Uimhir 24 de 1971
ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1971
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar Acht an Bhainc Ceannais, 1971, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1964, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1971, a ghairm díobh le chéile.
(3) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite leis an Acht seo, tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú faoin alt seo.
Mínithe.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Airgid Reatha, 1927;
ciallaíonn “Acht 1942” Acht an Bhainc Cheannais, 1942;
ciallaíonn “an Banc” Banc Ceannais na hÉireann;
ciallaíonn “ceadúnas baincéara” ceadúnas arna eisiúint faoi alt 47 d'Acht 1942, agus déanfar aon tagairt in aon reacht nó in aon ionstraim faoi reacht do cheadúnas baincéara a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do cheadúnas;
ciallaíonn “gnó baincéireachta”—
(a) gnó ag glacadh taiscí is iníoctha ar éileamh nó ar fhógra nó ar dháta socair todhchaí nó ar dháta todhchaí is inchinnte, ach gan áireamh a dhéanamh ar thaiscí arna dtaisceadh le trádálaí ó dhaoine i bhfostaíocht faoi ina ghnó trádála nó óna chustaiméirí i ngnáthchúrsa a ghnó trádála agus taiscí nó tráthchodanna i leith earraí a ligean nó a dhíol faoi chomhaontú fruilcheannaigh nó faoi chomhaontú díola chreidmheasa, nó
(b) an gnó réamhráite agus aon ghnó eile is gnách a bheith á sheoladh ag banc,
agus forléireofar dá réir sin “baincéireacht” agus focail ghaolmhara dó;
ciallaíonn “cuideachta” cuideachta arna corprú sa Stát nó lasmuigh den Stát agus folaíonn sé Banc na hÉireann;
ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt;
tá le “ciste ginearálta”, “buillean óir”, “eisiúint” “nóta dlíthairgthe” agus “ciste nótaí dlíthairgthe” na bríonna céanna atá le “ciste ginearálta”, “builleon óir”, “tabhairt amach”, “nóta dlí-thairgthe” agus “ciste nótaí dlí-thairgthe” in Acht 1927;
ciallaíonn “sealbhóir”, maidir le ceadúnas, an duine dar deonaíodh an ceadúnas;
ciallaíonn “cuideachta iontaobhais infheistíochta” cuideachta arb é a príomh-ghnó a cistí a infheistiú in urrúis;
ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a deonaíodh faoi alt 9 den Acht seo;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;
ciallaíonn “urrúis”—
(a) scaireanna i scairchaipiteal aon chomhlachta chorpraithe nó stoc de chuid aon chomhlachta chorpraithe nó bintiúir, stoc bintiúra nó bannaí de chuid aon chomhlachta chorpraithe, cibé acu is muirear nó nach muirear iad ar shócmhainní na cuideachta, nó cearta nó leasanna (tuairiscithe mar aonaid nó ar shlí eile) in aon scaireanna, stoc, bintiúir, stoc bintiúra nó bannaí den sórt sin,
(b) urrúis de chuid an Rialtais nó rialtais aon tíre nó críche lasmuigh den Stát, nó
(c) cearta (iarbhír nó teagmhasach) i leith airgead a tugadh ar iasacht d'aon chumann tionscail agus coigiltis, d'aon chara-chumann nó do aon chumann foirgníochta nó atá i dtaisce le haon chumann den sórt sin,
agus folaíonn sé cearta nó leasanna (tuairiscithe mar aonaid nó ar shlí eile) is féidir a fháil faoi aon scéim iontaobhais aonad ar urrúis den sórt a luaitear i mír (a), (b) nó (c) den mhíniú seo an mhaoin go léir atá de thuras na huaire faoi réir aon iontaobhais nó aon chomhshocraíocht eile a bunaíodh nó a rinneadh de bhun na scéime;
ciallaíonn “scéim iontaobhais aonad” aon chomhshocraíochtaí arna ndéanamh le haghaidh, nó ag a bhfuil d'éifeacht, saoráidí a sholáthar chun an pobal a bheith páirteach, mar thairbhithe faoi iontaobhas nó ar shlí eile, i mbrabúis nó ioncam ó urrúis, nó ó aon mhaoin eile ar aon chor, a fháil, a shealbhú, a bhainistí nó a dhiúscairt agus déanfar tagairt san Acht seo do bhainisteoir faoi scéim aonaid iontaobhais a fhorléiriú mar thagairt don duine dá bhfuil na cumhachtaí bainistí dílsithe a bhaineann leis an maoin atá de thuras na huaire faoi réir aon iontaobhas nó comhshocraíocht eile arna bhunú nó arna dhéanamh de bhun na scéime.
Caiteachais.
3.—Íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo.
Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
4.—Déanfar gach ordú agus rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi.
Aisghairm.
5.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
Foráil idirlinne.
6.—Aon cheadúnas baincéara a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo leanfaidh sé i bhfeidhm ar feadh na tréimhse ón tosach feidhme sin—
(a) go dtí an dáta ar a ndeonófar ceadúnas do shealbhóir an cheadúnais baincéara,
(b) go dtí an 31ú lá de Nollaig díreach tar éis an tosach feidhme sin, nó
(c) má chúlghairtear an ceadúnas baincéara, go dtí dáta na cúlghairme,
cibé acu is túisce, agus beidh feidhm ag forálacha an Achta seo i gcaitheamh na tréimhse réamhráite maidir leis an sealbhóir agus leis an gceadúnas baincéara ionann is dá mba shealbhóir ceadúnais an sealbhóir agus dá mba cheadúnas baincéara an ceadúnas.
CUID II
Ceadúnú agus Maoirseacht Banc
Srian le gnó baincéireachta a sheoladh.
7.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, ní dhéanfaidh duine, seachas an Banc, thar a cheann féin ná thar ceann aon duine eile sa Stát nó lasmuigh den Stát, gnó baincéireachta a sheoladh ná a thabhairt le tuiscint ná le fios gur baincéir é nó go seolann sé gnó baincéireachta mura rud é—
(a) gur sealbhóir ceadúnais é, agus
(b) go bhfuil suim arna cinneadh de réir alt 13 den Acht seo i dtaisce sa Bhanc aige.
(2) Chun críocha an Achta seo measfar (ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo) duine dá thabhairt le tuiscint gur baincéir é—
(a) más rud é, i gcás inar comhlacht corpraithe é a sheolann aon ghnó, go bhfuil in ainm an chomhlachta sin aon cheann de na focail “bank”, “banker” nó “banking” nó aon fhocal is malairt leagain nó tiontú ar aon fhocal acu sin nó is díorthaíoch uaidh nó is analach dó, nó
(b) más rud é, i gcás inarb aonaí é, go seolann sé aon ghnó faoi ainm nó teideal (seachas a ainm féin gan aon ní curtha leis) ina bhfuil aon cheann de na focail “bank”, “banker”, nó “banking” nó aon fhocal is malairt leagain nó tiontú ar aon fhocal acu sin nó is díorthaíoch uaidh nó is analach dó, nó
(c) más rud é, i gcás comhlacht neamhchorpraithe daoine a sheolann aon ghnó, go bhfuil san ainm faoina seolann an comhlacht an gnó sin (nach éard é, i gcás comhpháirtíochta, ainm nó ainmneacha duine amháin nó níos mó de na comhpháirtithe gan aon ní curtha leis nó leo) aon cheann de na focail “bank”, “banker” nó “banking” nó aon fhocal is malairt leagain nó tiontú ar aon fhocal acu sin nó is díorthaíoch uaidh nó is analach dó, nó
(d) in aon chás, má dhéanann sé, trí úsáid a dhéanamh, i bhfógrán, i gciorclán, i gcárta gnó nó in aon doiciméad eile, d'aon cheann de na focail “bank”, “banker” nó “banking” nó d'aon fhocal is malairt leagain nó tiontú ar aon fhocal acu sin nó is díorthaíoch uaidh nó d'aon fhocal nó abairt is analach dó, a thabhairt le tuiscint nó le fios go seolann sé gnó baincéireachta nó go bhfuil sé toilteanach gnó baincéireachta a sheoladh.
(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo, ar feadh cibé tréimhse a chinnfidh an Banc, maidir le duine a thugann le tuiscint gur baincéir é ach nach bhfuil gnó baincéireachta á sheoladh aige agus a shealbhaigh ceadúnas baincéireachta a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo nó ceadúnas atá cúlghairthe.
(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le Corparáid an Chairde Thalmhaíochta Teoranta, maidir leis an gCuideachta Chairde Thionscail, Teoranta, maidir le Banc Taisce an Phoist, maidir le banc taisce iontaobhais atá deimhnithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965, maidir le cumann foirgníochta, maidir le cumann tionscail agus coigiltis, maidir le cara-chumann, maidir le haontas creidmheasa, maidir le cuideachta infheistíochta iontaobhais ná maidir le bainisteoir faoi scéim iontaobhais aonaid i leith gnó na scéime a sheoladh.
Daoine a dhíolmhadh ó Alt 7.
8.—I gcás a measfaí, ar an aon-chúis de bharr úsáid a dhéanamh, in ainm nó i dteideal ag duine, d'aon cheann de na focail “bank”, “banker” nó “banking” nó d'aon fhocal is malairt leagain nó tiontú air nó díorthaíoch uaidh nó is analach d'aon cheann de na focail sin, an duine a bheith á thabhairt le tuiscint gur baincéir é, féadfaidh an Banc an duine a dhíolmhadh ó fhorálacha alt 7 den Acht seo más rud é, i dtuairim an Bhainc, nach bhfuil sé, iarbhír, ag seoladh gnó baincéireachta ná chun gnó baincéireachta a sheoladh agus nach dtugann sé le tuiscint ná le fios ar aon slí eile gur bancéir é nó go seolann sé gnó baincéireachta.
Ceadúnais a dheonú.
9.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an Banc, mar is rogha leis, ceadúnas, ag údarú dá shealbhóir gnó baincéireachta a sheoladh, a dheonú, nó diúltú ceadúnas den sórt sin a dheonú, d'aon duine a iarrfaidh ar an mBanc ceadúnas den sórt sin a dheonú dó.
(2) Ní dhiúltóidh an Banc gan toiliú an Aire ceadúnas a dheonú agus mura deimhin leis an mBanc nár leas do bhaincéireacht a rialáil go hordúil cuí an ceadúnas a dheonú, agus ní thabharfaidh an tAire a thoiliú leis an diúltú mura deimhin leis nár leas do bhaincéireacht a rialáil go hordúil cuí an ceadúnas a dheonú.
(3) Aon uair a bheartóidh an Banc diúltú ceadúnas a dheonú do dhuine—
(a) cuirfidh an Banc in iúl i scríbhinn don duine go bhfuil sé chun toiliú an Aire leis an diúltú a iarraidh agus na cúiseanna a bheidh ag an mBanc leis an diúltú agus go bhféadfaidh an duine, laistigh de lá agus fiche tar éis dáta an fhógra a thabhairt, uiríolla scríofa a chur faoi bhráid an Aire maidir leis an diúltú a bheidh beartaithe,
(b) féadfaidh an duine uiríolla den sórt sin a chur, i scríbhinn, faoi bhráid an Aire laistigh den am réamhráite, agus
(c) sula gcinnfidh an tAire a thoiliú a thabhairt nó gan a thabhairt breithneoidh sé aon uiríolla a chuirfear faoina bhráid go cuí faoin bhfo-alt seo maidir leis an diúltú a bheidh beartaithe.
(4) Aon iarratas ar cheadúnas is i cibé foirm a bheidh sé agus beidh cibé sonraí ann a chinnfidh an Banc ó am go ham.
(5) Ní bheidh ceadúnas a dheonú ina bharántas ar shócmhainneacht an duine dá mbeidh sé deonaithe agus ní bheidh an Banc faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais a thabhófar mar gheall ar dhócmhainneacht nó mainneachtain duine dá mbeidh ceadúnas deonaithe.
Coinníollacha ceadúnais.
10.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, beidh ceadúnas faoi réir cibé coinníollacha (abairt nach bhfolaíonn san fho-alt seo ná sa chéad fho-alt eile coinníoll den chineál a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo) a fhorchuirfidh agus a shonróidh an Banc tráth an cheadúnais a dheonú, is coinníollacha is dóigh leis an mBanc a rachadh chun rialáil ordúil chuí bhaincéireachta a chur ar aghaidh.
(2) Féadfar coinníollacha ceadúnais a leasú nó a chúlghairm nó féadfar cur leo agus féadfaidh an Banc coinníollacha a fhorchur ó am go ham maidir le ceadúnas más dóigh leis an mBanc go rachadh an leasú, an chúlghairm, an cur le coinníollacha nó an forchur chun rialáil ordúil chuí bhaincéireachta a chur chun cinn.
(3) Aon uair a bheartóidh an Banc coinníoll a fhorchur maidir le ceadúnas nó coinníollacha ceadúnais a leasú nó cur leo—
(a) tabharfaidh sé fógra ag cur in iúl don duine ag a bhfuil an ceadúnas nó a mbeartaítear an ceadúnas a dheonú dó go mbeartaíonn sé coinníoll a fhorchur maidir leis an gceadúnas nó coinníollacha an cheadúnais a leasú nó cur leo, de réir mar a bheidh, agus ag insint na gcúiseanna atá aige faoi sin a dhéanamh agus go bhféadfaidh an duine, laistigh de lá is fiche tar éis an fógra a thabhairt, uiríolla i scríbhinn a chur faoi bhráid an Bhainc maidir leis an bhforchur, an leasú nó an cur le coinníollacha, de réir mar a bheidh, agus sonróidh sé san fhógra an coinníoll, an leasú nó an cur le coinníollacha, de réir mar a bheidh,
(b) féadfaidh an duine uiríolla den sórt sin a chur faoi bhráid an Bhainc laistigh den am réamhráite, agus
(c) sula gcinne an Banc an coinníoll a fhorchur nó coinníollacha an cheadúnais a leasú nó cur leo, de réir mar a bheidh, breithneoidh sé aon uiríolla a cuireadh go cuí faoina bhráid faoin bhfo-alt seo maidir leis an bhforchur, maidir leis an leasú nó maidir leis an gcur le coinníollacha, de réir mar a bheidh.
(4) (a) Féadfaidh an tAire le hordú, má iarrann an Banc é, a fhoráil gur coinníoll é de chuid gach ceadúnais (cibé acu roimh dháta an ordaithe a dhéanamh nó dá éis sin a deonaíodh é) gur cuideachta sealbhóir an cheadúnais.
(b) Féadfaidh an tAire le hordú, má iarrann an Banc é, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfomhír seo, a leasú nó a chúlghairm.
(c) Beidh éifeacht ag ceadúnais faoi réim agus de réir téarmaí aon orduithe a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo.
(d) Ní dhéanfaidh an Banc aon iarratas faoin bhfo-alt seo murab é a thuairim go gcomhairtear go dtiocfadh de ghéilleadh don iarratas rialáil ordúil chuí baincéireachta a chur ar aghaidh.
Ceadúnais a chúlghairm.
11.—(1) Féadfaidh an Banc, le toiliú an Aire, ceadúnas a chúlghairm—
(a) má iarrann sealbhóir an cheadúnais sin,
(b) má mhainníonn an sealbhóir a bheith, nó má éiríonn sé as bheith, ag seoladh gnó baincéireachta,
(c) má bhreithnítear an sealbhóir ina fhéimheach,
(d) más comhpháirtíocht an sealbhóir agus go mbeidh an chomhpháirtíocht arna díscaoileadh trí bhás nó féimheacht aon chomhpháirtí nó ar shlí eile faoi dhlí comhpháirtíochta,
(e) má bhíonn an sealbhóir, ar cuideachta é, á fhoirceannadh,
(f) má éiríonn an sealbhóir neamhábalta ar na fiacha a íoc a bheidh ag creidiúnaithe air nó má fhionraíonn sé íoc íocaíochtaí a bheidh dlite go dleathach de,
(g) má mhainníonn an sealbhóir an oiread de thaisce is a bheidh cinnte de réir alt 13 den Acht seo a choimeád i dtaisce sa Bhanc,
(h) má chiontaítear an sealbhóir ar díotáil i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo nó i gcion lena ngabhann calaois, míchneastacht nó sárú iontaobhais,
(i) má bhíonn, ó deonaíodh an ceadúnas, na dála a bhaineann leis an deonú athraithe agus gurb amhlaidh dóibh, dá ndéanfaí iarratas ar cheadúnas sna dála athraithe, go ndiúltófaí é a dheonú.
(2) Aon uair a bheartóidh an Banc ceadúnas a chúlghairm (seachas de bhun iarratais ón sealbhóir á iarraidh air sin a dhéanamh)—
(a) tabharfaidh sé fógra don sealbhóir go bhfuil sé chun toiliú an Aire leis an gcúlghairm a iarraidh agus ag insint na gcúiseanna a bheidh ag an mBanc leis an gcúlghairm agus go bhféadfaidh an sealbhóir, laistigh de lá agus fiche tar éis dáta an fhógra a thabhairt, uiríolla i scríbhinn a chur faoi bhráid an Aire maidir leis an gcúlghairm a bheidh beartaithe,
(b) féadfaidh an sealbhóir uiríolla den sórt sin a chur, i scríbhinn, faoi bhráid an Aire laistigh den am réamhráite,
(c) sula gcinne an tAire a thoiliú a thabhairt nó gan a thabhairt breithneoidh sé aon uiríolla a chuirfear faoina bhráid go cuí faoin bhfo-alt seo maidir leis an diúltú a bheidh beartaithe.
(3) I gcás ina gcúlghairfear ceadúnas, leanfaidh an duine ba shealbhóir de bheith faoi réir na ndualgas agus na n-oibleagáidí a bhí forchurtha air le hAchtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1971, nó fúthu, nó go mbeidh aon dliteanais de chuid an duine i leith taiscí (lena n-áirítear taiscí ar chuntais reatha) a ghlac sé glanta chun sástacht an Bhainc, agus, go dtí go socrófar na héilithe go léir maidir leis na taiscí, féadfaidh an Banc, faoi réir ailt 29 agus 30 den Acht seo, iomlán na taisce a thaisc an duine leis an mBanc de bhun alt 7 den Acht seo a choimeád siar.
Ainmneacha sealbhóirí ceadúnas agus fógraí i dtaobh cúlghairm cheadúnas a fhoilsiú.
12.—(1) Foilseoidh an Banc ó am go ham, nach lú mhinice ná uair sa bhliain, i cibé slí is cuí leis ainmneacha sealbhóirí ceadúnas.
(2) Déanfaidh an Banc, a luaithe is féidir tar éis ceadúnas a chúlghairm, fógra i dtaobh na cúlghairme a fhoilsiú i cibé slí is cuí leis.
(3) Coimeádfaidh an Banc scéala ar ainmneacha sealbhóirí ceadúnas le Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí, leis an oifigeach a bheidh de thuras na huaire ag bainistí Príomh-Oifig na hArd-Chúirte, le gach Cláraitheoir Contae agus le Cléireach gach Cúirte Dúiche.
Taiscí sa Bhanc chun críocha ceadúnas.
13.—(1) Is é méid na taisce a chothabhálfaidh sealbhóir ceadúnais sa Bhanc de bhun alt 7 den Acht seo (dá ngairtear an taisce san alt seo) cúig faoin gcéad de thaiscí iomlána (lena n-áirítear taiscí ar chuntais reatha) in oifigí sa Stát de chuid an tsealbhóra ach ní lú ná £20,000 agus ní mó ná £500,000 a bheidh an méid sin.
(2) Ríomhfaidh an Banc méid na taisce a luaithe is féidir é tar éis tosach feidhme an ailt seo nó tráth a iarrfar an ceadúnas de réir mar is iomchuí agus athríomhfar é faoi dhó sa bhliain (i gceann eatramh ar eatraimh chomhfhada iad a mhéid is féidir sin) faoi threoir tuairisceán ó shealbhóir an cheadúnais chun an Bhainc faoi alt 18 den Acht seo.
(3) I gcás inar gá sin, méadóidh sealbhóir an cheadúnais lena mbainfidh, tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis an dáta a gheobhfaidh sé fógra ón mBanc faoin méid is gá chun an méadú a dhéanamh, méid na taisce go dtí an méid iomchuí a athríomhfar faoi fho-alt (2) den alt seo.
(4) Féadfaidh an Banc méid na taisce a shocrú ar an slán-uimhir céadta punt is gaire.
(5) Béarfaidh an taisce cibé ús de réir cibé ráta (nach lú ná ráta athlascaine an Bhainc de thuras na huaire do bhillí státchiste a bheidh socraithe agus foilsithe aige faoi alt 7 (1) (g) d'Acht 1942) agus a bheidh iníoctha i cibé slí agus cibé tráthanna a chinnfidh an Banc ó am go ham.
(6) Beidh aon mhuirear ar neamhní a airbheartóidh a bheith bunaithe ar an taisce.
(7) D'ainneoin aon ní san Acht seo, i gcás nach mó luach ainmniúil caipitil eisithe i stoic nó scaireanna de chuid gnó—
(a) lena mbaineann ceadúnas nó a mbeartaítear ceadúnas a dheonú maidir leis, agus
(b) a raibh ceadúnas baincéara i bhfeidhm maidir leis roimh thosach feidhme an ailt seo,
ná cúig mhíle dhéag punt, féadfar, faoi réir toiliú an Bhainc agus cibé coinníollacha a fhorchuirfidh an Banc, an taisce faoi alt 7 den Acht seo a thaisceadh go hiomlán nó go páirteach trí urrúis a thaisceadh leis an mBanc ar comhluach le méid na taisce faoin alt sin 7 nó (de réir mar a bheidh) le méid na coda di nach airgead.
(8) Ní bheidh an taisce faoi réir aon sórt forghníomhaithe do shásamh aon éilimh de chuid, nó aon bhreithiúnais, ordaithe nó foraithne ó aon chúirt sa Stát i bhfabhar, aon chreidiúnaí, seachas faoi réim agus de réir forálacha an Achta seo.
Srian le focail áirithe a úsáid.
14.—(1) (a) Baineann an fo-alt seo le cumann foirgníochta, le cumann tionscail agus coigiltis, le carachumann, le haontas creidmheasa agus le cuideachta iontaobhais infheistíochta.
(b) Ní úsáidfidh duine lena mbaineann an fo-alt seo ina ainm ná ina thuairisc aon cheann de na focail “bank” “banker” nó “banking” ná aon fhocal is malairt leagain nó tiontú ar aon fhocal acu sin nó is díorthaíoch uaidh nó is analach dó.
(2) Ní úsáidfear in ainm ná i dtuairisc scéime iontaobhais aonad aon cheann de na focail “bank”, “banker” ná “banking” ná aon fhocail is malairt leagain nó tiontú ar aon fhocal acu sin nó is díorthaíoch uaidh nó is analach dó.
Forálacha maidir le cuideachtaí baincéireachta a chorprú.
15.—(1) Sula gcorprófar cuideachta faoi Acht na gCuideachtaí, 1963, agus dá n-ionchorprófaí í, a bheadh, i dtuairim chláraitheoir na gcuideachtaí, de réir brí an Achta sin, á thabhairt le tuiscint gur baincéir í nó gur cuspóir dá cuid ina meabhrán comhlachais gnó baincéireachta a sheoladh, cuirfidh an cláraitheoir in iúl don Bhanc gur seachadadh dó meabhrán agus airteagail arb iad, de réir brí an Achta sin, meabhrán agus airteagail na cuideachta iad agus ní thabharfaidh sé deimhniú corpraithe faoin Acht sin i leith na cuideachta mura gcuirfidh agus go gcuirfidh an Banc in iúl don chláraitheoir go bhfuil an Banc toilteanach ceadúnas a dheonú don chuideachta nó í a dhíolmhadh faoi alt 8 den Acht seo.
(2) Nuair a sheachadfar don chláraitheoir cuideachtaí sin de bhun alt 352 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, na doiciméid a shonraítear san alt sin maidir le cuideachta, déanfaidh an cláraitheoir, más cuideachta de shórt an chuideachta go mbeadh sí, dá mbeadh gnó á sheoladh sa Stát aici, á thabhairt le tuiscint gur baincéir í nó gur cuspóir aici ina meabhrán comhlachais gnó baincéireachta a sheoladh an seachadadh a chur in iúl don Bhanc a luaithe is féidir.
(3) Aon uair a thabharfar fógra don chláraitheoir cuideachtaí i dtaobh athrú ar aon ionstraim a chomhdhéanann nó a shainíonn bunreacht aon chuideachta, cuirfidh sé in iúl, a luaithe is féidir é, don Bhanc faoin athrú, más dóigh leis an gcláraitheoir go mbeadh an chuideachta á thabhairt le tuiscint, de bhua an athraithe, gur baincéir í nó gur cuspóir aici gnó baincéireachta a sheoladh.
Forálacha maidir le hainm gnó nó athrú ar ainm gnó a chlárú.
16.—(1) Tabharfaidh an cláraitheoir chun críocha an Achta um Chlárú Ainmneacha Gnó, 1963, fógra don Bhanc faoi aon togra ainm nó athrú ar ainm a chlárú faoin Acht sin más é tuairim an chláraitheora go mbeadh, de bhua an togra, duine á thabhairt le tuiscint gur baincéir é nó gnó baincéireachta a bheith á sheoladh aige agus ní chláróidh an cláraitheoir sin an t-ainm ná an t-athrú ar ainm mura gcuirfidh agus go gcuirfidh an Banc in iúl dó go bhfuil an Banc toilteanach ceadúnas a dheonú i leith an ghnó iomchuí nó é a dhíolmhadh faoi alt 8 den Acht seo.
(2) Rachaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála i gcomhairle leis an mBanc maidir le haon togra ainm cuideachta (de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963) a athrú más é tuairim an Aire go mbeadh an chuideachta, de bhua an athraithe, á thabhairt le tuiscint gur baincéir í nó gur dhealraitheach gnó baincéireachta a bheith á sheoladh aici.
Forálacha maidir le leabhair agus taifid shealbhóirí ceadúnas.
17.—(1) Coimeádfaidh sealbhóir ceadúnais in oifig sa Stát cibé leabhair agus taifid a shonróidh an Banc ó am go ham i gcomhlíonadh cuí a fheidhmeanna faoi Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1971, agus cuirfidh seoladh na hoifige ina gcoimeádtar iad in iúl don Bhanc.
(2) Féadfaidh an Banc leabhair agus taifid éagsúla a shonrú chun críocha an ailt seo maidir le sealbhóirí éagsúla ceadúnas.
(3) (a) Aon oifigeach don Bhanc a bheidh údaraithe go cuí chuige sin i scríbhinn ag Rialtóir an Bhainc nó aon duine ag a mbeidh cáilíocht aitheanta i gcuntasaíocht agus a bheidh údaraithe go cuí chuige sin i scríbhinn ag Rialtóir an Bhainc, féadfaidh sé, chun an Banc do chomhlíonadh feidhmeanna reachtúla an Bhainc, ar a údarás a thabhairt ar aird, gach tráth réasúnach, na leabhair agus na taifid a bheidh á gcoimeád de bhun an ailt seo agus aon leabhair chuntais a bheidh á gcoimeád faoi alt 147 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, a scrúdú agus sleachta a thógáil astu nó cóipeanna a dhéanamh díobh, agus dul isteach chun na gcríocha sin san oifig ina mbeidh siad á gcoimeád.
(b) Aon duine a bhfuil aon leabhar nó taifead acu sin a dúradh, ina chumhacht, ina sheilbh nó ar fáil aige tabharfaidh sé ar aird iad ar aon duine a bheidh údaraithe go cuí mar a dúradh á iarraidh sin air agus ceadóidh sé don duine na leabhair nó na taifid a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu agus tabharfaidh sé dó aon eolas a iarrfaidh sé le réasún maidir le haon ní a bheidh iontu.
(4) Na leabhair agus na taifid a choimeádfar de bhun an ailt seo is leabhair agus taifid iad i dteannta aon leabhair nó taifid eile a cheanglaíonn aon achtachán eile nó a cheanglaítear faoi a choimeád.
Eolas a thabhairt don Bhanc.
18.—(1) Tabharfaidh sealbhóir ceadúnais agus aon duine a sheolann gnó cumainn fhoirgníochtas gnó cumainn thionscail agus choigiltis, gnó cumainn chreidmheasa, gnó cuideachta iontaobhais infheistíochta nó gnó scéime iontaobhais aonad don Bhanc—
(i) cibé tráthanna a shonróidh an Banc ó am go ham, cibé eolas agus tuairisceáin maidir leis an ngnó lena mbaineann an ceadúnas nó leis an ngnó réamhráite, de réir mar a bheidh, a iarrfaidh an Banc i scríbhinn, is eolas agus tuairisceáin a mheasfaidh an Banc is gá dó a bheith aige chun a fheidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh go cuí;
(ii) laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an Banc, aon eolas agus tuairisceáin (nach eolas ná tuairisceáin a shonrófar faoi mhír (i) den fho-alt seo) faoin ngnó lena mbaineann an ceadúnas nó faoin ngnó réamhráite, de réir mar a bheidh, a iarrfaidh an Banc i scríbhinn, is eolas agus tuairisceáin a mheasfaidh an Banc is gá dó a bheith aige chun a fheidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh go cuí.
(2) Ní dhéanfaidh aon duine eolas ná tuairisceáin is eol dó a bheith bréagach a thabhairt faoin alt seo.
(3) Measfar chun críche an ailt seo gurb é an bainisteoir faoi scéim iontaobhais aonad an duine a sheolann gnó na scéime.
Sealbhóirí ceadúnas d'fhoilsiú ráiteas gnó.
19.—(1) Déanfaidh sealbhóir ceadúnais ráitis i leith an ghnó lena mbaineann an ceadúnas a fhoilsiú i cibé foirm agus slí agus cibé tráthanna a shonróidh an Banc ó am go ham chun a fheidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh.
(2) Féadfaidh an Banc foirmeacha éagsúla a shonrú chun críocha an ailt seo maidir le sealbhóirí éagsúla ceadúnas.
Sealbhóirí ceadúnas do chur ráiteas airgeadais ar taispeáint.
20.—(1) Déanfaidh sealbhóir ceadúnais mar a leanas—
(a) taispeáinfidh sé, agus coimeádfaidh sé ar taispeáint, i gcónaí, in áit fheiceálach i ngach oifig, brainse nó áit eile ina seolann sé gnó baincéireachta agus freisin, más cuideachta theoranta atá corpraithe sa Stát an sealbhóir, in oifig chláraithe na cuideachta, ráiteas (san fhoirm a cheanglaítear leis an alt seo) maidir leis an ngnó baincéireachta a sheolann sé, agus
(b) tabharfaidh sé, ar éileamh, cóip den ráiteas is déanaí den sórt sin do gach creidiúnaí dá chuid agus, más cuideachta theoranta atá corpraithe sa Stát nó lasmuigh de an sealbhóir, do gach comhalta den chuideachta.
(2) An ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar shealbhóir ceadúnais a thaispeáint, is í foirm a mbeidh sé, i gcás Bainc Chomhpháirtigh, foirm cóipe den chlár comhardaithe is déanaí aige agus, i ngach cás eile, cibé foirm a fhorordóidh an Banc.
Treoracha ón mBanc do shealbhóirí ceadúnas.
21.—(1) I gcás inarb é tuairim an Bhainc go bhfuil sealbhóir ceadúnais éirithe neamhábalta, nó gur dóigh dó éirí neamhábalta, íoc as a oibleagáidí dá chreidiúnaithe, féadfaidh an Banc treoir i scríbhinn a thabhairt don sealbhóir ceachtar gníomh nó an dá ghníomh acu seo a leanas a fhionraí go ceann cibé tréimhse, nach faide ná dhá mhí, a shonrófar san ordú, is é sin le rá, taiscí a ghlacadh nó íocaíochtaí a dhéanamh nach mbeidh údaraithe ag an mBanc.
(2) Féadfaidh an Banc treoir a tugadh faoin alt seo a chúlghairm mura mbeidh ordú faoi fho-alt (4) den alt seo déanta i leith na treorach.
(3) Féadfaidh sealbhóir ceadúnais dá dtabharfar treoir faoi fho-alt (4) den alt seo a iarraidh ar an gCúirt, agus féadfaidh an Chúirt, ordú a dhéanamh do chur na treorach ar ceal.
(4) Féadfaidh an Banc a iarraidh ar an gCúirt, agus féadfaidh an Chúirt, ordú a dhéanamh, do dhaingniú treorach faoi fho-alt (1) den alt seo nó do dhaingniú na treorach agus d'fhadú tréimhse a ghnímh ar feadh cibé faid is cuí leis an gCúirt ag féachaint di do na himthosca go léir.
(5) Féadfaidh an Chúirt, i dteannta nó in ionad ordú a dhéanamh faoi fho-alt (4) den alt seo, cibé ordú eile maidir leis an ábhar a dhéanamh is dóigh léi is gá.
(6) Féadfar an t-iomlán nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo nó d'achomharc maidir leo a éisteacht i ndlísheomraí.
(7) I gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (4) den alt seo do dhaingniú nó d'fhadú treorach faoi fho-alt (1) den alt seo—
(a) más cuideachta an duine dá dtabharfar an treoir, measfar, chun críocha an dlí a bhaineann le cuideachtaí, an chuideachta a bheith neamhábalta ar a fiacha a íoc,
(b) más aonaí nó comhpháirtíocht an duine dá dtabharfar an treoir, measfar, chun críocha an dlí a bhaineann le féimheacht, gníomh féimheachta a bheith déanta ag an aonaí nó ag gach comhpháirtí, de réir mar a bheidh, agus
(c) beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha fho-ailt (8) go (10) d'alt 29 den Acht seo ionas dá mbeadh ar na tagairtí sa chéanna d'orduithe faoi fho-alt (3) den alt sin tagairtí d'orduithe faoi fho-alt (4) den alt seo, dá mbeadh ar na tagairtí sa chéanna d'imeachtaí faoin alt sin tagairtí d'imeachtaí faoin alt seo agus dá scriosfaí “nó in ionad” as fo-alt (8) (a) den alt sin.
(8) Féadfaidh an Chúirt le hordú ordú a rinne sí faoi fho-alt (3), (4) nó (5) den alt seo a chúlghairm nó a leasú.
Treoracha ón mBanc maidir le fógráin de chuid sealbhóirí ceadúnas.
22.—(1) Féadfaidh an Banc treoir i scríbhinn a thabhairt do shealbhóir ceadúnais maidir leis an eolas a chuirfidh an sealbhóir in aon fhógrán a fhoilseoidh sé nó a fhoilseofar thar a cheann nó in aon ráiteas chun an phobail a dhéanfaidh sé nó a dhéanfar thar a cheann.
(2) Féadfaidh an Banc treoir a thabhairt do shealbhóir ceadúnais staonadh ó fhógrán ar lorg taiscí ar an bpobal a fhoilsiú nó ó bheith ag foilsiú fógráin den sórt sin in imeacht cibé tréimhse a shonrófar sa treoir.
(3) Ní thabharfaidh an Banc treoir faoin alt seo mura deimhin leis gur inmhianaithe í a thabhairt ar mhaithe le baincéireacht a rialáil go cuí ordúil.
Rialáil ar na coibhneasa idir sócmhainní agus dliteanais sealbhóirí ceadúnas.
23.—(1) Féadfaidh an Banc ó am go ham a cheangal ar shealbhóir ceadúnais—
(a) coibhneas sonraithe,
(b) coibhneas nach mó ná coibhneas sonraithe, nó
(c) coibhneas nach lú ná coibhneas sonraithe,
a chothabháil idir a shócmhainní agus a dhliteanais agus féadfar an coibhneas sonraithe a lua mar chéatadán de na sócmhainní nó de na dliteanais iomchuí.
(2) Féadfaidh ceanglas faoin alt seo a rá—
(a) go bhfuil feidhm aige maidir le gach sealbhóir ceadúnais nó gur maidir le sealbhóirí d'earnáil shonraithe nó d'earnála sonraithe atá feidhm aige,
(b) go bhfuil feidhm aige maidir le sócmhainní iomlána nó maidir le dliteanais iomlána na sealbhóirí ceadúnas iomchuí nó gur maidir le sócmhainní sonraithe nó sócmhainní de chineál sonraithe nó maidir le dliteanais shonraithe nó dliteanais de chineál sonraithe de chuid na sealbhóirí sin atá feidhm aige,
(c) go bhfuil feidhm aige maidir le tráth sonraithe nó tráthanna sonraithe nó maidir le tréimhse shonraithe nó tréimhsí sonraithe,
agus beidh éifeacht aige de réir a théarmaí.
(3) Féadfaidh an Banc ceanglas faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm a chúlghairm nó féadfar ceanglas den sórt sin a leasú le ceanglas ina dhiaidh sin faoin alt seo.
(4) San alt seo ciallaíonn rud a bheith sonraithe é a bheith sonraithe ag an mBanc i gceanglas faoin alt seo.
Cumhacht an Bhainc taiscí a éileamh ar shealbhóirí ceadúnas in imthosca áirithe.
24.—(1) Má fheictear don Bhanc aon tráth gur foirsteanach sin a dhéanamh, féadfaidh an Banc rialacháin a dhéanamh, le toiliú an Aire, á cheangal ar gach sealbhóir ceadúnais taisce (neamhúsmhar) a mbeidh an méid inti a shonrófar sna rialacháin nó a ríomhfar sa tslí a shonrófar sna rialacháin a thaisceadh, i dteannta na taisce faoi alt 7 den Acht seo, leis an mBanc má thiteann, agus aon uair, tar éis dáta a shonrófar sna rialacháin, a thitfidh, sócmhainní an tsealbhóra sa Stát faoi bhun an choibhneasa sin maidir lena dhliteanais sa Stát a shonrófar sna rialacháin, agus an taisce sin a chothabháil an fad a bheidh na sócmhainní sin faoi bhun an choibhneasa shonraithe sin.
(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo ceanglais éagsúla a fhorordú maidir le sealbhóirí éagsúla ceadúnas.
Cumhacht an Bhainc maidir le himréiteachaí sealbhóirí ceadúnas.
25.—(1) Más dealraitheach aon tráth don Bhanc gur foirsteanach déanamh amhlaidh, féadfaidh an Banc, le toiliú an Aire, rialacháin a dhéanamh á cheangal ar gach sealbhóir ceadúnais a chuid imréiteach go léir nó cibé aicme áirithe nó aicmí áirithe dá chuid imréiteach a shonrófar sna rialacháin a shocrú trí sheiceanna a bheidh tarraingthe (mar a shonrófar sna rialacháin) ar an mBanc nó ar an ngníomhaire a cheapfaidh an Banc chuige sin agus á cheangal ar gach sealbhóir den sórt sin, chun na himréiteacha sin a shocrú amhlaidh, cibé comharduithe is gá chuige sin a bhunú agus a chothabháil sa Bhanc.
(2) Más dóigh leis an mBanc aon tráth gurb oiriúnach sin a dhéanamh, féadfaidh an Banc, le toiliú an Aire, rialacháin a dhéanamh á cheangal ar gach sealbhóir ceadúnais na hionstraimí sin go léir is iníoctha lasmuigh den Stát agus a bheidh taiscthe le himréiteach in oifig sa Stát de chuid an tsealbhóra agus a shonrófar sna rialacháin a thaisceadh leis an mBanc le himréiteach.
(3) Na rialacháin faoi alt 51 d'Acht 1942 a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo leanfaidh siad i bhfeidhm agus beidh éifeacht acu ionann is dá mba faoin alt seo a rinneadh iad agus féadfariad a leasú nó a chúlghairm le rialacháin faoin alt seo.
Seiceanna, etc. atá tarraingthe ar shealbhóirí ceadúnas a bhailiú.
1882, c. 61.
26.—I gcás ina ndéanfaidh aon duine nó ina ndéanfar thar a cheann ionstraim lena mbaineann an t-alt seo a thairiscint le bailiú do shealbhóir ceadúnais lena gcothabhálann an duine cuntas (agus nach é an sealbhóir é ar a bhfuil an ionstraim tarraingthe), glacfaidh an sealbhóir an ionstraim le bailiú agus creidiúnóidh sé aon fháltais ón mbailiú don chuntas réamhráite.
(2) Beidh aon táille a ghearrfaidh sealbhóir ceadúnais ar shealbhóir eile nó ar bhanc taisce iontaobhais a bheidh deimhnithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965, maidir le hionstraim a bhailiú lena mbaineann an t-alt seo agus maidir le creidiúnaí aon fháltais ó bhailiú de bhun fho-alt (1) den alt seo faoi réir a ceadaithe ag an mBanc.
(3) Beidh aon téarmaí nó coinníollacha arb orthu nó faoina réir a ghníomhóidh sealbhóir ceadúnais mar bhaincéir do shealbhóir eile ceadúnais nó banc taisce iontaobhais a bheidh deimhnithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965, faoi réir a gceadaithe ag an mBanc.
(4) Nuair a bheidh an Banc a bhreithniú cibé acu a thabharfaidh sé nó a choimeádfaidh sé siar a cheadú faoi fho-alt (2) nó (3) den alt seo tabharfaidh sé aird ar a inmhianaithe é coimhlint chothrom idir sealbhóirí ceadúnas a áirithiú.
(5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thugann aon teideal chun ionstraime lena mbaineann an t-alt seo do dhuine a thairgfidh, nó a dtairgfear thar a cheann, an ionstraim de bhun fho-alt (1) den alt seo.
(6) Baineann an t-alt seo leis na na hionstraimí seo a leanas, is é sin—
(a) billí malairte (abairt a bhfuil an bhrí chéanna léi san fho-alt seo atá leis an abairt bills of exchange sa Bills of Exchange Act, 1882) atá tarraingthe ar shealbhóir ceadúnais agus iníoctha ar éileamh;
(b) aon doiciméad arna eisiúint ag duine a chothabhálann cuntas le sealbhóir ceadúnais nó leis an mBanc agus, cé nach bille malairte é, atá beartaithe chun a chumasú do dhuine íoc na suime a luaitear sa doiciméad a fháil ón sealbhóir sin nó ón mBanc;
(c) aon dréacht is iníoctha ar éileamh agus atá tarraingthe ag sealbhóir ceadúnais air féin, cibé acu i gceann-oifig a bhainc nó in aon oifig eile de chuid a bhainc is iníoctha é;
(d) aon doiciméad arna eisiúint ag oifigeach poiblí agus atá beartaithe chun a chumasú do dhuine íoc na suime a luaitear sa doiciméad a fháil ó Aire Stáit;
(e) aon doiciméid arna eisiúint ag duine a choimeádann cuntas i mbanc taisce iontaobhais atá dheimhnithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965, is doicméad atá beartaithe chun a chumasú do dhuine íoc na suime a luaitear sa doicméad a fháil ón mbanc.
Srian le fógraíocht ag iarraidh taiscí.
27.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní dhéanfaidh aon duine fógraíocht ag iarraidh taiscí, ná ní shirfidh sé ar aon slí eile taiscí, thar a cheann féin ná thar ceann aon duine eile.
(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le fógraíocht ag iarraidh taiscí ná le taiscí a shireadh ar aon slí eile—
(a) ag sealbhóir ceadúnais nó an Banc nó duine nach mbaineann alt 7 (1) den Acht seo leis de bhua alt 7 (4) den Acht seo, nó
(b) ag aon duine thar ceann duine a shonraítear i mhír (a) den fho-alt seo.
(3) San alt seo—
ní fholaíonn “taiscí” taiscí arna dtaisceadh le trádálaí ag daoine ar fostú faoi ina ghnó trádála nó ag a chuistiméirí i gcúrsa a ghnó trádála nó taiscí i leith earraí a ligean nó a dhíol faoi chomhaontú fruilcheannaigh nó faoi chomhaontú díola chreidhmheasa;
folaíonn “taiscí a shireadh” aon ní fhoilsiú nó a thaispeáint ag sireadh taiscí, cibé acu trí fhógra, cearclán, grianghraf, scannan cineamatograf, fuaimchraoladh, teilifís canbhasáil phearsanta nó ar shlí eile.
Forálacha maidir le breithiúnais in aghaidh sealbhóirí ceadúnas.
28.—(1) Aon uair a gheobhaidh duine (dá ngairtear creidiúnaí breithiúnais san alt seo) breithiúnas, ordú nó foraithne in aon chúirt sa Stát in aghaidh sealbhóir ceadúnais (dá ngairtear féichiunaí breithiúnais san alt seo) chun go n-íocfar suim airgid a bheidh dlite don chreidiúnaí breithiúnais den fhéichiúnaí breithiúnais ina fheidhmeannas mar bhaincéir—
(a) cuirfidh claráitheoir nó cléireach na cúirte lena mbainfidh in iúl a luaithe is féidir é don Bhanc faoin mbreithiúnas faoin ordú nó faoin bhforaithne agus faoi théarmaí an chéanna agus faoi aon achomharc i gcoinne an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne agus faoi thoradh an achomhairc sin,
(b) faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, mura ndéanfaidh an féichiúnaí breithiúnais, laistigh den tréimhse lá agus fiche dar tosach dáta an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne, an t-airgead go léir a íoc a bheidh dlite (nó, i gcás costas, mar is rogha leis an bhféichiúnaí breithiúnais, urrús a thabhairt ina leith in ionad é a íoc), nó sásamh a thabhairt i ngach uile éileamh, faoin mbreithiúnas, faoin ordú nó faoin bhforaithne, beidh feidhm ag forálacha mhír (e) den fho-alt seo ar éag don tréimhse sin,
(c) má thionscnaítear achomharc in aon chúirt i gcoinne an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne, féadfaidh an chúirt sin, nó an chúirt a rinne an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne, le hordú, feidhm mhír (e) den fho-alt seo a chur siar go ceann cibé tréimhse agus, faoi réir mhír (d) den fho-alt seo, ar cibé téarmaí a dhéanfaidh an chúirt lena mbainfidh a shocrú agus a shonrú san ordú,
(d) ma dhéanann cúirt ordú faoi mhír (c) den fho-alt seo, féadfaidh an chúirt, de réir mar is cuí léi, a cheangal ar an bhféichiúnaí breithiúnais lena mbainfidh an t-ordú suim ar cóimhéid leis an méid airgid go léir a bheidh dlite faoin mbreithiúnas, faoin ordú nó faoin bhforaithne (nó cibé suim is lú ná sin a ordóidh an chúirt) a lóisteáil sa chúirt nó cibé urrúis a thabhairt a chinnfidh an chúirt go n-íocfar an t-airgead sin go léir leis an gcreidiúnaí breithiúnais agus ina theannta sin, i gceachtar cás, cibé suim bhreise nó urrús breise le haghaidh costais an achomhairc a mheasfaidh an chúirt a bheith cóir,
(e) measfar an féichiúnaí breithiúnais a bheith neamhábalta íoc as a oibleagaidí dá chreidiúnaithe, agus—
(i) más cuideachta an féichiúnaí breithiúnais, measfar, chun críche an dlí a bhaineann le cuideachtaí, an féichiúnaí breithiúnais a bheith neamhábalta ar a fhiacha a íoc,
(ii) más aonaí an féichiúnaí breithiúnais, measfar, chun críche an dlí a bhaineann le féimheacht, gníomh féimheachta a bheith déanta ag an aonaí,
(iii) más comhpháirtíocht an féichiúnaí breithiúnais, measfar, chun críche an dlí a bhaineann le féimheacht, gníomh féimheachta a bheith déanta ag gach comhpháirtí,
(f) féadfaidh an chúirt a rinne ordú faoi mhír (c) den fho-alt seo nó a dtabharfar achomharc maidir leis os a comhair an t-ordú sin a chúlghairm nó a athrú.
(2) I gcás aon ghníomh féimheachta a mheasfar de bhua fho-alt (1) den alt seo a bheith déanta ag féichiúnaí breithiúnais, féadfaidh aon chreidiúnaí a mbeidh a dhóthain féich aige lena chur faoi deara an féichiúnaí breithiúnais a bhreithniú ina fhéimheach é a ghlacadh de dheis, laistigh den tréimhse sé mhí ó dháta an ghnímh sin, lena chur faoi deara an féichiúnaí breithiúnais a bhreithniú ina fhéimheach.
Imeachtaí maidir le taiscí faoi alt 7.
29.—(1) Aon uair a gheobhaidh duine breithiúnas, ordú nó foraithne in aon chúirt sa Stát in aghaidh sealbhóir ceadúnais chun go n-íocfar taisce (lena n-áirítear taisce ar chuntas reatha) a bheidh á chothabháil aige nó dó leis an sealbhóir, nó a thionscnóidh sé imeachtaí in aghaidh an tsealbhóra ag éileamh an íoca sin, ansin an duine nó aon duine eile a chothabhálann taisce leis an sealbhóir—
(a) féadfaidh sé trí fhoriarratas ex parte iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, agus
(b) ar chláraitheoir nó cléireach na cúirte ina bhfuarthas an breithiúnas, ar t-ordú nó an fhoraithne nó inar tionscnaíodh na himeachtaí a shásamh go mbeartaíonn sé iarratas a dhéanamh faoin alt seo beidh sé i dteideal deimhniú a fháil faoi láimh an chláraitheora nó an chléirigh á rá go bhfuil an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne faighte nó gur tionscnaíodh na himeachtaí, de réir mar a bheidh, agus beidh an deimhniú ina fhianaise ar na fíorais a bheidh ráite amhlaidh ann.
(2) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fho alt (1) den alt seo—
(a) féadfaidh an Chúirt, le hordú, a ordú nach ndéanfar an taisce, nó aon chuid den taisce a bheidh á cothabháil sa Bhanc ag sealbhóir ceadúnais lena mbaineann an t-iarratas faoi alt 7 den Acht seo a scaoileadh in imeacht cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt agus a shonróidh sí san ordú, agus
(b) má bhíonn an duine a dhéanfaidh an t-iarratas tar éis breithiúnas, ordú nó foraithne a fháil in aghaidh an tsealbhóra agus gur dealraitheach don Chúirt, tar éis cibé fiosrú a dhéanamh is cuí léi—
(i) nach dóigh go ndéanfar aon éilithe eile i gcoinne na taisce maidir leis na suimeanna a bheidh dlite den sealbhóir an tráth sin, nó
(ii) go bhfuil dóthain sa taisce sin le freastal go hiomlán d'éilithe den sórt sin má dhéantar iad,
féadfaidh an Chúirt, le hordú, a ordú go ndéanfar an tsuim a shonrófar sa bhreithiúnas, san ordú nó san fhoraithne (de réir mar a bheidh), i dteannta nó d'éagmais costais an iarratais, a íoc leis an duine amach as an taisce.
(3) I gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (2) (a) den alt seo, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh freisin—
(a) á ordú nach ndéanfaidh daoine a sheolann gnó baincéireachta, ach amháin faoi réir cibé coinníollacha nó i cibé imthosca a shonrófar san ordú, aon íocaíocht as aon chuntas baincéireachta a choimeádtar in ainm an duine a mbeidh an t-ordú déanta ina aghaidh, nó
(b) á ordú nach ndéanfaidh duine nó daoine sonraithe a sheolann gnó baincéireachta, ach amháin faoi réir cibé coinníollacha nó i cibé imthosca a shonrófar san ordú, aon íocaíocht as aon chuntas baincéireachta ná as cuntas baincéireachta sonraithe ná as cineál sonraithe cuntais bhaincéireachta a choimeádtar in ainm an duine a mbeidh an t-ordú déanta ina aghaidh ag an duine nó na daoine sonraithe.
(4) Más rud é—
(a) i gcás breithiúnas, ordú nó foraithne den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a bheith faighte in aghaidh sealbhóir ceadúnais, go ndéanfar ordú faoi fho-alt (2) (a) den alt seo ar iarratas ón duine a fuair an breithiúnas, an t-ordú nó a fhoraithne, nó
(b) go ndéanfar ordú faoi fho-alt (3) den alt seo,
beidh éifeacht ag ba forálacha seo a leanas—
(i) más cuideachta an sealbhóir, measfar chun críche an dlí a bhaineann le cuideachtaí, an chuideachta a bheith neamhábalta ar a fiacha a íoc,
(ii) más comhpháirtíocht an sealbhóir, measfar, chun críche an dlí a bhaineann le féimheacht, gníomh féimheachta a bheith déanta ag gach comhpháirtí,
(iii) in aon chás eile, measfar, chun críche an dlí a bhaineann le féimheacht, gníomh féimheachta a bheith déanta ag an sealbhóir.
(5) Má thionscnaítear achomharc sa Chúirt Uachtarach—
(a) in aghaidh ordaithe ón gCúirt a rinneadh faoi fho-alt (2) (a) nó faoi fho-alt (3) den alt seo ar iarratas ó dhuine a fuair breithiúnas, ordú nó foraithne den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, nó
(b) in aghaidh ordaithe ón gCuirt a rinneadh faoi fho-alt (3) den alt seo ar iarratas ó dhuine a thionscain imeachtaí den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo,
beidh feidhm ag fo-alt (6) agus, i gcás inarb iomchuí sin, ag fo-alt (7) den alt seo.
(6) Féadfaidh an Chúirt Uachtarach nó an Chúirt, le hordú, feidhm fho-alt (4) den alt seo a chur siar go ceann cibé tréimhse agus, faoi réir fho-alt (7) den alt seo i gcás achomharc dá dtagraítear i bhfo-alt (5) (a) den alt seo, ar cibé téarmaí a dhéanfaidh an chúirt lena mbainfidh a shocrú agus a shonrú san ordú.
(7) Má dhéanann an Chúirt Uachtarach nó an Chúirt ordú faoi fho-alt (6) den alt seo i gcás achomhairc dá dtagraítear i bhfo-alt (5) (a) den alt seo, féadfaidh an chúirt lena mbainfidh a cheangal ar shealbhóir ceadúnais lena mbainfidh an t-ordú go ndéanfaidh sé, de réir mar is oiriúnadh leis an gcúirt, suim ar cóimhéid leis an méid airgid go léir a bheidh dlite faoin mbreithiúnas, faoin ordú nó faoin bhforaithne (nó cibé suim is lú ná sin a ordóidh an chúirt) a lóisteáil sa chúirt nó cibé urrús a thabhairt a chinnfidh an chúirt chun an t-airgead sin go léir a íoc, agus, ina theannta sin, i gceachtar cás, cibé suim bhreise nó urrús breise le haghaidh costais an achomhairc a mheasfaidh an chúirt a bheith cóir.
(8) (a) I dteannta nó in ionad ordú a dhéanamh faoi fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh an Chúirt, d'ainneoin aon ní sa dlí a bhaineann le féimheacht nó sa dlí a bhaineann le cuideachtaí, uaithi féin agus tar éis cibé fógra a mheasfaidh sí a bheith réasúnach a thabhairt don sealbhóir ceadúnais a bhfuil an t-ordú déanta ina aghaidh nó a bhfuiltear ag iarraidh an ordaithe ina aghaidh agus d'aon duine eile a measfaidh sí gur ceart fógra a thabhairt dó—
(i) más cuideachta an sealbhóir, ordú a dhéanamh chun an chuideachta a fhoirceannadh agus chun an Sannaí Oifigiúil a cheapadh mar leachtaitheoir na cuideachta,
(ii) más comhpháirtíocht an sealbhóir, gach comhpháirtí a bhreithniú le hordú ina fhéimheach,
(iii) in aon chás eile, an sealbhóir a bhreithniú ina fhéimheach.
(b) I gcás ina gceapfar an Sannaí Oifigiúil ina leachtaitheoir faoi mhír (a) den fho-alt seo—
(i) ní bhainfidh forálacha mhíreanna (a) agus (d) d'alt 228 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, leis,
(ii) measfar chun gach críche gur gnó a sannadh d'Oifig an tSannaí Oifigiúil i bhFéimheacht agus a dhéantar san oifig sin feidhmiú cumhacht agus comhlíonadh dualgas an tSannaí Oifigiúil i bhFéimheacht mar leachtaitheoir (lena n-áirítear íocaíochtaí a dhéanamh as aon taisce agus dáileadh aon taisce a chothabháiltear faoi alt 7 den Acht seo agus a thiocfaidh chun bheith dílsithe dó).
(9) I gcás ina ndéanfar, in imeachtaí faoin alt seo, sealbhóir ceadúnais a bhreithniú ina fhéimheach, beidh ag an dlí a bhaineann le féimheacht (lena n-áirítear an tAcht seo) feidhm mar bheadh dá mba ar achainí féimheachta faoin dlí sin a breithníodh an sealbhóir ina fhéimheach agus ionann is dá ndéanfaí tagairt don ordú breithnithe a dhéanamh faoin alt seo a chur in ionad aon tagartha sa dlí sin d'achainí féimheachta a thíolacadh nó a chomhadú.
(10) I gcás ina ndéanfar ordú foirceannta in imeachtaí faoin alt seo inar cuideachta an sealbhóir ceadúnais arb ina aghaidh a bheidh na himeachtaí, beidh ag an dlí a bhaineann le féimheacht (lena n-áirítear an tAcht seo) feidhm mar bheadh dá mba ar achainí foirceannta faoin dlí sin a rinneadh an t-ordú sin agus ionann is dá ndéanfaí tagairt don ordú foirceannta a dhéanamh faoin alt seo a chur in ionad aon tagartha sa dlí sin don achainí foirceannta a thíolacadh.
(11) Féadfaidh an Chúirt nó an Chúirt Uachtarach, de réir mar a bheidh, ordú faoi fho-alt 2 (a), (3) nó (6) den alt seo a chúlghairm nó a athrú.
(12) Féadfar an t-iomlán nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo nó d'achomharc maidir leo a éisteacht i ndlísheomraí.
(13) San alt seo agus san alt díreach ina dhiaidh seo ciallaíonn “an Sannaí Oifigiúil” an duine arb é an Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht é de thuras na huaire.
Forálacha maidir féimheacht agus foirceannadh.
30.—I gcás—
(a) aonaí a bheith ina shealbhóir ceadúnais agus é a bhreithniú ina fhéimheach,
(b) comhpháirtíocht a bheith ina sealbhóir ceadúnais agus gach comhpháirtí di a bhreithniú ina fhéimheach,
(c) comhpháirtíocht a bheith ina sealbhóir ceadúnais agus an chomhpháirtíocht a scaoileadh trí fhéimheacht aon chomhpháirtí agus an ceadúnas a chúlghairm, nó
(d) cuideachta a bheith ina sealbhóir ceadúnais, a bheith dócmhainneach agus í a bheith á foirceannadh,
beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(i) i gcás an aonaí nó na comhpháirtíochta, ansin, an tsium a bheidh taiscthe aige nó aici leis an mBanc faoi alt 7 den Acht seo mar aon le haon ús a bheidh faibhrithe ar an tsuim sin dílseoidh sí don Sannaí Oifigiúil,
(ii) i gcás na cuideachta—
(I) más é an Sannaí Oifigiúil leachtaitheoir na cuideachta ansin an tsuim a bheidh taiscthe aici faoin alt sin 7 mar aon le haon ús a bheidh faibhrithe ar an tsuim sin dílseoidh siad don Sannaí Oifigiúil, agus
(II) in aon chás eile, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó leachtaitheoir na cuideachta, a ordú go ndílseoidh an tsuim a bheidh taiscthe ag an gcuideachta leis an mBanc faoin alt sin 7, mar aon le haon ús a bheidh faibhrithe ar an tsuim sin, don leachtaitheoir faoina ainm oifigiúil agus air sin dílseoidh an tsuim sin agus an t-ús sin dá réir sin.
(iii) íocfaidh an Sannaí Oifigiúil nó an leachtaitheoir, as an tsuim a bheidh sannta dó mar a dúradh, leis na daoine a chothabhálann taiscí leis an sealbhóir (ar a n-áirítear taiscí ar chuntais reatha) suim gach taisce (ar a n-áirítear ús a bheidh creidiúnaithe do na daoine sin) a bheidh dlite den sealbhóir do na daoine sin agus cuntas a bheith glactha ar aon suimeanna a bheidh dlite de na daoine sin don sealbhóir i leith an ghnó lena mbaineann an ceadúnas, nó, mura leor chun na críche sin an tsuim a bheidh dílsithe dó mar a dúradh, dáilfidh an Sannaí Oifigiúil nó an leachtaitheoir í i gcomhréir le suim gach taisce den sórt sin a bheidh dlite mar a dúradh, agus, sula ndéanfaidh an Sannaí Oifigiúil nó an leachtaitheoir aon íocaíocht nó dáileadh mar a dúradh íocfaidh sé nó coimeádfaidh sé as an tsuim a bheidh dílsithe dó mar a dúradh—
(I) aon chostais, taillí agus caiteachais a thabhaigh nó a thabhóidh an Sannaí Oifigiúil nó an leachtaitheoir nó is iníoctha leis an Sannaí Oifigiúil nó leis an leachtaitheoir (más é an Sannaí Oifigiúil an leachtaitheoir) maidir leis an tsuim réamhráite agus maidir leis an íoc le cibé daoine nó an dáileadh ar cibé daoine a cheadóidh an Chúirt,
(II) cibé costais agus caiteachais, más ann, de chuid an leachtaitheora (murab é an Sannaí Oifigiúil an leachtaitheoir) maidir leis an tsuim réamhráite agus maidir leis an íoc le cibé daoine, nó an dáileadh ar cibé daoine, a cheadóidh an Chúirt,
(iv) déanfar aon iarmhéid den tsuim réamhráite a bheidh dílsithe don Sannaí Oifigiúil nó don leachtaitheoir a úsáid—
(I) sa chéad ásc, do shásamh aon éilimh maidir le hús is iníoctha ag an sealbhóir trí chomhaontú ar shuimeanna atá taiscthe leis an sealbhóir, agus
(II) sa dara ásc, d'íoc úis de réir cibé ráta a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach (ach gan é a bheith níos mó ná an meán-ráta úis is iníoctha ag an sealbhóir) ar shuimeanna atá taiscthe leis an sealbhóir sin agus nach bhfuil aon chomhaontú ann ina leith do dhéanamh socrú le haghaidh an sealbhóir d'íoc úis,
agus íocfar le heastát ginearálta an tsealbhóra aon suim a bheidh fágtha tar éis an t-iarmhéid sin a úsáid amhlaidh,
(v) mura mbeidh an tsuim iomlán a bheidh dílsithe don Sannaí Oifigiúil nó don leachtaitheoir mar a dúradh sách mór chun íoc as éilithe na ndaoine a cheanglaíonn mír (iii) den alt seo air í a dháileadh orthu, féadfaidh na daoine sin éileamh mar ghnáth-chreidiúnaithe de chuid an tsealbhóra i leith na coda gan sásamh dá n-éilithe.
Dualgais sealbhóra ceadúnais ar ghnó baincéireachta a fhoirceannadh.
31.—(1) I gcás ina scoirfidh sealbhóir ceadúnais, in imthosca seachas iad sin a shonraítear i míreanna (a) go (d) d'alt 30 den Acht seo de ghnó baincéireachta a sheoladh, tabharfaidh sé, a luaithe is féidir é, fógra faoin scor sin do na daoine go léir ag a mbeidh taiscí (ar a n-áirítear taiscí ar chuntais reatha) i dtaisce acu leis le linn an scoir agus déanfaidh sé, má éilíonn aon duine den sórt sin air sin a dhéanamh, méid taisce an duine sin a íoc leis mar aon le méid aon úis a bheidh faibhrithe ar an taisce sin.
(2) I gcás ina mbeartóidh sealbhóir ceadúnais scor de ghnó baincéireachta a sheoladh, tabharfaidh sé, laistigh de thrí mhí roimh dháta an scoir, fógra i scríbhinn don Bhord i dtaobh sin a bheith beartaithe aige.
(3) Níl feidhm ag an alt seo maidir le scor de dhroim an gnó lena mbaineann an ceadúnas a aistriú chuig sealbhóir ceadúnais eile.
CUID III
Bancanna a Aistriú
Léiriú (Cuid III).
32.—Sa Chuid seo—
folaíonn “urrús” morgáiste (dlíthiúil nó cothromasach), muirear, bintiúr, bille malairte, nóta geallúna, ráthaíocht, lian, gealltán nó meán eile d'urrú fiach láithreach nó todhchaí a íoc, nó oibleagáid nó dliteanas, iarbhír nó teagmhasach, a ghlanadh;
tá le “an t-aistreoir”, le “an t-aistrí” agus le “an dáta aistrithe” na bríonna a shanntar dóibh le halt 33 den Acht seo.
An tAire do cheadú banc a aistriú.
33.—(1) Aon uair a thoileoidh sealbhóir ceadúnais (dá ngairtear an t-aistreoir sa Chuid seo) an gnó lena mbaineann an ceadúnas a aistriú, go hiomlán nó go páirteach, chuig sealbhóir ceadúnais eile (dá ngairtear an t-aistrí sa Chuid seo)—
(a) féadfaidh an t-aistreoir agus an t-aistrí, ceithre mhí ar a laghad roimh an dáta a bheartaítear a ghlacfaidh an t-aistriú éifeacht (dá ngairtear an dáta aistrithe sa Chuid seo), scéim don aistriú a chur faoi bhráid an Aire lena ceadú,
(b) déanfaidh an t-aistreoir agus an t-aistrí, mí ar a laghad roimh an dáta aistrithe, fógra faoin aistriú a fhoilsiú i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát,
(c) féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc, dhá mhí ar a laghad roimh an dáta aistrithe an scéim a cheadú, nó diúltú don scéim a cheadú, le hordú,
(d) má cheadaíonn an tAire an scéim faoin alt seo, beidh éifeacht maidir leis an aistriú ag forálacha ailt 34 go 39 agus 42 den Acht seo má fhorálann agus amháin a mhéid a fhóralann an scéim amhlaidh,
(e) féadfaidh an tAire, ar iarratas ón aistreoir agus ón aistrí, cibé forálacha a chur in ordú do cheadú na scéime faoi mhír (c) den fho-alt seo is forálacha teagmhasacha, iarmartacha agus forlíontacha is dóigh leis is iomchuí chun an t-aistriú a urasú agus a dhéanamh agus a áirithiú go gcuirfear i gcrích go hiomlán éifeachtúil é, lena n-áirítear forálacha chun ainm an aistrí a chur in ionad ainm an aistreora nó oiriúnú eile a dhéanamh ar thagairtí don aistreoir in aon reacht nó ionstraim a rinneadh faoi reacht.
(2) Féadfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1) den alt seo nó faoin bhfo-alt seo a leasú le hordú tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc agus le toiliú an aistreora agus an aistrí lena mbaineann sé.
Cuntais a aistriú.
34.—Aon chuntas a bheidh ar áireamh an ghnó a chomhaontófar a aistriú agus is cuntas idir an t-aistreoir agus aon duine in aon oifig nó brainse de chuid an aistreora sa Stát aistreofar é agus measfar é bheith arna aistriú chun an aistrí ar an dáta aistrithe agus tiocfaidh sé, amhail ar an dáta aistrithe agus uaidh sin amach, chun bheith ina chuntas idir an t-aistrí agus an duine sin leis na cearta céanna agus faoi réir na n-oibleagáidí céanna agus na dteagmhas céanna (lena n-áirítear cearta fritháirimh) ab infheidhmithe i leith an chéanna dá leanadh an cuntas sin idir an t-aistreoir agus an t-aistrí de bheith ann agus aon ordú, treoir, ordachán, sainordú nó údarás a thug an duine sin, roimh an dáta sin nó dá éis, maidir leis an gcuntas sin agus aon oibleagáid a ghlac an t-aistreoir air féin maidir le haon duine agus a bheidh ann ar an dáta sin beidh feidhm agus éifeacht aige tar éis an cuntas a aistriú chuig an aistrí mar a dúradh, agus aon airgead a bheidh dlite ar an gcuntas den duine sin don aistreoir ar an dáta sin tiocfaidh sé chun bheith dlite den duine sin don aistrí agus iníoctha aige leis in ionad é bheith dlite de don aistreoir agus iníoctha aige leis, agus aon airgead a bheidh dlite ar an dáta sin ar an gcuntas sin den aistreoir don duine sin tiocfaidh sé chun bheith dlite den aistrí don duine sin agus iníoctha aige leis in ionad é bheith dlite den aistreoir dó agus iníoctha ag an aistreoir leis.
Urrúis a aistriú.
35.—Aon urrús a bheidh ar teachtadh ag an aistreoir i ndáil leis an ngnó a chomhaontaítear a aistriú mar urrús go n-íocfar fiacha nó dliteanais (láithreach nó todhchaí, iarbhír nó teagmhasach) de chuid aon duine in aon oifig nó brainse de chuid an aistreora aistreofar é, nó measfar é bheith arna aistriú, ar an dáta aistrithe agus beidh sé ar teachtadh agus ar fáil ag an aistrí mar urrús go n-íocfar na fiacha agus na dliteanais sin leis an aistrí; agus i gcás ina mbeidh ar áireamh an airgid a bheidh urraithe leis an urrús sin airleacain sa todhchaí chuig aon duine nó dliteanais dá chuid, beidh an t-urrús sin, amhail ón dáta sin, ar teachtadh agus ar fáil ag an aistrí mar urrús i leith airleacain sa todhchaí ón aistrí chuig an duine sin agus dliteanais sa todhchaí de chuid an duine sin don aistrí an méid céanna a bhí airleacain sa todhchaí ón aistreoir nó dliteanais don aistreoir urraithe leis an urrús sin díreach roimh an dáta sin.
Cearta agus oibleagáidí maidir le hurrúis aistrithe.
6 Anne, c. 2 (Ir.).
36.—Beidh an t-aistrí, maidir le haon urrús a bheidh nó a mheasfar a bheith arna aistriú chun an aistrí de réir nó de bhua forálacha alt 35 den Acht seo agus maidir leis an airgead a bheidh urraithe leis an urrús sin de réir na bhforálacha sin, i dteideal na gceart agus na dtosaíochtaí céanna agus faoi réir na n-oibleagáidí agus na dteagmhas céanna a mbeadh an t-aistreoir ina dteideal nó faoina réir dá mbeadh an céanna ar teachtadh fós féin ag an aistreoir, agus maidir leis sin beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—
(a) ní riachtanach an t-aistriú a dhéantar nó a mheastar a dhéantar le halt 35 den Acht seo a chlárú faoi réim ná de bhun an Achta um Chlárú Gníomhas, 1707, an reachta réamh-Aontachta 33 Geo. 2, c. 14 (Ir.), an Achta um Chlárú Teidil, 1964, nó Acht na gCuideachtaí, 1963, ach oibreoidh sé chun críche na nAchtanna sin ionann is dá mba le gníomh a rinneadh é is gníomh an cuí-chláraíodh ar an dáta aistrithe faoi réim nó de bhun cibé Acht acu sin is infheidhmithe ina leith;
(b) i gcás ina ndéanann alt 35 den Acht seo leathnú ar aon urrús den sórt sin nó maidir leis ionas go bhfolaítear airleacain sa todhchaí ón aistrí nó dliteanais thodchaí chuig an aistrí, ní riachtanach an leathnú sin a chlárú faoi réim ná de bhun an Achta um Chlárú Gníomhas, 1707, na Bills of Sale (Ireland) Acts, 1879 and 1883, an Achta um Chlárú Teidil, 1964, nó alt 99 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, ach oibreoidh sé chun críocha na hAchtanna sin ionann is dá mba le gníomh a rinneadh é is gníomh a cuí-chláraíodh ar an dáta aistrithe faoi réim agus de bhun cibé Acht acu sin is infheidhmithe ina leith.
Aistriú i gcás maoin ar teachtadh earbtha.
37.—Beidh coimeád aon doiciméid, earraí nó maoine eile a bheidh ar teachtadh ag an aistreoir i ndáil leis an ngnó a chomhaontaítear a aistriú mar earbaí d'aon duine eile in aon oifig nó brainse de chuid an aistreora sa Stát beidh sé arna aistriú nó measfar é a bheith arna aistriú chun an aistrí ar an dáta aistrithe agus beidh cearta agus oibleagáidí an aistreora faoi aon chonradh earbtha a bhaineann leis an doiciméad, leis na hearraí nó leis an maoin beidh siad, agus measfar iad a bheith, arna n-aistriú ar an dáta sin chun an aistrí.
Oifigigh, cléirigh agus seirbhísigh a aistriú.
38.—(1) Aon oifigeach (seachas stiúrthóir nó iniúchóir), cléireach nó seirbhíseach i seirbhís nó i bhfostaíocht faoin aistreoir agus a chomhaontóidh an t-aistreoir agus an t-aistrí a aistreofaí faoin alt seo i ndáil leis an ngnó a aistreofar beidh sé ar an dáta aistrithe arna aistriú ó sheirbhís nó fostaíocht faoin aistreoir chun an aistrí agus tiocfaidh sé ar an dáta sin chun bheith ina oifigeach, ina chléireach nó ina sheirbhíseach (de réir mar a bheidh) don aistrí agus na cearta céanna aige agus é faoi réir na n-oibleagáidí agus na dteagmhas céanna i leith na seirbhíse sin nó na fostaíochta sin a bheadh aige nó a mbeadh sé faoina réir mar oifigeach, cléireach nó seirbhíseach don aistreoir.
(2) Gach oifigeach, cléireach nó seirbhíseach den sórt sin a dúradh is comhalta de scéim pinsean nó aoisliúntas de chuid an aistreora nó atá i dteideal sochair faoi scéim den sórt sin agus gach oifigeach, cléireach nó seirbhíseach a bhí ar fostú faoin aistreoir i ndáil leis an ngnó a chomhaontaítear a aistriú agus is comhalta d'aon scéim den sórt sin nó atá i dteideal sochair faoi aon scéim den sórt sin tiocfaidh sé chun bheith, le héifeacht on dáta aistrithe, ina chomhalta de scéim chomhréire pinsean nó aoisliúntas, nó i dteideal an tsochair chomhréire faoi scéim den sórt sin de chuid an aistrí ar théarmaí nach 1ú fabhair ná téarmaí faoin scéim chéadluaite sin agus aon duine a bheidh i dteideal sochair faoin scéim chéadluaite sin mar gheall ar aon oifigeach, cléireach nó seirbhíseach atá ar fostú nó a bhí ar fostú i ndáil leis an ngnó a chomhaontaítear a aistriú a bheith ina chomhalta den scéim sin nó a bheith i dteideal sochair faoin scéim sin, beidh teideal aige, le héifeacht on dáta aistrithe, chun an tsochair chomhréire faoin scéim chomhréire sin ar théarmaí nach 1ú fabhair ná na téarmaí faoin scéim chéadluaite sin.
(3) Aon sochar is iníoctha faoi scéim pinsean nó aoisliúntas de chuid an aistreora le hionadaí pearsanta (ina cháil mar ionadaí pearsanta) aon oifigigh, cléirigh nó seirbhísigh éagtha a bhí ar fostú leis an ngnó a chomhaontaítear a aistriú agus a bheidh gan íoc ar an dáta aistrithe tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé iníoctha ag an aistrí ar an dáta sin nó faoi scéim pinsean nó aoisliúntas chomhréire de chuid an aistrí.
(4) Déanfar, d'fhonn an ceart chun sochair faoi aon scéim chomhréire den sórt sin a dhéanamh amach agus a ríomh, seirbhís nó fostaíocht faoin aistreoir a chur i gcuntas ionann is dá mba sheirbhís nó fostaíocht faoin aistrí í, ach ní bheidh seirbhís nó fostaíocht a aistriú ón aistreoir chuig an aistrí ina bhonn, ann féin, le haon éileamh ar shochar faoi aon scéim den sórt sin.
(5) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ón aistreoir agus ón aistrí, cibé forálacha a chur san ordú faoi alt 33 den Acht seo is dóigh leis is iomchuí chun an t-iomlán nó aon chuid de mhaoin agus de shócmhainní aon scéime pinsean nó aoisliúntas de chuid an aistreora a aistriú go dtí scéim pinsean nó aoisliúntas chomhréire de chuid an aistrí agus an céanna a dhílsiú do na hiontaobhaithe nó do na daoine eile ar a mbeidh sé curtha de chúram an scéim chomhréire sin a riaradh agus chun an scéim chomhréire sin de chuid an aistreoira a fhoirceannadh, a dhíscaoileadh, a mhodhnú nó deireadh a chur léi agus beidh éifeacht ag an scéim de réir aon fhorálacha den sórt sin, aon scéim den sórt sin de chuid an aistreora a fhoirceannadh, a dhíscaoileadh, a mhodhnú nó deireadh a chur léi, de réir mar a bheidh.
(6) San alt seo—
ciallaíonn “sochar” aon phinsean, blianacht, cnapshuim, aisce nó íocaíocht eile dá shórt a thugtar ar scor nó is iníoctha tar éis scor i leith seirbhíse a tugadh nó ar bhás a fháil nó i ndáil le bás a fháil le linn seirbhíse nó tar éis scor;
ciallaíonn “scéim pinsean nó aoisliúntas de chuid an aistreora” scéim, comhshocraíocht nó ciste arna bhunú i ndáil le gnó an aistreora chun sochar a sholáthar d'oifigigh, do chléirigh nó do sheirbhísigh (de réir mar a bheidh) an aistreora nó dá gcleithiúnaithe ar iad scor nó d'fháil bháis;
ciallaíonn “scéim pinsean nó aoisliúntais de chuid an aistrí” scéim, comhshocraíocht nó ciste arna bhunú i ndáil le gnó an aistrí chun sochar a sholáthar d'oifigigh, do chléirigh nó do sheirbhísigh (de réir mar a bheidh) an aistrí nó dá gcleithiúnaithe ar iad scor nó d'fháil bháis.
Feidhm ionstraimí áirithe.
39.—I gcás—
(a) inarb é an gnó nó ar den ghnó a chomhaontaítear a aistriú gnó ag gníomhú mar iontaobhaí, seiceadóir, caomhnóir nó in aon cháil mhuiníneach eile, agus
(b) inar deonaíodh nó ina ndeonófar probháid nó riarachán don aistreoir nó inar ceapadh nó ina gceapfar an t-aistreoir ina iontaobhaí, ina sheiceadóir, ina chaomhnóir nó in aon cháil mhuiníneach eile le hionstraim arb éard í—
(i) ordú cúirte,
(ii) gníomhas iontaobhais, socraíocht, cúnant nó comhaontú, nó
(iii) uacht, codaisíl nó ionstraim tiomnachta eile,
nó
le haon ghníomh tiomnachta seachas na cinn réamhráite (cibé acu roimh an dáta aistrithe nó dá éis sin a rinneadh nó a forghníomhaíodh an ionstraim nó an gníomh),
léifear agus forléireofar an ionstraim nó an gníomh, agus beidh éifeacht ag an ionstraim nó ag an ngníomh, amhail ón dáta aistrithe, ionann is dá gcuirfí tagairt don aistrí in ionad aon tagartha sa chéanna don aistreoir.
Feidhm an Bankers' Books Evidence Act,1879.
1879, c. 11.
40.—(1) Leanfaidh an Bankers' Books Evidence Act, 1879, d'fheidhm a bheith aige maidir le haon leabhair de chuid an aistreora a aistreofar chun an aistrí i ndáil leis an ngnó a chomhaontófar a aistriú agus maidir le taifid a chuirfear sna leabhair sin roimh an dáta aistrithe.
(2) San alt seo folaíonn “leabhair” mórleabhair, leabhair laethúla, leabhair airgid, leabhair chuntais agus taifid a úsáideadh i ngnáth-ghnó an aistreora roimh an lá ceaptha.
Imeachtaí dlíthiúla a choimeád i bhfeidhm.
41.—Má tharlaíonn, díreach roimh an dáta aistrithe, go mbeidh ar feitheamh aon imeachtaí dlíthiúla ar páirtí ann an t-aistreoir agus go mbainfidh na himeachtaí leis an ngnó a chomhaontaítear a aistriú, déanfar ainm an aistrí a chur, ar an dáta aistrithe, in ionad ainm an aistreora agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur in ionad sin.
Díolúine ó dhleacht stampa.
1895, c. 16.
42.—(1) Ní bhainfidh alt 12 den Finance Act, 1895, le haon mhaoin leis an aistreoir a dhílsiú don aistrí de bhua an Achta seo.
(2) Ní mhuirearófar dleacht stampa ar aon chomhaontú a dhéanfar idir an aistreoir agus an t-aistrí chun an gnó lena mbaineann an ceadúnas atá ag an aistreoir a aistriú, go hiomlán nó go páirteach, chun an aistrí.
(3) Ní mhuirearófar dleacht stampa ar aon ionstraim a fhorghníomhófar chun na haistrithe a dhéantar nó a mheastar a dhéantar le hailt 34 agus 35 den Acht seo a fhorlíonadh.
CUID IV.
Airgead Reatha
An caighdeán luacha.
43.—(1) Is é luach-ionad caighdéanach an Stáit an punt Éireannach le parluach 2.13281 gram d'ór fíneáilte a eiseofar i bhfoirm nóta dlíthairgthe.
(2) Féadfaidh an Rialtas le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc, an parluach a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a athrú.
(3) Féadfaidh an Rialtas le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc, ordú faoin alt seo, lena n-áiritear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.
(4) Aon uair a bheidh ordú faoin alt seo i bhfeidhm beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo de réir téarmaí an ordaithe.
(5) Leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas gach ordú faoin alt seo a luaithe is feidir tar éis a dhéanta.
An Banc d'eisiúint nótaí dlíthairgthe.
44.—Is dleathach don Bhanc nótaí dlíthairgthe a eisiúint chuig aon duine ar éileamh nó chun an chiste ghinearálta in aghaidh—
(a) buillean óir, nó
(b) aon airgead reatha, urrús nó foirm eile sócmhainne a bheidh á choimeád mar chuid de chaipiteal an chiste nótaí dlíthairgthe de réir alt 61 d'Acht 1927, arna leasú le hailt 2 agus 3 den Acht Airgid Reatha (Leasú), 1930,
a sheachadfar dó i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorordóidh sé.
Leasú ar alt 49 d'Acht 1927.
45.—Leasaítear leis seo alt 49 d'Acht 1927—
(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):
“(1) Beidh sealbhóir nóta dhlíthairgthe d'aon ainmluach i dteideal, ar éileamh a dhéanfaidh sé i rith uaire oifige in oifig an Bhainc i mBaile Atha Cliath, go bhfaighidh sé mar mhalairt ar an nóta nóta dlíthairgthe nó nótaí dlíthairgthe ina mbeidh an luach iomlán céanna.
(2) Beidh gach nóta dlíthairgthe inmhalartaithe arna thíolacadh i nGníomhaireacht Londain ar airgead in aon fhoirm is dlíthairiscint de thuras na huaire sa Bhreatain Mhór ar shuimeanna neamhtheoranta.
(2A) Féadfaidh an Banc, más oiriúnach leis agus aon uair is oiriúnach leis agus a mhéid is oiriúnach leis, aon nótaí dlíthairgthe a thíolacfar dó le malartú in oifig an Bhainc in mBaile Átha Cliath ar airgead in aon fhoirm is dlíthairiscint de thuras na huaire sa Bhreatain Mhór ar shuimeanna neamhtheoranta, nó ar dhréacht ar Londain nó, faoi réir agus de réir na nAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1970, ar airgid reatha choigríche eile.”,
agus
(b) trí “a mhalartú” a chur in ionad “d'athcheannach” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (3) agus “malartaithe” a chur in ionad “athcheannuithe” i bhfo-alt (4).
Leasú ar alt 50 d'Acht 1927 agus ar alt 5 den Acht Airgid Reatha (Leasú), 1930.
46.—(1) Leasaítear leis seo alt 50 d'Acht 1927 trí “malartódh” a chur in ionad “n-athcheannódh” gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (1) agus (2) agus “malartú” a chur in ionad “athcheannach” i bhfo-alt (2).
(2) Leasaítear leis seo alt 5(3) den Acht Airgid Reatha (Leasú), 1930, trí “a mhalartú” a chur in ionad “d'athcheannach” gach áit a bhfuil sé.
CUID V
Ilghnéitheach
Cumhachtaí agus feidhmeanna breise de chuid an Bhainc.
47.—Is dleathach don Bhanc chun críocha nó trí mheán an chiste ghinearálta, i dteannta na bhfeidhmeanna sin a fheidhmiú agus a chomhlíonadh a shanntar go sonrach dó leis na hAchtanna Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1971, cumhachtaí agus feidhmeanna a fheidhmiú agus a chomhlíonadh de chineál is féidir, de réir gnáth-chleachtais bhaincéireachta, le bancanna agus baincéirí a fheidhmiú.
Bannaí Cúlchiste Bainc Ceannais.
48.—(1) Féadfaidh an Banc urrúis (ar a dtabharfar Bannaí Cúlchiste Banc Ceannais agus dá ngairtear bannaí san alt seo) a eisiúint trí na hurrúis ciste ghinearálta ina ainm féin mar mhalairt ar cibé airgead reatha nó airgid reatha a shonróidh an Banc.
(2) Beidh eisiúint, teachtadh agus díol aon bhannaí faoi réim agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Banc an tráth a eiseofar na bannaí sin, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha do shocrú praghais eisiúna na mbannaí, an ráta úis a íocfar orthu, na dátaí a íocfar ús orthu agus an dáta a aibeoidh na bannaí.
(3) Ní eiseoidh an Banc bannaí chuig aon duine seachas sealbhóir ceadúnais.
(4) Clarófar bannaí sa Bhanc.
(5) Féadfaidh sealbhóir bannaí iad a aistriú chuig aon sealbhóir eile ceadúnais ach ní aistreoidh sé iad chuig aon duine eile.
(6) Féadfaidh an Banc bannaí a cheannach ó shealbhóir na mbannaí sin agus cealóidh sé aon bhannaí a cheannóidh sé.
(7) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar bhannaí a eisiúint, a shannadh, a iomairliú nó a fhuascailt.
Cuntas an Státchiste a aistriú chun an Bhainc.
1866, c. 39.
49.—(1) Aistreofar chun an Bhainc Cuntas an Státchiste atá i mBanc na hÉireann agus, dá réir sin, forléireofar mar thagairtí don Bhanc na tagairtí do Bhanc na hÉireann atá in ailt 10, 11, 13 agus 15 den Exchequer and Audit Departments Act, 1866.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú faoin alt seo.
Cláir de bhannaí talún a aistriú chun an Bhainc.
50.—(1) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó in aon ordú faoi na hAchtanna sin, aistreofar chun an Bhainc na cláir de bhannaí Talún atá á gcoimeád ag Banc na hÉireann.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú faoin alt seo.
Forálacha a bhaineann le Banc na hÉireann.
1929, Uimh. 4 (Príobháideach).
51.—(1) Ní oibreoidh aon ní sa Chairt, in Achtanna an Bhainc nó in Acht 1929—
(a) chun cúirt ghinearálta a chosc, ó am go ham, ó dhéanamh mar leanas le rún—
(i) cuspóirí Bhanc na hÉireann a athrú trí aon chuspóir láithreach a thréigean, a shrianadh nó a leasú nó cuspóir nua a ghlacadh chuici, nó
(ii) cibé socrú is oiriúnach léi a dhéanamh maidir le bainistí cúrsaí nó seoladh gnó Bhanc na hÉireann (lena n-áirítear, go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, socrú a bhainfidh le Stiúrthóirí (lena n-áirítear Rialtóir agus Leas-Rialtóir Bhanc na hÉireann) Bhanc na hÉireann nó le cúirteanna ginearálta nó imeachtaí nó vótáil sa chéanna), nó
(b) chun Banc na hÉireann a chosc ó bheith ag gabháil d'aon ghnó, nó ó bheith ag seoladh aon ghnó, a shonraítear in aon rún den sórt sin agus ó aon ní a dhéanamh atá comhghabhálach nó coimhdeach le haon ghnó den sórt sin.
(2) Má dhéantar aon iarratas chun na Cúirte de réir an ailt seo á iarraidh go neamhneofar rún faoi fho-alt (1) den alt seo (dá ngairtear rún sna forálacha ina dhiaidh seo den alt seo), ní bheidh éifeacht aige ach amháin an mhéid a dhaingneoidh an Chúirt é.
(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh sealbhóirí chuid nach 1ú san iomlán na 15 faoin gcéad de luach ainmniúil stoic chaipitil eisithe agus aon scair-chaipitil eisithe de chuid Bhanc na hÉireann iarratas a dhéanamh faoin alt seo.
(4) Ní dhéanfaidh aon duine a mbeidh toilithe aige le rún nó a mbeidh vótáilte aige ar son rúin aon iarratas faoin alt seo maidir leis an rún.
(5) Déanfar iarratas faoin alt seo laistigh de 21 lá tar éis an dáta a ritheadh an rún agus féadfar é a dhéanamh thar cheann na ndaoine a bheidh i dteideal an t-iarratas a dhéanamh ag cibé duine nó daoine dá líon a cheapfaidh siad i scríbhinn chuige sin.
(6) Ar iarratas a bheith déanta faoin alt seo, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh do neamhniú an rúin nó do dhaingniú an rúin go hiomlán nó go páirteach agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach léi, agus féadfaidh sí, más oiriúnach léi, na himeachtaí a chur ar atráth ionas go bhféadfar comhshocraíocht a dhéanamh chun sástacht na Cúirte chun leasanna comhaltaí neamhaontacha Bhanc na hÉireann a cheannach, agus féadfaidh sí cibé treoracha a thabhairt agus cibé orduithe a dhéanamh is dóigh léi a bheith foirsteanach chun aon chomhshocraíocht den sórt sin a urasú nó a chur in éifeacht ar shlí, ámh, nach gcaithfear aon chuid de chaipiteal Bhanc na hÉireann ag déanamh aon cheannach den sórt sin.
(7) I gcás ina rithfear rún—
(a) mura ndéanfar aon iarratas maidir leis faoin alt seo, déanfaidh Banc na hÉireann, laistigh de 15 lá ó dheireadh na tréimhse chun iarratas den sórt sin a dhéanamh, cóip chlóbhuailte den rún a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí, de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963; agus
(b) má dhéantar iarratas den sórt sin, déanfaidh Banc na hÉireann—
(i) fógra ar an bhfíoras sin a thabhairt láithreach don chláraitheoir; agus
(ii) laistigh de 15 lá ó dháta aon ordaithe do neamhniú nó do dhaingniú an rúin, cóip oifige den ordú agus, i gcás ordú do dhaingniú an rúin, cóip chlóbhuailte den rún a sheachadadh don chláraitheoir.
Féadfaidh an Chúirt aon tráth le hordú an t-am chun doiciméid a sheachadadh don chláraitheoir faoi mhír (b) den fho-alt seo a shíneadh go ceann cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt.
(8) Má mhainíonn Banc na hÉireann fógra a thabhairt nó aon doiciméad a sheachadadh don chláraitheoir mar a cheanglaítear le fo-alt (7) den alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur ar Bhanc na hÉireann agus ar gach oifigeach do Bhanc na hÉireann a mbeidh an mhainneachtain san déanta aige.
(9) San alt seo—
ciallaíonn “Acht 1929” Acht Bhanc na hÉireann, 1929,
tá le “Achtanna an Bhainc”, “an Chairt”, agus le “cúirt ghinearálta” na bríonna céanna faoi seach atá leo in Acht 1929.
Leasú ar Achtanna na nIasachtaithe Airgid, 1900 agus 1933.
1900, c. 51.
52.—(1) Ní bheidh feidhm ag Achtanna na nIasachtaithe Airgid, 1900 agus 1933, maidir le sealbhóir ceadúnais ná le banc taisce iontaobhais atá cláraithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965.
(2) Leasaítear leis seo alt 6(d) den Moneylenders Act, 1900, trí “banking or” a scriosadh.
Stiúrthóirí an Bhainc.
53.—(1) Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1942—
(a) trí “beirt” a chur in ionad “triúr” i bhfo-alt (3) (b), agus
(b) trí “seisear” a chur in ionad “cúigear” i bhfo-alt (3) (c).
(2) Ceapfar na Stiúrthóirí baincéireachta, tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Rialtóir, as i measc daoine a shealbhaíonn oifig mar stiúrthóirí Bainc Chomhlachais.
(3) Má scoireann agus aon uair a scoirfidh Stiúrthóir baincéireachta d'oifig a shealbhú mar stiúrthóir ar Bhanc Comhlachais tiocfaidh sé chun bheith, agus beidh sé, láithreach, dícháilithe chun oifig Stiúrthóra baincéireachta a shealbhú.
(4) (a) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an chéad lá (nach luaithe ná an lá a cheapfar faoi alt 1 (3) den Acht seo) a scoirfidh Stiúrthóir baincéireachta den oifig sin a shealbhú.
(b) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) den alt seo maidir le duine a shealbhaíonn oifig mar Stiúrthóir baincéireachta an lá a cheapfar faoin alt sin 1 (3) i rith an téarma oifige dar ceapadh amhlaidh é.
Aoisliúntás.
54.—(1) D'ainneoin aon ní in alt 3 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1961, féadfaidh leasú faoin Acht sin ar an scéim a rinneadh de bhun alt 33 (1) (c) d'Acht 1942 a fhoráil go bhféadfar dámhachtain a dhéanamh do dhuine, nó maidir le duine, a bheidh faoi bhun seasca bliain d'aois nuair a scoirfidh sé d'oifig mar Rialtóir a shealbhú ar chúiseanna seachas bás, éiglíocht mheabhrach nó choirp nó deireadh a chur le hoifig, má bhíonn téarma amháin curtha isteach aige mar Rialtóir.
(2) Féadfaidh an Banc ó am go ham, le ceadú an Aire, scéim a dhéanamh do leasú scéime faoi alt 31 (4) d'Acht 1927 nó faoi alt 33 (1) (c) d'Acht 1942 nó scéime faoin bhfo-alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh socrú a bheith i scéim faoin bhfo-alt seo chun sochair aoisliúntais (lena n-áirítear pinsin, liúntais agus aiscí) a dheonú do bhaintreacha agus do leanaí daoine lena mbaineann na scéimeanna sin agus chun na daoine lena mbaineann na scéimeanna sin d'íoc ranníocaí i leith na sochar sin.
(3) Leagfar gach scéim faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.
Taiscí faoi Acht 1942 a thabhairt ar ais.
55.—Ar alt 42 d'Acht 1942 a chúlghairm, tabharfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithnúnais ar ais, a luaithe is féidir, d'aon duine a choimeád taisce lóisteáilte sa Chúirt de bhun an ailt sin díreach roimh an gcúlghairm sin an taisce agus aon ús nó ioncam a bheidh faibhrithe chun bheidh dlite i leith an taisce sin.
Leasú ar an Bankers' Books Evidence Act, 1879.
56.—Leasaítear leis seo alt 9 (a cuireadh isteach leis an Acht um Fhianaise Leabhar Baincéirí (Leasú), 1959) den Bankers' Books Evidence Act, 1879, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):
“(4) A certificate which—
(a) purports to be signed by an officer of the Bank, and
(b) certifies that a licence was granted under section 9 of the Central Bank Act, 1971, to a specified person.
shall be prima facie evidence of the licence for the purposes of this Act, and it shall not be necessary to prove the signature of the officer or that he was in fact an officer of the Bank.”
57.—Leasaítear leis seo alt 14 den Acht um Airgead Reatha Deachúil, 1970, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1);
“(1) Gan dochar d'alt 2 den Acht seo, forléireofar alt 10 den Acht Airgid Reatha, 1927, mar alt a leanann de chead conarthaí, díolacháin, billí, nótaí, ionstraimí agus urrúis ar airgead agus gach uile shórt idirbheart, déileáil, ábhar, agus ní a bhaineann le hairgead nó a bhaineann le haon hairgead a íoc nó le dliteanas aon airgead a íoc, a dhéanamh, a fhorghníomhú nó a shealbhú de réir an tsean-airgid reatha, an airgid reatha nua nó airgid reatha stáit nó tíre éigin seachas an Stát, faoi réir an choinníll go mbeidh feidhm ag alt 13 den Acht seo a maidir le haon suim sa seanairgead reatha nach slánuimhir punt agus atá dlite nó a bheidh dlite le híoc an lá ceaptha nó dá éis.”
Cionta agus pionóis.
58.—(1) Aon duine a sháróidh alt 7, 14, 17, 18 nó 27 den Acht seo agus aon sealbhóir ceadúnais—
(a) a sháróidh alt 19, 20, 26, 31 nó 33 den Acht seo,
(b) a sháróidh coinníoll a bheidh ag gabháil le ceadúnas,
(c) a mhainneoidh déanamh de réir treorach faoi alt 21 nó 22 den Acht seo, nó de réir foriarratais faoi alt 25 den Acht seo,
(d) a sháróidh rialacháin faoi alt 24 nó 25 den Acht seo,
beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—
(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, nó
(ii) ar é chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná cúig mhíle punt a chur air,
agus, má leantar tar éis an chiontaithe den sárú nó den mhainneachtain arb ina leith a ciontaíodh é, beidh sé ciontach i gcion breise agus dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná dhá chéad agus caoga punt a chur air in aghaidh gach lae ar leanadh amhlaidh den sárú nó den mhainneachtain.
(2) I gcás alt 14 (2) den Acht seo a shárú maidir le scéim iontaobhais aonad, measfar an bainisteoir faoin scéim do shárú alt 14 den Acht seo.
An Banc d'ionchúiseamh cionta.
59.—Féadfaidh an Banc cion faoin Acht seo a bheidh á thriail go hachomair a ionchúiseamh.
Cionta maidir le comhlachtaí áirithe.
60.—I gcás cion a dhéanamh faoin Acht seo ag comhlacht corpraithe nó ag duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh le haon fhaillí thoiliúil ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, comhalta d'aon choiste bainistí nó d'údarás rialála eile de chuid an chomhlachta sin nó ar thaobh aon oifigigh don chomhlacht sin beidh an duine sin, freisin, ciontach sa chion.
AN SCEIDEAL
Achtacháin a Aisghairtear
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheidil | Méid na hAisghairme |
6 Geo. 4, c. 42 | Bankers (Ireland) Act, 1825. | An tAcht iomlán. |
11 Geo. 4 agus 1 Will. 4, c. 32 | Banks (Ireland) Act, 1830. | An tAcht iomlán. |
1 and 2 Vict., c. 96 | Joint Stock Banks Act, 1838. | An tAcht iomlán. |
8 and 9 Vict., c. 37 | Bankers (Ireland) Act, 1845. | Alt 22. |
Ailt 4 go 9; ailt 11 go 13 agus ailt 37 agus 42; na focail “sa tslí chéanna agus sa mhéid chéanna ina mbeidh agus chó hiomlán agus bheidh monaí óir a tabharfar amach fé Chuid II. den Acht so ag rith nuair a bheid tabhartha amach amhlaidh” in alt 45 (1); alt 47; “do réir a n-agha-luacha i monaí óir a bheidh de thurus na huaire ina ndlí-thairisgint fén Acht so i Saorstát Éireann ar shuimeanna nea-theoranta nó in airgead in aon fhuirm a bheidh de thurus na huaire ina dhlí-thairisgint sa Bhreatain Mhóir ar shuimeanna nea-theoranta nó” agus “nó, más toil san leis an té bheidh ag tíolaice na nótaí sin, tré tharrac ar Lundain” in alt 48; alt 50 (4). | ||
Acht an Bhainc Ceannais, 1942. | Alt 23 (2); na focail “ag féachaint do na caighdeáin a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire ag na Bainc Chópáirteacha agus iad ag ceapadh luach saothair, liúntaisí, agus coinníollacha seirbhíse a stiúrthóirí” in alt 23 (4); ailt 26 agus 27; Codanna V agus VI. |