuil páirtí i gconradh ag déileáil mar thomhaltóir i ndáil le páirtí eile—
(a) más rud é nach ndéanann sé an conradh i gcúrsa gnó nó nach dtugann sé le fios go bhfuil sé á dhéanamh sin, agus
(b) má dhéanann an páirtí eile an conradh i gcúrsa gnó, agus
(c) más de chineál a sholáthraítear de ghnáth lena n-úsáid nó lena dtomhailt go príobháideach na hearraí nó na seirbhísí a sholáthraítear faoi réim nó de bhun an chonartha.
(2) Má dhéantar díol—
(a) ar thairiscint iomaíoch, nó
(b) ar ceant—
(i) ar díol earraí é de chineál, nó
(ii) ar díol é a dhéanann duine nó a dhéantar thar ceann duine d'aicme
atá sainmhínithe ag an Aire le hordú,
ní mheasfar an ceannaitheoir ar chuntar ar bith a bheith ag déileáil mar thomhaltóir.
(3) Faoina réir seo, is ar na daoine a éilíonn nach mar thomhaltóir a dhéileálann páirtí a bheidh sé a shuíomh nach ea.
Cosaint.
4.—(1) Faoi réir alt 46 (a dhéanann foráil le haghaidh comhaontuithe áirithe cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó i ndiaidh an tosach feidhme sin a dhéantar iad) ní bhaineann an tAcht seo le conarthaí a rinneadh roimh an tosach feidhme sin.
(2) Ní dhéanann an tAcht seo difear d'aon díolúine ó dhliteanas a thugtar le reacht nó faoi reacht.
Orduithe.
5.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin Acht seo, lena n-áirítear ordú a rinneadh de bhua an fho-ailt seo, a leasú nó a chúlghairm.
(2) Déanfar dréacht de gach ordú a bheartaítear a dhéanamh faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an tOrdú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.
Pionóis.
6.—(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile a chur air.
(2) I gcás cion faoin Acht seo a rinne comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine, agus a gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó ar thaobh aon duine ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí, comhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile aon chomhlachta den sórt sin, nó is aon oifigeach eile den sórt sin d'aon chomhlacht den sórt sin, beidh an duine sin nó an duine ag gníomhú amhlaidh, de réir mar a bheidh, ciontach freisin sa chion sin.
Ionchúiseamh i gcionta.
7.—(1) Féadfaidh an tAire nó an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí imeachtaí achomaire i leith cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a ionchúiseamh.
(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire i leith cion faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 18 mí ó dháta an chiona.
Caiteachais.
8.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire nó an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
CUID II
Earraí a Dhíol
Cuid II a lua agus a fhorléiriú.
9.—(1) Féadfar na hAchtanna um Dhíol Earraí, 1893 agus 1980, a ghairm d'Acht 1893 agus den Chuid seo le chéile.
(2) Forléireofar Acht 1893 agus an Chuid seo mar aon ní amháin.
Coinníollacha agus Barántaí
Sale of Goods Act, 1893, ailt 11, 12, 13 14 agus 15.
10.—Cuirfear na hailt atá leagtha amach sa Tábla seo a leanas in ionad ailt 11, 12, 13, 14 agus 15 d'Acht 1893:
AN TÁBLA | |
When condition to be treated as warranty | 11.—(1) Where a contract of sale is subject to any condition to be fulfilled by the seller, the buyer may waive the condition, or may elect to treat the breach of such condition as a breach of warranty, and not as a ground for treating the contract as repudiated. (2) Whether a stipulation in a contract of sale is a condition, the breach of which may give rise to a right to treat the contract as repudiated, or a warranty, the breach of which may give rise to a claim for damages but not to a right to reject the goods and treat the contract as repudiated, depends in each case on the construction of the contract. A stipulation may be a condition, though called a warranty in the contract. (3) Where a contract of sale is not severable, and the buyer has accepted the goods, or part thereof, the breach of any condition to be fulfilled by the seller can only be treated as a breach of warranty, and not as a ground for rejecting the goods and treating the contract as repudiated, unless there be a term of the contract, express or implied, to that effect. (4) Nothing in this section shall affect the case of any condition or warranty, fulfilment of which is excused by law by reason of impossibility or otherwise. |
Implied undertakings as to title, etc. | 12.—(1) In every contract of sale, other than one to which subsection (2) applies, there is— (a) an implied condition on the part of the seller that, in the case of a sale, he has a right to sell the goods and, in the case of an agreement to sell, he will have a right to sell the goods at the time when the property is to pass, and (b) an implied warranty that the goods are free, and will remain free until the time when the property is to pass, from any charge or encumbrance not disclosed to the buyer before the contract is made and that the buyer will enjoy quiet possession of the goods except so far as it may be disturbed by the owner or other person entitled to the benefit of any charge or encumbrance so disclosed. (2) In a contract of sale, in the case of which there appears from the contract or is to be inferred from the circumstances of the contract an intention that the seller should transfer only such title as he or a third person may have, there is— (a) an implied warranty that all charges or encumbrances known to the seller have been disclosed to the buyer before the contract is made, and (b) an implied warranty that neither— (i) the seller, nor (ii) in a case where the parties to the contract intend that the seller should transfer only such title as a third person may have, that person, nor (iii) anyone claiming through or under the seller or that third person otherwise than under a charge or encumbrance disclosed to the buyer before the contract is made, will disturb the buyer's quiet possession of the goods. |
Sale by description. | 13.—(1) Where there is a contract for the sale of goods by description, there is an implied condition that the goods shall correspond with the description; and if the sale be by sample as well as by description, it is not sufficient that the bulk of the goods corresponds with the sample if the goods do not also correspond with the description. (2) A sale of goods shall not be prevented from being a sale by description by reason only that, being exposed for sale, they are selected by the buyer. (3) A reference to goods on a label or other descriptive matter accompanying goods exposed for sale may constitute or form part of a description. |
Implied undertakings as to quality or fitness. | 14.—(1) Subject to the provisions of this Act and of any statute in that behalf, there is no implied condition or warranty as to the quality or fitness for any particular purpose of goods supplied under a contract of sale. (2) Where the seller sells goods in the course of a business there is an implied condition that the goods supplied under the contract are of merchantable quality, except that there is no such condition— (a) as regards defects specifically drawn to the buyer's attention before the contract is made, or (b) if the buyer examines the goods before the contract is made, as regards defects which that examination ought to have revealed. (3) Goods are of merchantable quality if they are as fit for the purpose or purposes for which goods of that kind are commonly bought and as durable as it is reasonable to expect having regard to any description applied to them, the price (if relevant) and all the other relevant circumstances, and any reference in this Act to unmerchantable goods shall be construed accordingly. (4) Where the seller sells goods in the course of a business and the buyer, expressly or by implication, makes known to the seller any particular purpose for which the goods are being bought, there is an implied condition that the goods supplied under the contract are reasonably fit for that purpose, whether or not that is a purpose for which such goods are commonly supplied, except where the circumstances show that the buyer does not rely, or that it is unreasonable for him to rely, on the seller's skill or judgement. (5) An implied condition or warranty as to quality or fitness for a particular purpose may be annexed to a contract of sale by usage. (6) The foregoing provisions of this section apply to a sale by a person who in the course of a business is acting as agent for another as they apply to a sale by a principal in the course of a business, except where that other is not selling in the course of a business and either the buyer knows that fact or reasonable steps are taken to bring it to the notice of the buyer before the contract is made. |
Sale by Sample | |
Sale by sample. | 15.—(1) A contract of sale is a contract for sale by sample where there is a term in the contract, express or implied, to that effect. (2) In the case of a contract for sale by sample— (a) There is an implied condition that the bulk shall correspond with the sample in quality: (b) There is an implied condition that the buyer shall have a reasonable opportunity of comparing the bulk with the sample: (c) There is an implied condition that the goods shall be free from any defect, rendering them unmerchantable, which would not be apparent on reasonable examination of the sample. |
Ráitis a airbheartaíonn cearta ceannaitheora a shrianadh.
11.—(1) Baineann fo-ailt (2) agus (3) le haon ráiteas ar dóigh go nglacfar leis go gcuireann sé in iúl go bhfuil ceart nó feidhmiú cirt a thugtar le halt 12, 13, 14 nó 15 d'Acht 1893, nó dliteanas a thig de bhua aon cheann de na hailt sin, srianta nó eisiata seachas faoi alt 55 den Acht sin.
(2) Is cion ag duine aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh i gcúrsa gnó i ndáil le ráiteas dá dtagraíonn fo-alt (1):
(a) fógra ina mbeidh aon ráiteas den sórt sin a thaisealbhadh in aon chuid d'aon áitreabh, nó
(b) fógrán ina mbeidh aon ráiteas den sórt sin a fhoilsiú nó a chur faoi deara é a fhoilsiú, nó
(c) earraí, nó earraí i gcoimeádán, ar a mbeidh aon ráiteas den sórt sin a sholáthar, nó
(d) doiciméad ina mbeidh aon ráiteas den sórt sin a thabhairt, nó a chur faoi deara é a thabhairt, ar aon slí eile.
(3) Chun críocha an ailt seo déileálfar le ráiteas á chur in iúl nach malartófar earraí, nó nach n-aisíocfar airgead, nó nach dtabharfar ach nótaí creidmheasa in aghaidh earraí a tugadh ar ais, mar ráiteas lena mbaineann fo-alt (1) mura mbeidh sé cáilithe chomh soiléir sin nach bhféadfar é a fhorléiriú mar ráiteas is infheidhme in imthosca ina mbeidh an ceannaitheoir ag iarraidh ceart a fheidhmiú a thugtar le haon fhoráil d'alt a luaitear i bhfo-alt (1).
(4) Is cion ag duine earraí, nó earraí i gcoimeádán, ar a mbeidh, nó aon doiciméad ina mbeidh, aon ráiteas a thabhairt i gcúrsa gnó do cheannaitheoir, gan spleáchas d'éifeacht dhlíthiúil an ráitis, a leagann amach, a theorannaíonn nó a thuairiscíonn cearta a thugtar do cheannaitheoir, nó dliteanais maidir leis an gceannaitheoir i ndáil le hearraí a fuair sé nó aon ráiteas ar dóigh go nglacfar leis mar ráiteas den sórt sin, mura mbeidh dearbhú soiléir suntasach ag gabháil leis an ráiteas sin nach dochar ar aon slí do na cearta conarthacha atá ag an gceannaitheoir de bhua ailt 12, 13, 14 agus 15 d'Acht 1893 an ráiteas iomchuí.
Baránta intuigthe leith páirteanna breise agus seirbhísithe.
12.—(1) I gconradh chun earraí a dhíol tá baránta intuigthe go ndéanfaidh an díoltóir páirteanna breise agus seirbhís iardhíola leordhóthanach a chur ar fáil i cibé imthosca atá luaite i dtairiscint, i dtuairisc nó i bhfógrán ag an díoltóir thar ceann an mhonaróra nó thar a cheann féin agus go ceann cibé tréimhse atá luaite amhlaidh nó, mura mbeidh aon tréimhse luaite amhlaidh, go ceann tréimhse réasúnaí.
(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó comhairle a ghlacadh le cibé páirtithe leasmhara a mheasfaidh sé a bheith cuí, a mhíniú le hordú, i ndáil le haon aicme earraí a thuairiscítear san ordú, céard is tréimhse réasúnach ann chun críche fho-alt (1).
(3) D'ainneoin alt 55 (1) d'Acht 1893 (a chuirtear isteach le halt 22 den Acht seo) is téarma ar neamhní aon téarma i gconradh a dhíolmhaíonn ó fhorálacha uile, nó ó aon chuid d'fhorálacha, an ailt seo.
Coinníoll intuigthe maidir le díol mótarfheithiclí.
13.—(1) San alt seo ciallaíonn “mótarfheithicil” feithicil ata beartaithe nó oiriúnaithe chun a gluaiste le córacha meicniúla, lena n-áirítear—
(a) dhárothach nó trírothach, le gabhálas chun é a ghluaiseacht le cumhacht mheicniúil, agus
(b) feithicil a ghluaistear le córacha leictreacha nó le córacha idir leictreach agus mheicniúil.
(2) Gan dochar d'aon choinníoll nó baránta eile tá coinníoll intuigthe i ngach conradh chun mótarfheithicil a dhíol (ach amháin conradh inar duine an ceannaitheoir arb é a ghnó déileáil i mótarfheithiclí) go bhfuil an fheithicil, tráth a seachadta faoin gconradh, saor ó aon locht a thabharfadh gur chontúirt í don phobal, lena n-áirítear daoine a bheidh ag taisteal san fheithicil.
(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo—
(a) má shocraítear idir an díoltóir agus an ceannaitheoir nach bhfuil sé beartaithe an fheithicil a úsáid sa riocht ina bhfuil sí le seachadadh ar an gceannaitheoir faoin gconradh, agus
(b) má dhéanann an díoltóir agus an ceannaitheoir, nó má dhéantar thar a gceann, doiciméad arb é a bheidh ann ráiteas sa chéill sin a shíniú agus a thabhairt don cheannaitheoir roimh an seachadadh sin nó tráth an tseachadta sin, agus
(c) má thaispeántar gur socrú cóir réasúnach an socrú dá dtagraítear i mír (a).
(4) Ach amháin i gcás nach cuid den chonradh nó gur coinníodh go héifeachtach as an gconradh de bhun fho-alt (2) an coinníoll intuigthe maidir le bheith saor ó lochtanna dá dtagraítear san fho-alt sin, i gcás gach díol mótarfheithicle a dhéanfaidh duine arb é a ghnó déileáil i mótarfheithiclí déanfaidh an díoltóir nó déanfar thar a cheann deimhniú i scríbhinn i cibé foirm a fhorordóidh an tAire le rialacháin a thabhairt don cheannaitheoir á rá go bhfuil an fheithicil, tráth an tseachadta, saor ó aon locht a thabharfadh gur chontúirt í don phobal, lena n-áirítear daoine a bheidh ag taisteal san fheithicil.
(5) I gcás caingean a thabhairt mar gheall ar shárú ar an gcoinníoll intuigthe dá dtagraítear i bhfo-alt (2) de bharr lochta shonraigh i mótarfheithicil agus nach gcruthófar gur tugadh deimhniú a chomhlíonann ceanglais an ailt seo, toimhdeofar mura gcruthófar a mhalairt go raibh an locht a cruthaíodh uirthi tráth an tseachadta.
(6) Féadfaidh rialacháin faoi fho-alt (4) feidhm a bheith acu maidir le mótarfheithiclí i gcoitinne nó le mótarfheithiclí d'aicme nó de thuairisc áirithe (arna míniú i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire) agus féadfar foirmeacha éagsúla deimhnithe a fhorordú le haghaidh aicmí nó tuairiscí éagsúla feithiclí.
(7) Duine a úsáideann mótarfheithicil le toiliú cheannaitheoir na feithicle agus a mbaineann caillteanas dó de bharr coinníoll a shárú atá intuigthe le fo-alt (2) sa chonradh díola féadfaidh sé caingean ar dhamáistí in aghaidh an díoltóra maidir leis an sárú a chothabháil amhail is dá mba é an ceannaitheoir é.
(8) Leasaítear leis seo Reacht na dTréimhsí, 1957—
(I) tríd an mír seo a leanas a chur isteach in alt 11 (2)—
“(d) Ní dhéanfar caingean ar dhamáistí faoi alt 13 (7) den Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980, a thionscnamh tar éis dhá bhliain a bheith caite ón dáta a d'fhaibhrigh an chúis chaingne.”;
(II) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 49—
“(5) I gcás caingean chun damáistí a éileamh faoi alt 13 (7) den Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980, beidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo amhail is dá gcuirfí na focail ‘dhá bhliain’ in ionad na bhfocal ‘sé bliana’.”.
(9) D'ainneoin alt 55 (1) d'Acht 1893 (a chuirtear isteach le halt 22 den Acht seo) is téarma ar neamhní aon téarma i gconradh a dhíolmhaíonn ó fhorálacha uile, nó ó aon chuid d'fhorálacha, an ailt seo.
Dliteanas tithe airgeadais.
14.—I gcás a ndíolfar earraí le ceannaitheoir a dhéileálann mar thomhaltóir agus go ndéanfaidh an ceannaitheoir comhaontú i ndáil leis an díol le duine eile a ghníomhaíonn i gcúrsa gnó (dá ngairtear teach airgeadais san alt seo) chun airgead a d'íoc an teach airgeadais leis an díoltóir maidir le praghas na n-earraí a aisíoc leis an teach airgeadais, measfar gur páirtí sa díol an teach airgeadais agus beidh an teach airgeadais agus an díoltóir freagrach, i gcomhpháirt agus go leithleach, don cheannaitheoir mar gheall ar an gconradh díolacháin a shárú agus mar gheall ar aon mhífhaisnéis a thug an díoltóir maidir leis na hearraí.
Ráthaíochtaí
Míniú ar ráthaíocht.
15.—In ailt 16 go 19 ciallaíonn “ráthaíocht” aon doiciméad, fógra nó ráiteas scríofa eile, cibé slí a thuairiscítear é, arna thabhairt ag monaróir nó ag soláthróir eile, seachas miondíoltóir, i ndáil le haon earraí a sholáthar agus á chur i iúl go ndéanfaidh an monaróir nó an soláthróir eile na hearraí a sheirbhísiú nó a dheisiú nó go ndéileálfaidh sé leo ar shlí eile tar éis iad a cheannach.
Téarmaí ráthaíochta.
16.—(1) Beidh ráthaíocht soiléir soléite agus ní thagróidh sí ach d'earraí sonracha nó d'earnáil amháin earraí.
(2) Dearbhóidh ráthaíocht go soiléir ainm agus seoladh an duine a thugann an ráthaíocht.
(3) Dearbhóidh ráthaíocht go soiléir tréimhse na ráthaíochta ó dháta an cheannaigh ach féadfar tréimhsí éagsúla a dhearbhú le haghaidh comhpháirteanna éagsúla d'aon earraí.
(4) Dearbhóidh ráthaíocht go soiléir an nós imeachta chun éileamh a thíolacadh faoin ráthaíocht ar nós imeachta é nach deacra ná gnáthnós imeachta tráchtála nó nós imeachta tráchtála coitianta.
(5) Dearbhóidh ráthaíocht go soiléir céard a gheallann an monaróir nó an soláthróir eile a dhéanamh i ndáil leis na hearraí agus cé na muirir, más ann, lena n-áirítear an costas iompair, is gá don cheannaitheoir a sheasamh i ndáil le gealltanais den sórt sin.
(6) Is cion ag an monaróir nó ag an soláthróir eile earraí ráthaíocht nach gcomhlíonann an t-alt seo a thabhairt i ndáil leis na hearraí.
Dliteanas an díoltóra faoi ráthaíocht.
17.—(1) I gcás a seachadfaidh díoltóir earraí ráthaíocht ar an gceannaitheoir, cibé uair nó cibé slí a seachadfar é, beidh an díoltóir faoi dhliteanas don cheannaitheoir maidir le téarmaí na ráthaíochta a chomhlíonadh amhail is dá mba é an ráthóir é, mura gcuirfidh sé a mhalairt in iúl go sainráite tráth an tseachadta.
(2) I gcás, áfach, a dtabharfaidh an díoltóir, ar miondíoltóir é, a ghealltanas scríofa féin don cheannaitheoir go ndéanfaidh sé, tar éis na hearraí a cheannach, iad a sheirbhísiú nó a dheisiú nó go ndéileálfaidh sé leo ar shlí eile, toimhdeofar, mura gcruthófar a mhalairt, nach ndearna sé é féin a chur faoi dhliteanas don cheannaitheoir faoin ráthaíocht a seachadadh amhlaidh.
(3) Bainfidh ailt 16, 18 agus 19 le haon ghealltanas den sórt sin mar a bhaineann siad le ráthaíocht.
(4) Is dliteanas gan dochar do na cearta a thugtar don cheannaitheoir faoi alt 19 dliteanas an díoltóra do cheannaitheoir faoin alt seo.
Cearta an cheannaitheora faoi ráthaíocht a eisiamh.
18.—(1) Ní dhéanfaidh cearta faoi ráthaíocht cearta an cheannaitheora faoin dlí coiteann nó de bhun reachta a eisiamh ná a theorannú in aon slí agus is foráil ar neamhní gach foráil i ráthaíocht lena gcuirtear oibleagáidí ar an gceannaitheoir de bhreis ar a chuid oibleagáidí faoin gconradh.
(2) Is foráil ar neamhní foráil i ráthaíocht a airbheartaíonn go ndéanfar den ráthóir nó d'aon duine a ghníomhaíonn thar a cheann an t-aon-údarás lena chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil carraí lochtach nó cé acu atá nó nach bhfuil teideal ag an gceannaitheoir thairis sin éileamh a thíolacadh.
Ceart caingne faoi ráthaíocht.
19.—(1) Féadfaidh ceannaitheoir earraí caingean a chothabháil in aghaidh monaróir nó soláthróir eile nach n-urramóidh aon cheann de théarmaí na ráthaíochta amhail is dá mbeadh an monaróir nó an soláthróir sin tar éis na hearraí a dhíol leis an gceannaitheoir agus tar éis baránta a shárú, agus féadfaidh an chúirt a ordú don mhonaróir nó don soláthróir cibé beart a dhéanamh a bheidh riachtanach chun téarmaí na ráthaíochta a urramú, nó damáistí a íoc leis an gceannaitheoir. San fho-alt seo, folaíonn “ceannaitheoir” gach duine a fhaigheann teideal chun na n-earraí laistigh de thréimhse na ráthaíochta agus, i gcás earraí a allmhaireofar, folaíonn “monaróir” an t-allmhaireoir.
(2) In aon chás ina mbeidh ráthóir faoi dhliteanas ag úinéir maidir le damáistí, féadfaidh an chúirt dá rogha féin agus ar cibé téarmaí a mheasfaidh an chúirt a bheith cóir deis a thabhairt don ráthóir na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh faoin ráthaíocht chun sástacht na cúirte laistigh de thréimhse a bheidh teorannaithe ag an gcúirt.
An Conradh a Chomhlíonadh
Sale of Goods Act, 1893, ailt 34 agus 35.
20.—Cuirtear na hailt atá leagtha amach sa Tábla seo a leanas in ionad ailt 34 agus 35 d'Acht 1893:
AN TÁBLA | |
Buyer's right of examining the goods. | 34.—(1) Where goods are delivered to the buyer, which he has not previously examined, he is not deemed to have accepted them unless and until he has had a reasonable opportunity of examining them for the purpose of ascertaining whether they are in conformity with the contract. (2) Unless otherwise agreed, when the seller tenders delivery of goods to the buyer, he is bound, on request, to afford the buyer a reasonable opportunity of examining the goods for the purpose of ascertaining whether they are in conformity with the contract. |
Acceptance. | 35.—The buyer is deemed to have accepted the goods when he intimates to the seller that he has accepted them, or, subject to section 34 of this Act, when the goods have been delivered to him and he does any act in relation to them which is inconsistent with the ownership of the seller or when, without good and sufficient reason, he retains the goods without intimating to the seller that he has rejected them. |
Leigheasanna ar Shárú Conartha
Sale of Goods Act, 1893, alt 53.
21.—Cuirfear an t-alt atá leagtha amach sa Tábla seo a leanas in ionad alt 53 d'Acht 1893:
AN TÁBLA | |
Remedy for breach of warranty. | 53.—(1) Subject to subsection (2), where there is a breach of warranty by the seller, or where the buyer elects, or is compelled, to treat any breach of a condition on the part of the seller as a breach of warranty, the buyer is not by reason only of such breach of warranty entitled to reject the goods, but he may— (a) set up against the seller the breach of warranty in diminution or extinction of the price, or (b) maintain an action against the seller for damages for the breach of warranty. (2) Where— (a) the buyer deals as consumer and there is a breach of a condition by the seller which, but for this subsection, the buyer would be compelled to treat as a breach of warranty, and (b) the buyer, promptly upon discovering the breach, makes a request to the seller that he either remedy the breach or replace any goods which are not in conformity with the condition, then, if the seller refuses to comply with the request or fails to do so within a reasonable time, the buyer is entitled: (i) to reject the goods and repudiate the contract, or (ii) to have the defect constituting the breach remedied elsewhere and to maintain an action against the seller for the cost thereby incurred by him. (3) The onus of proving that the buyer acted with promptness under subsection (2) shall lie on him. (4) The measure of damages for breach of warranty is the estimated loss directly and naturally resulting, in the ordinary course of events, from the breach of warranty. (5) In the case of breach of warranty of quality such loss is prima facie the difference between the value of the goods at the time of delivery to the buyer and the value they would have had if they had answered to the warranty. (6) The fact that the buyer has set up the breach of warranty in diminution or extinction of the price or that the seller has replaced goods or remedied a breach does not of itself prevent the buyer from maintaining an action for the same breach of warranty if he has suffered further damage. |
Forlíonadh
Sale of Goods Act, 1893, alt 55.
22.—Cuirfear an t-alt atá leagtha amach sa Tábla seo a leanas in ionad alt 55 d'Acht 1893:
AN TÁBLA | |
Exclusion of implied terms and conditions. | 55.—(1) Subject to the subsequent provisions of this section, where any right, duty or liability would arise under a contract of sale of goods by implication of law, it may be negatived or varied by express agreement, or by the course of dealing between the parties, or by usage if the usage is such as to bind both parties to the contract. (2) An express condition or warranty does not negative a condition or warranty implied by this Act unless inconsistent therewith. (3) In the case of a contract of sale of goods, any term of that or any other contract exempting from all or any of the provisions of section 12 of this Act shall be void. (4) In the case of a contract of sale of goods, any term of that or any other contract exempting from all or any of the provisions of section 13, 14 or 15 of this Act shall be void where the buyer deals as consumer and shall, in any other case, not be enforceable unless it is shown that it is fair and reasonable. (5) Subsection (4) shall not prevent the court from holding, in accordance with any rule of law, that a term which purports to exclude or restrict any of the provisions of section 13, 14 or 15 of this Act is not a term of the contract. (6) Any reference in this section to a term exempting from all or any of the provisions of any section of this Act is a reference to a term which purports to exclude or restrict, or has the effect of excluding or restricting, the operation of all or any of the provisions of that section, or the exercise of a right conferred by any provision of that section, or any liability of the seller for breach of a condition or warranty implied by any provision of that section. (7) Any reference in this section to a term of a contract includes a reference to a term which although not contained in a contract is incorporated in the contract by another term of the contract. (8) This section is subject to section 61 (6) of this Act. |
Sale of Goods Act, 1893, alt 55A.
23.—Cuirfear an t-alt atá leagtha amach sa Tábla seo a leanas isteach i ndiaidh alt 55 d'Acht 1893:
AN TÁBLA | |
Conflict of laws. | 55A.—Where the proper law of a contract of sale of goods would, apart from a term that it should be the law of some other country or a term to the like effect, be the law of Ireland or where any such contract contains a term which purports to substitute, or has the effect of substituting, provisions of the law of some other country for all or any of the provisions of sections 12 to 15 and 55 of this Act, those sections shall, notwithstanding that term but subject to section 61 (6) of this Act, apply to the contract. |
Díolacháin idirnáisiúnta.
24.—In alt 61 d'Acht 1893 (Savings) cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh fho-alt (5)—
“(6) (a) Nothing in section 55 or 55A of this Act shall prevent the parties to a contract for the international sale of goods from negativing or varying any right, duty or liability which would otherwise arise by implication of law under sections 12 to 15 of this Act.
(b) In this subsection ‘contract for the international sale of goods' means a contract of sale of goods made by parties whose places of business (or, if they have none, habitual residences) are in the territories of different States and in the case of which one of the following conditions is satisfied:
(i) the contract involves the sale of goods which are at the time of the conclusion of the contract in the course of carriage or will be carried from the territory of one State to the territory of another; or
(ii) the acts constituting the offer and acceptance have been effected in the territories of different States; or
(iii) delivery of the goods is to be made in the territory of a State other than that within whose territory the acts constituting the offer and the acceptance have been effected.”.
CUID III
Comhaontuithe Fruilcheannaigh
Cuid III a lua agus a fhorléiriú.
25.—(1) Féadfar na hAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 go 1980, a ghairm de na hAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 agus 1960, agus den Chuid seo le chéile.
(2) Forléireofar na hAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 agus 1960, agus an Chuid seo mar aon ní amháin.
Téarmaí intuigthe maidir le teideal.
26.—(1) Tá i ngach comhaontú fruilcheannaigh, seachas ceann lena mbaineann fo-alt (2)—
(a) coinníoll intuigthe ó thaobh an úinéara go mbeidh de cheart aige na hearraí a dhíol an tráth a aistreoidh an mhaoin, agus
(b) baránta intuigthe go bhfuil na hearraí saor, agus go bhfanfaidh siad saor go dtí an tráth a aistreoidh an mhaoin, ó aon mhuirear nó aon eire nár nochtadh don fhruilitheoir sula ndearnadh an comhaontú agus go mbeidh seilbh shíothach ag an bhfruilitheoir ar na hearraí ach amháin a mhéid a shuaithfear í ag aon duine a bheidh i dteideal sochair aon mhuirir nó eire a nochtfar amhlaidh.
(2) Tá i gcomhaontú fruilcheannaigh, i gcás ar dealraitheach ón gcomhaontú nó a bhfuil sé le tuiscint ó imthosca an chomhaontaithe go bhfuil ar intinn nach n-aistreodh an t-úinéir ach cibé teideal atá aige nó ag tríú pearsa—
(a) baránta intuigthe go ndearnadh gach muirear nó eire a bhí ar eolas ag an úinéir a nochtadh don fhruilitheoir sula ndearnadh an comhaontú, agus
(b) baránta intuigthe nach ndéanfaidh—
(i) an t-úinéir, ná
(ii) i gcás a bhfuil sé ar intinn ag na páirtithe sa chomhaontú nach mbeidh in aon teideal a aistreofar ach cibé teideal a bheidh ag tríú pearsa, an phearsa sin, ná
(iii) aon duine a éilíonn tríd an úinéir nó an tríú pearsa sin nó fúthu seachas faoi mhuirear nó eire a nochtadh don fhruilitheoir sula ndearnadh an comhaontú,
seilbh shíothach an fhruilitheora ar na hearraí a shuaitheadh.
(3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar d'oibriú aon achtacháin nó aon rialach eile dlí trína mbeidh aon choinníoll nó baránta le bheith intuigthe le comhaontú fruilcheannaigh.
(4) Cúlghairtear leis seo alt 9 den Acht Fost-Cheannaigh, 1946 (lena bhforáiltear do théarmaí intuigthe).
Ligean trí thuairisc.
27.—(1) I gcás a ndéanfar faoi chomhaontú fruilcheannaigh earraí a ligean trí thuairisc, tá coinníoll intuigthe ann go bhfreagróidh na hearraí don tuairisc, agus más rud é faoin gcomhaontú go ligfear na hearraí faoi threoir sampla chomh maith le tuairisc ní leor go bhfreagróidh bulc na n-earraí don sampla mura bhfreagróidh na hearraí freisin don tuairisc.
(2) Ní choiscfear earraí óna ligean trí thuairisc de bhíthin amháin gurb é an fruilitheoir, ar iad a bheith ar taispeáint lena ndíol nó lena bhfruiliú, a roghnaíonn iad.
(3) Féadfaidh tagairt d'earraí ar lipéad nó ábhar tuairisciúil eile a bheidh ag gabháil le hearraí a bheidh ar taispeáint lena ndíol nó lena bhfruiliú a bheith ina gcuid de thuairisc nó cuid de thuairisc a dhéanamh.
Gealltanais intuigthe maidir le cáilíocht nó feiliúnacht.
28.—(1) Ach amháin mar a fhoráiltear leis an alt seo agus faoi réir fhorálacha aon achtacháin eile, níl aon choinníoll ná baránta intuigthe maidir le cáilíocht nó feiliúnacht earraí chun aon chríche áirithe is earraí a ligtear faoi chomhaontú fruilcheannaigh.
(2) I gcás a ligfidh an t-úinéir earraí faoi chomhaontú fruilcheannaigh i gcúrsa gnó, tá coinníoll intuigthe go mbeidh na hearraí i riocht díola de réir bhrí alt 14 (3) d'Acht 1893 mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann le halt 10 den Acht seo ach amháin nach bhfuil aon choinníoll den sórt sin ann—
(a) maidir le lochtanna a dtarraingeofar aird an fhruilitheora orthu go sonrach sula ndéanfar an comhaontú, nó
(b) má scrúdaíonn an fruilitheoir na hearraí sula ndéanfar an comhaontú, maidir le lochtanna ar cheart don scrúdú sin iad a nochtadh.
(3) I gcás a ligfidh an t-úinéir earraí faoi chomhaontú fruilcheannaigh i gcúrsa gnó agus go gcuirfidh an fruilitheoir, go sainráite nó go hintuigthe, i bhfios don úinéir nó don duine a sheolfaidh aon réamhchaibidlí (mar a mhínítear in alt 35) aon chríoch áirithe a mbeidh na hearraí á bhfruiliú ina leith, tá coinníoll intuigthe go mbeidh na hearraí a sholáthrófar faoin gcomhaontú feiliúnach le réasún chun na críche sin, cibé acu ar críoch í sin a soláthraítear earraí den sórt sin de ghnáth ina leith nó nach ea, ach amháin i gcás a dtaispeánfaidh na himthosca nach gcuireann an fruilitheoir iontaoibh i scil nó i mbreithiúnas an úinéara nó an duine sin nó gur míréasúnach dó sin a dhéanamh.
(4) Féadfar coinníoll nó baránta intuigthe maidir le cáilíocht nó feiliúnacht chun críche áirithe a chur i gceangal le comhaontú fruilcheannaigh de réir gnáthaimh.
(5) Baineann na forálacha sin roimhe seo den alt seo le comhaontú fruilcheannaigh a dhéanfaidh duine agus é ag gníomhú i gcúrsa gnó mar ghníomhaire don úinéir mar a bhaineann siad le comhaontú a rinne an t-úinéir, ach amháin i gcás nach mbeidh an t-úinéir ag ligean i gcúrsa gnó agus go mbeidh an t-eolas sin ag an bhfruilitheoir nó go nglacfar bearta réasúnacha chun aird an fhruilitheora a tharraingt ar an bhfíoras sin sula ndéanfar an comhaontú.
Samplaí.
29.—I gcás a ndéanfar faoi chomhaontú fruilcheannaigh earraí a ligean faoi threoir sampla, beidh coinníoll intuigthe—
(a) go bhfreagróidh an bulc don sampla maidir le cáilíocht, agus
(b) go mbeidh caoi réasúnach ag an bhfruilitheoir an bulc a chur i gcomórtas leis an sampla, agus
(c) go mbeidh na hearraí saor ó locht a d'fhágfadh nárbh earraí indíolta iad de réir bhrí alt 14 (3) d'Acht 1893 mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann le halt 10 den Acht seo, rud nach mbeadh follasach tar éis scrúdú réasúnach a dhéanamh ar an sampla.
Ráitis a airbheartaíonn cearta an fhruilitheora a shrianadh.
30.—(1) Baineann fo-ailt (2) agus (3) le haon ráiteas ar dóigh go nglacfar leis mar ráiteas a chuirfidh in iúl go mbeidh ceart nó feidhmiú cirt a thugtar le halt 26, 27, 28 nó 29, nó dliteanas a thig de bhua na n-alt sin, srianta nó eisiata seachas faoi alt 31.
(2) Is cion ag duine aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh i gcúrsa gnó i ndáil le ráiteas dá dtagraíonn fo-alt (1):
(a) fógra ina mbeidh aon ráiteas den sórt sin a thaisealbhadh in aon chuid d'aon áitreabh, nó
(b) fógrán ina mbeidh aon ráiteas den sórt sin a fhoilsiú nó a chur faoi deara é a fhoilsiú, nó
(c) earraí, nó earraí i gcoimeádán, ar a mbeidh aon ráiteas den sórt sin a sholáthar, nó
(d) doiciméad ina mbeidh aon ráiteas den sórt sin a thabhairt, nó a chur faoi deara é a thabhairt, ar aon slí eile.
(3) Chun críocha an ailt seo déileálfar le ráiteas á chur in iúl nach malartófar earraí, nó nach n-aisíocfar airgead, nó nach dtabharfar ach nótaí creidmheasa in aghaidh earraí a tugadh ar ais, mar ráiteas lena mbaineann fo-alt (1) mura mbeidh sé cáilithe chomh soiléir sin nach bhféadfar é a fhorléiriú mar ráiteas is infheidhme in imthosca ina mbeidh an fruilitheoir ag iarraidh ceart a fheidhmiú a thugtar le haon fhoráil d'alt a luaitear i bhfo-alt (1).
(4) Is cion ag duine earraí, nó earraí i gcoimeádán, ar a mbeidh, nó aon doiciméad ina mbeidh, aon ráiteas a thabhairt i gcúrsa gnó do fhruilitheoir, gan spleáchas d'éifeacht dhlíthiúil an ráitis, a leagann amach, a theorannaíonn nó a thuairiscíonn cearta a thugtar do fhruilitheoir nó dliteanais maidir leis an bhfruilitheoir i ndáil leis na hearraí nó aon ráiteas ar dóigh go nglacfar leis mar ráiteas den sórt sin mura mbeidh dearbhú soiléir suntasach ag gabháil leis an ráiteas sin nach dochar ar aon slí do na cearta conarthacha atá ag an gceannaitheoir de bhua alt 26, 27, 28 nó 29 an ráiteas iomchuí.
Téarmaí agus coinníollacha intuigthe a eisiamh.
31.—(1) Ní dhéanfaidh coinníoll nó baránta sainráite coinníoll nó baránta is intuigthe leis an gCuid seo a chealú mura mbeidh sé ar neamhréir leis.
(2) Is téarma ar neamhní téarma i gcomhaontú fruilcheannaigh nó in aon chomhaontú eile a dhíolmhaíonn ó fhorálacha uile, nó ó aon chuid d'fhorálacha, alt 26.
(3) Is téarma ar neamhní téarma i gcomhaontú fruilcheannaigh nó in aon chomhaontú eile a dhíolmhaíonn ó fhorálacha uile, nó ó aon chuid d'fhorálacha, alt 27, 28 nó 29 i gcás ar mar thomhaltóir a dhéileálann an fruilitheoir agus ní bheidh sé inchurtha i bhfeidhm in aon chás eile mura suífear go bhfuil sé cóir réasúnach.
(4) Ní choiscfidh fo-alt (3) an chúirt ó thuairim a bheith aici, de réir aon rialach dlí, nach téarma sa chomhaontú fruilcheannaigh téarma a airbheartóidh aon cheann d'fhorálacha alt 27, 28 nó 29 a eisiamh nó a shrianadh.
(5) Aon tagairt san alt seo do théarma a dhíolmhaíonn ó fhorálacha uile, nó aon chuid d'fhorálacha, aon ailt den Acht seo is tagairt í do théarma a airbheartaíonn oibriú fhorálacha uile, nó aon chuid d'fhorálacha, an ailt sin, nó feidhmiú cirt a thugtar le haon fhoráil den alt sin, nó aon dliteanas a bheidh ar an úinéir mar gheall ar choinníoll nó baránta a shárú is intuigthe le haon fhoráil den alt sin a eisiamh nó a shrianadh nó a mbeidh d'éifeacht leis eisiamh nó srianadh den sórt sin a dhéanamh.
(6) Aon tagairt san alt seo do théarma i gcomhaontú folaíonn sí tagairt do théarma arb éard é, cé nach téarma é atá i gcomhaontú é féin, téarma atá corpraithe sa chomhaontú ag téarma eile sa chomhaontú.
Dliteanas daoine a sheolann caibidlí roimh chomhaontuithe fruilcheannaigh.
32.—I gcás earraí a ligean faoi chomhaontú fruilcheannaigh le fruilitheoir a dhéileálann mar thomhaltóir, measfar maidir leis an duine, más ann, a sheol na réamhchaibidlí (mar a mhínítear in alt 35) gur páirtí sa chomhaontú é agus beidh an duine sin agus an t-úinéir, i gcomhpháirt agus go leithleach, freagrach don fhruilitheoir mar gheall ar an gcomhaontú a shárú agus mar gheall ar aon mhífhaisnéis a thug an duine sin maidir leis na hearraí i gcúrsa na réamh-chaibidlí.
Ailt 12, 15 go 19 a fheidhmiú ar chomhaontuithe fruilcheannaigh.
33.—I gcás earraí a ligean faoi chomhaontú fruilcheannaigh beidh éifeacht le halt 12 (a bhaineann le barántaí le haghaidh páirteanna breise agus seirbhísithe) agus le hailt 15 go 19 (a bhaineann le ráthaíochtaí agus gealltanais) amhail is dá mba chomhaontú fruilcheannaigh conradh chun earraí a dhíol, dá mba é an ceannaitheoir an fruilitheoir agus dá mba é an díoltóir an duine a sheol na réamhchaibidlí (mar a mhínítear in alt 35).
Alt 13 a fheidhmiú ar fhruilcheannach mótarfheithiclí.
34.—I gcás mótarfheithicil a ligean faoi chomhaontú fruilcheannaigh, beidh éifeacht le halt 13 (a bhaineann le coinníoll intuigthe maidir le díol mótarfheithiclí) amhail is dá mba chomhaontú fruilcheannaigh conradh i gcomhair díolacháin, dá mba é an fruilitheoir an ceannaitheoir agus dá mba é an díoltóir an duine a sheol na réamhchaibidlí (mar a mhínítear in alt 35); agus beidh an t-úinéir, i gcomhpháirt leis an duine sin agus go leithleach, freagrach don fhruilitheoir mar gheall ar an gcoinníoll intuigthe a shárú.
Réamhchaibidlí agus uiríolla.
35.—(1) Sa Chuid seo ciallaíonn “réamhchaibidlí”, i ndáil le comhaontú fruilcheannaigh, aon chaibidlí nó comhshocraíochtaí leis an bhfruilitheoir trínar aslaíodh é an comhaontú a dhéanamh nó a chuir an t-idirbheart lena mbaineann an comhaontú chun cinn ar shlí eile; agus aon tagairt don duine a sheol aon réamhchaibidlí is tagairt í don duine a sheol na caibidlí nó a rinne na comhshocraíochtaí áirithe i gcúrsa gnó a sheolann sé.
(2) Chun críocha na Coda seo, measfar, maidir le haon chaibidlí a sheol seirbhíseach nó gníomhaire nó le haon chomhshocraíochtaí nó uiríolla a rinne sé, más i gcúrsa a fhostaíochta nó a ghníomhaireachta a sheol nó a rinne sé iad, gurb é a fhostóir nó a phríomhaí a sheol nó a rinne iad; agus measfar, maidir le haon rud a fuair seirbhíseach nó gníomhaire, más i gcúrsa a fhostaíochta nó a ghníomhaireachta a fuair sé é, gurb é a fhostóir nó a phríomhaí a fuair é.
San fho-alt seo folaíonn “uiríolla” aon ráiteas nó gealltanas, cibé acu ar coinníoll nó baránta é nó nach ea, agus déanfar tagairtí d'uiríolla a dhéanamh a fhorléiriú dá réir sin.
Easontacht dlíthe.
36.—I gcás arbh é dlí na hÉireann, ar leith ó théarma á rá gur chóir gurbh é dlí tíre éigin eile nó téarma sa chéill chéanna, dlí cuí comhaontaithe fruilcheannaigh nó i gcás téarma a bheith in aon chomhaontú den sórt sin a airbheartóidh forálacha de chuid dlí tíre éigin eile a chur in ionad fhorálacha uile, nó aon cheann d'fhorálacha, ailt 26 go 29 agus 31, nó arb é a éifeacht sin a dhéanamh, bainfidh na hailt sin, d'ainneoin an téarma sin, leis an gconradh.
Comhaontuithe fruilcheannaigh idirnáisiúnta.
37.—(1) Ní choiscfidh aon ní in alt 31 nó 36 na páirtithe i gcomhaontú fruilcheannaigh idirnáisiúnta ó aon cheart, dualgas nó dliteanas a thiocfadh ar shlí eile de dhroim dlí faoi ailt 26 go 29 a chealú nó a athrú.
(2) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “comhaontú fruilcheannaigh idirnáisiúnta” comhaontú fruilcheannaigh arna dhéanamh ag páirtithe ar i gcríocha Stát éagsúil dá n-áiteanna gnó agus a sásófar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas ina chás:
(a) go gcuimsíonn an comhaontú earraí a fhruiliú atá, tráth an chomhaontaithe a thabhairt chun críche, i gcúrsa a n-iompair nó a iomprófar ó chríoch Stáit amháin go dtí críoch Stáit eile; nó
(b) go mbeidh na gníomhartha arb é a bheidh iontu an tairiscint agus an glacadh déanta i gcríocha Stát éagsúil; nó
(c) go ndéanfar na hearraí a sheachadadh i gcríoch Stáit seachas an Stát ar laistigh dá chríoch a rinneadh na gníomhartha arb é a bheidh iontu an tairiscint agus an glacadh.
Earraí a ligtear seachas faoi chomhaontú fruilcheannaigh.
38.—I gcás earraí a ligean, seachas faoi chomhaontú fruilcheannaigh, le duine a dhéileálann mar thomhaltóir, bainfidh forálacha na Coda seo, seachas alt 26, leis an gcomhaontú ligin amhail is dá mba chomhaontú fruilcheannaigh é agus i ngach comhaontú den sórt sin beidh baránta intuigthe go bhfuil na hearraí saor, agus go bhfanfaidh siad saor, ó aon mhuirear nó eire nár nochtadh, sula ndearnadh an comhaontú, don duine a thógfaidh na hearraí agus go mbeidh seilbh síothach ag an duine sin ar na hearraí ach amháin a mhéid a shuaithfear í ag aon duine a bheidh i dteideal sochair aon mhuirir nó eire a nochtfar amhlaidh.
CUID IV
Soláthar Seirbhísí
Gealltanais intuigthe maidir le cáilíocht seirbhíse.
39.—Faoi réir alt 40, beidh na téarmaí seo a leanas intuigthe i ngach conradh chun seirbhís a sholáthar i gcás a mbeidh an soláthróir ag gníomhú i gcúrsa gnó—
(a) go mbeidh an scil ag an soláthróir is gá chun an tseirbhís a thabhairt,
(b) go ndéanfaidh sé an tseirbhís a sholáthar le scil, cúram agus dúthracht chuí,
(c) má úsáidtear ábhair, gur ábhair iad a bheidh slán agus oiriúnach go réasúnach chun na críche dá n-éilítear iad, agus
(d) má sholáthraítear earraí faoin gconradh, gur earraí iad a bheidh i riocht díola de réir bhrí alt 14(3) d'Acht 1893 (a chuirtear isteach le halt 10 den Acht seo).
Téarmaí intuigthe a eisiamh.
40.—(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, féadfar aon téarma i gconradh ar téarma intuigthe é de bhua alt 39 a chealú nó a athrú le téarma sainráite de chuid an chonartha nó i gcúrsa déileála idir na páirtithe nó le gnáthamh, más de chineál an gnáthamh go gcuireann sé ceangal ar an dá pháirtí sa chonradh, ach amháin i gcás ar mar thomhaltóir a dhéileálfaidh faighteoir na seirbhíse go gcaithfear a thaispeáint gur téarma cóir réasúnach an téarma sainráite agus go bhfuil sé tugtha d'aire an fhaighteora go sonrach.
(2) Ní chuirfidh téarma sainráite téarma a bheidh intuigthe leis an gCuid seo ar ceal mura mbeidh sé ar neamhréir leis.
(3) An tagairt i bhfo-alt (1) do théarma a chealaíonn nó a athraíonn téarma is intuigthe de bhua alt 39, is tagairt í do théarma a airbheartaíonn oibriú aon fhorála den alt sin, nó feidhmiú cirt a thugtar le haon fhoráil den alt sin, nó aon dliteanas a bheidh ar an soláthróir mar gheall ar théarma a shárú is intuigthe le haon fhoráil den alt sin, a eisiamh nó a shrianadh nó a mbeidh d'éifeacht leis eisiamh nó srianadh den sórt sin a dhéanamh.
(4) Aon tagairt san alt seo do théarma i gconradh folaíonn sí tagairt do théarma atá, cé nach téarma é atá i gconradh, corpraithe sa chonradh ag téarma eile den chonradh.
(5) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo neamhbhailí—
(a) téarma i gcomhaontú chun leictreachas a sholáthar a dhíolmhaíonn an soláthróir ó dhliteanas (a thig ar shlí eile seachas faillí dá chuid féin) mar gheall ar bhriseadh, athrú nó locht ar an soláthar;
(b) téarma i gcomhaontú i leith iompar idirnáisiúnta paisinéirí nó earraí ar talamh, ar farraige nó san aer, lena n-áirítear comhaontú idir páirtithe ar sa Stát atá a n-áiteanna gnó nó a dtithe cónaithe.
(6) Ní bhainfidh alt 39 le conradh chun paisinéirí nó earraí a iompar ar talamh, ar farraige, san aer nó ar uisce-bhealach intíre ó áit amháin go háit eile laistigh den Stát go dtí cibé dáta a fhorálfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Iompair, cibé acu i ndáil le conarthaí den sórt sin i gcoitinne nó i ndáil le conarthaí d'aicme a mhínítear san ordú i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire, tar éis dul i gcomhairle amhlaidh.
Ráitis a airbheartaíonn cearta faighteora seirbhíse a shrianadh.
41.—(1) Bainfidh fo-ailt (2) agus (3) le haon ráiteas ar dóigh go nglacfar leis go dtaispeánann sé go ndéantar ceart nó feidhmiú cirt a thugtar le halt 39 nó dliteanas a thig de bhua an ailt sin a shrianadh nó a eisiamh seachas faoi alt 40.
(2) Is cion ag duine aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh i gcúrsa gnó i ndáil le ráiteas dá dtagraíonn fo-alt (1):
(a) fógra ina mbeidh aon ráiteas den sórt sin a thaisealbhadh in aon chuid d'aon áitreabh, nó
(b) fógrán ina mbeidh aon ráiteas den sórt sin a fhoilsiú nó a chur faoi deara é a fhoilsiú, nó
(c) earraí, nó earraí i gcoimeádán, ar a mbeidh aon ráiteas den sórt sin a sholáthar, nó
(d) doiciméad ina mbeidh aon ráiteas den sórt sin a thabhairt, nó a chur faoi deara é a thabhairt, ar aon slí eile.
(3) Chun críocha an ailt seo déileálfar le ráiteas á chur in iúl nach malartófar earraí, nó nach n-aisíocfar airgead, nó nach dtabharfar ach nótaí creidmheasa in aghaidh earraí a tugadh ar ais, mar ráiteas lena mbaineann fo-alt (1) mura mbeidh sé cáilithe chomh soiléir sin nach bhféadfar é a fhorléiriú mar ráiteas is infheidhme in imthosca ina mbeidh faighteoir na seirbhíse ag iarraidh ceart a fheidhmiú a thugtar le haon cheann d'fhorálacha alt 39.
(4) Is cion ag duine earraí, nó earraí i gcoimeádán, ar a mbeidh, nó aon doiciméad ina mbeidh, aon ráiteas, a thabhairt i gcúrsa gnó d'fhaighteoir seirbhíse, gan spleáchas d'éifeacht dhlíthiúil an ráitis, a leagann amach, a theorannaíonn nó a thuairiscíonn cearta a thugtar don fhaighteoir nó dliteanais maidir leis an bhfaighteoir i ndáil le hearraí a fuair sé nó aon ráiteas ar dóigh go nglacfar leis mar ráiteas den sórt sin mura mbeidh dearbhú soiléir suntasach ag gabháil leis an ráiteas sin nach dochar ar aon slí do na cearta conarthacha atá ag an bhfaighteoir de bhua alt 39 an ráiteas iomchuí.
Easaontacht dlíthe.
42.—I gcás arbh é dlí na hÉireann, ar leith ó théarma á rá gur chóir gurbh é dlí tíre éigin eile nó téarma sa chéill chéanna, dlí cuí chonradh chun seirbhís a sholáthar i gcúrsa gnó nó i gcás téarma a bheith in aon chonradh den sórt sin a airbheartóidh forálacha de chuid dlí tíre éigin eile a chur in ionad fhorálacha uile, nó aon cheann d'fhorálacha, ailt 39 agus 40, nó arb é a éifeacht sin a dhéanamh, bainfidh na hailt sin, d'ainneoin an téarma sin, leis an gconradh.
CUID V
Mífhaisnéis
“Conradh”.
43.—Sa Chuid seo ciallaíonn “conradh” conradh chun earraí a dhíol, comhaontú fruilcheannaigh, comhaontú chun earraí a ligean lena mbaineann alt 38 nó conradh chun seirbhís a sholáthar.
Urchoisc áirithe ar chealú mar gheall ar mhífhaisnéis neamhurchóideach a chur ar neamhní.
44.—I gcás a ndearna duine conradh tar éis mífhaisnéis a bheith tugtha dó, agus
(a) go bhfuil an mhífhaisnéis tagtha chun bheith ina théarma den chonradh, nó
(b) go bhfuil an conradh comhlíonta,
nó iad araon, ansin, dá mbeadh sé i dteideal diomaite de sin an conradh a chealú gan calaois a líomhnú, beidh sé i dteideal amhlaidh, ach sin faoi réir fhorálacha na Coda seo d'ainneoin na nithe a luaitear i míreanna (a) agus (b).
Damáistí mar gheall ar mhífhaisnéis.
45.—(1) I gcás a ndearna duine conradh tar éis mífhaisnéis a bheith tugtha dó ag páirtí eile sa chonradh sin agus gur bhain caillteanas dó dá bharr, ansin, dá ndlífí damáistí ina leith den duine a thug an mhífhaisnéis dá mba go calaoiseach a thabharfaí an mhífhaisnéis, beidh an duine sin faoi dhliteanas amhlaidh d'ainneoin nach go calaoiseach a tugadh an mhífhaisnéis, mura gcruthóidh sé go raibh foras réasúnach aige chun a chreidiúint agus gur chreid sé go dtí an tráth a rinneadh an conradh gurbh fhíor an fhaisnéis a tugadh.
(2) I gcás a ndearna duine conradh tar éis mífhaisnéis a bheith tugtha dó seachas go calaoiseach, agus go mbeadh sé i dteideal, de bharr na mífhaisnéise, an conradh a chealú, ansin, má éilítear in aon imeachtaí a thig de bharr an chonartha gur cheart an conradh a chealú nó go bhfuil sé cealaithe, féadfaidh an chúirt a dhearbhú go bhfuil an conradh ar marthain agus damáistí a dhámhadh in ionad an chealaithe, más í a tuairim go mbeadh sé cothromasach sin a dhéanamh, ag féachaint do chineál na mífhaisnéise agus don chaillteanas a bheadh ann dá bharr dá seasfaí leis an gconradh, agus ag féachaint freisin don chaillteanas a bhainfeadh don pháirtí eile mar gheall ar an gcealú.
(3) Féadfar damáistí a dhámhadh in aghaidh duine faoi fho-alt (2) cibé acu atá damáistí dlite de faoi fho-alt (1) nó nach bhfuil, ach i gcás a mbeidh damáistí dlite de amhlaidh cuirfear aon dámhachtain faoi fho-alt (2) i gcuntas le linn a dhliteanas faoi fho-alt (1) a mheasúnú.
Forálacha áirithe lena n-eisiatar dliteanas mar gheall ar mhífhaisnéis a neamhniú.
46.—(1) Má bhíonn foráil in aon chomhaontú (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é) a dhéanfadh eisiamh nó srianadh—
(a) ar aon dliteanas a mbeadh páirtí i gconradh faoina réir mar gheall ar aon mhífhaisnéis a thug sé sula ndearnadh an conradh, nó
(b) ar aon leigheas a bheadh ar fáil ag páirtí eile sa chonradh mar gheall ar mhífhaisnéis den sórt sin,
ní bheidh an fhoráil sin inchurtha i bhfeidhm mura dtaispeánfar í a bheith cóir réasúnach.
(2) Ní dhéanfaidh fo-alt (1) difear d'aon cheart chun easaontas a chur chun eadrána.
CUID VI
Ilghnéitheach
Earraí gan iarraidh.
47.—(1) I gcás—
(a) a gcuirfear earraí gan iarraidh chuig duine d'fhonn go bhfaighidh sé iad agus go nglacfaidh sé leo, agus
(b) nár chomhaontaigh an faighteoir iad a fháil ná iad a thabhairt ar ais,
agus—
(i) nár ghlac an seoltóir seilbh ar na hearraí i rith na tréimhse sé mhí i ndiaidh an dáta a fuarthas iad agus nár dhiúltaigh an faighteoir go míréasúnach cead a thabhairt don seoltóir sin a dhéanamh, nó
(ii) gur thug an faighteoir fógra don seoltóir 30 lá ar a laghad roimh dhul in éag don tréimhse sin agus, i rith na 30 lá ina dhiaidh sin, nár ghlac an seoltóir seilbh ar na hearraí agus nár dhiúltaigh an faighteoir go míréasúnach cead a thabhairt don seoltóir sin a dhéanamh,
ansin féadfaidh an faighteoir déileáil leis na hearraí amhail is dá mba bhronntanas neamhchoinníollach dó iad agus múchfar aon cheart a bhí ag an seoltóir chun na n-earraí.
(2) Is i scríbhinn a bheidh an fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus dearbhóidh sé—
(a) ainm agus seoladh an fhaighteora agus an seoladh ina bhféadfaidh an seoltóir seilbh a ghlacadh ar na hearraí (murab é an seoladh céanna é) agus
(b) gur earraí nár iarradh na hearraí.
(3) Duine nach mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil ceart chun íocaíochta ann agus a dhéanfaidh, i gcúrsa aon ghnó, éileamh ar íocaíocht nó a dhearbhóidh ceart láithreach nó ceart ionchasach chun íocaíochta a bheith aige ar earraí arb eol dó gur earraí gan iarraidh iad a cuireadh chuig duine eile d'fhonn go bhfaigheadh seisean iad, beidh sé ciontach i gcion.
(4) Duine nach mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil ceart chun íocaíochta ann agus—
(a) a bhagróidh imeachtaí dlí a thionscnamh,
(b) a chuirfidh ainm aon duine ar liosta mainnitheoirí nó féichiúnaithe nó a chuirfidh faoi deara é a chur ann nó a bhagróidh sin a dhéanamh, nó
(c) a agróidh aon nós imeachta bailiúcháin nó a chuirfidh faoi deara é a agairt nó a bhagróidh sin a dhéanamh,
i gcúrsa aon ghnó agus d'fhonn aon íocaíocht a fháil ar earraí arb eol dó nó ar cheart gurb eol dó gur earraí gan iarraidh iad,
beidh sé ciontach i gcion.
(5) San alt seo—
folaíonn “fáil” fruiliú,
folaíonn “seoladh” seachadadh,
folaíonn “seoltóir” aon duine ar thar a cheann nó le toiliú uaidh a sheoltar na hearraí agus aon duine eile a dhéanann éileamh tríd an seoltóir nó aon duine den sórt sin nó faoi,
ciallaíonn “gan iarraidh”, i ndáil le hearraí a sheolfar chuig aon duine, go bhfuil siad á seoladh gan aon iarraidh roimh ré uaidh ná thar a cheann.
Taifid in eolaire.
48.—(1) Ní bheidh aon íocaíocht dlite de dhuine agus beidh sé i dteideal aon íocaíocht a ghnóthú a rinne sé ar mhodh muirir de bharr gur chuir sé taifead a bhaineann leis an duine sin nó lena thrádáil nó lena ghnó isteach in eolaire nó gur shocraigh sé é a chur isteach amhlaidh, mura mbeidh ordú nó nóta a chomhlíonann an t-alt seo sínithe aige nó thar a cheann agus, i gcás nóta aontaithe leis an muirear, go ndearnadh cóip den nóta a thabhairt dó lena choimeád sular síníodh an nóta.
(2) Ní foláir ordú ar thaifead in eolaire a dhéanamh trí fhoirm ordaithe nó trí stáiseanóireacht eile is leis an duine ar leis, nó ar lena thrádáil nó lena ghnó, a bhaineann an taifead agus a mbeidh ainm agus seoladh (nó ceann amháin nó níos mó de sheoltaí) an duine sin i gcló uirthi, agus ní foláir don nóta ina mbeidh aontú duine le muirear méid an mhuirir a lua díreach os cionn áit an tsínithe, agus
(a) ní foláir dó an t-eolaire nó an t-eolaire atá beartaithe a chéannú agus—
(i) an dáta a bheartaítear an t-eolaire a fhoilsiú nó dáta na heisiúna ina bhfuil an taifead le cur agus ainm agus seoladh an duine a chuireann amach é a lua,
(ii) má tá an t-eolaire nó an eisiúint sin le cur ar díol, an praghas ar a bhfuil sé le tairiscint chun díola agus an líon is lú cóipeanna a bheidh ar fáil lena ndíol a lua, agus
(iii) má tá an t-eolaire nó an eisiúint sin lena dháileadh in aisce (cibé acu atá sé le cur ar díol freisin nó nach bhfuil), an líon is lú cóipeanna a bheidh le dáileadh a lua agus
(b) ní foláir dó sonraí réasúnacha a thabhairt faoin taifead a mbeadh an muirear iníoctha ina leith.
(3) Beidh duine ciontach i gcion má éilíonn sé íocaíocht, nó má dhearbhaíonn sé ceart láithreach nó ceart ionchasach chun íocaíochta a bheith aige, in aghaidh muirear dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó má dhéanann sé aon bheart mar thaca le héileamh ar íocaíocht, gan fios a bheith aige nó gan cúis réasúnach a bheith aige a chreidiúint maidir leis an taifead lena mbaineann an muirear gur ordaíodh é de réir an ailt seo nó go ndearnadh nóta ceart aontaithe a shíniú mar is cuí.
(4) San alt seo ní fholaíonn “eolaire” eolaire aibítreach an teileafóin a eisíonn an Roinn Poist agus Telegrafa.
Sonraisc.
49.—(1) Chun críocha ailt 47 (3) agus 48 (3), measfar, maidir le haon sonrasc nó le haon doiciméad dá shamhail a chuireann suim airgid in iúl amhail is dá mbeadh sí dlite, gur dearbhú ar cheart chun íocaíochta é.
(2) Féadfaidh an tAire a cheangal le hordú go mbeidh ar aon sonrasc nó ar aon doiciméad dá shamhail a luann méid aon íocaíochta ráiteas ar mhodh forordaithe agus ina mbeidh íosmhéid sonraithe, á rá nach bhfuil aon éileamh á dhéanamh chun na híocaíochta.
(3) Duine a eiseoidh sonrasc nó doiciméad dá shamhail nach gcomhlíonann ceanglais ordú faoi fho-alt (2) beidh sé ciontach i gcion.
Cumhacht chun glacadh le conradh a tharraingt siar.
50.—Féadfaidh an tAire a fhoráil le hordú, faoi réir cibé coinníollacha a bheidh sonraithe san ordú, i gcás conradh chun earraí a dhíol nó chun earraí a fhruiliú faoi chomhaontú fruilcheannaigh nó faoi chomhaontú ligin lena mbaineann alt 38 nó chun seirbhís a sholáthar d'aicme a bheidh sonraithe san ordú a rinne duine i gcúrsa gnó in áit seachas a áit ghnó féin nó in imthosca sonraithe eile, go mbeidh tréimhse shonraithe ann a mbeidh an custaiméir i dteideal laistigh di an glacadh a thug sé i leith an chonartha a tharraingt siar.
Sonraí a cheanglaítear a bheith i gconarthaí, i ráthaíochtaí agus i scríbhinní a bhaineann leo.
51.—(1) Féadfaidh an tAire a cheangal le hordú, tar éis cibé comhchomhairle a mheasfaidh sé a bheith riachtanach, go ndéanfaidh duine a dhíolann aicme shonraithe earraí nó a sholáthraíonn aicme shonraithe seirbhíse cibé sonraí a bheidh sonraithe san ordú a chur in aon aicme shonraithe conartha nó in aon ráthaíocht, fógra nó scríbhinn eile i ndáil le conradh den sórt sin.
(2) Beidh duine a sháróidh ordú faoi fho-alt (1) ciontach i gcion.
Fógra maidir le foirm chaighdeánach conartha a úsáid.
52.—(1) Féadfaidh an tAire a cheangal le hordú, i ndáil le haon duine a bheidh ag gníomhú i gcúrsa gnó a sheolann sé agus a bhainfidh úsáid as foirm chaighdeánach conartha (arb éard é conradh chun earraí a dhíol, comhaontú fruilcheannaigh, comhaontú chun earraí a ligean nó conradh chun seirbhís a sholáthar), go dtabharfaidh sé cibé fógra don phobal a shonróidh an t-ordú á rá go bhfuil úsáid á bhaint aige as an bhfoirm chaighdeánach sin agus cibé acu atá nó nach bhfuil sé toilteanach conradh a dhéanamh ar aon téarmaí eile.
(2) Beidh duine a sháróidh ordú faoi fho-alt (1) ciontach i gcion.
Méid an chló i gconarthaí clóite agus i ndoiciméid eile.
53.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú, i ndáil le hearraí nó seirbhísí i gcoitinne nó i ndáil le haon aicme shonraithe earraí nó seirbhísí, aon duine a dhíolann earraí den sórt sin nó a sholáthraíonn seirbhísí den sórt sin i gcúrsa gnó a thoirmeasc ar úsáid a bhaint as aon chonradh clóite nó ráthaíocht chlóite nó as aon doiciméad eile d'aicme shonraithe mura mbeidh sin clóite i gcló ina mbeidh cibé méid ar a laghad a bheidh forordaithe san ordú.
(2) I bhfo-alt (1) folaíonn tagairtí do chló clóscríobh, liteagrafaíocht, fótagrafaíocht agus modhanna eile chun focail a léiriú nó a mhacasamhlú i bhfoirm infheicthe.
(3) Beidh duine a sháróidh ordú faoi fho-alt (1) ciontach i gcion.
Conarthaí a cheanglaítear a bheith i scríbhinn.
54.—Féadfaidh an tAire a fhoráil le hordú, i ndáil le hearraí nó seirbhísí d'aicme a thuairisceofar san ordú, gur i scríbhinn a bheidh conradh (arb éard é conradh chun earraí a dhíol, comhaontú chun earraí a ligean, seachas faoi chomhaontú fruilcheannaigh, nó conradh chun seirbhís a sholáthar) i gcás ar mar thomhaltóir a dhéileálfaidh an ceannaitheoir, an fruilitheoir nó faighteoir na seirbhíse, agus aon chonradh den aicme sin nach mbeidh i scríbhinn ní bheidh sé infheidhmithe in aghaidh an cheannaitheora, an fhruilitheora nó fhaighteoir na seirbhíse.
Feidhmeanna an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí.
55.—(1) Beidh na feidhmeanna breise seo a leanas ag an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí—
(a) cleachtais nó cleachtais bheartaithe i ndáil le haon cheann de na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar dhaoine le haon fhoráil den Acht seo a choimeád faoi bhreithniú ginearálta,
(b) scrúduithe a dhéanamh ar aon chleachtais nó cleachtais bheartaithe den sórt sin i gcás a measfaidh an Stiúrthóir, ar mhaithe leis an bpobal, gur chuí scrúduithe den sórt sin a dhéanamh nó i gcás a n-iarrfaidh an tAire amhlaidh é,
(c) a iarraidh ar dhaoine atá ag gabháil, nó a bheartaíonn dul ag gabháil, do chleachtais de shórt atá, nó ar dóigh dóibh a bheith, contrártha do na hoibleagáidí a fhorchuirtear orthu le haon fhoráil den Acht seo, scor de na cleachtais sin nó staonadh uathu.
(2) Féadfaidh an tAire le hordú cibé feidhmeanna breise is cuí leis chun críocha an Achta seo a thabhairt don Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí.
Comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais.
56.—Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoi alt 51, 52, 53, 54 nó 55 ach amháin tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais, i gcás a ndéanfadh an t-ordú difear don ghnó arna údarú le ceadúnas chun gnó baincéireachta a sheoladh a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971, nó d'aon ghnó atá díolmhaithe le halt 7(4) den Acht sin.
Forléiriú ar ailt 9 agus 18 den Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978.
57.—Forléireofar ailt 9 (6) (h) agus 18 den Acht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí, 1978 (ailt a bhaineann leis an Aire, le húdarás áitiúil nó leis an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí d'ionchúiseamh cionta) amhail is dá mba d'imeachtaí achoimre agus dóibh sin amháin a thagraíonn siad.
AN SCEIDEAL
Téarmaí Córa Réasúnacha
1. Le linn bheith á chinneadh, chun críocha alt 13, 31, 40 nó 46 den Acht seo nó alt 55 d'Acht 1893 (a chuirtear isteach le halt 22 den Acht seo) an téarma cóir réasúnach téarma áirithe is í an triail a bheidh ann gur téarma cóir réasúnach é lena cur san áireamh ag féachaint do na himthosca a bhí, nó ar cheart dóibh le réasún a bheith, ar eolas nó ar intinn ag na páirtithe tráth an chonartha a dhéanamh.
2. Ní foláir aird a thabhairt go háirithe ar aon cheann díobh seo a leanas ar dealraitheach gur ní ábhartha é:
(a) a láidre atá staideanna margántaíochta na bpáirtithe i gcóimheas lena chéile, á cur san áireamh (i measc nithe eile) malairt bealaí ar ar féidir freastal ar riachtanais an chustaiméara;
(b) ar aslaíodh an custaiméir chun aontú leis an téarma nó an raibh deis aige, agus é ag glacadh leis an téarma, conradh den tsamhail chéanna a dhéanamh le daoine eile, ach gan iallach a bheith air glacadh le téarma den tsamhail chéanna;
(c) arbh eol don chustaiméir nó ar cheart le réasún gurbh eol dó go raibh an téarma ann agus cad a bhí cuimsithe ann (ag féachaint, i measc nithe eile, d'aon ghnás de chuid na trádála agus d'aon chúrsa déileála roimhe sin idir na páirtithe);
(d) i gcás a ndéanann an téarma aon dliteanas ábhartha a eisiamh nó a shrianadh mura gcomhlíontar coinníoll éigin, ar ní réasúnach é, tráth an chonartha, bheith ag coinne gurbh indéanta an coinníoll sin a chomhlíonadh;
(e) an ndearnadh aon earraí atá i gceist a mhonarú, a phróiseáil nó a oiriúnú ar ordú speisialta an chustaiméara.
3. Sa Sceideal seo—
folaíonn “conradh” “comhaontú”,
folaíonn “téarma” “comhaontú” agus “foráil”.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 | 1851, c. 93 |
Sale of Goods Act, 1893 | 1893, c. 71 |