Uimhir 8 de 1959.
AN tACHT UM RIARADH EASTÁT, 1959.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar an tAcht um Riaradh Eastát, 1959, a ghairm den Acht seo.
(2) (a) Tiocfaidh an tAcht seo (ach amháin Codanna II agus III agus alt 26 i gCuid IV) i ngníomh díreach ar é a rith.
(b) Tiocfaidh Codanna II agus III agus alt 26 i gCuid IV den Acht seo i ngníomh an 1ú lá de Mheitheamh, 1959.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1891” an Registration of Title Act, 1891;
ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt agus, i gcás eastáit dhuine éagtha nuair atá dlínse ag an gCúirt Chuarda agra i leith riaradh an eastáit a éisteacht agus a chinneadh, folaíonn sé an Chúirt Chuarda;
ciallaíonn “ionadaí pearsanta” seiceadóir bunaidh nó seiceadóir trí ionadaíocht, nó riarthóir de thuras na huaire dhuine éagtha;
ní fholaíonn “eastát réadach” airgead atá le teacht de dhroim iontaobhais i leith díol talún ná airgead atá urraithe nó muirearaithe ar thalamh;
ciallaíonn “talamh cláraithe” talamh a bhfuil an teideal chuige cláraithe faoi Acht 1891;
ciallaíonn “Clárlann na nGníomhas” an clárlann a choimeádtar faoin Registration of Deeds Act, 1707;
ciallaíonn an “Registration of Deeds Act, 1707” an reacht Éireannach réamh-Aontachta (6 Anne c. 2 (Ir.)) a ritheadh sa bhliain 1707 agus dar teideal “an Act for the Publick Registering of all Deeds, Conveyances and Wills that shall be made of any Honors, Lands, Tenements or Hereditaments”;
ciallaíonn “talamh neamhchláraithe” talamh nach bhfuil an teideal chuige cláraithe faoi Acht 1891;
folaíonn “uacht” codaisíl.
(2) San Acht seo déanfar tagairtí d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.
Feidhm Choda II agus Choda III den Acht.
3.—Ní bhainfidh Codanna II agus III den Acht seo le heastát aon duine a d'éag roimh an 1ú lá de Mheitheamh, 1959.
Mionleasuithe agus leasuithe iarmartacha.
4.—I gcás eastáit dhaoine a éagfaidh an 1ú lá de Mheitheamh, 1959, nó dá éis, is faoi réir na mionleasuithe agus na leasuithe iarmartacha a shonraítear i gcolún (3) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bheidh feidhm ag na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Sceideal sin.
Athghairm.
5.—I gcás eastáit dhaoine a éagfaidh an 1ú lá de Mheitheamh, 1959, nó dá éis, tá na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo arna n-athghairm an méid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.
CUID II
Cineachadh Eastáit Réadaigh ar Bhás Duine
Cineachadh eastáit réadaigh ar bhás duine.
6.—(1) (a) Faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, i gcás teideal a bheith ag duine éagtha chun eastáit réadaigh le haghaidh eastáit nó leasa nár scoir ar a bhás, ansin ar é d'fháil bháis, d'ainneoin aon diúscartha thiomnaí, cineachfaidh an céanna chun a ionadaithe pearsanta ó am go ham agus beidh sé dílsithe iontu ionann is dá mba airnéis réadach é a bheadh ag dílsiú iontu.
(b) Chun críocha míre (a) den fho-alt seo—
(i) aon eastát nó leas in eastát réadach a aistreoidh faoi aon bhronntanas in uacht dhuine éagtha a oibríonn mar cheapachán faoi chumhacht ghinearálta chun ceapachán a dhéanamh le huacht, measfar gur eastát nó leas é nár scoir ar a bhás agus a raibh teideal aige chuige,
(ii) aon eastát nó leas in eastát réadach a bhí ag duine éagtha faoi eastát sainoidhrithe, measfar gur eastát nó leas é a scoir ar a bhás, ach aon eastát nó leas eile a bhí ag an éagach i bhfuíoll nó i bhfrithdhílse san eastát réadach sin agus is féidir a dhiúscairt trína uacht, measfar gur eastát nó leas é nár scoir amhlaidh,
(iii) aon eastát nó leas a bhí ag duine éagtha faoi nascthionóntacht, agus aon tionónta ag maireachtáil d'éis an éagaigh, measfar gur eastát nó leas é a scoir ar é d'fháil bháis,
(iv) ar bhás corparáidigh aonair, measfar gur eastát nó leas a scoir ar é d'fháil bháis a eastát nó a leas in eastát réadach na corparáide.
(2) Aon tagairtí atá sna hailt ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht seo d'eastát réadach dhuine éagtha forléireofar iad mar thagairtí don eastát réadach de chuid an duine éagtha a chinneachaigh chun a ionadaithe pearsanta de bhua fo-ailt (1) den alt seo.
Forálacha maidir le riarachán.
7.—(1) Faoi réir na gcumhachtaí, na gceart, na ndualgas agus na ndliteanas a luaitear anseo ina dhiaidh seo san Acht seo, teachtfaidh ionadaithe pearsanta dhuine éagtha a eastát réadach mar iontaobhaithe do na daoine atá ina dteideal de réir dlí, agus beidh ag na daoine sin, faoi réir forálacha an Achta seo, an chumhacht chéanna chun a cheangal go n-aistreofar eastát réadach atá ag daoine atá i dteideal eastáit phearsanta chun a cheangal go n-aistreofaí an t-eastát pearsanta sin.
(2) Faoi réir forálacha an Acht seo, gach achtachán agus riail dlí a bhaineann leis na nithe seo—
(a) éifeacht phrobháide nó litreacha riaracháin maidir le hairnéisí réadacha,
(b) déileáil le hairnéisí réadacha roimh phrobháid nó litreacha riaracháin,
(c) cumhachtaí, cearta, dualgais agus dliteanais ionadaithe pearsanta maidir le heastát pearsanta,
(d) íoc costas riaracháin, agus
(e) gach ní eile maidir le riaradh eastáit phearsanta, beidh feidhm aige,
chomh fada agus is infheidhme an céanna, maidir le heastát réadach ionann is dá mba airnéis réadach é.
(3) (a) I gcás riarachán sócmhainní duine a éagfaidh an 1ú lá de Mheitheamh, 1959, nó dá éis, riarfar a eastát réadach ar an modh céanna, faoi réir na ndliteanas céanna i leith fiacha, costas agus caiteachas agus leis na comhleanúintí céanna, ionann is dá mba eastát pearsanta é.
(b) Ní athróidh aon ní i mír (a) den fho-alt seo an t-ord, ná ní dhéanfaidh sé difir don ord, ina mbeidh, díreach roimh an 1ú lá de Mheitheamh 1959, sócmhainní réadacha agus sócmhainní pearsanta faoi seach inúsáidte chun, nó mar chabhair chun, íoctha caiteachas adhlactha agus caiteachas tiomnach, fiacha nó leagáidí, nó dliteanas eastáit réadaigh a bheidh inmhuirir le haghaidh leagáidí a íoc.
(4) Má éagann duine agus é i seilbh eastáit réadaigh, tabharfaidh an Ard-Chúirt, nuair a bheidh litreacha riaracháin á ndeonú aici, aird ar chearta agus leasa daoine a bhfuil leas acu ina eastát réadach, agus, mura duine dá neasghaolta a oidhre ginearálta, beidh an teideal céanna aige chun a ndeonaithe dó a bheidh ag na neasghaolta, agus féadfar socrú a dhéanamh le rialacha cúirte chun an nós imeachta agus an cleachtas a bhaineann le deonú litreacha riaracháin a chur in oiriúint do chás eastáit réadaigh.
Dliteanas i leith dleachtanna.
8.—Ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo den Acht seo difir d'aon dleacht is iníoctha i leith eastáit réadaigh, ná ní chuirfidh ar eastát réadach aon dleacht eile seachas an dleacht is iníoctha ina leith díreach roimh an 1ú lá de Mheitheamh, 1959.
Talamh áirithe a eisiamh.
9.—Ní bheidh feidhm ag aon ní sa Chuid seo den Acht seo—
(a) maidir le talamh lena mbaineann Cuid IV d'Acht 1891, ná
(b) maidir le leas i ndáileacht de thalamh neamhthionóntaithe a measfar, faoi alt 5 den Acht Talún, 1946 (Uimh. 12 de 1946), gur airnéis réadach é chun críocha cineachadh iar mbás.
Cosaint d'alt 30 den Conveyancing Act, 1881.
10.—Ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo den Acht seo difir d'oibriú ailt 30 den Conveyancing Act, 1881.
CUID III
Seiceadóirí agus Rlarthóirí
Seiceadóir seiceadóra ina ionadaí don tiomnóir bunaidh.
11.—(1) (a) Duine arb é seiceadóir seiceadóra aonair thiomnóra é, nó arb é seiceadóir an tseiceadóra dheiridh a mhaireann de sheiceadóirí tiomnóra é, is é seiceadóir an tiomnóra sin é.
(b) Ní bhainfidh mír (a) den fho-alt seo le seiceadóir nach gcruthóidh uacht a thiomnóra, agus, i gcás seiceadóir a fhágfaidh tar éis a bháis seiceadóir éigin eile dá thiomnóir a chruthóidh ina dhiaidh sin uacht an tiomnóra sin, scoirfidh sí d'fheidhm a bheith aici ar phrobháid na huachta sin a dheonú.
(2) An fhad a bheidh réim na hionadaíochta sin gan bhriseadh is é an seiceadóir deiridh sa réim seiceadóir gach tiomnóra roimhe.
(3) Is briseadh ar réim na hionadaíochta sin—
(a) díthiomnacht, nó
(b) faillí thiomnóra i seiceadóir a cheapadh, nó
(c) faillí i bprobháid uachta a fháil,
ach ní briseadh air deonú riaracháin sealadach má dheonaítear probháid ina dhiaidh sin.
(4) Gach duine i réim na hionadaíochta do thiomnóir tá aige na cearta céanna—
(a) i leith eastáit réadaigh agus eastáit phearsanta an tiomnóra sin a bheadh ag an seiceadóir bunaidh dá maireadh sé, agus
(b) tá sé, sa mhéid go bhfuil eastát, réadach nó pearsanta, an tiomnóra sin tagtha faoina láimh, freagrach ionann is dá mba sheiceadóir bunaidh é.
Cumhachtaí lánroghnacha chun riarthóir a cheapadh i gcásanna áirithe.
12.—(1) I gcás duine a éagfaidh an 1ú lá de Mheitheamh 1959, nó dá éis, agus gur dóigh leis an Ard-Chúirt, mar gheall ar chúinsí ar bith, gur gá nó gur fóirsteanach sin a dhéanamh, féadfaidh an Ard-Chúirt, d'ainneoin aon achtacháin nó rialach dlí contrártha dó sin, cibé duine is oiriúnach léi a cheapadh chun a bheith ina riarthóir (maille le huacht nó gan uacht) ar eastát an éagaigh ar cibé urrús a thabhairt a ordóidh an Ard-Chúirt, má ordaíonn, agus féadfar gach riarachán den sórt sin a theorannú mar is oiriúnach leis an Ard-Chúirt.
(2) Más rud é, de bhun fo-ailt (1) den alt seo, go ndeonófar riarachán eastáit éagaigh, ní bheidh teideal ag aon duine ná ní thiocfaidh sé i dteideal an t-eastát sin a riaradh gan deonú.
Dílsiú eastát díthiomnóra idir lá a bháis agus an lá a dheonófar riarachán.
13.—I gcás duine d'fháil bháis ina dhíthiomnóir dílseoidh a eastát réadach agus a eastát pearsanta, go dtí go ndeonófar riarachán ina leith, in Uachtarán na hArd-Chúirte sa slí chéanna agus an méid céanna a ndílsíodh eastát pearsanta roimhe seo san Oirdeanáire.
Bannaí riaracháin.
14.—(1) Gach duine dá ndeonófar riarachán tabharfaidh sé banna (dá ngairtear banna riaracháin san alt seo) d'Uachtarán na hArd-Chúirte ag a mbeidh éifeacht chun tairbhe Uachtarán na hArd-Chúirte de thuras na huaire agus, má cheanglaíonn an tOifigeach Probháide nó (i gcás deontais ón gclárlann phrobháide ceantair) an cláraitheoir probháide ceantair air é, le hurra nó le hurraí faoi choinníoll go ndéanfar go cuí eastát réadach agus eastát pearsanta an éagaigh a bhailiú, a chruinniú agus a riaradh.
(2) (a) Beidh gach banna riaracháin faoi bhrí pionóis is comhionann le dhá oiread na méide a mhionnófar is fiú eastát an éagaigh, mura n-ordaí an tOifigeach Probháide nó (i gcás deontais ón gclárlann phrobháide cheantair) an cláraitheoir probháide ceantair sin in aon chás áirithe é a laghdú agus, sa chás sin, féadfaidh an tOifigeach Probháide nó an cláraitheoir probháide ceantair é a laghdú amhlaidh.
(b) Féadfaidh an tOifigeach Probháide nó (i gcás deontais ón gclárlann phrobháide ceantair) an cláraitheoir probháide ceantair a ordú freisin níos mó ná banna riaracháin amháin a thabhairt ionas nach rachaidh dliteanas aon urra thar cibé méid is dóigh leis an Oifigeach Probháide nó an cláraitheoir probháide ceantair (de réir mar a bheidh) a bheith réasúnach.
(3) Is san fhoirm sin a crdóidh Uachtarán na hArd-Chúirte, le haon ordú speisialta nó ginearálta, a bheidh banna riaracháin agus beidh sa bhanna sin foráil go n-íocfar na dleachtanna báis uile is iníoctha i leith eastát an éagaigh agus a bhfuil an t-ionadaí pearsanta freagrach iontu agus foráil eile go n-íocfar an cháin ioncaim agus an fhorcháin uile is iníoctha as eastát an éagaigh.
(4) Más deimhin leis an Ard-Chúirt gur briseadh coinníoll banna riaracháin, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas chuige sin, a ordú an banna a shannadh do cibé duine a shonrófar san ordú, agus beidh teideal ag an duine dá sannfar an banna de bhun an ordaithe agra a dhéanamh ina leith ina ainm féin ionann is dá mba dósan a tugadh é ar dtús in ionad é a thabhairt d'Uachtarán na hArd-Chúirte agus an méid iomlán is inghnóthaithe mar gheall ar choinníoll an bhanna a bhriseadh a ghnóthú i leith an bhanna mar iontaobhaí gach duine leasmhair.
(5) Ní cheanglóidh aon ní san alt seo ar an bPríomh-Aturnae Stáit ná ar an Aturnae don Ard-Aighne banna riaracháin a thabhairt agus é ag iarraidh nó ag fáil riaracháin chun úsáide nó sochair an Stáit.
Ionadaíocht eastáit réadaigh agus eastáit phearsanta ar leithligh nó le chéile.
15.—Beidh ionadaithe pearsanta ina n-ionadaithe do dhuine éagtha maidir lena eastát réadach agus lena eastát pearsanta, agus féadfar probháid agus litreacha riaracháin a dheonú ar leithligh i leith eastáit réadaigh agus ar leithligh i leith eastáit phearsanta, nó i leith eastáit réadaigh agus eastáit phearsanta i dteannta a chéile, agus féadfar iad a dheonú i leith eastáit réadaigh cé nach bhfuil eastát pearsanta ar bith ann, nó i leith eastáit phearsanta cé nach bhfuil eastát réadach ar bith ann, ar shlí, áfach, más feasach eastát an duine éagtha a bheith dócmhainneach, nach dtéarbhfar an deontas ach amháin maidir le heastát iontaobhais.
Cumhacht chun ionadaíocht a dheonú i gcás gan aon eastát a bheith ann.
16.—Beidh dlínse ag an Ard-Chúirt probháid nó riarachán a dheonú i leith duine éagtha, d'ainneoin nár fhág an t-éagach aon eastát sa Stát, agus deontas de bonis non nó deontas de shórt eile a thabhairt i leith eastáit neamhriartha, d'ainneoin gan aon eastát neamhriartha leis an éagach a bheith sa Stát.
Liostaí deontas.
17.—(1) Cuirfidh Uachtarán na hArd-Chúirte faoi deara ó am go ham go n-ullmhófar san Oifig Phrobháide liostaí de na deontais phrobháide agus riaracháin a rinneadh san Oifig Phrobháide agus sna clárlanna probháide ceantair éagsúla in aghaidh cibé tréimhsí a ordóidh Uachtarán na hArd-Chúirte.
(2) Beidh i ngach liosta acu sin nóta a inseoidh gach probháid nó riarachán maille le huacht agus gach riarachán eile a deonaíodh sa tréimhse a shonrófar sa liosta agus ina luafar—
(a) dáta an deontais,
(b) an áit (is é sin, an Oifig Phrobháide nó clárlann phrobháide ceantair) inar tugadh an deontas,
(c) ainm, sloinne agus seoladh agus dáta báis an tiomnóra nó an díthiomnóra,
(d) ainmneacha agus tuairiscí na seiceadóirí nó na riarthóirí, agus
(e) luach an eastáit, má b'ann.
(3) Déanfar cóip de gach liosta a ullmhófar amhlaidh a chur tríd an bpost nó ar shlí eile go dtí gach clárlann phrobháide ceantair, agus gach cóip a chuirfear amach amhlaidh coimeádfar í sa chlárlann phrobháide ceantair chun a gcuirfear í.
Cumhachtaí ionadaithe pearsanta chun eastát a dhíol agus chun gníomhú mar iontaobhaithe.
18.—(1) Féadfaidh na hionadaithe pearsanta an t-iomlán nó aon chuid d'eastát réadach nó d'eastát pearsanta dhuine éagtha a dhíol ní amháin chun fiacha a íoc ach freisin (cibé acu atá fiacha ann nó nach bhfuil) chun an t-eastát a dháileadh ar na daoine a bhfuil teideal tairbhiúil acu chuige, agus, sula ndíolfaidh siad é chun a dháilte, déanfaidh na hionadaithe pearsanta, chomh fada agus is féidir sin, éifeacht a thabhairt do mhianta na ndaoine lán-aoiseacha a bhfuil teideal tairbhiúil acu chun na maoine a a bheartaítear a dhíol nó, i gcás díospóide, do mhianta thromlach na ndaoine sin (de réir luach a leasa i dteannta a chéile), ach sin ar shlí—
(a) nach é cúram an cheannaitheora féachaint chuige go ndearna na hionadaithe pearsanta de réir na mianta sin; agus
(b) nach gá d'aon duine a bhfuil teideal tairbhiúil aige toiliú le haon díol den sórt sin.
(2) (a) Ní dleathach do dhaoine áirithe, ná do dhuine amháin, de chomhionadaithe pearsanta, gan cead na Cúirte, aon chumhacht a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú chun aon talamh a dhíol, ach amháin, i gcás probháid a bheith deonaithe do dhuine nó do dhaoine áirithe a bheidh ainmnithe mar sheiceadóirí, cibé acu atá nó nach bhfuil cumhacht forcoimeádta don duine nó do na daoine eile probháid a bhaint amach, go bhféadfaidh an seiceadóir nó na seiceadóirí a bhain probháid amach, d'ainneoin aon fhorála nó rialach eile dlí contrártha dó sin, an talamh a dhíol gan cead na Cúirte, chomh hiomlán éifeachtúil agus dá dtoilíodh na daoine uile a ainmníodh mar sheiceadóirí chuige sin.
(b) Má dhéanann an seiceadóir nó na seiceadóirí a bhain probháid amach talamh a dhíol faoi mhír (a) den fho-alt seo, beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo ionann is dá mba thagairtí don seiceadóir nó do na seiceadóirí a bhain probháid amach na tagairtí ann d'ionadaithe pearsanta.
(3) I gcás duine de bheirt seiceadóirí nó níos mó a bhain probháid amach a bheith tar éis bháis, déanfar tagairtí i bhfo-alt (2) den alt seo do sheiceadóirí nó seiceadóirí a bhain probháid amach a fhorléiriú mar thagairtí do mharthanóir nó marthanóirí (cibé acu é) na seiceadóirí a bhain probháid amach.
(4) Má shocraítear talamh le huacht agus gan aon iontaobhaithe i leith na socraíochta a bheith ann, measfar chun gach críche gurb iad na hionadaithe pearsanta a bhain probháid na huachta amach iontaobhaithe na socraíochta go dtí go gceapfar iontaobhaithe i leith na socraíochta, ach ní mheasfar gur iontaobhaí chun críocha na Settled Land Acts, 1882 to 1890, ionadaí pearsanta aonair go dtí go gceapfar iontaobhaí amháin eile ar a laghad.
Cosaint do cheannaitheoirí bona fide.
19.—(1) Duine a cheannóidh de mhéin mhacánta agus ar luach-chomaoin, ó ionadaithe pearsanta dhuine éagtha, aon mhaoin arb éard é an t-iomlán nó aon chuid d'eastát réadach nó d'eastát pearsanta an duine éagtha beidh teideal aige an mhaoin sin a theachtadh saortha agus urscaoilte ó aon fhiacha nó dliteanais de chuid an duine éagtha, ach amháin cinn a bheidh ina muirir uirthi ar shlí seachas faoi uacht an duine éagtha, agus ó gach éileamh ag na daoine a bhfuil teideal tairbhiúil acu chun an chéanna agus ní bheidh de chúram air féachaint chuige go gcuirfear an t-airgead ceannaigh i gcrích.
(2) (a) Baineann an fo-alt seo le gach maoin seachas maoin a bhfuil a húinéireacht cláraithe faoi Acht 1891.
(b) Duine a cheannóidh de mhéin mhacánta agus ar luach-chomaoin aon mhaoin lena mbaineann an fo-alt seo arb éard é an t-iomlán nó aon chuid d'eastát réadach nó d'eastát pearsanta dhuine éagtha agus a d'aistrigh na hionadaithe pearsanta chun an duine a raibh teideal aige chuici nó ar aontaigh na hionadaithe pearsanta lena dílsiú sa duine a raibh teideal aige chuici beidh teideal aige an mhaoin sin a theachtadh saortha agus urscaoilte ó éilithe ó chreidiúnaithe an duine éagtha ach amháin éilithe a raibh fógra iarbhír nó fógra inchiallaithe faighte ag an gceannaitheoir ina dtaobh an tráth a cheannaigh sé an mhaoin.
Forálacha ginearálta faoi aontú nó aistriú ag na hionadaithe pearsanta.
20.—(1) San alt seo agus in alt 21 den Acht seo—
(a) na tagairtí do thalamh tiomnóra nó díthiomnóra is tagairtí iad do thalamh a raibh teideal ag an tiomnóir nó ag an díthiomnóir chuige nó ar fheidhmigh sé ina leith cumhacht cheapacháin ghinearálta faoi uacht;
(b) maidir le haon eastát nó leas i dtalamh tiomnóra nó díthiomnóra, folaíonn “duine i dteideal”—
(i) an duine nó na daoine (lena n-áirítear ionadaithe pearsanta an tiomnóra nó an díthiomnóra nó aon duine acu) ag a bhfuil (cibé acu trí réadtiomnú, tiomnacht, cineachadh nó ar shlí eile é) teideal tairbhiúil chun an eastáit nó an leasa sin, agus
(ii) iontaobhaí nó iontaobhaithe nó ionadaithe nó ionadaí pearsanta aon duine nó daoine den sórt sin.
(2) Gan dochar d'aon chumhacht eile a thugtar leis an Acht seo d'ionadaithe pearsanta maidir le haon talamh de chuid tiomnóra nó díthiomnóra, féadfaidh na hionadaithe pearsanta, tráth ar bith tar éis bháis an tiomnóra nó an díthiomnóra, aontú a fhorghníomhú ag dílsiú aon eastáit nó leasa in aon talamh den sórt sin sa duine i dteideal an chéanna nó féadfaidh siad aon eastát nó leas den sórt sin a aistriú chun an duine i dteideal an chéanna, agus féadfaidh siad an t-aontú nó an t-aistriú a dhéanamh agus é faoi réir muirir, nó saor ó mhuirear, i leith aon airgead a íoc a dhlífidh na hionadaithe pearsanta a íoc.
(3) I gcás ina ndéanfar aontú nó aistriú faoi fho-alt (2) den alt seo agus é faoi réir muirir i leith an airgid uile a dhlífidh na hionadaithe pearsanta a íoc, má dhlíonn, beidh deireadh le dliteanais uile na n-ionadaithe pearsanta i leith na talún ach amháin maidir le haon ghníomhartha nó conarthaí a rinne siad roimh an aontú nó an t-aistriú.
(4) Tráth ar bith tar éis bliain a bheith caite i ndiaidh báis úinéara talún, má mhainnigh na hionadaithe pearsanta an talamh a aistriú, trí aontú nó ar shlí eile, chun an duine i dteideal ar an duine i dteideal á iarraidh sin, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi é, ar an duine i dteideal á iarraidh sin agus tar éis fógra a thabhairt do na hionadaithe pearsanta, a ordú go ndéanfar an t-aistriú agus, mura gcomhlíontar an t-ordú sin laistigh den tréimhse a shonróidh an Chúirt san ordú sin, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh ag dílsiú na talún sa duine i dteideal chomh hiomlán éifeachtúil agus a dhéanfaí é dá n-aistreodh na hionadaithe pearsanta an talamh.
(5) Ní bheidh aontú nach aontú i scríbhinn éifeachtúil chun aon eastát nó leas i dtalamh a aistriú.
(6) Na cúnaint reachtúla a bheidh tugtha le tuiscint ag duine a mbeidh sé sainráite i ngníomhas é a bheith ag tíolacadh mar ionadaí pearsanta, beidh siad intuigthe freisin in aon aontú arna shíniú ag ionadaí pearsanta mura bhforála an t-aontú a mhalairt,
(7) Ní dleathach do dhaoine áirithe, ná do dhuine amháin, de chomhionadaithe pearsanta éagsúla, gan cead na Cúirte, aontú ná aistriú a dhéanamh faoin alt seo, ach amháin—
(a) i gcás probháid a dheonú do dhuine amháin nó do dhaoine áirithe de dhaoine éagsúla a bheidh ainmnithe mar sheiceadóirí, cibé acu atá nó nach bhfuil cumhacht forcoimeádta don duine nó do na daoine eile probháid a bhaint amach, go bhféadfaidh an seiceadóir nó na seiceadóirí a bhain probháid amach an t-aontú nó t-aistriú sin a dhéanamh, d'ainneoin aon fhorála nó rialach dlí eile contrártha dó sin, gan cead na Cúirte, chomh hiomlán eifeachtúil agus dá dtoilíodh na daoine go léir leis a ainmníodh mar sheicheadóirí;
(b) i gcás an seiceadóir nó na seiceadóirí a bhain probháid amach d'fheidhmiú aon chumachta a thugtar le mír (a) den fho-alt seo, go mbeidh éifeacht ag an alt seo agus ag ailt 21 agus 22 ionann is dá mba thagairtí don seiceadóir nó do na seiceadóirí a bhain probháid amach na tagairtí atá sna hailt sin d'ionadaithe pearsanta.
(8) I gcás duine de beirt sheiceadóirí nó níos mó a bhain probháid amach a bheith tar éis bháis, déanfar tagairtí i bhfo-alt (7) den alt seo do sheiceadóir nó seiceadóirí a bhain probháid amach a fhorléiriú mar thagairtí do mharthanóir nó do mharthanóirí (cibé acu é) na seiceadóirí a bhain probháid amach.
(9) Ní oibreoidh an t-alt seo chun aon dleacht stampa a fhorchur i leith aontú.
Forálacha speisialta maidir le talamh neamhchláraithe.
21.—(1) Aon aontú le heastát nó leas i dtalamh neamhchláraithe de chuid tiomnóra nó díthiomnóra a dhílsiú i bhfabhar an duine i dteideal chuige—
(a) is í scríbhinn a bheidh sé,
(b) beidh sé arna shíniú ag na hionadaithe pearsanta,
(c) measfar, chun críocha an Registration of Deeds Act, 1707, gurb ionann é agus tíolacadh an eastáit nó an leasa sin ó na hionadaithe pearsanta don duine i dteideal,
(d) oibreoidh sé, faoi réir forálacha an Registration of Deeds Act, 1707, maidir le tosaíochtaí, chun an t-eastát nó an leas sin a dhílsiú sa duine i dteideal faoi réir cibé muirear agus eirí a shonrófar, má shonraítear, san aontú agus a dhéanfadh difir ar shlí eile don eastát nó don leas sin,
(e) faoi réir forálacha an Registration of Deeds Act, 1707, measfar (mura léir a mhalairt d'intinn ann) go mbunaíonn sé chun gach críche is gá teideal an duine i dteideal chun cíosanna agus brabús siar go dáta báis an duine éagtha, ar shlí, áfach, nach n-oibreoidh aon ní sa mhír seo chun a chumasú do dhuine ar bith teideal ar neamhréir le huacht an duine éagtha a bhunú.
(2) Aon duine a ndéanfaidh ionadaithe pearsanta ina fhabhar aontú nó tíolacadh aon talún neamhchláraithe, féadfaidh sé, ar a chostas féin, a cheangal ar na hionadaithe pearsanta an t-aontú nó an tíolacadh sin a chlárú i gClárlann na nGníomhas de bhun an Registration of Deeds Act, 1707.
Forálacha speisialta maidir le talamh cláraithe.
22.—(1) In ionad fo-ailt (2) d'alt 37 d'Acht 1891, arna leasú le halt 27 den Acht um Chlárú Teidil, 1942 (Uimh. 26 de 1942), agus leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, maidir lena fheidhm i gcás eastát daoine a éagfaidh an lú lá de Mheitheamh, 1959, nó dá éis, cuirfear na fo-ailt seo a leanas:—
“(2) On the death of a sole registered full owner of land or of the survivor of several registered full owners of land, not being registered as tenants in common (which owner or survivor is in the succeeding provisions of this section referred to as the deceased owner), the personal representatives of the deceased owner shall alone be recognised by the registering authority as having any rights in respect of the land, and any registered dispositions by them shall have the same effect, as if they were the registered owners of the land.
(3) The production of an assent or transfer from the personal representatives in the prescribed form shall authorise the registering authority to register the person named in such assent or transfer as the full owner or limited owner of the land, as the case may be.
(4) Where a person is registered as the full owner or limited owner of land under subsection (3) of this section, the costs incurred in connection with the registration shall be borne by that person.
(5) Where the High Court or the Circuit Court makes an order under subsection (4) of section 20 of the Administration of Estates Act, 1959, vesting registered land in any person, it may also order that that person be registered as owner of that land.
(6) (a) Nothing in this Act or in the Administration of Estates Act, 1959, shall operate to require the registering authority to register as the owner of land a person in his capacity as personal representative.
(b) Notwithstanding anything contained in subsection (1) of section 17 of the Registration of Title Act, 1942, the registering authority may enter on the register a note setting out the fact of the death of a registered owner of land and the names of his personal representatives.”
(2) Má tharlaíonn, ar iarratas ó aon duine a bheidh á éileamh go gclárófar é faoi Acht 1891 mar úinéir talún cláraithe i gcomharbas ar lán-úinéir éagtha na talún sin, gur deimhin leis an gCúirt—
(a) sé bliana ar a laghad a bheith caite ó bhás an lán-úinéara éagtha, agus
(b) ionadaithe pearsanta an úinéara sin a bheith marbh nó lasmuigh den dlínse,
féadfaidh an Chúirt más oiriúnach léi, d'ainneoin aon ní in Acht 1891 nó san Acht seo, an t-iarratasóir a shaoradh óna bheith air ionadaíocht don lán-úinéir éagtha a bhaint amach nó óna bheith air fógra a thabhairt dá ionadaithe pearsanta, agus féadfaidh sí a ordú an t-iarratasóir a chlárú mar úinéir na talún.
Dlínse na Cúirte Cuarda faoi Chuid III a fheidhmiú.
23.—Is é an Breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannaithe de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh a fheidhmeoidh an dlínse, maidir le haon talamh, is infheidhmithe ag an gCúirt Chuarda faoin gCuid seo den Acht seo.
CUID IV
Forálacha Ilghnéitheacha
Clárlanna probháide ceantair.
24.—(1) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn “Acht 1936” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 (Uimh. 48 de 1936)
(b) Chun críocha ailt 65 (a chumasaíonn don Aire Dlí agus Cirt táillí cúirte a ordú) d'Acht 1936, measfar gur oifig a bunaíodh leis an Acht Oifigigh Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926), gach clárlann phrobháide ceantair.
(c) Beidh feidhm ag Ordú na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte (Táillí), 1956 (I.R. Uimh. 251 de 1956), Ordú a rinneadh faoi alt 65 d'Acht 1936, maidir le gach clárlann phrobháide ceantair agus le gach cláraitheoir probháide ceantair fé mar atá feidhm aige maidir leis an Oifig Phrobháide agus leis an Oifigeach Probháide faoi seach, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:—
(i) folóidh na tagairtí d'oifigí den Chúirt Uachtarach agus den Ard-Chúirt tagairtí do chlárlann phrobháide ceantair,
(ii) folóidh an tagairt d'oifigeach don Chúirt Uachtarach nó don Ard-Chúirt tagairt do chláraitheoir probháide ceantair,
(iii) folóidh na tagairtí don Oifig Phrobháide agus don Oifigeach Probháide tagairtí do chlárlann phrobháide ceantair agus do chláraitheoir probháide ceantair faoi seach.
(2) (a) I gcás ina mbeidh ceangailte ar dhuine (dá ngairtear an cláraitheoir probháide ceantair gníomhach san fho-alt seo), agus údaraithe dó, de thuras na huaire, ag an Aire Dlí agus Cirt faoi alt 9 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 (Uimh. 25 de 1945), arna leasú le halt 5 den Acht Oifigeach Cúirte, 1951 (Uimh. 8 de 1951), dualgais chláraitheora phrobháide ceantair a chomhlíonadh don cheantar dá bhfónann clárlann phrobháide ceantair áirithe, féadfaidh an tAire sin a údarú d'oifigeach sonraithe a bheidh ag fónamh sa chlárlann phrobháide ceantair sin nó san oifig chúirte cuarda a fhónann don cheantar ina bhfuil an chlárlann phrobháide ceantair sin, oifig chláraitheora phrobháide ceantair don cheantar sin a fheidhmiú le linn an cláraitheoir probháide ceantair gníomhach a bheith as láthair go sealadach nó faoi éagumas sealadach mar gheall ar bhreoiteacht, agus, má dhéanann an tAire sin amhlaidh, ansin, le linn an cláraitheoir sin a bheith as láthair go sealadach amhlaidh nó faoí éagumas sealadach den sórt sin, beidh ag an oifigeach sin agus feidhmeoidh sé cumhachtaí uile, agus comhlíonfaidh sé dualgais uile, an chláraitheora phrobháide ceantair don cheantar sin, mura n-ordóidh agus go dtí go n-ordóidh an tAire sin a mhalairt.
(b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh ar theacht i bhfiedhm d'alt 9 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945.
Feidhmeanna an Oifigigh Phrobháide a fheidhmiú, etc.
25.—(1) (a) San fho-alt seo—
ciallaíonn “Acht 1926” an tAcht Oifigigh Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926);
ciallaíonn “feidhmeanna an Oifigigh Phrobháide faoi Acht 1926” na cumhachtaí, na húdaráis, na dualgais agus na feidhmeanna is infheidhmithe nó is inchomhlíonta ag an Oifigeach Probháide de bhua ailt 9 d'Acht 1926;
ciallaíonn “an tOifigeach Probháide Cúnta”—
(i) maidir le feidhmeanna an Oifigigh Phrobh áide faoi Acht 1926 a fheidhmiú nó a chomhlíonadh roimh dháta an Achta seo a rith—an t-oifigeach a bhí ar fostú san Oifig Phrobháide agus ar ar tugadh nó dár gaireadh an tOifigeach Probháide Cúnta nó an Leas-Oifigeach Probháide,
(ii) maidir le feidhmeanna an Oifigigh Phrobháide faoi Acht 1926 a fheidhmiú nó a chomhlíonadh tar éis an dáta sin—an t-oifigeach atá ar fostú san Oifig Phrobháide agus is gaire i gcéim don Oifigeach Probháide agus atá cáilithe chun a cheaptha ina Oifigeach Probháide.
(b) Féadfaidh an tOifigeach Probháide Cúnta freisin feidhmeanna an Oifigigh Phrobháide faoi Acht 1926 a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, ach sin, maidir leis na feidhmeanna sin a fheidhmiú nó a chomhlíonadh ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, faoi réir aon sriantachtaí is oiriúnach le hUachtarán na hArd-Chúirte a fhorchur.
(c) Measfar míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo a theacht i ngníomh ar theacht i bhfeidhm d'alt 9 d'Acht 1926.
(2) (a) San fho-alt seo ciallaíonn “an t-Oifigeach Probháide Cúnta” an t-oifigeach atá ar fostú san Oifig Phrobháide agus is gaire i gcéim don Oifigeach Probháide agus atá cáilithe chun a cheaptha ina Oifigeach Probháide.
(b) Féadfaidh an tOifigeach Probháide Cúnta freisin na cumhachtaí a thugtar don Oifigeach Probháide le halt 14 den Acht seo a fheidhmiú maidir le heastáit dhaoine a éagfaidh an lú lá de Mheitheamh, 1959, nó dá éis, ach sin faoi réir aon sriantachtaí is oiriúnach le hUachtarán na hArd-Chúirte a fhorchur.
Alt 2 (2) (d) de Reacht na dTréimhsí, 1957, a leasú.
26.—I bhfo-alt (2) d'alt 2 de Reacht na dTréimhsí, 1957 (Uimh. 6 de 1957), cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (d)—
“(d) Ní bheidh ionadaí pearsanta, i gcáil ionadaí phearsanta dó, ina iontaobhaí chun críocha an Achta seo amháin de bhua ailt i den Executors Act, 1830, nó fo-ailt (1) d'alt 86 d'Acht 1891, nó fo-ailt (1) d'alt 7 den Acht um Riaradh Eastát, 1959.”
AN CHEAD SCEIDEAL
Mionleasuithe agus Leasuithe Iarmartacha maidir le hEastáit Dhaoine a Éagfaidh an 1 Meitheamh, 1959, nó dá éis
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Leasuithe |
(1) | (2) | (3) |
20 & 21 Vic. c. 79. | The Probates and Letters of Administration Act (Ireland), 1857. | In alt 53, cuirfear an focal “estate” in ionad an fhocail “goods” gach áit a bhfuil an focal deiridh sin. In alt 80, cuirfear na focail “real or” isteach roimh an bhfocal “personal” agus cuirfear na focail “or shall have expired” isteach i ndeireadh an ailt. In alt 84 cuirfear an focal “estate” in ionad an fhocail “effects”. |
An tAcht um Eastáit Díthiomnóirí, 1954. | In alt 4, cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (2)— “(2) Fulaingeofar agus íocfar an muirear sin i gcomhréir le luachanna an eastáit réadaigh agus an eastáit phearsanta faoi seach ar éag an t-éagach gan tiomna a dhéanamh ina leith.” |
AN DARA SCEIDEAL
Achtacháin a Athghairtear maidir le hEastáit Dhaoine a Éagfaidh an l Meitheamh, 1959, nó dá éis
Cuid I
Acht ó Pharlaimint Shasana a cuireadh i bhfeidhm maidir le hÉireann leis an Acht ó Pharlaimint na hÉireann (10 Henry 7, c. 22 (Ir.)) a ritheadh sa bhliain 1495 agus dar teideal “an Act confirming all the Statutes made in England”
Seisiún agus Caibidil | Teideal | Méid na hAthghairme |
(1) | (2) | (3) |
25 Edw. 3. st. 5. c. 5. | Executors of executors shall have the same rights and duties as the first executors. (1351-2). | An chaibidil iomlán. |
Cuid II
Achtanna ó Pharlaimint Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann roimhe seo
Seisiún agus Caibidil | Gearrtheideal | Méid na hAthghairme |
(1) | (2) | (3) |
5 & 6 Vic. c. 82. | The Stamp Duties (Ireland) Act, 1842. | In alt 35, an focal “personal”. |
20 & 21 Vic. c. 79. | The Probates and Letters of Administration Act (Ireland), 1857. | In alt 50, na focail “over the personal estate of the deceased in all parts of Ireland”; ailt 72, 73, 78, 87, 88 agus 94. |
21 & 22 Vic. c. 56. | The Confirmation of Executors (Scotland) Act, 1858. | Alt 13. |
22 & 23 Vic. c. 31. | The Court of Probate Act (Ireland), 1859. | Ailt 15 agus 25. |
39 & 40 Vic. c. 70. | The Sheriff Courts (Scotland) Act, 1876. | Ailt 42 agus 43. |
54 & 55 Vic. c. 66. | The Registration of Title Act, 1891. | Fo-ailt (3) agus (4) d'alt 84; i bhfo-alt (2) d'alt 86 na focail go léir ó “save that it shall not be lawful” go dtí deireadh an fho-ailt; alt 87. |
55 & 56 Vic. c. 6. | The Colonial Probates Act, 1892. | An tAcht iomlán. |
Cuid III
Acht ó Oireachtas Shaorstát Éireann
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAthghairme |
(1) | (2) | (3) |
Uimhir 48 de 1936. | Alt 84. |
Cuid IV
Acht ón Oireachtas
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAthghairme |
(1) | (2) | (3) |
Uimhir 26 de 1942. | Ailt 20, 21 agus 26. |