Uimhir 13 de 1946.
AN tACHT FORAOISEACHTA, 1946.
[An tiontó oifigiúil.]
[12ú Meitheamh, 1946.]
CUID I.
Reamhraiteach agus Ginearalta.
Gearr-theideal agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar an tAcht Foraoiseachta, 1946, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire chuige sin le hordú.
Mínithe go ginearálta.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn an abairt “Acht 1891” an Registration of Title Act, 1891, arna leasú leis an Acht um Chlárú Teidil, 1942 (Uimh. 26 de 1942);
ciallaíonn an abairt “Acht 1928” an tAcht Foraoiseachta, 1928 (Uimh. 34 de 1928);
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tailte;
ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” an dáta ar a dtiocfaidh an tAcht seo i ngníomh;
ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é a bheith ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;
ciallaíonn an focal “adhmad” adhmad aon chrainn;
ní fholaíonn an focal “crann” aon chrann coill, úll, plumaí daimsíní, péiríní, ná silíní a fástar ar son a thorthaí ná aon chrann sailí, ach, lasmuigh de na heisceachta sin, folaíonn sé gach crann d'aois nó de chéim fáis ar bith;
folaíonn an focal “coill” fáschoill.
Scríbhní áirithe a sheirbheáil
3.—(1) I gcás inar cead nó inar gá do réir an Achta seo don Aire nó do Choimisiún Talún na hÉireann aon doiciméid (seachas ordú toirmisc arna dhéanamh faoi fho-alt (1) d'alt 39 den Acht seo) a sheirbheáil ar dhuine ar bith, beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le seirbheáil na scríbhne sin, is é sin le rá:—
(a) féadfar an doiciméid a sheirbheáil—
(i) trína seachadadh don duine sin, nó
(ii) trína cur leis an bpost cláraithe i gclúdach arna dhíriú chun an duine sin ag seoladh sa Stát ag a mbíonn comhnaí air nó gnó ar siúl aige de ghnáth, nó
(iii) trína cur leis an bpost cláraithe i gclúdach arna dhíriú chun gníomhaire don duine sin ag seoladh sa Stát ag a mbíonn comhnaí ar an ngníomhaire sin nó gnó ar siúl aige de ghnáth,
(b) má dheimhníonn an tAire nó Coimisiún Talún na hÉireann nach féidir do réir réasúin an doiciméid a sheirbheáil do réir míre (a) den fho-alt seo, is tuigthe an doiciméid a bheith arna seirbheáil go cuibhe ar an duine sin má foilsítear cóip di san Iris Oifigiúil agus is tuigthe gurb é dáta an fhoilsithe sin dáta na seirbheála.
(2) Má dhéanann an tAire nó Coimisiún Talún na hÉireann, faoi fho-alt (1) den alt seo, cóip de dhoiciméid, a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, foilseoidh an tAire nó Coimisiún Talún na hÉireann cóip den doiciméid sin freisin i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an talamh lena mbaineann an doiciméid sin.
(3) Chun críocha an ailt seo, is tuigthe gnó a bheith ar siúl ina hoifig chláraithe ag cuideachta a cláraíodh faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, agus is tuigthe gnó a bheith ar siúl ina phríomh-oifig nó ina phríomh-ait ghnótha sa Stát ag gach comhlacht corpraithe eile agus ag gach comhlacht neamhchorpraithe.
Ionchúiseamh i gcionta.
4.—(1) Ní déanfar imeachta mar gheall ar chion faoi aon alt nó fo-alt den Acht seo a bhunú ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire nó oifigigh don Roinn Tailte, nach ísle céim ná Rúnaí Cúnta, a bheas ainmnithe ag an Aire chuige sin.
(2) Féadfaidh an tAire, nó féadfar ar agra an Aire, mar ionchúisitheoir, gach cion faoi aon alt nó fo-alt den Acht seo a ionchúiseamh.
(3) D'ainneoin aon ní dá bhfuil in alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachta mar gheall ar chion faoi aon alt nó fo-alt den Acht seo a bhunú tráth ar bith laistigh de bhliain tar éis an ama a d'éirigh an chúis ghearáin.
Rialacháin.
5.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag ordú aon ní nó ruda dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá ordaithe.
(2) Bainfidh fo-alt (1) d'alt 3 den Acht Talún, 1933 (Uimh. 38 de 1933), le haon rialacháin a dhéanfas an tAire faoin alt seo ag ordú aon ní nó ruda dá dtagartar i gCuid III den Acht seo mar ní nó rud atá ordaithe, ach amháin nithe a bhaineas le cleacht agus nós imeachta an Bhínse Achomairc, amhail is dá mbeadh an ní nó an rud sin á ordú chun críocha na nAcht Talamh-Cheannaigh le rialacha arna ndéanamh faoin bhfo-alt sin (1).
(3) Bainfidh fo-alt (7) d'alt 7 den Acht Talún, 1933, le haon rialacháin a dhéanfas an tAire faoin alt seo ag ordú aon ní nó ruda dá dtagartar i gCuid III den Acht seo mar ní nó rud atá ordaithe, i gcás baint a bheith ag an ní nó an rud sin le cleacht nó nós imeachta an Bhínse Achomhairc, amhail is dá mbeadh an ní nó an rud sin á ordú chun críocha na nAcht Talamh-Cheannaigh le rialacha arna ndéanamh faoin bhfo-alt sin (7).
Athghairm.
6.—Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin os coinne luadh an Achtacháin sin.
Costais.
7.—Na costais uile faoina raghfar chun an tAcht seo a chur i bhfeidhm déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.
An chríoch chun a gcuirfear airgead a gheobhas an tAire.
8.—An t-airgead go léir a gheobhas an tAire faoin Acht seo, déanfar é a íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.
CUID II.
Foraoiseacht a chur ar Aghaidh agus Foraoisiu a Fhorbairt, agus Adhmad a Thairgeadh agus a Sholathar.
Cumhachta ginearálta au Aire.
9.—(1) Faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais (go ginearálta nó go sonrach), féadfaidh an tAire gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—
(a) aon talamh atá oiriúnach chun foraoiseachta nó a theastós chun críocha a bhaineas le foraoisiú nó le bainistí aon choillte nó foraoisí, nó aon cheart (a theastós amhlaidh) ar aon talamh, a cheannach nó a thógaint ar léas nó a thógaint ar shlí eile;
(b) aon talamh a dílsíodh san Aire de bhuaidh an Orduithe Foraoiseachta (Seirbhísí Poiblí a Athroinnt), 1933 (R. & O. R., Uimh. 158 de 1933), nó a tógadh faoi na hAchta Foraoiseachta, 1919 agus 1928, nó faoin Acht seo, a bhainistí, a phlandáil nó a úsáid ar shlí eile agus pé foirgintí a thógail air nó pé oibreacha eile a dhéanamh air a mheasfaidh is gá;
(c) aon talamh a dílsíodh san Aire de bhuaidh an Orduithe Foraoiseachta (Seirbhísí Poiblí a Athroinnt), 1933 (R. & O. R., Uimh. 158 de 1933), nó a tógadh faoi na hAchta Foraoiseachta, 1919 agus 1928, nó faoin Acht seo, a dhíol nó a ligean, nó aon talamh den tsórt sin a mhalairtiú ar aon talamh eile agus (más gá é i gcás aon mhalairtithe den tsórt sin) airgead a íoc nó a fháil i gcothrom malairte nó cearta a dheonadh ar aon talamh den tsórt sin;
(d) aon fhoirgintí nó oibreacha, a theastós maidir lena chumhachta faoin alt seo, a cheannach nó a thógaint ar léas agus aon fhoirgintí nó oibreacha leis féin a dhíol nó a ligean;
(e) adhmad ar a chois a cheannach nó a thógaint ar shlí eile agus aon adhmad a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile, is leis féin, nó, faoi réir pé téarmaí ar a gcomhaontófar, is le húnaer príobháideach, agus, i gcoitinne, soláthar, díol, úsáid agus comhshó adhmaid a chur ar aghaidh;
(f) airleacain a thabhairt i bhfoirm dheontais nó iasachta, nó go leathrannach i bhfoirm acu agus go leathrannach sa bhfoirm eile, agus sin ar pé téarmaí agus faoi réir pé coinníoll is oiriúnach leis, do dhaoine (lena n-áirítear údaráis áitiúla) i leith talamh leis na daoine sin a athfhoraoisiú (lena n-áirítear athphlandáil);
(g) plandáil, forbairt, úsáid, bainistí nó maoirsiú aon choillte nó foraoisí le daoine ar bith, lena n-áirítear coillte agus foraoisí le haon Aire Stáit nó le húdarás áitiúil, a ghlacadh de láimh ar pé téarmaí agus faoi réir pé coinníoll ar a gcomhaontófar, nó cúnamh nó comhairle a thabhairt maidir le plandáil nó bainistí aon choillte nó foraoisí den tsórt sin;
(h) tionscail choille a bhunú agus a sheoladh nó cabhrú lena mbunú agus a seoladh;
(i) bailiú, ullmhú, foilsiú agus iomdháil staidrimh i dtaobh foraoiseachta a ghlacadh de láimh agus teagasc agus oiliúint i bhforaiseacht a chur ar aghaidh agus a fhorbairt, trí scoileanna nó forais oideachais eile a bhunú, nó trí chabhrú leo sin, nó i pé slí eile is oiriúnach leis;
(j) pé fiosrúcháin, turgnaimh agus taighde a dhéanamh, nó cabhrú lena ndéanamh, agus pé faisnéis a bhailiú, nó cabhrú lena bailiú, a mheasfas sé a bheith tábhachtach chun an fhoraoiseacht agus múineadh na foraoiseachta a chur ar aghaidh, agus tortha na bhfiosrúchán, na dturgnamh nó an taighde sin a fhoilsiú nó beart a dhéanamh ar shlí eile chun eolas a thabhairt ar na tortha sin agus chun an fhaisnéis sin a leathadh;
(k) faisnéis a leathadh nó cabhrú le faisnéis a leathadh is dóigh leis a mhúsclódh, a ghríosfadh nó a mhéadódh suim an phobail sa bhforaoiseacht nó i dtionscail choille;
(l) pé fiosrúcháin a dhéanamh nó cabhrú le pé fiosrúcháin a dhéanamh a mheasfaidh is gá chun leor-soláthar adhmaid a chur ar fáil sa Stát nó chun díol, úsáid nó comhshó adhmaid a chur ar aghaidh nó chun bunú nó leathnú tionscal coille a chur ar aghaidh.
(2) Ní léireofar aon ní dá bhfuil i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a údaraíos don Aire aon imeall trágha, do réir bhrí an Achta Imeall Trágha, 1933 (Uimh, 12 de 1933), ná aon Mhianraí Stáit, do réir bhrí an Achta Forbairte Minearál, 1940 (Uimh. 31 de 1940), a dhíol, nó a ligean, nó a mhalairtiú ar thalamh eile.
(3) Scoirfidh Acht na dTailte Stáit, 1924 (Uimh. 45 de 1924), a mhéid atá feidhm aige maidir le haon talamh den tsórt a luaitear i mír (c) d'fho-alt (1) den alt seo, d'fheidhm a bheith aige.
(4) Féadfaidh an tAire glacadh le haon bhronntas a bhéarfar dó chun gach ceann nó aon cheann de chríocha an Achta seo, agus, faoi réir téarmaí an bhronntais, féadfaidh é a úsáid chun na gcríocha sin do réir rialachán a húdaraítear dó leis seo a dhéanamh.
(5) Duine ar bith a bheas faoi éagumas dá dtagartar in alt 7 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, féadfaidh sé comhaontuithe a dhéanamh leis an Aire chun críocha an ailt seo sa tslí cheanann chéanna ina bhfuil sé i dteideal comhaontuithe a dhéanamh chun críche an ailt sin 7.
(6) Bhéarfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais (seachas an bhliain airgeadais 1945-45), go leagfar faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas tuarascáil ar a imeachta faoin Acht seo i rith na bliana sin.
An Coiste Comhairlitheach.
10.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, coiste comhairlitheach (dá ngairmtear an Coiste Comhairlitheach san alt seo) a bhunú chun comhairle agus cúnamh a thabhairt don Aire, do réir foral an orduithe, maidir le feidhmiú a chumhacht faoin Acht seo ag an Aire.
(2) Beidh an Coiste Comhairlitheach comhdhéanta mar a cinnfear leis an ordú a bhunós é, ach sin ar shlí go mbeidh ar chomhaltaí an Choiste sin—
(a) ionadaí don Aire Talmhaíochta;
(b) duine ag a mbeidh taithí phraiticiúil ar nithe a bhaineas le foraoiseacht;
(c) duine ag a mbeidh eolas agus taithí ar thrádáil an adhmaid dúchais;
(d) duine ag a mbeidh eolas nó taithí ar chúrsaí oibreachais;
(e) duine ag a mbeidh eolas nó taithí ar obair chomhairlí contae;
(f) comhalta d'aon chumann a bheas ann chun foraoisiú a chur ar aghaidh;
(g) únaer coille.
Talamh a iniúchadh.
11.—(1) Féadfaidh aon oifigeach údaraithe dul isteach agus suirbhéireacht a dhéanamh ar aon talamh chun a fhionnadh an bhfuil sé oiriúnach chun foraoisithe nó d'fhonn aon adhmad air a iniúchadh nó chun aon chríche eile a bhainfeas le feidhmiú cumhacht an Aire faoin Acht seo.
(2) Oifigeach údaraithe a rachas isteach ar aon talamh de bhun á chumachta faoin alt seo, déanfaidh, ar áititheoir an tailimh dá iarraidh sin air a údarás a thaispeáint don áititheoir sin agus ceadóidh dó é a léamh.
(3) Má dhéanann duine ar bith bac nó cur isteach ar oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú aon chumhachta a bheirtear dó faoin alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó na deich bpuint a chur air.
(4) San alt seo, ciallaíonn an abairt “oifigeach údaraithe” duine arna cheapadh i scríbhinn ag an Aire chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an ailt seo.
CUID III.
Easuinti a Mhuchadh, Cearta Sli a Bhunu agus Talamh a Thogaint go hEigeanta.
Caibidil I.
Reamhraiteach agus Ginearalta.
Mínithe chun críocha Coda III.
12.—Sa Chuid seo—
ciallaíonn an abairt “ordú tógainte” ordú arna dhéanamh faoi alt 23 den Acht seo;
ciallaíonn an abairt “suim bhliantúil” aon tsuim, bliantúil nó tréimhsiúil, a muirearaítear ar thalamh, ach ní fholaíonn sí—
(a) aon bhlianacht Stáit, ná
(b) cíos is iníoctha le Coimisiún na Talún nó leis na Coimisinéirí faoi chonradh tionóntachta adeir gur chun áise sealadaí a rinneadh é, ná
(c) ús ar mhorgáiste, ná
(d) muirear atá ar marthain faoi shocrú;
ciallaíonn an abairt “an Bínse Achomhairc” an bínse a bunaíodh le halt 7 den Acht Talún, 1933 (Uimh. 38 de 1933);
ciallaíonn an abairt “ordú meisiúnuithe” ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2) d'alt 24 nó faoi fho-alt (1) d'alt 25 den Acht seo;
ciallaíonn an abairt “muirear atá ar marthain faoi shocrú” muirear atá ar marthain nó atá le teacht, faoi shocrú do réir bhrí na Settled Land Acts, 1882 to 1890, agus nach muirear ag a bhfuil tosaíocht ar an socrú ná muirear a cruthnaíodh chun airgead a urrú a cruinníodh iarbhír;
ciallaíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;
folaíonn an focal “éasúint” aon profit-á-prendre nó ceart eile i dtalamh nó ar thalamh;
folaíonn an focal “leas”, maidir le talamh,—
(a) éasúint,
(b) suim bhliantúil,
ach ní fholaíonn sé—
(c) tionóntacht ó bhliain go bliain a sealbhaítear faoi Choimisiún na Talún nó faoi na Coimisinéirí agus adeirtear sa chonradh tionóntachta a bheith ina tionóntacht chun áise sealadaí, ná
(d) blianacht Stáit, ná
(e) morgáiste ar thalamh, ná
(f) muirear atá ar marthain faoi shocrú a bhaineas leis an talamh.
ciallaíonn an abairt “an Coimisinéir Breithiúntais” an Breitheamh den Ard-Chúirt a bheas sannaithe de thuras na huaire chun oifig Choimisinéara Breithiúntais a chomhlíonadh faoin Acht Dlí Thalún (Coimisiún), 1923 (Uimh. 27 de 1923);
ciallaíonn an abairt “Coimisiún na Talún” Coimisiún Talún na hÉireann;
ciallaíonn an abairt “na Coimisinéirí Tuaithe” na Coimisinéirí Talún seachas comfhaltaí den Bhínse Achomhairc;
folaíonn an focal “léas” deontas feofheirme agus aon chonradh tionóntachta;
folaíonn an focal “morgáiste” morgáiste cothromais, muirear chun aon tsuim chaipitiúil a urrú, agus morgáiste breithiúnais, ach ní fholaíonn sé blianacht Stáit ná muirear atá ar marthain faoi shocrú, agus léireofar na focail “morgáistí” agus “morgáisteoir” dá réir sin agus folóid faoi seach duine a gheibheas teideal ó am go ham ón morgáistí bunaidh agus duine a gheibheas teideal ó am go ham ón morgáisteoir bunaidh;
ciallaíonn an focal “únaer”, maidir le talamh,—
(a) i gcás an talamh a bheith dílsithe faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh i gCoimisiún na Talún ach gan a bheith dílsithe i dtionónta-cheannaitheoir nó ceannaitheoir na talún, an duine arb é de thuras na huaire tionóntacheannaitheoir nó ceannaitheoir, pé acu é, na talún sin é, agus
(b) in aon chás eile, únaer an eastáit is ísle sa talamh agus is eastát indíolta faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh;
ciallaíonn an abairt “blianacht Stáit” aon tsuim arb é atá inti—
(a) aon bhlianacht talamh-cheannaigh nó aon tsuim bhliantúil is ionann agus blianacht talamh-cheannaigh, do réir bhrí na nAcht Talamh-Cheannaigh, is iníoctha le Coimisiún na Talún, nó
(b) aon bhlianacht talamh-cheannaigh is iníoctha leis na Coimisinéirí, nó
(c) aon chíos-mhuirear, blianacht nó íocaíocht bhliantúil nó leath-bhliantúil is iníoctha leis na Coimisinéirí i leith aon iasachta áitiúla, do réir bhrí Achta Chiste na nIasacht Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935);
ciallaíonn an abairt “dáta dílsithe”, maidir le haon talamh is abhar d'ordú dílsithe, an dáta a sonrófar san ordú sin mar dháta ar a ndílseoidh an talamh san Aire;
ciallaíonn an abairt “talamh dílsithe” talamh is abhar d'ordú dílsithe;
ciallaíonn an abairt “ordú dílsithe” ordú arna dhéanamh faoi alt 26 den Acht seo.
Forála maidir le hiarratais agus achomhairc faoi Chuid III.
13.—Gach iarratas agus gach achomharc faoi aon alt dá bhfuil sa Chuid seo, déanfar agus stiúrófar é sa tslí ordaithe.
Breith an Bhínse Achomhairc ar achomhairc faoi Chuid III a bheith ina breith chríochnaitheach.
14.—(1) Beidh breith an Bhínse achomhairc ar aon achomharc faoi aon alt dá bhfuil sa Chuid seo ina breith chríochnaitheach.
(2) Más rud é, le linn éisteachta aon achomhairc chun an Bhínse Achomhairc faoi aon alt dá bhfuil sa Chuid seo, go n-iarrfaidh aon pháirtí san achomharc ar an mBínse Achomhairc ceist dlí a éireos as an achomharc a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí i bhfoirm cháis ríofa chun go gcinnfidh an Chúirt Uachtarach í, déanfaidh an Bínse Achomhairc an cheist a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí dá réir sin agus a breith ar an achomharc a chur ar athló go dtí go gcinnfear an cás ríofa sin.
Feidhm an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.
15.—Beidh feidhm ag alt 2 den Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, maidir le—
(a) cúiteamh a chinneadh faoi ailt 19, 20 nó 21 den Acht seo,
(b) aon luach a mheisiúnú faoi ailt 24 nó 25 den Acht seo,
(c) cúiteamh a chinneadh faoi alt 31 den Acht seo,
faoi réir an mhodhnuithe go ndéanfar na tagairtí atá san alt sin 2 don eadránaí oifigiúil a léiriú mar thagairtí do na Coimisinéirí Tuaithe.
Cumhachta na gCoimisinéirí Tuaithe agus an Bhínse Achomhairc chun costais a dhámhachtain in imeachta faoi Chuid III.
16.—(1) (a) In aon imeachta faoin gCuid seo a éisteos agus a chinnfeas na Coimisinéirí Tuaithe nó an Bínse Achomhairc, féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe nó an Bínse Achomhairc, pé acu é, a ordú go mbeidh ar aon pháirtí sna himeachta sin costais agus caiteachas aon pháirtí eile iontu a íoc, agus féadfaid freisin, ar an dara páirtí sin a luaitear dá iarraidh sin, ordú a eisiúint chun méid na gcostas agus an chaiteachais sin (arna mheas nó arna thomhas do réir míre (b) den fho-alt seo) a thobhach maraon leis na costais faoina ndeachthas chun an t-ordú sin a fháil;
(b) Má ordaíonn na Coimisinéirí Tuaithe nó an Bínse Achomhairc, faoi mhír (a) den fho-alt seo, go mbeidh ar pháirtí áirithe in imeachta a éisteoid agus a chinnfid costais agus caiteachas aon pháirtí eile iontu a íoc, measfaidh Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt na costais agus an caiteachas sin mura gcomhaontaí an dá pháirtí sin gurb iad na Coimisinéirí Tuaithe nó an Bínse Achomhairc, pé acu é, a dhéanfas na costais agus an caiteachas sin a thomhas, agus sa chás sin tomhaisfear na costais agus an caiteachas sin amhlaidh.
(2) Gach ordú a dhéanfas na Coimisinéirí Tuaithe nó an Bínse Achomhairc faoin alt seo forghníomhóidh cláraitheoir contae é amhail is dá mba ordú forghníomhuithe é do réir bhrí an Achta um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 (Uimh. 18 de 1926).
(3) I gcás feidhm a thabhairt d'fho-alt (2) den alt seo maidir le contae nó contae-bhuirg a mbeidh fo-shirriam ann di de thuras na huaire, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin amhail is dá gcuirtí an focal “fo-shirriam” in ionad na habairte “cláraitheoir contae”.
(4) I gcás feidhm a thabhairt d'fho-alt (2) den alt seo maidir le contae nó contae-bhuirg ina mbeidh de thuras na huaire sirriam, arna cheapadh faoi alt 12 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 (Uimh. 25 de 1945), a mbeidh dílsithe ann de thuras na huaire feadhma cláraitheora chontae na contae nó na contae-bhuirge sin maidir le forghníomhú orduithe forghníomhuithe, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin amhail is dá gcuirtí an focal “sirriam” in ionad na habairte “cláraitheoir contae”.
Cúiteamh faoi ailt 19, 20, 21 agus 30 den Acht seo a íoc.
17.—(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “leas morgáistithe” aon leas, a bhí díreach roimh an dáta dílsithe faoi aon mhorgáistí, i dtalamh dílsithe.
(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le cúiteamh as leas i dtalamh dílsithe nach leas morgáistithe:—
(a) i gcás ina ndéanfaidh duine ar bith, laistigh de thrí mhí tar éis cinneadh críochnaitheach an chúitimh, iarratas chun an Aire á iarraidh an cúiteamh a íoc leis, agus ina gcruthóidh sé chun sástachta an Aire go bhfuil sé inniúil ar chúiteántas éifeachtach a thabhairt ann, agus an cúiteamh á háireamh chun na críche sin mar thoradh as an leas sin a dhíol díreach roimh an dáta dílsithe, íocfaidh an tAire an cúiteamh leis an duine sin;
(b) in aon chás eile—
(i) mura mó ná míle punt an cúiteamh, íocfaidh an tAire isteach sa Chúirt Chuarda é agus air sin beidh ag an gCúirt Chuarda maidir leis an gcúiteamh sin an dlínse go léir atá infheidhmithe ag an Ard-Chúirt faoi Achta na gClásal Talún;
(ii) más mó ná míle punt an cúiteamh, íocfar é, úsáidfear é, agus deighleálfar leis do réir na bhforál den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, a bhaineas le hairgead ceannaigh nó cúiteamh atá ag teacht chun páirtithe a bhfuil leasa teoranta acu nó a gcoisctear margáil orthu nó ná fuil teideal bunaithe acu, agus beidh éifeacht ag na forála sin dá réir sin.
(3) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le haon tsuim (is ionann agus an cúiteamh go léir nó cuid den chúiteamh as leas i dtalamh dílsithe is leas morgáistithe) a dáileofar do mhorgáistí faoi alt 32 den Acht seo:—
(a) i gcás ina ndéanfaidh duine ar bith, laistigh de thrí mhí tar éis an dáilithe sin, iarratas chun an Aire á iarraidh an tsuim a íoc leis agus ina gcruthóidh sé chun sástachta an Aire go bhfuil sé inniúil ar chúiteántas éifeachtach a thabhairt inti, íocfaidh an tAire an tsuim sin leis an duine sin;
(b) in aon chás eile, beidh feidhm ag fo-mhíreanna (i) agus (ii) de mhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo maidir leis an tsuim sin amhail mar atá feidhm ag na fo-mhíreanna sin maidir leis an gcúiteamh dá dtagartar iontu.
(4) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le haon tsuim (is ionann agus cuid de chúiteamh as leas i dtalamh dílsithe is leas morgaistithe) a daileofar don mhorgáisteoir faoi alt 32 den Acht seo:—
(a) i gcás ina ndéanfaidh duine ar bith, laistigh de thrí mhí tar eis an dáilithe sin, iarratas chun an Aire á iarraidh an tsuim sin a íoc leis, agus ina gcruthóidh sé chun sástachta an Aire go bhfuil sé inniúil ar chúiteántas éifeachtach a thabhairt inti, agus an tsuim sin á háireamh chun na críche sin mar ghlan-toradh as an leas sin a dhíol díreach roimh an dáta dílsithe, íocfaidh an tAire an tsuim sin leis an duine sin;
(b) in aon chás eile, beidh feidhm ag fo-mhíreanna (i) agus (ii) de mhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo maidir leis an tsuim sin amhail mar atá feidhm ag na fo-mhíreanna sin maidir leis an gcúiteamh dá dtagartar iontu.
(5) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le cúiteamh is iníoctha faoi ailt 19 nó 21 den Acht seo nó is iníoctha ag an Aire faoi alt 20 den Acht seo:—
(a) i gcás ina ndéanfaidh duine ar bith, laistigh de thrí mhí tar éis cinneadh críochnaitheach an chúitimh, iarratas chun an Aire á iarraidh an cúiteamh a íoc leis agus ina gcruthóidh sé chun sástachta an Aire go bhfuil sé inniúil ar chúiteántas éifeachtach a thabhairt ann, íocfaidh an tAire an cúiteamh leis an duine sin;
(b) in aon chás eile, beidh feidhm ag fo-mhíreanna (i) agus (ii) de mhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo maidir leis an gcúiteamh sin amhail mar atá feidhm ag na fo-mhíreanna sin maidir leis an gcúiteamh dá dtagartar iontu.
(6) Féadfaidh an tAire, más cuibhe leis, an tréimhse de thrí mhí a luaitear i bhfo-ailt (2), (3), (4) agus (5) den alt seo a fhaidiú in aon chás áirithe.
(7) (a) An cúiteamh dá dtagartar nó an chuid de chúiteamh dá dtagartar i bhfo-alt (2), (3) nó (4) den alt seo beidh ús ag gabháil leis do réir trí puint faoin gcéad sa bhliain in aghaidh na tréimhse ón dáta dílsithe go dtí an dáta ar a n-íocfar é.
(b) An cúiteamh dá dtagartar i bhfo-alt (5) den alt seo beidh ús ag gabháil leis do réir trí puint faoin gcéad sa bhliain ón dáta ar a dtiocfaidh an t-ordú múchta iomchuibhe nó ordú faoi alt 20 nó 21 den Acht seo, pé acu é, i bhfeidhm go dtí an dáta ar a n-íocfar é.
(8) I gcás—
(a) ina gceangaltar ar an Aire le fo-ailt (2), (3), (4) nó (5) den alt seo aon tsuim a íoc le duine ar bith, agus
(b) ina mbeidh aon airgead (dá ngairmtear an fiach Stáit sa bhfo-alt seo) dlite ón duine sin d'Aire Stáit, do na Coimisinéirí Ioncaim, do na Coimisinéirí nó do Choimisiún na Talún,
féadfaidh an tAire, in ionad an tsuim sin (lena n-áirítear ús uirthi) a íoc leis an duine sin, an tsuim agus an t-ús sin a úsáid chun nó mar chabhair chun an fiach Stáit a íoc agus an t-iarmhéid (más ann) a bheas fágtha dhi a íoc leis an duine sin.
(9) (a) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le cúiteamh is iníoctha ag duine ar bith (seachas an tAire) faoi alt 20 den Acht seo:—
(i) i gcás ina ndéanfaidh duine ar bith (dá ngairmtear an t-iarratasóir sa mhír seo), laistigh de thrí mhí tar éis cinneadh críochnaitheach an chúitimh, iarratas chun an duine a dhlífeas an cúiteamh a íoc (dá ngairmtear an duine dliteanach sa mhír seo) á iarraidh an cúiteamh a íoc leis, agus ina gcruthóidh sé don duine dliteanach go bhfuil an t-iarratasóir inniúil ar chúiteántas éifeachtach a thabhairt ann, íocfaidh an duine dliteanach an cúiteamh leis an iarratasóir,
(ii) in aon chás eile, beidh feidhm ag fo-mhíreanna (i) agus (ii) de mhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo maidir leis an gcúiteamh sin amhail mar atá feidhm ag na fo-mhíreanna sin maidir leis an gcúiteamh dá dtagartar iontu agus amhail is dá mba thagairt don duine dliteanach an tagairt atá iontu don Aire.
(b) An cúiteamh dá dtagartar i mír (a) den fho-alt seo beidh ús ag gabháil leis do réir trí puint faoin gcéad sa bhliain ón dáta ar a dtiocfaidh an t-ordú iomchuibhe faoi alt 20 den Acht seo i bhfeidhm go dtí an dáta ar a n-íocfar é,
(c) Má fhaillíonn duine ar bith (seachas an tAire), a dhlífeas cúiteamh a íoc faoi alt 20 den Acht seo, forála na míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo a chomhlíonadh, féadfaidh duine ar bith, a bheas inniúil ar chúiteántas éifeachtach a thabhairt sa chúiteamh sin, an cúiteamh sin agus an t-ús is iníoctha air faoi mhír (b) den fho-alt seo a aisghabháil ón duine sin a céadluaitear mar fhiach ghnáth-chonartha i gcúirt dlínse inniúla.
(10) Beidh íoc cúitimh nó coda de chúiteamh agus úis de réir na bhforál sin roimhe seo den alt seo ina chúiteántas maith sa chéanna.
Costais rianuithe teidil chun cúitimh faoi ailt 19, 20, 21 nó 30 den Acht seo.
18.—I gcás suim ar bith (is cúiteamh faoi alt 19, 20 nó 21 den Acht seo nó cúiteamh nó cuid de chúiteamh faoi alt 30 den Acht seo) a bheith iníoctha le duine ar bith, ansin, mura lóisteáltar an tsuim sin sa Chúirt faoi alt 17 den Acht seo toisc an duine sin dá fhaillí go toiliúil teideal fónta chuici a bhunú, íocfaidh an duine a dhlífeas an tsuim sin a íoc, leis an duine sin a céadluaitear, na costais faoina ndeachaigh sé d'fhonn an teideal chun na suime sin a rianú, a fhianú agus a fhíorú, agus beidh feidhm ag alt 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, maidir leis na costais sin agus chun críocha na feidhme sin is tuigthe gurb é an duine a dhlífeas an tsuim sin a íoc bunaitheoir an ghnóthais.
Caibidil II.
Easuinti a Mhuchadh agus Cearta Sli a Bhunu.
Easúintí a mhúchadh.
19.—(1) I gcás aon talamh a bheas ar seilbh ag an Aire chun críocha an Achta seo a bheith faoi éasúintí ar bith, féadfaidh an tAire ordú (dá ngairmtear ordú múchta san alt seo) faoin alt seo a iarraidh ar na Coimisinéirí Tuaithe ag múchadh na n-éasúintí sin nó aon cheann nó cinn de na héasúintí sin.
(2) Déanfaidh an tAire, díreach tar éis ordú múchta a iarraidh, na nithe seo a leanas:—
(a) an fógra ordaithe i dtaobh an iarratais a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an talamh lena mbaineann an t-iarratas, agus
(b) cóip den fhógra sin a sheirbheáil ar áititheoir (más ann) na talún a gcreidtear aon éasúint lena mbaineann an t-iarratas a bheith ag comhghabháil léi agus ar gach duine a chífear don Aire a bheith ina únaer ar aon talamh den tsórt sin, más féidir an duine sin a fhionnachtain.
(3) Déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe gach iarratas ar ordú múchta a éisteacht, tar éis dóibh an fógra ordaithe i dtaobh na héisteachta a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an talamh lena mbaineann an t-iarratas.
(4) Ar iarratas ar ordú múchta maidir le haon talamh a éisteacht dóibh, féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe—
(a) an t-ordú a dhéanamh do réir téarmaí an iarratais, nó
(b) an t-ordú a dhéanamh, agus aon éasúintí sonraithe a bhaineas leis an talamh a eisiadh ó oibriú an orduithe, nó
(c) diúltú don iarratas.
(5) I gcás ina mbeidh ordú múchta maidir le haon talamh déanta ag na Coimisinéirí Tuaithe, féadfaidh duine ar bith ag a mbeidh teideal chun aon éasúna, a bhaineas leis an talamh sin agus a múchfar trí oibriú an orduithe, achomharc a dhéanamh, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a bheith déanta, chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe sa mhéid go n-oibreoidh sé chun an éasúint sin a mhúchadh agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—
(a) an t-ordú a dhaingniú, nó
(b) an t-ordú a chúlghairm, nó
(c) an t-ordú a athrú d'fhonn an éasúint sin a eisiadh ó oibriú an orduithe.
(6) I gcás ina ndiúltófar d'iarratas ar ordú múchta maidir le haon talamh, féadfaidh an tAire, laistigh de dhá mhí tar éis an diúltuithe sin, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an diúltuithe sin, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—
(a) an diúltú sin a dhaingniú, nó
(b) an t-ordú a dhéanamh do réir téarmaí an iarratais, nó
(c) an t-ordú a dhéanamh, agus aon éasúint nó éasúintí sonraithe a bhaineas leis an talamh a eisiadh ó oibriú an orduithe.
(7) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe ordú múchta maidir le haon talamh agus aon éasúint a bhaineas leis an talamh a eisiadh ó oibriú an orduithe, féadfaidh an tAire, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a bheith déanta, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne eisiadh na héasúna sin ó oibriú an orduithe, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—
(a) an t-ordú a dhaingniú, nó
(b) an t-ordú a athrú tríd an éasúint sin a áireamh ann.
(8) Beidh an tAire agus aon duine leasmhar, mar dhuine atá i dteideal éasúna a bhaineas le haon talamh is abhar d'iarratas nó d'achomharc faoi aon cheann de na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, i dteideal éisteacht a fháil ar an iarratas nó an achomharc a éisteacht.
(9) (a) Ní thiocfaidh ordú múchta a dhéanfas na Coimisinéirí Tuaithe i bhfeidhm ach amháin mar a foráltar le mír (b) nó (c) den fho-alt seo.
(b) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe ordú múchta agus ná déanfar aon achomharc ina leith faoi fho-ailt (5) nó (7) den alt seo, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm díreach ar dhá mhí a bheith caite tar éis a dhéanta.
(c) I gcás ina ndéanfaidh an Bínse Achomhairc daingniú nó athrú faoi fho-ailt (5) nó (7) den alt seo ar ordú a rinne na Coimisinéirí Tuaithe, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar dháta a dhaingnithe nó a athruithe amhlaidh.
(d) I gcás ina ndéanfaidh an Bínse Achomhairc ordú múchta faoi fho-alt (6) den alt seo, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar dháta a dhéanta amhlaidh.
(10) (a) I gcás ina mbeidh ordú múchta maidir le haon talamh tar éis teacht i bhfeidhm, dlífidh an tAire cúiteamh a íoc le duine ar bith a bheas i dteideal éasúna, a bhaineas leis an talamh agus a múchadh leis an ordú múchta.
(b) Aon chúiteamh is iníoctha ag an Aire faoin bhfo-alt seo, déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, mura gcomhaontaítear ina thaobh, é a chinneadh, ar an Aire nó an duine a bheas á shuíomh teideal a bheith aige chun an chúitimh sin dá iarraidh sin.
(c) Féadfaidh an tAire nó duine ar bith a bheas á shuíomh teideal a bheith aige chun cúitimh faoin bhfo-alt seo achomharc a dhéanamh, laistigh de mhí tar éis an dáta a thug na Coimisinéirí Tuaithe breith ar iarratas á iarraidh an cúiteamh sin a chinneadh, chun an Bhínse Achomhairc in aghaidh na breithe.
(11) I gcás ina mbeidh ordú múchta maidir le haon talamh, a bheas cláraithe faoi Acht 1891, tar éis teacht i bhfeidhm, cuirfidh an tAire cóip den ordú go dtí an t-údarás clárúcháin faoi Acht 1891, agus iontrálfaidh an t-údarás clárúcháin sin sonraí i dtaobh an orduithe sa bhfóile iomchuibhe.
(12) Ní bheidh aon diúité stampa iníoctha ar aon ordú múchta, ná ní bheidh aon táillí iníoctha i leith aon imeachta i gClárlann na Talún faoi fho-alt (11) den alt seo.
Cearta slí sealadacha chun adhmad a iompar.
20.—(1) I gcás ceart slí (dá ngairmtear an ceart slí riachtanach sa bhfo-alt seo) de bhealach áirithe thar talamh ar bith (dá ngairmtear an fo-thionóntán beartaithe sa bhfo-alt seo) a bheith ag teastáil, chun aon adhmad (lena n-áirítear adhmad ó chrainn a beartaítear a leagan) a iompar ó choill nó foraois go dtí bóthar poiblí nó go dtí iarnród nó uiscebhealach, ó únaer an adhmaid sin, féadfaidh sé iarratas a chur chun na gCoimisinéirí Tuaithe (ina gcuirfear in iúl, trí thagairt do phlean a bheas ag gabháil leis an iarratas, an ceart slí riachtanach agus ina sonrófar an tréimhse (nach sia ná dhá mhí dhéag agus dá ngairmtear an tréimhse riachtanach sa bhfo-alt seo) a dteastaíonn uaidh an ceart slí riachtanach a fheidhmiú ar a feadh) ag iarraidh orduithe ag deonadh an chirt shlí riachtanaigh dhó, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—
(a) ar an iarratasóir do dhéanamh an iarratais, seirbheálfaidh sé an fógra ordaithe i dtaobh an iarratais ar áititheoir (más ann) an fho-thionóntáin bheartaithe agus ar an duine a bhfeicfear dó gurb é únaer an fho-thionóntáin bheartaithe é, más féidir go réasúnach an duine sin a fhionnadh;
(b) foilseoidh na Coimisinéirí Tuaithe an fógra ordaithe i dtaobh éisteachta an iarratais san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an fo-thionóntán beartaithe;
(c) féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, tar éis dóibh an t-iarratas a éisteacht,—
(i) ordú a dhéanamh ag deonadh cirt shlí (arb é a bheas ann, an ceart slí riachtanach nó ceart slí eile, do réir mar is oiriúnach leo) don iarratasóir, a bheas infheidhmithe ar feadh na tréimhse riachtanaí nó ar feadh pé tréimhse eile (nach sia ná dhá mhí dhéag) is oiriúnach leo, thar an bhfo-thionóntán beartaithe, nó
(ii) diúltú don iarratas;
(d) má dhéanann na Coimisinéirí Tuaithe an t-ordú, féadfaidh áititheoir nó únaer an fho-thionóntáin bheartaithe, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe, agus féadfaidh an Bínse Achomhaire, ar an achomharc sin,—
(i) an t-ordú a dhaingniú, nó
(ii) an t-ordú a dhaingniú, ach ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh, eadhon, bealach an chirt shlí a bheas bunaithe ag an ordú a athrú agus an tréimhse a athrú (ach sin i slí nach sia í ná dhá mhí dhéag) a bheas sonraithe san ordú mar thréimhse a mbeidh an ceart slí infheidhmithe ar a feadh, nó
(iii) an t-ordú a chúlghairm;
(e) má dhiúltaíonn na Coimisinéirí Tuaithe an t-ordú a dhéanamh, féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de dhá mhí tar éis an diúltuithe sin, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an diúltuithe sin, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—
(i) an diúltú sin a dhaingniú, nó
(ii) ordú a dhéanamh ag deonadh cirt shlí (arb é a bheas ann, an ceart slí riachtanach nó ceart slí eile, do réir mar is oiriúnach leo) don iarratasóir, a bheas infheidhmithe ar feadh na tréimhse riachtanaí nó ar feadh pé tréimhse eile (nach sia ná dhá mhí dhéag) is oiriúnach leo, thar an bhfo-thionóntán beartaithe;
(f) má dhéanann na Coimisinéirí Tuaithe an t-ordú, ach go ndeonfaid leis an ordú sin ceart slí seachas an ceart slí riachtanach, féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe, sa mhéid go ndeonann ceart slí seachas an ceart slí riachtanach, agus féadfaidh an Bínse Achomhaire, ar an achomharc sin,—
(i) an t-ordú a dhaingniú mar a bheas sé déanta ag na Coimisinéirí Tuaithe, nó
(ii) an t-ordú a athrú trí cheart slí eile a chur in ionad an chirt shlí a bheas sonraithe san ordú;
(g) má dhéanann na Coimisinéirí Tuaithe an t-ordú, ach go ndeonfaid leis an ordú sin ceart slí a bheas infheidhmithe ar feadh tréimhse is giorra ná an tréimhse riachtanach, féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe, sa mhéid go ndeonann ceart slí is infheidhmithe ar feadh tréimhse is giorra ná an tréimhse riachtanach, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—
(i) an t-ordú a dhaingniú mar a bheas sé déanta ag na Coimisinéirí Tuaithe, nó
(ii) an t-ordú a athrú tríd an tréimhse a athrú (ach sin i slí nach sia í ná dhá mhí dhéag) a bheas sonraithe san ordú mar thréimhse a mbeidh an ceart slí infheidhmithe ar a feadh;
(h) beidh an t-iarratasóir agus áititheoir agus únaer an fhothionóntáin bheartaithe i dteideal éisteacht a fháil ar an iarratas nó ar achomharc faoin bhfo-alt seo a éisteacht;
(i) más deimhin leis na Coimisinéirí Tuaithe nó an Bínse Achomhairc (pé acu é) nach féidir, tar éis fiosrú dícheallach a dhéanamh, únaer an fho-thionóntáin bheartaithe a fháil ná a fhionnadh, féadfar an t-iarratas nó achomharc faoin bhfo-alt seo a éisteacht agus a chinneadh d'ainneoin gan an t-únaer sin a bheith arna fháil ná arna fhionnadh.
(2) Maidir le gach ordú faoi fho-alt (1) den alt seo—
(a) beidh léarscáil ag gabháil leis a thaispeánfas suíomh agus fairsinge an chirt shlí a deontar leis,
(b) beidh sé agus déarfaidh sé a bheith ina ordú a bhronnas ar an deonaí faoin ordú agus ar a cheadúnaithe, ar feadh na tréimhse (is tuigthe thosnú ar dháta an orduithe a theacht i bhfeidhm) a bheas sonraithe san ordú, ceart gabhála agus athghabhála, i dteannta nó d'éagmais feithiclí agus ainmhithe, thar an bpíosa talún a mbeidh an ceart slí, mar a taispeánfar an léarscáil sin, infheidhmithe thairis,
(c) oibreoidh sé chun a údarú don deonaí sin bóthar a dhéanamh agus a chothabháil ar an bpíosa talún sin.
(3) (a) Ní thiocfaidh ordú a dhéanfas na Coimisinéirí Tuaithe faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm ach amháin mar a foráltar le mír (b) nó (c) den fho-alt seo.
(b) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe ordú faoi fho-alt (1) den alt seo agus ná déanfar aon achomharc ina leith go cuibhe faoin bhfo-alt sin (1), tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm díreach ar dhá mhí a bheith caite tar éis dáta an orduithe a dhéanamh.
(c) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe ordú faoi fho-alt (1) den alt seo agus ina ndaingneoidh nó ina n-athróidh an Bínse Achomairc é faoin bhfo-alt sin (1), tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar dháta a dhaingnithe nó a athruithe amhlaidh.
(d) I gcás ina ndéanfaidh an Bínse Achomairc ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar dháta a dhéanta amhlaidh.
(4) (a) I gcás ina mbeidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo tar éis teacht i bhfeidhm, dlífidh an deonaí faoin ordú cúiteamh a íoc le háititheoir (más ann) agus le húnaer na talún a ndeontar an ceart slí thairis leis an ordú.
(b) Aon chúiteamh is iníoctha faoin bhfo-alt seo déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, mura gcomhaontaítear ina thaobh, é a chinneadh, ar an duine a dhlífeas an cúiteamh a íoc nó an duine a bheas á shuíomh teideal a bheith aige chuige dá iarraidh sin.
(c) An duine a dhlífeas aon chúiteamh a íoc faoin bhfo-alt seo nó aon duine a bheas á shuíomh teideal a bheith aige chun an chúitimh sin, féadfaidh sé, laistigh de mhí tar éis an dáta a thug na Coimisinéirí Tuaithe breith ar iarratas á iarraidh an cúiteamh sin a chinneadh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne na breithe.
(5) I gcás an deonaí faoi ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo do dhéanamh bóthair ar an bpíosa talún a mbeidh an ceart slí a deonadh leis an ordú infheidhmithe thairis, féadfaidh áititheoir nó únaer na talún sin, laistigh de mhí tar éis deireadh na tréimhse a mbeidh an ceart infheidhmithe ar a feadh, fógra a sheirbheáil ar an deonaí sin á cheangal air na habhair a húsáideadh chun an bóthar sin a dhéanamh a aistriú as an bpíosa talún sin, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—
(a) aistreoidh an deonaí sin na habhair sin tráth nach déanaí ná mí tar éis an fógra a sheirbheáil,
(b) mura gcomhlíona an deonaí sin mír (a) den fho-alt seo, féadfaidh an t-áititheoir nó an t-únaer na habhair sin a aistriú agus, sa chás sin, féadfaidh na costais faoina ndeachaigh sé maidir leis an aistriú sin a aisghabháil ón deonaí sin mar fhiach ghnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla.
(6) Má bhíonn an talamh, a ndeonfar ceart slí thairis le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo, cláraithe faoi Acht 1891, cuirfidh Coimisiún na Talún cóip den ordú go dtí an t-údarás clárúcháin faoi Acht 1891, maraon le teastas i dtaobh an dáta a tháinig an t-ordú i bhfeidhm, agus cláróidh an t-údarás clárúcháin sin an ceart slí sin mar ualach ar an talamh sin ar feadh na tréimhse a mbeidh an ceart slí sin infheidhmithe ar a feadh.
(7) Ní bheidh aon diúité stampa iníoctha ar aon ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, ná ní bheidh aon táillí íníoctha i leith aon imeachta i gClárlann na Talún faoi fho-alt (6) den alt seo.
Cearta slí a bhunú.
21.—(1) I gcás ina dteastóidh ón Aire, maidir le haon talamh (dá ngairmtear an príomh-thionóntán beartaithe sa bhfo-alt seo) a bheas ar seilbh aige chun críocha an Achta seo, ceart slí (dá ngairmtear an ceart slí riachtanach sa bhfo-alt seo) de bhealach áirithe thar aon talamh eile (dá ngairmtear an fo-thionóntan beartaithe sa bhfo-alt seo), féadfaidh sé iarratas a chur chun na gCoimisinéirí Tuaithe (ina gcuirfear in iúl, trí thagairt do phlean a bheas ag gabháil leis an iarratas, an ceart slí riachtanach) ag lorg orduithe ag bunú an chirt shlí riachtanaigh, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—
(a) ar an Aire do dhéanamh an iarratais, seirbheálfaidh sé an fógra ordaithe i dtaobh an iarratais ar áititheoir (más ann) an fho-thionóntáin bheartaithe agus ar an duine a bhfeicfear don Aire gurb é únaer an fho-thionóntáin bheartaithe é, más féidir go réasúnach an duine sin a fhionnadh;
(b) foilseoidh na Coimisinéirí Tuaithe an fógra ordaithe i dtaobh éisteachta an iarratais san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an fo-thionóntán beartaithe;
(c) féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, tar éis dóibh an t-iarratas a éisteacht,—
(i) ordú a dhéanamh ag bunú cirt shlí (arb é a bheasann, an ceart slí riachtanach nó ceart slí eile, do réir mar is oiriúnach leo) thar an bhfo-thionóntán beartaithe mar chomhghabhálas leis an bpríomhthionóntán beartaithe, nó
(ii) diúltú don iarratas;
(d) má dhéanann na Coimisinéirí Tuaithe an t-ordú, féadfaidh áititheoir nó únaer an fho-thionóntáin bheartaithe, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—
(i) an t-ordú a dhaingniú, nó
(ii) an t-ordú a dhainghniú ach bealach an chirt shlí a bheas bunaithe ag an ordú a athrú, nó
(iii) an t-ordú a chúlghairm;
(e) má dhiúltaíonn na Coimisinéirí Tuaithe ordú a dhéanamh, féadfaidh an tAire, laistigh de dhá mhí tar éis an diúltuithe sin, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an diúltuithe sin, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—
(i) an diúltú a dhaingniú, nó
(ii) ordú a dhéanamh ag bunú cirt shlí (arb é a bheas ann, an ceart slí riachtanach nó ceart slí eile, do réir mar is oiriúnach leo) thar an bhfo-thionóntán beartaithe mar chomhghabhálas leis an bpríomhthionóntán beartaithe;
(f) má dhéanann na Coimisinéirí Tuaithe an t-ordú ach go mbunóid leis an ordú sin ceart slí seachas an ceart slí riachtanach, féadfaidh an tAire, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe, sa mhéid go mbunaíonn ceart slí seachas an ceart slí riachtanach, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—
(i) an t-ordú a dhaingniú mar a bheas sé déanta ag na Coimisinéirí Tuaithe, nó
(ii) an t-ordú a athrú trí cheart slí eile a chur in ionad an chirt shlí a bheas sonraithe san ordú;
(g) beidh an tAire agus áititheoir agus únaer an fhothionóntáin bheartaithe i dteideal éisteacht a fháil ar an iarratas nó achomharc faoin bhfo-alt seo a éisteacht;
(h) más deimhin leis na Coimisinéirí Tuaithe nó an Bínse Achomhairc (pé acu é) nach féidir, tar éis fiosrú dícheallach a dhéanamh, únaer an fho-thionóntáin bheartaithe a fháil ná a fhionnadh, féadfar an t-iarratas nó achomharc faoin bhfo-alt seo a éisteacht agus a chinneadh, d'ainneoin gan an t-únaer sin a bheith arna fháil ná arna fhionnadh.
(2) Maidir le gach, ordú faoi fho-alt (1) den alt seo—
(a) beidh léarscáil ag gabháil leis a thaispeánfas suíomh agus fairsinge an chirt shlí a bunaítear leis,
(b) beidh sé agus déarfaidh sé a bheith ina ordú a bhronnas ar an Aire, ar a chomharbaí teidil agus ar a cheadúnaithe, ceart gabhála agus athghabhála, tráth ar bith, i dteannta nó d'éagmais feithiclí agus ainmhithe, thar an talamh a mbeidh an ceart slí (mar a taispeánfar ar an léarscáil sin) infheidhmithe thairis.
(3) (a) Ní thiocfaidh ordú a dhéanfas na Coimisinéirí Tuaithe faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm ach amháin mar a foráltar le mír (b) nó (c) den fho-alt seo.
(b) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe ordú faoi fho-alt (1) den alt seo agus ná déanfar aon achomharc ina leith go cuibhe faoin bhfo-alt sin (1), tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm díreach ar dhá mhí a bheith caite tar éis dáta an orduithe a dhéanamh.
(c) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe ordú faoi fho-alt (1) den alt seo agus ina ndaingneoidh nó ina n-athróidh an Bínse Achomhairc é faoin bhfo-alt sin (1), tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar dháta a dhaingnithe nó a athruithe amhlaidh.
(d) I gcás ina ndéanfaidh an Bínse Achomhairc ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar dháta a dhéanta amhlaidh.
(4) (a) I gcás ina mbeidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo tar éis teacht i bhfeidhm, dlífidh an tAire cúiteamh a íoc le húnaer na talún a mbunófar an ceart slí thairis leis an ordú.
(b) Aon chúiteamh is iníoctha faoi bhfo-alt seo déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, mura gcomhaontaítear ina thaobh, é a chinneadh, ar an Aire nó an duine a bheas á shuíomh teideal a bheith aige chun an chúitimh dá iarraidh sin.
(c) Féadfaidh an tAire nó duine ar bith a bheas á shuíomh teideal a bheith aige chun cúitimh faoin bhfo-alt seo achomharc a dhéanamh, laistigh de mhí tar éis an dáta a thug na Coimisinéirí Tuaithe breith ar iarratas á iarraidh an cúiteamh sin a chinneadh, chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne na breithe.
(5) I gcás ina mbeidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo tar éis teacht i bhfeidhm, féadfaidh an tAire bóthar a dhéanamh agus a choimeád i dtreo ar an gcuid den talamh a mbeidh an ceart slí a bunaíodh leis an ordú infheidhmithe thairis.
(6) Má bhíonn an talamh, a mbunófar ceart slí thairis le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo, cláraithe faoi Acht 1891, cuirfidh an tAire cóip den ordú go dtí an t-údarás clárúcháin faoi Acht 1891 agus cláróidh an t-údarás clárúcháin sin an ceart slí sin mar ualach ar an talamh sin.
(7) Ní bheidh aon diúité stampa iníoctha ar aon ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, ná ní bheidh aon táillí iníoctha i leith aon imeachta i gClárlann na Talún faoi fho-alt (6) den alt seo.
Caibidil III.
Talamh a Thogaint go hEigeanta.
Sonraí i dtaobh leasanna i dtalamh.
22.—(1) Más dóigh leis an Aire é a bheith inmhianuithe aon talamh a thógaint chun críoch an Achta seo, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar dhuine ar bith, a bhfeicfear dó aon leas a bheith aige sa talamh sin, á cheangal ar an duine sin na nithe seo a leanas a chur chun an Aire laistigh de thréimhse shonraithe (nach giorra ná fiche lá ó dháta na seirbheála sin):—
(a) tuairisceán i scríbhinn á rá cé acu atá aon leas aige sa talamh sin nó ná fuil, agus
(b) má tá aon leas den tsórt sin aige, achomaireacht (maraon le cóipeanna de gach scríbhinn athchoimrithe) ar a theideal chun an leasa sin.
(2) Má dhéanann duine, ar ar seirbheáladh fógra faoin alt seo, an fógra a chomhlíonadh, íocfaidh an tAire leis na costais uile faoina ndeachaigh sé go cuibhe agus de riachtanas maidir leis an gcomhlíonadh sin.
(3) Má fhaillíonn nó má mhainníonn duine ar bith, ar ar seirbheáladh fógra faoin alt seo, an fógra sin a chomhlíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.
(4) I gcás—
(a) ina gciontófar duine i gcion faoi fho-alt (3) den alt seo toisc é dá fhaillí nó dá mhainniú na nithe a bheas sonraithe i bhfógra a seirbheálfar air faoin alt seo a dhéanamh laistigh den tréimhse a bheas sonraithe sa bhfógra, agus
(b) ina mbeidh na nithe sin, tar éis dáta an chiontuithe sin, fágtha gan déanamh aige,
beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach lae, tar éis dáta an chiontuithe chéadluaite sin, a fhágfas sé na nithe sin gan déanamh agus beidh an cion sin ina chion leanúnach agus dá réir sin féadfar imeachta nua a bhunú ina leith ó am go ham.
Údarás don Aire chun talamh a thógaint go héigeanta.
23.—(1) (a) Más mian leis an Aire aon talamh a thógaint chun críocha an Achta seo ach nach féidir leis an talamh a thógaint go dea-thapaidh trí chomhaontú, féadfaidh sé ordú a iarraidh ar na Coimisinéirí Tuaithe á údarú dhó an talamh a thógaint go héigeanta do réir na Caibidle seo.
(b) Beidh teastas faoi shéala oifigiúil an Aire á theastasú nárbh fhéidir leis aon talamh shonraithe a thógaint go dea-thapaidh trí chomhaontú ina fhianaise dhochlaoite, chun críocha an fho-ailt seo, ar an ní a teastasófar amhlaidh.
(2) Déanfaidh an tAire, díreach tar éis ordú tógainte a iarraidh maidir le haon talamh, na nithe seo a leanas:—
(a) an fógra ordaithe i dtaobh an iarratais a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an talamh, agus
(b) cóip den fhógra sin a sheirbheáil ar áititheoir (más ann) na talún agus ar an duine a bhfeicfear don Aire gurb é únaer na talún é, más féidir go réasúnach an duine sin a fhionnadh.
(3) I gcás ina mbeifear tar éis ordú tógainte a iarraidh maidir le haon talamh, éisteoidh na Coimisinéirí Tuaithe an t-iarratas, tar éis dóibh an fógra ordaithe i dtaobh na héisteachta a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an talamh, agus féadfaid, faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt seo,—
(a) an t-ordú a dhéanamh, nó
(b) an t-ordú a dhéanamh agus aon chuid shonraithe den talamh sin a eisiadh uaidh, nó
(c) diúltú don iarratas.
(4) Ní déanfar aon ordú tógainte maidir le haon talamh—
(a) is dóigh leis na Coimisinéirí Tuaithe a bheith ag teastáil chun taithneamhachta nó caothúlachta tí chónaithe, nó
(b) is le húdarás áitiúil, nó
(c) a bheas tógtha ag aon chorpráid nó cuideachta chun críocha gnóthais iarnróid, duga, canála nó uisce nó gnóthais phoiblí eile, nó
(d) is láithreán ar a bhfuil aon tséadchomhartha náisiúnta, do réir bhrí Achta na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 (Uimh. 2 de 1930), agus is leis na Coimisinéirí.
(5) Féadfaidh ordú tógainte maidir le haon talamh a fhoráil go mairfidh éasúint láithreach sa talamh nó ar an talamh nó go mbunófar, in ionad éasúna láithrí, aon éasúint nua sa talamh nó ar an talamh.
(6) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí Tuaithe tar éis ordú tógainte a dhéanamh maidir le haon talamh, féadfaidh áititheoir nó únaer na talún, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—
(a) an t-ordú a chúlghairm, nó
(b) an t-ordú a dhaingniú mar a bheas sé déanta amhlaidh, nó
(c) an t-ordú a athrú trí chuid den talamh a eisiadh.
(7) I gcás—
(a) ina mbeidh na Coimisinéirí Tuaithe tar éis ordú tógainte a dhéanamh maidir le haon talamh faoi éasúint, agus
(b) ná forálann an t-ordú go mairfidh an éasúint sin nó go mbunófar, ina hionad, éasúint nua,
féadfaidh an duine a bheas i dteideal na héasúna sin, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe sa mhéid ná fuil an fhoráil sin ann, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—
(i) an t-ordú a dhaingniú mar a bheas sé déanta amhlaidh, nó
(ii) an t-ordú a athrú tríd an bhforáil sin a chur ann.
(8) I gcás ina ndiúltófar d'iarratas ar ordú tógainte maidir le haon talamh, féadfaidh an tAire, laistigh de dhá mhí tar éis an diúltuithe sin, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an diúltuithe sin, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—
(a) an diúltú a dhaingniú, nó
(b) an t-ordú a dhéanamh, maidir leis an talamh ar fad nó le haon chuid shonraithe dhe agus, i gcás an talamh sin a bheith faoi éasúint, a fhoráil, más oiriúnach leo, go mairfidh an éasúint sin nó go mbunófar, ina hionad, éasúint nua.
(9) I gcás—
(a) ina mbeifear tar éis ordú tógainte a iarraidh maidir le haon talamh (dá ngairmtear an talamh riachtanach sa bhfo-alt seo), agus
(b) ina mbeidh na Coimisinéirí Tuaithe tar éis an t-ordú a dhéanamh agus aon chuid áirithe den talamh riachtanach a eisiadh uaidh,
féadfaidh an tAire, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an eisiata sin, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—
(i) an t-ordú a dhaingniú mar a bheas sé déanta amhlaidh, nó
(ii) an t-ordú a dhaingniú agus an t-eisiadh sin a scrios as agus, más oiriúnach leo, a fhoráil ina ionad sin go n-eisiafar uaidh aon chuid áirithe den talamh riachtanach.
(10) I gcás—
(a) ina mbeidh na Coimisinéirí Tuaithe tar éis ordú tógainte a dhéanamh maidir le haon talamh, agus
(b) ina bhforálfaidh an t-ordú go mairfidh éasúint láithreach sa talamh nó ar an talamh nó go mbunófar, in ionad éasúna láithrí, éasúint nua sa talamh nó ar an talamh,
féadfaidh an tAire, laistigh de dhá mhí tar éis an t-ordú tógainte a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne na forála sin, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—
(i) an t-ordú a dhaingniú, nó
(ii) an t-ordú a athrú tríd an bhforáil sin a scríos as.
(11) Beidh teideal ag an Aire agus ag aon duine ag a mbeidh leas (mar áititheoir nó mar únaer nó mar dhuine atá i dteideal éasúna) in aon talamh is abhar d'iarratas nó d'achomharc faoin alt seo chun éisteacht a fháil ar an iarratas nó an achomharc a éisteacht.
(12) Más deimhin leis na Coimisinéirí Tuaithe nó an Bínse Achomhairc (pé acu é) nach féidir, tar éis fiosrú dícheallach a dhéanamh, únaer na talún, lena mbaineann iarratas nó achomharc faoin alt seo, a fháil ná a fhionnadh, féadfar an t-iarratas nó an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh d'ainneoin gan an t-únaer sin a bheith arna fháil ná arna fhionnadh.
(13) (a) Ní thiocfaidh ordú tógainte a dhéanfas na Coimisinéirí Tuaithe i bhfeidhm ach amháin mar a foráltar le mír (b) nó (c) den fho-alt seo.
(b) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe ordú tógainte agus ná déanfar aon achomharc ina leith faoi fho-ailt (6), (7), (9) nó (10) den alt seo, tiocfaidh sé i bhfeidhm díreach ar dhá mhí a bheith caite tar éis a dhéanta.
(c) I gcás ina ndéanfaidh an Bínse Achomhairc ordú tógainte a bheas déanta ag na Coimisinéirí Tuaithe a dhaingniú nó a athrú faoi fho-ailt (6), (7), (9) nó (10) den alt seo, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar dháta a dhaingnithe nó a athruithe amhlaidh.
(d) I gcás ina ndéanfaidh an Bínse Achomhairc ordú tógainte faoi fho-alt (8) den alt seo, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar dháta a dhéanta.
(14) Fanfaidh gach ordú tógainte i bhfeidhm go ceann na tréimhse de dhá bhliain a thosnós ar dháta a theachta i bhfeidhm agus ní fhanfaidh níos sia ná sin.
(15) Beidh ag gabháil le gach ordú tógainte léarscáil nó plean a thaispeánfas an talamh ar maidir leis a rinneadh an t-ordú tógainte.
(16) I gcás ordú tógainte maidir le haon talamh a theacht i bhfeidhm, déanfaidh Coimisiún na Talún, a luaithe is féidir ina dhiaidh sin,—
(a) fógra (ina sonrófar an áit inar féidir an t-ordú tógainte a iniúchadh agus na trátha chun a iniúchta) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an talamh á rá go ndearnadh an t-ordú, agus
(b) cóip den fhógra sin a sheirbheáil ar gach duine a bhfeicfear do Choimisiún na Talún aon leas a bheith aige sa talamh.
Luach leasanna i dtalamh is abhar d'ordú tógainte a mheisiúnú.
24.—(1) I gcás ordú tógainte maidir le haon talamh a bheith i bhfeidhm, féadfaidh an tAire a iarraidh ar na Coimisinéirí Tuaithe luach aon leasa áirithe sa talamh a mheisiúnú.
(2) I gcás ina mbeifear tar éis a iarraidh go cuibhe faoin alt seo ar na Coimisinéirí Tuaithe luach aon leasa áirithe in aon talamh a mheisiúnú, déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, tar éis dóibh caoi a éisteachta a thabhairt d'aon duine a bheas á shuíomh teideal a bheith aige chun an leasa sin, luach an leasa sin a mheisiúnú, le hordú.
(3) Féadfaidh an tAire, nó aon duine a bheas á shuíomh teideal a bheith aige chun leasa i dtalamh is abhar d'ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, achomharc a dhéanamh, laistigh de dhá mhí tar éis dáta an orduithe, chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe.
Suimeanna bliantúla áirithe a chionroinnt go sealadach agus luach coda dhíobh a mheisiúnú.
25.—(1) I gcás aon talamh (dá ngairmtear an talamh intógtha sa bhfo-alt seo), a mbeidh ordú tógainte i bhfeidhm ina leith, a bheith, i dteannta talún eile, faoi shuim bhliantúil, déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, ar an Aire dá iarraidh sin agus tar éis dóibh caoi a n-éisteachta a thabhairt do na daoine ag a mbeidh agus lena mbeidh an tsuim bhliantúil sin iníoctha, le hordú—
(a) an tsuim bhliantúil sin a chionroinnt i pé slí is cuibhe leo idir an talamh intógtha agus an talamh eile sin, agus
(b) meisiúnú a thabhairt ar luach an mhéid den tsuim bhliantúil sin a cionroinnfear ar an talamh intógtha.
(2) Féadfaidh an tAire, nó an duine ag a mbeidh nó lena mbeidh suim bhliantúil iníoctha is abhar d'ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, achomharc a dhéanamh, laistigh de dhá mhí tar éis dáta an orduithe, chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne an orduithe, agus féadfaidh an Bínse Achomhairc, ar an achomharc sin,—
(a) an t-ordú a dhaingniú, nó
(b) an t-ordú a athrú i pé slí is oiriúnach leis an mBínse Achomhairc.
(3) Aon ordú a déanfar faoi fho-alt (1) den alt seo ag cionroinnt coda de shuim bhliantúil ar thalamh is abhar d'ordú tógainte, tiocfaidh sé i bhfeidhm más rud é, agus amháin más rud é, go ndéanfar ordú dílsithe maidir leis an talamh sin, ach má déantar an t-ordú dílsithe sin tiocfaidh an t-ordú faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm an lá díreach roimh an dáta dílsithe.
(4) I gcás ina mbeidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le suim bhliantúil is iníoctha as talamh (dá ngairmtear an talamh intógtha sa bhfo-alt seo) a ndearnadh ordú tógainte ina leith, agus as talamh eile (dá ngairmtear an talamh neamh-intógtha sa bhfo-alt seo), tar éis teacht i bhfeidhm, ansin, amhail ar dháta agus ó dháta an orduithe a theacht i bhfeidhm,—
(a) beidh an talamh neamh-intógtha, de bhuaidh an fho-ailt seo, saortha ón méid den tsuim bhliantúil sin a bheas cionroinnte ar an talamh intógtha,
(b) beidh ag an duine a bhí i dteideal na suime bliantúla sin díreach roimh an dáta dílsithe agus ag a chomharbaí-i-dteideal, maidir leis an talamh neamh-intógtha, na cearta agus na córacha céanna, chun an chuid den tsuim bhliantúil sin a aisghabháil a bheas cionroinnte ar an talamh neamh-intógtha, a bhí aige roimh an dáta dílsithe chun iomlán na suime bliantúla sin a aisghabháil,
(c) más cíos, dob iníoctha faoi léas, an tsuim bhliantúil sin,—
(i) ní dlífear den léasaí, maidir leis an gcíos go léir a fhaibhreos faoin léas, in aghaidh aon tréimhse a thosnós ar an dáta dílsithe nó dá éis, ach an chuid de a bheas cionroinnte ar an talamh neamhintógtha,
(ii) leanfaidh cumhnanta, coinníollacha agus comhaontuithe uile an léasa, ach amháin maidir le méid an chíosa a bheas le n-íoc, de bheith i bhfeidhm maidir leis an talamh neamh-intógtha amhail is ná beadh áirithe sa léas ach an talamh neamh-intógtha.
Orduithe dílsithe.
26.—(1) I gcás ordú dílsithe i leith aon tailimh a bheith i bhfeidhm, ansin más oiriúnach leis é as a chomhairle féin, féadfaidh an tAire, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, ordú a dhéanamh faoin alt seo ag dílsiú na talún ann ar dháta sonraithe nach luaithe ná mí tar éis an t-ordú a dhéanamh.
(2) Ní dhéanfaidh an tAire ordú dílsithe i leith aon tailimh a bheas, i dteannta aon talún eile, faoi aon tsuim bhliantúil, mura mbeidh ordú déanta faoi alt 25 den Acht seo maidir leis na tailte sin.
(3) Maidir le hordú dílsithe—
(a) beidh ag gabháil leis léarscáil nó plean a thaispeánfas an talamh lena mbaineann an t-ordú;
(b) má fhorálann an t-ordú tógainte iomchuibhe go mairfidh éasúint láithreach nó go mbunófar éasúint nua in ionad éasúna láithrí, beidh ann foráil dá shamhail sin.
(4) I gcás ordú dílsithe a dhéanamh i leith tailimh ar bith, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—
(a) oibreoidh an t-ordú dílsithe chun an talamh sin a dhílsiú san Aire, amhail ar an dáta dílsithe agus uaidh sin amach, chun eastáit i bhfeo simplí ar seilbh—
(i) má bhíonn an talamh sin faoi bhlianacht Stáit, faoin mblianacht Stáit sin,
(ii) faoi aon éasúint, a mbeidh san ordú dílsithe de bhun fo-ailt (3) den alt seo, foráil á coimeád ar marthain nó á bunú,
ach, lasmuigh den méid adúradh, saor ó gach ceart poiblí (más ann) agus ó éilimh gach duine ag a mbeidh leas sa talamh sin, pé acu i leith eirí nó leasa ann nó eile é;
(b) maidir le gach leas a bheas ar marthain sa talamh sin díreach roimh an dáta dílsithe—
(i) oibreoidh an t-ordú, amhail ar an dáta dílsithe agus uaidh sin amach, chun gach eastát, iontaobhas agus eire a bheas ar marthain maidir leis an leas sin, díreach roimh an dáta dílsithe, a aistriú chun an chúitimh is iníoctha i leith an leasa sin agus a chur ag gabháil leis an gcúiteamh sin,
(ii) déanfaidh an cúiteamh sin, maidir le haon chearta nó éilimh, a bheas ar marthain díreach roimh an dáta dílsithe, chun nó in aghaidh an leasa sin, an leas sin a ionadú chun gach críche,
(iii) má ba thalamh socraithe, do réir bhrí na Settled Land Acts, 1882 to 1890, an leas sin, díreach roimh an dáta dílsithe, beidh an cúiteamh sin ina airgead caipitiúil chun críocha na nAcht sin.
(5) Má dhéanann an tAire ordú dílsithe i leith aon tailimh, déanfaidh sé, a luaithe is féidir ina dhiaidh sin—
(a) fógra (ina sonrófar an áit inar féidir an t-ordú dílsithe a iniúchadh agus na trátha chun a iniúchta) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an talamh á rá go ndearnadh an t-ordú,
(b) cóip den fhógra sin a sheirbheáil ar gach duine a bhfeicfear dó aon leas a bheith aige, díreach roimh an dáta dílsithe, sa talamh.
(6) I gcás aon cheart poiblí a fhorceannadh le hordú dílsithe, féadfaidh an tAire, má mheasann sé gur gá sin, socrú a dhéanamh chun ceart a bheith infheidhmithe ag an bpobal in ionad an chirt phoiblí a forceannadh.
(7) I gcás aon talamh a dhílsiú san Aire le hordú dílsithe, cuirfidh an tAire an t-ordú dílsithe go dtí an t-údarás clárúcháin faoi Acht 1891 agus, ar an ordú sin a fháil, bhéarfaidh an t-údarás clárúcháin sin go gclárófar an tAire faoi Acht 1891 mar únaer i bhfeo simplí ar an talamh do réir téarmaí an orduithe dhílsithe.
(8) Ní bheidh aon diúité stampa iníoctha ar aon ordú dílsithe ná ní bheidh aon táillí iníoctha i leith aon imeachta i gClárlann na Talún faoi fho-alt (7) den alt seo.
Blianachta Stáit a chionroinnt go cúlghabhálach i gcásanna áirithe.
27.—I gcás ordú dílsithe a dhéanamh i leith aon tailimh (dá ngairmtear an talamh tógtha san alt seo) a bhí, i dteannta talún eile, faoi bhlianacht Stáit díreach roimh an dáta dílsithe,—
(a) bhéarfaidh an tAire fógra i dtaobh an orduithe dhílsithe don údarás lena raibh an bhlianacht Stáit iníoctha,
(b) déanfaidh an t-údarás sin, a luaithe is féidir tar éis an fógra a fháil, ní amháin de na nithe seo a leanas:—
(i) an bhlianacht Stáit a chionroinnt. le héifeacht amhail ar an lá agus ón lá díreach roimh an dáta dílsithe, i pé slí a mheasfas an t-údarás sin is ceart, idir an talamh tógtha agus an talamh eile sin,
(ii) a dhearbhú go mbeidh iomlán na blianachta Stáit ina mhuirear, le héifeacht amhail ar an lá agus ón lá díreach roimh an dáta dílsithe, go haonta ar an talamh tógtha nó go haonta ar an talamh eile sin.
Seilbh a ghlacadh ar thalamh a bheas tógtha ag an Aire.
28.—(1) I gcás ina ndéanfaidh an tAire ordú dílsithe i leith aon tailimh, féadfaidh an tAire dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh ar an dáta dílsithe nó tráth ar bith dá éis sin.
(2) Má dhéanann duine ar bith an tAire a bhac nó a chose ar dhul isteach nó seilbh a ghlacadh ar aon talamh faoin alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.
Ordú chun seilbh a thabhairt ar thalamh a bheas dílsithe san Aire.
29.—(1) Má bhíonn an tAire i dteideal, faoi alt 28 den Acht seo, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar aon talamh agus má mhainníonn nó má dhiúltaíonn duine ar bith seilbh na talún sin a thabhairt suas nó má choisceann nó má bhacann an tAire ar dhul isteach agus seilbh a ghlacadh amhlaidh ar an talamh, féadfaidh an Coimisinéir Breithiúntais, ar an Aire dá iarraidh sin, ordú a eisiúint chun an chláraitheora chontae, ar laistigh dá chontae nó dá chontae-bhuirg a bheas an talamh, á ordú dhó seilbh na talún a thabhairt d'aon duine a bheas ainmnithe san ordú, agus ar an ordú a fháil dó bhéarfaidh an cláraitheoir contae seilbh na talún dá réir sin agus beidh an tAire i dteideal gach costas agus caiteachas faoina ndeachaigh sé, maidir le heisiúint agus forghníomhú an orduithe, a aisghabháil ón duine loiceach.
(2) Is tuigthe ordú a heiseofar faoin alt seo a bheith ina ordú forghníomhuithe do réir bhrí an Achta um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 (Uimh. 18 de 1926).
(3) Nuair a bheas seilbh aon talún tugtha ag cláraitheoir contae faoin alt seo, beidh duine ar bith a rachas isteach agus a ghlacfas seilbh ar an talamh nó ar aon chuid de, gan toiliú an Aire, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air agus fíneáil bhreise nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a fhanfas sé i seilbh.
(4) I gcás feidhm a thabhairt d'fho-ailt (1) agus (3) den alt seo maidir le contae nó contae-bhuirg a mbeidh fo-shirriam ann di de thuras na huaire, beidh éifeacht ag na fo-ailt sin amhail is dá gcuirtí an focal “fo-shirriam” in ionad na habairte “cláraitheoir contae” i gach áit a bhfuil an abairt dheiridh sin sna fo-ailt sin.
(5) I gcás feidhm a thabhairt d'fho-ailt (1) agus (3) den alt seo maidir le contae nó contae-bhuirg ina mbeidh de thuras na huaire sirriam, arna cheapadh faoi alt 12 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 (Uimh. 25 de 1945), a mbeidh dílsithe ann de thuras na huaire feadhma cláraitheora chontae na contae nó na contae-bhuirge sin maidir le forghníomhú orduithe forghníomhuithe, beidh éifeacht ag na fo-ailt sin amhail is dá gcuirtí an focal “sirriam” in ionad na habairte “cláraitheoir contae” i ngach áit a bhfuil an abairt dheiridh sin sna fo-ailt sin.
Cúiteamh.
30.—(1) I gcás ordú dílsithe a dhéanamh i leith aon tailimh, dlífidh an tAire cúiteamh a íoc, i leith gach leasa (seachas éasúint a buanaítear leis an Ordú dílsithe, nó easúint a mbunaítear leis an ordú dílsithe, éasúint nua ina hionad) a bhí ar marthain sa talamh sin díreach roimh an dáta dílsithe.
(2) Sna hailt atá ina dhiaidh seo sa Chaibidil seo, ciallaíonn an focal “cúiteamh” cúiteamh faoin alt seo i leith leasa i dtalamh.
Cúiteamh i leith leasanna a mheisiúnú.
31.—(1) Faoi réir forál an ailt seo, is amhlaidh a cinnfear méid an chúitimh is iníoctha i leith aon leasa i dtalamh dílsithe,—
(a) i gcás an leas sin a bheith, díreach roimh an dáta dílsithe, faoi aon mhorgáiste nó morgáistí, déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, cheal comhaontuithe idir an tAire, an morgáisteoir agus na morgáistithe uile, é a chinneadh ar an Aire, an morgáisteoir nó aon mhorgáistí dá iarraidh sin, nó
(b) in aon chás eile, déanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe, cheal comhaontuithe, é a chinneadh ar an Aire nó an duine a bheas ag éileamh an chúitimh dá iarraidh sin.
(2) I gcás cúiteamh a bheith arna chinneadh ag na Coimisinéirí Tuaithe, féadfaidh an tAire nó duine ar bith (lena n-áirítear morgáistí) ag a mbeidh leas ann achomharc a dhéanamh, laistigh de mhí tar éis an cúiteamh a chinneadh amhlaidh, chun an Bhínse Achomhairc i gcoinne dámhachtana na gCoimisinéirí Tuaithe.
(3) I gcás—
(a) luach aon leasa i dtalamh dílsithe a mheisiúnú le hordú meisiúnuithe, agus
(b) an leas sin a bheith ar marthain díreach roimh an dáta dílsithe,
ansin, faoi réir fo-ailt (5) den alt seo, is é a bheas sa chúteamh is iníoctha i leith an leasa ná méid is comhionann leis an suim a meisiúnaíodh leis an ordú meisiúnuithe.
(4) I gcás—
(a) luach aon leasa (dá ngairmtear an leas bunaidh sa bhfo-alt seo) i dtalamh dílsithe a mheisiúnú le hordú meisiúnuithe, agus
(b) an leas bunaidh a bheith ar marthain díreach roimh an dáta dílsithe, agus
(c) aon leas (dá ngairmtear an leas nua sa bhfo-alt seo) a bheith arna bhunú ón dáta dílsithe as an leas bunaidh,
ní raghaidh an cúiteamh is iníoctha i leith an leasa bhunaidh agus an leasa nua i dteannta a chéile thar an méid a meisiúnaíodh leis an ordú meisiúnuithe.
(5) Déanfar cúiteamh a mheisiúnú ar leithligh i leith gach leasa i dtalamh dílsithe.
(6) I gcás—
(a) (i) inar thalamh socraithe do réir bhrí na Settled Land Acts, 1882 to 1890, aon leas i dtalamh dílsithe, agus
(ii) ina raibh an leas sin, díreach roimh an dáta dílsithe, faoi aon mhuirir is muirir a bheas ar marthain faoi shocrú, nó
(b) ina raibh aon leas i dtalamh dílsithe faoi aon mhorgáiste nó morgáistí díreach roimh an dáta dílsithe,
déanfar an cúiteamh i leith an leasa sin a chinneadh ar an mbun tuisceana ná raibh an leas sin fúthu sin.
Cúiteamh i leith leasanna morgáistithe a dháiliú.
32.—(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “an fiach morgáiste”, maidir le morgáiste ar thalamh dílsithe, iomlán na suimeanna a bhí dlite díreach roimh an dáta dílsithe ar scór an mhorgáiste i leith bunairgid agus úis.
(2) I gcás leas i dtalamh dílsithe a bheith, díreach roimh an dáta dílsithe, faoi aon mhorgáiste amháin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an gcúiteamh as an leas sin:—
(a) más leor an cúiteamh chun an fiach morgáiste a fhuascailt go hiomlán, déanfaidh an tAire, le hordú, an méid den chúiteamh is leor chun an fiach morgáiste a fhuascailt a dháiliú don mhorgáistí agus an barrachas (más ann) a dháiliú don mhorgáisteoir;
(b) mura leor an cúiteamh chun an fiach morgáiste a fhuascailt go hiomlán, déanfaidh an tAire, le hordú, an cúiteamh a dháiliú don mhorgáistí.
(3) I gcás leas i dtalamh dílsithe a bheith, díreach roimh an dáta dílsithe, faoi dhá mhorgáiste nó níos mó, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an gcúiteamh as an leas sin:—
(a) más leor an cúiteamh chun na fiacha morgáiste uile a fhuascailt go hiomlán, déanfaidh an tAire, le hordú, an méid den chúiteamh is leor chun a fhiach morgáiste a fhuascailt go hiomlán a dháiliú do gach morgáistí faoi leith agus an barrachas (más ann) a dháiliú don mhorgáisteoir;
(b) mura leor an cúiteamh chun na fiacha morgáiste uile a fhuascailt go hiomlán,—
(i) má chomhaontaíonn na morgáistithe uile ar an gcuma ina mbeidh an cúiteamh le dáiliú, déanfaidh an tAire, le hordú, é a dháiliú do réir an chomhaontuithe sin,
(ii) mura gcomhaontaí na morgáistithe uile ar an gcuma ina mbeidh an cúiteamh le dáiliú—
(I) féadfaidh an tAire iarratas a dhéanamh, ar shlí achomair, chun na Cúirte Cuarda, i gcás nach mó ná míle punt an cúiteamh, nó chun na hArd-Chúirte, i gcás inar mó ná míle punt an cúiteamh, á iarraidh an cúiteamh a dháiliú,
(II) má dhéanann an tAire iarratas amhlaidh, déanfaidh an Chúirt, tar éis caoi a n-éisteachta a thabhairt do gach páirtí leasmhar, an cúiteamh a dháiliú do réir tosaíochta faoi seach na morgáistí, agus beidh na costais a bhainfeas agus a ghabhfas leis an iarratas faoi dhiscréid na cúirte.
(4) I gcás aon tsuim (is ionann agus cúiteamh nó cuid de chúiteamh i leith leasa i dtalamh dílsithe a bhí, díreach roimh an dáta dílsithe, faoi aon mhorgáiste) a dháiliú do mhorgáistí faoi fho-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—
(a) maidir leis an morgáisteoir agus an morgáistí dhe, is tuigthe an tsuim sin a bheith le húsáid—
(i) so chéad áit, chun an méid den fhiach morgáiste is ionann agus ús a ghlanadh nó a laghdú, agus
(ii) sa dara háit, chun an méid den fhiach morgáiste is ionann agus bunairgead a ghlanadh nó a laghdú,
(b) maidir leis an morgáisteoir agus an morgáistí dhe—
(i) is tuigthe an tsuim sin a bheith arna híoc ar an dáta dílsithe ag an morgáisteoir leis an morgáistí,
(ii) an chuid den tsuim sin is tuigthe amhlaidh a bheith le húsáid i leith an úis sin, is tuigthe í a bheith arna fáil ag an morgáistí ar an dáta dílsithe ar scór an úis sin,
(iii) an chuid (más ann) den tsuim sin is tuigthe amhlaidh a bheith le húsáid i leith bunairgid, is tuigthe, d'ainneoin aon ní dá mbeidh san ionstraim trínar cruthnaíodh an morgáiste, í a bheith arna fáil ag an morgáistí ar an dáta dílsithe ar scór an bhunairgid sin,
(c) gach ceart agus cóir a bheas ag an morgáistí chun íoc an fhéich mhorgáiste a áirithiú, ach amháin an ceart in aghaidh na talún dílsithe, leanfaid i bhfeidhm maidir leis an méid (más ann) den fhiach morgáiste a fágfaí gan íoc dá mbeadh na híocaíochta is tuigthe, de bhuaidh míre (b) den fho-alt seo, a bheith arna ndéanamh leis an morgáistí ar an dáta dílsithe, arna ndéanamh amhlaidh iarbhír.
Cúiteamh a chinneadh agus a íoc i mionchásanna.
33.—(1) San alt seo—
ciallaíonn an abairt “mír bheag thalún” talamh—
(a) nach mó ná dhá acra a hachar, agus
(b) nach mó ná cúig puint a luacháil inrátuithe;
ní fholaíonn an focal “muirear” blianacht Stáit.
(2) I gcás an talamh a ndéanfar ordú dílsithe ina leith—
(a) a bheith ina mír bheag thalún, agus
(b) a bheith dílsithe faoi ná hAchta Talamh-Cheannaigh i ndílseánach na talún sin, agus
(c) a bheith cláraithe faoi Acht 1891,
beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an gcúiteamh is iníoctha i leith gach leasa a bhí ar marthain sa talamh sin díreach roimh an dáta dílsithe, is é sin le rá:—
(i) féadfar, chun an cúiteamh sin a chinneadh (lena n-áirítear cinneadh trí chomhaontú) agus a íoc, an duine a bhí, díreach roimh an dáta dílsithe, cláraithe mar lán-únaer ar an talamh sin nó, má bhíonn an duine sin tar éis bháis, a ionadaí pearsanta, nó an duine a bhí, díreach roimh an dáta dílsithe, ina únaer ar an gcéad nó ar an aon mhuirear (más ann) ar an talamh sin nó, má bhíonn an duine sin tar éis bháis, a ionadaí pearsanta, a áireamh mar dhuine a bhfuil teideal iomlán aige chun an chúitimh sin,
(ii) má híoctar an cúiteamh sin leis an duine a bhí, díreach roimh an dáta dílsithe, cláraithe mar lánúnaer ar an talamh sin nó lena ionadaí pearsanta, déanfaidh an duine lena n-íocfar amhlaidh é é a shealbhú mar iontaobhaí do na daoine (lena n-áirítear é féin) ag a raibh, díreach roimh an dáta dílsithe, aon leasa sa talamh sin, a mbeidh cúiteamh iníoctha ina leith, nó a bhí ina morgáistithe amhlaidh ar aon leasa den tsórt sin,
(iii) má híoctar an cúiteamh sin leis an duine a bhí, díreach roimh an dáta dílsithe, ina únaer ar an gcéad nó ar an aon mhuirear (más ann) ar an talamh sin nó lena ionadaí pearsanta, déanfaidh an duine lena n-íocfar amhlaidh é é a shealbhú nó a dhiúscairt amhail is dá ndéanadh sé, ar an dáta dílsithe, an talamh sin a dhíol i bhfeidhmiú na gcumhacht díola a bheirtear le dlí do mhorgáistithe talún.
(3) I gcás an talamh a ndéanfar ordú dílsithe ina leith—
(a) a bheith ina mír bheag thalún, agus
(b) a bheith dílsithe faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh i ndílseánach na talún sin, agus
(c) a bheith gan clárú faoi Acht 1891,
beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an gcúiteamh is iníoctha i leith gach leasa a bhí ar marthain sa talamh sin díreach roimh an dáta dílsithe, is é sin le rá:—
(i) féadfar, chun an cúiteamh sin a chinneadh (lena n-áirítear cinneadh trí chomhaontú) agus a íoc, an duine a bhí, díreach roimh an dáta dílsithe, ina áititheoir ar an talamh sin, a áireamh mar dhuine a bhfuil teideal iomlán aige chun an chúitimh sin,
(ii) má híoctar an cúiteamh sin leis an duine sin, sealbhóidh sé é mar iontaobhaí do na daoine (lena n-áirítear é féin) ag a raibh, díreach roimh an dáta dílsithe, aon leasa sa talamh sin, a mbeidh cúiteamh iníoctha ina leith, nó a bhí ina morgáistithe amhlaidh ar aon leasa den tsórt sin.
(4) I gcás an talamh a ndéanfar ordú dílsithe ina leith,
(a) a bheith ina mír bheag thalún, agus
(b) a bheith dílsithe faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh i gCoimisiún na Talún, ach gan a bheith dílsithe i dtionónta-cheannaitheoir nó ceannaitheoir na talún sin, agus
(c) a bheith faoi bhlianacht Stáit (seachas muirear deachúchíosa),
beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an gcúiteamh is iníoctha i leith gach leasa (seachas leasa Choimisiúin na Talún) sa talamh sin, is é sin le rá:—
(i) féadfar, chun an cúiteamh sin a chinneadh (lena n-áirítear cinneadh trí chomhaontú) agus a íoc, an duine a bhí, díreach roimh an dáta dílsithe, ina áititheoir ar an talamh sin, a áireamh mar dhuine a bhfuil teideal iomlán aige chun an chúitimh sin,
(ii) má híoctar an cúiteamh sin leis an duine sin, sealbhóidh sé é mar iontaobhaí do na daoine (agus é féin a áireamh ach gan Coimisiún na Talún a áireamh) ag a raibh, díreach roimh an dáta dílsithe, aon leasa sa talamh sin, a mbeidh cúiteamh iníoctha ina leith, nó a bhí ina morgáistithe amhlaidh ar aon leasa den tsórt sin.
(5) I gcás ordú dílsithe a dhéanamh maidir le cuid (dá ngairmtear an talamh tógtha sa bho-alt seo) d'oidhreachtán inrátuithe, féadfaidh an Coimisinéir Luachála agus Suirbhéir Teorann, ar an Aire dá iarraidh sin, pé cuid is cuibhe leis de luacháil inrátuithe an oidhreachtain inrátuithe sin a chionroinnt ar an talamh tógtha, agus is tuigthe, chun críocha an ailt seo ach ní chun aon chríche eile ná in aon tslí eile, gurb é an chuid den luacháil inrátuithe sin a cionroinnfear amhlaidh ar an talamh tógtha is luacháil inrátuithe ar an talamh tógtha.
Feidhm theoranta Acht na gClásal Talún.
34.—Ní bhainfidh Achta na gClásal Talún, ach amháin mar a foráltar go folas leis an gCuid seo, le talamh a thógaint faoin gCaibidil seo.
CUID IV.
Srianta le Crainn a Ghearradh Anuas agus a Dhiobhaladh.
Mínithe chun críocha Coda IV.
35.—(1) Sa Chuid seo—
ciallaíonn an abairt “coinníollacha foraoisithe” coinníollacha arna gcur le ceadúnas leagain ginearálta faoi fho-alt (3) nó faoi fho-ailt (3) agus (4) d'alt 49 den Acht seo;
ciallaíonn an focal “ranníocaíocht” an tsuim a sonrófar i gcoinníoll ranníoca;
ciallaíonn an abairt “coinníoll ranníoca” coinníoll arna chur le ceadúnas leagain teoranta faoi fho-alt (1) d'alt 42 den Acht seo;
ciallaíonn an abairt “gearradh anuas”, maidir le crann, gearradh trí thamhan an chrainn ag pointe is ísle ná sé troithe ón talamh chomh doimhin sin go dtuitfidh an crann nó go gcuirfear é i riocht tuitime faoi oibriú fórsaí nádúrtha;
ciallaíonn an abairt “crann eiscithe” aon chrann—
(a) is crann is dóigh leis an Aire nach gá mar mhaise nó mar chosaint ar an ngabháltas ar a bhfuil sé agus a ndéarfar sa bhfógra leagain a bhainfeas leis go mbeartaítear é a ghearradh anuas chun an t-adhmad ann a úsáid chun foirgintí, fálta, nó déanmhais eile a dhéanamh nó a dheisiú ar an ngabháltas sin nó ar ghabháltas eile le húnaer an ghabháltais chéadluaite sin nó ar ghabháltas le duine eile i ngarchomharsanacht an ghabháltais chéadluaite sin, nó chun uirlisí feirmeoireachta a dhéanamh nó a dheisiú chun a n-úsáidte ar aon cheann de na gabháltais sin, nó
(b) is crann is dóigh leis an Aire nach gá mar mhaise nó mar chosaint ar an ngabháltas ar a bhfuil sé agus a ndéarfar san ordú leagain a bhainfeas leis go mbeartaítear é a ghearradh anuas chun é a úsáid mar chonnadh tís ar an ngabháltas ar a bhfuil sé, nó
(c) is crann is dóigh leis an Aire atá marbh nó dreoite nó díobhálta thar fóir agus atá gan mhaith chun críocha trádála, nó
(d) is crann a gcruthófar ina thaobh chun sástachta an Aire go bhfuil an crann sin ar thalamh a ceannaíodh roimh an lú lá d'Aibreán, 1928, agus gur tugadh airgead ceannaigh uile na talún sin nó cuid éigin de ar iasacht do cheannaitheoir na talún sin ar na téarmaí go ndéanfaí an crann sin a ghearradh anuas agus a dhíol agus toradh an díola sin a úsáid chun nó mar chabhair chun an iasacht sin a aisíoc agus go bhfuil an iasacht sin nó cuid éigin di dlite fós ar dháta an fhógra leagain a bhainfeas leis an gcrann sin, agus a ndéarfar ina thaobh sa bhfógra leagain sin go bhfuil an crann sin á ghearradh anuas chun téarmaí sin na hiasachta sin a chomhlíonadh, nó
(e) is crann a gcruthófar ina thaobh chun sástachta an Aire go bhfuil an talamh ar a bhfuil an crann sin faoi mhorgáiste nó muirear a bhí ar marthain an tráth a ritheadh Acht 1928, agus gur cuid shubstainteach den urrús maidir le híoc an airgid a hurraíodh leis an morgáiste nó leis an muirear sin an crann sin maraon le crainn eile (pé acu a háirítear iad sin sa bhfógra leagain céanna nó ná háirítear) ar an talamh sin, agus a ndéarfar ina thaobh sa bhfógra leagain a bhainfeas leis go bhfuil an crann sin á ghearradh anuas chun a dhíola le hintinn toradh an díola sin a úsáid chun nó mar chabhair chun an t-airgead sin a íoc;
ciallaíonn an abairt “ceadúnas leagain faoi Acht 1928” ceadúnas arna dheonadh faoi alt 8 d'Acht 1928;
ciallaíonn an abairt “fógra leagain”, nuair a húsáidtear í gan cáiliú, fógra leagain faoi Acht 1928 nó fógra leagain faoin Acht seo;
ciallaíonn an abairt “fógra leagain faoi Acht 1928” fógra arna thabhairt faoi alt 5 d'Acht 1928;
ciallaíonn an abairt “fógra leagain faoin Acht seo” fógra arna thabhairt faoi fho-alt (1) d'alt 37 den Acht seo;
ciallaíonn an abairt “ceadúnas leagain ginearálta” ceadúnas arna dheonadh faoi alt 49 den Acht seo;
ciallaíonn an abairt “ceadúnas leagain teoranta” ceadúnas arna dheonadh faoi alt 40 den Acht seo;
ciallaíonn an abairt “coinníoll caomhanta”—
(a) maidir le ceadúnas leagain teoranta, coinníoll arna chur leis an gceadúnas faoi fho-alt (2) d'alt 41 den Acht seo, agus
(b) maidir le hordú úsáidte (crainn eiscithe), coinníoll arna chur leis an ordú faoi fho-alt (3) d'alt 46 den Acht seo;
ciallaíonn an abairt “ordú toirmisc faoi Acht 1928” ordú arna dhéanamh faoi alt 7 d'Acht 1928;
ciallaíonn an abairt “ordú toirmisc faoin Acht seo” ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) d'alt 39 den Acht seo;
ciallaíonn an abairt “coinníollacha athphlandála”—
(a) maidir le ceadúnas leagain teoranta, coinníollacha arna gcur leis an gceadúnas faoi fho-alt (1) d'alt 41 den Acht seo, agus
(b) maidir le hordú úsáidte (crainn eiscithe), coinníollacha arna gcur leis an ordú faoi fho-alt (2) d'alt 46 den Acht seo;
ciallaíonn an abairt “ordú athphlandála” ordú arna dhéanamh faoi alt 52 den Acht seo;
ciallaíonn an abairt “ordú úsáidte (crainn eiscithe)” ordú arna dhéanamh faoi alt 46 den Acht seo.
(2) I gcás—
(a) talamh a bheith dílsithe faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh i ndílseánach na talún sin nó a bheith dílsithe faoi na hAchta sin i gCoimisiún Talún na hÉireann ach gan é a bheith dílsithe i dtionóntacheannaitheoir nó ceannaitheoir na talún sin, agus
(b) crainn atá ag fás ar an talamh sin a bheith á bhforcoimeád do Choimisiún Talún na hÉireann,
is tuigthe, chun críocha na Coda seo (ach amháin alt 44), gurb é Coimisiún Talún na hÉireann únaer na talún sin.
(3) I gcás—
(a) talamh (nach talamh lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo) a bheith dílsithe faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh i gCoimisiún Talún na hÉireann, agus
(b) an talamh sin a bheith á áitiú ag duine (is tionóntacheannaitheoir nó ceannaitheoir) faoi chomhaontú ceannaigh a rinneadh nó is tuigthe a rinneadh faoi na hAchta sin,
is tuigthe, chun críocha na Coda seo (ach amháin alt 44), gurb é an duine sin únaer na talún sin.
Cineálacha áirithe crann a eisiadh ó oibriú Coda IV.
36.—(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinicí is oiriúnach leis, a dhearbhú le hordú faoin bhfo-alt seo ná bainfidh an Chuid seo nó aon fhoráil áirithe dhi le haon chrann den chineál a hainmneofar san ordú, agus aon uair a déanfar aon ordú faoin bhfo-alt seo ní bhainfidh an Chuid seo nó an fhoráil áirithe dhi a luafar san ordú (pé acu é), faid a leanfas an t-ordú i bhfeidhm, le haon chrann den chineál a hainmneofar san ordú.
(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú faoin bhfo-alt seo, ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm.
Fógra go mbeartaítear crainn a thochailt nó a ghearradh anuas.
37.—(1) Faoi réir fo-ailt (4) den alt seo, ní dleathach do dhuine ar bith aon chrann is sine ná deich mbliana a thochailt ná aon chrann a ghearradh anuas, mura mbeidh únaer na talún ar a bhfuil an crann nó réamhtheachtaí-i-dteideal an únaera sin nó duine éigin thar ceann an únaera nó an réamhtheachtaí sin tar éis fógra i scríbhinn (a bheas sa bhfoirm ordaithe agus ina sonrófar ainm agus seoladh an únaera atá ag tabhairt an fhógra sin nó ar thar a cheann atáthar á thabhairt, agus áit sa Stát a bhféadfar ordú toirmisc faoin Acht seo i leith an chrainn (má déantar é) a sheirbheáil ann, agus ina dtiubharfar pé sonraí eile a hordófar) a thabhairt lá agus fiche ar a laghad agus dhá bhliain ar a mhéid roimh thosnú ar an gcrann a thochailt nó a ghearradh anuas (pé acu é), don tsáirsint i gceannas an stáisiúin Gharda Shíochána is gaire don chrann, go mbeartaítear an crann a thochailt nó a ghearradh anuas (pé acu é).
(2) I gcás talamh a dhíol roimh an lú lá d'Fheabhra, 1946, agus crainn ar an talamh sin a fhorcoimeád don díoltóir, beidh éifeacht, maidir le haon chrann den tsórt sin, ag fo-alt (1) den alt seo amhail is dá ndéantaí tagairt don duine atá (de bhuaidh an fhorcoimeádta sin) ina únaer de thuras na huaire ar an gcrann a chur in ionad tagairte d'únaer na talún ar a bhfuil an crann.
(3) Má dhéanann duine ar bith nó má chuireann sé faoi ndear nó má cheadaíonn sé aon chrann a thochailt nó a ghearradh anuas contrártha don alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomhair dlífear, faoi réir ailt 53 den Acht seo, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach crainn a ndearnadh nó ar cuireadh faoi ndear nó ar ceadaíodh é a thochailt nó a ghearradh anuas amhlaidh.
(4) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le crann ar bith a thochailt nó a ghearradh anuas—
(a) más faoin údarás a tugadh le ceadúnas leagain teoranta nó le ceadúnas leagain ginearálta agus gur i rith na tréimhse a mbeidh an t-údarás sin infheidhmithe ar a feadh a déanfar an crann a thochailt nó a ghearradh anuas, nó
(b) más ar thalamh atá ar seilbh ag an Aire chun críocha an Achta seo a bheas an crann, nó
(c) más i gcontae-bhuirg nó i mbuirg eile nó i gceantar uirbeach a bheas an crann, nó
(d) má bhíonn an crann i ngiorracht céad troigh d'aon fhoirgint seachas falla nó déanmhas sealadach, nó
(e) más faoi alt 34 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925), nó faoi alt 98 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927), a gearrfar anuas an crann, nó
(f) más údarás áitiúil a dhéanfas an crann a thochailt nó a ghearradh anuas agus gur i ndáil le scéimeanna déanta nó leathnuithe nó feabhsuithe bóthair nó le hobair thógála nó foirgníochta a dhéanfaid sin, nó
(g) má dheimhíonn údarás áitiúil an crann a bheith ina chontúirt do thrácht ar bóthar mar gheall ar aois nó staid an chrainn, nó
(h) más ar ordachán ón Aire Poist agus Telegrafa, ar an bhforas go bhfuil sé ina chontúirt nó ina bhacainn do shreanganna telegrafa nó telefóna, a déanfar an crann a thochailt nó a ghearradh anuas.
(5) Ní léireofar aon ní san alt seo mar ní a theorannaíos ceart údaráis phleanála cheantair, faoi na hAchta um Bailte agus Líomatáistí a Shíneadh Amach, 1934 agus 1939, chun leagadh crann ina cheantar pleanála a thoirmeasc faoi na hAchta sin.
Forála maidir le crainn a beartaítear a thochailt chun a n-aisphlandálta.
38.—(1) Má deirtear i bhfógra leagain go mbeartaítear crann a thochailt chun a aisphlandálta, ní dleathach do dhuine ar bith—
(a) an crann a úsáid ná deighleáil leis ná a chur faoi ndear ná a cheadú go n-úsáidfear an crann nó go ndeighleálfar leis, má tochaltar é de bhun an fhógra sin, chun aon chríche eile, ná
(b) an crann a ghearradh anuas ná a chur faoi ndear ná a cheadú an crann a ghearradh anuas i rith na tréimhse de dhá bhliain dar tosach an dáta ar ar tugadh an fógra leagain.
(2) Gach duine a dhéanfas, maidir le crann ar bith, aon ní contrártha d'fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ar an slí achomair dlífear, faoi réir ailt 53 den Acht seo, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach crainn den tsórt sin.
Orduithe toirmisc.
39.—(1) Aon uair a bheas fógra leagain faoin Acht seo tugtha maidir le crann ar bith, féadfaidh an tAire, mura mbeidh sé ráite sa bhfógra sin go mbeartaítear an crann a thochailt chun a aisphlandálta, ordú a dhéanamh agus a sheirbheáil, laistigh de lá agus fiche ar a mhéid ón dáta a tugadh an fógra sin, ar an únaer a thug an fógra nó ar tugadh an fógra thar a cheann nó ar a chomharba-i-dteideal á thoirmeasc an crann a thochailt nó a ghearradh anuas.
(2) Gach fógra toirmisc faoin Acht seo a déanfar de dhruim fógra leagain faoin Acht seo seirbheálfar é—
(a) trína sheachadadh don duine ar a mbeidh sé le seirbheáil, nó
(b) trína fhágaint dó ag duine sé bliana déag d'aois nó os a chionn san áit a bheas ainmnithe sa bhfógra leagain faoin Acht seo chun ordú toirmisc faoin Acht seo a sheirbheáil ann.
(3) I gcás—
(a) fógra toirmisc faoi Acht 1928 i leith aon chrainn a sheirbheáil go cuibhe do réir ailt 7 d'Acht 1928, nó
(b) ordú toirmisc faoin Acht seo i leith aon chrainn a sheirbheáil go cuibhe do réir fo-ailt (2) den alt seo,
ní dleathach do dhuine ar bith an crann sin a thochailt ná a ghearradh anuas ná a chur faoi ndear ná a cheadú é a thochailt ná a ghearradh anuas.
(4) Má dhéanann duine ar bith nó má chuireann sé faoi ndear nó má cheadaíonn sé aon chrann a thochailt nó a ghearradh anuas contrártha don alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, faoi réir ailt 53 den Acht seo, fíneáil nach mó na cúig puint a chur air in aghaidh gach crainn a ndearnadh nó ar cuireadh faoi ndear nó ar ceadaíodh é a thochailt nó a ghearradh anuas amhlaidh.
(5) Ní bhainfidh fo-alt (3) den alt seo le crann ar bith a thochailt nó a ghearradh anuas má déantar an crann a thochailt nó a ghearradh anuas faoin údarás a bheirtear le ceadúnas leagain teoranta nó le ceadúnas leagain ginearálta agus más i rith na tréimhse a mbeidh an t-údarás sin infheidhmithe ar a feadh a déanfar sin.
Ceadúnais leagain teoranta.
40.—(1) I gcás—
(a) ordú toirmisc faoi Acht 1928 a bheith arna sheirbheáil go cuibhe faoi alt 7 d'Acht 1928, nó
(b) ordú toirmisc faoin Acht seo a bheith arna sheirbheáil go cuibhe,
féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, uaidh féin nó de thoradh iarratais arna chur chuige, sa bhfoirm agus sa tslí ordaithe, ag únaer, nó thar ceann únaera, na talún ar a bhfuil an crann lena mbaineann an t-ordú, ceadúnas a dheonadh don únaer á údarú an crann a thochailt nó a ghearradh anuas, agus beidh an t-údarás a bhéarfar amhlaidh infheidhmithe, mura bhforceanntar roimhe sin é faoi alt 43 den Acht seo, go ceann tréimhse de dhá bhliain a thosnós ar an dáta ar a ndeonfar an ceadúnas.
(2) I gcás an t-údarás a bheas tugtha le ceadúnas leagain teoranta a fhionraí faoi alt 43 den Acht seo—
(a) ní bheidh an t-údarás infheidhmithe i rith na tréimhse fionraíochta,
(b) má cuirtear an fhionraíocht ar ceal, ní háireofar an tréimhse fionraíochta nuair a beifear, chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, ag ríomh na tréimhse a mbeidh an t-údarás infheidhmithe ar a feadh.
(3) I gcás talamh a dhíol roimh an 1ú lá d'Fheabhra, 1946, agus crainn ar an talamh sin a fhorcoimeád don díoltóir, beidh éifeacht, maidir le haon chrann den tsórt sin is abhar d'ordú toirmisc faoin Acht seo nó faoi Acht 1928, ag fo-alt (1) den alt seo amhail is dá ndéantaí tagairt don duine atá (de bhuaidh an fhorcoimeádta sin) ina únaer de thuras na huaire ar an gcrann a chur in ionad tagairte d'únaer na talún ar a bhfuil an crann.
(4) Sar a ndeonfaidh an tAire ceadúnas leagain teoranta i leith crainn ar thalamh atá de thuras na huaire faoi bhlianacht is iníoctha le Coimisiún na Talún, bhéarfaidh sé aird ar an urrús maidir le híoc na blianachta sin.
(5) Mura mbaine iarratas a déanfar go cuibhe ag lorg ceadúnais leagain teoranta ach le crann nó crainn eiscithe, ní dhiúltóidh an tAire don iarratas sin.
(6) Má bhaineann iarratas a déanfar go cuibhe ag lorg ceadúnais leagain teoranta le crann nó crainn eiscithe agus fós le crann nó crainn eile, ní dhiúltóidh an tAire don mhéid den iarratas sin a bhainfeas le crann nó crainn eiscithe.
(7) Aon uair a dhiúltós an tAire, i bpáirt nó go hiomlán, d'iarratas ar cheadúnas leagain teoranta, luafaidh sé i scríbhinn, ar an iarratasóir dá iarraidh sin air, an foras ar a bhfuil sé ag diúltú amhlaidh don iarratas.
Coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta a chur le ceadúnais leagain teoranta.
41.—(1) Aon uair a dheonfas an tAire ceadúnas leagain teoranta (seachas ceadúnas leagain teoranta ná bainfidh ach le crann nó crainn eiscithe),—
(a) féadfaidh sé, más oiriúnach leis, na coinníollacha seo a leanas a chur leis an gceadúnas, is é sin le rá:—
(i) coinníoll (dá ngairmtear an coinníoll plandála san alt seo), má tochaltar nó má gearrtar anuas faoin údarás a bheirtear leis an gceadúnas aon chrann nó crainn lena mbaineann an ceadúnas, go ndéanfaidh an ceadúnaí, roimh dheireadh tréimhse sonraithe nach giorra ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta ar a scoirfidh an t-údarás a bheirtear leis an gceadúnas de bheith infheidhmithe nó roimh dheireadh pé faduithe (más ann) ar an tréimhse sin a cheadós an tAire as a chomhairle féin, uimhir shonraithe chrann de chineál sonraithe nó (do réir mar is oiriúnach leis an Aire agus a shonrós sé sa cheadúnas) pé uimhreacha crann de chineálacha sonraithe éagsúla, a shonrós an tAire, a phlandáil, do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta, ar chuid shonraithe den talamh ar a bhfuil an crann lena mbaineann an ceadúnas nó de thalamh eile is leis an gceadúnaí ar dháta an cheadúnais a dheonadh,
(ii) coinníoll (dá ngairmtear an coinníoll cosanta san alt seo) go ndéanfaidh an ceadúnaí, go ceann aon bhliain déag ón dáta ar a scoirfidh an t-údarás a bheirtear leis an gceadúnas de bheith infheidhmithe nó go ceann deich mbliana ón dáta plandála, pé tréimhse acu is déanaí a críochnós, na crainn a plandáladh de bhun an choinníll phlandála a chaomhaint do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta, agus chuige sin go gcoimeádfaidh i ndeis mhaith agus i staid éifeachtúil gach fál agus cosaint eile is gá chun na crainn sin a cosaint ar a ndíobháladh nó a milleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe,
(b) má chuireann an tAire an coinníoll plandála agus an coinníoll cosanta leis an gceadúnas, féadfaidh sé coinníoll a chur leis an gceadúnas freisin go ndéanfaidh an ceadúnaí, sar a bplándálfaidh aon chrann de bhun an choinníll phlandála, an áit a mbeidh an crann sin le plandáil ann a fhálú i slí a dhéanfas an crann sin, ar é a bheith plandálta, a chosaint go héifeachtúil ar a dhíobháladh nó a mhilleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe.
(2) Aon uair a dheonfas an tAire ceadúnas leagain teoranta (seachas ceadúnas leagain teoranta ná bainfidh ach le crann nó crainn eiscithe),—
(a) féadfaidh sé, más oiriúnach leis, coinníoll (dá ngairmtear an coinníoll cothabhála san alt seo) a chur leis an gceadúnas go ndéanfaidh an ceadúnaí, go ceann aon bhliain déag ón dáta ar a scoirfidh an t-údarás a bheirtear leis an gceadúnas de bheith infheidhmithe, crainn atá ag fás, ar dháta an cheadúnais a dheonadh, ar chuid shonraithe den talamh ar a bhfuil an crann lena mbaineann an ceadúnas nó de thalamh eile is leis an gceadúnaí ar dháta an cheadúnais agus fós crainn a thosnós ag fás, de dhruim athghiniúna nádúrtha, ar an talamh sonraithe, nó a plandálfar air, tar éis dáta an cheadúnais, a chaomhaint do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta, agus chuige sin go gcoimeádfaidh i ndeis mhaith agus i staid éifeachtúil gach fál agus cosaint eile is gá chun na crainn sin a chosaint ar a ndíobháladh nó a milleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe;
(b) má chuireann an tAire an coinníoll cothabhála leis an gceadúnas, féadfaidh sé coinníoll a chur leis an gceadúnas freisin go ndéanfaidh an ceadúnaí, roimh dheireadh dhá mhí dhéag ón dáta ar a scoirfidh an t-údarás a bheirtear leis an gceadúnas de bheith infheidhmithe, an talamh a bheas sonraithe sa choinníoll cothabhála a fhálú i slí a dhéanfas gach crann atá nó a bheas ag fás ar an talamh sin a chosaint go héifeachtúil ar a dhíobhal adh nó a mhilleadh de dheascaibh tréaspáis ag aon ainmhithe.
(3) Má cuirtear ar coinníoll cothabhála le ceadúnas leagain teoranta, ní oibreoidh sin chun a thabhairt go mbeidh sé neamhdhleathach ag an gceadunaí aon chrann a thochailt nó a ghearradh anuas faoi réir forál eile an Achta seo, má déantar an tochailt nó an gearradh anuas sin i gcúrsa, agus do réir gnáth-chleachta, na dea-fhoraoiseachta.
(4) Aon uair a bheas cumhacht ag an Aire, faoi fho-alt (1) den alt seo, coinníollacha athphlandála a chur le ceadúnas leagain teoranta agus a bheas cumhacht aige, faoi fho-alt (2) den alt seo, coinníoll caomhanta nó coinníollacha caomhanta a chur leis an gceadúnas, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, na coinníollacha seo a leanas a chur ag gabháil leis an gceadúnas:—
(a) coinníollacha athphlandála, agus
(b) coinníoll caomhanta nó coinníollacha caomhanta.
(5) I gcás—
(a) aon choinníollacha athphlandála, i dteannta nó d'éagmais coinníll chaomhanta nó coinníollacha caomhanta, a bheith ag gabháil le ceadúnas leagain teoranta, agus
(b) an ceadúnas do bhaint le dhá chrann nó níos mó, agus
(c) cuid de na crainn sin, ach gan iad go léir, a thochailt nó a ghearradh anuas faoin údarás a tugadh leis an gceadúnas,
féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis—
(i) an ceadúnaí a shaoradh ón oblagáid chun gach ceann nó aon cheann de na coinníollacha athphlandála sin a chomhlíonadh, nó
(ii) an uimhir chrann a bheas le plandáil ag an gceadúnaí a laghdú.
(6) I gcás—
(a) aon choinníoll nó coinníollacha caomhanta, i dteannta nó d'éagmais coinníollacha athphlandála, a bheith ag gabháil le ceadúnas leagain teoranta, agus
(b) an ceadúnas do bhaint le dhá chrann nó níos mó, agus
(c) cuid de na crainn sin, ach gan iad go léir, a thochailt nó a ghearradh anuas faoin údarás a tugadh leis an gceadúnas,
féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis,—
(i) an ceadúnaí a shaoradh ón oblagáid chun an coinníoll caomhanta sin nó an dá choinníoll chaomhanta sin nó ceachtar acu, do réir mar bheas, a chomhlíonadh, nó
(ii) an ceadúnaí a shaoradh ón oblagáid chun an coinníoll nó na coinníollacha caomhanta sin a chomhlíonadh sa mhéid go mbaineann sé nó siad le cuid áirithe den talamh a bheas sonraithe sa choinníoll cothabhála.
(7) I gcás aon choinníollacha athphlandála, i dteannta nó d'éagmais coinníll chaomhanta nó coinníollacha caomhanta, a chur le ceadúnas leagain teoranta, beidh na coinníollacha athphlandála sin (ach amháin má déantar agus a mhéid a déanfar é nó iad a shaoradh uathu) mar cheangal ar an gceadúnaí agus ar gach duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún a bheas sonraithe sna coinníollacha athphlandála sin.
(8) I gcás—
(a) ina mbeidh aon choinníollacha athphlandála, i dteannta nó d'éagmais coinníll chaomhanta nó coinníollacha caomhanta, ag gabháil le ceadúnas leagain teoranta, agus
(b) nach é an ceadúnaí is áititheoir ar an talamh a bheas sonraithe sna coinníollacha athphlandála sin,
beidh an coinníoll cosanta, ach amháin má saortar agus a mhéid a saorfar an ceadúnaí uaidh, mar cheangal ar an duine is áititheoir de thuras na huaire ar an talamh sin.
(9) I gcás aon choinníoll nó coinníollacha caomhanta, i dteannta nó d'éagmais coinníollacha athphlandála, a chur le ceadúnas leagain teoranta, beidh an coinníoll nó na coinníollacha caomhanta sin (ach amháin má déantar agus a mhéid a déanfar é nó iad a shaoradh uaidh nó uathu) mar cheangal ar an gceadúnaí agus ar gach duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún a bheas sonraithe sa choinníoll nó sna coinníollacha caomhanta sin.
(10) I gcás—
(a) ina mbeidh aon choinníoll nó coinníollacha caomhanta, i dteannta nó d'éagmais coinníollacha athplandála, ag gabháil le ceadúnas leagain teoranta, agus
(b) nach é an ceadúnaí is áititheoir ar an talamh a bheas sonraithe sa choinníoll nó sna coinníollacha caomhanta sin, beidh an coinníoll cothabhála (ach amháin má saortar agus a mhéid a saorfar an ceadúnaí uaidh) mar cheangal ar an duine is áititheoir de thuras na huaire ar an talamh sin.
(11) Más rud é, i gcás aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, a bheith ag gabháil le ceadúnas leagain teoranta, go bhfailleoidh aon duine a mbeidh an coinníoll sin nó aon cheann de na coinníollacha sin, pé acú é, mar cheangal air an coinníoll nó na coinníollacha sin a chomhlíonadh, beidh an duine sin, in aghaidh gach mí a leanfas an fhaillí sin, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ar an slí achomair dlífear, i gcás an chéad chiontuithe den tsórt sin maidir leis an gceadúnas leagain teoranta sin, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus, i gcás gach ciontuithe ina dhiaidh sin maidir leis an gceadúnas leagain teoranta sin, fíneáil nach mó ná deich bpuint.
Coinníoll ranníoca a chur le ceadúnais leagain teoranta.
42.—(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, coinníoll a chur le ceadúnas leagain teoranta (seachas ceadúnas leagain teoranta ná baineann ach le crann nó crainn eiscithe) go ndéanfaidh an ceadúnaí, roimh aon chrann a thochailt nó a ghearradh anuas faoin údarás a bheirtear leis an gceadúnas, pé suim (a sonrófar sa choinníoll sin) a íoc leis an Aire, mar ranníocaíocht i leith costas riartha na seirbhísí poiblí a bhaineas le foraoiseacht, a mheasfas an tAire is suim réasúnach ag féachaint don chaiteachas is dóigh leis an Aire go mbeadh ar an gceadúnaí dul faoi chun coinníollacha athphlandála a chomhlíonadh dá mbeidís ag gabháil leis an gceadúnas agus go mbeidís inchomhlíonta.
(2) Ní cuirfear coinníoll ranníoca le ceadúnas leagain teoranta lena mbeidh aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas ag gabháil, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta.
(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le gach coinníoll ranníoca a bheas ag gabháil le ceadúnas leagain teoranta, is é sin le rá:—
(a) beidh an coinníoll ranníoca sin, agus déarfaidh sé a bheith, ina choinníoll á chur d'oblagáid ar an gceadúnaí an ranníocaíocht a bheas sonraithe sa cheadúnas a íoc leis an Aire roimh aon chrann a ghearradh anuas nó a thochailt faoin údarás a bheirtear leis an gceadúnas;
(b) má déantar aon chrann nó crainn lena mbaineann an ceadúnas a ghearradh anuas nó a thochailt faoin údarás a bheirtear leis an gceadúnas gan an ranníocaíocht a bheith íoctha leis an Aire roimh an gearradh anuas nó an tochailt sin a dhéanamh—
(i) beidh an ceadúnaí ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, faoi réir ailt 53 den Acht seo, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach crainn a ndearnadh é a ghearradh anuas nó a thochailt amhlaidh,
(ii) féadfaidh an tAire, ar an gciontú sin, an ranníocaíocht a aisghabháil ón gceadúnaí nó óna sheiceadúirí nó a riarthóirí in aon chúirt dlínse inniúla mar fhiach ghnáth-chonnartha;
(c) mura ndéantar aon cheann, nó má déantar ceann amháin nó níos mó ach ná déanfar gach ceann, de na crainn lena mbaineann an ceadúnas a ghearradh anuas nó a thochailt faoin údarás a bheirtear leis an gceadúnas, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an ranníocaíocht a aisíoc i bpáirt nó go hiomlán.
(4) Féadfaidh an ceadúnaí faoí cheadúnas leagain teoranta a mbeidh coinníoll ranníoca ag gabháil leis an ceadúnas a thabhairt suas, le toiliú an Aire, tráth ar bith roimh an ranníocaíocht a íoc.
An t-údarás a bheirtear le ceadúnas leagain teoranta a fhionraí nó a fhorceannadh.
43.—(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, más dóigh leis go bhfuil téarmaí ceadúnais leagain teoranta á mí-úsáid, an t-údarás a bheirtear leis an gceadúnas a fhionraí nó a fhorceannadh trí fhógra i scríbhinn (ina luafar fáth na fionraí nó an fhorceannta) a seirbheálfar ar an gceadúnaí.
(2) I gcás an t-údarás a bheirtear le ceadúnas leagain teoranta a fhionraí faoin alt seo—
(a) féadfaidh an tAire, mar is oiriúnach leis, an fhionraí a chur ar ceal nó an t-údarás a fhorceannadh,
(b) mura ndéana an tAire, laistigh de shé mhí ón dáta ar ar fionraíodh an t-údarás, an fhionraí a chur ar ceal nó an t-údarás a fhorceannadh, is tuigthe an fhionraí a bheith curtha ar ceal ag an Aire ar an sé mhí sin a bheith caite.
(3) I gcás an t-údarás a bheirtear le ceadúnas leagain teoranta a fhorceannadh faoin alt seo—
(a) má bhíonn aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, ag gabháil leis an gceadúnas, ní bhainfidh an forceannadh sin leis an gcoinníoll nó na coinníollacha sin ná ní shaorfaidh sé an ceadúnaí uaidh nó uathu,
(b) má bhíonn coinníoll ranníoca ag gabháil leis an gceadúnas, ní thabharfaidh an forceannadh sin teideal don cheadúnaí chun aon tsuim a híocadh leis an Aire do réir an choinníll sin a aisíoc leis, go hiomlán ná i bpáirt.
Ceadúnas leagain teoranta a dhiúltú d'fhonn taithneamhachta a chaomhaint.
44.—(1) San alt seo, tá leis na habairtí “ceantar pleanála” agus “údarás pleanála ceantair” agus leis an bhfocal “únaer” na bríonna a ceaptar dóibh faoi seach leis na hAchta um Bailte agus Líomataistí a Shíneadh Amach, 1934 agus 1939, chun críocha na nAcht sin.
(2) Ní dhiúltóidh an tAire d'iarratas ar cheadúnas leagain teoranta i leith crainn d'aon-toisc chun taithneamhachta a chaomhaint mura n-aontaí an t-údarás pleanála ceantair don cheantar pleanála ina bhfuil an crann sin leis an diúltú sin.
(3) Aon uair a dhiúltós an tAire d'iarratas ar cheadúnas leagain teoranta i leith crainn (dá ngairmtear an crann cosanta sa bhfo-alt seo) d'aon-toisc chun taithneamhachta a chaomhaint, féadfaidh únaer an phíosa talún (dá ngairmtear láithreán an chrainn chosanta sa bhfo-alt seo) ar a bhfuil an crann ag fás, ceithre lá ochtód ar a dhéanaí tar éis an diúltuithe sin, a fhoréileamh, trí fhógra i scríbhinn, ar an údarás pleanála ceantair don cheantar pleanála ina bhfuil láithreán an chrainn chosanta, láithreán an chrainn chosanta a thógaint agus, sa chás sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas mura dtarraingítear an foréileamh siar faoi fho-alt (5) den alt seo:—
(a) tógfaidh an t-údarás sin láithreán an chrainn chosanta;
(b) féadfaidh an t-údarás sin freisin, más oiriúnach leo, aon ní nó nithe acu seo a leanas a dhéanamh—
(i) aon phíosa talún eile (dá ngairmtear láithreán breise sa bhfo-alt seo) a thógaint is leis an duine (dá ngairmtear an foréilitheoir sa bhfo-alt seo) a rinne an foréileamh agus atá i ngarchomharsanacht láithreáin an chrainn chosanta agus ar a bhfuil aon chrann ag fás is dóigh leis an údarás sin is gá a chaomhaint d'fhonn taithneamhachta a chaomhaint,
(ii) aon talamh eile a thógaint (is talamh leis an bhforéilitheoir agus atá ag luí le láithreán an chrainn chosanta nó le haon láithreán breise a tógadh amhlaidh) is gá chun an crann cosanta, nó an crann ar aon láithreán breise a tógadh amhlaidh, a chosaint,
(iii) aon talamh, is leis an bhforéilitheoir, nó aon cheart ar thalamh, is leis an bhforéilitheoir, a thógaint is gá a thógaint chun go bhféadfar láithreán an chrainn chosanta nó an crann ar aon láithréan breise a tógadh amhlaidh a rochtain go caothúil;
(c) aon diospóid idir an foréilitheoir agus an t-údarás sin i dtaobh an t-údarás sin a bheith faoi cheangal nó i dteideal faoin bhfo-alt seo aon talamh, nó aon cheart ar thalamh, a thógaint a bheartós an t-údarás sin a thógaint amhlaidh nó i dtaobh fairsinge na talún, nó nádúir an chirt i leith na talún, a bheartós an t-údarás sin a thógaint amhlaidh, cinnfidh an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí í agus beidh a bhreith sin uirthi ina breith chríochnaitheach.
(4) Na forála, a bhaineas le húdarás sláintíochta do thógaint talún, de na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931, arna leasú le halt 68 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925), agus le halt 8 d'Acht na nUdarás Áitiúla (Forála Ilghnéitheacha), 1936 (Uimh. 55 de 1936), beidh feidhm acu maidir le tógaint aon talún, nó aon chirt i leith talún, faoi fho-alt (3) den alt seo ag údarás pleanála ceantair amhail is dá ndéantaí anseo na forála sin a athachtú agus feidhm a thabhairt dóibh maidir leis an tógaint sin, agus, chun críche na feidhme sin,—
(a) is tuigthe ordú sealadach a bheith arna dhéanamh go cuibhe, faoi alt 203 den Public Health (Ireland) Act, 1878, ag an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí á chumhachtú don údarás pleanála ceantair sin cumhachta Acht na gClásal Talún, maidir le tailte a cheannach agus a thógaint ar shlí seachas trí chomhaontú, a chur i bhfeidhm maidir leis an talamh nó an ceart i leith talún sin is déanaí atá luaite thuas,
(b) is tuigthe an t-ordú sealadach sin a bheith arna dhaingniú go cuibhe ag an Aire sin faoi alt 68 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925, adúradh,
(c) beidh éifeacht ag fo-alt (3) den alt sin 68 amhail is ná beadh na focail “i gcás daingniú ón Aire, faoi réir a chruthuithe gur foilsíodh go cuibhe an fógra a héilítear leis an alt seo” sa bhfo-alt sin (3).
(5) Má bheartaíonn údarás pleanála ceantair aon talamh nó ceart ar thalamh a thógaint faoi mhír (b) d'fho-alt (3) den alt seo,—
(a) bhéarfaidh an t-údarás sin, ocht lá fichead ar a laghad roimh an tógaint sin, ráiteas scríofa d'únaer na talún nó an chirt sin a thaispeánfas fairsinge agus suíomh na talún nó an chirt sin;
(b) beidh an t-únaer sin i dteideal a fhoréileamh faoin bhfo-alt sin (3) a tharraing siar tráth nach déanaí ná ocht lá fichead tar éis dó an ráiteas scríofa sin a fháil.
Srian le crainn eiscithe a úsáid.
45.—(1) I gcás—
(a) fógra leagain faoin Acht seo a thabhairt a bhaineas i bpáirt nó go hiomlán le crann nó crainn adeirtear sa bhfógra sin a bheith ina chrann nó ina gcrainn eiscithe, agus
(b) (i) tréimhse lae agus fiche a bheith caite ó tugadh an fógra sin gan ordú toirmisc faoin Acht seo maidir leis an gcrann nó na crainn sin a bheith arna dhéanamh, i rith na tréimhse sin, ag an Aire, nó
(ii) ordú toirmisc faoin Acht seo a bheith arna sheirbheáil go cuibhe agus ceadúnas leagain teoranta a bheith arna dheonadh ag an Aire a bhaineas i bpáirt nó go hiomlán leis an gcrann nó na crainn sin,
ní dleathach do dhuine ar bith an crann ná aon cheann de na crainn (do réir mar a bheas) ná aon chuid shubstainteach de a úsáid ná deighleáil leis ná a chur faoi ndear ná a cheadú an crann sin ná aon cheann de na crainn sin (do réir mar a bheas) ná aon chuid shubstainteach de a úsáid ná deighleáil leis, ar é a ghearradh anuas nó a thochailt de bhun an fhógra leagain sin nó do réir an údaráis a bheirtear leis an gceadúnas leagain teoranta sin, chun críche ar bith seachas an chríoch a ndúradh sa bhfógra leagain gur chuici a beartaíodh an crann sin a úsáid, ach amháin mar a foráltar le halt 46 den Acht seo.
(2) Gach duine a úsáidfeas crann nó aon chuid de chrann nó a dheighleálfas leis nó a chuirfeas faoi ndear nó a cheadós crann nó aon chuid de chrann a úsáid nó deighleáil leis contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, faoi réir ailt 53 den Acht seo, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach crainn den tsórt sin.
(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon chrann atá marbh nó dreoite nó díobhálta thar fóir agus atá gan mhaith chun críocha trádála.
Orduithe úsáidte (crainn eiscithe).
46.—(1) I gcás—
(a) fógra leagain faoin Acht seo a thabhairt a bhaineas i bpáirt nó go hiomlán le crann nó crainn a deirtear sa bhfógra sin a bheith ina chrann eiscithe nó ina gcrainn eiscithe, agus
(b) (i) tréimhse lae agus fiche a bheith caite ó tugadh an fógra sin gan ordú toirmisc faoin Acht seo maidir leis an gcrann nó na crainn sin a bheith arna dhéanamh, i rith na tréimhse sin, ag an Aire, nó
(ii) ordú toirmisc faoin Acht seo a bheith arna sheirbheáil go cuibhe agus ceadúnas leagain teoranta a bheith arna dheonadh ag an Aire a bhaineas i bpáirt nó go hiomlán leis an gcrann nó na crainn sin, agus
(c) únaer na talún ar a raibh an crann nó na crainn sin do chur iarratais (sa bhfoirm agus sa tslí ordaithe) chun an Aire ag lorg orduithe á údarú an crann nó na crainn sin a úsáid nó deighleáil leis nó leo chun críche nó críocha seachas an chríoch nó na críocha a sonraíodh sa bhfógra leagain sin,
féadfaidh an tAire ordú a dheonadh don duine sin á údarú an crann nó na crainn sin a úsáid nó deighleáil leis nó leo chun na críche nó na críocha a bheas luaite san iarratas.
(2) Aon uair a dhéanfas an tAire ordú úsáidte (crainn eiscithe) a dheonadh (seachas ordú úsáidte (crainn eiscithe) a údarós crann nó crainn a úsáid go haonta chun críche nó críocha a ndéanfadh úsáid an chrainn nó na gcrann chuici nó chucu, dá luaití an chríoch nó na críocha sin sa bhfógra leagain a bhain leis an gcrann nó na crainn, crann eiscithe den chrann nó de gach ceann de na crainn, do réir mar a bheas),—
(a) féadfaidh sé, más oiriúnach leis, na coinníollacha seo a leanas a chur leis an ordú, is é sin le rá:—
(i) coinníoll (dá ngairmtear an coinníoll plandála san alt seo) go ndéanfaidh an duine dá ndeonfar an t-ordú sin, roimh dheireadh tréimhse sonraithe nach giorra ná dhá mhí dhéag tar éis dáta an orduithe a dheonadh nó roimh dheireadh pé faduithe (más ann) ar an tréimhse sin a cheadós an tAire as a chomhairle féin, uimhir shonraithe chrann de chineál sonraithe nó (do réir mar is oiriúnach leis an Aire agus a shonrós sé san ordú) pé uimhreacha crann de chineálacha sonraithe éagsúla, a shonrós an tAire, a phlandáil, do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta, ar thalamh sonraithe is leis an duine sin ar dháta an orduithe,
(ii) coinníoll (dá ngairmtear an coinníoll cosanta san alt seo) go ndéanfaidh an duine dá ndeonfar an t-ordú sin, go ceann aon bhlian déag ó dháta an orduithe a dheonadh nó go ceann deich mbliana ón dáta plandála, pé tréimhse acu is déanaí a chríochnós, na crainn a plandáladh de bhun an choinníll phlandála a chaomhaint do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta, agus chuige sin go gcoimeádfaidh i ndeis mhaith agus i staid éifeachtúil gach fál agus cosaint eile is gá chun na crainn sin a chosaint ar a ndíobháladh nó a milleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe.
(b) má chuireann an tAire an coinníoll plandála agus an coinníoll cosanta leis an ordú, féadfaidh sé coinníoll a chur leis an ordú freisin go ndéanfaidh an duine dá ndeontar an t-ordú, sar a bplandálfaidh aon chrann de bhun an choinníll phlandála, an áit a mbeidh an crann sin le plandáil ann a fhálú i slí a dhéanfas an crann sin, ar é a bheith plandálta, a chosaint go héifeachtúil ar a dhíobháladh nó a mhilleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe.
(3) Aon uair a dhéanfas an tAire ordú úsáidte (crainn eiscithe) a dheonadh (seachas ordú úsáidte (crainn eiscithe) a údarós crann nó crainn a úsáid go haonta chun críche nó críocha a ndéanfadh úsáid an chrainn nó na gcrann chuici nó chucu, dá luaití an chríoch nó na críocha sin sa bhfógra leagain a bhain leis an gcrann nó na crainn, crann eiscithe den chrann nó de gach ceann de na crainn, do réir mar a bheas)—
(a) féadfaidh sé, más oiriúnach leis, coinníoll (dá ngairmtear an coinníoll cothabhála san alt seo) a chur leis an ordú go ndéanfaidh an duine dá ndeontar an t-ordú, go ceann aon bhliain déag ó dháta an orduithe a dheonadh, crainn atá ag fás, ar dháta an orduithe a dheonadh, ar thalamh sonraithe is leis an duine sin ar dháta an orduithe agus fós crainn a thosnós ag fás, de dhruim athghiniúna nádúrtha, ar an talamh sonraithe sin, nó a plandálfar air, tar éis dáta an orduithe, a chaomhaint do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta agus chuige sin go gcoimeádfaidh i ndeis mhaith agus i staid éifeachtúil gach fál agus cosaint eile is gá chun gach crann den tsórt sin a chosaint ar a dhíobháladh nó a mhilleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe;
(b) má chuireann an tAire an coinníoll cothabhála leis an ordú, féadfaidh sé coinníoll a chur leis an ordú freisin go ndéanfaidh an duine dá ndeontar an t-ordú, laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an orduithe a dheonadh, an talamh a bheas sonraithe sa choinníoll cothabhála a fhálú i slí a dhéanfas gach crann atá nó a bheas ag fás air a chosaint go héifeachtúil ar a dhíobháladh nó a mhilleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe.
(4) Má cuirtear an coinníoll cothabhála le hordú úsáidte (crainn eiscithe); ní oibreoidh sin chun a thabhairt go mbeidh sé neamhdhleathach ag an duine dá ndeonfar an t-ordú sin aon chrann a thochailt nó a ghearradh anuas faoi réir forál eile an Achta seo, má déantar an tochailt nó an gearradh anuas sin i gcúrsa, agus do réir gnáth-chleachta, na dea-fhoraoiseachta.
(5) Aon uair a bheas cumhacht ag an Aire, faoi fho-alt (2) den alt seo, coinníollacha athphlandála a chur le hordú úsáidte (crainn eiscithe) agus a bheas cumhacht aige, faoi fho-alt (3) den alt seo, coinníoll caomhanta nó coinníollacha caomhanta a chur leis an ordú, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, na coinníollacha seo a leanas a chur ag gabháil leis an ordú:—
(a) coinníollacha athphlandála, agus
(b) coinníoll caomhanta nó coinníollacha caomhanta.
(6) I gcás aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, a chur le hordú úsáidte (crainn eiscithe), beidh an coinníoll nó na coinníollacha sin mar cheangal ar an duine dá ndeonfar an t-ordú sin agus ar gach duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún a bheas sonraithe sa choinníoll nó sna coinníollacha sin.
(7) I gcás—
(a) ina mbeidh aon choinníollacha athphlandála, i dteannta nó d'éagmais coinníll chaomhanta nó coinníollacha caomhanta, ag gabháil le hordú úsáidte (crainn eiscithe), agus
(b) nach é an duine dá ndeonfar an t-ordú sin is áititheoir ar an talamh a bheas sonraithe sna coinníollacha athphlandála sin,
beidh an coinníoll cosanta mar cheangal ar an duine is áititheoir de thuras na huaire ar an talamh sin.
(8) I gcás—
(a) ina mbeidh aon choinníoll nó coinníollacha caomhanta, i dteannta nó d'éagmais coinníollacha athphlandála, ag gabháil le hordú úsáidte (crainn eiscithe), agus
(b) nach é an duine dá ndeonfar an t-ordú sin is áititheoir ar an talamh a bheas sonraithe sa choinníoll nó sna coinníollacha caomhanta sin,
beidh an coinníoll cothabhála mar cheangal ar an duine is áititheoir de thuras na huaire ar an talamh sin.
(9) Más rud é, i gcás aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, a bheith ag gabháil le hordú úsáidte (crainn eiscithe), go bhfailleoidh aon duine a mbeidh an coinníoll sin nó aon cheann de na coinníollacha sin (pé acu é) mar cheangal air an coinníoll nó na coinníollacha sin a chomhlíonadh, beidh an duine sin, in aghaidh gach mí a leanfas an fhaillí sin, ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, i gcás an chéadchiontuithe den tsórt sin maidir leis an ordú úsáidte (crainn eiscithe) sin, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus, i gcás gach ciontuithe ina dhiaidh sin maidir leis an ordú úsáidte (crainn eiscithe) sin, fíneáil nach mó ná deich bpuint.
Srian le crainn áirithe a úsáid is abhar d'ordú úsáidte (crainn eiscithe).
47.—(1) I gcás ina ndeonfaidh an tAire ordú úsáidte (crainn eiscithe) á údarú crann a úsáid nó deighleáil leis chun críche áirithe, a ndúradh san iarratas a cuireadh chuige ag lorg an orduithe sin gur críoch í a dhéanas crainn eiscithe den chrann sin, ní dleathach do dhuine ar bith an crann ná aon chuid shubstainteach de a úsáid ná deighleáil leis ná a chur faoi ndear ná a cheadú an crann sin ná aon chuid shubstainteach de a úsáid ná deighleáil leis, ar é a bheith gearrtha anuas de bhun an fhógra leagain iomchuibhe nó do réir an údaráis a bheirtear leis an gceadúnas leagain teoranta iomchuibhe, chun aon chríche seachas an chríoch a bheas údaraithe amhlaidh.
(2) Gach duine a úsáidfeas crann nó aon chuid de chrann nó a dheighleálfas leis nó a chuirfeas faoi ndear nó a cheadós crann nó aon chuid de chrann a úsáid nó deighleáil leis contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, faoi réir ailt 53 den Acht seo, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach crainn den tsórt sin.
Ceadúnais leagain arna ndeonadh faoi alt 8 d'Acht 1928.
48.—(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “coinníoll plandála láithreach” coinníoll, maidir le plandáil chrann, arna chur le ceadúnas leagain faoi Acht 1928.
(2) Gach ceadúnas leagain faoi Acht 1928 leanfaidh sé, ar an dáta feidhme agus dá éis, de bheith i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige amhail is dá mba cheadúnas é á údarú don cheadúnaí an crann lena mbaineann an ceadúnas a thochailt nó a ghearradh anuas i rith na tréimhse dar thosach dáta an cheadúnais a dheonadh agus dar críoch comhaireamh dhá bhlian ón dáta feidhme.
(3) I gcás coinníoll plandála láithreach a bheith i gceadúnas leagain faoi Acht 1928, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—
(a) scoirfidh an coinníoll plandála láithreach, amhail ar an dáta feidhme agus uaidh sin amach, de bheith ag gabháil leis an gceadúnas,
(b) is tuigthe, de bhuaidh an fho-ailt seo, na coinníollacha seo a leanas a bheith ag gabháil, amhail ar an dáta feidhme agus uaidh sin amach, leis an gceadúnas sin—
(i) coinníoll (dá ngairmtear an coinníoll plandála nua sa bhfo-alt seo), má déantar aon chrann nó crainn lena mbaineann an ceadúnas a thochailt nó a ghearradh anuas, i rith na tréimhse dar thosach dáta an cheadúnais a dheonadh agus dar críoch comhaireamh dhá bhlian ón dáta feidhme, go ndéanfaidh an ceadúnaí, laistigh den tréimhse trí mblian ón dáta feidhme nó laistigh de pé fadú (más ann) ar an tréimhse sin a cheadós an tAire as a chomhairle féin, an uimhir chrann agus an cineál crann a sonraíodh sa choinníoll plandála láithreach a phlandáil, do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta, ar an talamh a sonraíodh sa cheadúnas,
(ii) coinníoll go ndéanfaidh an ceadúnaí, má phlandáil sé, de bhun an choinníll phlandála láithrigh, aon chrann laistigh de dheich mbliana roimh an dáta feidhme, fálú (mura bhfuil sin déanta cheana aige), roimh dheireadh tréimhse de shé mhí tar éis an dáta feidhme nó roimh dheireadh pé faduithe (más ann) ar an tréimhse sin a cheadós an tAire as a chomhairle féin, ar an áit ar ar plandáladh an crann sin i slí a dhéanfas an crann a chosaint go héifeachtúil ar a dhíobháladh nó a mhilleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe, nó, má phlandálann sé, de bhun an choinníll phlandála nua, aon chrann ar an dáta feidhme nó dá éis, fálú, roimh an gcrann a phlandáil, ar an áit ar a mbeidh an crann le plandáil i slí a dhéanfas an crann, ar é a bheith plandálta, a chosaint go héifeachtúil ar a dhíobháladh nó a mhilleadh amhlaidh,
(iii) coinníoll (dá ngairmtear an coinníoll cosanta sa bhfo-alt seo) go ndéanfaidh an ceadúnaí, go ceann trí bliana déag ón dáta feidhme nó go ceann tréimhse de dheich mbliana ar a lagad ón dáta plandála, pé acu sin is déanaí, na crainn a plandáladh de bhun an choinníll phlandála nua a chaomhaint do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta agus chuige sin go gcoimeádfaidh i ndeis mhaith agus i staid éifeachtúil gach fál agus cosaint eile is gá chun na crainn sin a chosaint ar a ndíobháladh nó a milleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe,
(c) má rinne an ceadúnaí, roimh an dáta feidhme, aon chrann a phlandáil de bhun an choinníll phlandála láithrigh, is tuigthe an crann sin a bheith arna phlandáil de bhun an choinníll phlandála nua, ach, d'ainneoin míre (b) den fho-alt seo, ní chuirfidh an coinníoll cosanta a bheas ag gabháil, de bhuaidh na míre sin (b), leis an gceadúnas ceangal ar an gceadúnaí an crann sin a chaomhaint tar éis tréimhse deich mbliana a bheith caite ón dáta plandála,
(d) má déantar dhá cheann nó níos mó, ach ná déanfar gach ceann, de na crainn lena mbaineann an ceadúnas a thochailt nó a ghearradh anuas faoin údarás a bheirtear leis an gceadúnas, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis—
(i) an ceadúnaí a shaoradh, i bpáirt nó go hiomlán, ó chomhlíonadh na gcoinníoll a bheas curtha leis an gceadúnas tríd an bhfo-alt seo, nó
(ii) an uimhir chrann a bheas le plandáil ag an gceadúnaí a laghdú.
(4) I gcás coinníollacha a chur, de bhuaidh fo-ailt (3) den alt seo, le ceadúnas leagain faoi Acht 1928—
(a) beidh na coinníollacha sin (ach amháin má déantar agus a mhéid a déanfar é nó iad a shaoradh uathu) mar cheangal ar an gceadúnaí agus ar gach duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún a bheas sonraithe sa cheadúnas,
(b) murab é an ceadúnaí áititheoir na talún sin, beidh an coinníoll cosanta (ach amháin má saortar agus a mhéid a saorfar an ceadúnaí uaidh) mar cheangal ar an duine is áititheoir de thuras na huaire ar an talamh sin.
(5) Más rud é, i gcás aon choinníollacha a bheith, de bhuaidh fo-ailt (3) den alt seo, ag gabháil le ceadúnas leagain faoi Acht 1928, go bhfailleoidh aon duine a mbeidh aon choinníollacha den tsórt sin nó aon choinníoll áirithe den tsórt sin mar cheangal air an céanna a chomhlíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo in aghaidh gach mí a leanfas an fhaillí agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, i gcás an chéad chiontuithe maidir leis an gceadúnas leagain sin faoi Acht 1928, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus, i gcás gach ciontuithe ina dhiaidh sin maidir leis an gceadúnas leagain sin faoi Acht 1928, fíneáil nach mó ná deich bpuint.
Ceadúnais leagain ginearálta.
49.—(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, ar iarratas (a bheas sa bhfoirm orduithe agus ina mbeidh na sonraí orduithe) arna dhéanamh ag aon únaer talún nó thar a cheann, ceadúnas a dheonadh don únaer á údarú aon ní a dhéanamh dá luaitear in aon mhír (a sonrófar sa cheadúnas) acu seo a leanas:—
(a) crainn in aon choill shonraithe ar an talamh a thochailt nó a ghearradh anuas i ngnáthchúrsa tanuithe na coille sin do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta,
(b) crainn ar chuid shonraithe den talamh a thochailt nó a ghearradh anuas chun an chuid sin a réiteach d'fhonn í a athphlandáil,
(c) crainn in aon choill shonraithe ar an talamh a thochailt nó a ghearradh anuas i ngnáthchúrsa tanuithe na coille sin do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta, agus crainn ar chuid shonraithe den talamh (seachas an chuid ar a bhfuil an choill sin) a thochailt nó a ghearradh anuas chun an chuid shonraithe sin a réiteach d'fhonn í a athphlandáil,
agus beidh an t-údarás a bhéarfar amhlaidh infheidhmithe, mura bhforceanntar roimhe sin é faoin alt seo, ar feadh na tréimhse a bheas sonraithe sa cheadúnas.
(2) Féadfaidh an tAire an t-údarás a bheirtear le ceadúnas leagain ginearálta a fhorceannadh tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn i dtaobh an fhorceannta sin a sheirbheáil ar an duine ag a mbeidh, de thuras na huaire, teideal chun na talún lena mbaineann an ceadúnas.
(3) Beidh ag gabháil le gach ceadúnas leagain ginearálta a údarós crainn a thochailt nó a ghearradh anuas chun talamh a réiteach d'fhonn é a athphlandáil coinníollacha go ndéanfaidh an ceadúnaí—
(a) laistigh de tréimhse shonraithe nach giorra ná dhá mhí dhéag ó dheireadh na tréimhse a mbeidh an t-údarás a bheirtear leis an gceadúnas infheidhmithe ar a feadh nó laistigh de pé tréimhse (más ann) is faide ná sin a cheadós an tAire as a chomhairle féin, crainn a phlandáil, do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta agus chun sástachta an Aire, ar an talamh a réitíodh amhlaidh, agus
(b) go ceann aon bhliain déag ó dheireadh na tréimhse a mbeidh an t-údarás a bheirtear leis an gceadúnas infheidhmithe ar a feadh, nó go ceann deich mbliana ó dháta plandála na gcrann sin, pé acu sin is déanaí, an crann a plandáladh amhlaidh a chaomhaint, do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta, agus chun críche na caomhanta sin gach fál agus cosaint eile, is gá chun na crainn sin a chosaint ar a ndíobháladh nó a milleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe, a choimeád i ndeis mhaith agus i staid éifeachtúil.
(4) I gcás coinníollacha a bheith ag gabháil le ceadúnas leagain ginearálta de bhun fo-ailt (3) den alt seo, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, coinníoll a chur leis an gceadúnas freisin go ndéanfaidh an ceadúnaí, sar a bplandálfar aon chrainn do réir an choinníll chéadluaite, fálú ar an talamh ar a mbeidh na crainn sin le plandáil i slí a chosnós iad go héifeachtúil, ar iad a bheith plandálta, ar a ndíobháladh nó a milleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe.
(5) Beidh an t-údarás a bheirtear le ceadúnas leagain ginearálta infheidhmithe, go dtí deireadh na tréimhse a mbeidh an t-údarás a bheirtear leis an gceadúnas infheidhmithe ar a feadh, ag an gceadúnaí agus a chomharbaí-i-dteideal chun na talún lena mbaineann an ceadúnas.
(6) I gcás coinníollacha foraoisithe a bheith ag gabháil le ceadúnas leagain ginearálta—
(a) beidh na coinníollacha sin mar cheangal ar an gceadúnaí agus ar gach duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún lena mbaineann an ceadúnas,
(b) murab é an ceadúnaí áititheoir na talún sin, beidh na coinníollacha sin, sa mhéid go mbainfid le crainn a chaomhaint agus le fálta agus cosaint eile a chothabháil, mar cheangal ar an duine is áititheoir de thuras na huaire ar an talamh sin.
(7) Más rud é, i gcás aon choinníollacha foraoisithe a bheith ag gabháil le ceadúnas leagain ginearálta, go bhfailleoidh aon duine a mbeidh na coinníollacha sin nó aon cheann de na coinníollacha sin mar cheangal air an céanna a chomhlíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo in aghaidh gach mí a leanfas an fhaillí sin, agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, i gcás an chéad chiontuithe den tsórt sin maidir leis an gceadúnas leagain ginearálta sin, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus, i gcás gach ciontuithe ina dhiaidh sin maidir leis an gceadúnas leagain ginearálta sin, fíneáil nach mó ná deich bpuint.
Na coinníollacha a cuirfear le ceadúnais, etc., a shonrú iontu.
50.—I gcás ina gcuirfidh an tAire aon choinníoll nó coinníollacha le ceadúnas leagain teoranta nó le ceadúnas leagain ginearálta nó le hordú úsáidte (crainn eiscithe), leagfar amach an coinníoll nó na coinníollacha sa cheadúnas nó san ordú.
Pionós mar gheall ar chrainn a dhíobháladh.
51.—(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith ceachtar ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—
(a) ní dhéanfaidh, ná ní chuirfidh faoi ndear ná ní cheadóidh go ndéanfar, maidir le haon chrann (seachas crann nár shárú ar an Acht seo é a thochailt nó a ghearradh anuas) aon ghníomh ná ní, trí imghearradh coirte ná ar shlí ar bith eile, a bhéarfas nó dá dtiocfadh nó is cosúil a bhéarfadh éag nó dreo ar an gcrann sin nó a bhéarfas nó dá dtiocfadh nó is cosúil a bhéarfadh damáiste thar fóir ar an gcrann sin, ná
(b) ní bhainfidh, ná ní chuirfidh faoi ndear ná ní cheadóidh go mbainfear, adhmad d'aon chrann (seachas mar adúradh) ar shlí seachas do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta nó chun damáiste mór do bharraí a chosc.
(2) Gach duine a shárós fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, faoi réir ailt 53 den Acht seo, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach crainn a ndéanfar an sárú sin ina leith.
Orduithe athphlandála.
52.—(1) Aon uair a ciontófar duine i gcion, maidir le haon chrann atá nó a bhí ar thalamh dá chuid, faoi alt 37 nó alt 39 nó alt 45 nó alt 47 nó alt 51 den Acht seo, féadfaidh an tAire más oiriúnach leis, ordú a dhéanamh agus a sheirbheáil ar an duine sin á cheangal ar an duine sin na nithe seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá:—
(a) roimh dheireadh tréimhse sonraithe nach giorra ná dhá mhí dhéag ó dháta an orduithe nó laistigh de pé fadú (más ann) ar an tréimhse sin a cheadós an tAire as a chomhairle féin, uimhir shonraithe chrann de chineál sonraithe nó (do réir mar is oiriúnach leis an Aire agus a luafas sé san ordú) pé uimhreacha crann de chineálacha sonraithe éagsúla, a shonrós an tAire, a phlandáil do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta ar chuid shonraithe den talamh sin nó de thalamh eile is leis an duine sin ar dháta an orduithe, agus
(b) go ceann tréimhse aon bhliain déag ó dháta an orduithe nó go ceann tréimhse deich mbliana ón dáta plandála, pé tréimhse acu is déanaí a chríochnós, na crainn a plandáladh de bhun an orduithe a chaomhaint do réir gnáth-chleachta na dea-fhoraoiseachta agus chuige sin gach fál agus cosaint eile, is gá chun na crainn sin a chosaint ar a ndíobháladh nó a milleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe, a choimeád i ndeis mhaith agus i staid éifeachtúil.
(2) Féadfaidh ordú athphlandála, más oiriúnach leis an Aire agus má shonraíonn sé amhlaidh san ordú, a cheangal ar an duine a ndéanfar an t-ordú ina leith fálú a dhéanamh, sar a bplandálfaidh aon chrann de bhun an orduithe, ar an áit a bhfuil an crann le plandáil ann i slí a dhéanfas an crann a chosaint go héifeachtúil, ar bheith plandálta dhó, ar a dhíobhaladh nó a mhilleadh de dheascaibh treaspáis ag aon ainmhithe.
(3) I gcás ordú athphlandála a sheirbheáil ar dhuine ar bith, beidh forála an orduithe mar cheangal ar an duine sin agus ar gach duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún lena mbaineann an t-ordú.
(4) I gcás—
(a) ina seirbheálfar ordú athphlandála ar dhuine ar bith, agus
(b) nach é an duine sin is áititheoir de thuras na huaire ar an talamh lena mbaineann an t-ordú,
beidh an t-ordú, sa mhéid go mbainfidh sé le crainn a chaomhaint agus le fálta agus cosaint eile a chothabháil, mar cheangal ar an duine is áititheoir de thuras na huaire ar an talamh sin.
(5) Má fhaillíonn duine ar bith, a mbeidh aon fhoráil nó forála d'ordú athphlandála mar cheangal air de thuras na huaire, an fhoráil nó na forála sin a chomhlíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo in aghaidh gach mí a leanfas an fhaillí sin agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear, i gcás an chéadchiontuithe den tsórt sin maidir leis an ordú athphlandála sin, fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus, i gcás gach ciontuithe den tsórt sin ina dhiaidh sin maidir leis an ordú athphlandála sin, fíneáil nach mó ná deich bpuint.
Teora le pionóis áirithe.
53.—I gcás—
(a) duine a chiontú i gcion faoi alt 37 nó alt 38 nó alt 39 nó alt 42 nó alt 45 nó alt 47 nó alt 51 den Acht seo, agus
(b) an cion do bhaint le níos mó ná fiche crann, agus
(c) an duine sin dá chruthú chun sástachta na Cúirte gur dhearmad fíorais bona fide, pé acu aige féin nó ag duine eile a bhí ag gníomhú faoina orduithe nó lena chead é, faoi ndear an cion,
ansin, ní raghaidh méid iomlán na fíneála á cuirfear air i leith an chiona thar céad punt.
Coinníollachaagus orduithe áirithe a chlárú faoin Registration of Title Act, 1891.
54.—(1) San alt seo—
ciallaíonn an abairt “an t-údarás clárúcháin” an t-údarás clárúcháin faoi Acht 1891;
ciallaíonn an abairt “talamh cláraithe” talamh arna chlárú faoi Acht 1891.
(2) I gcás—
(a) aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, a chur le ceadúnas leagain teoranta nó le hordú úsáidte (crainn eiscithe), agus
(b) aon talamh a mbeidh crainn le plandáil nó le caomhaint air de bhun an choinníll nó na gcoinníoll sin a bheith ina thalamh cláraithe,
déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an ceadúnas a dheonadh nó an t-ordú a dhéanamh, cóip de a chur go dtí an t-údarás clárúcháin agus air sin déanfaidh an t-údarás clárúcháin an coinníoll nó na coinníollacha sin a cuireadh leis a chlárú mar ualach ar an talamh sin.
(3) I gcás—
(a) coinníollacha a bheith, de bhuaidh fo-ailt (3) d'alt 48 den Acht seo, ag gabháil le ceadúnas leagain faoi Acht 1928, agus
(b) an talamh ar a mbeidh crainn le plandáil de bhun na gcionníoll sin a bheith ina thalamh cláraithe,
déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an dáta feidhme, cóip den cheadúnas a chur go dtí an t-údarás clárúcháin agus air sin cláróidh an t-údarás clárúcháin na coinníollacha sin mar ualach ar an talamh sin.
(4) I gcás—
(a) coinníollacha foraoisithe a chur le ceadúnas leagain ginearálta, agus
(b) an talamh ar a mbeid crainn le plandáil de bhun na gcoinníoll a bheith ina thalamh cláraithe,
déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an ceadúnas a dheonadh, cóip de a chur go dtí an t-údarás clárúcháin agus air sin cláróidh an t-údarás clárúcháin na coinníollacha foraoisithe mar ualach ar an talamh sin.
(5) I gcás—
(a) ordú athphlandála a sheirbheáil ar dhuine ar bith, agus
(b) an talamh ar a mbeidh crainn le plandáil de bhun an orduithe sin a bheith ina thalamh cláraithe,
déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an t-ordú a sheirbheáil, cóip de a chur go dtí an t-údarás clárúcháin agus cláróidh an t-údarás clárúcháin an t-ordú mar ualach ar an talamh sin.
(6) I gcás ualach ar thalamh ar bith a bheith arna chlárú faoin alt seo, agus an t-ualach a bheith arna fhuascailt i bpáirt nó go hiomlán nó a bheith arna mhodhnú,—
(a) déanfaidh an tAire, ar an duine is únaer de thuras na huaire ar an talamh dá iarraidh sin air sa bhfoirm orduithe, teastas a eisiúint chun an údaráis chlárúcháin ina luafaidh an méid is dóigh leis a fuascladh nó a modhnaíodh an t-ualach agus déanfaidh cóip den teastas sin a eisiúint freisin chun an únaera, agus
(b) déanfaidh an t-údarás clárúcháin, ar an teastas a fháil, é a chlárú mar chruthú ar fhuascailt nó páirtfhuascailt nó modhnú (do réir téarmaí an teastais) an ualaigh.
(7) Ní bheidh aon táillí iníoctha i leith aon imeachta i gClárlann na Talún faoin alt seo.
Painéal réiteoirí.
55.—(1) Bunófar agus cothabhálfar chun críocha an Achta seo painéal réiteoirí ar a mbeidh pé uimhir de dhaoine cearta oiriúnacha a gheobhfar ó am go ham a bheith riachtanach chun na gcríocha adúradh.
(2) Is é an Rialtas a cheapfas comhaltaí an phainéil réiteoirí agus beidh gach comhalta den tsórt sin i seilbh oifige go ceann cúig bliana ó dháta a cheaptha ach beidh sé inathcheaptha ar a théarma oifige a bheith caite.
(3) Íocfar le gach comhalta den phainéal réiteoirí pé táillí agus costais a ordós an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, as gach scrúdú a dhéanfas sé agus gach tuarascáil a bhéarfas sé de bhun an Achta.
Nithe áirithe a chur faoi bhráid réiteora.
56.—(1) I gcás—
(a) ina ndiúltófar i bpáirt nó go hiomlán d'iarratas ar cheadúnas leagain teoranta, agus ina ndéanfaidh an t-iarratasóir, nó aon duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún ar a bhfuil an crann lenar bhain an t-iarratas, agóid i gcoinne an diúltuithe sin, nó
(b) ina ndeonfaidh an tAire ceadúnais leagain teoranta a mbeidh aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas ag gabháil leis, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, agus ina ndéanfaidh an ceadúnaí nó aon duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún a bheas sonraithe sa choinníoll nó sna coinniollacha sin agóid i gcoinne an coinníoll nó na coinníollacha sin a chur leis an gceadúnas sin nó i gcoinne téarmaí an choinníll nó na gcoinníoll sin, nó
(c) ina ndeonfaidh an tAire ceadúnas leagain teoranta a mbeidh coinníoll ranníoca ag gabháil leis agus ina ndéanfaidh an ceadúnaí agóid i gcoinne an coinníoll ranníoca a chur leis an gceadúnas sin nó i gcoinne méid na ranníocaíochta, nó
(d) ina bhforceannfaidh an tAire an t-údarás a bheirtear le ceadúnas leagain teoranta agus ina ndéanfaidh an ceadúnaí, nó aon duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún ar a bhfuil nó ar a raibh an crann lena mbaineann an ceadúnas, agóid i gcoinne an fhorceannta sin, nó
(e) ina ndiúltóidh an tAire, tar éis dó an t-údarás a fhorceannadh a bheirtear le ceadúnas leagain teoranta a mbeidh aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas ag gabháil leis, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, an coinníoll nó na coinníollacha sin a mhodhnú, agus ina ndéanfaidh an ceadúnaí, nó aon duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún a bheas sonraithe sa choinníoll nó sna coinníollacha sin, agóid i gcoinne an diúltuithe sin, nó
(f) ina ndéanfaidh an tAire, tar éis dó an t-údarás a fhorceannadh a bheirtear le ceadúnas leagain teoranta a mbeidh aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas ag gabháil leis, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, modhnú ar an gcoinníoll nó ná coinníollacha sin agus ina ndéanfaidh an ceadúnaí, nó aon duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún a bheas sonraithe sa choinníoll nó sna coinníollacha sin, agóid i gcoinne méid an mhodhnuithe, nó
(g) ina ndiúltóidh an tAire, tar éis dó an t-údarás a fhorceannadh a bheirtear le ceadúnas leagain teoranta a mbeidh coinníoll ranníoca ag gabháil leis, an ranníocaíocht a aisíoc agus ina ndéanfaidh an ceadúnaí nó a ionadaithe pearsanta agóid i gcoinne an diúltuithe sin, nó
(h) ina ndéanfaidh an tAire, tar éis dó an t-údarás a fhorceannadh a bheirtear le ceadúnas leagain teoranta a mbeidh coinníoll ranníoca ag gabháil leis, cuid den ranníocaíocht a aisíoc agus ina ndéanfaidh an ceadúnaí nó a ionadaithe pearsanta agóid i gcoinne méid na haisíocaíochta, nó
(i) in a ndéanfaidh an tAire ordú úsáidte (crainn eiscithe) a mbeidh aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas ag gabháil leis, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, agus ina ndéanfaidh an duine dá ndeonfar an t-ordú, nó aon duine dá chomharbaí-idteideal chun na talún a bheas sonraithe sa choinníoll nó sna coinníollacha sin, agóid i gcoinne an coinníoll nó na coinníollacha sin a chur leis an ordú sin nó i gcoinne téarmaí an choinníll nó na gcoinníoll a cuireadh leis amhlaidh, nó
(j) ina ndéanfaidh an tAire ordú athphlandála i leith duine ar bith agus ina ndéanfaidh an duine sin, nó aon duine dá chomharbaí-i-dteideal chun na talún lena mbaineann an t-ordú, agóid i gcoinne an orduithe nó i gcoinne téarmaí an orduithe,
féadfaidh an t-agóidire nó na hagóidirí, do réir fo-ailt (2) den alt seo, a fhoréileamh go gcuirfear an agóid uaidh nó uathu faoi bhráid réiteora.
(2) Gach foréileamh a déanfar faoi fho-alt (1) den alt seo—
(a) beidh sé sa bhfoirm ordaithe agus luafar ann na forais ar a bhfuil an foréileamh bunaithe,
(b) cuirfear go dtí an tAire é sa tslí ordaithe agus laistigh den am ordaithe, agus
(c) cuirfear an táille ordaithe ina theannta.
(3) Aon uair a gheobhaidh an tAire foréileamh arna dhéanamh go cuibhe faoi na forála sin roimhe seo den alt seo, bhéarfaidh sé go ndéanfar abhar an fhoréilimh sin (is é sin le rá, an t-abhar a bhforéileofar leis an bhforéileamh sin é a chur faoi bhráid réiteora) a chur chun a scrúduithe faoi bhráid réiteora a ainmneos an tAire as an bpainéal réiteoirí a bheas bunaithe agus á chothábháil de bhun an Achta seo.
(4) Déanfaidh gach réiteoir a gcuirfear foréileamh faoina bhráid faoin alt seo abhar an fhoréilimh sin a scrúdú agus tuarascáil i scríbhinn a thabhairt don Aire i dtaobh toradh an scrúduithe sin.
(5) Breithneoidh an tAire gach tuarascáil a cuirfear chuige faoi fho-alt (4) den alt seo agus cuirfidh cóip den tuarascáil sin go dtí an duine a rinne an foréileamh lena mbaineann sí agus déanfaidh an tAire ansin pé ní acu seo leanas is cuibhe leis,—
(a) daingneoidh an beart a rinne sé sa ní dob abhar don fhoréileamh sin, nó
(b) déanfaidh pé beart a mheasfaidh is iomchuibhe chun an agóid dob abhar don fhoréileamh sin a shásamh (go hiomlán nó sa mhéid a chífear dó bheith ceart).
(6) I bhfeidhmiú a chumhacht faoi fho-alt (5) den alt seo, féadfaidh an tAire, gan dochar do ghinearáltacht na gcumhacht a bheirtear leis an bhfo-alt sin,—
(a) aon choinníollacha athphlandála a cuireadh le ceadúnas leagain teoranta, lenar bhain an foréileamh iomchuibhe faoin alt seo, a mhodhnú, amhail mar a cumhachtaítear do, faoi fho-alt (5) d'alt 41 den Acht seo, coinníollacha athphlandála a mhodhnú sna tosca a sonraítear sa bhfo-alt sin, agus beidh éifeacht ag an modhnú sin amhail is dá mba mhodhnú é iarbhír de bhuaidh an fho-ailt sin (5);
(b) aon choinníoll nó coinníollacha caomhanta a cuireadh le ceadúnas leagain teoranta, lenar bhain an foréileamh iomchuibhe faoin alt seo, a mhodhnú, amhail mar a cumhachtaítear dó, faoi fho-alt (6) d'alt 41 den Acht seo, coinníollacha caomhanta a mhodhnú sna tosca a sonraítear sa bhfo-alt sin, agus beidh éifeacht ag an modhnú sin amhail is dá mba mhodhnú é iarbhír de bhuaidh an fho-ailt sin (6);
(c) aon choinníoll ranníoca a cuireadh le ceadúnas leagain teoranta, lenar bhain an foréileamh iomchuibhe faoin alt seo, a mhodhnú, tríd an gcoinníoll a tharraing siar nó trí mhéid na ranníocaíochta a bheas sonraíthe sa choinníoll sin a laghdú;
(d) aon cheadúnas leagain teoranta, lenar bhain an foréileamh iomchuibhe faoin alt seo, a tharraing siar agus ceadúnas leagain teoranta nua a dheonadh ina ionad sa tslí a sonraítear in alt 40 den Acht seo agus, más oiriúnach leis,—
(i) aon choinníoll nó coinníollacha acu seo a leanas, eadhon, coinníollacha athphlandála agus coinníollacha caomhanta, nó
(ii) coinníoll ranníoca,
a chur leis an gceadúnas nua sin;
(e) in aon chás inar bhain an foréileamh iomchuibhe faoin alt seo le hordú úsáidte (crainn eiscithe), ordú úsáidte (crainn eiscithe) nua a dhéanamh amhail is ná beadh an t-ordú bunaidh, lenar bhain an foréileamh sin, arna dhéanamh, agus is tuigthe déanamh an orduithe úsáidte (crainn eiscithe) nua sin do chur an orduithe bhunaidh sin ar neamhbhrí;
(f) in aon chás inar bhain an foréileamh iomchuibhe faoin alt seo le hordú athphlandála, ordú athphlandála nua a dhéanamh amhail is ná beadh an t-ordú bunaidh, lenar bhain an foréileamh sin, arna dhéanamh, agus is tuigthe déanamh an orduithe athphlandála nua do chur an orduithe bhunaidh sin ar neamhbhrí.
(7) Aon uair a dhéanfas an tAire aon bheart chun an agóid dob abhar d'fhoréileamh faoin alt seo a shásamh, go hiomlán nó i bpáirt, aisíocfar leis an duine a rinne an foréileamh sin an táille a híocadh ar an bhforéileamh sin a dhéanamh.
Forála sealadacha.
57.—(1) Go ceann na tréimhse de dhá bhliain dar tosach an dáta feidhme, ní bhainfidh forála fo-ailt (1) d'alt 37 den Acht seo le tochailt ná gearradh anuas aon chrainn, más rud é—
(a) go ndearnadh, laistigh de dhá bhliain roimh an dáta feidhme, fógra leagain faoi Acht 1928, maidir leis an gcrann, a thabhairt do réir ailt 5 d'Acht 1928, agus
(b) go ndéanfar an crann a thochailt nó a ghearradh anuas (pé acu é) tráth nach déanaí ná dhá bhliain ón dáta ar ar tugadh an fógra sin amhlaidh, agus
(c) i gcás an fógra sin a thabhairt amhlaidh laistigh d'fhiche lá roimh an dáta feidhme, go mbeidh níos mó ná fiche lá caite ón dáta ar ar tugadh an fógra sin amhlaidh.
(2) I gcás fógra leagain faoi Acht 1928 a thabhairt tráth nár luaithe ná an fichiú lá roimh an dáta feidhme—
(a) déanfar an tagairt, i bhfo-alt (1) d'alt 39 den Acht seo, d'fhógra leagain faoin Acht seo a léiriú, go ceann na tréimhse d'fhiche lá dar tosach an dáta feidhme, mar thagairt a fholaíos tagairt don fhógra leagain sin faoi Acht 1928;
(b) déanfar an chéad tagairt, i bhfo-alt (2) den alt sin 39, d'fhógra leagain faoin Acht seo a léiriú mar thagairt a fholaíos tagairt don fhógra leagain sin faoi Acht 1928; agus
(c) déanfar an tagairt, i mír (b) den fho-alt sin (2), don áit a bheas ainmnithe sa bhfógra leagain sin faoin Acht seo chun ordú toirmisc faoin Acht seo a sheirbheáil ann a léiriú mar thagairt a fholaíos tagairt don áit a bheas ainmnithe sa bhfógra leagain sin faoi Acht 1928 chun doiciméidí a sheirbheáil ann faoi Acht 1928.
(3) Go ceann na tréimhse de dhá bhliain dar tosach an dáta feidhme, ní bhainfidh forála fo-ailt (1) d'alt 37 den Acht seo ná forála fo-ailt (3) d'alt 39 den Acht seo le tochailt ná gearradh anuas aon chrainn má tochaltar nó má gearrtar anuas an crann faoin údarás a bheirtear le ceadúnas leagain faoi Acht 1928.
CUID V.
Ilghneitheach.
Damáiste ag coiníní agus loitmhíola a chosc.
58.—(1) Más deimhin leis an Aire go bhfuil crainn nó plandaí crann, atá ag fás ar aon talamh (dá ngairmtear an talamh plandálta sa bhfo-alt seo), á ndamáistiú, nó gur dócha go mbeid á ndamáistiú, ag coiníní nó loitmhíola atá ar aon talamh (dá ngairmtear an talamh foircithe sa bhfo-alt seo) i gcomharsanacht na talún plandálta,—
(a) féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar áititheoir (más ann) na talún foircithe á rá—
(i) go bhfuil crainn nó plandaí crann atá ag fás ar an talamh plandálta á ndamáistiú, nó gur dócha go mbeid á ndamáistiú, ag coiníní nó loitmhíola atá ar an talamh foircithe, agus
(ii) nach foláir, laistigh de thrí mhí tar éis na seirbheála sin,—
(A) na coiníní nó na loitmhíola sin a dhíothú go héifeachtúil, nó
(B) bearta éifeachtúla eile a dhéanamh chun an damáiste sin a chosc;
(b) más rud é—
(i) gur talamh neamháitithe an talamh foircithe, nó
(ii) i gcás an talamh foircithe a bheith áitithe agus fógra faoi mhír (a) den fho-alt seo a bheith arna sheirbheáil ar áititheoir na talún sin, ná déanfaidh an t-áititheoir, laistigh de thrí mhí tar éis na seirbheála sin, na coiníní nó na loitmhíola air a dhíothú go héifeachtúil nó bearta eile, is dóigh leis an Aire a bheith indéanta agus éifeachtach, chun cosc a chur le damáistiú crann nó plandaí crann, atá ag fás ar an talamh plandálta, ag coiníní nó loitmhíola,
féadfaidh an tAire a údarú i scríbhinn do dhuine ar bith dul isteach ar an talamh foircithe agus na coiníní nó na loitmhíola air a mharú agus a ghabháil i rith aon tréimhse sonraithe, nach sia ná dhá mhí dhéag.
(2) Duine ar bith a rachas isteach ar thalamh faoi údarás arna thabhairt ag an Aire faoin alt seo déanfaidh, ar an áititheoir (más ann) dá iarraidh sin air, a údarás a thaispeáint, agus, má bhacann duine ar bith aon duine a bheas údaraithe amhlaidh i bhfeidhmiú cuibhe a chumhacht nó a dhualgas faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomhair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.
(3) Chun críocha an ailt seo is loitmhíola gach ceann acu seo a leanas—
(a) fiana,
(b) ainmhithe fiaine (seachas giorraithe) is cosúil a dhéanfadh damáiste do chrainn nó plandaí.
Giorraithe a dhíothú ar thailte a bheas ar seilbh ag an Aire chun críocha an Achta seo.
59.—(1) D'ainneoin aon ní dá bhfuil san Acht chun Géim a Chosaint, 1930 (Uimh. 11 de 1930), is dleathach don Aire agus do sheirbhísigh agus gníomhairí an Aire giorraithe a ghabháil agus a dhíothú ar aon mhodh réasúnach aon tráth lá ar bith ar aon talamh a bheas ar seilbh ag an Aire chun críocha an Achta seo.
(2) San alt seo, folaíonn an focal “giorraithe” patacháin.
Forála eile maidir le giorraithe a dhíothú.
60.—(1) Más deimhin leis an Aire go bhfuil aon chrainn nó plandaí crann, atá ag fás ar aon talamh (dá ngairmtear an talamh pandálta sa bhfo-alt seo), á ndamáistiú, nó gur dócha go mbeid á ndamáistiú, ag giorraithe atá ar aon talamh (dá ngairmtear an talamh foircithe sa bhfo-alt seo), arb é an talamh plandálta é nó talamh atá ag luí leis an talamh plandálta, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—
(a) féadfaidh an tAire ordú (dá ngairmtear ordú giorraithe (fionraí ar shrianta le díothú) san alt seo) a dhéanamh á cheadú do dhuine sonraithe, arb é únaer nó áititheoir na talún foircithe é, agus fós, más cuibhe leis an Aire, d'aon duine nó daoine (a hainmneofar san ordú) de sheirbhísigh nó gníomhairí an duine sin, giorraithe a ghabháil agus a dhíothú ar an talamh foircithe i rith aon tréimhse sonraithe, nach sia ná sé mhí,
(b) oibreoidh an t-ordú chun é a dhéanamh dleathach, d'ainneoin aon ní dá bhfuil san Acht chun Géim a Chosaint, 1930 (Uimh. 11 de 1930), do pé duine nó daoine (más ann) dá sheirbhísigh nó dá ghníomhairí a hainmneofar amhlaidh giorraithe a ghabháil agus a dhíothú ar an talamh foircithe ar aon mhodh réasúnach aon tráth lá ar bith laistigh den tréimhse shonraithe sin.
(2) Más rud é—
(a) gur deimhin leis an Aire go bhfuil crainn nó plandaí crann, atá ag fás ar aon talamh (dá ngairmtear an talamh plandálta sa bhfo-alt seo), á ndamáistiú, nó gur dócha go mbeid á ndamáistiú, ag giorraithe ar aon talamh eile (dá ngairmtear an talamh foircithe sa bhfo-alt seo) atá i gcomharsanacht na talún plandálta, agus
(b) (i) gur talamh neamháitithe an talamh foircithe agus ná fuil únaer na talún sin ina chomhnaí sa Stát nó ná fuil a sheoladh ar eolas agus nach féidir é a fhionnadh go réidh, nó
(ii) i gcás ordú giorraithe (fionraí ar shrianta le díothú) a bheith arna dhéanamh, go bhfuil an tréimhse a sonraíodh ann caite agus gur fhailligh na daoine a húdaraíodh chuige sin leis an ordú sin, i rith na tréimhse sin, bearta a dhéanamh, is dóigh leis an Aire a bheith sásúil, chun giorraithe a ghabháil agus a dhíothú ar an talamh foircithe,
beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—
(I) féadfaidh an tAire, le hordú, a údarú d'aon duine nó daoine (a ngairmtear duine údaraithe de gach duine acu sa bhfo-alt seo) a hainmneofar san ordú giorraithe a ghabháil agus a dhíothú ar an talamh foircithe i rith aon tréimhse sonraithe, nach sia ná dhá mhí dhéag,
(II) oibreoidh an t-ordú chun é a dhéanamh dleathach do gach duine údaraithe, aon tráth lá ar bith laistigh den tréimhse shonraithe sin,—
(A) dul isteach ar an talamh foircithe, agus
(B) d'ainneoin aon ní dá bhfuil san Acht chun Géim a Chosaint, 1930, giorraithe a bheas ann a ghabháil agus a dhíothú ar aon mhodh réasúnach,
(III) má théann duine údaraithe isteach ar an talamh foircithe de bhun na gcumhacht a bheirtear leis an ordú, déanfaidh sé, ar an áititheoir (más ann) dá iarraidh sin air, an t-ordú a thaispeáint,
(IV) duine ar bith a dhéanfas bac nó cur isteach ar dhuine údaraithe agus é ag féidhmiú na gcumhacht a bheirtear leis an ordú, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.
(3) San alt seo, folaíonn an focal “giorraithe” patacháin.
Fásra a dhó.
61.—(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon fhásra a dhó atá ag fás laistigh de mhíle ó choill nach leis an duine sin mura dtuga an duine sin, seacht lá ar a laghad sar a dtosnóidh sé ar an bhfásra sin a dhó, fógra i scríbhinn d'únaer na coille sin agus don tsáirsint i gceannas an stáisiúin Gharda Shíochána is gaire don choill sin go bhfuil ar intinn aige an fásra sin a dhó.
(2) Má dhónn duine ar bith aon fhásra contrártha don alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.
(3) Aon uair a déanfar fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (1) den alt seo ar únaer coille, féadfaidh an t-únaer sin, laistigh de thrí lá tar éis dó an fógra sin a fháil, frithfhógra a sheirbheáil ar an duine a thug an fógra sin ina ndéanfaidh agóid i gcoinne an dó bheartaithe ar an bhforas go mb'fhéidir damáiste a theacht uaidh don choill sin.
(4) Má dhónn duine ar bith aon fhásra contrártha don alt seo nó tar éis dó an fógra a sheirbheáil is gá do réir an ailt seo agus frithfhógra faoin alt seo a fháil, is tuigthe gurb é gníomh mainneachtana an duine sin faoi ndear gach díobháil a thiocfas den dó sin d'aon choill ar cheart go ndéanfaí ina leith nó a ndearnadh ina leith fógra a sheirbheáil faoin alt seo agus féadfaidh únaer na coille sin airgead damáiste in aghaidh méid na díobhála sin a aisghabháil dá réir sin ón duine sin.
Fásra ar thalamh atá ina luí le coillte a dhíchur nó a dhíothú.
62.—(1) Más deimhin leis an Aire go mb'fhéidir damáiste a theacht do choill trí thine a thosnódh ar thalamh neamh-shaothraithe atá ina luí leis an gcoill sin, mar gheall ar fhásra a bheith ann,—
(a) féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar áititheoir (más ann) na talún sin á rá gur abhar contúirte don choill sin an fásra sin agus gur ceart é a dhíchur nó é a leor-dhíothú laistigh de thríocha lá tar éis na seirbheála sin;
(b) más rud é—
(i) gur talamh neamháitithe an talamh sin, nó
(ii) i gcás inar talamh áitithe é agus inar seirbheáladh fógra faoi mhír (a) den fho-alt seo ar an áititheoir, ná dearna an t-áititheoir dá réir,
féadfaidh an tAire a údarú i scríbhinn do dhuine ar bith dul isteach ar an talamh sin agus aon fhásra a bheas ag fás ar an gcuid den/talamh sin atá laistigh de chéad go leith troigh ó theorainn na coille sin a dhíchur nó a dhíothú i rith aon tréimhse sonraithe, nach sia ná trí mhí.
(2) Féadfaidh duine ar bith, d'ainneoin forál ailt 28 den Acht chun Géim a Chosaint, 1930 (Uimh. 11 de 1930), fásra a bheas ag fás ar aon talamh atá laistigh de chéad go leith troigh ó aon choill a dhíchur nó a dhíothú gan cead i scríbhinn ó Cheannphort an Gharda Shíochána don cheantar, más de bhun fógra a bhaineas leis an talamh sin agus a seirbheáladh faoi fho-alt (1) den alt seo nó do réir údaráis chuige sin a tugadh faoin bhfo-alt sin a déanfar an díchur nó an díothú sin.
(3) Duine ar bith a rachas isteach ar thalamh faoi údarás arna thabhairt ag an Aire faoin alt seo, déanfaidh, ar an áititheoir (más ann) dá iarraidh sin air, a údarás a thaispeáint, agus má bhacann duine ar bith aon duine a bheas údaraithe amhlaidh i bhfeidhmiú cuibhe a chumhacht nó a dhualgas faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.
Eolas ó shábhmhuilleoirí.
63.—(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, fógra a sheirbheáil ar dhuine ar bith (is dílseánach ar aon tsábh-mhuileann nó monarcha ina ndéantar adhmad a shábhadh nó a chomhshó óna riocht chomhchruinn nó garbh) á cheangal ar an duine sin tuairisceán a thabhairt don Aire, laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fógra sin a sheirbheáil, ina mbeidh na sonraí a bheas sonraithe sa bhfógra maidir le háit soláthair, toirt agus cineál an adhmaid a sábhadh nó a comhshódh amhlaidh i rith tréimhse sonraithe sa tsábh-mhuileann nó sa mhonarcha sin.
(2) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, fógra a sheirbheáil ar dhuine ar bith (a dhéanas adhmad a onnmhuiriú ina riocht chomhchruinn nó garbh) á cheangal ar an duine sin tuairisceán a thabhairt don Aire, laistigh d'ocht lá fichead tar éis an fógra sin a sheirbheáil, ina mbeidh na sonraí a bheas sonraithe sa bhfógra maidir le háit soláthair, toirt agus cineál an adhmaid a d'onnmhuirigh sé amhlaidh i rith tréimhse sonraithe.
(3) Féadfaidh fógra faoin alt seo a cheangal gur i bhfoirm a bheas sonraithe sa bhfógra a bhéarfar aon tuairisceán a bheas le tabhairt faoin bhfógra sin.
(4) Má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn duine ar bith, ar ar seirbhéaladh fógra faoin alt seo, an fógra sin a chomhlíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.
(5) I gcás—
(a) ina gciontófar duine i gcion faoi fho-alt (4) den alt seo toisc é dá fhaillí nó dá mhainniú na nithe a bheas sonraithe i bhfógra a seirbheálfar air faoin alt seo a dhéanamh laistigh den tréimhse a bheas sonraithe sa bhfógra, agus
(b) ina mbeidh na nithe sin, tar éis dáta an chiontuithe sin fágtha gan déanamh aige,
beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air in aghaidh gach lae, tar éis dáta an chiontuithe chéadluaite sin, a fhágfas sé na nithe sin gan déanamh, agus beidh an cion sin ina chion leanúnach agus dá réir sin féadfar imeachta nua a bhunú ina leith ó am go ham.
Pionós mar gheall ar ráitis bhréagacha, etc.
64.—(1) I gcás—
(a) ina ndéanfaidh duine ar bith, in aon fhógra leagain faoin Acht seo nó in aon iarratas ag lorg ceadúnais leagain teoranta nó orduithe úsáidte (crainn eiscithe) nó ceadúnais leagain ginearálta, do réir bhrí Choda IV den Acht seo, aon ráiteas a bheas bréagach nó míthreorach i bponc abhartha, nó
(b) ina ndéanfaidh duine ar bith, in aon tuairisceán a bheas á thabhairt aige don Aire faoin Acht seo, aon eolas a thabhairt a bheas bréagach nó míthreorach i bponc abhartha,
beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúnacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.
Cumhachta au Aire faoi Achta na bhFeathaid agus na bPiast Loitbheartacha, 1877 go 1929, a aistriú chun an Aire Thalmhaíochta.
65.—Aistrítear leis seo chun an Aire Thalmhaíochta gach cumhacht a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, á fheidhmiú nó infheidhmithe ag an Aire faoi Achta na bhFeathaid agus na bPiast Loitbheartacha, 1877 go 1929.
AN SCEIDEAL.
Achtachan a hAthghairmtear.
Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearr-theideal | Méid na hAthghairme |
9 & 10 Geo. V, c. 58 | The Forestry Act, 1919 | An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe. |
An tAcht iomlán. |