Uimhir 16 de 1964.
AN tACHT UM CHLÁRÚ TEIDIL, 1964
[An tiontú oifigiúil.]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht um Chlárú Teidil, 1964, a ghairm den Acht seo.
Tosach feidhme.
2.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú.
Léiriú.
1891, c. 66.
1857, c. 60.
1872, c. 58.
1872, c. 57.
1888, c. 44.
1847, c. 32.
1842, c. 89.
1863, c. 88.
1854, Uimh. 25.
1850, c. 29.
1847, c. 32.
1869, c. 42.
1707, c. 2.
1844, c. 90.
1869, c. 42.
1879, c. 58.
3.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “Acht 1891” an Registration of Title Act, 1891;
tá le “sannadh de bhun díola” an bhrí a thugtar dó le halt 24;
ciallaíonn “na hAchtanna Féimheachta” an Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, an Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872, an Debtors Act (Ireland), 1872, agus an Local Bankruptcy (Ireland) Act, 1888;
tá le “an phríomhoifig” an bhrí a thugtar dó le halt 7;
tá le “tíolacas” an bhrí chéanna atá le “conveyance” sna hAchtanna Tíolactha;
tá le “tíolacas de bhun díola” an bhrí a thugtar dó le halt 24;
ciallaíonn na hAchtanna Tíolactha” na Conveyancing Acts, 1881 to 1911;
tá le “an chúirt” an bhrí a thugtar dó le halt 18;
folaíonn “diúscairt” aistriú agus muirearú;
folaíonn “muirear siltin” aon mhuirear is iníoctha faoin Landed Property Improvement (Ireland) Act, 1847, nó faoin Drainage (Ireland) Act, 1842, agus freisin aon mhuirear is iníoctha faoin Drainage and Improvement of Land (Ireland) Act, 1863, nó faoi aon Ordú sealadach faoin Acht sin a daingníodh go cuí, nó faoi aon Acht eile chun tailte a fheabhsú nó a shiltean.
ciallaíonn “ar marthain” ar marthain díreach roimh thosach feidhme an Achta seo;
folaíonn “feo simplí” eastáit ar teachtadh faoi dheontais feofheirme agus deontais suthaineachta;
tá le “sean-choróinchíos” an bhrí chéanna atá leis san Acht Maoine Stáit, 1954;
ciallaíonn “talamh ruílse” talamh arb eastát i bhfeo simplí a lán-úinéireacht;
ciallaíonn “rialacha ginearálta” rialacha faoi alt 126;
tá le “eire” an bhrí chéanna atá le “incumbrance” sna hAchtanna Tíolactha;
ciallaíonn “morgáiste breithiúnais” mionnscríbhinn úinéireachta a cláraíodh faoin Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850;
folaíonn “talamh”—
(a) talamh ar aon chineál tionachta;
(b) talamh faoi uisce;
(c) tithe nó foirgnimh nó déanmhais eile de shaghas ar bith agus codanna d'aon tithe, foirgnimh nó déanmhais den sórt sin, cibé acu go hingearach, go cothrománach nó ar dhóigh eile atá na codanna roinnte;
(d) mianaigh agus mianraí, cibé acu ar leithligh ón dromchla nó nach ea atá siad ar teachtadh;
(e) oidhreachtáin neamhchorpracha;
tá le “deimhniú talún” an bhrí a thugtar dó le halt 28;
ciallaíonn “Coimisiún na Talún” Coimisiún Talún na hÉireann;
folaíonn “muirear feabhsaithe talún” aon mhuirear le haghaidh iasachtaí feabhsaithe talún is iníoctha le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn faoin Landed Property Improvement (Ireland) Act, 1847;
folaíonn “na hAchtanna Talamh-Cheannaigh” an Irish Church Act, 1869, agus Achtanna Bhord na gCeantar Cúng (Éire);
tá le “Clárlann na Talún” an bhrí a thugtar dó le halt 7;
ciallaíonn “léas” aon chonradh tionóntachta agus folaíonn sé comhaontú le haghaidh léasa;
ciallaíonn “leas léasach” leas i dtalamh faoi léas ar feadh téarma blianta a bhfuil níos mó ná bliain is fiche díobh gan chaitheamh ar dháta an chláraithe, nach téarma chun airgead a urrú, i dteannta nó d'éagmais cúnaint athnuachana, agus folaíonn sé leas a theachtar ar cíos faoi léas saoil nó saolta, nó is infhoirceanta ar chríochnú saoil nó saolta, agus i gcás léas i seilbh agus léas frithdhílse a ghlacfaidh éifeacht i seilbh ar dhul in éag don léas céadluaite a bheith ar teachtadh amhlaidh ar dhóigh gur leis an duine céanna faoin gceart céanna an leas sa dá léas, measfar, sa mhéid go mbaineann siad le talamh a áirítear sa dá léas, go mbunaíonn na léasanna sin aon téarma comhleanúnach amháin i seilbh;
tá le “an oifig áitiúil” an bhrí a thugtar dó le halt 7;
ciallaíonn “an cláraitheoir áitiúil” an cláraitheoir contae do chontae ag gníomhú dó de bhua alt 10;
tá le “morgáiste” an bhrí chéanna atá leis sna hAchtanna Tíolactha;
ciallaíonn “ionadaí pearsanta” an seiceadóir, bunaidh nó trí ionadaíocht, nó an riarthóir do dhuine marbh;
ciallaíonn “seilbh” fáil na gcíosanna agus na mbrabús;
ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacha ginearálta;
ciallaíonn “clár” clár a chothabháiltear faoin Acht seo;
ciallaíonn “talamh cláraithe” talamh a bhfuil úinéir air cláraithe, nó a measfar é a bheith cláraithe, faoin Acht seo;
ciallaíonn “údarás clárúcháin” an Cláraitheoir nó cláraitheoir áitiúil;
ciallaíonn “an Cláraitheoir” Cláraitheoir na dTeideal;
ciallaíonn “Clárlann na nGníomhas” an oifig a bunaíodh leis an Acht um Chlárú Gníomhas, 1707;
ciallaíonn “Clárlann na mBreithiúnas” an oifig a bunaíodh leis an Judgments (Ireland) Act, 1844;
tá le “léarscáil chlárlainne” an bhrí a thugtar dó le halt 84;
ciallaíonn “achtacháin aisghairthe” na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, a aisghairtear leis an Acht seo;
folaíonn “ceart” eastát, leas, cothromas agus cumhacht;
ciallaíonn “na hAchtanna um Thalamh Socraithe” na Settled Land Acts, 1882 to 1890;
tá le “socraíocht”, “talamh socraithe”, “tionónta saoil” agus “iontaobhaithe na socraíochta” faoi seach na bríonna céanna atá le “settlement”, “settled land”, “tenant for life” agus “trustees of the settlement” faoi seach sna hAchtanna um Thalamh Socraithe;
ciallaíonn “banna Stáit” banna ina ndeachthas le haon duine ag gníomhú dó thar ceann an Stáit, lena n-áirítear, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, banna ina ndeachthas leis an Aire Airgeadais faoi alt 39 den Acht Airgid, 1924, agus banna Corónach;
ciallaíonn “údarás reachtúil”—
(a) Aire Stáit,
(b) Coimisiún na Talún,
(c) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn,
(d) aon údarás áitiúil nó údarás poiblí, nó
(e) aon chuideachta nó comhlacht eile daoine a bunaíodh le haon achtachán nó faoi threorú aon achtacháin;
folaíonn “cíosmhuirear deachún” aon suim bhliantúil is iníoctha le Coimisiún na Talún faoi alt 32 den Irish Church Act, 1869;
ciallaíonn “talamh neamhchláraithe” talamh nach bhfuil úinéir air cláraithe, nó nach meastar úinéir air a bheith cláraithe, faoin Acht seo;
folaíonn “uacht” codaisíl.
(2) Chun críocha an Achta seo, aon eastát nó leas i bhfuíoll nó i bhfrithdhílse nár diúscraíodh le socraíocht agus a fhrithdhílsíonn don socraitheoir, nó a thiteann chun oidhre an tiomnóra, beidh sé ina eastát nó ina leas a chuimsítear in ábhar na socraíochta.
(3) San Acht seo, déanfar tagairtí d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.
(4) San Acht seo, aon tagairt de réir uimhreach a dhéantar d'alt is tagairt í don alt den Acht seo ar a bhfuil an uimhir sin mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'Acht éigin eile í.
Caiteachas.
4.—Déanfar, a mhéad a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachfar ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Aisghairm.
5.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a aisghairm a mhéad a shonraítear sa tríú colún.
Oifigigh, oifigí, cláir, ionstraimí agus doiciméid láithreacha a choimeád ar bun.
6.—(1) Gach údarás clárúcháin agus gach oifigeach eile atá ag gníomhú faoi na hachtacháin aisghairthe, leanfaidh siad de bheith ag gníomhiú amhail is dá mba faoin Acht seo a ceapadh iad.
(2) Gach oifig a bunaíodh faoi na hachtacháin aisghairthe, leanfar de bheith á húsáid faoin Acht seo.
(3) Aon chlár atá á chothabháil faoi na hachtacháin aisghairthe, beidh sé ina chuid den chlár iomchuí faoin Acht seo.
(4) Gach ionstraim agus doicimeád a rinneadh nó a eisíodh faoi na hachtacháin aisghairthe, má bhí siad i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus beidh bailíocht acu ionann is dá mba faoin Acht seo a rinneadh nó a eisíodh iad.
CUID II
Clárlann na Talún, Cláir, Údaráis Chlárúcháin agus Dlínse
Clárlann na Talún
An phríomhoifig agus oifigí áitiúla.
7.—(1) Beidh príomhoifig i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath (dá ngairtear “an phríomhoifig” san Acht seo) agus oifig áitiúil i ngach contae seachas Baile Átha Cliath (dá ngairtear “oifig áitiúil” san Acht seo).
(2) Is í an phríomhoifig an oifig le haghaidh chlárú na talún go léir sa Stát.
(3) Is iad na feidhmeanna a bheidh ag na hoifigí áitiúla cibé feidhmeanna a fhorordófar dóibh.
(4) Gairfear Clárlann na Talún den phríomhoifig agus de na hoifigí áitiúla i dteannta a chéile.
Cláir
Cláir úinéireachta.
8.—Cothabhálfar sa phríomhoifig—
(a) cláir—
(i) d'úinéireacht talún ruílse, agus
(ii) d'úinéireacht leasanna léasacha, cé is moite d'oidhreachtáin neamhchorpracha atá ar teachtadh i gcomhlán;
(b) clár d'úinéireacht—
(i) ar thalamh a chuimsíonn oidhreachtáin neamhchorpracha atá ar teachtadh i gcomhlán;
(ii) ar cibé cearta eile i dtalamh a bheidh forordaithe.
Údaráis Chlárúcháin
Cláraitheoir na dTeideal.
9.—(1) Beidh an phríomhoifig faoi bhainistíocht agus urlámhas oifigigh dá ngairfear Cláraitheoir na dTeideal.
(2) Is é an Rialtas a cheapfaidh Cláraitheoir na dTeideal agus beidh sé i seilbh oifige fad is toil leis an Rialtas é.
(3) Ní dhéanfar aon duine a cheapadh ina Chláraitheoir Teideal mura mbeidh sé tráth a cheaptha ina abhcóide dlí nó ina aturnae atá tar éis a ghairm a chleachtadh ar feadh deich mbliana ar a laghad.
(4) Chun críche fho-alt (3), measfar gur cleachtadh ar a ghairm é seirbhís ag abhcóide dlí nó aturnae i bpost sa Státseirbhís.
(5) Faoi réir an duine a cheapfar chun na hoifige sin a bheith ina shláinte tráth a cheaptha, beidh oifig Chláraitheoir na dTeideal ina hoifig inphinsin faoi na hAchtanna Aoisliúntais a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, agus féadfar cibé aoisliúntas agus liúntais eile a dheonú do Chláraitheoir na dTeideal ar é a scor, nó dá ionadaí pearsanta ar é d'fháil bháis, a d'fhéadfaí a dheonú faoi na hAchtanna sin do Chláraitheoir sin na dTeideal dá mbeadh sé ceaptha chun poist bhunaithe sa Státseirbhís le deimhniú cáiliúcháin ó Choimisinéirí na Státseirbhíse.
(6) Sealbhóidh gach Cláraitheoir Teideal a oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha, agus gheobhaidh sé, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé luach saothair, a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham.
(7) Scoirfidh Cláraitheoir na dTeideal ar chúig bliana is seasca a shlánú dó, ach féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, an aois scortha sin a fhadú, i gcás aon Chláraitheoir Teideal áirithe, go dtí aois ar bith nach mó ná seachtó bliain.
(8) Féadfaidh an Rialtas an duine a cheapfar faoin alt seo ina Chláraitheoir Teideal a cheapadh freisin mar Chláraitheoir na nGníomhas, agus má cheaptar amhlaidh é gairfear Cláraitheoir na nGníomhas agus na dTeideal de, ach leanfaidh na forálacha sin roimhe seo den alt seo d'fheidhm a bheith acu maidir leis ionann is dá mba rud é nár lean sé ach de bheith ina Chláraitheoir Teideal.
Cláraitheoirí áitiúla.
10.—(1) Faoi réir stiúradh agus urlámhas an Chláraitheora, beidh gach oifig áitiúil faoi bhainistíocht an chláraitheora contae don chontae ina bhfuil an oifig áitiúil, agus déanfar gnó na hoifige áitiúla in oifig na Cúirte Cuarda don chontae sin agus lena aghaidh.
(2) Beidh gach cláraitheoir contae (seachas an cláraitheoir contae do chontae-bhuirg agus contae Bhaile Átha Cliath) ina chláraitheoir áitiúil.
(3) Measfar gurb aon chontae amháin chun críocha alt 7 agus an ailt seo aon chontae agus contae-bhuirg a bheidh cónasctha chun críocha na Cúirte Cuarda.
Comhbhaint an Chláraitheora leis na cláraitheoirí áitiúla.
11.—Déanfar socrú le rialacha ginearálta chun comhbhaint an Chláraitheora leis na cláraitheoirí áitiúla, faoi seach, agus chun an t-urlámhas a bheidh le feidhmiú ag an gCláraitheoir ar gach cláraitheoir áitiúil, a chinneadh.
Oifigigh na príomhoifige agus oifigí áitiúla.
12.—(1) Beidh ag gabháil leis an bpríomhoifig agus le gach oifig áitiúil cibé oifigigh agus seirbhísigh, agus cibé líon díobh, a mheasfaidh an tAire Dlí agus Cirt, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a bheith riachtanach.
(2) Gach oifigeach agus seirbhíseach a bheidh ag gabháil leis an bpríomhoifig nó le haon oifig áitiúil, sealbhóidh sé a phost ar cibé téarmaí agus coinníollacha, agus gheobhaidh sé, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé luach saothair, a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham.
Oibriú cumhachtaí údarás clárúcháin.
13.—(1) Gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí agus na dualgais a bhronntar nó a chuirtear ar an gCláraitheoir sa cháil sin dó, nó i gcáil Chláraitheoir na nGníomhas dó, féadfaidh cibé oifigeach nó oifigigh eile a údaróidh an tAire Dlí agus Cirt chuige sin é a oibriú agus a chomhlíonadh.
(2) Gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí agus na dualgais a bhronntar nó a chuirtear ar aon chláraitheoir áitiúil leis an Acht seo nó faoi, féadfaidh cibé oifigeach nó oifigigh eile, dá mbeidh ag gabháil leis an oifig áitiúil iomchuí, a údaróidh an tAire Dlí agus Cirt chuige sin, é a oibriú agus a chomhlíonadh.
Táillí.
1879, c. 58.
14.—(1) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le toiliú an Aire Airgeadais, a shocrú, le hordú, cad iad na táillí a bheidh le glacadh i gClárlann na Talún chun críocha an Achta seo agus féadfaidh sé aon ordú den sórt sin a chúlghairm nó a leasú.
(2) Déanfar, chomh fada agus is féidir é, na táillí a shocrú ar dhóigh go dtabharfaidh siad suim bhliantúil is leor chun na tuarastail, an luach saothair agus na caiteachais eile a ghlanadh is iníoctha faoin Acht seo agus a bhainfidh lena oibriú.
(3) Aon fhoráil den Acht seo, nó de rialacha ginearálta, a cheanglaíonn nó a údaraíonn go mbeidh aon ní le déanamh nó aon deimhniú nó doiciméad eile le heisiúint, ag an gCláraitheoir nó i gClárlann na Talún nó aisti, forléireofar é mar fhoráil a cheanglaíonn nó a údaraíonn an céanna ar cibé táille a íoc a shocrófar le hordú faoin Acht seo.
(4) Ní bheidh aon táille iníoctha—
(a) ag Coimisiún na Talún as aon chlárú nó iarratas ar chlárú faoin Acht seo,
(b) ar aon iarratas chun úinéireacht a chlárú i gcás aon duine a ndearna Coimisiún na Talún talamh cláraithe a aistriú chuige nó a dhílsiú dó, má tá dualgas reachtúil ar Choimisiún na Talún an clárú sin a thabhairt i gcrích.
(5) Déanfar na táillí go léir is iníoctha faoin Acht seo a bhailiú agus a ghlacadh ar cibé modh a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe dó iad de réir mar a ordóidh an Aire sin.
(6) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le táillí is iníoctha faoin Acht seo.
Séalaí oifigiúla.
15.—(1) Beidh séala oifigiúil ar leithligh ag an gCláraitheoir agus ag gach cláraitheoir áitiúil.
(2) Tabharfar aird bhreithiúnach ar na séalaí oifigiúla sin, agus aon ionstraim a airbheartóidh a bheith séalaithe le haon séala den sórt sin beidh sí inghlactha i bhfianaise, agus, más cóip í, beidh sí inghlactha ar an dóigh chéanna leis an ionstraim bhunaidh.
Cumhachtaí an Chláraitheora.
16.—(1) Faoi réir rialacha ginearálta, féadfaidh an Cláraitheoir, le toghairm faoina shéala, a cheangal ar gach duine is cuí leis teacht ina láthair maidir le clárú aon teidil.
(2) Féadfaidh sé, le toghairm dá samhail, a cheangal ar aon duine a bhfuil ina choimeád aon léarscáil, suirbhéireacht nó leabhar a rinneadh nó a choimeádtar de bhun aon achtacháin, an léarscáil, an tsuirbhéireacht nó an leabhar a thabhairt ar aird lena scrúdú.
(3) Féadfaidh sé aon duine a láithreoidh os a chomhair a cheistiú faoi mhionn agus é a chur faoi mhionn dá réir sin.
(4) Féadfaidh sé na caiteachais réasúnacha a bhain lena theacht i láthair a cheadú d'aon duine a chuir sé faoi thoghairm.
(5) Aon chaiteachais a cheadófar de bhun an ailt seo measfar gur muirir iad a ndeachthas fúthú in imeachtaí le haghaidh clárú, nó ina dtaobh, agus féadfar déileáil leo ar cibé modh a fhorordófar.
(6) Má dhéanann duine ar bith, tar éis toghairm faoin alt seo, nó cóip di, a sheachadadh dó, agus na caiteachais, más ann, a mbeidh teideal aige chucu, a thairiscint dó, faillí nó diúltú go toiliúil teacht i láthair de bhun na toghairme, nó cibé léarscáileanna, suirbhéireachtaí, leabhair nó doiciméid eile a thabhairt ar aird a gceanglófar air faoin Acht seo iad a thabhairt ar aird, nó freagra a thabhairt faoi mhionn nó ar dhóigh eile ar cibé ceisteanna a chuirfidh an Cláraitheoir air go dleathach faoi chumhachtaí an Achta seo, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.
Imeachtaí ag an gCláraitheoir agus ina aghaidh.
17.—Féadfaidh Cláraitheoir na dTeideal agairt a dhéanamh agus beidh sé inagartha faoin ainm sin.
Dlínse na Cúirte
An chúirt.
18.—(1) Beidh dlínse chun críocha an Achta seo, ag an Ard-Chúirt agus, faoi réir forálacha an Achta seo, ag an gCúirt Chuarda agus déanfar “an chúirt” a fhorléiriú dá réir sin san Acht seo.
(2) Mura rud é go síneoidh na páirtithe riachtanacha sna himeachtaí, roimh an éisteacht nó aon uair lena linn, an fhoirm thoilithe a fhorordaítear le rialacha cúirte, ní bheidh dlínse ag an gCúirt Chuarda maidir le talamh ar mó ná £60 a luacháil inrátaithe.
(3) Is é an breitheamh don chuaird ina bhfuil an talamh, nó aon chuid de, a oibreoidh dlínse na Cúirte Cuarda chun aon ábhar maidir le talamh a éisteacht agus a chinneadh faoin Acht seo.
Achomharc chun na cúirte agus ceist a chur faoina bráid.
19.—(1) Féadfaidh aon duine a bheidh éagóraithe le hordú nó cinneadh a rinne an Cláraitheoir achomharc a dhéanamh chun na cúirte agus féadfaidh an chúirt an t-ordú nó an cinneadh a neamhniú nó a dhaingniú, le modhnú nó gan mhodhnú.
(2) Aon uair a bheidh amhras ar an gCláraitheoir faoi aon cheist dlí nó fíorais a éireoidh i gcúrsa aon chláraithe faoin Acht seo, féadfaidh sé ordú a dhéanamh ag cur na ceiste faoi bhráid na cúirte.
(3) In aon imeacht faoin alt seo, déanfaidh an chúirt, má iarrann an Cláraitheoir uirthi é, agus féadfaidh sí in aon chás, más gá sin, caomhnóir nó duine eile a cheapadh chun bheith ina ionadaí d'aon naíon, duine mímheabhrach, duine atá as láthair ón Stát, duine nár saolaíodh fós nó duine nach fios cé acu beo nó marbh dó; agus, más deimhin léi go bhfuil leasanna aon duine a gceapfar ionadaí dó amhlaidh á leorchosaint tríd an ionadaíocht, féadfaidh sí ordú a dhéanamh á dhearbhú go mbeidh an duine sin faoi cheangal dochloíte ag cinneadh na cúirte agus air sin beidh sé, faoi réir an chirt faoin Acht seo chun achomhairc le cead speisialta, faoi cheangal dá réir sin ionann is dá mba pháirtí é.
Ordú ón gCláraitheoir a chur i bhfeidhm ag an Ard-Chúirt.
20.—Má bhíonn duine ar bith easumhal d'ordú ón gCláraitheoir a rinneadh de bhun an Achta seo, féadfaidh an Cláraitheoir an easumhlaíocht a dheimhniú don Ard-Chúirt, agus air sin féadfar an duine a bhí ciontach san easumhlaíocht, faoi réir a chirt achomhairc chun na Cúirte sin in aghaidh an ordaithe sin, a phionósú ag an gCúirt sin amhail is dá mba é ordú na Cúirte é ordú an Chláraitheora.
Údarás clárúcháin a bheith umhal d'ordú ón gcúirt.
21.—(1) Déanfaidh údarás clárúcháin de réir ordú cúirte dlínse inniúla maidir le talamh cláraithe.
(2) Féadfaidh an Cláraitheoir, nuair is gá leis é, a iarraidh ar an gcúirt a rinne an t-ordú sin é a athrú nó treoracha a thabhairt maidir leis an modh ina ndéanfar dá réir; agus air sin féadfaidh an chúirt, tar éis cibé fógra, más ann, a ordóidh sí, an t-ordú sin a athrú ar cibé modh, nó cibé ordú nua a dhéanamh, is cuí léi.
Cumhacht na cúirte i gcaingean chun conradh a shainchomhlíonadh.
22.—Nuair a thionscnófar caingean chun conradh maidir le talamh cláraithe nó muirear cláraithe a shainchomhlíonadh, féadfaidh an chúirt a mbeidh an chaingean ar feitheamh os a comhair a chur faoi deara do gach páirtí nó d'aon pháirtí ag a bhfuil cearta cláraithe sa talamh nó sa mhuirear, nó a thaifid rabhaidh nó toirmisc in aghaidh an chéanna, láithriú sa chaingean agus cúis a shuíomh le nach ndéanfaí an conradh a shainchomhlíonadh, agus beidh ordú na cúirte sa chaingean ina cheangal ar na pairtithe sin nó ar aon pháirtí acu.
CUID III
Clárú Úinéireachta
Clárú Éigeantach
Clárú éigeantach.
23.—(1) Beidh sé éigeantach úinéireacht talún ruílse a chlárú sna cásanna seo a leanas—
(a) i gcás ina ndearnadh, nó ina meastar go ndearnadh, tráth ar bith, an talamh a dhíol le haon duine agus a thíolacadh nó a dhílsiú dó faoi aon fhoráil d'fhorálacha na nAchtanna Talamh-Cheannaigh nó d'Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1962;
(b) i gcás an talamh a fháil, tar éis tosach feidhme an Achta seo, d'údarás reachtúil;
(c) in aon chás lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 24.
(2) Beidh sé éigeantach úinéireacht leasa léasaigh a chlárú sna cásanna seo a leanas—
(a) i gcás an leas a fháil, tar éis tosach feidhme an Achta seo, d'údarás reachtúil;
(b) in aon chás lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 24.
(3) Ní bhaineann forálacha an Achta seo maidir le clárú úinéireachta le heastát nó leas i bhfrithdhílse, i bhfuíoll nó i bhfeifeacht.
Clárú éigeantach a leathnú.
24.—(1) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú, a fhoráil go mbainfidh an t-alt seo le haon chontae nó contae-bhuirg, nó le haon chuid den chéanna, lá a shonrófar agus dá éis sin, nach luaithe ná sé mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh.
(2) I limistéar lena mbaineann an t-alt seo tiocfaidh clárú úinéireachta, mura bhfuil sé éigeantach cheana féin, chun bheith éigeantach—
(a) i gcás talún ruílse, nuair a dhéanfar tíolacas de bhun díola;
(b) i gcás leasa léasaigh, nuair a dhéanfar deontas nó sannadh de bhun díola i leith an leasa sin.
(3) Sa Chuid seo ciallaíonn “tíolacas de bhun díola” agus “sannadh de bhun díola” ionstraim a dhéantar de bhun díola ar airgead nó ar luach airgid agus a dtugtar nó a gcomhlánaítear dá bua teideal a bhféadfar iarratas ar chlárú mar úinéir a dhéanamh ina leith, agus folaíonn siad tíolacas nó sannadh i modh malairte ina n-íoctar airgead chun an mhalairt a chothromú, agus folaíonn siad freisin aon chonradh, comhaontú, coinníoll nó cúnant a bhaineann leis an maoin a chuimsítear sa tíolacas nó sa sannadh agus a ndeachthas faoi, nó a rinneadh, mar chuid den tíolacas nó den sannadh sin nó i ndáil leis.
An éifeacht a bheidh le neamhchlárú nuair atá clárú éigeantach.
25.—In aon chás ina dtiocfaidh clárú chun bheith éigeantach, ní bhfaighidh duine (seachas Coimisiún na Talún), faoi aon tíolacas de bhun díola i leith talún ruílse nó aon deontas nó sannadh de bhun díola i leith leasa léasaigh a fhorghníomhófar dá éis sin, an t-eastát nó an leas a n-airbheartófar é a thíolacadh, a dheonú nó a shannadh mura rud é, laistigh de shé mhí tar éis an tíolactha, an deonaithe nó an tsannta sin (nó cibé tráth is déanaí ná sin a cheadóidh an Cláraitheoir nó, i gcás diúltú uaidhsean, an Chúirt, in aon chás áirithe), go gclárófar é mar úinéir na talún ruílse nó an leasa léasaigh sin ach, ar é a chlárú amhlaidh, gabhfaidh a theideal siar go dtí dáta an tíolacais a fhorghníomhú nó dáta an deontais nó an tsannta, agus beidh éifeacht dá réir sin ag aon déileálacha leis an talamh roimh an gclárú.
Clárú ag Coimisiún na Talún.
26.—(1) I gcás aon talún lena mbaineann mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 23 a díoladh le ceannaitheoir nó a tíolacadh nó a dílsíodh dó, nó a mheastar a díoladh leis nó a tíolacadh nó a dílsíodh dó, faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh roimh an lú lá d'Eanáir, 1892, féadfaidh Coimisiún na Talún, ionas go gcuirfear clárú úinéireacht na dtailte in éifeacht, na sonraí forordaithe maidir leis an talamh agus ainm an duine a bhfeictear dóibh é a bheith ina sheilbh a chur chuig an gCláraitheoir, agus air sin déanfaidh an Cláraitheoir an duine sin a chlárú mar úinéir na talún.
(2) Faoi réir fho-alt (1), aon uair a dhílseoidh Coimisiún na Talún talamh do cheannaitheoir faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh le hordú dílseacháin, nó le hionstraim eile, tabharfaidh siad láithreach don Chláraitheoir cibé doiciméid a bheidh forordaithe le haghaidh clárú, agus air sin déanfaidh an Cláraitheoir úinéireacht an duine a bheidh ainmnithe san ionstraim sin a chlárú, de réir forálacha an Achta seo.
(3) Déanfar, mura deimhin leis an gCláraitheoir gurb oircheas teideal iomlán nó teideal srianta a dheonú, úinéireacht gach duine a chlárófar amhlaidh a chlárú le teideal sealbhach.
(4) I gcás talún neamhchláraithe lena mbaineann fo-alt (2), beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—
(a) measfar, ar dháta na hionstraime agus dá éis sin, an talamh sin a bheith ina thalamh cláraithe de réir bhrí an Achta seo agus bainfidh an tAcht seo leis an talamh sin dá réir sin;
(b) beidh an talamh sin, ar dháta na hionstraime agus dá éis sin, díolmhaithe ó na forálacha de na hAchtanna a bhaineann le Clárlann na nGníomhas.
Forálacha Ginearálta maidir le Clárú
Na haicmí úinéirí is féidir a chlárú.
27.—Féadfar duine a chlárú—
(a) mar lán-úinéir talún ruílse, is é sin le rá, mar thionónta i bhfeo simplí;
(b) i gcás talún ruílse socraithe, mar úinéir teoranta ar an talamh sin, is é sin le rá, mar thionónta sainoidhreach nó tionónta saoil nó mar dhuine a bhfuil cumhachtaí tionónta saoil aige faoi na hAchtanna um Thalamh Socraithe;
(c) mar lán-úinéir leasa léasaigh, is é sin le rá, mar an duine a bhfuil an leas léasach dílsithe dó i seilbh; nó
(d) i gcás leasa léasaigh shocraithe, mar úinéir teoranta an leasa, is é sin le rá, mar thionónta saoil nó mar dhuine a bhfuil cumhachtaí tionónta saoil aige faoi na hAchtanna um Thalamh Socraithe.
Deimhniú talún.
28.—Ar dhuine a chlárú mar úinéir talún, seachadfaidh an Cláraitheoir dó deimhniú san fhoirm fhorordaithe (dá ngairtear “deimhniú talún” san Acht seo) ar a theideal chun na talún.
Ceartú i gcás ordú dílseacháin a leasú.
29.—Nuair a dhéanfar ordú faoi alt 30 den Acht Talmhan, 1931, ag leasú ordú dílseacháin, déanfaidh an Cláraitheoir, ar chóip oifige den ordú a thaisceadh leis, an clár a cheartú de réir an ordaithe dhílseacháin arna leasú amhlaidh.
Diúscairtí agus taifid chalaoiseacha.
30.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo maidir le diúscairtí cláraithe ar chomaoin luachmhar, aon diúscairt a dhéanfar ar thalamh nó ar mhuirear ar thalamh agus a bheadh calaoiseach agus ar neamhní dá mba dhiúscairt neamhchláraithe í, beidh sí, d'ainneoin a cláraithe, calaoiseach agus ar neamhní ar an gcuma chéanna.
(2) Aon taifeadadh, scriosadh nó athrú a dhéanfar sa chlár le calaois, beidh sé ar neamhní amhail idir na páirtithe nó na hionpháirtithe uile sa chalaois.
An clár a bheith ina fhianaise dhochloíte.
31.—(1) Beidh an clár ina fhianaise dhochloíte ar theideal an úinéara chun na talún mar a bheidh ar taispeáint sa chlár, agus ar aon cheart, pribhléid, comhghabhálas nó ualach mar a bheidh ar taispeáint ann; agus mura ndearnadh calaois iarbhír, ní dhéanfaidh sé difear ar dhóigh ar bith don teideal sin fógra a bheith ag an úinéir sin faoi aon ghníomhas, doiciméad, nó ábhar maidir leis an talamh; ach ní chuirfidh aon ní san Acht seo isteach ar dhlínse aon chúirte dlínse inniúla i gcás a bheidh bunaithe ar an bhforas go ndearnadh calaois nó dearmad iarbhír, agus féadfaidh an chúirt ar an bhforas sin ordú a dhéanamh á ordú an clár a cheartú ar cibé modh agus ar cibé téarmaí is cóir léi.
(2) Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht chlárú úinéireachta ar thalamh neamhchláraithe an duine a dtaispeánfar leis gur cláraíodh é mar úinéir a bheith tar éis bháis an uair sin, agus féadfar aon duine a chruthóidh chun sástacht an Chláraitheora go bhfuil teideal aige chun na talún a chlárú mar úinéir na talún.
Ceartú earráidí sa chlárú.
32.—(1) Má tharlaíonn sa chlárú aon earráid a túsaíodh i gClárlann na Talún (cibé acu trí mhíráiteas, míthuairisc, ligean ar lár nó eile é, agus cibé acu i gclár nó i léarscáil chlárlainné é)—
(a) féadfaidh an Cláraitheoir, le toiliú úinéir cláraithe na talún agus cibé daoine eile ar dealraitheach go bhfuil leas acu ann, an earráid a cheartú ar cibé téarmaí ar a gcomhaontóidh na páirtithe i scríbhinn;
(b) féadfaidh an chúirt, más dóigh léi gur féidir an earráid a cheartú gan éagóir a dhéanamh ar dhuine ar bith, a ordú go gceartófar an earráid ar cibé téarmaí is cóir léi maidir le costais nó eile.
(2) Nuair a cheartófar earráid de réir na bhforálacha sin roimhe seo agus go dtarlóidh an earráid freisin sa deimhniú talún a seachadadh ar ócáid an chláraithe, eiseoidh an Cláraitheoir deimhniú talún nua san fhoirm fhorordaithe agus cealóidh sé an seandeimhniú agus chuige sin féadfaidh sé a ordú d'aon duine a bhfuil an seandeimhniú ina sheilbh aige é a sheachadadh don Chláraitheoir.
(3) Ní dhéanfaidh eisiúint an deimhnithe nua dochar d'aon éileamh liain ná d'aon éilimh eile air, agus gabhfaidh siad sin leis ionann is dá mbá é an seandeimhniú é, agus déanfar an eisiúint ar cibé téarmaí is cóir leis an gCláraitheoir maidir le costais.
Talamh Ruílse
Na cineálacha teidil a fhéadfar a chlárú.
33.—(1) Ar úinéireacht talún ruílse neamhchláraithe a chlárú, féadfar duine a chlárú le teideal iomlán, le teideal srianta nó le teideal sealbhach.
(2) Beidh iarratas ar chlárú indéanta ag cibé duine, agus déanfar é i cibé foirm, agus cuirfear ina theannta cibé fianaise ar theideal, a bheidh forordaithe.
(3) Iarrfar san iarratas clárú le teideal iomlán nó le teideal sealbhach.
(4) Déanfar an t-iarratasóir a chlárú mar úinéir le teideal iomlán má thugann an Cláraitheoir formheas ar an teideal.
(5) Más rud é, i gcás iarratais ar chlárú le teideal iomlán, go bhfeicfear don Chláruitheoir nach féidir an teideal a bhunú ach ar feadh tréimhse teoranta nó faoi réir forcoimeádas áirithe, féadfaidh an Cláraitheoir, le taifead a chuirfidh sé sa chlár, aon cheart a eisceadh ó éifeacht an chláraithe más ceart é—
(a) a thig roimh dháta sonraithe, nó
(b) a thig de bhun ionstraime sonraithe, nó
(c) a thuairiscítear go sonrach ar dhóigh eile sa chlár,
agus gairfear teideal srianta den teideal a chlárófar faoi réir aon eisceachta den sórt sin. Nuair nach bhfuil clárú na húinéireachta éigeantach, ní oibreoidh an Cláraitheoir a chumhachtaí faoin bhfo-alt seo gan toiliú an iarratasóra.
(6) Féadfar an t-iarratasóir a chlárú mar úinéir le teideal sealbhach ar é do thabhairt cibé fianaise teidil a bheidh forordaithe.
(7) Más rud é, i gcás iarratais ar chlárú le teideal iomlán, nach deimhin leis an gCláraitheoir gurbh oircheas teideal iomlán nó teideal srianta a dheonú, féadfaidh sé an t-iarratasóir a chlárú mar úinéir le teideal sealbhach. Nuair nach bhfuil clárú na húinéireachta éigeantach, ní oibreoidh an Cláraitheoir a chumhachtaí faoin bhfo-alt seo gan toiliú an iarratasóra.
(8) Más rud é, i gcás iarratais ar chlárú le teideal sealbhach, gur deimhin leis an gCláraitheoir gurbh oircheas teideal iomlán nó teideal srianta a dheonú, féadfaidh sé an t-iarratasóir a chlárú mar úinéir le teideal den sórt sin, cibé acu a thoileoidh an t-iarratasóir chuige nó nach dtoileoidh.
Clárú ualaí.
34.—Ar úinéireacht talún ruílse a chéadchlárú, taifeadfaidh an Cláraitheoir sa chlár gach ualach a léirítear de thoradh scrúdú an teidil a bheith ag luí ar an talamh, ach amháin na hualaí sin a bhfuil an talamh faoina réir, cé nach bhfuil siad cláraithe, de bhua alt 72.
Clárú faoi réir cothromas nó saor ó chothromais.
35.—Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, gur nótaíodh clárú ar úinéireacht talún ruílse a bheith faoi réir aon cheart nó cothromas, de bhun fho-alt (3) d'alt 29 d'Acht 1891, measfar gur teideal sealbhach an teideal chun na talún. Mura ndearnadh nótú amhlaidh, measfar, faoi réir alt 36, gur teideal iomlán an teideal.
An éifeacht a bheidh ag clárú roimhe seo le teideal srianta nó sealbhach.
36.—Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, gur le teideal srianta nó teideal sealbhach a cláraíodh úinéireacht talún ruílse, measfar gur teideal srianta nó teideal sealbhach, cibé acu é, de réir bhrí an Achta seo, an teideal chun na talún.
An éifeacht a bheidh ag clárú le teideal iomlán.
37.—(1) Ar dhuine a chlárú mar lán-úinéir talún ruílse le teideal iomlán, dílseoidh eastát i bhfeo simplí sa talamh, maille leis na cearta, na pribhléidí agus na comhghabhálais go léir, sainráite nó intuigthe, a bhaineann nó atá comhghabhálach leis sin, don duine a chlárófar amhlaidh.
(2) Ar dhuine a chlárú mar úinéir teoranta talún ruílse le teideal iomlán, dílseoidh eastát i bhfeo simplí sa talamh, maille leis na cearta, na pribhléidí agus na comhghabhálais go léir, sainráite nó intuigthe, a bhaineann nó atá comhghabhálach leis sin, don duine a chlárófar amhlaidh agus do na daoine eile atá i dteideal na n-eastát agus na leasanna leithleacha a chuimsítear in ábhar na socraíochta go comhchoiteann de réir na n-eastát agus na leasanna sin faoi seach.
(3) I gceachtar cás, beidh eastát an úinéara chláraithe—
(a) faoi réir na n-ualaí, más ann, a chlárófar mar ualaí a luíonn ar an talamh, agus
(b) faoi réir na n-ualaí a bhfuil an talamh faoina réir, cé nach bhfuil siad cláraithe, de bhua alt 72,
ach beidh sé saor ó gach ceart eile, lena n-áirítear cearta an Stáit.
(4) Más mar iontaobhaí atá an talamh ar teachtadh ag an úinéir cláraithe, ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear dá dhualgais ná dá dhliteanais mar iontaobhaí den sórt sin.
An éifeacht a bheidh ag clárú le teideal sealbhach.
38.—(1) Ní dhéanfaidh clárú duine mar lán-úinéir nó úinéir teoranta céadchláraithe ar thalamh ruílse le teideal sealbhach difear ná dochar do chur i bhfeidhm aon chirt atá i gcodarsna le teideal an duine sin nó a bhaineann óna theideal agus a mhaireann, nó is féidir a theacht, tráth an chláraithe, ach, lasmuigh dá bhfuil ráite, beidh an éifeacht chéanna aige a bheadh ag clárú le teideal iomlán.
(2) Folaíonn “ceart” i bhfo-alt (1) aon chearta nó cothromais atá ar marthain toisc go meastar leas an úinéara sin a bheith ina ghreamacht ar a leas roimhe sin sa talamh, agus folóidh tagairt in aon achtachán eile do thalamh a cláraíodh faoi réir cothromas talamh a bhfuil a chlárú faoi réir aon cheart nó cothromas den sórt sin de bhua an fho-ailt sin.
An éifeacht a bheidh ag clárú le teideal srianta.
39.—Beidh an éifeacht chéanna ag clárú duine mar lán-úinéir nó úinéir teoranta céadchláraithe ar thalamh ruílse le teideal srianta agus a bheadh ag clárú le teideal iomlán, ach nach ndéanfaidh clárú le teideal srianta difear ná dochar do chur i bhfeidhm aon chirt a léirítear sa chlár a bheith eiscthe.
Leasanna Léasacha
Na cineálacha teidil a fhéadfar a chlárú.
40.—(1) Ar úinéireacht leasa léasaigh neamhchláraithe a chlárú, féadfar duine a chlárú le teideal iomlán, le teideal léasach bailí, le teideal srianta nó le teideal sealbhach.
(2) Beidh iarratas ar chlárú indéanta ag cibé duine, agus déanfar é i cibé foirm, agus cuirfear ina theannta cibé fianaise ar theideal, a bheidh forordaithe.
(3) Iarrfar san iarratas clárú le teideal iomlán, le teideal léasach bailí nó le teideal sealbhach.
(4) Déanfar an t-iarratasóir a chlárú mar úinéir le teideal iomlán má thugann an Cláraitheoir formheas ar an teideal chun an leasa léasaigh agus chun an eastáit ruílse, agus chun aon leasa léasaigh idirmheánaigh a dtarlódh dó bheith ann.
(5) Déanfar an t-iarratasóir a chlárú mar úinéir le teideal léasach bailí má thugann an Cláraitheoir formheas ar theideal chun an leasa léasaigh.
(6) Más rud é, i gcás iarratais ar chlárú le teideal iomlán nó le teideal léasach bailí, go bhfeicfear don Chláraitheoir nach féidir an teideal, ag an léasóir chun na frithdhílse nó ag an léasaí chun an leasa léasaigh, a bhunú ach ar feadh tréimhse teoranta nó faoi réir forcoimeádas áirithe, féadfaidh an Cláraitheoir, le taifead a chuirfidh sé sa chlár, aon cheart a eisceadh ó éifeacht an chláraithe más ceart é—
(a) a thig roimh dháta sonraithe, nó
(b) a thig de bhun ionstraime sonraithe, nó
(c) a thuairiscítear go sonrach ar dhóigh eile sa chlár,
agus gairfear teideal srianta de theideal a chlárófar faoi réir aon eisceachta den sórt sin. Nuair nach bhfuil clárú na húinéireachta éigeantach, ní oibreoidh an Cláraitheoir a chumhachtaí faoin bhfo-alt seo gan toiliú an iarratasóra.
(7) Féadfar an t-iarratasóir a chlárú mar úinéir le teideal sealbhach ar é do thabhairt cibé fianaise teidil a bheidh forordaithe.
(8) Más rud é, i gcás iarratais ar chlárú le teideal iomlán nó le teideal léasach bailí, nach deimhin leis an gCláraitheoir gurbh oircheas teideal iomlán, nó teideal léasach bailí nó teideal srianta a dheonú, féadfaidh sé an t-iarratasóir a chlárú mar úinéir le teideal sealbhach. Nuair nach bhfuil clárú na húinéireachta éigeantach, ní oibreoidh an Cláraitheoir a chumhachtaí faoin bhfo-alt seo gan toiliú an iarratasóra.
(9) Más rud é, i gcás iarratais ar chlárú le teideal sealbhach, gur deimhin leis an gCláraitheoir gurbh oircheas teideal iomlán, teideal léasach bailí nó teideal srianta a dheonú, féadfaidh sé an t-iarratasóir a chlárú mar úinéir le teideal den sórt sin, cibé acu a thoileoidh an t-iarratasóir chuige nó nach dtoileoidh.
Clárú ualaí.
41.—Ar úinéireacht leasa léasaigh a chéadchlárú, taifeadfaidh an Cláraitheoir sa chlár gach ualach a léirítear de thoradh scrúdú an teidil a bheith ag baint leis an leas, ach amháin na hualaí sin a bhfuil an leas faoina réir, cé nach bhfuil siad cláraithe, de bhua alt 72.
Clárú roimhe seo le nóta, agus gan nóta, i dtaobh teideal an léasóra.
42.—Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, go raibh nóta sa chlárú ar úinéireacht leasa léasaigh á chur in iúl go ndearnadh imscrúdú ar theideal an léasóra chun an léas a thabhairt, agus go bhfuarthas go raibh sé slán agus bailí, measfar gur teideal iomlán é an teideal chun an leasa léasaigh. Mura bhfuil aon nóta den sórt sin ann, measfar, faoi réir alt 43, gur teideal léasach bailí an teideal.
An éifeacht a bheidh ag clárú roimhe seo le teideal srianta nó sealbhach.
43.—Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, gur le teideal srianta nó teideal sealbhach a cláraíodh úinéireacht leasa léasaigh, measfar gur teideal srianta nó teideal sealbhach, cibé acu é, de réir bhrí an Achta seo, an teideal chun na talún.
An éifeacht a bheidh ag clárú le teideal iomlán.
44.—(1) Ar dhuine a chlárú mar lán-úinéir leasa léasaigh le teideal iomlán, dílseoidh an leas léasach, maille leis na cearta, na pribhléidí agus na comhghabhálais go léir, sainráite nó intuigthe, a ghabhann leis, don duine a chlárófar amhlaidh.
(2) Ar dhuine a chlárú mar úinéir teoranta leasa léasaigh le teideal iomlán, dílseoidh an leas léasach, maille leis na cearta, na pribhléidí agus na comhghabhálais go léir, sainráite nó intuigthe, a ghabhann leis, don duine a chlárófar amhlaidh agus do na daoine eile atá i dteideal na n-eastát agus na leasanna leithleacha a chuimsítear in ábhar na socraíochta go comhchoiteann, de réir na n-eastát agus na leasanna sin faoi seach.
(3) I gceachtar cás, beidh leas an úinéara chláraithe—
(a) faoi réir na n-ualaí, más ann, a chlárófar mar ualaí a luíonn ar an leas,
(b) faoi réir na n-ualaí a bhfuil an leas faoina réir, cé nach bhfuil siad cláraithe, de bhua alt 72, agus
(c) faoi réir gach cúnaint, oibleagáide agus dliteanais, sainráite agus intuigthe, atá foghabhálach leis an leas cláraithe,
ach beidh sé saor ó gach ceart eile, lena n-áirítear cearta an Stáit.
(4) Más mar iontaobhaí atá an leas ar teachtadh ag an úinéir cláraithe, ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear dá dhualgais ná dá dhliteanais mar iontaobhaí den sórt sin.
An éifeacht a bheidh ag clárú le teideal léasach bailí.
45.—Ní dhéanfaidh clárú duine mar lán-úinéir nó úinéir teoranta céadchláraithe leasa léasaigh le teideal léasach bailí difear ná dochar do chur i bhfeidhm aon chirt atá i gcodarsna le teideal an léasóra nó a bhaineann óna theideal chun an léas a dheonú, ach, lasmuigh dá bhfuil ráite, beidh an éifeacht chéanna aige a bheadh ag clárú le teideal iomlán.
An éifeacht a bheidh ag clárú le teideal sealbhach.
46.—Ní dhéanfaidh clárú duine mar lán-úinéir nó úinéir teoranta céadchláraithe ar leas léasach le teideal sealbhach difear ná dochar do chur i bhfeidhm aon chirt (cibé acu i leith teideal an léasóra nó eile é) atá i gcodarsna le teideal an duine sin nó a bhaineann óna theideal agus a mhaireann, nó is féidir a theacht, tráth an chláraithe, ach, lasmuigh dá bhfuil ráite, beidh an éifeacht chéanna aige a bheadh ag clárú le teideal iomlán.
An éifeacht a bheidh ag clárú le teideal srianta.
47.—Ní dhéanfaidh clárú duine lán-úinéir nó úinéir teoranta céadchláraithe ar leas léasach le teideal srianta difear ná dochar do chur i bhfeidhm aon chirt a léirítear sa chlár a bheith eiscthe, ach, lasmuigh dá bhfuil ráite, beidh an éifeacht chéanna aige a bheadh ag clárú le teideal iomlán nó le teideal léasach bailí, cibé acu é.
Talamh a aistriú ó chlár na léasaithe go clár na ruílseach.
48.—Nuair a dhéanfar leas léasach cláraithe a chomhshó faoi fhorálacha aon Achta ina dheontas feofheirme nó ina dheontas go suthaineacht, cuirfidh an Cláraitheoir nóta ar an gclár ar an modh forordaithe go ndearnadh an comhshó sin, agus déanfar socrú le rialacha ginearálta chun talamh a aistriú, tar éis an scrúdaithe fhorordaithe ar an teideal, ó chlár na n-úinéirí leasanna léasacha go clár na n-úinéirí talún ruílse, ach, go dtí go ndéanfar an t-aistriú sin, ní bheidh ag úinéir cláraithe an leasa léasaigh, faoi fhorálacha an Achta seo, aon teideal breise ná aon teideal eile chun na talún thar mar a bheadh aige dá mba rud é nár comhshódh an leas léasach amhlaidh.
Teideal faoi Reacht na dTréimhsí
Clárú teidil a fuarthas de dhroim seilbhe.
49.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, bainfidh Reacht na dTréimhsí, 1957, le talamh cláraithe faoi mar a bhaineann sé le talamh neamhchláraithe.
(2) Má éilíonn aon duine go bhfuair sé teideal de dhroim seilbhe chun talún cláraithe, féadfaidh sé a iarraidh ar an gCláraitheoir é a chlárú mar úinéir na talún, agus féadfaidh an Cláraitheoir, más deimhin leis go bhfuil an teideal faighte ag an iarratasóir, a chur faoi deara go gclárófar an t-iarratasóir mar úinéir na talún le teideal iomlán, le teideal léasach bailí, le teideal sealbhach nó le teideal srianta, de réir mar is gá sa chás, ach gan dochar d'aon cheart nár múchadh leis an tseilbh sin.
(3) Ar an gclárú sin a dhéanamh, múchfar teideal an duine a bhfuil a cheart caingne chun an talamh a aisghabháil dulta in éag.
(4) Déantar leis seo alt 24 de Reacht na dTréimhsí, 1957, a leasú trí “alt 49 den Acht um Chlárú Teidil, 1964” a chur in ionad “ailt 52 d'Acht 1891”.
Comhshó Teidil Chláraithe
Teideal cláraithe a chomhshó ina theideal iomlán nó ina theideal léasach bailí.
50.—(1) I gcás talún atá cláraithe le teideal srianta, le teideal léasach bailí nó le teideal sealbhach, féadfaidh an Cláraitheoir, dá chonlán féin nó ar iarratas ón úinéir cláraithe nó ón duine eile ag a bhfuil an teideal, má bhíonn sé sásta maidir leis an teideal, an teideal a chlárú mar theideal iomlán nó mar theideal léasach bailí, de réir mar is gá nó is cead sa chás.
(2) Bainfidh na forálacha seo a leanas le talamh cláraithe seachas talamh a cláraíodh de bhun fho-alt (1) d'alt 23 d'Acht 1891 nó de bhun alt 26 den Acht seo:
(a) más teideal sealbhach an teideal a cláraíodh ansin, faoi réir aon fhorálacha contrártha dó sin a bheidh forordaithe, cuirfear i dteannta iarratais chun aistriú ar chomaoin luachmhar, nó diúscairt eile ar luach-chomaoin, a chlárú na doiciméid teidil uile nó na doiciméid uile maidir leis an teideal (lena n-áirítear conarthaí, achomaireachtaí, tuairimí abhcóide, foréilimh agus freagraí, agus doiciméid eile dá samhail) a bheidh i seilbh nó faoi urláimh an iarratasóra, maraon le cibé mionnscríbhinn a fhorordófar; agus más teideal srianta an teideal a cláraíodh, cuirfear i dteannta an iarratais cibé doiciméid, más ann, a bhainfidh leis na nithe a eisceadh ó éifeacht an chláraithe, maraon le cibé mionnscríbhinn a bheidh forordaithe;
(b) in aon chás lena mbaineann mír (a), féadfaidh an Cláraitheoir an clárú a dhiúltú nó a chur siar go dtí go mbeidh na doiciméid go léir is gá curtha faoina bhráid;
(c) má tá an talamh cláraithe le cúig bliana déag le teideal sealbhach, déanfaidh an Cláraitheoir, in aon chás lena mbaineann mír (a), más deimhin leis go bhfuil an t-úinéir cláraithe i seilbh, agus tar éis cibé fógraí, más ann, a bheidh forordaithe a thabhairt, an teideal a chlárú mar theideal iomlán i gcás talún ruílse nó mar theideal léasach bailí i gcás talaimh léasaigh.
(3) Bainfidh na forálacha seo a leanas le talamh a cláraíodh de bhun fho-alt (1) d'alt 23 d'Acht 1891 nó de bhun alt 26 den Acht seo—
(a) más teideal sealbhach an teideal a cláraíodh, nó má mheastar gurb ea, agus go bhfuil úinéireacht na talún cláraithe le breis is tríocha bliain, féadfaidh an Cláraitheoir, ar dhiúscairt nó tarchur a chlárú tar éis bháis, más deimhin leis ó na taifid sa chlár nó ar dhóigh eile nach maireann aon cheart atá i gcodarsna le teideal an úinéara chláraithe nó a bhaineann óna theideal agus atá á chosaint ag an teideal sealbhach, an teideal a chlárú mar theideal iomlán;
(b) más rud é—
(i) gur teideal sealbhach an teideal a cláraíodh nó go meastar gurb ea, agus
(ii) go bhfuil úinéireacht na talún cláraithe le breis is dhá bhliain déag, agus
(iii) go ndéanfar iarratas chun aistriú ar chomaoin luachmhar nó diúscairt eile ar luach-chomaoin a chlárú, agus
(iv) go ndearnadh aistriú cláraithe ar chomaoin luachmhar tar éis chéadchlárú na talún ach tráth nach giorra ná dhá bhliain déag roimh an iarratas,
féadfaidh an Cláraitheoir, más deimhin leis ó na taifid sa chlár nó ar dhóigh eile nach maireann aon cheart atá i gcodarsna le teideal an úinéara chláraithe nó a bhaineann óna theideal agus atá á chosaint ag an teideal sealbhach, an teideal a chlárú mar theideal iomlán;
(c) féadfaidh an Cláraitheoir, in aon chás lena mbaineann mír (b), a cheangal ar an iarratasóir cibé fianaise ar an teideal a thabhairt ar aird is dóigh leis an gCláraitheoir is cuí, agus féadfaidh sé an clárú a dhiúltú nó a chur siar go dtí go mbeifear tar éis a cheanglais a chomhlíonadh.
(4) Má rinneadh aon éileamh atá i gcodarsna le teideal an úinéara, ní dhéanfar clárú faoin alt seo mura mbeidh, ná go dtí go mbeidh, an t-éileamh réitithe.
(5) Má bhaineann caillteanas do dhuine seachas an t-úinéir mar gheall ar aon chlárú faoin alt seo, beidh éifeacht ag alt 120 amhail is dá mbeadh earráid déanta a thúsaigh i gClárlann na Talún.
Aistriú
Aistriú talún cláraithe.
51.—(1) Faoi réir na nAchtanna um Thalamh Socraithe i gcás úinéara theoranta, féadfaidh úinéir cláraithe talún an talamh nó aon chuid de a aistriú agus clárófar an t-aistrí mar úinéir na talún a aistreofar.
(2) Ar an aistriú a dhéanamh forghníomhófar ionstraim san fhoirm fhorordaithe nó i cibé foirm eile a bhfeicfear don Chláraitheoir gur foirm leormhaith í chun an talamh a thíolacadh, ach go dtí go mbeidh an t-aistrí cláraithe mar úinéir na talún a aistreofar ní oibreoidh an ionstraim sin chun an talamh a aistriú.
(3) Ar an aistrí a chlárú seachadfaidh an Cláraitheoir deimhniú talún dó.
(4) Mura n-aistreofar ach cuid den talamh, ceadóidh an Cláraitheoir don aistreoir a dheimhniú talún a choinneáil le taifead ann i dtaobh na coda a aistríodh, nó seachadfaidh sé dó deimhniú talún nua i leith na talún atá sé a choinneáil.
An éifeacht a bheidh ag aistriú talún ruílse le teideal iomlán.
52.—(1) Ar aistrí talún ruílse a chlárú mar lán-úinéir le teideal iomlán, oibreoidh an ionstraim aistrithe mar thíolacas le gníomhas de réir bhrí na nAchtanna Tíolactha, agus dílseofar don aistrí cláraithe eastát i bhfeo simplí sa talamh a aistreofar, maille leis na cearta, na pribhléidí agus na comhghabhálais go léir, sainráite nó intuigthe, a bhaineann nó atá comhghabhálach leis sin, faoi réir—
(a) na n-ualaí, más ann a chlárofar mar ualaí a luíonn ar an talamh, agus
(b) na n-ualaí a bhfuil an talamh faoina réir, cé nach bhfuil siad cláraithe amhlaidh, de bhun alt 72.
ach beidh sé saor ó gach ceart eile, lena n-áirítear cearta an Stáit.
(2) Más rud é, áfach, go ndéanfar an t-aistriú gan chomaoin luachmhar, beidh sé, chomh fada is a bhaineann leis an aistrí agus le daoine a bheidh ag éileamh faoi ar dhóigh seachas ar chomaoin luachmhar, faoi réir gach cirt neamhchláraithe a raibh an talamh a aistreofar ar teachtadh faoina réir ag an aistreoir.
(3) Ar aistrí talún ruílse a chlárú mar úinéir teoranta le teideal iomlán faoi shocraíocht, beidh an éifeacht chéanna ag an gclárú agus a bheadh i gcás aistrí a chlárófaí mar lán-úinéir le teideal iomlán, ach amháin go ndílseoidh an t-eastát i bhfeo simplí (maille le gach ceart, pribhléid agus comhghabhálas, sainráite nó intuigthe), a thabharfar leis an gclárú, don aistrí agus do na daoine eile a bheidh i dteideal na n-eastát agus na leasanna leithleacha a chuimseofar in ábhar na socraíochta go comhchoiteann de réir na n-eastát agus na leasanna sin faoi seach.
An éifeacht a bheidh ag aistriú talún ruílse le teideal sealbhach.
53.—I gcás talún ruílse a cláraíodh le teideal sealbhach, ní dhéanfaidh aistriú na talún difear ná dochar do chur i bhfeidhm aon chirt atá i gcodarsna le teideal an úinéara chéadchláraithe, nó a bhaineann óna theideal, agus a mhaireann, nó is féidir a theacht, tráth an úinéara sin a chlárú, lena n-áirítear aon chearta nó cothromais atá ar marthain toisc go meastar leas an úinéara sin a bheith ina ghreamacht ar a leas roimhe sin sa talamh, ach lasmuigh dá bhfuil ráite, beidh ag an aistriú sin, ar é a chlárú, an éifeacht chéanna a bheadh aige dá mba le teideal iomlán a cláraíodh an talamh.
An éifeacht a bheidh ag aistriú talún ruílse le teideal srianta.
54.—I gcás talún a cláraíodh le teideal srianta, beidh ag aistriú na talún, ar é a chlárú, an éifeacht chéanna a bheadh aige dá mba le teideal iomlán a cláraíodh an talamh, ach amháin nach ndéanfaidh an t-aistriú sin difear ná dochar do chur i bhfeidhm aon chirt a léirítear sa chlár a bheith eiscthe.
An éifeacht a bheidh ag aistriú leasa léasaigh le teideal iomlán.
55.—(1) Ar aistrí leasa léasaigh a chlárú mar lán-úinéir le teideal iomlán, oibreoidh an ionstraim aistrithe mar thíolacas le gníomhas de réir bhrí na nAchtanna Tíolactha, agus dílseofar don aistrí cláraithe an leas léasach a aistreofar amhlaidh, maille leis na cearta, na pribhléidí agus na comhghabhálais go léir, sainráite nó intuigthe, a ghabhann leis, faoi réir—
(a) na n-ualaí, más ann, a chlárófar mar ualaí a luíonn ar an leas,
(b) na n-ualaí a bhfuil an leas faoina réir, cé nach bhfuil siad cláraithe, de bhua alt 72, agus
(c) na gcúnant, na n-oibleagáidí agus na ndliteanas go léir, sainráite agus intuigthe, atá foghabhálach leis an leas aistrithe,
ach saor ó gach ceart eile, lena n-áirítear cearta an Stáit.
(2) Más rud é, áfach, go ndéanfar an t-aistriú gan chomaoin luachmhar, beidh sé, chomh fada is a bhaineann leis an aistrí agus le daoine a bheidh ag éileamh faoi ar dhóigh seachas ar chomaoin luachmhar, faoi réir gach cirt neamhchláraithe a raibh an leas a aistreofar ar teachtadh faoina réir ag an aistreoir.
(3) Ar aistrí leasa léasaigh a chlárú mar úinéir teoranta le teideal iomlán faoi shocraíocht, beidh an éifeacht chéanna ag an gclárú agus a bheadh i gcás aistrí a chlárófaí mar lán-úinéir le teideal iomlán, ach amháin go ndílseoidh an leas léasach (maille le gach ceart, pribhléid agus comhghabhálas, sainráite nó intuigthe), a thabharfar leis an gclárú, don aistrí agus do na daoine eile a bheidh i dteideal na leasanna leithleacha a chuimseofar in ábhar na socraíochta go comhchoiteann, de réir na leasanna sin faoi seach.
An éifeacht a bheidh ag aistriú leasa léasaigh le teideal léasach bailí.
56.—I gcás leasa léasaigh a cláraíodh le teideal léasach bailí, beidh ag aistriú an leasa, ar é a chlárú an éifeacht chéanna a bheadh aige dá mba le teideal iomlán a cláraíodh an leas, ach amháin nach ndéanfaidh an t-aistriú difear ná dochar do chur i bhfeidhm aon chirt a imríonn ar theideal an léasóra, nó a bhaineann óna theideal, chun an léas a dheonú.
An éifeacht a bheidh ag aistriú leasa léasaigh le teideal sealbhach.
57.—I gcás leasa léasaigh a cláraíodh le teideal sealbhach, ní dhéanfaidh aistriú an leasa difear ná dochar do chur i bhfeidhm aon chirt (cibé acu i leith teideal an léasóra nó eile é) atá i gcodarsna le teideal an úinéara chéadchláraithe, nó a bhaineann óna theideal, agus a mhaireann, nó is féidir a theacht, tráth an úinéara sin a chlárú, ach, lasmuigh dá bhfuil ráite, beidh ag an aistriú, ar é a chlárú, an éifeacht chéanna a bheadh aige dá mba le teideal iomlán a cláraíodh an leas.
An éifeacht a bheidh ag aistriú leasa léasaigh le teideal srianta.
58.—I gcás leasa léasaigh a cláraíodh le teideal srianta, beidh ag aistriú an leasa, ar é a chlárú, an éifeacht chéanna a bheadh aige dá mba le teideal iomlán a cláraíodh an leas, ach amháin nach ndéanfaidh an t-aistriú difear ná dochar do chur i bhfeidhm aon chirt (cibé acu i leith teideal an léasóra nó eile é) a léirítear sa chlár a bheith eiscthe.
Cosaint do thoiliú le coimhthiú, etc.
59.—(1) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear do na forálacha d'aon achtachán lena dtoirmisctear nó lena sriantar ar dhóigh ar bith coimhthiú, sannadh, foroinnt nó foligean aon talún.
(2) Beidh de dhualgas ar an gCláraitheoir forálacha toirmeascacha nó sriantacha aon achtacháin den sórt sin a nótáil ar an gclár ar an modh forordaithe; ach beidh na forálacha sin, cé nach bhfuil siad cláraithe, ina n-ualaí ar an talamh faoi alt 72.
Sárú eastát úinéara chláraithe.
60.—(1) I gcás eastát nó leas úinéara chláraithe talún a shárú, is é sin le rá, nuair a tharlóidh—
(a) faoi chumhacht díolacháin a tugadh le morgáiste a rinneadh roimh chéadchlárú na talún, nó
(b) faoi ghníomhas aonpháirtí a forghníomhaíodh de bhun Achtanna na gClásal Talún nó de bhun aon fhorála reachtúla arb ionann éifeacht di, nó
(c) faoi dhíolachán i bhforghníomhú aon bhreithiúnais nó ordaithe ó chúirt, nó
(d) faoi chumhacht cheapacháin, nó
(e) faoi ordú dílseacháin, nó
(f) faoi aon achtachán, nó
(g) in aon chás eile nach bhforáiltear dó leis an Acht seo, agus a bheadh forordaithe,
go n-aistreoidh úinéireacht na talún chun duine eile ar dhóigh seachas trína haistriú ón úinéir cláraithe nó óna ionadaithe pearsanta, ansin, faoi réir rialacha ginearálta, déanfaidh an Cláraitheoir, ar iarratas ón duine sin agus ar an bhfianaise fhorordaithe a thabhairt ar aird, é a chlárú mar úinéir na talún.
(2) Mura rud é gur deimhin leis an gCláraitheoir go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh le comhthoiliú an úinéara chláraithe nó, i gcás a bháis, más é an lán-úinéir é, le comhthoiliú a ionadaithe pearsanta, agus, murab é an lán-úinéir é, le comhthoiliú cibé daoine a bheidh forordaithe, déanfaidh an Cláraitheoir, faoi réir rialacha ginearálta, sula gcláróidh sé an t-iarratasóir mar úinéir na talún, fógra i dtaobh an iarratais a thabhairt don úinéir cláraithe nó, i gcás a bháis, más é an lán-úinéir é, dá ionadaithe pearsanta, agus, murab é an lán-úinéir é, do cibé daoine a bheidh forordaithe, agus féadfaidh an Cláraitheoir, más cuí leis é, diúltú an t-iarratasóir a chlárú mar úinéir na talún, ach amháin de bhun ordú ón gcúirt.
Tarchur
Tarchur talún cláraithe ó úinéir teoranta agus ar úinéir d'fháil bháis.
61.—(1) I gcás talamh a bhfuil a úinéir cláraithe mar úinéir teoranta a aistriú faoi shocraíocht chun duine eile ar fhoirceannadh eastát nó leas an úinéara theoranta, féadfar an duine a n-aistreoidh an talamh chuige amhlaidh a thaifeadadh sa chlár mar lán-úinéir nó úinéir teoranta na talún, de réir mar is gá sa chás, ar iarratas a dhéanamh ar an modh forordaithe.
(2) Ar bhás a fháil do lán-úinéir cláraithe aonair talún, nó don mharthanóir as lán-úinéirí cláraithe éagsúla talún nár cláraíodh mar thionóntaí i gcoiteannas (agus gairtear an t-úinéir éagtha den úinéir nó den mharthanóir sin sna forálacha ina dhiaidh seo den alt seo), ní thabharfaidh an Cláraitheoir faoi aithint aon chearta i leith na talún a bheith ag aon duine ach amháin ionadaithe pearsanta an úinéara éagtha, agus beidh ag aon diúscairtí cláraithe a dhéanfaidh siad an éifeacht chéanna a bheadh acu dá mba iad úinéirí cláraithe na talún iad.
(3) (a) Aon iarratas ar chlárú a dhéanfaidh duine a bheidh á éileamh go bhfuil teideal aige de réir dlí chun talamh lán-úinéara chláraithe éagtha, agus lena ngabhfaidh, murab é an t-ionadaí pearsanta é, toiliú nó aistriú san fhoirm fhorordaithe, údaróidh sé don Chláraitheoir an duine sin a chlárú mar lán-úinéir nó úinéir teoranta na talún, cibe acu é.
(b) Ní bheidh de dhualgas ar an gCláraitheoir, ná ní bheidh sé i dteideal, aon eolas a iarraidh faoin gcúis atá le haon aontú a thabhairt nó aon aistriú a dhéanamh, agus beidh de cheangal air é a ghlacadh ina áirithe go bhfuil an t-ionadaí pearsanta ag gníomhú maidir leis an iarratas, leis an aontú nó leis an aistriú mar is ceart agus faoi réim a chumhachtaí.
(4) Nuair a chlárófar duine mar lán-úinéir nó úinéir teoranta talún faoi fho-alt (3), beidh na costais faoina rachfar i ndáil leis an aistriú le híoc ag an duine sin.
(5) Nuair a dhéanfaidh an Ard-Chúirt nó an Chúirt Chuarda ordú faoi fho-alt (4) d'alt 20 den Acht um Riaradh Eastát, 1959, ag dílsiú talamh cláraithe do dhuine ar bith, féadfaidh sí freisin a ordú an duine sin a chlárú mar úinéir na talún sin.
(6) (a) Ní oibreoidh aon ní san Acht seo ná san Acht um Riaradh Eastát, 1959, chun a cheangal ar an gCláraitheoir duine a chlárú mar úinéir na talún i gcáil ionadaí phearsanta dó.
(b) Féadfaidh an Cláraitheoir nóta a chur sa chlár á chur in iúl go bhfuair úinéir cláraithe talún bás agus ag lua ainmneacha a ionadaithe pearsanta.
(7) Más rud é, ar iarratas ó aon duine a dhéanfaidh éileamh ar a chlárú mar úinéir talún cláraithe i gcomharbas ar lán-úinéir éagtha na talún sin, gur deimhin leis an gcúirt—
(a) go bhfuil sé bliana ar a laghad caite ó fuair an lán-úinéir éagtha bás, agus
(b) go bhfuil ionadaithe pearsanta an úinéara sin marbh nó lasmuigh den dlínse,
féadfaidh an chúirt, más cuí léi é, d'ainneoin aon ní san Acht um Riaradh Eastát, 1959, nó san Acht seo, an t-iarratasóir a shaoradh ón riachtanas chun ionadaíocht a bhaint amach i leith an lánúinéara éagtha nó chun fógra a thabhairt dá ionadaithe pearsanta, agus féadfaidh sí a ordú an t-iarratasóir a chlárú mar úinéir na talún.
(8) Níl feidhm ag fo-ailt (2) go (6) ach amháin i gcásanna báis ar an 1ú lá de Mheitheamh, 1959, nó dá éis sin.
(9) Leanfaidh fo-alt (2) d'alt 37 d'Acht 1891, arna leasú le halt 27 den Acht um Chlárú Teidil, 1942, agus leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, d'fheidhm a bheith aige i gcásanna báis roimh an 1ú lá de Mheitheamh, 1959, d'ainneoin aisghairm na bhforálacha sin.
Muirir
Bunú muirir ar thalamh cláraithe agus a éifeacht.
1881, c. 41.
1911, c. 37.
62.—(1) Féadfaidh úinéir cláraithe talún, faoi réir forálacha an Achta seo, an talamh a chur faoi mhuirear chun airgead a íoc, le hús nó gan ús, agus i modh blianachta nó eile, agus déanfar úinéir an mhuirir a chlárú amhlaidh.
(2) Ar mhuirear a bhunú, ar dhóigh seachas le huacht, forghníomhófar ionstraim mhuirir san fhoirm fhorordaithe (nó ionstraim i cibé foirm eile a fheicfear don Chláraitheoir a bheith leordhóthanach chun an talamh a mhuirearú, ar choinníoll go muirearóidh nó go bhforcoimeádfaidh an ionstraim sin go sainráite as an talamh íoc an airgid a urrófar) ach, go dtí go ndéanfar úinéir an mhuirir a chlárú amhlaidh, ní thabharfaidh an ionstraim aon leas sa talamh d'úinéir an mhuirir.
(3) Ní oibreoidh morgáiste i modh tíolacais le coinníoll chun a fhuascailte, nó i modh forléasta nó fofhorléasta, uaidh féin chun talamh cláraithe a mhuirearú ná ní bheidh sé inchláraithe mar mhuirear ar thalamh cláraithe.
(4) Déanfar aon chumhacht, cibé dóigh ina dtabharfar í, chun airgead a fháil nó a thabhairt ar iasacht faoi urrús morgáiste a fhorléiriú mar chumhacht a fholaíonn cumhacht chun é sin a dhéanamh faoi urrús muirir chláraithe.
(5) Ar úinéir an mhuirir a chlárú, seachadfaidh an Cláraitheoir dó deimhniú muirir san fhoirm fhorordaithe.
(6) Nuair a chlárófar an t-úinéir ar mhuirear ar thalamh chun aon phríomhshuim a aisíoc le hús nó gan ús, oibreoidh an ionstraim mhuirir mar mhorgáiste trí ghníomhas de réir bhrí na nAchtanna Tíolactha, agus, chun a mhuirear a chur i bhfeidhm, beidh ag úinéir cláraithe an mhuirir cearta agus cumhachtaí uile morgáistí faoi mhorgáiste trí ghníomhas, lena n-áirítear an chumhacht chun an t-eastát nó an leas atá faoi réir an mhuirir a dhíol.
(7) Nuair a bheidh aisíoc na príomhshuime a urraíodh leis an ionstraim mhuirir tagtha chun bheith dlite, féadfaidh úinéir cláraithe an mhuirir, nó a ionadaí pearsanta, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar mhodh achomair ag iarraidh seilbh ar an talamh nó aon chuid den talamh, agus ar an iarratas a dhéanamh chuici féadfaidh an chúirt, más cuí léi é, a ordú seilbh na talún nó na coda sin de a thabhairt suas don iarratasóir, agus ar sheilbh na talún nó na coda sin de a fháil don iarratasóir measfar gur morgáistí i seilbh é.
(8) Ar úinéir muirir i modh blianachta a chlárú, beidh ag úinéir an mhuirir leigheasanna chun íoc na blianachta a ghnóthú agus a chur i bhfeidhm mar a thuairiscítear in alt 44 den Conveyancing Act, 1881, faoi mar a théann alt 6 den Conveyancing Act, 1911, i gcion air.
(9) Má dhéanann úinéir cláraithe muirir ar thalamh an talamh a dhíol de bhun na gcumhachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (6), clárófar a aistrí mar úinéir na talún, agus air sin beidh an éifeacht chéanna ag an gclárú a bheadh ag clárú i gcás aistriú ar chomaoin luachmhar ag úinéir cláraithe.
(10) Nuair a dhéanfar aistrí ó úinéir cláraithe an mhuirir a chlárú, faoi fho-alt (9), mar úinéir na talún, glanfar an muirear agus gach eastát, leas, ualach, agus taifead ar éis an mhuirir.
(11) Nuair a bheidh sé sainráite san ionstraim mhuirir go bhfuil duine ar bith á chúnantú go n-aisíocfaidh sé an phríomhshuim a mhuirearaítear, is intuigthe go bhfuil cúnant déanta ag an duine sin le húinéir cláraithe an mhuirir de thuras na huaire go n-íocfaidh sé an tsuim a mhuirearaítear agus ús uirthi (má bhíonn) an tráth, agus de réir an ráta, a shonraítear san ionstraim mhuirir, agus freisin cúnant, má bhíonn an tsuim nó aon chuid di gan íoc an tráth a shonraítear amhlaidh, go n-íocfaidh sé ús go leathbhliantúil de réir an ráta a shonraítear ar cibé méid den phríomhshuim a bheidh fágtha gan íoc de thuras na huaire.
Cosaint do mhorgáistí a cláraíodh mar mhuirir.
63.—(1) Aon mhuirear a cláraíodh roimh thosach feidhme an Achta seo, ní bheidh sé ar neamhní ná ní mheasfar é a bheith riamh ar neamhní—
(a) de bhíthin amháin go raibh sé sainráite gur i modh morgáiste a bunaíodh é, ná
(b) de bhíthin amháin nach bhfuarthas toiliú Choimisiún na Talún nó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí, nó cibé toiliú eile a bheidh foráilte le haon achtachán, i gcás aon fhorléasadh nó fo-fhorléasadh a raibh sé sainráite ann gur le haon mhorgáiste den sórt sin a rinneadh é;
agus ní bheidh clárú an mhuirir mar ualach ar thalamh cláraithe neamhbhailí, ná ní mheasfar é a bheith neamhbhailí riamh, ar cheachtar cúis acu sin.
(2) San alt seo folaíonn “morgáiste” morgáiste trí fhorléasadh nó fo-fhorléasadh agus morgáiste trí thíolacas nó sannadh le coinníoll chun a fhuascailte.
Aistriú muirir.
64.—(1) Féadfaidh úinéir cláraithe muirir an muirear a aistriú chun duine eile mar úinéir air, agus clárófar an t-aistrí mar úinéir an mhuirir.
(2) Ar mhuirir a aistriú forghníomhófar ionstraim mhuirir san fhoirm fhorordaithe, nó i cibé foirm eile a fheicfear don Chláraitheoir a bheith leordhóthanach chun an muirear a aistriú ach, go dtí go gclárófar an t-aistrí mar úinéir an mhuirir, ní thabharfaidh an ionstraim sin aon leas sa mhuirear don aistrí.
(3) Seachadfaidh an Cláraitheoir don aistrí cláraithe deimhniú muirir san fhoirm fhorordaithe.
(4) Ar aistrí muirir a chlárú, oibreoidh an ionstraim aistrithe mar thíolacas trí ghníomhas de réir bhrí na nAchtanna Tíolactha, agus beidh ag an aistrí—
(a) an teideal céanna chun an mhuirir a bheadh ag aistrí cláraithe talún faoin Acht seo chun na talún, faoi aistriú ar chomaoin luachmhar nó gan chomaoin luachmhar, cibé acu é; agus
(b) chun a mhuirear a chur i bhfeidhm, na cearta agus na cumhachtaí céanna i leith na talún a bheadh aige dá mba ina fhabhar a bunaíodh an muirear i gcéaduair.
Muirear cláraithe a scaoileadh.
65.—(1) Cuirfidh an Cláraitheoir nóta ar an gclár gur sásaíodh muirear cláraithe, nó aon chuid de mhuirear cláraithe, ar thalamh cláraithe, nó gur scaoileadh aon chuid de thalamh cláraithe ó mhuirear cláraithe, ar úinéir cláraithe an mhuirir dá iarraidh sin, nó ar a chruthú ar an dóigh a luaitear anseo ina dhiaidh seo, nó ar cibé dóigh eile a fhorordófar, agus air sin scoirfidh an muirear d'oibriú go feadh an mhéid a luafar sa nóta amhlaidh.
(2) Chun críocha an ailt seo, beidh admháil ón úinéir cláraithe de thuras na huaire ar mhuirear ina leorchruthúnas gur sásaíodh an muirear, nó aon chuid den mhuirear, agus beidh scaoileadh arna shíniú ag an úinéir cláraithe de thuras na huaire ar mhuirear ina leorchruthúnas gur scaoileadh aon chuid de thalamh cláraithe a bhí faoi réir an mhuirir sin.
Tarchur, etc.,muirir.
66.—Beidh feidhm, leis na modhnuithe a fhorordófar, maidir le tarchur agus le sárú i gcás muirear cláraithe ar thalamh, ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le talamh cláraithe a tharchur agus le heastát nó leas an úinéara chláraithe a shárú.
Srian le coimeád an deimhnithe talún ag úinéir cláraithe muirir.
67.—(1) Ní bheidh úinéir cláraithe muirir, de bhíthin amháin gurb é an t-úinéir sin é, i dteideal seilbh a bheith aige ar an deimhniú talún i leith na talún cláraithe atá faoi réir an mhuirir.
(2) Gach coinníoll maidir le muirear cláraithe ar thalamh (cibé acu roimh bhunú an mhuirir nó ina dhiaidh sin a rinneadh é) faoina mbeidh coimeád an deimhnithe talún i leith na talún sin le tabhairt d'úinéir cláraithe an mhuirir sin, beidh sé ar neamhní.
Leasanna eile i dTalamh Cláraithe
Bunú focheart agus foleasanna agus a n-éifeacht.
68.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, ní bheidh duine ar bith ach amháin úinéir cláraithe talún i dteideal an talamh a aistriú nó a mhuirearú le diúscairt chláraithe, agus ní bheidh duine ar bith ach amháin úinéir cláraithe muirir i dteideal an muirear a aistriú le diúscairt chláraithe.
(2) Ní choiscfidh aon ní san Acht seo ar dhuine aon cheart a bhunú in aon talamh cláraithe nó muirear cláraithe nó thairis, ach beidh gach ceart den sórt sin faoi réir forálacha an Achta seo maidir le haistriú cláraithe talún nó muirir ar chomaoin luachmhar.
(3) Ní dhéanfaidh ceart neamhchláraithe i dtalamh cláraithe nó thairis (nach ualach a bhfuil an talamh faoina réir de bhua alt 72) difear don úinéir cláraithe ar mhuirear a bunaíodh ar an talamh ar chomaoin luachmhar.
Ualaí a fhéadfar a chlárú mar ualaí a luíonn ar thalamh cláraithe.
69.—(1) Féadfar aon ualach acu seo a leanas a chlárú mar ualach a luíonn ar thalamh cláraithe, eadhon—
(a) aon eire ar an talamh a bheidh ar marthain an tráth a chéadchlárófar an talamh;
(b) aon mhuirear ar an talamh a bhunófar go cuí tar éis an talamh a chéadchlárú;
(c) aon chíosmhuirear (nach cíosmhuirear a bhfuil an talamh faoina réir faoi alt 72, cé nach bhfuil sé cláraithe) nó cíos feofheirme nó cíos suthain eile a eisíonn as an talamh;
(d) aon chumhacht chun íoc airgid a chur de mhuirear ar thalamh, cibé acu roimh chéadchlárú na talún nó ina dhiaidh sin a bhunófar í nó a thiocfaidh ann di;
(e) aon iontaobhas chun airgead a urrú a bhunófar nó a dtiocfaidh ann dó tar éis chéadchlárú na talún;
(f) aon lian ar an talamh faoi chomhair airgid cheannaigh neamhíoctha;
(g) aon léas i gcás inar téarma ar feadh saoil nó saolta a deonaíodh, nó ina bhfuil an téarma infhoirceanta ar chríochnú saoil nó saolta, nó ina bhfuil sé níos faide ná bliain is fiche, nó i gcás an téarma a bheith le haghaidh aon eastáit nó leasa is lú ná sin ach gan an áitíocht a bheith de réir an léasa;
(h) aon bhreithiúnas nó ordú ó chúirt, cibé acu roimh chéadchlárú na talún nó ina dhiaidh sin a tharla ar marthain dó;
(i) aon mhorgáiste breithiúnais, cúirtbhanna, banna Stáit, ionchoisne nó lis pendens, cibé acu roimh chéadchlárú na talún nó ina dhiaidh sin a tharla ar marthain dó;
(j) aon éasúint, profit á prendre nó ceart mianadóireachta a bhunófar le deontas nó forcoimeádas sainráite tar éis chéadchlárú na talún;
(k) aon chúnant nó coinníoll a bhaineann le húsáid nó sealúchas na talún nó aon choda sonraithe den talamh;
(l) aon eastát i nduar;
(m) aon ualach lena mbaineann alt 54 den Acht Foraoiseachta, 1946;
(n) aon cheart de chuid Choimisiún na Talún nó údaráis áitiúil chun píoplínte a leagan síos chun críche ar bith agus aon cheart atá foghabhálach leis sin;
(o) cumhacht chun eastát nó leas a cheapadh sa mhaoin a bheidh infheidhmithe laistigh de thréimhse nach faide ná saol nó saolta atá ar marthain agus bliain is fiche dá éis sin;
(p) cumhacht tochsail nó iontrála;
(q) ceart de chineál liain ar luach airgid sa mhaoin, nó thairsti, go ceann tréimhse teoranta nach faide ná saol, ar nós ceart cothabhála nó ceart cónaithe (cibé acu ceart eisiatach cónaithe é nó nach ea);
(r) ualach a bunaíodh le reacht nó faoi chumhacht reachtúil, nach ualach acu sin a bhfuil talamh cláraithe faoina réir, cé nach mbeidís cláraithe, faoi alt 72;
(s) aon ní eile a fhorordófar.
(2) Féadfar ualach a chlárú faoin alt seo ar iarratas ó úinéir cláraithe na talún nó ó aon duine a bhfuil teideal aige chun an ualaigh nó leas aige ann ach, má dhéantar an t-iarratas gan comhthoiliú úinéir cláraithe na talún nó cibé duine eile a bheidh forordaithe, ní chlárófar an t-ualach ach amháin de bhun ordú ón gcúirt.
(3) Féadfar aon chúnant nó coinníoll a cláraíodh faoin alt seo a mhodhnú nó a urscaoileadh le hordú ón gcúirt má chruthaítear chun sástacht na cúirte nach ritheann an cúnant nó an coinníoll leis an talamh, nó nach féidir é a chur i bhfeidhm in aghaidh úinéir na talún, nó go rachaidh a mhodhnú nó a urscaoileadh chun tairbhe do na daoine is mó a bhfuil leas acu ina chur i bhfeidhm, agus féadfaidh an Cláraitheoir, le toiliú gach duine ag a bhfuil leas ina chur i bhfeidhm, é a mhodhnú nó a urscaoileadh gan aon ordú den sórt sin.
(4) Féadfaidh an Cláraitheoir, ar an bhfianaise fhorordaithe agus faoi réir na gcoinníollacha forordaithe, modhnú nó cealú a dhéanamh ar aon taifead faoin alt seo i leith ualaigh nach cúnant nó coinníoll den sórt réamhráite.
Clárú úinéireachta ualaí.
70.—Déanfar úinéireacht cibé cinn a bheidh forordaithe de na hualaí is inchláraithe faoi alt 69, nuair a chlárófar iad amhlaidh, a chlárú i cibé clár iomchuí a bheidh á choimeád faoin Acht seo.
Clárú morgáistí breithiúnais.
1850, c. 29.
1858, c. 105.
71.—(1) An mhionnscríbhinn is gá de réir alt 6 den Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850, chun breithiúnas a chlárú mar mhorgáiste, déanfar í i gcás talún cláraithe, ar an modh forordaithe agus le cibé taifid a bheidh forordaithe.
(2) I mionnscríbhinn a chlárófar tar éis tosach feidhme an Achta seo, is leor de thuairisc ar an talamh tagairt d'uimhir fhóilió an chláir agus don chontae ina bhfuil an talamh.
(3) Beidh sé sainráite sa mhionnscríbhinn í a bheith arna déanamh ag an gcreidiúnaí a shonraítear in alt 6 d'Acht sin 1850 nó ag duine a bhí údaraithe chun í a dhéanamh le halt 3 den Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1858.
(4) Oibreoidh clárú mionnscríbhinne a bheidh de réir na n-alt sin agus an ailt seo chun leas an fhéichiúnaí breithiúnais a mhuirearú faoi réir—
(a) na n-ualaí, más ann, a cláraíodh mar ualaí a luíonn ar an leas sin,
(b) na n-ualaí a bhfuil an leas sin faoina réir, cé nach bhfuil siad cláraithe amhlaidh, de bhua alt 72, agus
(c) gach ceart neamhchláraithe a raibh an leas sin ar teachtadh ag an bhféichiúnaí breithiúnais faoina réir tráth na mionnscríbhinne a chlárú,
agus beidh ag an gcreidiúnaí, chun an muirear a chur i bhfeidhm, gach ceart agus leigheas a thabharfar dó le hordú na cúirte.
Ualaí gan chlárú a luífidh ar thalamh cláraithe.
72.—(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh gach talamh cláraithe faoi réir gach ualaigh acu seo a leanas a luífidh ar an talamh de thuras na huaire, cibé acu atá na hualaí sin cláraithe nó nach bhfuil, eadhon—
(a) dleacht eastáit, dleacht chomharbais, sean-choróinchíosanna, cíosmhuirir dheachún agus íocaíochtaí in ionad deachún nó cíosmhuirir dheachún;
(b) muirir feabhsaithe talún agus muirir shiltin;
(c) blianachtaí nó cíosmhuirir chun aisíoctha airleacan a rinneadh faoi fhorálacha aon cheann de na hAchtanna Talamh-Cheannaigh i gcuntas airgid cheannaigh;
(d) cearta Choimisiún na Talún nó duine ar bith faoi ordú dílseacháin, fiat dílseacháin, liosta críochnaitheach nó ordú aistrithe a rinneadh nó a foilsíodh faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh;
(e) cearta Choimisiún na Talún ar ordú seilbhe a fhorghníomhú a eisíodh faoi alt 37 den Acht Talún, 1927;
(f) cearta an phobail nó aon aicme den phobal;
(g) cearta gnáthaimh, díolúintí, agus dliteanais a thig de chionn tionachta;
(h) éasúintí agus profits á prendre, mura le deontas nó forcoimeádas sainráite tar éis chéadchlárú na talún a bunaíodh iad faoi seach;
(i) tionóntachtaí a bunaíodh le haghaidh aon téarma nach faide ná bliain is fiche nó le haghaidh aon eastáit nó leasa is lú ná sin, i gcásanna ina mbíonn áitíocht ann faoi na tionóntachtaí sin;
(j) cearta gach duine a bhfuil an talamh á áitiú aige iarbhír nó a chíosanna agus a bhrabúis á bhfáil aige, ach amháin i gcás ina bhfiafrófar den duine sin agus nach n-inseoidh sé cad iad na cearta iad;
(k) i gcás talamh a cláraíodh le teideal sealbhach nó srianta nó le teideal léasach bailí, gach ceart a eisctear ó éifeacht an chláraithe;
(l) cíos bliantúil suthain (dá ngairtear an t-uaschíos san alt seo) is uaise ná cíos eile den sórt sin (dá ngairtear an cíos cláraithe san alt seo) a cláraíodh mar ualach ar thalamh cláraithe agus atá, amhail idir an talamh cláraithe sin agus an cíos cláraithe, iníoctha go príomha as an gcíos cláraithe do shaoradh na talún sin;
(m) na cúnaint agus na coinníollacha sa ghníomhas nó sa doiciméad eile lenar bunaíodh an t-uaschíos, sa mhéid go mbaineann na cúnaint agus na coinníollacha sin leis an talamh sin;
(n) blianacht cheannaigh is iníoctha i leith iostáin is ábhar d'ordú dílseacháin faoi Acht na Sclábhaithe, 1936;
(o) srianta a chuireann alt 21 d'Acht na Sclábhaithe, 1936, le hiostáin a cheannaítear faoin Acht sin a mhorgáistiú nó a mhuirearú;
(p) cearta a fuarthas nó atá á bhfáil faoi Reacht na dTréimhsí, 1957;
(q) ualaí lena mbaineann alt 59 nó 73.
(2) Nuair a chruthófar chun sástacht an Chláraitheora go bhfuil aon talamh atá cláraithe nó ar tí a chláraithe saor ó aon dleacht eastáit, dleacht chomharbais, sean-choróinchíos, cíosmhuirear deachún, íocaíocht in ionad deachún nó cíosmhuirir dheachún, muirear feabhsaithe talún, muirear siltin nó blianacht nó cíosmhuirear faoi chomhair aisíoc aon airleacain a rinneadh i gcuntas airgid cheannaigh mar atá luaite anseo roimhe seo, nó tar éis scor de bheith faoina réir sin, féadfaidh an Cláraitheoir fógra ina thaobh sin a thaifeadadh sa chlár.
(3) Má chruthaítear chun sástacht an Chláraitheora go bhfuil aon mhuirir den sórt sin ann, féadfaidh sé, le toiliú an úinéara chláraithe nó an iarratasóra ar chlárú, nó de bhun ordú ón gcúirt, fógra ina thaobh a thaifeadadh sa chlár.
Mianaigh, mianraí, agus cearta mianadóireachta.
73.—(1) Féadfar duine a chlárú mar úinéir ar thalm igh dteannta nó d'éagmais an iomláin nó aon choda de na miaanaih agus na mianraí sa talamh, nó mar úinéir ar aon mhianaigh agus mianraí.
(2) Duine a chlárófar mar úinéir ar thalamh ní mheasfar, de bhua an chláraithe sin amháin, é a bheith ina úinéir ar na mianaigh agus na mianraí sa talamh.
(3) Nuair a chlárófar duine mar úinéir talún, ach nach bhfuil réim ag an gclárú maidir leis na mianaigh agus na mianraí uile sa talamh, is muirir ar an talamh faoi alt 72, cé nach bhfuil siad cláraithe, gach cumhacht oibrithe, cead slí nó ceart slí, ceart uisce agus siltin, agus gach cumhacht, éasúint, ceart agus pribhléid eile chun críocha mianadóireachta, nó a fho-ghabhann nó a bhaineann le críocha mianadóireachta, a mhaireann de thuras na huaire thar an talamh, agus nár bunaíodh le deontas nó forcoimeádas sainráite tar éis chéadchlárú na talún.
Tosaíocht ualaí cláraithe.
74.—Faoi réir aon taifid contrártha dó sin sa chlár, aon ualaí achlárófar mar ualaí a luíonn ar an talamh céanna, agus ar de réir dáta a mbunaithe a bheadh tosaíocht acu dá mba nár cláraíodh iad, más ón uair a céadchláraíodh an talamh a bunaíodh iad nó a tháinig ann dóibh, is de réir an oird ina mbeidh siad taifeadta sa chlár a bheidh tosaíocht acu agus ní de réir an oird inar bunaíodh iad nó inar tháinig ann dóibh, agus beidh tosaíocht acu ar aon ualach eile a luíonn ar an talamh agus a bunaíodh nó ar tháinig ann dó ón uair a céadchláraíodh an talamh, sa chás nach ualach é a bhfuil an talamh faoina réir faoi alt 72 cé nach bhfuil sé cláraithe.
Tosaíocht mhuirir chláraithe i leith airleacan todhchaí.
75.—(1) Má bhíonn sé sainráite go ndearnadh muirear cláraithe a bhunú ar aon talamh chun airleacain todhchaí a urrú (cibé acu i dteannta nó d'éagmais airleacan láithreach é), beidh teideal ag úinéir cláraithe an mhuirir i dtosaíocht ar aon mhuirear iardain chun íoc aon suime a bheidh dlite dó i leith na n-airleacan todhchaí sin, ach amháin aon airleacain a bheadh déanta i ndiaidh dáta an mhuirir iardain agus le fógra sainráite i scríbhinn ina thaobh.
(2) San alt seo folaíonn “airleacain todhchaí” suimeanna a bheidh dlite ó am go ham ar chuntas reatha, agus gach suim a meastar trí chomhaontú nó i gcúrsa gnó idir na páirtithe gurb airleacan ar urrús an mhuirir í.
Cumhacht i leith muirir a bheith le feidhmiú trí mhuirear cláraithe.
76.—Nuair a dhéanfar cumhacht chun muirear a chur ar thalamh cláraithe, nó iontaobhas chun airgead a urrú air, a chlárú már ualach ar an talamh, féadfar sin a fheidhmiú nó a fhorghníomhú trí mhuirear cláraithe a bhunú agus ní fhéadfar ar aon dóigh eile, agus an duine a gcumhachtófar dó faoi aon chumhacht nó iontaobhas den sórt sin íoc aon airgid a chur de mhuirear ar an talamh beidh an chumhacht chéanna aige chun muirear cláraithe a bhunú ar an talamh faoi chomhair an airgid sin agus a bheadh dá mba é úinéir cláraithe na talún é, agus taifeadfar an muirear san ord tosaíochta is cuí dó.
Cumhachtaí maidir le muirir reachtúla.
77.—(1) Má bhíonn ag duine, faoi réim nó de bhua aon achtacháin, muirear ar thalamh cláraithe faoi chomhair íoc aon airgid, nó cumhacht chun íoc aon airgid a chur de mhuirear ar thalamh cláraithe, beidh an chumhacht chéanna aige chun muirear cláraithe faoi chomhair an airgid sin a bhunú ar an talamh agus a bheadh dá mba é úinéir cláraithe na talún é.
(2) Beidh an éifeacht chéanna ag clárú muirir de bhun an ailt seo agus a bheadh ag a chlárú de bhun aon achtacháin eile, agus bhéarfaidh sé nach gá é a chlárú amhlaidh.
Téarma blianta a dhílseofar d'iontaobhaí chun airgead a chruinniú as talamh cláraithe.
78.—Má dhílsítear téarma blianta, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, d'iontaobhaí nó do dhuine eile chun airgead a chruinniú as talamh cláraithe, oibreoidh an dílsiú sin mar iontaobhas chun airgead a urrú ar thalamh cláraithe nó mar chumhacht chun talamh cláraithe a chur faoi mhuirear, cibé acu é, agus féadfar é a chlárú mar ualach ar an talamh sin, agus, má chláraítear amhlaidh é, féadfar é a fheidhmiú nó a fhorghníomhú trí mhuirear cláraithe a bhunú agus ar an dóigh sin amháin, agus beidh ag an duine a gcumhachtaítear dó in aon iontaobhas nó cumhacht den sórt sin íoc aon airgid a chur de mhuirear ar an talamh sin an chumhacht chéanna chun muirear cláraithe a bhunú ar an talamh faoi chomhair an airgid sin agus a bheadh dá mba é úinéir cláraithe na talún é, agus taifeadfar an muirear san ord tosaíochta is cuí dó.
Téarma blianta a dhílseofar in iontaobhaí chun airgead a chruinniú, nó morgáiste, roimh an gcéadchlárú.
79.—(1) Más rud é, roimh chéadchlárú talún, go ndílseofar téarma blianta, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, d'iontaobhaí nó do dhuine eile chun airgead a chruinniú as an talamh, oibreoidh an dílsiú sin, ar an talamh a chéadchlárú, mar iontaobhas chun airgead a urrú ar thalamh cláraithe nó mar chumhacht chun talamh cláraithe a chur faoi mhuirear, cibé acu é, agus féadfar é a chlárú mar ualach ar an talamh, agus, má chláraítear amhlaidh é, féadfar é a fheidhmiú nó a fhorghníomhú trí mhuirear cláraithe a bhunú agus ar an dóigh sin amháin, agus beidh ag an duine a gcumhachtaítear dó in aon iontaobhas nó cumhacht den sórt sin íoc aon airgid a chur de mhuirear ar an talamh an chumhacht chéanna chun muirear cláraithe a bhunú ar an talamh faoi chomhair an airgid sin agus a bheadh dá mba é úinéir cláraithe na talún é, agus taifeadfar an muirear san ord tosaíochta is cuí dó.
(2) Más rud é, roimh a chéadchlárú, gur tháinig talamh faoi réir aon mhorgáiste, morgáiste trí fhorléasadh nó fo-fhorléasadh nó téarma blianta chun airgead a cruinníodh iarbhír a urrú, oibreoidh an morgáiste sin, nó an morgáiste trí fhorléasadh nó fo-fhorléasadh nó téarma blianta sin, ar an talamh a chéadchlárú (más le teideal iomlán, teideal srianta nó teideal léasach bailí a chláraítear é) nó (más le teideal sealbhach a chláraítear é), ar an teideal a chomhshó ina theideal iomlán nó ina theideal léasach bailí, mar mhuirear ar an talamh agus ní chlárófar é ach mar mhuirear air.
Forálacha maidir le heirí a bhunaigh nó a d'eisigh cuideachta agus nár cláraíodh nó nár cosnaíodh.
80.—(1) Má dhéantar cuideachta a cláraíodh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963, a chlárú mar úinéir ar thalamh a cláraíodh faoin Acht seo nó mar úinéir muirir chláraithe, ní de chúram an Chláraitheora é, ná ní dhéanfaidh sé difear do dhuine a bheidh ag éileamh faoi dhiúscairt chláraithe ar chomaoin luachmhar, aon mhorgáiste, muirear, bintiúr, stoc bintiúir, gníomhas iontaobhais nó eire eile a bheith bunaithe nó eisithe ag an gcuideachta, mura ndéantar an eire sin a chlárú mar ualach nó a chosaint le rabhadh nó toirmeasc faoin Acht seo.
(2) Ní bheidh aon chúiteamh iníoctha faoi alt 120 mar gheall ar cheannaitheoir d'fháil aon leasa faoi aistriú cláraithe ón gcuideachta saor ó aon eire den sórt sin nach mbeidh cláraithe nó cosanta amhlaidh.
Ceart cónaithe.
81.—Measfar ceart cónaithe i dtalamh cláraithe nó air, cibé acu ceart cónaithe ginearálta ar an talamh nó ceart cónaithe eisiatach i gcuid, nó ar chuid, den talamh é, a bheith ag baint go pearsanta leis an duine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chuige agus a bheith ina cheart de chineál liain ar luach airgid sa talamh nó thairis agus ní oibreoidh sé chun aon eastát cothromais sa talamh a bhunú.
Nóta faoi chearta atá comhghabhálach le talamh.
82.—Más rud é, ar iarratas ón úinéir cláraithe nó ón duine eile ag a bhfuil teideal, go gcruthófar chun sástacht an Chláraitheora go bhfuil cearta, pribhléidí agus comhghabhálais ann a bhaineann nó atá comhghabhálach nó a ghabhann le talamh cláraithe, cuirfidh sé taifead sa chlár a thaispeánfaidh go bhfuil na cearta, na pribhléidí agus na comhghabhálais sin ann.
Clár d'Oidhreachtáin Neamhchorpracha agus Cearta Eile
Clár úinéireachta.
83.—Féadfar socrú a dhéanamh, le rialacha ginearálta, le haghaidh clárú sa chlár dá bhforáiltear le mír (b) d'alt 8 agus, más gá é, chun forálacha an Achta seo a oiriúnú nó a chur chun feidhme, le modhnú nó gan mhodhnú, chun críocha an chláraithe sin.
Léarscáileanna na Clárlainne agus Teorainneacha
Léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis a bheith le coimeád sa phríomhoifig.
84.—(1) Coimeádfar sa phríomhoifig na léarscáileanna is déanaí a bheidh ar fáil de léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis don Stát.
(2) Féadfar socrú a dhéanamh le rialacha ginearálta chun go marcálfar nó go saineofar ar na léarscáileanna sin (dá ngairtear “léarscáileanna clárlainne” san Acht seo) ar an modh forordaithe na tailte ar cláraíodh an teideal chucu faoin Acht seo, agus chun tagairt sa chlár do na léarscáileanna sin, agus beidh na léarscáileanna sin ar fáil lena scrúdú ag an bpobal cibé tráthanna, agus ar cibé modh, agus ar cibé téarmaí, a fhorordófar.
(3) Beidh sé de chumhacht ag an gCláraitheoir, agus measfar go raibh sé de chumhacht aige riamh, glacadh, in aon chás áirithe, chun críocha clárúcháin, le haon léarscáil is dóigh leis atá sásúil, agus nuair a ghlacfar amhlaidh leis an léarscáil sin measfar, chun críocha an Achta seo agus na n-achtachán aisghairthe, gur léarscáil chlárlainne í agus gurbh ea riamh.
Tuairisc ar thalamh cláraithe.
85.—Tabharfar tuairisc ar thalamh cláraithe faoi ainmneacha na n-ainmniúchán ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis a mbeidh na tailte ar áireamh iontu, nó trí thagairt do na léarscáileanna sin, i cibé slí is dóigh leis an gCláraitheoir is fearr ar mhaithe leis an gcruinneas, ach, lasmuigh de chás dá bhforáiltear leis an Acht seo, ní bheidh tuairisc na talún sa chlár nó sna léarscáileanna sin dochloíte maidir le teorainneacha nó fairsinge na talún.
Teorainneacha a thaifeadadh i gcásanna áirithe.
1870, c. 46.
86.—Má rinneadh teorainneacha aon talún cláraithe a chinntiú agus a shainiú le haon tíolacas a d'fhorghníomhaigh aon duine de na Coimisinéirí chun Eastáit faoi Éire in Éirinn a Dhíol, nó de bhreithiúna Chúirt na nEastát Talún, nó de na Breithiúna Talún, faoi fhorálacha aon cheann d'Achtanna Chúirt na nEastát Talún, nó den Landlord and Tenant (Ireland) Act, 1870, nó le haon tíolacas nó ordú dílseacháin a d'fhorghníomhaigh nó a rinne Coimisiún na Talún faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Talamh-Cheannaigh, féadfaidh an Cláraitheoir i ngach cás den sórt sin, más cuí leis é, tar éis na fógraí forordaithe a thabhairt, na teorainneacha sin a thaifeadadh sa chlár mar theorainneacha dochloíte, agus air sin beidh siad dochloíte i gcás gach páirtí.
Teorainneacha a thaifeadadh trí chomhaontú.
87.—(1) Féadfaidh an Cláraitheoir tráth ar bith, ar iarratas ó úinéirí cláraithe tailte tadhlacha, nó ó úinéir cláraithe talún agus ó úinéir ar thalamh neamhchláraithe tadhlach, agus ar na coinníollacha forordaithe a bheith comhlíonta, na teorainneacha idir na tailte sin nó aon chodanna díobh, le cibé athruithe, más aon athrú é, ar a gcomhaontófar ó am go ham, a shocrú agus a thaifeadadh sa chlár mar theorainneacha dochloíte.
(2) Ní bheidh taifeadadh a dhéanfar de bhun an ailt seo dochloíte ach amháin amhail idir na páirtithe san iarratas agus na comharbaí faoi seach ar a leas, agus ní oibreoidh sé chun daingniú a dhéanamh ar an teideal chun na dtailte a socrófar a dteorainneacha.
Teorainneacha a shocrú i gcás talamh a aistriú.
88.—(1) Ar chuid d'aon talamh cláraithe a aistriú, féadfaidhan Cláraitheoir, ar na coinníollacha forordaithe a bheith comhlíonta, na teorainneacha idir an chuid a aistríodh agus an chuid nár aistríodh a thaifeadadh sa chlár mar theorainneacha dochloíte.
(2) Más rud é, ar aon talamh cláraithe a aistriú, go n-éireoidh aon cheist i dtaobh na dteorainneacha nó i dtaobh fairsinge na talún a aistríodh, beidh ag an gCláraitheoir, ar iarratas ón aistreoir nó ón aistrí, dlínse chun an cheist eatarthu a chinneadh, agus chuige sin féadfaidh sé, má fheictear dó é a bheith fóirsteanach, glacadh le cinneadh aon duine ar ar chomhaontaigh siad nó a bhí ceaptha ag an gCláraitheoir.
An bhrí atá le úinéir talún neamhchláraithe maidir le teorainneacha.
89.—Chun críocha na bhforálacha den Acht seo a bhaineann le teorainneacha, is é is úinéir talún neamhchláraithe ann an duine atá i seilbh na talún agus atá á éileamh go bhfuil teideal aige chun an chéad eastáit ruílse nó chun leasa léasaigh ann, nó glacadóir i leith an eastáit nó an leasa sin a cheap cúirt dlínse inniúla agus atá ag gníomhú faoi ordú na cúirte sin.
Cumhachtaí duine atá i dteideal a chláraithe mar úinéir talún nó muirir.
90.—I gcás duine a mbeidh an ceart chun a chláraithe mar úinéir ar thalamh cláraithe nó muirear cláraithe tar éis cineachadh chuige de dhroim an t-úinéir d'fháil bháis nó eastát nó leas an úinéara sin a shárú nó de dhroim ionstraime aistrithe a rinneadh de réir forálacha an Achta seo, más mian leis—
(a) an talamh sin a aistriú nó a chur faoi mhuirear nó lian a bhunú air tríd an deimhniú talún a thaisceadh (nó, más é Coimisiún na Talún an duine sin, aon chearta eile úinéireachta a fheidhmiú lena n-áirítear an ceart chun seilbh ghlan a chur i bhfeidhm), nó
(b) an muirear sin a aistriú nó a mhuirearú nó lian a bhunú air tríd an deimhniú muirir a thaisceadh,
sula mbeidh sé féin cláraithe mar úinéir na talún nó an mhuirir, féadfaidh sé é sin a dhéanamh faoi réir aon ualaí nó ceart a luíonn ar a leas agus a bheadh taifeadta sa chlár dá mbeadh sé féin tar éis teacht chun bheith ina úinéir cláraithe ar an talamh nó an muirear agus fairis sin faoi réir na bhforálacha den Acht seo a bhaineann le déileálacha cláraithe ar chomaoin luachmhar, agus ar an modh céanna, agus leis an éifeacht chéanna, agus dá mba é an t-úinéir cláraithe é tráth an aistrithe, an mhuirearaithe nó an taiscthe, cibé acu é, a dhéanamh.
Scaireanna neamhroinnte agus comhúinéirí.
91.—(1) Féadfar úinéir aon scaire nó scaireanna neamhroinntein aon talamh nó i muirear a chlárú maille leis na taifid fhorordaithe sa chlár chun a thaispeáint cad é an scair atá aige sa talamh nó sa mhuirear.
(2) Féadfar, ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorordófar, beirt nó níos mó a chlárú mar úinéirí ar an talamh céanna nó ar mhuirear ar thalamh, agus nuair a chlárófar beirt nó níos mó amhlaidh measfar iad a bheith ina nasc-thionóntaí mura bhfuil taifead sa chlár á chur in iúl gur tionóntaí i gcoiteannas iad.
(3) Ar bheirt nó níos mó a chlárú mar úinéirí ar an talamh céanna nó ar an muirear céanna, féadfar, lena dtoiliú, taifead a chur sa chlár á chur in iúl nach cead, i gcás líon na n-úinéirí sin a laghdú faoi bhun uimhreach áirithe a shonrófar, aon diúscairt chláraithe a dhéanamh ar an talamh nó an muirear, ach amháin le hordú na cúirte.
(4) Ar bheirt nó níos mó a chlárú mar úinéirí ar an talamh céanna nó an muirear céanna, más deimhin leis an gCláraitheoir go bhfuil líon ar bith de na húinéirí sin is lú ná a líon iomlán i dteideal diúscairt chláraithe a dhéanamh ar an talamh nó an muirear, cuirfidh sé taifead dá réir sin sa chlár, agus beidh de chumhacht ag an líon sin de na húinéirí sin diúscairt chláraithe a dhéanamh ar an talamh nó an muirear gan ordú ón gcúirt d'ainneoin na bhforálacha roimhe seo den alt seo.
Fógra i dtaobh iontaobhas.
92.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, ní thaifeadfar fógra i dtaobh iontaobhais sa chlár.
(2) Ní bheidh aon duine acu seo a leanas, de bhíthin amháin ionstraim maidir le talamh a bheith faighte ag an gCláraitheoir chun críocha clárúcháin, faoi éifeacht ag fógra i dtaobh aon iontaobhais san ionstraim sin nó a thig de chionn nithe san ionstraim sin:
(a) an Cláraitheoir;
(b) aistrí cláraithe chun ar aistríodh an talamh ar chomaoin luachmhar;
(c) úinéir cláraithe muirir a bunaíodh ar chomaoin luachmhar ar an talamh;
(d) duine a bheidh á éileamh go bhfuil leas aige a bunaíodh ar chomaoin luachmhar in ualach cláraithe ar an talamh.
(3) San alt seo folaíonn “iontaobhas” iontaobhais sainráite, intuigthe agus inchiallaithe.
Follasú ionstraimí agus fíoras a bhaineann leis an teideal.
93.—(1) I gcás—
(a) ina ndéanfar iarratas go gclárófaí úinéir aon talún ar gá scrúdú teidil ina leith, nó
(b) ina mbeidh ócáid ag an gCláraitheoir, i gcúrsa a dhualgas, chun an teideal chun talún cláraithe nó chun ualaigh ar thalamh cláraithe a imscrúdú,
tabharfar ar aird mionnscríbhinn á rá go ndearnadh, de réir mar is fearr is eol don teisteoir agus mar a chreideann sé, gach gníomhas, uacht, ionstraim theidil agus eire a bhaineann leis an teideal, agus gach fíoras ábhartha maidir leis an teideal, a nochtadh don Chláraitheoir.
(2) Féadfaidh an Cláraitheoir a cheangal ar aon duine a dhéanfaidh mionnscríbhinn de bhun an ailt seo a rá sa mhionnscríbhinn conas a fuair sé eolas ar na nithe éagsúla dá dtagraítear san alt; agus más é tuairim an Chláraitheora gur gá nó gurb inmhianaithe aon fhianaise bhreise, féadfaidh sé diúltú an clárú a dhéanamh nó aon taifead a chur nó a chealú sa chlár, go dtí go dtabharfar ar aird an fhianaise bhreise sin.
Gníomhais a thabhairt ar aird.
94.—I gcás—
(a) ina ndéanfar iarratas chun úinéir talún a chlárú, nó
(b) ina mbeidh ócáid ag an gCláraitheoir, i gcúrsa a dhualgas, chun an teideal chun talún cláraithe nó chun ualaigh ar thalamh cláraithe a imscrúdú,
más rud é go mbeidh ina sheilbh nó ina choimeád ag duine ar bith aon ghníomhais, uachtanna nó ionstraimí a bhaineann leis an teideal, agus a bhfuil teideal ag an iarratasóir nó ag aon iontaobhaí dó chun go dtabharfaí ar aird iad nó ar dóigh leis an gCláraitheoir, ar aon ócáid den sórt sin, gur gá iad a thabhairt ar aird chun críche an imscrúdaithe sin, féadfaidh an Cláraitheoir a cheangal ar an duine sin cúis a shuíomh, laistigh de thréimhse theoranta, chun nach dtabharfadh sé ar aird na gníomhais, na huachtanna nó na hionstraimí sin, nó aon cheann acu, agus, mura suífear cúis chun sástacht an Chláraitheora laistigh den tréimhse theoranta, féadfaidh sé a ordú go dtabharfar na gníomhais, na huachtanna nó na hionstraimí, nó aon cheann acu, ar aird, ar chostas an iarratasóra, cibé am agus i cibé áit, agus ar cibé dóigh, agus ar cibé téarmaí, is cuí leis.
Gníomhais a mharcáil le fógra a gcláraithe.
95.—Faoi réir rialacha ginearálta, féadfaidh an Cláraitheoir, más cuí leis é, sula gcláróidh sé duine mar úinéir talún, a cheangal air cibé doiciméid teidil a thabhairt ar aird a thabharfaidh, i dtuairim an Chláraitheora, ar iad a bheith stampáilte nó marcáilte ar dhóigh eile, fógra d'aon cheannaitheoir nó d'aon duine eile a bheadh ag déileáil leis an talamh go ndearnadh an clárú, nó an Cláraitheoir a shásamh ar dhóigh eile nach féidir an clárú a cheilt ar cheannaitheoir ná ar aon duine eile a bheadh ag déileáil leis an talamh, agus féadfaidh sé aon doiciméid a thabharfar ar aird amhlaidh a stampáil nó a mharcáil ar dhóigh eile.
Rabhthaí agus Toirmisc
Rabhadh i gcoinne céadchlárú talún.
96.—(1) Aon duine a bheidh á éileamh go bhfuil leas aige i dtalamh neamhchláraithe de shórt a thugann teideal dó agóid a dhéanamh in aghaidh a dhiúscartha gan toiliú uaidh, nó a bheidh á éileamh gurb eireadóir é ar thalamh neamhchláraithe, féadfaidh sé, más ar dhóigh seachas faoi ionstraim a chláraíodh i gClárlann na nGníomhas a bheidh sé á éileamh sin, ar mhionnscríbhinn san fhoirm fhorordaithe i dtaobh a leasa a thabhairt ar aird, rabhadh a thaisceadh leis an gCláraitheoir á rá go bhfuil an rabhdóir i dteideal fógra i dtaobh aon iarratais a dhéanfar chun úinéir ar an talamh a chlárú.
(2) Air sin, ní chlárófar úinéir ar an talamh go dtí go mbeifear tar éis fógra a sheirbheáil ar an rabhdóir chun láithriú agus, más cuí leis é, cur i gcoinne an chláraithe, agus go mbeidh an tréimhse fhorordaithe caite ón data a seirbheáladh an fógra nó a thaifid an rabhdóir láithreas, cibé acu sin is túisce a tharlóidh.
(3) Má thaisceann duine ar bith rabhadh faoin alt seo gan chúis réasúnach, dlífidh sé cúiteamh a dhéanamh, a bheidh inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí, le haon duine a ndearna an rabhadh damáiste dó.
Rabhadh i gcoinne déileálacha cláraithe.
97.—(1) Aon duine a bheidh i dteideal aon chirt i dtalamh cláraithe nó i muirear cláraithe nó chun an chéanna nó thairis, féadfaidh sé, ar mhionnscríbhinn san fhoirm fhorordaithe i dtaobh a chirt a thabhairt ar aird, rabhadh a thaisceadh leis an gCláraitheoir nach mbeidh aon déileáil leis an talamh nó leis an muirear le déanamh ag an úinéir cláraithe go dtí go seirbheálfar fógra ar an rabhdóir.
(2) Air sin, ní dhéanfaidh an Cláraitheoir, gan toiliú an rabhdóra, aon déileáil leis an talamh nó leis an muirear, cibé acu é, a chlárú go dtí go mbeidh fógra seirbheáilte aige ar an rabhdóir, ag tabhairt foláirimh dó go rachaidh a rabhadh in éag tar éis an tréimhse fhorordaithe a bheith caite.
(3) Tar éis an tréimhse sin a bheith caite, rachaidh an rabhadh in éag mura ndéanfaidh an Cláraitheoir ordú dá mhalairt, agus ar an rabhadh a dhul in éag amhlaidh féadfar déileáil leis an talamh nó leis an muirear ionann is dá mbeifí gan an rabhadh a thaisceadh.
(4) Más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go láithreoidh an rabhdóir, nó duine éigin eile thar a cheann, agus go dtabharfaidh sé, má cheanglaíonn an cláraitheoir air é, urrús leordhóthanach chun gach duine a shlánú in aghaidh aon damáiste a bhainfeadh dó de chionn aon déileáil leis an talamh nó leis an muirear a mhoilliú, féadfaidh an Cláraitheoir, más cuí leis é, clárú aon déileála leis an talamh nó leis an muirear a mhoilliú go ceann cibé tréimhse breise is cuí leis.
(5) Má thaisceann duine ar bith rabhadh faoin alt seo gan chúis réasúnach, dlífidh sé cúiteamh a dhéanamh, a bheidh inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí, le haon duine a ndearna an rabhadh damáiste dó.
(6) I gcás rabhadh a thaiscfear thar ceann údaráis reachtúil, féadfar, de rogha an Chláraitheora, glacadh le deimhniú san fhoirm fhorordaithe in ionad mionnscríbhinne.
Toirmeasc ar dhéileálacha cláraithe.
98.—(1) Féadfaidh an chúirt nó, faoi réir achomhairc chun na cúirte, an Cláraitheoir, ar iarratas ó aon duine ag a bhfuil leas in aon talamh nó muirear cláraithe, tar éis a ordú go ndéanfar cibé fiosruithe (más ann) agus go dtabharfar cibé fógraí, agus tar éis cibé daoine a éisteacht, is dóigh leis an gcúirt nó leis an gCláraitheoir a bheith fóirsteanach, ordú a dhéanamh nó, i gcás iarratais chun an Chláraitheora, taifead a dhéanamh, á thoirmeasc aon déileáil a dhéanamh le haon talamh nó muirear cláraithe go ceann tréimhse, nó go dtí go dtarlóidh teagmhas a ainmneofar san ordú nó sa taifead, nó mura rud é go bhfaighfear toiliú ó dhuine éigin a shonrófar nó go mbeifear tar éis fógra a thabhairt dó roimh ré, nó go ginearálta go dtí go ndéanfar ordú nó taifead eile.
(2) Déanfaidh an Cláraitheoir, ar iarratas ón duine a fuair ordú ón gcúirt faoi fhorálacha an ailt seo, an t-ordú a thaifeadadh sa chlár ar an modh forordaithe.
(3) Féadfaidh an chúirt nó an Cláraitheoir aon téarmaí nó coinníollacha is cuí leo a chur ag gabháil le haon ordú nó taifead den sórt sin, agus féadfaidh siad aon ordú den sórt sin a urscaoileadh nó aon taifead den sórt sin a chealú, agus go ginearálta féadfaidh siad cibé cumhachtaí a fheidhmiú is gá de réir cheartais an cháis; ach ní thabharfaidh aon ní san fho-alt seo cumhacht don Chláraitheoir chun ordú a bheidh déanta ag an gcúirt a urscaoileadh.
(4) (a) Ní údaróidh aon ní san alt seo aon srianta a chur le cumhachtaí tionónta saoil, nó duine a bhfuil cumhachtaí tionónta saoil aige, faoi na hAchtanna um Thalamh Socraithe.
(b) Féadfar aon taifead a bheidh déanta faoin alt seo a tharraingt siar nó a mhodhnú ar thionscnamh na ndaoine go léir a dtaispeánfar ar an gclár go bhfuil leas acu ann.
Talamh Socraithe
Forálacha maidir le húinéirí teoranta.
1882, c. 38.
1884, c. 18.
99.—(1) Nuair a chlárófar duine mar úinéir teoranta faoi shocraíocht, déanfar ainmneacha iontaobhaithe na socraíochta, más ann, a thaifeadadh sa chlár.
(2) Nuair a chlárófar duine mar úinéir teoranta ar thalamh socraithe—
(a) ní thabharfaidh sin don duine a chlárófar amhlaidh, amhail in aghaidh aon duine a dhéanfaidh éileamh faoin tsocraíocht, aon chumhachtaí chun déileáil leis an talamh thar mar a bheadh ag tionónta saoil faoi na hAchtanna um Thalamh Socraithe; ná
(b) ní thabharfaidh sé do shannaí, réadtiomnaí nó ionadaí pearsanta an úinéara theoranta, ná dá shannaí nó dá iontaobhaí i bhféimheacht, aon eastát nó leas thar mar a bheadh aige ar dhóigh eile; ná
(c) ní bhainfidh sé d'aon iontaobhaí faoin tsocraíocht aon chumhachtaí chun déileáil leis an talamh a bheadh aige ar dhóigh eile.
(3) Má bhíonn duine, trí oibriú dlí nó ar dhóigh eile, ina shannaí do dhuine a cláraíodh mar úinéir teoranta ar thalamh, déanfar, ar iarratas uaidh, ainm an tsannaí a thaifeadadh sa chlár agus an focal “sannaí”, nó cibé focail eile a fhorordófar, ina theannta. Mura ndéantar an taifead sin leanfaidh clárú an úinéara theoranta d'éifeacht a bheith aige ionann is dá mba nach ndearnadh aon sannadh.
(4) Ní bheidh an t-úinéir cláraithe ar mhuirear a cláraíodh mar ualach ar eastát úinéara theoranta chláraithe, ná ní mheasfar go raibh sé riamh, sa cháil sin dó, ina shannaí ar eastát an úinéara theoranta sin de réir bhrí an ailt seo; ach ní oibreoidh aon ní san fho-alt seo chun cosc a chur le feidhm alt 50 den Settled Land Act, 1882, maidir le haon mhuirear den sórt sin.
(5) Nuair a cheapfar iontaobhaí nua, déanfaidh an Cláraitheoir, má iarrtar sin, agus má thugtar an fhianaise fhorordaithe ar aird, a ainm a thaifeadadh dá réir sin.
(6) Ní bheidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir le clárú úinéirí teoranta i gcás talún socraithe de réir bhrí alt 63 den Settled Land Act, 1882, mura rud é go dtugann an tsocraíocht don úinéir teoranta na cumhachtaí a thugtar leis an Settled Land Act, 1882, do thionónta saoil, nó go mbeidh ordú a rinneadh faoin Settled Land Act, 1884, i bhfeidhm, tráth an iarratais ar chlárú.
(7) Nuair a dhéanfar ordú den sórt sin maidir le talamh cláraithe, is é éifeacht a bheidh leis go mbeidh an duine atá chun cumhachtaí tionónta saoil ar an talamh a fheidhmiú de bhun an ailt sin cláraithe mar úinéir teoranta na talún faoi réir cibé toirmeasc (más ann) a mheasfar a bheith fóirsteanach, agus ní gá an t-ordú a chlárú mar lis pendens.
(8) Ní bheidh duine faoi éifeacht ag fógra i dtaobh iontaobhais aon socraíochta de bhíthin aon duine a chlárú mar úinéir teoranta faoin tsocraíocht ná de bhíthin aon tagairt don tsocraíocht a thaifeadadh ar an gclár.
Iontaobhaithe
Cumhacht d'iontaobhaí treoracha a iarraidh ar an gcúirt.
100.—(1) Má bhíonn iontaobhaí, nó duine eile a bheidh ag gníomhú i gcáil mhuiníneach, in amhras i dtaobh cén duine is ceart a chlárú faoin Acht seo, nó i dtaobh aon ní eile a gceanglaítear air nó a n-údaraítear dó faoin Acht seo gníomhú ina leith, féadfaidh sé treoracha a iarraidh ar an gcúirt.
(2) Na costais, na táillí agus na caiteachais faoina rachaidh iontaobhaí nó duine eile a bheidh ag gníomhú i gcáil mhuiníneach (lena n-áirítear úinéir teoranta ag feidhmiú cumhachtaí faoi na hAchtanna um Thalamh Socraithe nó faoin Acht seo) go cuí in aon imeacht nó iarratas, nó i ndáil le haon imeacht nó iarratas, a cheanglaítear a dhéanamh nó a údaraítear leis an Acht seo, nó le haon rialacha faoin Acht seo, measfar gur costais, táillí, agus caiteachais iad a ndeachaigh sé fúthu go cuí i bhfeidhmiú a iontaobhais nó a dhualgais, agus i gcás imeachta os comhair an chláraitheora, nó iarratais chuige, féadfaidh an Cláraitheoir iad a chinntiú agus a dhearbhú go críochnaitheach.
Daoine faoi Mhíchumas
Naíona.
101.—(1) Más naíon an t-úinéir cláraithe ar thalamh nó ar mhuirear, tuairisceofar amhlaidh é sa chlár, ach féadfar an tuairisc sin a bhaint as ar an iarratas forordaithe a fháil.
(2) Féadfaidh cibé duine a bheidh forordaithe nó a bheidh ceaptha ag an gcúirt feidhmiú ar son naín chun gach ceann nó aon cheann de chríocha an Achta seo.
Daoine mímheabhracha.
1871, c. 22.
102.—(1) I gcás gealt a breithníodh ina gheilt ag ionchoisne, féadfaidh cúramaí a eastáit feidhmiú ar a shon chun gach ceann nó aon cheann de chríocha an Achta seo.
(2) I gcás duine mhímheabhraigh nár breithníodh ina dhuine mímheabhrach ag ionchoisne, féadfaidh a chúramaí nó a chaomhnóir (más ann) a ceapadh faoin Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, nó, murar ceapadh aon chúramaí nó caomhnóir den sórt sin, caomhnóir a cheapfaidh an chúirt, feidhmiú ar a shon chun gach ceann nó aon cheann de chríocha an Achta seo.
(3) I gcás duine lagmheabhraigh atá go sealadach éagumasach ar a ghnóthaí a rialú, féadfaidh a chaomhnóir (más ann) a ceapadh faoi alt 103 den Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, nó, murar ceapadh aon chaomhnóir den sórt sin amhlaidh, caomhnóir a cheapfaidh an chúirt, feidhmiú ar a shon chun gach ceann nó aon cheann de chríocha an Achta seo.
Féimheacht
Forálacha maidir le féimheacht úinéara chláraithe.
103.—(1) Nuair a thíolacfar achainí féimheachta nó achainí chomhshocraíochta, tabharfaidh cláraitheoir na cúirte don Chláraitheoir fógra gur tíolacadh an achainí, agus air sin bhéarfaidh an Cláraitheoir go gcuirfear taifead sa chlár á thoirmeasc, go ceann tréimhse trí mhí ó dháta na hachainí, aon déileáil a dhéanamh le haon talamh nó muirear cláraithe ar dealraitheach baint a bheith ag an achainí leis.
(2) Má éiríonn aon amhras i dtaobh cé hé an féichiúnaí nó mura féidir a chinntiú go héasca go bhfuil muirear ann a cláraíodh in ainm an fhéichiúnaí, déanfaidh an Cláraitheoir, a luaithe is féidir tar éis dó fógra a fháil gur tíolacadh an achainí agus tar éis cibé fiosruithe a dhéanamh agus cibé fógraí (más ann) a thabhairt a mheasfaidh sé is gá, cibé beart is dóigh leis is inmholta a dhéanamh sa chás sin.
(3) Má thugtar fógra faoin alt seo gur tíolacadh achainí agus—
(a) go ndíbhfear an achainí nó nach rachfar ar aghaidh léi ina dhiaidh sin, nó
(b) go mbreithneofar an t-úinéir cláraithe ina fhéimheach agus go gcuirfear an breithniú ar neamhní ina dhiaidh sin, nó
(c) i gcás comhshocraíochta, nach dtiocfaidh aon dílsiú ar thalamh cláraithe nó ar mhuirear cláraithe de bhua na comhshocraíochta, tabharfaidh cláraitheoir na cúirte fógra dá réir sin don Chláraitheoir agus air sin cealóidh an Cláraitheoir aon taifead a rinneadh faoi fho-alt (1).
(4) I gcás talamh cláraithe nó muirear cláraithe a theacht de réir dlí chun bheith dílsithe do shannaithe nó d'iontaobhaithe chun tairbhe chreidiúnaithe an úinéara chláraithe, beidh na sannaithe nó na hiontaobhaithe i dteideal a gcláraithe mar úinéirí na talún nó an mhuirir nó, i gcás talún socraithe, mar shannaithe an úinéara chláraithe. Ar chlárú a dhéanamh amhlaidh cealóidh an Cláraitheoir aon taifead a rinneadh faoi fho-alt (1).
Dleachtanna Stampa
Dleachtanna stampa.
104.—Sula gclárófar ceannaitheoir mar úinéir céadchláraithe ar thalamh agus sula gclárófar aon diúscairt ar thalamh cláraithe, beidh sé de dhualgas ar an gCláraitheoir a chinntiú gur íocadh na dleachtanna stampa go léir a bheadh iníoctha dá mba le diúscairt neamhchláraithe a tíolacadh an talamh chun an cheannaitheora nó dá mba dhiúscairt neamhchláraithe an diúscairt a bhí le clárú.
Deimhnithe agus Fógraí
Deimhnithe.
105.—(1) Faoi réir rialacha ginearálta, déanfar an deimhniú talún nó an deimhniú muirir a deonaíodh nuair a cláraíodh úinéir ar thalamh, nó ar mhuirear ar thalamh, a thabhairt ar aird don Chláraitheoir i gcás aon idirbhirt ina dhiaidh sin is gá a chlárú maidir leis an talamh nó leis an muirear, cibé acu é, agus cealófar é nó athrófar é ar chuma go mbeidh sé i gcomhréir leis an gclár.
(2) Faoi réir rialacha ginearálta, féadfaidh an Cláraitheoir, ar iarratas ón úinéir cláraithe, nó ó aon duine a bhfeicfear don Chláraitheoir gur duine é atá i dteideal a cheangal go dtabharfaí deimhniú talún nó deimhniú muirir ar aird dó, a ordú d'aon duine a bhfuil an deimhniú ina choimeád aige an deimhniú a thabhairt ar aird don Chláraitheoir chun críche aon déileála leis an talamh nó an muirear cláraithe is féidir a dhéanamh gan toiliú an duine a bhfuil an deimhniú ina choimeád aige.
(3) Má thugtar deimhniú ar aird faoin alt seo, ní athróidh sé sin an ceart chun an deimhniú a choimeád, ná ní dhéanfaidh sé difear d'aon lian a bheidh ag duine ar bith ar an deimhniú.
(4) Beidh deimhniú talún nó deimhniú muirir ina fhianaise prima facie ar na nithe éagsúla a bheidh ann.
(5) Faoi réir aon cheart a bheidh cláraithe, nuair a thaiscfear deimhniú talún nó deimhniú muirir, beidh an éifeacht chéanna, chun lian a bhunú ar an talamh nó an muirear lena mbaineann an deimhniú, ag an taisceadh sin agus a bheadh ag taisceadh gníomhas teidil i leith talún neamhchláraithe nó i leith muirir air.
Seoltaí agus fógraí.
106.—(1) Gach duine a mbeidh a ainm taifeadta ar an gclár mar úinéir talún nó muirir, nó mar rabhdóir, nó mar dhuine atá i dteideal aon fhógra a fháil, nó in aon cháil eile, tabharfaidh sé don Chláraitheoir ainm áite is seoladh dó sa Stát.
(2) Faoi réir rialacha ginearálta, seirbheálfaidh an Cláraitheoir gach fógra is gá de réir an Achta seo a sheirbheáil ar aon duine den sórt sin, agus seirbheálfar é go pearsanta, nó cuirfear é leis an bpost i litir chláraithe a bheidh marcáilte ar an taobh amuigh ar an modh forordaithe agus a bheidh dírithe chun an duine ag an seoladh a tugadh amhlaidh don Chláraitheoir, agus, mura gcuirtear ar ais í, measfar, mura gcruthaítear a mhalairt, í a bheith faighte ag an duine chun ar díríodh í laistigh de cibé tréimhse a bheidh forordaithe.
(3) Má tharlaíonn nach gcuirfear chuig ceannaitheoir cláraithe ar chomaoin luachmhar aon fhógra a ordaítear leis an Acht seo a thabhairt, nó nach bhfaighidh sé an fógra sin, ní dhéanfaidh sin difear dó mura rud é go raibh a fhios aige nár cuireadh chuige, nó nach bhfuarthas, an fógra roimh an gclárú.
Cuardach agus Tosaíocht
Cláir agus léarscáileanna a chuardach.
107.—(1) Féadfaidh duine ar bith aon taifead i gclár, nó aon treoir le clár, agus aon léarscáil chlárlainne, a scrúdú, cibé tráthanna agus ar cibé coinníollacha a fhorordófar.
(2) Féadfaidh duine ar bith a iarraidh ar an gCláraitheoir cuardach oifigiúil a dhéanamh i gclár nó i léarscáil chlárlainne agus deimhniú ar thoradh an chuardaigh a eisiúint.
Tosaíocht a thugtar le deimhniú ar chuardach oifigiúil.
108.—(1) Más deimhin leis an gCláraitheoir go bhfuil an duine chun ar eisíodh deimhniú ar thoradh cuardaigh oifigiúil tar éis dul i gconradh chun an talamh lena mbaineann an deimhniú a cheannach, nó chun léas a thógáil air, nó chun airgead a thabhairt ar iasacht faoi urrús muirir air, cuirfidh an Cláraitheoir, ar iarratas an duine sin, taifead sa chlár san fhoirm fhorordaithe.
(2) In aon chás den sórt sin, beidh ag iarratas go gclárófar an ionstraim chun an conradh a chomhlánú, ar choinníoll go mbeidh an t-iarratas in ordú agus go seachadfar é sa phríomhoifig laistigh de thréimhse cheithre lá dhéag tar éis dáta an deimhnithe a eisiúint, tosaíocht ar aon iarratas eile ar chlárú a dhéanfar i leith na talún laistigh den tréimhse sin.
CUID IV
Cineachadh i gcás Báis agus Titim d'Oidhreacht i gcás Díthiomnachta
Feidhm Chuid IV.
109.—Baineann an Chuid seo le gach talamh cláraithe.
Cineachadh talún cláraithe
110.—Beidh feidhm maidir le gach talamh cláraithe ag an dlí a bhaineann le cineachadh eastáit réadaigh i gcás báis faoi mar atá feidhm aige maidir le heastát réadach.
Comharbas ar leas tairbhiúil i dtalamh cláraithe i gcás díthiomnachta.
111.—Gach talamh cláraithe a chineachfaidh ar ionadaithe pearsanta duine éagtha, dáilfear é i gcás díthiomnachta ionann is dá mba eastát pearsanta é.
Deireadh leis na rialacha maidir le titim d'oidhreacht i gcás talamh ruílse cláraithe.
112.—(1) Déantar leis seo gach uile riail, modh agus canóin atá ar marthain maidir le titim d'oidhreacht agus le cineachaidh trí áitíocht speisialta a chur ar ceal i gcás gach talamh ruílse cláraithe ach amháin sa mhéid go mbeadh feidhm acu maidir le heastát sainoidhrithe a thitim d'oidhreacht.
(2) Déantar leis seo duar, tionóntacht chórtais agus eiséatadh a chur ar ceal maidir leis an talamh sin.
Cosaint i gcás básanna roimh thosach feidhme an Achta seo.
113.—(1) Ní bheidh feidhm ag na forálacha roimhe seo denChuid seo ach amháin i gcásanna báis tar éis tosach feidhme an Achta seo.
(2) I gcásanna báis roimh thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh forálacha Chuid IV d'Acht 1891 d'fheidhm a bheith acu maidir le gach talamh a bhí faoi réir forálacha na Coda sin díreach roimh an tosach feidhme sin.
An bhrí atá le “oidhrí”.
114.—Maidir le talamh ruílse cláraithe, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—
(a) nuair a úsáidtear “oidhre” nó “oidhrí” mar fhocal cinnteachta in aon achtachán, gníomhas nó ionstraim a ritheadh nó a forghníomhaíodh roimh dháta an Achta seo a rith, nó a rithfear nó a fhorghníomhofar dá éis sin, beidh an éifeacht chéanna leis agus a bheadh dá mba nár ritheadh an tAcht seo;
(b) nuair a úsáidtear “oidhre” nó “oidhrí” mar fhocal ceannaigh in aon achtachán, gníomhas nó ionstraim a ritheadh nó a forghníomhaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo, beidh an bhrí chéanna leis agus a bheadh dá mba nár ritheadh an tAcht seo;
(c) nuair a úsáidtear an focal “oidhre” nó “oidhrí” mar fhocal ceannaigh in aon achtachán, gníomhas nó ionstraim a rithfear nó a fhorghníomhofar tar éis tosach feidhme an Achta seo, déanfar, mura léir a mhalairt d'intinn, é a fhorléiriú chun go gciallóidh sé an duine nó na daoine, seachas creidiúnaí, ag a mbeadh teideal tairbhiúil chun eastát pearsanta an tsinsir dá mba rud é gur éag an sinsear ina dhíthiomnóir;
(d) faoi réir a bhfuil ráite anseo roimhe seo, déanfar tagairtí d'oidhrí aon duine in aon achtachán, gníomhas nó ionstraim a ritheadh nó a forghníomhaíodh roimh dháta an Achta seo a rith, nó a rithfear nó a fhorghníomhófar dá éis sin, a fhorléiriú mar thagairtí dá ionadaithe pearsanta.
CUID V
Forálacha Ilghnéitheacha
Neamhniú coinníollacha áirithe i gconarthaí chun talamh cláraithe a dhíol nó a chur faoi mhuirear.
115.—Gach coinníoll i gconradh chun talamh cláraithe a dhíol nó a mhuirearú, nó chun muirear cláraithe a aistriú, trína gcoisctear ar an gceannaitheoir nó ar an duine atá le bheith ina mhuirearóir nó ina aistrí (cibé acu é) foréilimh a dhéanamh maidir le hualaí i gcoitinne nó maidir le haon ualach áirithe a bheadh, de bhua alt 72, ag luí ar an talamh, beidh sé ar neamhní.
Talamh a dhíolmhú óna chlárú i gClárlann na nGníomhas.
116.—(1) Ar úinéireacht aon eastáit nó leasa i dtalamh a chlárú faoin acht seo, beidh an t-eastát nó an leas sin díolmhaithe, ar dháta an chláraithe agus dá éis, ó fhorálacha na n-achtachán a bhaineann le Clárlann na nGníomhas; agus ní gá gníomhas ná doiciméad eile a bhainfidh leis an eastát nó leis an leas sin, agus a fhorghníomhófar nó a thiocfaidh i ngníomh ar an dáta sin nó dá éis, a chlárú i gClárlann na nGníomhas, mura mbaineann sé freisin le talamh neamhchláraithe. Ní bheidh d'éifeacht, áfach, ag clárú na húinéireachta sin go ndíolmhóidh sé ó chlárú i gClárlann na nGníomhas aon ghníomhas nó doiciméad a bhaineann leis an teideal chun aon eastáit nó leasa eile sa talamh seachas gníomhas nó doiciméad ag bunú an eastáit nó an leasa sin.
(2) Nuair a chlárófar úinéireacht aon eastáit nó leasa i dtalamh faoin Acht seo, tabharfar meabhrachán ar an gclárú, san fhoirm fhorordaithe, do Chláraitheoir na nGníomhas, agus cláróidh seisean an meabhrachán láithreach i gClárlann na nGníomhas gan aon táille ná dleacht a bhaint amach as é sin a dhéanamh.
(3) Nuair is gá, de réir aon achtacháin, aon ghníomhas nó doiciméad eile a chlárú i gClárlann na nGníomhas laistigh de thréimhse áirithe nó ar dhóigh eile, is comhlíonadh ar fhorálacha an achtacháin sin an teideal faoin ngníomhas sin nó faoin doiciméad eile sin a chlárú (laistigh den tréimhse chéanna, i gcás ina gceanglaítear clárú laistigh de thréimhse áirithe).
Díolúine ó ualaí a chlárófar faoin Acht seo a chlárú in áit eile.
117.—(1) Nuair a chlárófar ualach faoin Acht seo is ionann éifeacht dó agus clárú a dhéanamh, agus bhéarfaidh sé nach gá clárú a dhéanamh, ar aon ghníomhas nó doiciméad a bhaineann leis an ualach sin, i gClárlann na nGníomhas. I gcás leasa léasaigh nach mbeidh a úinéireacht cláraithe faoin Acht seo, is leis an léas féin amháin a ghabhfaidh an díolúine sin agus ní beidh réim aici maidir le haon ghníomhas nó doiciméad eile a bhaineann leis an teideal chun an leasa léasaigh.
(2) (a) Nuair a dhéanfar ar an modh forordaithe breithiúnas, ordú, ionchoisne, cúirtbhanna nó banna Stáit a chlárú mar ualach faoin Acht seo, is ionann éifeacht dó agus clárú a dhéanamh, agus bhéarfaidh sé nach gá clárú a dhéanamh, chun aon chríche maidir leis an talamh, ar an gcéanna i gClárlann na mBreithiúnas;
(b) Ní dhéanfaidh aon bhreithiúnas, ordú, ionchoisne, cúirtbhanna ná banna den sórt sin difear d'aon talamh cláraithe maidir le ceannaitheoirí, morgáistithe nó creidiúnaithe, tar éis cúig bliana a bheith caite ó dháta an chláraithe sin, mura ndéanfar ná go dtí go ndéanfar é a athchlárú ar an modh forordaithe faoin Acht seo laistigh de chúig bliana roimh fhorghníomhú an tíolacais, na socraíochta, an mhorgáiste, an léasa, nó na hionstraime eile a dhéanann an ceart dlíthiúil nó an ceart cothromasach chun an eastáit nó an leasa a dhílsiú d'aon cheannaitheoir nó morgáistí den sórt sin nó a aistriú chuige ar chomaoin luachmhar, ná maidir le creidiúnaithe laistigh de chúig bliana sular fhaibhrigh ceart an chreidiúnaí sin, agus é a athchlárú amhlaidh ag deireadh gach cúig bliana ina dhiaidh sin.
Díolúine an údaráis chlárúcháin.
118.—Ní bheidh údarás clárúcháin, ná ní bheidh aon duine a bheidh ag gníomhú faoina údarás nó faoi aon ordú nó riail ghinearálta a dhéanfar de bhun an Achta seo, faoi dhliteanas ó thaobh aon chaingne, agra nó imeachta i gcás nó i leith aon ghnímh nó ní a rinneadh nó a fágadh gan déanamh bona fide i bhfeidhmiú, nó á cheapadh go rabhthas ag feidhmiú, cumhachtaí an Achta seo nó aon ordaithe nó rialach ginearálta a dhéanfar de bhun an Achta seo.
Pionóis mar gheall ar chalaois.
119.—(1) Má dhéanann duine ar bith aon chion acu seo a leanas, is é sin le rá—
(a) má fholaíonn sé aon doiciméad nó fíoras, nó má thugann sé iarracht é a fholú, nó má bhíonn sé ionpháirteach ina fholú, i gcúrsa aon imeachtaí os comhair an Chláraitheora nó na cúirte de bhun an Achta seo, le hintinn teideal nó éileamh aon duine a cheilt, nó éileamh falsa a shuíomh, nó
(b) má thugann sé chun críche go calaoiseach nó má dhéanann sé iarracht ar a thabhairt chun críche go calaoiseach, nó má bhíonn sé ionpháirteach ina thabhairt chun críche go calaoiseach, go ndéanfar aon taifeadadh, scriosadh nó athrú sa chlár, nó
(c) má dhéanann sé go toiliúil ráiteas a bheidh bréagach in aon phonc ábhartha in aon mhionnscríbhinn a cheanglaítear nó a údaraítear a dhéanamh chun aon chríche faoin Acht seo, nó faoi aon ordú nó aon rialacha ginearálta a dhéanfar de bhun an Achta seo,
beidh sé ciontach in oilghníomh, agus má chiontaítear é ar díotáil dlífear príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain a chur air, nó fineáil nach mó ná cúig chéad punt.
(2) Ní dhéanfaidh aon imeacht ná ciontú i leith aon chiona a dhearbhaítear leis an Acht seo a bheith ina oilghníomh difear d'aon leigheas a mbeadh teideal chuige ag aon duine a bheadh éagóirithe ag an gcion.
(3) Ní thabharfaidh aon ní san Acht seo teideal d'aon duine diúltú follasú iomlán a dhéanamh in aon imeacht dhlíthiúil ná diúltú aon cheist nó agarcheist a fhreagairt in aon imeacht shibhialta; ach ní bheidh aon fhollasú ná freagra den sórt sin inghlactha i bhfianaise i gcoinne an duine sin in aon imeacht choiriúil faoin Acht seo.
Cúiteamh in earráid, brionnú nó calaois maidir le clárú.
120.—(1) Baineann an t-alt seo le caillteanas a bhainfidh d'aon duine—
(a) mar gheall ar cheartú ag an gcúirt ar aon earráid i gclárú de shórt is féidir a cheartú faoi fho-alt (1) d'alt 32, nó
(b) mar gheall ar aon earráid a thúsaigh i gClárlann na Talún (cibé acu trí mhíráiteas, míthuairisc, ligean ar lár nó eile é, agus cibé acu i gclár nó i léarscáil chlárlainne di) agus a tharla i gclárú agus nach mbeidh ceartaithe faoin bhfo-alt sin (1), nó
(c) mar gheall ar aon taifead i gclár nó i léarscáil chlárlainne, nó aon ní a ligeadh ar lár as an gcéanna, agus ar brionnú nó calaois a chúisigh nó a thug i gcrích é, nó
(d) mar gheall ar aon earráid i gcuardach oifigiúil a rinne údarás clárúcháin nó aon oifigeach dá chuid, nó
(e) mar gheall ar neamhchruinneas aon chóipe oifige de chlár nó de léarscáil chlárlainne, nó aon sleachta as an gcéanna, nó aon chóipe oifige d'aon doiciméad nó plean a comhdaíodh i gClárlann na Talún, nó aon sleachta as an gcéanna.
(2) Má tharlaíonn caillteanas lena mbaineann an t-alt seo d'aon duine agus nach é is cúis leis an gcaillteanas, nó nach cuidiú substaintiúil leis, gníomh, faillí nó mainneachtain a rinne sé féin nó a ghníomhaire, beidh an duine sin agus aon duine a ghabhann teideal uaidh i dteideal cúitimh i leith an chaillteanais sin de réir an ailt seo.
(3) I gcás earráid a cheartú ag an gcúirt faoi fho-alt (1) d'alt 32, measfar gur caillteanas lena mbaineann an t-alt seo na costais agus na caiteachais faoina ndeachaigh an t-iarratasóir ag fáil an cheartaithe.
(4) Déanfar an cúiteamh go léir is iníoctha faoin alt seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(5) Bainfidh na forálacha seo a leanas le gach éileamh ar chúiteamh faoin alt seo:
(a) déanfar an t-éileamh ar an modh forordaithe chun an Chláraitheora agus tabharfar fógra ina thaobh don Aire Airgeadais;
(b) cinnfidh an Cláraitheoir an t-éileamh agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ann mura rud é go mbeidh an tAire Airgeadais nó an t-éilitheoir míshásta leis an gcinneadh sin, agus sa chás sin féadfaidh ceachtar páirtí achomharc a dhéanamh chun na cúirte;
(c) ní ghéillfidh an Cláraitheoir d'aon éileamh tar éis tréimhse sé bliana a bheith caite ón am a d'fhaibhrigh an ceart chun cúitimh mura rud é, ar bheith caite don tréimhse sin, go raibh an duine a bhí i dteideal an t-éileamh a dhéanamh faoi mhíchumas, agus sa chás sin ní ghéillfear don éileamh tar éis dhá bhliain a bheith caite ó tháinig deireadh leis an míchumas, ach beidh cinneadh an Chláraitheora ag diúltú nó ag ceadú éilimh faoin mír seo faoi réir achomhairc chun na cúirte;
(d) chun críocha mhír (c), measfar an ceart chun cúitimh a fhaibhriú—
(i) maidir le haon eastát nó leas i seilbh, ar dháta an chláraithe ba chúis leis an gcaillteanas a bhfuil an cúiteamh á éileamh ina leith, nó
(ii) maidir le haon eastát nó leas i bhfuíoll nó i bhfrithdhílse, ar an dáta a bheadh an t-eastát nó an leas sin tar éis titim i seilbh mura mbeadh an clárú sin a dúradh;
(e) áireofar sa chúiteamh na costais faoina ndeachaigh an t-éilitheoir chun a éileamh a shuíomh.
(6) I gcás ina n-íocfar cúiteamh faoin alt seo le duine ar bith—
(a) beidh an cúiteamh (seachas na costais) inchurtha chun feidhme chun aon eirí a ghlanadh a luíonn ar eastát nó leas an duine sin sa talamh nó sa mhuirear a bhfuil an cúiteamh iníoctha ina leith;
(b) beidh an ceart céanna ag an Aire Airgeadais chun méid an chúitimh sin a ghnóthú ó aon duine ba chúis leis an gcaillteanas, nó a fuair buntáiste as, agus a bheadh ag an duine dar bhain an caillteanas dá mba é a bhí ann díobháil a rinne an duine céadluaite dó.
Toirmeasc de dhroim earráid a aimsiú.
121.—(1) Aon uair a fheicfear don Chláraitheoir go ndearnadh i gclárú aon earráid is féidir a cheartú, féadfaidh an Cláraitheoir cibé toirmeasc is cuí leis ar dhéileálacha leis an talamh, nó leis an ualach, lena mbaineann an earráid sin a thaifeadadh sa chlár chun an Príomh-Chiste a chosaint in aghaidh éileamh ar chúiteamh i leith caillteanas a thiocfaidh as cláruithe a dhéanfar tar éis an earráid sin a aimsiú agus roimh í a cheartú.
(2) Ní bhainfidh toirmeasc a thaifeadfar sa chlár faoin alt seo le haon chlárú a bheidh ar feitheamh iarbhír sa phríomhoifig nuair a thaifeadfar an toirmeasc sin ná ní choiscfidh sé comhlánú an chláraithe sin.
(3) Aon uair a thaifeadfaidh an Cláraitheoir toirmeasc faoin alt seo, cuirfidh sé fógra i dtaobh an toirmisc sin, agus i dtaobh na hearráide ar mar gheall uirthi a taifeadadh é, chun na ndaoine go léir a ndealraíonn sé ón gclár go ndéanann an earráid sin difear dóibh agus chun cibé daoine eile (más ann) a fhorordófar.
Gan úinéir talún le teideal scalbhach a bheith ina iontaobhaí faoi Reacht na dTréimhsí, 1957.
122.—(1) Nuair a chlárófar duine mar úinéir talún le teideal atá, nó a mheastar a bheith, ina theideal sealbhach, ní bheidh seisean ná aon duine a bheidh ag éileamh tríd ina iontaobhaí i leith na talún sin chun críocha Reacht na dTréimhsí, 1957, de bhíthin an chláraithe agus dá bhíthin sin amháin.
(2) Gabhann fo-alt (1) ionad mhír (c) d'fho-alt (2) d'alt 2 de Reacht na dTréimhsí, 1957, a aisghairtear leis an Acht seo.
Éifeacht focal aistrithe.
123.—(1) Aistreoidh ionstraim aistrithe talún ruílse cláraithe gan focail chinnteachta, ná aon abairt chomhionann, an feo simplí nó d'eile an leas iomlán a raibh cumhacht ag an aistreoir é a aistriú sa talamh, mura léir a mhalairt d'intinn san ionstraim.
(2) Déanfaidh ionstraim aistrithe talún ruílse cláraithe chuig corparáid aonair faoina teideal corpraithe gan an focal “comharbaí” an feo simplí nó d'eile an leas iomlán a raibh cumhacht ag an aistreoir é a aistriú sa talamh a aistriú chun na corpráide, mura léir a mhalairt d'intinn san ionstraim.
(3) In ionstraim aistrithe talún cláraithe ní bheidh úsáid ná iontaobhas fillteach don aistreoir intuigthe de bhíthin amháin nach bhfuil sé sainráite go bhfuil an mhaoin á haistriú chun úsáide nó tairbhe an aistrí.
(4) Ní bhaineann an t-alt seo ach amháin le hionstraimí aistrithe a fhorghníomhófar tar éis tosach feidhme an Achta seo.
Cumhacht Feidhmeannach Síochána chun mionnscríbhinní a ghlacadh.
124.—Féadfar mionnscríbhinn a bheidh le déanamh nó le húsáid in aon imeachtaí os comhair an Chláraitheora a mhionnú os comhair Feidhmeannaigh Shíochána agus beidh cumhacht aigesean duine a chur faoi mhionn chuige sin.
Talamh faoin marc uachtar láin a chlárú.
1865, a. 88.
125.—I gcás ina ndéanfar iarratas chun úinéir talún a chlárú agus go bhfeicfear don Chláraitheoir go bhfuil imeall trá, de réir bhrí an Achta Imeall Trágha, 1933, sa talamh, cuirfidh an Cláraitheoir fógra i scríbhinn ina thaobh sin chun an Aire Iompair agus Cumhachta.
Cumhacht chun rialacha agus orduithe a dhéanamh.
1883, c. 20.
126.—(1) Leanfar de Choiste na Rialacha um Chlárú Teidil a thabhairt ar an gcoiste a bunaíodh le halt 73 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936.
(2) Féadfaidh Coiste na Rialacha um Chlárú Teidil, le comhthoiliú an Aire Dlí agus Cirt, rialacha ginearálta a dhéanamh chun cuspóirí an Achta seo a chur in éifeacht, agus go sonrach, gan an chumhacht sin roimhe seo a theorannú, maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas:
(a) an gnó sa phríomhoifig agus sna hoifigí áitiúla a stiúradh, agus cumhachtaí agus dualgais an Chláraitheora agus na gcláraitheoirí áitiúla, agus na n-oifigeach agus na ndaoine go léir a ghabhann leis an bpríomhoifig agus leis na hoifigí áitiúla;
(b) comhbhaint na príomhoifige leis na hoifigí áitiúla;
(c) aistrithe a stiúradh agus eolas a bhaineann le haistrithe a fhoilsiú;
(d) na cláir a dhéanamh agus a choimeád agus treoir a sholáthar dóibh, agus doiciméid a bhaineann le teideal a fhíordheimhniú agus a shlánchoimeád;
(e) an nós imeachta is inleanta, an réamhchúram a bheidh le glacadh, na fógraí a bheidh le tabhairt, agus an fhianaise a bheidh le tabhairt ar aird, sna himeachtaí uile maidir le clárú, agus na himthosca ina ndéanfar, agus na daoine chun a ndéanfar, ceisteanna a tharchur maidir leis an scrúdú ar aon teideal chun talún a bheartaítear a chlárú;
(f) an nós imeachta is inleanta maidir le clárú i gcás gabháltais a mhalartú;
(g) an fhoirm ina mbeidh, agus na coinníollacha faoina mbeidh, taifid le cur sa chlár agus ar dá réir a fhéadfar iad a mhodhnú nó a chealú; an t-ord ina mbeidh taifid maidir leis an talamh céanna le déanamh, agus earráidí cléireachais a cheartú sna cláir nó sna léarscáileanna clárlainne nó in aon doiciméad a bhaineann le clárú;
(h) foirm agus ábhair aon ionstraime, deimhnithe, meabhracháin, mionnscríbhinne nó doiciméid eile a gceanglaítear nó a n-údaraítear é a úsáid nó a thabhairt faoin Acht seo nó chun críocha an Achta seo;
(i) na coinníollacha faoina bhféadfar deimhniú nua talún nó deimhniú nua muirir a thabhairt in ionad deimhnithe a cailleadh, a aghloiteadh nó a díothaíodh;
(j) aon ionstraimí a thiocfaidh ó am go ham i láimh aon oifigigh do Chlárlann na Talún a choimeád;
(k) aon chlár nó doiciméad a bheidh faoi choimeád Chlárlann na Talún a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh de nó sleachta a bhaint as;
(l) na costais agus na táillí a bheidh le baint amach ag atúrnaetha nó ag daoine eile, nó a bheidh le ceadú dóibh, mar gheall ar chlárú nó nithe a ghabhann leis nó a leanann as, nó i leith aon ní eile is gá a dhéanamh chun an tAcht seo a chur i ngníomh, nó ar dhóigh eile i gcomhlíonadh na ndualgas a fhorchuirtear leis an Acht seo nó faoi, nó le haon Acht eile nó faoi, ar údarás clárúcháin, maille le cumhacht chun a cheangal go mbeidh na costais agus na táillí sin iníoctha trí choimisiún, céatadán, nó eile;
(m) costais a fhómhas agus na daoine ag a mbeidh, agus lena mbeidh, costais le fómhas agus le híoc;
(n) dul faoi urrús i leith costais achomhairc faoin Acht seo; agus
(o) aon ní a n-ordaítear nó a n-údaraítear leis an Acht seo é a fhorordú, nó a n-ordaítear nó a n-údaraítear leis an Acht seo rialacha ginearálta a dhéanamh ina leith.
(3) Déanfar foráil le rialacha ginearálta chun go gclárófar, gan costas ar na páirtithe leasmhara, na teidil go léir a taifeadadh faoin Record of Title (Ireland) Act, 1865, agus glacfar cúram sna rialacha sin chun aon chearta a chosaint a fuarthas de bhun an taifeadta sin. Go dtí go ndéanfar an clárú, beidh feidhm ag an Acht sin ina leith sin ionann is dá mba nár ritheadh an tAcht seo.
(4) (a) Gach oifig a bheidh faoi urláimh an Chláraitheora sa cháil sin dó, nó i gcáil Chláraitheoir na nGníomhas dó, beidh sí ar oscailt don phobal cibé laethanta agus ar feadh cibé uaire a chloig a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt ó am go ham le hordú.
(b) Aisghairtear leis seo an Registry of Deeds Office (Ireland) Holidays Act, 1883.
(c) D'ainneoin alt 2, tiocfaidh an fo-alt seo i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith.
Cosaint do bona vacantia.
127.—Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear do cheart an Stáit chun aon mhaoine mar bona vacantia.
AN SCEIDEAL
AISGHAIRM
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
10 & 11 Vict. c. 32. | Landed Property Improvement (Ireland) Act, 1847. | Alt 21, sa mhéid go ndéanann sé foráil chun scaoileadh, maidir le talamh cláraithe, a chlárú i gClárlann na nGníomhas. |
34 & 35 Vict. c. 100. | Glebe Loan (Ireland) Amendment Act, 1871. | Alt 13, sa mhéid go ndéanann, sé foráil chun scaoileadh, maidir le talamh cláraithe, a chlárú i gClárlann na nGníomhas. |
38 & 39 Vict. c. 8. | National School Teachers Residences (Ireland) Act, 1875. | In alt 5, an dara mír, sa mhéid go ndéanann sí foráil chun scaoileadh, maidir le talamh cláraithe, a chlárú i gClárlann na nGníomhas. |
54 & 55 Vict. c. 66. | Registration of Title Act, 1891. | An tAcht iomlán. |
3 Edw. 7 c. 37. | Irish Land Act, 1903. | Fo-alt (6) d'alt 3. |
Ailt 58 go 60, agus fo-alt (2) d'alt 63. | ||
Ailt 51 agus 52. | ||
Fo-alt (3) d'alt 30. Alt 31. | ||
Alt 48. | ||
Alt 74. | ||
Alt 7 | ||
An tAcht iomlán. | ||
Mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 2. I mír (d) (a cuireadh isteach le halt 26 den Acht um Riaradh Eastát, 1959) d'fho-alt (2) d'alt 2, na focail “nó fo-ailt (1) d'alt 86 d'Acht 1891.” In alt 24, na focail “agus ailt 52 d'Acht 1891.” | ||
Mír (a) d'alt 9. Alt 22. |