[EN]

Uimhir 27 de 1927.


[EN]

ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN GEINIÚINT, IOMPAR, ROINNT AGUS SOLÁTHAR LEICTREACHAIS AR FUAID SHAORSTÁIT ÉIREANN D'ATH-CHÓGHLÉASA AGUS DO REGLEÁIL AGUS GO hÁIRITHE CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN LEICTREACHAS DO GHEINIÚINT SNA hOIBREACHA DO DHIN AN STÁT FÉ ACHT LEICTREACHAIS NA SIONAINNE, 1925, AGUS CHUN AN LEICTREACHAS SAN D'IOMPAR, DO ROINNT, AGUS DO SHOLÁTHAR AGUS, CHUN NA CRÍCHE SIN, CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN NA hOIBREACHA SAN DO BHAINISTÍ, DO RIARA, AGUS DO STIÚRA D'FHONN IAD D'OIBRIÚ GO hÉIFEACHTÚIL AGUS GO hECONOMICIÚIL AGUS I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN ROIMHRÁITE NO A ÉIREOIDH LE N-A LINN NO ASTA AGUS CHUN AN tACHT LEICTREACHAIS SIN NA SIONAINNE, 1925, DO LEASÚ. [28adh Bealtaine, 1927.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Roimhra.

[EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais a ceapfar fén Acht so;

[EN]

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

[EN]

cialluíonn agus foluíonn an focal “oibreacha na Sionainne” gach obair, pé saghas í agus pé áit di, a dineadh fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) chun leictreachais do dhéanamh agus do gheiniúint le huisce-chomhacht a gheibhtear o uiscí Abha na Sionainne agus an leictreachas a dintar amhlaidh d'iompar agus do sholáthar ina mhór-choda agus fós na tailte agus na háitreabhacha a thóg an tAire do réir na gcomhacht a bronntar air chuige sin leis an Acht roimhráite ach gan aon tailte d'áireamh a thóg an tAire fén Acht san agus a shocruigh seisean fé alt 12 den Acht san a bheith ina dtailte iomarcacha, agus gan aon tailte d'áireamh a thóg an tAire chun críche speisialta fén Acht san mar a leasuítear leis an Acht so é;

[EN]

cialluíonn an focal “cóir iompair leictreachais oibreacha na Sionainne” an chuid sin d'oibreacha na Sionainne a húsáidtear no atá ceaptha le húsáid chun an leictreachas a dintar in oibreacha na Sionainne d'iompar agus do sholáthar ina mhór-choda;

[EN]

cialluíonn an focal “gnóthaire údaruithe” duine dá mbeidh sé údaruithe de thurus na huaire le haon Acht áitiúil no pearsanta de Pháirlimint na Ríochta Aontuithe no le haon Acht príobháideach den Oireachtas no le haon ordú sealadach no eile do dineadh fé údarás reachtúil (pe'ca roimh bhunú Shaorstáit Éireann é no dá éis sin) no le hordú speisialta a bheidh déanta ag an mBord fén Acht so leictreachas do gheimiúint, do roinnt agus do sholáthar no do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht in aon líomatáiste áirithe agus fós 'na mbeidh aige de thurus na huaire, de bhua an Achta no an Orduithe sin, an t-aon-cheart chun leictreachas do sholáthar amhlaidh sa líomatáiste sin;

[EN]

cialluíonn an focal “gnóthaire ceaduithe” éinne dar deonadh cead, agus 'na mbeidh an cead san aige i bhfeidhm, fén Acht so chun leictreachas do gheiniúint, do roinnt agus do sholáthar no do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht i gcoitinne no d'aicmí no do dhaoine áirithe den phuiblíocht chun gach críche no chun críche no crícheanna áirithe i líomatáiste áirithe;

[EN]

cialluíonn an focal “gnóthaire reachtúil” éinne dá mbeidh sé údaruithe le haon Acht áitiúil no pearsanta de Pháirlimint na Ríochta Aontuithe no le haon Acht príobháideach den Oireachtas no le haon Ordú Sealadach no eile do dineadh fé údarás reachtúil (pe'ca roimh bhunú Shaorstáit Éireann é no dá éis sin) leictreachas do gheiniúint chun aon chríche;

[EN]

cialluítear agus foluítear leis an bhfocal “gnó”—

[EN]

(a) nuair a húsáidtear é maidir le gnóthaire údaruithe 'na bhfuil údarás aige leictreachas do gheiniúint, do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht, an gléasra, an mheaisínteacht agus na hoibreacha leictreachais a úsáideann an gnóthaire sin chun leictreachas do gheiniúint, agus na línte, an t-apparatus agus na fearaistí leictreachais a úsáideann an gnóthaire sin chun leictreachas do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht agus fós na háitreabhacha a úsáideann an gnóthaire sin i gcó-bhaint leis an ngléasra, leis an meaisínteacht agus leis na hoibreacha san agus i gcóbhaint leis na línte, leis an apparatus agus leis na fearaistí sin,

[EN]

(b) nuair a húsáidtear é maidir le gnóthaire údaruithe ná fuil údaruithe ach chun leictreachas do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht, na línte, an t-apparatus, agus na fearaistí leictreachais a úsáideann an gnóthaire sin chun leictreachas do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht agus fós na háitreabhacha a úsáideann an gnóthaire sin i gcó-bhaint leis na línte, leis an apparatus, agus leis na fearaistí sin, agus

[EN]

(c) nuair a húsáidtear é maidir le gnóthaire reachtúil, an gléasra, an mheaisínteacht agus na hoibreacha leictreachais a úsáideann an gnóthaire sin ag geiniúint leictreachais chun na críche chun a ndintar le hAcht no le hOrdú ceaptha an ghnóthaire sin comhacht do thabhairt don ghnóthaire sin chun leictreachas do gheiniúint, agus fós na háitreabhacha a úsáideann an gnóthaire sin i gcó-bhaint le leictreachas do gheiniúint chun na críche roimhráite;

[EN]

cialluíonn agus foluíonn an focal “cóir roinneacháin” an chuid sin de ghnó a húsáidtear no atá ceaptha le húsáid chun leictreachas do roinnt agus do sholáthar d'úsáidirí;

[EN]

cialluíonn agus foluíonn an focal “cóir iompair” na línte, na polaí, na piolóirí, agus na hatharúcháin leictreachais agus an t-apparatus leictreachais eile a húsáidtear i gcó-bhaint le leictreachas d'iompar ó stáisiún gheiniúna go dtí cóir roinneacháin agus fós na háitreabhacha a húsáidtear i gcó-bhaint leis an apparatus san;

[EN]

cialluíonn an focal “stáisiún geiniúna” stáisiún chun leictreachas do gheiniúint;

[EN]

cialluíonn an focal “soláthar i mór-choda” soláthar leictreachais le húsáid chun é d'ath-dhíol le húsáidirí;

[EN]

foluíonn an focal “sráid” aon chearnóg, cúirt, clamhsa, prímhbhealach, lána, bóthar, bealach, no aon phasáiste no áit phuiblí;

[EN]

cialluíonn an focal “líomatáiste soláthair” líomatáiste ina mbeidh údarás de thurus na huaire ag gnóthaire údaruithe leictreachas do sholáthar don phuiblíocht agus fós ina mbeidh an t-aon-cheart aige de thurus na huaire chun leictreachas do sholáthar amhlaidh;

[EN]

foluíonn an focal “údarás áitiúil” comhairle chontae, comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile, comhairle bhailecheanntair, comhairle thuathcheanntair, agus coimisinéirí baile, agus aon chólucht puiblí atá bunuithe le haon reacht no fé chun aon cheann d'fheidhmeanna aon chinn de sna cóluchtaí a luaidhtear thuas do chólíona.

[EN]

CUID I.

Co-dheanamh, Airgeadas agus Feidhmeanna Generalta Bhuird Sholathair an Leictreachais.

[EN]

Có-dhéanamh Bhúird Sholáthair an Leictreachais.

2.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis rithte an Achta so déanfar bord dá ngairmfear Bord Soláthair an Leictreachais (dá ngairmtear an Bord san Acht so) do bhunú do réir an Achta so chun na feidhmeanna a ceaptar do leis an Acht so do chólíona.

[EN]

(2) Beidh an Bord ina chólucht chorparáideach agus síorchomharbas aige agus féadfa sé dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leis fén teideal agus fén ainm sin adubhradh.

[EN]

(3) Beidh an Bord có-dhéanta de chathaoirleach agus de pé méid ball eile (nách lú ná beirt ná nách mó ná seisear) a shocróidh an Ard-Chomhairle o am go ham.

[EN]

(4) Isí an Ard-Chomhairle a cheapfidh baill an Bhúird agus gach éinne a ceapfar amhlaidh chun bheith ina bhall den Bhord beidh sé i seilbh oifige ar feadh pé tréimhse nách sia ná cúig bliana a shocróidh an Ard-Chomhairle le linn é do cheapa agus beidh gach duine den tsaghas san ion-athcheaptha ar bheith caithte dá théarma oifige.

[EN]

(5) Isé a bheidh mar chathaoirleach ar an mBord ná an ball san den Bhord a cheapfidh an Ard-Chomhairle nuair a ceapfar é chun bheith ina bhall den Bhord no ina dhiaidh sin chun bheith ina chathaoirleach amhlaidh.

[EN]

(6) Déanfidh cathaoirleach an Bhúird a chuid ama go léir do thabhairt suas dá dhualgaisí mar chathaoirleach den tsórt san agus déanfidh gach duine de sna baill eile den Bhord a chuid ama go léir, no pé méid de a ordóidh an Ard-Chomhairle nuair a ceapfar é, do thabhairt suas dá dhualgaisí mar bhall den tsórt san.

[EN]

(7) Íocfar le gach ball den Bhord amach as na cistí a bheidh ar a gcur ag an mBord pé luach saothair agus fós pé liúntaisí le haghaidh costaisí a ordóidh an Ard-Chomhairle le linn é do cheapa.

[EN]

Baill, etc., den Bhord fé dhí-cháilíocht chun bheith ina mbaill den Oireachtas.

3.—Beidh gach ball den Bhord agus gach oifigeach agus gach seirbhíseach don Bhord, faid a bheidh sé i seilbh oifige no ar fostú mar bhall, mar oifigeach, no mar sheirbhíseach den tsórt san, dí-cháilithe chun é d'ainmniú no do thogha agus chun suidhe no íocaíocht d'fháil mar bhall de Dháil Éireann no de Sheanad Éireann.

[EN]

Có-Shéala an Bhúird.

4.—(1) Soláthróidh an Bord agus beidh aige có-shéala, agus deimhneofar dílse an chó-shéala san le sighniú cathaoirligh an Bhúird no le sighniú baill éigin eile den Bhord go mbeidh údarás aige ón mBord chun gníomhú chuige sin agus fós le sighniú oifigigh don Bhord go mbeidh údarás aige go cuibhe ón mBord chun gníomhú chuige sin.

[EN]

(2) Tabharfidh gach cúirt bhreithiúnais áird ar shéala an Bhúird i gcúrsaí breithiúnais, agus gach scríbhinn a thugann le tuisgint a bheith ina hordú no ina hinstruimid eile a dhin an Bord agus a bheith séaluithe le séala an Bhúird dilse-dheimhnithe do réir an ailt seo, glacfar i bhfianaise í agus tuigfar gurb é an t-ordú no an instruimid sin í gan a thuille cruthúnais mara gcruthuítar a mhalairt.

[EN]

Baill den Bhord do chur as oifig.

5.—(1) Má chítar don Ard-Chomhairle aon uair gur gá, chun feidhmeanna an Bhúird do chólíona go héifeachtúil agus go heconomiciúil fén Acht so, na baill uile no aon bhall den Bhord do chur as oifig, féadfidh an Ard-Chomhairle baill uile an Bhúird no pé méid aca is dó leis an Ard-Chomhairle is gá chun na críche roimhráite do chur as oifig.

[EN]

(2) Aon bhall den Bhord go dtárlóidh do, tré easláinte, gan bheith ábalta ar a dhualgaisí do chólíona go héifeachtúil mar bhall den tsórt san no a bheidh (tré aon chúis seachas cúis is leor dar leis an Ard-Chomhairle) as láthair o gach cruinniú den Bhord ar feadh tréimhse sé mí, féadfidh an Ard-Chomhairle é do chur as oifig aon uair.

[EN]

(3) Má dhineann agus pé uair a dhéanfidh an Ard-Chomhairle aon bhall den Bhord do chur as oifig fén alt so, leagfidh an Ard-Chomhairle fé bhráid gach Tighe den Oireachtas ráiteas i scríbhinn á rá gur dineadh an ball san do chur as oifig agus ag luadh na réasún a bhí leis an gcur-as-oifig sin.

[EN]

Nós-imeachta an Bhúird.

6.—(1) Beidh nós-imeachta an Bhúird ag á chruinnithe agus eile do réir forálacha na rialachán chuige sin a dhéanfidh an Bord fén Acht so.

[EN]

(2) Pé uair agus faid a bheidh an Bord có-dhéanta de thriúr ball is leor beirt bhall den Bhord mar quorum, agus pé uair agus faid a bheidh an Bord có-dhéanta de níos mó ná triúr ball is leor trian de bhaill an Bhúird mar quorum.

[EN]

(3) Féadfidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas do bheith ina bhallraíocht.

[EN]

Cuntaisí agus iniúchta.

7.—(1) Cimeádfidh an Bord i pé fuirm a cheadóidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Airgid na gnáth-chuntaisí uile is ceart ar gach airgead a gheobhaid no a chaithfid agus ortha san beidh cuntas caipitail, cuntas ioncuim, cuntas sochair agus dochair, agus cuntas cothromaíochta, agus go sonnrách cimeádfid sa bhfuirm sin roimhráite gach cuntas speisialta a ordóidh an tAire o am go ham uaidh féin no ar iarratas an Aire Airgid.

[EN]

(2) Déanfidh iniúchóirí a bheidh cáilithe go cuibhe, agus a cheapfidh an tAire chuige sin go bliantúil le toiliú an Aire Airgid, cuntaisí an Bhúird d'iniúcha agus tuarasgabháil do thabhairt ortha gach bliain, agus isé an Bord a íocfidh táillí na n-iniúchóirí sin agus costaisí generálta na n-iniúchta san.

[EN]

(3) Féadfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, rialacháin do dhéanamh ag ordú am, áit agus modh déanta iniúcha cuntaisí an Bhúird fén alt so agus féadfa sé fós a ordú leis na rialacháin sin cadiad na cuntaisí go soláthrófar cóipeanna dhíobh don Aire fén alt so agus cadiad na cuntaisí a foillseofar agus a cuirfar ar díol fén alt so agus cathin agus conus a déanfar an foillsiú agus an díol san.

[EN]

(4) Díreach tar éis gach iniúchta fén alt so ar chuntaisí an Bhúird, cuirfidh an Bord chun an Aire cóip den chuntas chothromaíochta agus den chuntas sochair agus dochair mar a bheidh glactha leo ag na hiniúchóirí, cóip de thuarasgabháil na n-iniúchóirí, agus cóipeanna de pé cuntaisí do cuireadh fé bhráid na n-iniúchóirí a bheidh orduithe le rialacháin do dineadh fén alt so a chur chun an Aire no a éileoidh an tAire go speisialta, agus foillseoid agus cuirfid ar díol do réir na rialachán san pé cinn de sna cuntaisí do cuireadh fé bhráid na n-iniúchóirí a bheidh orduithe leis na rialacháin sin a fhoillsiú agus a chur ar díol.

[EN]

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhúird.

8.—(1) Ceapfidh an Bord pé oifigigh agus seirbhísigh agus pé méid díobh is do leo o am go ham is ceart.

[EN]

(2) Iocfidh an Bord le n-a chuid oifigeach agus seirbhíseach, amach as na cistí a bheidh ar a chur aige fén Acht so, pé luach saothair agus liúntaisí a shocróidh an Bord.

[EN]

(3) Chun duine do cheapa chun beart i seirbhís an Bhúird do líona féadfidh an Bord, más oiriúnach leis é, a iarraidh ar na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine do mhola dho chun a cheaptha chun na birte sin, agus ar fháil an iarratais sin do sna Coimisinéirí sin toghfid amach agus molfid duine don Bhord, fé Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) agus dá réir, chun a cheaptha chun na birte sin, agus más oiriúnach leo é toghfid amach agus molfid beirt no níos mó don Bhord i gcóir an cheapacháin sin agus ar fháil an mholta san o sna Coimisinéirí sin don Bhord ceapfidh an Bord chun na birte sin an té a mholann na Coimisinéirí amhlaidh no, má moltar níos mó ná éinne amháin amhlaidh, pé duine is dó leis an mBord is ceart de sna daoine a moltar amhlaidh.

[EN]

(4) Iocfidh an Bord leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, amach as na cistí a bheidh ar a chur aige fén Acht so, pé costaisí ar scór na gCoimisinéirí sin do thogha amach agus do mhola daoine fén alt so chun bearta i seirbhís an Bhúird do líona a socrófar tré chó-aontú idir an Bord agus na Coimisinéirí sin le toiliú an Aire Airgid no, mara gcó-aontuítear amhlaidh, a shocróidh an tAire Airgid.

[EN]

Feidhmiú feidhmeanna an Bhúird tré n-a oifigigh.

9.—Féadfidh an Bord aon cheann de sna comhachta agus aon cheann de sna feidhmeanna agus de sna dualgaisí (lasmuich d'orduithe do dhéanamh) a bronntar agus a cuirtar ar an mBord leis an Acht so d'fheidhmiú agus do chólíona tré éinne dá chuid oifigeach no seirbhíseach a bheidh údaruithe ag an mBord chuige sin.

[EN]

Leas i gconnra do nochta.

10.—Aon bhall den Bhord 'na mbeidh aon leas aige in aon chuideachtain no lucht gnótha le n-a mbeidh an Bord chun aon chonnra do dhéanamh, no 'na mbeidh aon leas aige sa chonnra san, nochtfa sé don Bhord go bhfuil an leas san aige agus cadé and saghas é, agus ní thógfidh an ball san aon pháirt in aon bhreithniú ná socrú a dhéanfidh an Bord i dtaobh an chonnartha san, agus cuirfar an nochta san ar breaca i miontuairiscí an Bhúird.

[EN]

Toirmeasc ar leasanna i ngnóthaí leictreachais.

11.—(1) Gach éinne a ceapfar chun bheith ina bhall den Bhord, déanfa sé gach scair in aon ghnó leictreachais a bheidh dá chuid féin aige, no ina mbeidh leas aige chun tairbhe dho féin, le linn a cheaptha, do dhíol agus do chur as a lámhaibh ar fad laistigh de thrí mhí tar éis a cheaptha, agus más rud é, le huacht no le comharbacht, go dtuitfidh aon scaireanna in aon ghnó leictreachais chun ball den Bhord, no go ndílseofar ann iad, chun tairbhe dho féin, déanfa sé iad, no an leas a bheidh aige ionta, do dhíol agus do chur as a lámhaibh ar fad laistigh de thrí mhí tar éis iad do thuitim chuige no tar éis a ndílsithe ann ar an gcuma san.

[EN]

(2) Ní dhéanfidh ball den Bhord, faid a bheidh an oifig sin ar seilbh aige, aon scaireanna in aon ghnó leictreachais do cheannach ná do ghlaca ná leas ionta d'fháil chun tairbhe dho féin.

[EN]

(3) Aon bhall den Bhord a chimeádfidh, a cheannóidh, no a ghlacfidh aon scaireanna in aon ghnó leictreachais no 'na dtiocfidh leas chuige ionta no 'na bhfanfidh leas aige ionta i gcoinnibh an ailt seo beidh sé dí-cháilithe maidir le n-a oifig mar bhall den tsórt san agus tuigfar é bheith tar éis dul aisti.

[EN]

(4) San alt so cialluíonn agus foluíonn an focal “scaireanna in aon ghnó leictreachais” aon stoc, scaireanna, debentiúirí, stoc debentiúra, bannaí, no urrúsanna eile de chuid aon chuideachtan a bheidh ag gabháil do gheiniúint, do roinnt, no do sholáthar leictreachais no do dhéanamh apparatuis leictreachais, no do dheighleáil, mion no mór, in apparatus den tsórt san agus foluíonn sé aon scair no leas in aon ghnó neamh-ionchorparáidithe a bheidh ag gabháil don obair sin.

[EN]

Roimh-íocanna ón bPrímh-Chiste leisan mBord.

12.—(1) Fé réir na dteoranta a forchuirtar leis an alt so, roimhíocfidh an tAire Airgid amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis leis an mBord fé mar iarrfidh agus nuair iarrfidh an Bord air é gach suim a iarrfidh an Bord o am go ham, ach ní níos déanaí ná an lá ceaptha, ar an Aire sin do roimh-íoc leis.

[EN]

(2) Na suimeanna a roimh-íocfar leis an mBord fén alt so chun glanta an fhiachais a bheidh ar an mBord fén Acht so ar scór úis agus riaráiste úis ar shuimeanna do roimh-íocadh amach as an bPrímh-Chiste fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) leis an gciste fé leith do bunuíodh fé alt 11 den Acht san agus ar scór na gcostaisí fé n-a raghaidh an Bord chun oibreacha na Sionainne d'oibriú, do chimeád i dtreo agus do dheisiú fén Acht so, ní raghaidh a méid iomlán thar pé suim bheadh chó mór le suim chúig milleon agus dhá chéad agus deich míle punt tar éis na suimeanna san do chur léi do roimh-íocadh leis an gciste sin fé leith, pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin é, amach as an bPrímh-Chiste fé alt 11 d'Acht Leictreachais na Sionainne 1925 (Uimh. 26 de 1925) agus, fé réir na teorann san, ní ragha sé thar suim sé chéad míle punt, agus ní raghaidh méid iomlán na suimeanna a roimh-íocfar amhlaidh aon leath-bhliain áirithe chun glanta an fhiachais agus na gcostaisí sin thar suim céad go leith míle punt.

[EN]

(3) Na suimeanna a roimh-íocfar leis an mBord fén alt so chun aon chríche seachas chun glanta an fhiachais agus na gcostaisí a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo ní raghaidh a méid iomlán thar suim dhá mhilleon agus chúig céad míle punt, agus na suimeanna a roimh-íocfar amhlaidh aon leath-bhliain áirithe, ach amháin an leath-bhliain dar críoch an lá ceaptha, chun aon chríche seachas mar adubhradh ní raghaidh a méid iomlán thar suim cheithre chéad míle punt.

[EN]

(4) Chun soláthar do dhéanamh chun suimeanna do roimh-íoc amach as an bPrímh-Chiste fén alt so, no chun na suimeanna uile a roimh-íocfar amhlaidh no aon chuid díobh d'aisíoc isteach sa Chiste sin, no chun aon urrúsanna a tabharfar amach fén alt so d'íoc sa mhéid ná fuil aon tsoláthar eile déanta chun a n-íoctha, féadfidh an tAire Airgid airgead d'fháil ar iasacht tré pé urrúsanna do thabhairt amach is dó leis is ceart, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste gach suim a gheobhfar ar iasacht amhlaidh.

[EN]

(5) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear agus íoc cholann agus ús gach urrúis a tabharfar amach fén alt so.

[EN]

(6) Is chun na comhachta agus na feidhmeanna a bronntar ar an mBord leis an Acht so d'fheidhmiú agus do chólíona, agus chuige sin amháin, a roimh-íocfidh an tAire Airgid agus a chaithfidh an Bord na suimeanna atá le roimh-íoc fén alt so.

[EN]

(7) San alt so cialluíonn an focal “an lá ceaptha” an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, no pé dáta níos déanaí ná san a cheapfidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an mBord, tré ordú do dhéanamh fén alt so.

[EN]

(8) Féadfidh an tAire, tré ordú do dhéanamh le toiliú an Aire Airgid roimh an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, pé dáta tar éis an 31adh lá sin de Mhí na Nodlag, 1932, a mheasfa sé, leis an toiliú roimhráite, do bheith ceart do cheapa chun bheith ina lá cheaptha.

[EN]

Gach ordú a déanfar fén bhfo-alt so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann ceachtar den dá Thigh sin, laistigh de mhí tar éis an chéad lá a shuidhfidh an Tigh sin tar éis an t-ordú san do bheith leagtha fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin gan dochar do dhleathacht éinní do dineadh fé roimhe sin.

[EN]

Us d'íoc ar roimh-íocanna.

13.—(1) Iocfidh an Bord leis an Aire Airgid, ar gach suim a roimh-íocfar leis an mBord amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so, ús o dháta roimh-íoctha na suime sin go dtí n-a haisíoc do réir pé ráta a cheapfidh an tAire Airgid am an roimh-íoctha agus íocfar an t-ús san amhlaidh tré íocaíochtaí leath-bhliantúla cóionanna ar pé laetheanta i ngach bliain a cheapfidh an tAire Airgid o am go ham.

[EN]

(2) Má theipeann ar an mBord aon ús is iníoctha aige fén alt so d'íoc leis an Aire Airgid ar an am a bheidh ceaptha chuige sin fén alt so, íocfidh an Bord leis an Aire sin ús do réir an ráta a bheidh ceaptha ag an Aire sin, ar an ús a bheidh gan íoc amhlaidh, ón am a bheidh ceaptha mar adubhradh go dtí go ndéanfar an céanna d'íoc.

[EN]

(3) Aon ús is iníoctha ag an mBord leis an Aire Airgid fén alt so ar an lá ceaptha no roimhe sin, féadfidh an Bord é d'íoc amach as an airgead do roimh-íocadh leis an mBord amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so.

[EN]

(4) An t-ús go léir a íocfidh an Bord leis an Aire Airgid fén alt so íocfar isteach sa Stát-Chiste é ar pé slí a ordóidh an tAire sin o am go ham.

[EN]

Roimh-íocanna a déanfar fén Acht so d'aisíoc.

14.—(1) Chun soláthar do dhéanamh chun an Bord d'aisíoc na roimh-íoc a híocfar leis amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so, íocfidh an Bord leis an Aire Airgid íocaíochtaí leath-bhliantúla ag tosnú ar pé dáta, nách luatha ná an 1adh lá d'Eanair, 1933, a cheapfidh an tAire sin tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus ag leanúint ar feadh pé méid blian agus iad de pé suimeanna agus iníoctha pé tráthanna a cheapfidh an tAire sin tar éis do dul i gcomhairle mar adubhradh, agus féadfar dátaí deifriúla, méideanna deifriúla de bhlianta, suimeanna deifriúla, agus tráthanna deifriúla do cheapa amhlaidh in aghaidh codacha deifriúla de sna roimh-íocanna san.

[EN]

(2) Na híocaíochtaí leath-bhliantúla uile agus fé seach a íocfidh an Bord leis an Aire Airgid fén alt so déanfidh an tAire sin iad do chur mar chistí fiach-laigheaduithe chun aisíoctha na gcodacha uile agus fé seach de sna roimh-íocanna 'na ndéanfar na híocaíochtaí leath-bhliantúla san ina n-aghaidh agus nuair a bheidh lán-líon na n-íocaíocht leath-bhliantúil a ceapfar fén alt so in aghaidh aon chuid de sna roimh-íocanna san (maraon le haon ús do tháinig chun bheith iníoctha fén alt so ar aon cheann de sna híocaíochtaí leath-bhliantúla san) íoctha ag an mBord leis an Aire sin, tuigfar an chuid sin de sna roimh-íocanna san do bheith lán-aisíoctha ag an mBord gan dochar d'fhiachas an Bhúird in aon ús a bheidh gan íoc ansan ar an gcuid sin de sna roimh-íocanna san.

[EN]

(3) Má theipeann ar an mBord aon íocaíocht leath-bhliantúil no cuid d'íocaíocht leath-bhliantúil is iníoctha aige leis an Aire Airgid fén alt so d'íoc leis an Aire sin ar an am a bheidh ceaptha chuige sin fén alt so, íocfidh an Bord leis an Aire sin ús do réir an ráta a bheidh ceaptha ag an Aire sin, ar an íocaíocht leathbhliantúil sin no ar an gcuid sin d'íocaíocht leath-bhliantúil, ón am a bheidh ceaptha mar adubhradh go dtí go ndéanfar an céanna d'íoc.

[EN]

(4) Gach airgead a íocfidh an Bord leis an Aire Airgid fén alt so íocfar isteach sa Stát-Chiste é ar pé slí a ordóidh an tAire sin o am go ham.

[EN]

Roimh-íocanna do dineadh fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925, d'aisíoc.

15.—(1) Má dhineann an tAire fén Acht so iomlán oibreacha na Sionainne do thabhairt i seilbh an Bhúird san aon am amháin, ansan, díreach ar a dtabhairt i seilbh amhlaidh tiocfidh an Bord fé fhiachas ag an Aire Airgid in aisíoc iomlán na suimeanna (dá ngairmtear “na roimh-íocanna san” san alt so) do roimhíocadh, pe'ca roimh an tabhairt-i-seilbh sin é no dá éis sin, amach as an bPrímh-Chiste fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925), leis an gciste fé leith do bunuíodh chuige sin fé alt 11 den Acht san, maraon le gach ús a bheidh dlite agus gan íoc ar na roimh-íocanna san no ar aon chuid díobh.

[EN]

(2) Má dhineann an tAire fén Acht so codacha deifriúla d'oibreacha na Sionainne do thabhairt i seilbh an Bhúird i dtráthanna deifriúla, ansan, díreach ar thabhairt aon choda den tsórt san d'oibreacha na Sionainne i seilbh tiocfidh an Bord fé fhiachas ag an Aire Airgid in aisíoc coda cothromúla (a shocróidh an tAire Airgid tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála) de sna roimh-íocanna san agus den ús a bheidh dlite agus gan íoc ansan ar na roimh-íocanna san no ar aon chuid díobh.

[EN]

(3) Iocfidh an Bord leis an Aire Airgid ús ar na codacha uile agus fé seach de sna roimh-íocanna san o sna dátaí fé seach ar a dtiocfidh an Bord, fén alt so, fé fhiachas a n-aisíoctha go dtí go nglanfar an fiachas san fén alt so no ar aon tslí eile, agus is do réir pé ráta a cheapfidh an tAire sin an uair a thosnóidh an t-ús san ar rith a híocfar an t-ús san amhlaidh agus íocfar amhlaidh é tré íocaíochtaí leath-bhliantúla có-ionanna ar pé laetheanta i ngach bliain a cheapfidh an tAire sin o am go ham.

[EN]

(4) Chun soláthar do dhéanamh chun an Bord d'aisíoc na roimh-íoc san, íocfidh an Bord leis an Aire Airgid íocaíochtaí leath-bhliantúla ag tosnú ar pé dáta, nách luatha ná an 1adh lá d'Eanair, 1933, a cheapfidh an tAire sin tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus ag leanúint ar feadh pé méid blian agus iad de pé suimeanna agus iníoctha pé tráthanna a cheapfidh an tAire sin tar éis do dul i gcomhairle mar adubhradh, agus féadfar dátaí deifriúla, méideanna deifriúla de bhlianta, suimeanna deifriúla, agus tráthanna deifriúla do cheapa amhlaidh in aghaidh codacha deifriúla de sna roimhíocanna san.

[EN]

(5) Na híocaíochtaí leath-bhliantúla uile agus fé seach a íocfidh an Bord leis an Aire Airgid fén bhfo-alt san roimhe seo déanfidh an tAire sin iad do chur mar chistí fiach-laigheaduithe chun aisíoctha na roimh-íoc san agus nuair a bheidh lán-líon na n-íocaíocht leath-bhliantúil a ceapfar fén alt so in aghaidh aon chuid de sna roimh-íocanna san (maraon le haon ús do tháinig chun bheith iníoctha fén alt so ar aon cheann de sna híocaíochtaí leath-bhliantúla san) íoctha ag an mBord leis an Aire sin, beidh fiachas an Bhúird in aisíoc na coda san de sna roimh-íocanna san glanta ach gan dochar d'fhiachas an Bhúird in aon ús a bheidh gan íoc ansan ar an gcuid sin de sna roimh-íocanna san.

[EN]

(6) An t-ús go léir a bheidh dlite ar na roimh-íocanna san no ar aon chuid díobh an uair a thiocfidh an Bord, fén alt so, fé fhiachas aisíoctha na roimh-íoc san no na coda san díobh, íocfidh an Bord leis an Aire Airgid é laistigh de shé mhí tar éis an Bord do theacht fé fhiachas an aisíoctha san amhlaidh agus má theipeann ar an mBord aon ús den tsórt san d'íoc laistigh den sé mhí sin íocfidh an Bord leis an Aire sin ús do réir an ráta a bheidh ceaptha ag an Aire sin, ar an ús san a bheidh dlite amhlaidh, ón am a bheidh an sé mhí sin istigh go dtí go n-íocfar an céanna.

[EN]

(7) Má theipeann ar an mBord aon ús ar na roimh-íocanna san no ar aon chuid díobh no aon íocaíocht leath-bhliantúil no cuid d'íocaíocht leath-bhliantúil is iníoctha aige leis an Aire Airgid fén alt so d'íoc leis an Aire sin ar an am a bheidh ceaptha chuige sin fén alt so, íocfidh an Bord leis an Aire sin ús do réir an ráta a bheidh ceaptha ag an Aire sin, ar an ús, ar an íocaíocht leathbhliantúil, no ar an gcuid d'íocaíocht leath-bhliantúil (pe'ca aca é) a bheidh gan íoc, ón am a bheidh ceaptha mar adubhradh go dtí go n-íocfar an céanna.

[EN]

(8) Aon ús is iníoctha ag an mBord leis an Aire Airgid fén alt so ar an lá ceaptha no roimhe sin, féadfidh an Bord é d'íoc amach as an airgead do roimh-íocadh leis an mBord amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so.

[EN]

(9) Gach airgead a íocfidh an Bord leis an Aire Airgid fén alt so íocfar isteach sa Stát-Chiste é ar pé slí a ordóidh an tAire sin o am go ham.

[EN]

Muirir ar oibreacha na Sionainne.

16.—(1) Gach suim a roimh-íocfar leis an mBord amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so agus an t-ús go léir agus gach íocaíocht leath-bhliantúil is iníoctha ag an mBord fén Acht so ar an suim sin no ina haghaidh agus an t-ús go léir is iníoctha ag an mBord fén Acht so ar aon ús no ar aon íocaíocht leath-bhliantúil den tsórt san, tiocfid chun bheith agus beid—

[EN]

(a) ina gcéad-mhuirear ar oibreacha na Sionainne no ar na codacha deifriúla dhíobh díreach tar éis don Aire na hoibreacha san no na codacha deifriúla dhíobh (pe'ca aca é) do thabhairt i seilbh an Bhúird fén Acht so, agus

[EN]

(b) ina gcéad-mhuirear so-ghluaiste ar gach maoin, pé saghas í (ach amháin oibreacha na Sionainne) a bheidh dílsithe sa Bhord no dá chuid féin aige o am go ham, ach ní oibreoidh an muirear so-ghluaiste sin chun cosc no srian do chur leis an mBord d'aistriú aon choda den mhaoin sin uatha no do dheighleáil léi ar shlí eile i bhfeidhmiú ceart cuibhe na gcomhacht no i gcólíona ceart cuibhe na ndualgaisí a bronntar no a cuirtar ar an mBord leis an Acht so no le haon Acht a rithfar ina dhiaidh seo.

[EN]

(2) Díreach ar theacht don Bhord, fén Acht so, fé fhiachas aisíoctha iomlán na suim no aon choda cothromúla de sna suimeanna (pe'ca aca é) do roimh-íocadh amach as an bPrímh-Chiste fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) leis an gciste fé leith do bunuíodh chuige sin fé alt 11 den Acht san, tiocfidh na suimeanna san no an chuid chothromúil sin (pe'ca aca é) agus an t-ús go léir agus gach íocaíocht leathbhliantúil is iníoctha ag an mBord fén Acht so ar an gcéanna no ina aghaidh agus an t-ús go léir is iníoctha ag an mBord fén Acht so ar aon ús no ar aon íocaíocht leath-bhliantúil den tsórt san, tiocfid chun bheith agus beid—

[EN]

(a) ina muirear (ná beidh tosach air ach ag an muirear a cruthnuítear leis an bhfo-alt san roimhe seo) ar oibreacha na Sionainne no ar na codacha deifriúla dhíobh díreach tar éis don Aire na hoibreacha san no na codacha deifriúla dhíobh (pe'ca aca é) do thabhairt i seilbh an Bhúird fén Acht so, agus

[EN]

(b) ina muirear so-ghluaiste (ná beidh tosach air ach ag an muirear so-ghluaiste a cruthnuítear leis an bhfo-alt san roimhe seo) ar gach maoin, pé saghas í (ach amháin oibreacha na Sionainne) a bheidh dílsithe sa Bhord no dá chuid féin aige o am go ham, ach ní oibreoidh an muirear so-ghluaiste sin chun cosc no srian do chur leis an mBord d'aistriú aon choda den mhaoin sin uatha no do dheighleáil léi ar shlí eile i bhfeidhmiú ceart cuibhe na gcomhacht no i gcólíona ceart cuibhe na ndualgaisí a bronntar no a cuirtar ar an mBord leis an Acht so no le haon Acht a rithfar ina dhiaidh seo.

[EN]

(3) Na muirir uile agus fé seach (ar a n-áirítear muirir shoghluaiste) a cruthnuítear leis an alt so beid dílsithe san Aire Airgid agus féadfidh an tAire sin iad do chur i bhfeidhm do réir fuirm chuibhe na dlí pé uair is dó leis is ceart san do dhéanamh agus pe'ca bheidh aon ús no íocaíocht leath-bhliantúil a bheidh urruithe le muirear den tsórt san dlite agus gan íoc no ná beidh agus gach airgead a bainfar amach de bhua aon mhuirir den tsórt san íocfar isteach sa Stát-Chiste é ar pé slí a ordóidh an tAire sin.

[EN]

Stiúra oibreacha na Sionainne.

17.—(1) Nuair a bheidh oibreacha na Sionainne críochnuithe agus tabhartha i seilbh an Aire ag an gconnarthóir atá á ndéanamh déanfidh an tAire, chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin, le hordú fé n-a shéala, na hoibreacha san do thabhairt i seilbh an Bhúird agus, má dhineann an connarthóir sin aon chuid d'oibreacha na Sionainne do chríochnú agus do thabhairt i seilbh an Aire, féadfidh an tAire más oiriúnach leis é aon uair ina dhiaidh sin, le hordú fé n-a shéala, an chuid chríochnuithe sin de sna hoibreacha san do thabhairt i seilbh an Bhúird aon uair sara mbeidh iomlán na n-oibreacha san críochnuithe.

[EN]

(2) Is gan dochar do chirt an Aire fé n-a chonnra leis an gconnarthóir atá ag déanamh oibreacha na Sionainne a dhéanfidh an tAire na hoibreacha san no aon chuid díobh do thabhairt i seilbh an Bhúird fén alt so agus ní bhainfidh éinní san alt so, i dtaobh imeacht dlí, le haon imeachta dlí a bhunóidh an tAire chun na cirt sin do chur i bhfeidhm.

[EN]

(3) D'ainneoin oibreacha na Sionainne no aon chuid díobh do thabhairt i seilbh an Bhúird fén alt so fanfidh agus beidh na hoibreacha san dílsithe do réir dlí san Aire ach ón dáta ar a dtabharfar oibreacha na Sionainne no aon chuid díobh i seilbh an Bhúird fén alt so beidh ag an mBord, mara n-orduighidh agus go dtí go n-ordóidh an tOireachtas a mhalairt, aon-tseilbh agus aon-stiúra na n-oibreacha san no na coda san díobh (pe'ca aca é) agus an t-aon-cheart chun comhachta agus cirt d'fheidhmiú ina dtaobh a bronntar ar an Aire le hAcht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) mar a leasuítear leis an Acht so é, agus beidh an tseilbh sin ag an mBord agus déanfa sé an stiúra san fén Acht so agus dá réir agus fé aon leasú agus do réir aon leasú air a dhéanfidh an tOireachtas ina dhiaidh seo, agus chun críche aon imeacht dlí, síbhialta no coiriúil, i dtaobh éinní a thárlóidh le linn na seilbhe agus an stiúrtha san (le n-a n-áirítear imeachta a bhunóidh an tAire Airgid chun muirear do cruthnuíodh leis an Acht so d'fheidhmiú) féadfidh an Bord dul chun dlí no dlí do chur ar dhuine agus féadfar dul chun dlí leis an mBord no dlí do chur air mar únaer ar na hoibreacha san no ar pé cuid díobh 'na mbeifear ansan tar éis a tabhartha i seilbh do fén alt so, agus féadfar únaeracht na n-oibreacha san no na coda san díobh do bheith sa Bhord.

[EN]

Airnéis d'aistriú chun an Bhúird.

18.—(1) Pé uair a dhéanfidh an tAire fén Acht so oibreacha na Sionainne no aon chuid díobh do thabhairt i seilbh an Bhúird. féadfidh an tAire, leis an ordú le n-a ndéanfar amhlaidh no le hordú ina dhiaidh sin, aistriú chun an Bhúird do dhéanamh ar gach feithicil, úirlis, meaisín, instruimid, agus áirnéis eile no ar aon cheann acu (nách daingneáin do bheadh ag dul le hoibreacha na Sionainne no le haon chuid díobh) do fuair sé fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) no chun crícheanna an Achta san.

[EN]

(2) Gach áirnéis a haistreofar chun an Bhúird le hordú fén alt so tiocfa sí chun bheith agus beidh sí, díreach ar dhéanamh an aistrithe sin, dá gcuid féin ag an mBord chó hiomlán is dá gceannuíodh an Bord fén Acht so í.

[EN]

Dualgas generálta an Bhúird.

19.—Beidh sé de dhualgas ar an mBord—

[EN]

(a) leictreachas do dhéanamh agus do gheiniúint in oibreacha na Sionainne chó luath agus a dhéanfidh an tAire na hoibreacha san no cuid díobh is leor chuige sin do thabhairt i seilbh an Bhúird, agus fós an leictreachas a geinfar amhlaidh do chur á iompar tré chóir iompair leictreachais oibreacha na Sionainne agus tré aon leathnú ar an gcóir sin, agus

[EN]

(b) gach páirt no roinn riamh d'oibreacha na Sionainne do stiúra, do bhainistí, agus do choinneáil dea-dheisithe agus i dtreo mhaith agus in ordú ceart éifeachtúil chun oibre o sna dátaí fé seach ar a dtabharfidh an tAire na páirteanna no na ranna san fé seach i seilbh an Bhúird, agus

[EN]

(c) an leictreachas a gheinfidh an Bord in oibreacha na Sionainne do roinnt, do chur in úsáid agus do dhíol agus ceannach agus úsáid an leictreachais sin do chur ar aghaidh, agus

[EN]

(d) soláthar, roinnt, agus díol leictreachais go generálta i Saorstát Éireann do stiúra, do chó-ordú agus d'fheabhsú agus chun crícheanna an stiúrtha, an chó-orduithe, agus an fheabhsuithe sin na comhachta a bronntar ar an mBord leis an Acht so d'fheidhmiú agus d'úsáid, agus

[EN]

(e) go generálta gach dualgas agus comhacht a cuirtar no a bronntar ar an mBord leis an Acht so agus gach dualgas agus comhacht eile den tsórt san a chuirfidh no a bhronnfidh an tOireachtas ar an mBord ina dhiaidh seo do chólíona agus d'fheidhmiú.

[EN]

Comhachta generálta áirithe ag an mBord.

20.—(1) Fé réir agus do réir forálacha áirithe an Achta so féadfidh an Bord leictreachas (pe'ca é gheiniúint no é cheannach a dhéanfa sé) do roinnt agus do sholáthar in aon pháirt de Shaorstát Éireann ina mhór-choda no d'úsáidirí aonair agus chun crícheanna na roinnte agus an tsoláthair sin beidh aige gach ceart agus comhacht agus beidh sé fé gach oblagáid agus dualgas a bronntar no a cuirtar leis an Acht so ar ghnóthaire údaruithe ach ní dhéanfidh an Bord fén bhfo-alt so leictreachas do roinnt ná do sholáthar ina mhór-choda ná ar aon tslí eile d'aon duine ná áitreabh laistigh de líomatáiste sholathair ghnóthaire údaruithe ach amháin le haontú an ghnóthaire údaruithe sin no fé chomhacht áirithe agus do réir chomhachta áirithe chuige sin a bronntar ar an mBord leis an Acht so.

[EN]

(2) Féadfidh an Bord, le hordú speisialta, é féin do cheapa chun bheith mar ghnóthaire údaruithe d'aon líomatáiste áirithe a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san agus ar dháta an orduithe sin nách cuid de líomatáiste sholáthair ghnóthaire údaruithe agus nách cuid de an líomatáiste soláthair sin go léir ná aon pháirt de agus maidir le gach ordú speisialta den tsórt san—

[EN]

(a) féadfidh an Bord é d'atharú no do cheiliúra fé mar agus nuair is oiriúnach leis é,

[EN]

(b) leanfa sé i bhfeidhm agus ag oibriú ar feadh na tréimhse a bheidh luaidhte ann chuige sin no, mara mbeidh aon tréimhse den tsórt san luaidhte amhlaidh, go dtí go gceiliúrfidh an Bord é,

[EN]

(c) oibreoidh sé chun an t-aon-cheart do bhronna ar an mBord leictreachas do sholáthar sa líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú, agus chun gach ceart agus comhacht agus gach oblagáid agus dualgas a bronntar no a cuirtar ar ghnóthaire údaruithe leis an Acht so, ina líomatáiste sholáthair, no maidir leis, do bhronna agus do chur ar an mBord sa líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú, no maidir leis, agus maidir leis an mBord do gheiniúint, do roinnt agus do sholáthar leictreachais ann, ach amháin, i gcás ná beidh aon chomhacht den tsórt san infheidhmithe ach le toiliú an Bhúird, go mbeidh feidhmiú ón mBord ar an gcomhacht san ina leor-fhianaise ar thoiliú an Bhúird do bheith leis an bhfeidhmiú san.

[EN]

(3) Fé réir forálacha an Achta so féadfidh an Bord stáisiúin gheiniúna leictreachais, stáisiúin atharacháin agus stáisiúin agus áiteanna eile chun atharuithe no taiscithe leictreachais no chun deighleáil leis ar aon tslí eile do dhéanamh, d'ath-dhéanamh, do choinneáil i dtreo, agus d'oibriú agus cóir iompair leictreachais oibreacha na Sionainne do leathnú no do mhéadú agus pé línte agus oibreacha eile is oiriúnach leis an mBord do dhéanamh, d'ath-dhéanamh, do choinneáil i dtreo, agus d'oibriú.

[EN]

(4) Chun aon chomhacht no feidhm dá mbronntar ar an mBord leis an Acht so d'fheidhmiú no do chólíona, féadfidh an Bord dul isteach ar aon tailte no in aon áitreabh agus pé fiafraithe, fiosrúcháin, agus scrúduithe is oiriúnach leis do dhéanamh ansan.

[EN]

Rátaí agus scálaí d'éilithe ar son leictreachais, etc., do shocrú.

21.—(1) Na héilithe uile a dhéanfidh an Bord ar an lá ceaptha no roimhe sin ar son leictreachais (pe'ca o oibreacha na Sionainne no ar aon tslí eile a gheobhfar é) a dhíolfa sé ina mhórchoda no díreach le húsáidirí agus ar son earraí a dhíolfa sé no ar son seirbhísí a dhéanfa sé, socrófar iad do réir pé rátaí agus scálaí is dó leis an mBord is mó a raghaidh chun a chur ar chumas an Bhúird ón lá ceaptha san amach an chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so do chólíona.

[EN]

(2) Na héilithe uile a dhéanfidh an Bord tar éis an lae cheaptha ar son leictreachais (pe'ca o oibreacha na Sionainne no ar aon tslí eile a gheobhfar é) a dhíolfa sé ina mhór-choda no díreach le húsáidirí agus ar son earraí a dhíolfa sé agus ar son seirbhísí a dhéanfa sé, socrófar iad do réir a leithéidí sin de rátaí agus de scálaí go mbeidh an t-ioncum a gheobhaidh an Bord aon bhliain as na díolacháin agus as na seirbhísí sin, maraon leis an ioncum (más ann do) a gheobha sé an bhliain sin as nithe eile, mór a dhóthin agus gan ach mór a dhóthin (chó comhgarach agus is féidir é) chun íoctha gach tuarastail, costais oibre, agus caiteachais eile a bheidh ar an mBord agus ba cheart a chur mar mhuirear ar ioncum sa bhliain sin (agus ar a n-áirítear na híocaíochtaí a bheidh le n'íoc ag an mBord leis an Aire Airgid an bhliain sin in aghaidh úis agus íocaíochtaí ciste fhiach-laigheaduithe ar roimhíocanna amach as an bPrímh-Chiste), agus fós chun íoctha pé suimeanna is dó leis an mBord is ceart a chur i leataoibh an bhliain sin i gcóir cúl-chiste, leathnuithe, athnuachaintí, laigheadú luacha, iasachtaí agus crícheanna eile den tsórt san.

[EN]

(3) San alt so cialluíonn an focal “an lá ceaptha” an ní a chialluíonn sé in alt 12 (alt i dtaobh roimh-íocanna ón bPrímh-Chiste leis an mBord) den Acht so.

[EN]

Iasachtaí ón mBord do ghnóthairí údaruithe.

22.—Féadfidh an Bord roimh-íocanna d'íoc, amach as na cistí a bheidh ar a chur aige, le haon ghnóthaire údaruithe, gnóthaire ceaduithe no gnóthaire reachtúil chun críche a ghnótha san ar pé téarmaí is dó leis an mBord is ceart agus, i gcás ina mbeidh san air fé aon alt eile den Acht so, íocfidh an Bord na roimh-íocanna san ar pé téarmaí a socrófar sa tslí a foráltar chuige sin leis an alt san, agus féadfidh aon ghnóthaire údaruithe, gnóthaire ceaduithe no gnóthaire reachtúil iasacht d'fháil ón mBord d'ainneoin éinní atá san Acht, san ordú, sa mhemorandum comhlachais no sa scríbhinn eile le n-ar ceapadh an gnóthaire sin.

[EN]

Tabharfidh gnóthairí údaruithe agus gnóthairí ceaduithe eolas áirithe don Bhord.

23.—Féadfidh an Bord a éileamh ar aon ghnóthaire údaruithe agus déanfidh gach gnóthaire den tsórt san, nuair a héileofar san air, pé eolas ar a ghnó is dó leis an mBord is gá do thabhairt don Bhord, agus gach gnóthaire údaruithe go dteipfidh air no a eiteoidh an t-eolas san roimhráite do thabhairt don Bhord ar a éileamh san air beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

[EN]

Fíosrúchán i dtaobh riara, etc., ghnótha údaruithe.

24.—(1) Féadfidh an Bord aon uair fiosrúchán do dhéanamh no aon duine do cheapa chun fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh riara agus staid airgeadais ghnó aon ghnóthaire údaruithe, agus beidh comhacht ag an mBord no ag an té a ceapfar mar adubhradh (pe'ca aca é) fínnithe do ghairm chun bheith i láthair ag an bhfiosrúchán san agus fínnithe do cheistiú fé mhionn agus chuige sin fínnithe a bheidh i láthair ag an bhfiosrúchán san do chur fé mhionn agus a chur fhiachaint ar na fínnithe sin aon scríbhinní do thaisbeáint a bheidh fé n-a gcomhacht no fé n-a gcúram agus is dó leis an mBord no leis an duine sin (pe'ca aca é) is gá, chun crícheanna an fhiosrúcháin sin, do thaisbeáint.

[EN]

(2) Pé uair a déanfar fiosrúchán fén alt so i dtaobh riara agus staid airgeadais ghnó ghnóthaire údaruithe, beidh an gnóthaire údaruithe sin i dteideal éisteacht d'fháil agus fianaise do thabhairt i láthair agus, más mian leis é, dligheadóir do bheith aige ag an bhfiosrúchán san.

[EN]

(3) Gach duine go dteipfidh air bheith i láthair ag aon fhiosrúchán den tsórt san roimhráite tar éis don Bhord no d'éinne den tsórt san roimhráite é do ghairm go cuibhe chun bheith i láthair mar fhínné ag an bhfiosrúchán san no, ar bheith i láthair mar fhínné ag an bhfiosrúchán san do, a dhiúltóidh do mhionn do thabhairt no d'fhianaise do thabhairt uaidh no d'aon scríbhinn a bheidh fé n-a chomhacht no fé n-a chúram do thaisbeáint nuair a héileofar san air, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

[EN]

Tabharfidh úsáidirí, etc., apparatuis leictreachais eolas áirithe don Bhord.

25.—Féadfidh an Bord a éileamh ar éinne a stiúrann no a úsáideann apparatus leictreachais agus déanfidh gach éinne den tsórt san, nuair a héileofar san air, pé eolas, ná baineann ach le cineál, stiúra, agus úsáid an apparatuis leictreachais sin (gan cineál ná crích aon oibre trialach dá n-úsáidtear an t-apparatus san d'áireamh) agus is dó leis an mBord is gá, do thabhairt don Bhord agus gach éinne ar a dteipfidh no a eiteoidh an t-eolas san do thabhairt don Bhord nuair a héileofar san air beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

[EN]

Comhairleoirí teicniciúla, etc., d'fhostú.

26.—(1) Féadfidh an Bord o am go ham pé comhairleoirí teicniciúla no comhairleoirí eile is oiriúnach leis d'fhostú chun comhairle do thabhairt do i dtaobh éinní no aon ruda a bhaineann leis an mBord d'fheidhmiú no do chólíona na gcomhacht, na ndualgas agus na bhfeidhm a bronntar no a cuirtar air leis an Acht so no fé.

[EN]

(2) Íocfar amach as na cistí a bheidh ar a chur ag an mBord fén Acht so, le gach éinne a fhostóidh an Bord fén alt so, pé táillí agus pé liúntaisí a shocróidh an Bord.

[EN]

Feidhmeanna generálta chun comhairle ag an mBord.

27.—Beidh sé de dhualgas ar an mBord comhairle do thabhairt don Ard-Chomhairle go generálta i dtaobh gach ní a bhaineann le comhacht uisce agus maoin nádúrtha eile i Saorstát Éireann d'úsáid chun leictreachas do gheiniúint, agus gach fiosrúchán do dhéanamh agus gach dátán do bhailiú i dtaobh na comhachta uisce sin agus na maoine nádúrtha san a bheidh riachtanach chun iad d'úsáid chun leictreachas do gheiniúint, agus comhairle do thabhairt don Aire i dtaobh ionad agus méid na córach iompair a bheidh le déanamh do réir forálacha Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) agus i dtaobh pé nithe eile den tsórt san, a eireoidh as an Aire d'fheidhmiú agus do chólíona na gcomhacht, na bhfeidhm agus na ndualgas a bronntar agus a cuirtar air leis an Acht san, is oiriúnach leis an Aire a chur chun an Bhúird chun comhairle d'fháil uatha.

[EN]

Féadfidh an Bord fiosrúcháin agus suirbhéireachtaí do dhéanamh.

28.—(1) Féadfidh an Bord pé fiosrúcháin, fromhthanna, agus trialacha do dhéanamh is oiriúnach leis an mBord chun feabhas do chur ar na modhanna chun leictreachas d'iompar, do roinnt, agus do sholáthar no chun abhar teine, comhacht uisce, no meáin eile gheiniúna leictreachais do chur in úsáid agus féadfa sé saotharlann tástála do bhunú agus do chimeád ar siúl chun instruimidí leictreachais do thástáil agus do standardáil.

[EN]

(2) Féadfidh an Bord pé nithe do dhéanamh is dó leis an mBord do raghadh chun úsáid chomhachta uisce do chur ar aghaidh i Saorstát Éireann agus féadfa sé obair shuirbhéireachta náisiúnta um chomhacht agus uisce-thomhas do leaga amach agus do chur i ngníomh agus pé mapaí, pleananna, gearrtha, agus meastacháin is gá chun aon chríche de sna crícheanna roimhráite do dhéanamh no socrú chun a ndéanta.

[EN]

(3) Féadfidh an Bord dul isteach ar aon tailte no in aon áitreabh chun go ndéanfaidís ansan no ar aon tailte no in aon áitreabh eile gach ní no éinní dá n-údaruítear don Bhord leis an alt so do dhéanamh no chun aon fhiafraí, fiosrúchán, no scrúdú a théigheann roimh dhéanamh éinní den tsórt san no a ghabhann le n-a dhéanamh do dhéanamh ansan no ar aon tailte no in aon áitreabh eile.

[EN]

Taisbeántaisí d'apparatus, etc., leictreachais.

29.—Chun úsáid leictreachais i gcúrsaí tighis, ceárdais talmhaíochta agus i gcúrsaí eile do chur ar aghaidh agus i méid, féadfidh an Bord seomraí taisbeántais d'oscailt no socrú chun a n-oscailte chun apparatus agus fearaistí leictreachais do thaisbeáint agus féadfa sé léirithe, taisbeántaisí, agus teagasc a bhaineann le húsáid leictreachais sna cúrsaí roimhráite do leaga amach agus do stiúra no socrú chun a leagtha amach agus a stiúrtha ar fuaid Shaorstáit Éireann.

[EN]

Congnamh o Ranna Stáit.

30.—Féadfidh an Bord connra do dhéanamh le haon Aire is ceann ar Roinn Stáit do bunuíodh leis an Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924) no le haon chólucht reachtúil fé chúram aon Aire den tsórt san agus féadfidh an tAire sin no an cólucht reachtúil sin, le toiliú an Aire Airgid, connra do dhéanamh leis an mBord, chun seirbhísí do dhéanamh agus abhair do sholáthar don Bhord maidir leis an mBord d'fheidhmiú na gceart a bronntar air agus do chólíona na ndualgas a cuirtear air leis an Acht so, agus ar bheith déanta d'aon chonnra den tsórt san déanfidh an tAire sin no an cólucht reachtúil sin agus a chuidsean no a gcuid-sean oifigeach agus seirbhíseach seirbhísí agus soláthróid abhair don Bhord do réir an chonnartha san.

[EN]

Féadfidh an Bord fiafraithe do dhéanamh.

31.—(1) Féadfidh an Bord pé fiafraithe do dhéanamh is dó leis an mBord is gá chun crícheanna an Achta so no a chur fé ndeár a leithéidí do dhéanamh, agus beidh ag an mBord agus, má thugann an Bord údarás do chuige sin, beidh ag an té a cheapfidh an Bord chun aon fhiafraí den tsórt san do dhéanamh, comhacht chun fianaise fé mhionn do ghlaca agus, chuige sin, daoine do chur fé mhionn, agus fos féadfidh an Bord no an duine sin, le hordú, a éileamh ar éinne, fé réir na gcostaisí réasúnta a bhainfidh le n-a bheith i láthair d'íoc leis no do thairisgint do, bheith i láthair mar fhínné agus fianaise do thabhairt uaidh no scríbhinní do thaisbeáint ag an bhfiafraí sin, agus más rud é, gan leathscéal réasúnta, go dteipfidh ar éinne aon cheann d'fhorálacha an orduithe sin do chólíona, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

[EN]

(2) Féadfar fógra i dtaobh aon fhiafraí a bheidh le déanamh chun crícheanna an Achta so do thabhairt agus d'fhoillsiú do réir pé orduithe generálta no speisialta a thabharfidh an Bord uaidh.

[EN]

Tuarasgabháil bhliantúil, staitistíocht agus cuntaisí.

32.—(1) Tabharfidh an Bord don Aire gach bliain, ar pé dáta agus i pé fuirm a ordóidh an tAire, tuarasgabháil ar imeachta an Bhúird fén Acht so i rith na bliana roimhe sin.

[EN]

(2) Tabharfidh an Bord don Aire, ar pé uaire agus i pé fuirm agus slí a ordóidh an tAire, pé staitistíocht agus cuntaisí a éileoidh an tAire.

[EN]

(3) Leagfidh an tAire fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é cóip de gach tuarasgabháil a thabharfidh an Bord do fén alt so, maraon le cóip den chuntas chaipitail, den chuntas ioncuim, den chuntas sochair agus dochair, agus den chuntas chothromaíochta is déanaí ón mBord agus cóip de thuarasgabháil an iniúchóra ar na cuntaisí sin agus, i dteanta gach tuarasgabhála den tsórt san ón mBord, leagfa sé fé bhráid gach Tighe den Oireachtas cóipeanna de pé staitistíocht agus cuntaisí a thabharfidh an Bord do fén Acht so a bheidh riachtanach chun an tuarasgabháil sin do thuisgint sa cheart.

[EN]

Rialacháin ghenerálta.

33.—Féadfidh an Bord le hordú pé rialacháin ghenerálta do dhéanamh is gá chun an tAcht so do chur in éifeacht agus féadfa sé go sonnrach, fé réir forálacha an Achta so, pé rialacháin is dó leis is ceart do dhéanamh i dtaobh gach ceann no aon cheann de sna nithe no de sna rudaí seo a leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an Bord do dhéanamh orduithe speisialta agus iarrataisí chun an Bhúird ar orduithe den tsórt san,

[EN]

(b) an Bord do dhéanamh orduithe (nách orduithe speisialta),

[EN]

(c) an Bord do dheona ceadanna chun leictreachas do gheiniúint, do roinnt agus go sholáthar no chun é do roinnt agus do sholáthar,

[EN]

(d) na táillí a híocfar as an mBord do dhéanamh orduithe speisialta ag tabhairt údaráis agus as an mBord do dheona ceadanna ag tabhairt comhachta chun leictreachas do gheiniúint, do roinnt agus do sholáthar no chun é do roinnt agus do sholáthar,

[EN]

(e) an nós-imeachta a bhainfidh leis an mBord do thógaint gnóthaí údaruithe,

[EN]

(f) airgead do roimh-íoc le gnóthairí agus aisíoc an airgid sin,

[EN]

(g) an nós-imeachta a bhainfidh leis an mBord do ghlaca stiúra gnóthaí údaruithe agus dá leigint uaidh agus leis na gnóthaí sin do threora agus do bhainistí le linn iad do bheith fé stiúra an Bhúird,

[EN]

(h) an nós-imeachta a bheidh le leanúint ag gnóthairí údaruithe in iarraidh agus i mbreithniú tairisgintí um oibreacha agus um sholáthairtí agus i nglaca leo,

[EN]

(i) aer-shreanga glactha teachtaireachtaí no scéal eile tré radio-thelegrafaíocht do chur suas agus do choinneáil ar siúl d'fhonn a thoirmeasc leis na rialacháin sin aershreanga den tsórt san do chur suas agus do choinneáil ar siúl in aon áit no suidheamh gur dó leis an mBord go mbeadh a gcur suas no a gcoinneáil ar siúl ann ina dhainnseur d'úsáidirí na n-aer-shreang san no don phuiblíocht toisc na haer-shreanga san do bheith comhgarach do líne chun leictreachas d'iompar no do roinnt, no gur dó leis an mBord go ndéanfadh san bac do chur ar roinneachán leictreachais do chur ar aghaidh (maraon le fíneála mar gheall ar bhrise na rialachán san agus le baint-amach na bhfíneáil sin tré imeachta ar an slí achmair),

[EN]

(j) cosaint agus sábháltacht oibreacha na Sionainne agus gach córach no aon chórach iompair no roinneacháin (maraon le fíneála d'fhorchur mar gheall ar bhrise na rialachán san agus le baint-amach na bhfíneáil sin tré imeachta ar an slí achmair),

[EN]

(k) sábháltacht na puiblíochta do chosaint (maraon le fíneála d'fhorchur mar gheall ar bhrise na rialachán san agus le baint-amach na bhfíneáil sin tré imeachta ar an slí achmair), agus

[EN]

(l) nós-imeachta an Bhúird go generálta.

[EN]

Rialacháin d'ionchorparú le horduithe speisialta.

34.—(1) Féadfidh an Bord, le hordú, rialacháin (ar a n-áirítear rialacháin ag forchur pionóisí) do dhéanamh in ionad no i dteanta na bhforálacha atá go dtí so san Electric Lighting Clauses Act, 1899, mar a leasuítear é leis an Electric Lighting Act, 1909, no le haon Acht eile agus tuigfar gach rialachán a déanfar amhlaidh do bheith ionchorparuithe i ngach Acht no Ordú Speisialta do ritheadh no do dineadh roimh rith an Achta so in ionad aon fhorálacha, i dtaobh na nithe céanna, atá san Acht no san Ordú Speisialta san no atá ionchorparuithe ann pe'ca forálacha an Electric Lighting Clauses Act, 1899, mar a leasuítear é mar adubhradh, na forálacha san no nách iad.

[EN]

(2) Na rialacháin uile a dhéanfidh an Bord fén alt so ionchorparófar iad le gach ordú speisialta a dhéanfidh an Bord ag ceapa an Bhúird no éinne eile chun bheith ina ghnóthaire údaruithe agus beid ina gcuid den ordú san, ach amháin sa mhéid go ndéanfar leis an ordú speisialta san na rialacháin sin d'eisceacht no d'atharú go soiléir agus, fé réir atharuithe no eisceachtaí den tsórt san (más ann dóibh), bainfid leis an ngnó a húdarófar leis an ordú speisialta san sa mhéid gurb ionchurtha i mbaint leis iad.

[EN]

(3) I gcás forálacha an Electric Lighting Clauses Act, 1899, mar a leasuítear é mar adubhradh, do bheith ionchorparuithe, roimh rith an Achta so, le haon Ordú Soillsiúcháin Leictriciúla do dineadh fé aon Acht, fanfidh forálacha uile agus fé seach an Electric Lighting Clauses Act, 1899, mar a leasuítear é amhlaidh, i bhfeidhm, sa mhéid ná fuilid buiniscionn le forálacha an Achta so, go dtí pé uair a cuirfear in ionad na bhforálacha san fé seach rialacháin a dhéanfidh an Bord fén alt so.

[EN]

(4) Pé uair a bheidh in aon rialachán a bheidh an Bord ar aigne a dhéanamh fén alt so aon fhoráil ag cur aon tsriain le haon údarás áitiúil no ag éileamh no ag údarú aon chur isteach ar fheidhmeanna no ar dhualgaisí aon údaráis áitiúla, ní déanfar an rialachán san go dtí tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí agus pé fógraí (más ann dóibh) do sheirbheáil agus pé fiafraithe (más ann dóibh) do dhéanamh a éileoidh an tAire sin a sheirbheáil no a dhéanamh.

[EN]

(5) Pé uair a bheidh in aon rialachán a bheidh an Bord ar aigne a dhéanamh fén alt so aon fhoráil i dtaobh aon gheas-ghnótha, bóthair iarainn, canála, slí loingseoireachta intíre, duga, no cuain, ní déanfar an rialachán san go dtí tar éis dul i gcomhairle leis an Aire agus pé fógraí (más ann dóibh) do sheirbheáil agus pé fiafraithe (más ann dóibh) do dhéanamh a éileoidh an tAire a sheirbheáil agus a dhéanamh.

[EN]

(6) Pé uair a bheidh in aon rialachán a bheidh an Bord ar aigne a dhéanamh fén alt so aon fhoráil a bhaineann le haon tailte, áitreabh, oibreacha, no abhair no maoin eile leis an Aire Puist agus Telegrafa no a dhineann deifir don chéanna, ní déanfar an rialachán san go dtí tar éis dul i gcomhairle leis an Aire sin.

[EN]

(7) Na rialacha agus na rialacháin uile do dineadh fé aon Acht a hathghairmtear leis an Acht so fanfid i bhfeidhm, sa mhéid go bhfuilid i bhfeidhm ar dháta rithte an Achta so, mara gcuirtar agus go dtí go gcuirfar in ionad na rialacha no na rialachán san rialacháin (i dtaobh an ní is abhar do sna rialacha no do sna rialacháin roimhráite) a dhéanfidh an Bord fén alt so.

[EN]

(8) Gach rialachán a dhéanfidh an Bord fén alt so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann ceachtar den dá Thigh sin laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do dineadh roimhe sin fén rialachán san.

[EN]

CUID II.

Feidhmeanna agus Comhachta Airithe Bhuird Sholathair an Leictreachais.

[EN]

Toirmeasc ar leictreachas do dhíol gan údarás.

35.—(1) I gceann sé mí o am rithte an Achta so no i gceann pé tréimhse breise a shocróidh an Bord d'aon líomatáiste áirithe, agus as san amach, ní dhéanfidh éinne (ach an Bord) leictreachas do dhíol ná leictreachas do sholáthar chun a dhíolta maran gnóthaire údaruithe é no duine dá mbeidh sé údaruithe le cead do deonadh fén Acht so leictreachas do sholáthar.

[EN]

(2) Ní dhéanfidh aon ghnóthaire údaruithe lasmuich dá líomatáiste sholáthair leictreachas do dhíol na leictreachas do sholáthar chun a dhíolta ach amháin sa mhéid go n-údaruítear do san do dhéanamh leis an Acht no fé no leis an ordú speisialta no eile no fé gur gnóthaire údaruithe dá bhua é, no leis an Acht so no fé, agus ní dhéanfidh aon ghnóthaire údaruithe leictreachas do dhíol ná leictreachas do sholáthar chun a dhíolta ach amháin do réir an Achta san no an orduithe speisialta no eile sin mar adubhradh agus do réir an Achta so.

[EN]

(3) Einne go mbeidh ar seilbh aige de thurus na huaire cead do deonadh fén Acht so chun leictreachas do sholáthar ní dhéanfa sé leictreachas do dhíol ná leictreachas do sholáthar chun a dhíolta ach amháin do réir an cheada san.

[EN]

(4) Seirbheálfidh an Bord ar gach éinne a dhineann, go bhfios don Bhord, leictreachas do dhíol no leictreachas do sholáthar chun a dhíolta contrárdha don alt so fógra i scríbhinn á éileamh ar an duine sin scur, laistigh de cheithre lá déag o dháta seirbheála an fhógra san, de leictreachas do dhíol no de leictreachas do sholáthar chun a dhíolta mar adubhradh.

[EN]

(5) Gach éinne a dhíolfidh leictreachas no a sholáthróidh leictreachas chun a dhíolta contrárdha don alt so tar éis ceithre lá déag o seirbheáladh fógra air fén bhfo-alt san roimhe seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar príosúntacht i dteanta no d'éamais daoroibre ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, fíneáil ná raghaidh thar céad punt agus, ina theanta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise do dheich bpúint in aghaidh gach lá a leanfidh an cionta, no an phríosúntacht san agus an fhíneáil sin le chéile.

[EN]

An Bord do cheapa gnóthairí údaruithe.

36.—(1) Féadfidh an Bord, le hordú speisialta, a údarú d'éinne (d'ainneoin aon achtacháin a thoirmeascann an duine sin ar leictreachas do gheiniúint chun é do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht no ar leictreachas do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht) leictreachas do gheiniúint, do roinnt, agus do sholáthar no é do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht chun gach críche laistigh de líomatáiste áirithe a bheidh luaidhte agus ar dháta an orduithe nách cuid de líomatáiste sholáthair ghnóthaire údaruithe agus nách cuid de an líomatáiste soláthair sin go léir ná aon pháirt de.

[EN]

(2) An té dá n-údarófar, le hordú speisialta a déanfar fén alt so, leictreachas do gheiniúint, do roinnt agus do sholáthar no é do roinnt agus do sholáthar, íocfa sé leis an mBord, as an ordú san do dhéanamh, pé táille a socrófar chuige sin leis na rialacháin a dhéanfidh an Bord fén Acht so agus beidh íoc na táille sin mar choiníoll a cólíonfar sara ndéanfar an t-ordú san.

[EN]

(3) Gach ordú speisialta a déanfar fén alt so oibreoidh sé chun an té dá n-údarófar leis leictreachas do sholáthar do cheapa chun bheith ina ghnóthaire údaruithe don líomatáiste áirithe a bheidh luaidhte san ordú agus chun an t-aon-cheart do bhronna ar an duine sin leictreachas do sholáthar sa líomatáiste sin.

[EN]

Ceadanna chun leictreachas do sholáthar don phuiblíocht.

37.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfidh an Bord cead do dheona d'éinne (d'ainneoin aon achtacháin a thoirmeascann an duine sin ar leictreachas do gheiniúint chun é do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht no ar leictreachas do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht) chun leictreachas do gheiniúint, do roinnt, agus do sholáthar no chun é do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht i gcoitinne no d'aicmí no do dhaoine áirithe den phuiblíocht chun gach críche no chun críche no crícheanna áirithe i líomatáiste áirithe fé réir pé cinn d'fhorálacha an Achta so agus pé coiníollacha eile a bheidh luaidhte sa chead.

[EN]

(2) An té dá ndeonfar cead a deonfar fén alt so, íocfa sé leis an mBord, as an gcead san do dheona, pé táille a socrófar chuige sin leis na rialacháin a dhéanfidh an Bord fén Acht so agus beidh íoc na táille sin mar choiníoll a cólíonfar sara ndeonfar an cead san.

[EN]

(3) Ní dheonfidh an Bord cead fén alt so d'éinne chun leictreachas do sholáthar d'éinne i líomatáiste soláthair dá mbeidh gnóthaire údaruithe ábalta agus toilteannach ar leictreachtas do sholáthar.

[EN]

(4) Go dtí go socróidh an tOireachtas a mhalairt ní dhéanfidh an Bord, maidir le héinne do bhí ar an 31adh lá de Mhárta, 1927, ag soláthar leictreachais don phuiblíocht in aon líomatáiste ar aon tslí seachas mar ghnóthaire údaruithe, diúltú do chead do dheona fén alt so don duine sin chun leanúint de leictreachas do sholáthar don phuiblíocht sa líomatáiste sin más rud é ná beidh aon tsoláthar eile leictreachais ar fáil don líomatáiste sin agus gur deimhin leis an mBord an duine sin roimhráite do bheith toilteannach ar pé cinn d'fhorálacha an Achta so agus pé coiníollacha eile do chólíona a bhainfidh, no a cuirfar i mbaint fén Acht so, le gnóthairí údaruithe agus a bheartóidh an Bord a luadh sa chead, agus ní dhéanfidh an Bord cead a deonfar fén alt so d'éinne den tsórt san roimhráite do cheiliúra faid ná beidh aon tsoláthar eile leictreachais ar fáil don líomatáiste le n-a mbaineann an cead san agus a leanfidh an té dá ndeonfar an cead de sna cinn sin d'fhorálacha an Achta so agus de sna coiníollacha bheidh luaidhte amhlaidh sa chead do chólíona chun sástacht an Bhúird.

[EN]

(5) Aon chead a deonfar fén alt so oibreoidh sé chun comhacht do thabhairt don té dá ndeonfar é leictreachas do gheiniúint, do roinnt, agus do sholáthar no é do roinnt agus do sholáthar (pe'ca aca é) do réir téarmaí an cheada san agus féadfa sé fós, má deirtar san ann, oibriú chun an t-aon-cheart do bhronna ar an duine sin leictreachas do sholáthar chun gach críche no chun críche no crícheanna áirithe sa líomatáiste a bheidh luaidhte sa chead.

[EN]

(6) Féadfidh cead a deonfar fén alt so a rá agus, má deir sé é, déanfa sé, gach ceann no aon cheann de sna comhachta, de sna feidhmeanna, de sna hoblagáidí agus de sna dualgaisí a bronntar no ar cuirtar ar ghnóthaire údaruithe leis an Acht so agus le rialacháin a bheidh déanta fé do bhronna agus do chur ar an té dá ndeonfar é agus comhachta do bhronna ar an mBord, maidir leis an duine sin agus le n-a ghnó, den tsórt chéanna a bronntar ar an mBord leis an Acht so no leis na rialacháin a bheidh déanta maidir le gnóthaire údaruithe no le n-a ghnó, agus chun go mbainfidh an tAcht so agus na rialacháin sin le cead adéarfidh amhlaidh agus leis an té dá ndeonfar an cead san folóidh an focal “gnóthaire údaruithe” san Acht so agus sna rialacháin sin an duine sin agus folóidh tagairtí do ghnó ghnóthaire údaruithe gnó gnóthaire cheaduithe.

[EN]

(7) Féadfidh an Bord cead a deonfar fén alt so d'atharú no do cheiliúra fé mar agus nuair is oiriúnach leis é.

[EN]

(8) Fé réir na n-atharuithe (más ann dóibh) a dhéanfidh an Bord ar chead a deonfar fén alt so, leanfidh an cead i bhfeidhm ar feadh na tréimhse a bheidh luaidhte chuige sin ann no, mara mbeidh aon tréimhse den tsórt san luaidhte amhlaidh, go dtí go gceiliúrfidh an Bord an cead.

[EN]

Féadfidh an Bord gnóthaí údaruithe do thógaint.

38.—(1) D'ainneoin éinní atá in aon Acht no ordú, féadfidh aon ghnóthaire údaruithe aon uair a iarraidh ar an mBord a ghnó do thógaint agus leis sin féadfidh an Bord, le hordú, más oiriúnach leis é, an gnó san do thógaint.

[EN]

(2) Féadfidh an Bord aon uair, le hordú, gnó aon ghnóthaire údaruithe do thógaint agus féadfa sé fós aon uair, tré chó-aontú le héinne a bheidh ag geiniúint, ag roinnt agus ag soláthar leictreachais no á roinnt agus á sholáthar do réir cheada do deonadh don duine sin fén Acht so, gnó an duine sin (no aon chuid den ghnó san) do thógaint.

[EN]

An nós-imeachta a leanfidh an Bord le linn gnó údaruithe do bheith aige á thógaint.

39.—(1) Pé uair a bheidh an Bord ar aigne gnó gnóthaire údaruithe (dá ngairmtear an seana-ghnóthaire anso ina dhiaidh seo san alt so) do thógaint fén Acht so cuirfidh an Bord chun an ghnóthaire sin no seachadfa sé dho fógra i scríbhinn (dá ngairmtear an fógra tógainte anso ina dhiaidh seo san alt so) á rá go bhfuil sé ar an aigne sin agus ag luadh an dáta ar a bhfuil an Bord ar aigne an gnó do thógaint (dá ngairmtear dáta na tógainte anso ina dhiaidh seo san alt so).

[EN]

(2) Déanfidh an Bord ar dháta na tógainte, le hordú speisialta (dá ngairmtear an t-ordú dílsiúcháin anso ina dhiaidh seo san alt so), é féin no duine éigin eile do cheapa chun bheith ina ghnóthaire údaruithe (dá ngairmtear an gnóthaire nua anso ina dhiaidh seo san alt so) do líomatáiste sholáthair an tseanaghnóthaire agus maoin, sócmhainní, agus fiachaisí uile an tseanaghnóthaire mar a foráltar anso ina dhiaidh seo, maidir leis an ngnó, d'aistriú chun an ghnóthaire nua agus do dhílsiú ann.

[EN]

(3) Sa mhéid go dtabharfidh an t-ordú dílsiúcháin le tuisgint an gnóthaire nua do bheith á cheapa thríd chun bheith ina ghnóthaire údaruithe, oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige díreach ar nós ordú speisialta do dhéanfadh an Bord fén alt oiriúnach den Acht so á fhaisnéis gurb é an Bord an gnóthaire údaruithe do líomatáiste sholáthair no ag ceapa duine chun bheith ina ghnóthaire údaruithe do líomatáiste sholáthair (pe'ca ní aca san is gá sa chás).

[EN]

(4) Sa mhéid go dtabharfidh an t-ordú dílsiúcháin le tuisgint go ndineann sé maoin, sócmhainní, agus fiachaisí an tseana-ghnóthaire d'aistriú chun an ghnóthaire nua agus do dhílsiú ann, déarfa sé agus déanfa sé:—

[EN]

(a) maoin agus sócmhainní uile an tseana-ghnóthaire is leis agus a bheidh in úsáid aige (ar a n-áirítear maoin amuich ar iasacht no ar cíos ag úsáidirí) ar dháta an orduithe dhílsiúcháin chun crícheanna an ghnótha d'aistriú chun an ghnóthaire nua agus do dhílsiú ann saor o gach muirear agus eire, agus

[EN]

(b) gach leabhar-fhiach agus airgead eile a bheidh dlite don tseana-ghnóthaire ar cuntas an ghnótha ar dháta an orduithe dhílsiúcháin d'aistriú chun an ghnóthaire nua agus do dhílsiú ann maraon leis an gceart chun dul chun dlí mar gheall ar na fiacha agus ar an airgead san agus chun iad do bhaint amach agus chun admhála dleathacha do thabhairt ortha, agus

[EN]

(c) fiachas na bhfiacha agus na bhfiachaisí uile a bheidh dlite ar an seana-ghnóthaire ar cuntas an ghnótha ar dháta an orduithe dhílsiúcháin agus oblagáid slánuithe an tseana-ghnóthaire ortha do chur ar an ngnóthaire nua agus do dhílsiú ann sa mhéid gur fiacha agus fiachaisí iad nách—

[EN]

(i) fiachaisí caipitail, morgáistí, iasachtaí, agus sárú cuntais bainc, ná

[EN]

(ii) aon fhiachas, os cionn mile punt, fé n-ar chuathas gan toiliú an Aire tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus roimh bhunú an Bhúird no fé n-ar chuathas gan toiliú an Bhúird tar éis bunú an Bhúird.

[EN]

(5) Díreach ar sheirbheáil an fhógra thógainte ar an seanaghnóthaire scuirfidh an seana-ghnóthaire de bheith ina ghnóthaire údaruithe ach (d'ainneoin éinní atá san Acht so no in aon Acht eile no in aon ordú) leanfa sé dá ghnó do chimeád ar siúl go dtí dáta an orduithe dhílsiúcháin, agus go dtí an dáta san beidh aige agus cólíonfa sé gach ceart, comhacht, dualgas, agus oblagáid do bhí, díreach roimh sheirbheáil an fhógra thógainte, bronnta no curtha air leis an Acht so no le haon Acht eile no le haon ordú agus is gá chun a ghnó do chimeád ar siúl amhlaidh.

[EN]

(6) I gcás gur údarás áitiúil an seana-ghnóthaire tiocfidh an gnóthaire nua chun bheith agus beidh sé ar dháta agus o dháta an orduithe dhílsiúcháin, de bhua an fho-ailt seo, fé fhiachas na rudaí seo síos agus fé cheangal an seana-ghnóthaire do shlánú agus do chimeád slánuithe ortha, eadhon, gach iasacht chaipitail (agus sárú reatha ar chuntas bhainc d'áireamh) a bheidh gan aisíoc ar dháta an orduithe dhílsiúcháin agus do fuair an seanaghnóthaire ar iasacht i gcóir an ghnótha agus gach morgáiste agus muirear ar an ngnó no ar shócmhainní an ghnótha a bheidh gan aisíoc ar dháta an orduithe dhílsiúcháin (ach amháin iasachtaí do fuarthas agus morgáistí agus muirir do bunuíodh gan toiliú an Aire tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus roimh bhunú an Bhúird no gan toiliú an Bhúird tar éis bunú an Bhúird) agus fós an t-ús ar na hiasachtaí, ar na morgáistí, agus ar na muirir sin o dháta an orduithe dhílsiúcháin.

[EN]

(7) I gcás gur údarás áitiúil an seana-ghnóthaire agus gur dhin sé roimh an 31adh lá de Mhárta, 1927, tríd na rátaí, aon tsuim do chruinniú mar chongnamh don ghnó, tiocfidh an gnóthaire nua chun bheith agus beidh sé ar dháta agus o dháta an orduithe dhílsiúcháin, de bhua an fho-ailt seo, fé fhiachas an tsuim sin (lú-de shuim is có-ionann leis an gcuid (más ann di) den tsuim sin do híocadh isteach i gcuntas ioncuim ghenerálta an údaráis áitiúla san roimh dháta an orduithe dhílsiúcháin mar fhaoiseamh ar rátaí) d'íoc leis an seana-ghnóthaire ina deich dtráth-choda bliantúla có-ionannacha agus beidh an chéad cheann acu iníoctha i gcionn bliana tar éis dáta an orduithe dhílsiúcháin agus íocfar gach ceann fé leith acu ar a fháil don tseanaghnóthaire isteach i gcuntas ioncuim ghenerálta an tseanaghnóthaire mar fhaoiseamh ar rátaí.

[EN]

(8) I gcás nách údarás áitiúil an seana-ghnóthaire íocfidh an gnóthaire nua leis an mBord laistigh de ráithe tar éis dáta an orduithe dhílsiúcháin no, má sé an Bord féin an gnóthaire nua, cuirfe sé isteach i gcuntas fé leith suim is có-ionann leis an méid is luach cothrom ar dháta an orduithe dhílsiúcháin don ghnó (maraon leis an méid de mhaoin, de shócmhainní, agus d'fhiachaisí uile an ghnótha a haistreofar chun an ghnóthaire nua no a cuirfar air leis an ordú dílsiúcháin) mar ghnó-ar-siúl agus le hús ar an luach cothrom san o dháta an orduithe dhílsiúcháin do réir ráta chúig per cent. per annum agus, mara gcó-aontuítear ar an luach cothrom san, socrófar é ag eadarscánaí ar a gcó-aontóidh an seana-ghnóthaire agus an gnóthaire nua no, mara gcó-aontuítear amhlaidh, a cheapfidh an Ard-Chúirt, agus chó luath agus is féidir é tar éis an tsuim sin do bheith íoctha no curtha isteach i gcuntas fé leith amhlaidh déanfidh an Bord, as an airgead a híocfar leis no a chuirfe sé isteach i gcuntas fé leith amhlaidh, gach morgáiste agus muirear a dhineann deifir don ghnó no d'aon chuid de mhaoin no de shócmhainní an ghnótha ar dháta an orduithe dhílsiúcháin do ghlana chó fada agus is leor chuige sin an t-airgead san agus déanfa sé a mbeidh fágtha (más ann do) den airgead san d'íoc leis an seana-ghnóthaire.

[EN]

Ag socrú luach cothrom gnótha dho chun crícheanna an fho-ailt seo ní áireoidh an t-eadarscánaí aon tsuim ná liúntas mar gheall ar aon fhás ar luach a thagann go díreach no go neadhíreach o oibriú oibreacha na Sionainne.

[EN]

(9) Gach éinne a bheidh, díreach roimh dháta an orduithe dhílsiúcháin, ar fostú ag an seana-ghnóthaire agus ar obair aige a bhaineann leis an ngnó agus do bhí ar obair aige amhlaidh roimh an 31adh lá de Mhárta, 1927, tiocfa sé chun bheith ina sheirbhíseach don ghnóthaire nua, ar dhéanamh an orduithe dhílsiúcháin (maran rogha leis an duine sin, le toiliú an tseanaghnóthaire, fanúint i seirbhís an ghnóthaire sin i bpost eile), ar na téarmaí céanna (agus cirt chun méadú páigh, pinsin agus aoisliúntais d'áireamh) ar a raibh sé ar obair ag an seana-ghnóthaire an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus pé méaduithe tuarastail agus tairbhí eile aige a bheidh, roimh dháta an orduithe dhílsiúcháin, tar éis fás chuige as na téarmaí sin tré imeacht aimsire maraon le pé méaduithe tuarastail agus tairbhí eile sa mbreis do bhronn an seana-ghnóthaire air le toiliú an Aire, tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus roimh bhunú an Bhúird, no le toiliú an Bhúird tar éis bunú an Bhúird.

[EN]

(10) Má eiríonn aon aighneas no ceist i dtaobh ce'ca bhí no ná raibh éinne áirithe, díreach roimh dháta an orduithe dhílsiúcháin, ar fostú ag an seana-ghnóthaire, agus ce'ca bhí nó ná raibh sé ar obair aige a bhain leis an ngnó, agus ce'ca bhí nó ná raibh sé ar obair aige amhlaidh roimh an 31adh lá de Mhárta, 1927, tabharfidh an tAire breith ar an aighneas no ar an gceist sin má sé an Bord féin an gnóthaire nua agus tabharfidh an Bord breith air marab é an Bord féin an gnóthaire nua.

[EN]

(11) Gach éinne a bheidh, díreach roimh dháta an orduithe dhílsiúcháin, ar fostú ag an seana-ghnóthaire agus ar obair aige a bhaineann leis an ngnó agus do céad-chuireadh ar an obair sin an 31adh lá de Mhárta, 1927, no dá éis sin, tiocfa sé chun bheith ina sheirbhíseach don ghnóthaire nua, ar dhéanamh an orduithe dhílsiúcháin, ar na téarmaí céanna (agus cirt chun pinsin agus aois-liúntais d'áireamh) ar a raibh sé ar obair ag an seanaghnóthaire díreach roimh dháta an orduithe dhílsiúcháin i gcás, agus sa chás san amháin, gur cheaduigh an tAire roimh bhunú an Bhúird no gur cheaduigh an Bord tar éis bunú an Bhúird é bheith ar fostú ag an seana-ghnóthaire ar obair a bhain leis an ngnó agus na téarmaí ar a raibh sé ar obair amhlaidh díreach roimh dháta an orduithe dhílsiúcháin.

[EN]

(12) Chun cirt phinsin agus aois-liúntais duine a haistreofar, tríd an alt so, o sheirbhís an tseana-ghnóthaire go dtí seirbhís an ghnóthaire nua d'áireamh in aghaidh an ghnóthaire nua, áireofar mar sheirbhís leanúnach leis an ngnóthaire nua na tréimhsí a thug an duine sin i seirbhís an tseana-ghnóthaire agus an ghnóthaire nua fé seach.

[EN]

(13) I gcás gur údarás áitiúil an seana-ghnóthaire, agus go n-eiríonn idir an gnóthaire nua agus aon duine a h-aistreofar tríd an alt so, o sheirbhís an tseana-ghnóthaire go dtí seirbhís an ghnóthaire nua, aon aighneas mar gheall ar aon cheart leis an duine sin, aighneas dob fhéidir ar agra an duine sin a chur fé bhráid an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí chun a bhreith do thabhairt air dá n-eiríodh sé idir an seana-ghnóthaire sin agus an duine sin roimh an aistriú san, cuirfar an t-aighneas san fé bhráid an Aire sin má éilíonn an duine sin é agus ní bheidh dul thar breith an Aire sin air.

[EN]

Gnó údaruithe á stiúra ag an mBord.

40.—(1) Féadfidh an Bord aon uair, le hordú, stiúra gnó gnóthaire údaruithe do ghlaca.

[EN]

(2) Bainfidh na forálacha so a leanas le gach ordú (dá ngairmtear ordú stiúracháin san Acht so) le n-a nglacfidh an Bord stiúra gnótha fén alt so no fé aon alt eile den Acht so, sé sin le rá:—

[EN]

(a) féadfidh an Bord an dáta (nách luatha ná dáta an orduithe stiúracháin ná nách déanaí ná ráithe tar éis an dáta san) ar a bhfuil agus o n-a bhfuil an Bord ag glaca stiúra an ghnótha tríd an ordú stiúracháin do luadh san ordú san, agus mara luaidhtear aon dáta den tsórt san amhlaidh tuigfar an Bord do bheith ag glaca an stiúrtha san ar dháta agus o dháta an orduithe,

[EN]

(b) féadfidh an Bord an tréimhse go bhfuil sé ag glaca stiúra an ghnótha ina haghaidh tríd an ordú stiúracháin do luadh san ordú san, ach ní bheidh an tréimhse sin níos giorra ná an tréimhse mhinimum (más ann di) a bhainfidh leis an gcás fén Acht so ná níos sia in aon chás ná cúig bliana,

[EN]

(c) mara luaidhtear aon tréimhse den tsórt san san ordú stiúracháin tuigfar an Bord do bheith ag glaca stiúra an ghnótha tríd an ordú san go ceann tréimhse chúig mblian no go dtí go leigfidh an Bord an stiúra san uaidh roimhe sin, agus sa chás san féadfidh an Bord, le hordú, an stiúra san do leigint uaidh aon uair ach ní roimh dheire tréimhse minimum den tsórt san roimhráite i gcás le n-a mbainfidh an tréimhse mhinimum san.

[EN]

(3) Pé uair a ghlacfidh an Bord stiúra gnó gnóthaire údaruithe fén Acht so bainfidh na forálacha so a leanas leis an gcás, sé sin le rá:—

[EN]

(a) faid a leanfidh an stiúra san déanfidh an Bord an gnó do choinneáil ar siúl, d'oibriú, agus do bhainistí agus chuige sin beidh seilbh, stiúra, úsáid, agus sealbhaireacht iomlán maoin agus sócmhainní uile an ghnóthaire údaruithe aige agus an ceart chun ainm an ghnóthaire údaruithe d'úsáid,

[EN]

(b) i dtosach an stiúrtha tiocfidh na daoine uile a bheidh ar fostú ag an ngnóthaire údaruithe agus a bheidh ar obair aige a bhaineann leis an ngnó chun bheith ina seirbhísigh don Bhord ar na téarmaí céanna ar a rabhdar ar obair ag an ngnóthaire údaruithe díreach roimh an tosach san agus beidh acu, in aghaidh an Bhúird, na cirt chéanna (má b'ann dóibh) chun pinsin agus aois-liúntais do bhí acu in aghaidh an ghnóthaire údaruithe díreach roimh an tosach san agus chun críche an phinsin agus an aois-liúntais sin áireofar mar sheirbhís leanúnach fén mBord an tréimhse a thug éinne den tsórt san i seirbhís an ghnóthaire údaruithe roimh an tosach san agus an tréimhse a thug sé i seirbhís fén mBord le linn an stiúrtha: ach ní déanfar éinne den tsórt san d'aistriú ón ngnó le linn an stiúrtha gan é do thoiliú chuige sin,

[EN]

(c) féadfidh an Bord, le linn an stiúrtha, pé daoine agus pé méid daoine is oiriúnach leis d'fhostú ar obair a bhaineann leis an ngnó (pe'ca bhíodar ar obair ag an ngnóthaire údaruithe roimhe sin no ná rabhdar),

[EN]

(d) beidh ag an mBord tairbhí uile a bhí ag an ngnóthaire údaruithe, agus cólíonfa sé na hoblagáidí uile do bhí air sin, fé aon chonnra a bhí ann díreach roimh thosach an stiúrtha ach ní bheidh san amhlaidh ach sa mhéid go mbeidh an connra san le cólíona le linn an stiúrtha, agus le linn an stiúrtha beidh an Bord i dteideal dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leis i dtaobh aon chonnartha den tsórt san in ainm an ghnóthaire údaruithe,

[EN]

(e) na proifití uile a tuillfar leis an ngnó le linn an stiúrtha déanfar, fé mar is rogha leis an mBord, iad d'íoc isteach i gcúl-chiste no i gciste athnuachaintí no i gciste eile den tsórt san a bhaineann leis an ngnó no chun tairbhe don ghnó no iad d'íoc leis an ngnóthaire údaruithe agus cuirfe seisean chun críche iad do réir dlí mar phroifití do thuill sé ón ngnó,

[EN]

(f) na cailliúintí uile a thárlóidh don ghnó le linn an stiúrtha íocfidh an Bord iad ach más oiriúnach leis an mBord é féadfar iad do dhéanamh suas don Bhord as cúl-chiste no as cistí eile (más ann dóibh) an ghnóthaire údaruithe chó fada le suim nách mó, in aghaidh aon bhliana, ná méid na meán-chailliúintí bliantúla (má b'ann dóibh) a thárla don ghnó i rith na tréimhse de chúig bliana d'imigh díreach roimh dháta tosach tréimhse an stiúrtha,

[EN]

(g) féadfidh an gnóthaire údaruithe, aon uair le linn an stiúrtha, a éileamh ar an mBord an gnó do thógaint agus ar a éileamh san ar an mBord déanfidh an Bord an gnó do thógaint láithreach,

[EN]

(h) ar bheith caithte do thréimhse an stiúrtha tré imeacht aimsire déanfidh an Bord, le hordú, ceann éigin, fé mar is oiriúnach leis an mBord, de sna nithe seo a leanas, sé sin le rá, an gnó do thógaint no stiúra an ghnótha do leigint uaidh.

[EN]

(4) Nuair a leigfidh an Bord stiúra gnótha uaidh beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) beidh deire leis na cirt do bhí ag an mBord fén ordú stiúracháin maidir leis an ngnó agus le maoin agus sócmhainní an ghnóthaire údaruithe agus le n-a ainm,

[EN]

(b) gach maoin agus sócmhainn a fuair an Bord le linn an stiúrtha as airgead a tháinig ón ngnó agus a bheidh ar seilbh ag an mBord i ndeire tréimhse an stiúrtha, tiocfid chun bheith mar mhaoin leis an ngnóthaire údaruithe,

[EN]

(c) na daoine uile a bheidh, i ndeire tréimhse an stiúrtha, ar fostú ag an mBord ar obair a bhaineann leis an ngnó, tiocfid chun bheith ina seirbhísigh don ghnóthaire údaruithe ar na téarmaí céanna ar a rabhdar ar obair ag an mBord díreach roimh dheire na tréimhse sin agus beidh acu, in aghaidh an ghnóthaire údaruithe, na cirt chéanna (má b'ann dóibh) chun pinsin agus aoisliúntais do bhí acu in aghaidh an Bhúird díreach roimh dheire na tréimhse sin, agus chun críche an phinsin agus an aois-liúntais sin áireofar mar sheirbhís leis an ngnóthaire údaruithe tréimhse sheirbhís éinne den tsórt san fén mBord,

[EN]

(d) féadfidh an gnóthaire údaruithe, ar dháta nách déanaí ná mí tar éis don Bhord stiúra gnó an ghnóthaire údaruithe sin do leigint uaidh, fógra i scríbhinn go bhfuil deire le n-a bheith ar fostú mar sheirbhíseach don ghnóthaire údaruithe sin do thabhairt d'éinne (nách duine do bhí ar obair ag an ngnóthaire údaruithe sin ar dháta tosach an stiúrtha) a bheidh, i ndeire tréimhse an stiúrtha, ar fostú ag an mBord ar obair a bhaineann leis an ngnó san agus a thiocfidh chun bheith ina sheirbhíseach don ghnóthaire údaruithe sin agus déarfidh agus déanfidh gach fógra den tsórt san deire do chur leis an duine sin do bheith ar fostú mar sheirbhíseach den tsórt san i gceann mí o dháta an fhógra san no, i gcás duine gur socruíodh le n-a chonnra seirbhíse leis an mBord go gcuirfí deire leis an seirbhís sin ar thabhairt fógra tréimhse ba ghiorra ná mí, i gceann na tréimhse sin is giorra.

[EN]

Gnó údaruithe do scarúint le cúram i gcó-cheangal leis.

41.—(1) Pé uair a bheidh gnó gnóthaire údaruithe ar siúl ag an ngnóthaire sin i gcó-cheangal le cúram eile leis no mar chuid de, féadfidh an Bord, chun an gnó san do thógaint no a stiúra do ghlaca chuige féin fén Acht so no chun aon chríche eile a eireoidh fén Acht so, a éileamh ar an ngnóthaire údaruithe sin cuntas scarúna do réir bhrí an ailt seo i dtaobh an ghnótha san do thabhairt don Bhord laistigh den aimsir (nách giorra ná mí) a cheapfidh an Bord chuige sin.

[EN]

(2) Pé uair a héileofar fén alt so ar ghnóthaire údaruithe cuntas scarúna i dtaobh a ghnótha do thabhairt don Bhord agus a dhéanfa sé diúltú no faillí i dtabhairt an chuntais sin laistigh den aimsir a cheapfidh an Bord chuige sin no pé uair a thabharfa sé don Bhord laistigh den aimsir sin cuntas scarúna is dó leis an mBord do bheith nea-shásúil féadfidh an Bord féin an cuntas scarúna san d'ullamhú.

[EN]

(3) Má eiríonn aon cheist no aighneas idir gnóthaire údaruithe agus an Bord i dtaobh aon chuntais scarúna d'ullamhuigh an Bord fén alt so socrófar an cheist no an t-aighneas san ag eadarscánaí a cheapfidh an tAire ar iarratas an ghnóthaire údaruithe sin no an Bhúird (pe'ca aca é) agus beidh comhacht ag an eadarscánaí sin an cuntas scarúna san do leasú agus tuigfar chun crícheanna an ailt seo gur cuntas scarúna d'ullamhuigh an Bord fén alt so an cuntas scarúna san agus é leasuithe amhlaidh.

[EN]

(4) Chun crícheanna an ailt seo isé is cuntas scarúna i dtaobh gnó gnóthaire údaruithe ná cuntas, i pé fuirm a ordóidh an Bord, á thaisbeáint—

[EN]

(a) cé méid no ce'ca cuid d'fhiachas chaipitail an gnóthaire údaruithe is ionann agus airgead do caitheadh ar an ngnó san, agus

[EN]

(b) cé méid no ce'ca d'fhiacha agus d'fhiachaisí an ghnóthaire údaruithe fé n-ar chuathas ar cuntas an ghnótha san, agus

[EN]

(c) maidir leis na leabhar-fhiacha agus leis na suimeanna eile airgid atá dlite don ghnóthaire údaruithe, cé méid no ce'ca dhíobh atá dlite amhlaidh i dtaobh no ar cuntas an ghnótha san, agus

[EN]

(d) cadé an chuid no ce'ca de sna tailte, de sna foirgintí, den ghléasra, den mheasínteacht, den áirnéis agus den mhaoin eile (nách airgead ná urrús ar airgead) de chuid an ghnóthaire údaruithe a húsáidtear chun crícheanna an ghnótha san, agus

[EN]

(e) cé méid no ce'ca de sna suimeanna airgid ar láimh agus de sna súncála agus de sna hurrúis eile ar airgead, de chuid an ghnóthaire údaruithe, is ionchurtha i leith an ghnótha san, agus

[EN]

(f) maidir leis na daoine atá ar obair ag an ngnóthaire údaruithe, ce'ca aca atá ar obair amhlaidh sa ghnó san no chun crícheanna an ghnótha san.

[EN]

(5) Pé uair a thabharfidh gnóthaire údaruithe uaidh no a ullamhóidh an Bord cuntas scarúna fén alt so i dtaobh gnótha, ansan, chun na críche a bhaineann leis an mBord do thógaint an ghnótha san no do ghlaca stiúra an ghnótha san fén Acht so no chun aon chríche eile a eireoidh fén Acht so tuigfar go bhfuil an gnó san có-dhéanta, agus féadfidh an Bord é d'áireamh mar ghnó atá có-dhéanta, de sna nithe seo amháin, eadhon, pé fiachas caipitail, fiacha agus fiachaisí, leabhar-fhiacha agus suimeanna eile airgid, maoin, suimeanna airgid ar láimh agus urrúis ar airgead, agus daoine, adeirtear sa chuntas scarúna san is ionann agus suimeanna airgid do caitheadh ar an ngnó san, no gur chuathas fútha no atá dlite ar a chuntas, no atá le húsáid mar gheall air, no is ionchurtha ina leith no atá ar obair chun a chrícheanna (do réir mar bheidh).

[EN]

Atharú ar líomatáistí soláthair.

42.—(1) Pé uair is dó leis an mBord gur ceart san a dhéanamh féadfidh an Bord, le hordú, líomatáiste soláthair aon ghnóthaire údaruithe d'atharú tríd an líomatáiste sin do leathnú no do laigheadú no tré é do leathnú agus do laigheadú.

[EN]

(2) Pé uair a dhéanfidh an Bord ordú fén alt so ag atharú líomatáiste soláthair gnóthaire údaruithe, ansan, chun gach críche, isé an líomatáiste sin agus é atharuithe amhlaidh is líomatáiste soláthair an ghnóthaire údaruithe sin agus beidh éifeacht dá réir sin ag an Acht, ag an ordú, ag an memorandum comhlachais, no ag an scríbhinn eile le n-ar ceapadh an gnóthaire údaruithe sin agus fós ag an Acht no ag an ordú gur gnóthaire údaruithe é dá bhua.

[EN]

(3) Pé uair a dhéanfidh an Bord ordú fén alt so ag atharú líomatáiste soláthair gnóthaire údaruithe, déanfidh an Bord, leis an ordú san, ar an Acht, ar an ordú, ar an memorandum comhlachais, no ar an scríbhinn eile le n-ar ceapadh an gnóthaire údaruithe sin agus ar an Acht no ar an ordú gur gnóthaire údaruithe é dá bhua, pé oiriúnuithe (más aon cheann é) a chífar don Bhord do bheith riachtanach chun éifeacht do bheith ag an scríbhinn, ag an Acht, no ag an ordú san, maidir leis an líomatáiste soláthair agus é atharuithe amhlaidh, chó hiomlán is do bhí aige sa líomatáiste sholáthair sin sarar hatharuíodh amhlaidh é.

[EN]

(4) Ní dhéanfidh an Bord le hordú fén alt so aon líomatáiste is cuid de líomatáiste sholáthair ghnóthaire údaruithe ar dháta an orduithe sin do chur le líomatáiste soláthair gnóthaire údaruithe eile.

[EN]

(5) Bainfidh an t-alt so le líomatáiste soláthair dar gnóthaire údaruithe an Bord chó hiomlán is bhaineann sé le haon líomatáiste soláthair eile.

[EN]

(6) Ní dhéanfidh an Bord líomatáiste soláthair gnóthaire údaruithe (nách é an Bord féin é) d'atharú fén alt so gan caoi do thabhairt roimh ré don ghnóthaire údaruithe sin ar éisteacht d'fháil maidir leis an atharú san.

[EN]

(7) Le hordú a dhéanfidh an Bord fén alt so féadfar a fhoráil go dtiocfidh an t-ordú san i ngníomh ar dháta is déanaí ná dáta an orduithe sin ach nách déanaí ná sé mhí tar éis an dáta san, agus nuair a forálfar san le haon ordú den tsórt san tiocfidh an t-ordú san i ngíomh dá réir sin.

[EN]

Forálacha de bharr leathnú líomatáiste sholáthair.

43.—Pé uair a dhéanfidh an Bord, tré atharú do dhéanamh fén Acht so ar líomatáiste sholáthair ghnóthaire údaruithe, an líomatáiste sin do leathnú (pe'ca laigheadóidh an Bord an líomatáiste sin ar shlite eile san am gcéanna no aon uair eile no ná laigheadóidh) beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá, má bhíonn méid an líomatáiste a cuirfar leis an líomatáiste solathair sin amhlaidh níos mó ná deichiú den méid do bhí sa líomatáiste sholáthair sin sarar hatharuíodh amhlaidh é, féadfidh an gnóthaire údaruithe sin, laistigh de mhí tar éis dáta an orduithe ón mBord le n-ar dineadh an t-atharú san, a éileamh ar an mBord gnó an ghnóthaire údaruithe sin do thógaint agus leis sin déanfidh an Bord, le hordú, pe'ca de sna nithe seo a leanas is dó leis is ceart, sé sin le rá, an gnó san do thógaint no stiúra an ghnótha san do ghlaca ar feadh tréimhse nách giorra ná dhá bhliain.

[EN]

Forálacha de bharr laigheadú líomatáiste sholáthair.

44.—Pé uair a dhéanfidh an Bord, tré atharú do dhéanamh fén Acht so ar líomatáiste sholáthair ghnóthaire údaruithe, an líomatáiste sin do laigheadú (pe'ca leathnóidh an Bord an líomatáiste sin ar shlite eile san am gcéanna no aon uair eile no ná leathnóidh) beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) gach sreang, atharuitheoir, pola, agus meaisín agus apparatus seasmhach eile, chun leictreachas d'iompar no do roinnt, a bheidh dá chuid féin ag an ngnóthaire údaruithe sin ar an dáta ar a dtiocfidh i ngníomh an t-ordú le n-a n-atharuítear an líomatáiste soláthair agus a bheidh suidhte ar an dáta san sa líomatáiste (dá ngairmtear an líomatáiste deighilte anso ina dhiaidh seo) do tógadh ón líomatáiste soláthair sin leis an ordú san agus gach méadar, stóbh, lampa, sreang, ceangal, agus apparatus leictreachais eile a bheidh, ar an dáta san, dá chuid féin ag an ngnóthaire údaruithe sin, agus curtha ar cíos chun úsáidirí sa líomatáiste dheighilte no greamuithe ar a n-áitreabhacha, dílseoid sa Bhord agus tiocfid chun bheith dá chuid féin aige ar an dáta san,

[EN]

(b) íocfidh an Bord leis an ngnóthaire údaruithe sin, laistigh de ráithe tar éis an dáta san, an méid is luach cothrom ar an dáta san do gach maoin leis an ngnóthaire údaruithe sin a thiocfidh chun bheith dá chuid féin ag an mBord fén mír sin roimhe seo agus mara gcó-aontuítear ar an luach san socrófar é ag eadarscánaí a cheapfidh an tAire,

[EN]

(c) má thagann an Bord féin chun bheith ina ghnóthaire údaruithe sa líomatáiste dheighilte, féadfidh an Bord gach maoin den tsórt san roimhráite do chur in úsáid ar pé slí is dó leis is ceart,

[EN]

(d) má thagann duine éigin seachas an Bord chun bheith ina ghnóthaire údaruithe sa líomatáiste dheighilte laistigh de ráithe tar éis an dáta san, ceannóidh an duine sin gach maoin den tsórt san roimhráite ón mBord ar an méid is luach cothrom di ar an dáta san agus mara gcó-aontuítear air socrófar an luach san ag eadarscánaí a cheapfidh an tAire, sa mhéid ná beidh sé socair cheana ag eadarscánaí fén Acht so,

[EN]

(e) beidh sé mar chrích chun a bhféadfidh an gnóthaire údaruithe sin iasacht d'fháil fén Acht so costaisí d'íoc fé n-a raghaidh an gnóthaire údaruithe sin, go riachtanach agus go ceart, chun a chur in áirithe go gcimeádfar suas an soláthar leictreachais sa chuid dá líomatáiste sholáthair a fhanfidh tar éis an líomatáiste deighilte do bheith deighilte ón líomatáiste sin.

[EN]

An Bord do thógaint tailimh, etc., go héigeanta.

45.—(1) Má mheasann agus pé uair a mheasfidh an Bord gur ceart aon talamh do thógaint go héigeanta no aon éasáid no ceart eile ar thalamh, no aon cheart stoptha no casta no tarraicthe uisce, do thógaint no d'úsáid go héigeanta chun feidhmithe aon chomhachta no chun cólíonta aon dualgais no feidhme dá mbronntar no dá gcuirtar air leis an Acht so, féadfidh an Bord, le hordú speisialta, a fhaisnéis go bhfuil sé chun an talamh san do thógaint amhlaidh no an ceart san do thógaint no d'úsáid amhlaidh, agus oibreoidh gach ordú speisialta den tsórt san chun lán-chomhacht do bronna ar an mBord an talamh a bheidh luaidhte ann do thógaint go héigeanta no an ceart a bheidh luaidhte ann do thógaint no d'úsáid go héigeanta fén alt so agus dá réir.

[EN]

(2) Ní dhéanfidh an Bord, gan dul i gcomhairle leis an Aire Iascaigh roimh ré, ordú speisialta fén alt so i dtaobh ceart do thógaint go héigeanta chun uisce do stopa no do chasa no do tharrac.

[EN]

(3) Ní dhéanfidh an Bord, gan dul i gcomhairle leis an Aire roimh ré, ordú speisialta fén alt so i dtaobh ceart do thógaint go héigeanta chun uisce do stopa no do chasa no do tharrac in aon chanáil no aisti.

[EN]

(4) Sara ndéanfidh an Bord ordú speisialta fén alt so, déanfa sé—

[EN]

(a) pleananna, áireamhachtaí, agus scríbhinní eile do lóisteáil agus do chimeád ar oscailt chun a n-iniúchta ina phríomh-oifig no in áit éigin eile a bheidh oiriúnach, pé cinn a thaisbeánfidh go hiomlán agus go soiléir an talamh no an ceart go bhfuiltar chun é do thógaint no d'úsáid de bhua an orduithe, agus

[EN]

(b) fógra do thabhairt, i pé slí is dó leis is fearr a chuirfidh é in úil do dhaoine 'nar dócha go ndéanfidh an t-ordú deifir dóibh, i dtaobh é bheith ag cuimhneamh ar an ordú san do dhéanamh agus i dtaobh na slí ina bhféadfar aithris chúise agus agóidí i dtaobh an orduithe do dhéanamh, agus

[EN]

(c) más oiriúnach leis san a dhéanamh, a chur fé ndeár fiosrúchán puiblí do chur ar siúl i dtaobh an orduithe do dhéanamh.

[EN]

(5) Féadfar na nithe seo a leanas d'ionchorparú in ordú speisialta a déanfar fén alt so—

[EN]

(a) an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus é atharuithe i dtreo go bhfolóidh an focal “public authority” an Bord, agus

[EN]

(b) na hAchtanna Clásanna Talmhan sa mhéid ná fuilid buiniscionn leis an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, adubhradh.

[EN]

(6) Ní údaróidh éinní san alt so don Bhord aon talamh ná uisce ná aon éasáid ná ceart eile ar thalamh do thógaint ná d'úsáid ná cur isteach ar aon tslí eile air go héigeanta fén alt so más rud é, ar dháta céad-fhoillsithe fógra i dtaobh an Bord do bheith ag cuimhneamh ar ordú speisialta do dhéanamh chuige sin, go mbeidh sé dá chuid féin ag gnóthaire geas no uisce agus go mbeidh sé á úsáid ag an ngnóthaire sin no go mbeidh údarás aige sin chun é d'úsáid chun críche a ghnótha.

[EN]

Feadfidh an Bord talamh, etc., ná teastóidh do chur dá láimh.

46.—Aon talamh no aon éasáidí no cirt eile i dtaobh tailimh no uisce, no aon oibreacha, foirgintí, no maoin eile do thóg an Bord no do dhin sé fén Acht so agus ná teastóidh ón mBord a thuille, dar leis an mBord, chun a dhualgaisí no a fheidhmeanna fén Acht so do chólíona no d'fheidhmiú, féadfidh an Bord iad do chur dá láimh aon uair ar pé slí is dó leis is ceart.

[EN]

Gnóthaire údaruithe do thógaint tailimh, etc., go héigeanta.

47.—(1) Más oiriúnach leis an mBord san a dhéanamh féadfa sé, le hordú speisialta, comhacht do thabhairt d'aon ghnóthaire údaruithe aon talamh do thógaint go héigeanta no aon éasáid no ceart eile ar aon talamh, no aon cheart stoptha no casta no tarraicthe uisce do thógaint no d'úsáid go héigeanta, a bheidh riachtanach no oiriúnach chun stáisiún geiniúna do bhunú no do leathnú, no chun comhacht uisce do shaothrú chun leictreachas do gheiniúint, no chun leictreachas d'atharú, d'iompar, no do roinnt, no chun aon oibreacha a údaróidh an Bord do dhéanamh, agus féadfar le haon ordú den tsórt san comhacht do thabhairt don ghnóthaire údaruithe na comhachta roimhráite d'fheidhmiú laistigh no lasmuich de líomatáiste sholáthair an ghnóthaire údaruithe agus, más údarás áitiúil an gnóthaire údaruithe, laistigh no lasmuich dá gceanntar san.

[EN]

(2) Ní dhéanfidh an Bord, gan dul i gcomhairle leis an Aire Iascaigh roimh ré, ordú speisialta fén alt so á údarú ceart do thógaint go héigeanta chun uisce do stopa no do chasa no do tharrac.

[EN]

(3) Ní dhéanfidh an Bord, gan dul i gcomhairle leis an Aire roimh ré, ordú speisialta fén alt so á údarú ceart do thógaint go héigeanta chun uisce do stopa no do chasa no do tharrac in aon chanáil no aisti.

[EN]

(4) Sara ndéanfar ordú speisialta fén alt so lóisteálfidh an gnóthaire údaruithe leis an mBord pé pleananna, áireamhachtaí, agus scríbhinní eile a éileoidh an Bord agus tar éis na scríbhinní sin do bheith lóisteálta tabharfidh an Bord, i pé slí is dó leis is fearr a chuirfidh é in úil do dhaoine 'nar dócha go ndéanfidh an t-ordú deifir dóibh, fógra i dtaobh é bheith ag cuimhneamh ar an ordú san do dhéanamh agus i dtaobh na slí ina bhféadfar aithris chúise agus agóidí i dtaobh an orduithe do dhéanamh agus, más oiriúnach leis san a dhéanamh, cuirfe sé fé ndeár fiosrúchán puiblí do chur ar siúl i dtaobh éinní a bhaineann leis an ordú san do dhéanamh.

[EN]

(5) Féadfar na nithe seo a leanas d'ionchorparú in ordú speisialta a déanfar fén alt so—

[EN]

(a) an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus é atharuithe i dtreo go bhfolóidh an focal “public authority” an gnóthaire údaruithe le n-a mbaineann an t-ordú, agus

[EN]

(b) na hAchtanna Clásanna Talmhan sa mhéid ná fuilid buiniscionn leis an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, adubhradh.

[EN]

(6) Ní déanfar aon ordú speisialta fén alt so—

[EN]

(a) i dtaobh éinní gur dó leis an mBord, de dhruim aithrise cúise do dineadh chuige no de dhruim tuarasgabháil an té a dhin fiosrúchán puiblí no de dhruim aon ruda eile, gur ní é de shaghas no de mhéid nár cheart dul ar aghaidh leis, ná

[EN]

(b) á údarú aon talamh no uisce no aon éasáid no ceart eile ar thalamh do thógaint no d'úsáid no cur isteach air go héigeanta más rud é, ar dháta céad-fhoillsithe fógra i dtaobh an Bord do bheith ag cuimhneamh ar an ordú do dhéanamh, go mbeidh sé dá chuid féin ag gnóthaire geas no uisce agus go mbeidh sé a úsáid ag an ngnóthaire sin no go mbeidh údarás aige sin chun é d'úsáid chun críche a ghnótha.

[EN]

Féadfidh gnóthaire údaruithe talamh, etc., ná teastóidh do chur dá láimh.

48.—Féadfidh aon ghnóthaire údaruithe, le toiliú an Bhúird, aon talamh, oibreacha, no maoin eile ná teastóidh a thuille dar leis chun crícheanna a ghnótha do chur dá láimh fé réir an chirt roimh-cheannaigh maidir le haon talamh le n-a ngabhann aon cheart den tsórt san.

[EN]

Apparatus leictreachais do dhíol agus do chur ar cíos.

49.—(1) Féadfidh an Bord aon línte, feistisí, apparatus, agus fearaistí leictreachais do dhéanamh chun soillsithe, chun téighte, chun comhachta tiomána no chun aon chríche eile chun ar féidir no chun ar ceaduithe leictreachas d'úsáid, agus féadfidh an Bord agus fós féadfidh aon ghnóthaire údaruithe, le toiliú an Bhúird, iad do sholáthar, do dhíol, no do chur ar cíos chun na gcrícheanna san, agus aon línte, feistisí, apparatus, agus fearaistí a soláthrófar, a díolfar, no a cuirfar ar cíos amhlaidh do cheangal, do dheisiú, do choinneáil i dtreo, agus d'aistriú agus pé luach saothair no cíosanna agus éilithe ar a gcó-aontófar d'éileamh agus do ghlaca agus pé téarmaí agus coiníollacha ar a gcó-aontófar do dhéanamh ar scór na línte, na bhfeistisí, an apparatuis, agus na bhfearaistí sin.

[EN]

(2) I bhfeidhmiú a chomhacht fén bhfo-alt san roimhe seo féachfidh an Bord do n-a fheabhas do bheadh sé beart do dhéanamh chun a chur in áirithe go gcuirfí ar aghaidh agus go leathnófí déantóireacht línte, feistisí, apparatus agus fearaistí leictreachais i Saorstát Éireann.

[EN]

(3) Na héilithe uile a dhéanfidh an Bord no gnóthaire údaruithe ar son línte, feistisí, apparatus, no fearaistí leictreachais do dhíol no do chur ar cíos, socrófar iad do réir a leithéid sin de rátaí ná beidh an t-ioncum a gheobhaidh an Bord no an gnóthaire údaruithe sin (pe'ca aca é) as an díol san agus as an gcur-ar-cíos san níos lú ná an costas fé n-a raghfar i ndéanamh an díola agus an chur-ar-cíos san no ina dtaobh agus costas soláthruithe no (i gcás an Bhúird) costas déanta na línte, na bhfeistisí, an apparatuis no na bhfearaistí leictreachais sin d'áireamh.

[EN]

(4) Cimeádfidh an Bord cuntaisí fé leith ar an airgead a gheobhaidh agus a chaithfe sé ar no i dtaobh línte, feistisí, apparatus agus fearaistí leictreachais do dhéanamh, do sholáthar, do dhíol, agus do chur ar cíos.

[EN]

(5) Ní dhéanfidh an Bord ná aon ghnóthaire údaruithe aon chioníoll do chur le leictreachas do sholáthar tré n-ar gá aon línte, feistisí, apparatus, no fearaistí leictreachais do sholáthar no do cheannach no do thógaint ar cíos ón mBord no ón ngnóthaire sin ná aon tosach do thabhairt, go díreach ná go nea-dhíreach, d'aon úsáidire ar choiníoll go ndéanfa sé na nithe sin do sholáthar no do cheannach no do thógaint ar cíos ón mBord no ón ngnóthaire údaruithe sin.

[EN]

(6) Gach líne, feisteas, apparatus, agus fearas leictreachais a sholáthróidh gnóthaire údaruithe no a chuirfe sé ar cíos no a soláthrófar no a cuirfar ar cíos thar a cheann in áitreabh úsáidire roimh rith an Achta so no dá éis sin, agus fós gach talamh, foirgint, agus obair a bheidh ar seilbh ag gnóthaire údaruithe i gcó-bhaint le n-a ghnó tuigfar gur cuid iad den ghnó a húdaruítear leis an Acht speisialta no leis an ordú a bhaineann leis an ngnóthaire údaruithe sin.

[EN]

(7) Aon línte, feistisí, apparatus, agus fearaistí leictreachais a chuirfidh an Bord no gnóthaire údaruithe dá láimh ar théarmaí go n-íocfar asta i dtráthchoda tuigfar, chun crícheanna an ailt seo, go dtí go mbeidh na trathchoda uile íoctha, gur línte, feistisí, apparatus no fearaistí leictreachais (fé mar a bheidh) iad do chuir an Bord no an gnóthaire údaruithe ar cíos agus ní féadfar iad do ghabháil ná leigheas dIí an tiarna tailimh d'imirt ortha mar gheall ar chíos an áitreibh ina mbeid ná iad do thógaint i bhfeidhmiúchán fé aon phróiseas cúirte dlí no cothruim ná fé aon imeachta um ghnó-bhrise i gcoinnibh an té go mbeid ar seilbh aige.

[EN]

(8) Ní dhéanfidh éinní san alt so aon deifir do mhéid an cháinmheasa i gcóir rátaíochta ar aon áitreabh ina bhfuil aon línte, feistisí, apparatus, no fearaistí leictreachais socruithe no ina socrófar iad.

[EN]

Siopaí agus seomraí taisbeántais.

50.—Féadfidh an Bord agus fós aon ghnóthaire údaruithe dá n-údarófar fén Acht so, línte, feistisí, apparatus, agus fearaistí leictreachais do sholáthar, do dhíol, no do chur ar cíos, féadfid, fé réir toiliú an Bhúird i gcás gnóthaire údaruithe, siopaí agus seomraí taisbeántais do chimeád ar siúl chun línte, feistisí, apparatus agus fearaistí den tsórt san do thaisbeáint, do dhíol agus do chur ar cíos agus taisbeántaisí de línte, d'fheistisí, d'apparatus, agus d'fhearaistí den tsórt san agus léirithe ortha do stiúra, agus, go generálta, gach ní (le n-a n-áirítear fógraíocht) do dhéanamh a bhaineann le línte, feistisí, apparatus agus fearaistí den tsórt san do sholáthar, do dhíol, agus do chur ar cíos agus, i gcás an Bhúird, a bhaineann le húsáid ghenerálta línte, feistisí, apparatus agus fearaistí den tsórt san do chur ar aghaidh agus, i gcás gnóthaire údaruithe, a bhaineann le húsáid línte, feistisí, apparatus agus fearaistí den tsórt san i líomatáiste soláthair an ghnóthaire údaruithe sin do chur ar aghaidh.

[EN]

Sráideanna, etc., do réaba.

51.—(1) Pé uair is oiriúnach leis é féadfidh an Bord línte iompartha agus línte roinnte leictreachais do chur fan no trasna aon tsráide, bóthair, bóthair iarainn, no trambhealaigh, no fé, agus, chun na críche sin no chun aon chríche a bhaineann léi no chun aon chríche eile a eireoidh le linn feidhmiú no cólíona aon chomhachta no dualgais a bronntar no a cuirtar air leis an Acht so no le haon ordú no rialachán a bheidh déanta fén Acht so, féadfa sé aon tsráid, bóthar, bóthar iarainn, no trambhealach do réaba.

[EN]

(2) Féadfidh an Bord le hordú comhacht do bhronna ar aon ghnóthaire údaruithe, go generálta no chun aon chríche áirithe no ar aon ócáid áirithe agus san i dteanta agus fé réir pé sriantachtaí agus coiníollacha (más ann dóibh) is oiriúnach leis an mBord, chun línte leictreachais do chur fan no trasna aon tsráide, bóthair, bóthair iarainn, no trambhealaigh, no fé, laistigh no lasmuich de líomatáiste sholáthair an ghnóthaire údaruithe sin, agus chun an tsráid, an bóthar, an bóthar iarainn, no an trambhealach san do réaba chun na críche sin no chun aon chríche a bhaineann léi.

[EN]

Comhacht réabtha bóithre, etc., d'fheidhmiú.

52.—(1) Ní réabfidh an Bord aon bhóthar gan dul i gcomhairle roimh ré leis an údarás áitiúil gur ina cheanntar atá an bóthar san suidhte agus ní réabfa sé aon bhóthar iarainn ná trambhealach gan dul i gcomhairle roimh ré leis an Aire.

[EN]

(2) Ní dhéanfidh an Bord fén Acht so aon ordú, á údarú do ghnóthaire údaruithe aon bhóthar do réaba, gan dul i gcomhairle roimh ré leis an údarás áitiúil gur ina cheanntar atá an bóthar san suidhte agus ní dhéanfidh an Bord fén Acht so, gan dul i gcomhairle roimh ré leis an Aire, aon ordú á údarú do ghnóthaire údaruithe aon bhóthar iarainn no trambhealach do réaba.

[EN]

Ceadanna slí trasna tailimh.

53.—(1) Féadfidh an Bord agus fós aon ghnóthaire údaruithe, fé réir forálacha an ailt seo agus forálacha rialachán a bheidh déanta ag an mBord fén Acht so, aon líne leictreachais do chur trasna aon tailimh, os a chionn no fé, nách sráid, bóthar, bóthar iarainn, ná trambhealach.

[EN]

(2) Féadfidh an Bord agus fós aon ghnóthaire údaruithe aon bhrac no daingneán eile is gá chun iompartha no chun coinnithe suas líne leictreachais no aon apparatuis leictreachais do cheangal d'aon fhalla, tigh no foirgint eile.

[EN]

(3) Sara ndéanfa sé líne leictreachais do chur trasna aon tailimh no aon daingneán do cheangal d'aon fhoirgint fén alt so seirbheálfidh an Bord no an gnóthaire údaruithe (pe'ca aca é) ar únaer agus ar shealbhaire an tailimh no na foirginte sin fógra i scríbhinn á rá go bhfuil sé ar aigne an líne sin do chur trasna amhlaidh no an daingneán san do cheangal amhlaidh (pe'ca aca é) agus á innsint cadé an saghas an líne no an daingneán agus cadé an t-ionad agus cadé an tslí in bhfuiltear ar aigne é do chur no do cheangal.

[EN]

(4) Más rud é, laistigh de cheithre lá déag tar éis seirbheála an fhógra san, go dtoileoidh únaer agus sealbhaire an tailimh no na foirginte sin go ndéanfí an líne sin do chur trasna no an daingneán san do cheangal (pe'ca aca é) do réir an fhógra san go nea-choiníollach no ar choiníollacha is ionghlactha ag an mBord, no is ionghlactha ag an ngnóthaire údaruithe agus a cheadóidh an Bord (pe'ca is gá sa chás), féadfidh an Bord no an gnóthaire údaruithe croma ar an líne sin do chur trasna an tailimh sin no an daingneán san do cheangal den fhoirgint sin san ionad agus sa tslí adubhradh sa bhfógra san.

[EN]

(5) Má theipeann ar únaer no ar shealbhaire an tailimh no na foirginte sin toiliú do réir an fho-ailt sin roimhe seo laistigh den cheithre lá déag roimhráite, féadfidh an Bord no an gnóthaire údaruithe, le toiliú an Bhúird ach ní har aon tslí eile, an líne sin do chur trasna an tailimh sin no an daingneán san do cheangal den fhoirgint sin san ionad agus sa tslí adubhradh sa bhfógra san.

[EN]

(6) I gcás aon líne leictreachais do bheith curtha trasna aon tailimh no aon daingneán den tsórt san roimhráite do bheith ceangailte d'aon fhoirgint den tsórt san roimhráite ag aon ghnóthaire údaruithe fé aon chó-aontú no socrú ionstadtha pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin do dineadh an có-aontú no an socrú san, féadfidh an gnóthaire údaruithe sin, d'ainneoin stadtha an chó-aontuithe no an tsocruithe sin ach fé réir forálacha an ailt seo, an líne trasna an tailimh no an daingneán a bheidh ceangailte den fhoirgint do choinneáil san ionad agus ar na téarmaí agus fé réir na gcoiníoll ina raibh agus ar a raibh agus fé n-a raibh sé amhlaidh agus an có-aontú no an socrú san ann.

[EN]

(7) An té is únaer no is sealbhaire ar aon talamh no foirgint go mbeidh líne leictreachais no daingneán á choinneáil, no go bhféadfí é choinneáil, trasna air no air fén alt so tar éis có-aontú no socrú do bheith stadtha féadfa sé, tré fhógra i scríbhinn do sheirbheáil ar an ngnóthaire údaruithe laistigh de dhá mhí roimh an stad san no aon uair dá éis, cur i gcoinnibh an líne no an daingneán san do choinneáil trasna an tailimh sin no ar an bhfoirgint sin agus leis sin ní bheidh sé dleathach don ghnóthaire údaruithe an líne sin do choinneáil trasna an tailimh sin no an daingneán san do choinneáil ar an bhfoirgint sin gan toiliú an Bhúird.

[EN]

(8) I gcás gur gá fén alt so toiliú an Bhúird le líne leictreachais do chur no do choinneáil trasna aon tailimh no le daingneán do chur no do choinneáil ar fhoirgint, más rud é, tar éis caoi do thabhairt do gach páirtí le n-a mbaineann an scéal ar éisteacht d'fháil, gur dó leis an mBord gur ceart é, féadfa sé a thoiliú do thabhairt go nea-choinníollach no fé réir pé téarmaí, coiníollacha, agus comha is dó leis is ceart, agus á shocrú dho ce'ca a thabharfa sé no a chimeádfa sé siar a thoiliú no ce'ca a fhorchuirfe sé aon téarmaí, coiníollacha no comha (agus cur aon chuid den líne fé thalamh d'áireamh) no ná forchuirfidh, féachfidh an Bord, chó maith le féachaint do nithe eile, don deifir, más ann di, a dhéanfa sé do thaithneamhacht no do luach an tailimh no na foirginte an líne do chur no an daingneán do cheangal san ionad agus sa tslí a bheidh beartuithe.

[EN]

(9) I gcás é bheith údaruithe don Bhord no do ghnóthaire údaruithe, leis an alt so no fé, aon líne leictreachais do chur no do choinneáil trasna aon tailimh no aon daingneán do cheangal no do choinneáil ar aon fhoirgint féadfidh an Bord no an gnóthaire údaruithe sin (pe'ca aca é) dul isteach ar an talamh no sa bhfoirgint sin aon uair chun an líne sin no an daingneán san no aon líne no apparatus atá á choinneáil suas ag an daingneán san do chur ina áit, do dheisiú, no d'atharú.

[EN]

Ceadanna slí trasna bóithre iarainn, etc.

54.—Ní fhéadfidh aon ghnóthaire údaruithe aon líne leictreachais do chur trasna ná fan aon bhóthair iarainn, canála, slí loingseoireachta intíre, duga, ná cuain, ná os a chionn ná fé, ach amháin fé réir forálacha na rialachán a bheidh déanta ag an mBord fén Acht so.

[EN]

Cáblaí trasna aibhneacha, etc.

55.—Ní dhéanfidh an Bord, gan dul i gcomhairle leis an Aire roimh ré, aon chábla leictreachais do chur trasna aon abhann intseolta ná bealaigh uisce intseolta, pe'ca os cionn uisce no fé, no fén talamh, a cuirfar an cábla san, ná a údarú d'aon ghnóthaire údaruithe san do dhéanamh.

[EN]

An Bord do sholáthar leictreachais ina mhórchoda.

56.—(1) Pé uair a thairgfidh an Bord do ghnóthaire údaruithe no do ghnóthaire reachtúil soláthar leictreachais i mórchoda a bheidh le soláthar ag an mBord no ag duine eile do réir ráta éilimh (le n-a n-áirítear soláthar in aghaidh aon chostaisí fé n-a raghaidh an gnóthaire sin go riachtanach i nglaca an tsoláthair sin i mórchoda) is có-ionann leis an gcostas geiniúna do bheadh ar an ngnóthaire sin no is lú ná san, glacfidh an gnóthaire sin an soláthar san i mórchoda ar pé téarmaí agus coiníollacha a socrófar tré chó-aontú no a shocróidh an Bord mara gcó-aontuítear ortha.

[EN]

(2) Ní héileofar ar ghnóthaire a ghlacfidh soláthar leictreachais i mórchoda fén alt so aon oibreacha do dhéanamh lasmuich dá líomatáiste sholáthair chun críche an tsoláthair sin roimhráite, ach má iarann an Bord air é agus má thoilíonn seisean chuige, féadfidh gnóthaire den tsórt san aon oibreacha den tsórt san roimhráite do dhéanamh lasmuich dá líomatáiste sholáthair.

[EN]

(3) Má eiríonn aon aighneas idir aon ghnóthaire agus an Bord i dtaobh ce'ca is mó no nách mó an costas geiniúna leictreachais i stáisiún geiniúna an ghnóthaire sin ná an ráta éilimh (le n-a n-áirítear soláthar in aghaidh aon chostaisí fé n-a raghaidh an gnóthaire sin go riachtanach i nglaca an tsoláthair sin i mórchoda) ar a mbeidh soláthar leictreachais i mórchoda á thairisgint fén alt so don ghnóthaire sin, socrófar an t-aighneas san ag eadarascánaí a cheapfidh an tAire agus ní bheidh dul thar breith an eadarascánaí sin.

[EN]

(4) San alt so cialluíonn an focal “costas geiniúna” na costaisí uile fé n-a raghaidh gnóthaire agus gur chóir, le ceart, ag féachaint do sna hítimí costais a bheidh áirmhithe i ráta comparáideach an éilimh ar son soláthair leictreachais i mórchoda, iad do chur i leith na gcoda san dá ghnó ina mbeifear ag déanamh leictreachais agus ar a n-áirítear (i gcás gnóthaire a thabharfidh leictreachas o stáisiún gheiniúna an ghnóthaire sin go dtí príomhstáisiún chun é roinnt ón stáisiún san ar úsáidirí) na costaisí (más ann dóibh) fé n-a raghaidh an gnóthaire sin ag tabhairt an leictreachais sin go dtí an príomh-stáisiún san ach ná háirítear ortha, in aon chás, aon mhuirir chaipitiúla a fhanfidh ar ghnóthaire tar éis soláthar leictreachais i mórchoda do ghlaca fé sna forálacha san roimhe seo den alt so.

[EN]

An Bord do cheannach agus d'athdhíol leictreachais.

57.—(1) Féadfidh an Bord leictreachas do cheannach ina mhórchoda o aon ghnóthaire údaruithe no o éinne eile agus an leictreachas san d'athdhíol le haon ghnóthaire údaruithe ina mhórchoda no tré n-a roinnt ar úsáidirí aonair.

[EN]

(2) Féadfidh aon ghnóthaire údaruithe no gnóthaire reachtúil leictreachas do dhíol ina mhórchoda leis an mBord no leictreachas do cheannach ina mhórchoda ón mBord.

[EN]

Féadfidh an Bord úsáid fé leith do dhéanamh de chóir iompair na Sionainne.

58.—Chun leictreachas a cheannóidh agus a athdhíolfidh an Bord d'iompar féadfidh an Bord gach ceann no aon cheann de sna línte iompartha leictreachais, de sna stáisiúin atharúcháin, agus den apparatus eile de chóir iompair leictreachais oibreacha na Sionainne a bheidh de thurus na huaire tabhartha ina sheilbh do ag an Aire do chur in úsáid.

[EN]

Scálaí de mhodhanna agus de rátaí éilimh.

59.—(1) Féadfidh an Bord scálaí do dhéanamh ag socrú modhanna an éilimh agus rátaí an éilimh a éileoidh an Bord agus a éileoidh gnóthairí údaruithe agus gnóthairí ceaduithe fé seach ar son leictreachais (pe'ca ina mhorchoda no ar shlí eile a soláthrófar é) agus féadfa sé aon uair agus o am go ham fé mar is oiriúnach leis an mBord na scálaí a bheidh déanta amhlaidh no aon chuid díobh no aon ítim áirithe ionta d'athscrúdú no do cheiliúra.

[EN]

(2) Nuair a bheidh an Bord ag déanamh scálaí ag socrú modhanna an éilimh agus rátaí an éilimh ar son leictreachais a soláthrófar d'úsáidirí i gceanntar dá mbeidh stáisiún atharúcháin ag fónamh agus atá có-theoranta le líomatáiste no ina bhfuil líomatáiste ba líomatáiste soláthair roimhe sin do ghnóthaire údaruithe 'nar thóg an Bord a ghnó fén Acht so, ní chuirfe sé isteach aon éileamh ar scór fiachaisí do thóg an Bord air féin ná ar scór íocaíochtaí d'íoc an Bord de dhruim gur thóg an Bord fén Acht so gnó i gceanntar dá mbeidh aon stáisiún atharúcháin eile ag fónamh.

[EN]

(3) Sara ndéanfidh no sara n-athscrúdóidh no sara gceiliúrfidh an Bord aon scála ag socrú modhanna an éilimh agus rátaí an éilimh a éileoidh aon ghnóthaire údaruithe no aon ghnóthaire ceaduithe ar son leictreachais cuirfidh an Bord tríd an bpost chun an ghnóthaire údaruithe sin no chun an ghnóthaire cheaduithe sin fógra i scríbhinn á chur in úil go bhfuil sé chun san do dhéanamh agus ní dhéanfidh ná ní athscrúdóidh ná ní cheiliúrfidh an Bord aon scála den tsórt san roimhráite go ceann tréimhse mí o dháta an fhógra san.

[EN]

(4) Féadfidh gach gnóthaire údaruithe no gnóthaire ceaduithe, ar fháil fógra dho fén alt so á chur in úil go bhfuil an Bord chun scála do dhéanamh ag socrú modhanna an éilimh agus rátaí an éilimh a éileoidh an gnóthaire údaruithe sin no an gnóthaire ceaduithe sin ar son leictreachais no á chur in úil go bhfuil an Bord chun aon scála den tsórt san d'athscrúdú no do cheiliúra, féadfa sé (más le haon scála den tsórt san roimhráite do dhéanamh a bhaineann an fógra san), ar dháta nách déanaí ná mí o dháta an fhógra san, scála de mhodhanna éilimh agus de rátaí éilimh a bheidh le héileamh ag an ngnóthaire údaruithe sin no ag an ngnóthaire ceaduithe sin ar son leictreachais do chur fé bhráid an Bhúird agus féadfa sé (más le haon scála den tsórt san roimhráite d'athscrúdú no do cheiliúra a bhaineann an fógra san), ar dháta nách déanaí ná mí o dháta an fhógra san, pé athscrúdú no ceiliúra, is oiriúnach leis an ngnóthaire údaruithe sin no leis an ngnóthaire ceaduithe sin, ar an scála le n-a mbaineann an fógra san no ar aon chuid de no ar aon ítim áirithe ann do chur fé bhráid an Bhúird, agus breithneoidh an Bord gach a gcuirfar fé bhráid an Bhúird fén alt so i bhfuirm scála de mhodhanna éilimh agus de rátaí éilimh ar son leictreachais agus i bhfuirm athscrúdú no ceiliúra ar aon scála den tsórt san no ar aon chuid de no ar aon ítim áirithe ann.

[EN]

(5) Féadfidh aon scála a déanfar fén alt so ag socrú modhanna an éilimh no rátaí an éilimh ar son leictreachais baint do bheith aige le leictreachas do sholáthar ina mhórchoda chun a athdhíolta agus a roinnte no le leictreachas do sholáthar go díreach d'úsáidirí no leis an dá shaghas soláthair sin, agus féadfidh aon scála den tsórt san baint le hiomlán Shaorstáit Éireann no le haon chuid áirithe dhe no le haon líomatáiste no líomatáistí áirithe soláthair no le haon chóir no córacha áirithe iompair no aon chuid no coda áirithe dhíobh no le haon tsaghas no saghsanna áirithe úsáidirí.

[EN]

(6) Gach scála a dhéanfidh an Bord ag socrú modhanna an éilimh agus rátaí an éilimh a héileofar ar son leictreachais ag údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe déanfidh an Bord é agus athscrúdóidh sé ó am go ham é i dtreo, sa mhéid gur féidir é go réasúnta, ná beidh aon rann-íoc, amach as aon ráta a ghearrfidh an t-údarás áitiúil sin, ag teastáil chun aon chostaisí d'íoc fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil sin, fén Acht so no ar aon tslí eile, maidir le gnó údaruithe an údaráis áitiúla san.

[EN]

(7) Ní dhéanfidh an Bord aon scála ag socrú modhanna an éilimh agus rátaí an éilimh a héileofar ar son leictreachais ag údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe, ní dhéanfa sé é sa tslí sin go ndéanfar an t-éileamh ar son leictreachais a úsáidfidh an t-údarás áitiúil sin chun soillsiúcháin do shocrú do réir ráta is aoirde ná an ráta a socrófar d'úsáidirí a úsáidfidh leictreachas chun soillsiúcháin agus san i gcóir na n-uaireanna céanna soláthair.

[EN]

(8) Faid a bheidh aon scála den tsórt san roimhráite i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach d'aon ghnóthaire údaruithe ná d'aon ghnóthaire ceaduithe le n-a mbaineann an scála san aon tsoláthar leictreachais le n-a mbaineann an scála san do thabhairt uaidh ar aon phraghas eile seachas an praghas do socruíodh leis an scála san, agus gach gnóthaire údaruithe no gnóthaire ceaduithe a thabharfidh aon tsoláthar leictreachais uaidh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air in aghaidh gach lá a tabharfar an soláthar san amhlaidh.

[EN]

(9) Aon ghnóthaire údaruithe do dhin connra roimh an aonú lá triochad de Mhárta, 1927, no a dhéanfidh connra le toiliú an Bhúird tar éis rithte an Achta so chun soláthar leictreachais do thabhairt uaidh ar phraghas do socruíodh leis an gconnra no fé, féadfa sé, d'ainneoin éinní atá san alt so, a chuid oblagáidí fén gconnra san do chólíona faid a bheidh an connra san ina cheangal air.

[EN]

Cur i gcoinnibh scála d'éilithe.

60.—Pé uair a shocróidh an Bord scála de mhodhanna éilimh agus de rátaí éilimh ar son leictreachais féadfidh aon ghnóthaire údaruithe le n-a mbaineann an scála san, más lú na héilithe a bheidh ar úsáidirí fén scála san ná na héilithe do bhí ar na húsáidirí sin ar scór na seirbhísí céanna sarar shocruigh an Bord an scála san, fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar an mBord go bhfuil sé i gcoinnibh a ghnó d'oibriú fén scála san agus leis sin déanfidh an Bord, le hordú, ní éigin acu so a leanas, pé ní acu a éileoidh an gnóthaire sin no, mara ndéanfa sé an t-éileamh san, pé ní acu is oiriúnach leis an mBord, sé sin le rá, gnó an ghnóthaire údaruithe sin do thógaint no stiúra an ghnótha san do ghlaca ar feadh tréimhse nách giorra ná dhá bhliain.

[EN]

Stáisiúin gheiniúna do dhúna.

61.—(1) Pé uair—

[EN]

(a) a chífar don Bhord go bhfuil sé oiriúnach scur d'aon stáisiún geiniúna áirithe, i bpáirt no go hiomlán, d'úsáid mar stáisiún gheiniúna, agus

[EN]

(b) a bheidh leor-sholáthar leictreachais ar fáil don té gur leis an stáisiún geiniúna san agus a féadfar fén Acht so a chur fhiachaint ar an duine sin an soláthar san do ghlaca,

[EN]

féadfidh an Bord, le hordú, a éileamh ar an duine sin scur laistigh de pé aimsir a luadhfidh an Bord san ordú san (aimsir nách giorra ná ráithe o dháta an orduithe sin) den stáisiún gheiniúna san d'úsáid mar stáisiún gheiniúna, ar fad no i pé méid is lú ná san a bheidh luaidhte san ordú san agus, fé sna comhachta a bronntar air leis an Acht so, cuirfidh an Bord fhiachaint ar an duine sin an soláthar leictreachais a bheidh ar fáil mar adubhradh do ghlaca.

[EN]

(2) Pé uair a héileofar ar dhuine le hordú fén alt so scur, i bpáirt agus ní go hiomlán, de stáisiún gheiniúna d'úsáid mar stáisiún gheiniúna, bainfidh na forálacha ina dhiaidh seo den alt so, agus forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht so, leis an gcás ach léireofar mar thagairtí a fholuíonn scur leathrannach den tsórt is gá do réir an orduithe sin tagairtí don scur de stáisiún gheiniúna d'úsáid mar stáisiún gheiniúna.

[EN]

(3) Nuair a scuirfidh gnóthaire údaruithe no gnóthaire reachtúil, do réir ordú, a bheidh déanta fén alt so, de stáisiún gheiniúna d'úsáid mar stáisiún gheiniúna, féadfidh an gnóthaire údaruithe sin no an gnóthaire reachtúil sin (pe'ca aca é)—

[EN]

(a) féadfa sé, le toiliú an Bhúird, agus déanfa sé, má éilíonn an Bord air é, an stáisiún geiniúna san no aon chuid de do choinneáil ar siúl chun crícheanna an Bhúird agus ar chostas an Bhúird agus cuirfar an costas san san áireamh nuair a beifear ag socrú na rátaí éilimh ar son leictreachais do gach líomatáiste 'na gcoinneofar an stáisiún geiniúna san ar siúl chun tairbhe dho, agus

[EN]

(b) féadfa sé, le toiliú an Bhúird, gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(i) aon mheasínteacht no gléasra do bhí in úsáid go dtí san sa stáisiún gheiniúna san do dhíol,

[EN]

(ii) an stáisiún geiniúna san no aon chuid de do dhíol,

[EN]

(iii) an stáisiún geiniúna san, i dteanta no d'éamais iomlán an ghléasra no cuid den ghléasra do bhí in úsáid ann go dtí san, do chur in úsáid are pé slí is oiriúnach leis an ngnóthaire sin.

[EN]

(4) Pé uair a dhíolfidh gnóthaire údaruithe no gnóthaire reachtúil aon stáisiún geiniúna no aon mheasínteacht no gléasra fén alt so úsáidfar sochar an díola san do réir na nAchtanna no na nOrduithe a rialálann an gnó no, mara mbeidh sna hAchtanna ná sna hOrduithe sin forálacha a bhaineann leis an gcás, úsáidfar é i gcás gnóthaire údaruithe no gnóthaire reachtúla is údarás áirtiúil, ar pé slí a cheadóidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí tar éis do dul i gcomhairle leis an mBord no, i gcás aon ghnóthaire údaruithe no ghnóthaire reachtúla eile, ar pé slí a cheadóidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle leis an mBord.

[EN]

(5) Pé uair a scuirfidh gnóthaire údaruithe no gnóthaire reachtúil, do réir ordú a bheidh déanta fén alt so, de stáisiún gheiniúna d'úsáid mar stáisiún gheiniúna bainfidh, ar bheith déanta don scur san, an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so le gach éinne do bhí, ar dháta an orduithe sin, ar fostú sa stáisiún gheiniúna san ag an ngnóthaire údaruithe sin no ag an ngnóthaire reachtúil sin (pe'ca aca é).

[EN]

(6) San alt so agus sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so foluíonn an focal “gnóthaire údaruithe” gnóthaire ceaduithe.

[EN]

Stáisiúin gheiniúna, etc., do bhunú agus do leathnú.

62.—D'ainneoin éinní atá in aon Acht speisialta no in aon ordú sealadach no eile atá i bhfeidhm le linn rithte an Achta so, ní bheidh sé dleathach d'aon ghnóthaire údaruithe, gan toiliú an Aire roimh bhunú an Bhúird agus gan toiliú an Bhúird tar éis bunú an Bhúird, stáisiún geiniúna ná cóir iompair ná cóir roinneacháin nua do bhunú ná seana-cheann do leathnú.

[EN]

An Bord do dhéanamh connartha do ghnóthairí údaruithe.

63.—(1) Féadfidh an Bord, tar éis do dul i gcomhairle le gnóthaire údaruithe, connartha do dhéanamh chun oibreacha do dhéanamh don ghnóthaire údaruithe sin no thar a cheann, agus féadfidh an Bord, tar éis do dul i gcomhairle le gnóthaire údaruithe, pleananna, mapaí, agus áireamhachtaí d'ullamhú maidir le haon oibreacha a bheidh le déanamh ag an ngnóthaire údaruithe sin agus déanamh na n-oibreacha san do mhaoirseacht.

[EN]

(2) Féadfidh an Bord, tré chó-aontú le gnóthaire údaruithe, connartha do dhéanamh i gcóir díol leictreachais ag an ngnóthaire údaruithe sin agus féadfa sé, tré chó-aontú le gnóthaire údaruithe, agus déanfa sé, má iarrann an gnóthaire údaruithe sin air é, maoirseacht do dhéanamh ar chonnartha do dhéanamh i gcóir díol leictreachais ag an ngnóthaire sin agus thar a cheann agus ar chonnartha a déanfar amhlaidh do chólíona.

[EN]

(3) Chun críche cnuaisciúna i ndéanamh aon oibreacha (le n-a n-áirítear abhair do sholáthar dóibh) is abhar do chonnra do dhin an Bord d'aon ghnóthaire údaruithe agus thar a cheann no i ndéanamh oibreacha (le n-a n-áirítear abhair do sholáthar dóibh) a bheidh á maoirseacht no le maoirseacht ag an mBord fén alt so, féadfidh an Bord pé có-nasca de ghnóthairí údaruithe do chur le chéile no a chur fé ndeár é do chur le chéile is dó leis an mBord is gá no is oiriúnach.

[EN]

(4) Ní raghaidh gnóthaire údaruithe fé aon chaithteachas ar scór déanamh, ath-dhéanamh, leathnú, gléasa ná ath-ghléasa aon oibreacha a bheidh á úsáid ag an ngnóthaire údaruithe sin mar chuid dá ghnó no i gcó-bhaint leis ach amháin do réir pé pleananna agus áireamhachtaí a cheadóidh an Bord chuige sin.

[EN]

(5) Pé uair a dhéanfidh gnóthaire údaruithe, tar éis rithte an Achta so, dul fé aon chaithteachas den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo agus a déanfar do réir phleananna no áireamhachtaí nár cheaduigh an Bord, no ar aon talí seachas do réir phleananna agus áireamhachtaí do ceaduíodh amhlaidh, an déanamh, an t-ath-dhéanamh, an leathnú, an gléasa, no an t-athghléasa gur ar a scór a raghfar fén gcaithteachas san amhlaidh agus a thógfidh an Bord gnó an ghnóthaire údaruithe sin fén Acht so, ní dhéanfidh an Bord, gan toiliú an Bhúird, an caithteachas san, no pé méid de a bheidh gan glana ar dháta na tógainte sin, do thógaint air féin mar fhiachas d'fhiachaisí an ghnótha san.

[EN]

Leasú ar mhinicíocht.

64.—(1) Féadfidh an Bord a éileamh ar aon ghnóthaire no gnóthairí údaruithe áirithe saghas an tsrotha, na minicíochta, no an teannta a bheidh in úsáid acu ina ngnóthaí do leasú no d'atharú.

[EN]

(2) Críoch chun a bhféadfidh gnóthaire údaruithe iasacht d'fháil fén Acht so isea costaisí d'íoc fé n-a raghaidh an gnóthairc údaruithe sin go riachtanach agus go ceart ag cólíona éilimh ón mBord fén alt so.

[EN]

Féadfidh gnóthaire údaruithe gnóthaí do cheannach, etc.

65.—Féadfidh aon ghnóthaire údaruithe tré chó-aontú, agus le toiliú an Bhúird, an t-iomlán no aon chuid de ghnó aon duine (seachas an Bord) a bheidh ag gabháil d'obair gheiniúna no sholáthruithe no roinnte leictreachais do cheannach no do thógaint ar léas no ceart úsáidthe an chéanna do thógaint agus féadfidh an duine sin (pe'ca duine aonair, údarás áitiúil, cuideachta, no cólucht eile, corparáideach no nea-chorparáideach, é), leis an toiliú roimhráite, an t-iomlán no aon chuid dá ghnó do dhíol leis an ngnóthaire údaruithe roimhráite no do thabhairt ar léas do no ceart úsáidthe an chéanna do dheona dho.

[EN]

Fo-thorthaí d'oibriú.

66.—Féadfidh gnóthaire údaruithe, le toiliú an Bhúird, gléasra fo-thora, maraon le gach meaisínteacht agus apparatus is gá, do chur suas, do choinneáil i dtreo, d'atharú, d'fheabhsú, agus d'athnuachaint, agus gach gníomh is ceart do dhéanamh chun na torthaí iarsmacha a thiocfidh go díreaech no go nea-dhíreach as geiniúint leictreachais d'oibriú agus nithe eile do dhéanamh asta.

[EN]

Có-choistí do bhunú.

67.—(1) I gcás ina bhfeicfar don Bhord go mbeadh sé oiriúnach go ndéanfadh beirt ghnóthairí údaruithe no níos mó a gcomhachta do chó-fheidhmiú, féadfidh an Bord, le hordú speisialta, pé socruithe a chífar do do bheith riachtanach no oiriúnach do dhéanamh, tré bhunú chó-choiste no chó-bhúird no ar aon tslí eile, chun na gnóthairí údaruithe sin do chó-fheidhmiú gach comhachta no aon chomhachta dá mbeidh acu fén Acht so no fé aon ordú fén Acht so in aon líomatáiste ina bhfuil an t-iomlán no aon chuid no coda de líomatáistí soláthair fé seach na ngnóthairí údaruithe sin.

[EN]

(2) Pé forálacha a chífear don Bhord do bheith riachtanach no ceart chun aon cheann d'fhorálacha an Achta so no d'fhorálacha aon ordú a bheidh déanta fén Acht so do chur in oiriúint don chuma ina mbeidh an scéal ag aon chó-choiste no có-bhord a bunófar le haon ordú a déanfar fén alt so féadfid bheith san ordú san.

[EN]

Cabhrú le n-a chéile.

68.—(1) Féadfidh aon bheirt ghnóthairí údaruithe no níos mó, le ceadú ón mBord, agus déanfid má éilíonn an Bord ortha é, socruithe do dhéanamh agus do chur in éifeacht chun iad do chabhrú le n-a chéile i dtaobh gach ní no éinní acu so a leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) soláthar leictreachais do thabhairt agus do ghlaca agus an leictreachas a glacfar amhlaidh do roinnt agus do sholáthar,

[EN]

(b) stáisiún gheiniúna gnóthaí uile agus fé seach na ngnóthairí údaruithe is páirtithe chun an tsocruithe no coda eile de sna gnóthaí sin do bhainistí agus d'oibriú,

[EN]

(c) caipital do sholáthar is gá chun aon tsocrú den tsórt san do chur in éifeacht agus fáltaisí a thiocfidh as an socrú san do chur i leithreas agus do roinnt,

[EN]

(d) aon nithe no rudaí a ghabhann no a bhaineann le haon cheann de sna nithe roimhráite.

[EN]

(2) Aon tsocrú a déanfar fén alt so déanfar é ar pé téarmaí agus coiníollacha ar a gcó-aontófar idir na páirtithe chuige le ceadú ón mBord no, más do réir éilimh ón mBord a déanfar an socrú, ar pé téarmaí agus coiníollacha a shocróidh an Bord mara gcó-aontuítear ortha.

[EN]

(3) Mara gcinnidh an Bord an socrú san do bheith riachtanach ar mhaithe leis an soláthar generálta leictreachais sa cheanntar, ní éileoidh an Bord ar ghnóthaire údaruithe socrú do dhéanamh fén alt so chun soláthar leictreachais do ghlaca o ghnóthaire údaruithe áirithe éigin eile má cruthuítear chun sástacht an Bhúird go mbeadh an gnóthaire údaruithe, ag féachaint do gach ní a bhaineann leis an gcás, le n-a n-áireofar faid na tréimhse ina mbeidh an soláthar le glaca agus an méid airgid a meastar a gheobhfí i rith na tréimhse sin, go mbeadh sé, dá bhfaghadh sé soláthar leictreachais o thaobh éigin eile, in inmhe chun soláthar leictreachais do thabhairt is leor ina mhéid agus ina regleáltacht chun éilithe a chuid úsáidirí, mar a bheid ansan agus mar is dócha a bheid ina dhiaidh sin, do shásamh ar chostas is lú ná an costas ar a bhféadfadh sé a leithéid sin de sholáthar do thabhairt dá mba ón ngnóthaire áirithe sin do gheobhadh sé an soláthar.

[EN]

(4) I gcás ina ndéanfar socrú go cuibhe fén alt so, féadfidh an Bord, le hordú, a údarú d'aon ghnóthaire údaruithe is páirtí chun an tsocruithe sin pé comhacht (le n-a n-áirítear comhacht chun bóithre, bóithre iarainn, agus trambhealaigh do réaba) d'fheidhmiú is gá chun an socrú do chur in éifeacht.

[EN]

(5) Crícheanna chun a bhféadfidh údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe iasacht d'fháil fén Acht so isea caipital do sholáthar is gá chun éifeacht do thabhairt do shocrú a bheidh déanta fén alt so agus ús d'íoc ar an gcaipital san faid a bheidh an caithteachas nea-chúiteamhach.

[EN]

(6) Féadfidh an Bord le hordú—

[EN]

(a) a údarú d'aon ghnóthaire údaruithe leictreachas do sholáthar ina mhórchoda d'éinne laistigh no lasmuich de líomatáiste sholáthair an ghnóthaire údaruithe sin pe'ca gnóthaire údaruithe an duine sin féin no nách ea,

[EN]

(b) socrú do dhéanamh chun aon tsoláthar den tsórt san roimhráite do dhéanamh éigeanta, agus

[EN]

(c) pé forálacha do dhéanamh a chífear don Bhord do bheith riachtanach chun an tAcht so do chur in oiriúint do thabhairt an tsoláthair sin i mórchoda.

[EN]

Leictreachas do sholáthar d'áitreabh lasmuich de líomatáiste sholáthair.

69.—(1) I gcás in ar mian le sealbhaire aon áitreibh soláthar leictreachais don áitreabh san d'fháil o ghnóthaire údaruithe nách ina líomatáiste sholáthair atá an t-áitreabh san suidhte, féadfidh an Bord (fé réir forálacha an ailt seo) a cheadú don ghnóthaire údaruithe sin leictreachas do sholáthar don áitreabh san ar pé téarmaí agus fé réir pé coiníollacha is oiriúnach leis an mBord d'ordú.

[EN]

(2) Ní thabharfidh an Bord aon chead uaidh fén alt so gan dul i gcomhairle roimh ré leis an údarás áitiúil gur ina gceanntar atá an t-áitreabh san suidhte agus leis an ngnóthaire údaruithe (más ann do) gur ina líomatáiste sholáthair atá an t-áitreabh san suidhte.

[EN]

Scarúint le comhachta agus le hoblagáidí.

70.—(1) Féadfidh gnóthaire údaruithe, le toiliú an Bhúird, scarúint le haon chomhacht, ceart no oblagáid do bronnadh no do cuireadh air leis an Acht so no le haon Acht speisialta no le haon ordú do dineadh fén Acht so no fé aon Acht do hathghairmeadh leis an Acht so.

[EN]

(2) Ach amháin mar a húdaruítear leis an bhfo-alt san roimhe seo, ní scarfidh gnóthaire údaruithe, tré aistriú ná eile, le haon chomhacht, ceart, ná oblagáid den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san.

CUID III.

Udarais Áitiúla.

[EN]

Costaisí údarás n-áitiúil.

71.—(1) Aon chostaisí fé n-a raghaidh údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe, fén Acht so, agus ná beidh aon tsocrú eile déanta ina dtaobh, féadfar, le toiliú an Bhúird a tabharfar tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, iad d'íoc—

[EN]

(a) i gcás údaráis shláintíochta bhaile, amach as an ráta is ionchurtha chun crícheanna generálta na Public Health (Ireland) Acts no as aon chiste no ráta eile is ionchurtha chun soillsiúcháin fé aon Acht Áitiúil, agus

[EN]

(b) i gcás comhairle tuathcheanntair, búird shláinte phuiblí, no búird shláinte agus chonganta phuiblí mar chostaisí speisialta fén Public Health (Ireland) Act, 1878, agus tuigfar gur costaisí speisialta iad do réir bhrí alt 232 den Acht san.

[EN]

(2) Gach suim a roimh-íocfidh an Bord fén Acht so le húdarás áitiúil amach as na cistí a bheidh ar a chur aige roimh-íocfar í ar chreidiúint an chiste no an ráta go bhfuil sé údaruithe don údarás áitiúil sin costaisí fé n-ar chuathas fén Acht so d'íoc amach as, agus chun aisíoc aon tsuime den tsórt san agus an úis is iníoctha uirthi d'urrú féadfidh an t-údarás áitiúil sin an ciste no an ráta san do mhorgáistiú don Bhord.

[EN]

(3) Gach suim a roimh-íocfidh an Bord fén Acht so le húdarás áitiúil aisíocfar leis an mBord í laistigh den aimsir agus sa tslí a hordófar le rialacháin a dhéanfidh an Bord fén Acht so tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

[EN]

Comhacht d'údaráis áitiúla iasachtaí d'fháil chun crícheanna an Achta so.

72.—I dteanta na comhachta a bronntar ar an mBord fén Acht so chun roimh-íocanna d'íoc le húdaráis áitiúla beidh sé dleathach d'údarás áitiúil iasacht d'fháil chun crícheanna an Achta so fé réir na bhforálacha agus na sriantachtaí atá in ailt 237 agus 238 agus in ailt 240 go 243 (go huile) den Public Health (Ireland) Act, 1878.

[EN]

Comhacht chun an soláthar bliantúil i gcóir aisíoc airgid do fuarthas ar iasacht do chur ar fiunraoi.

73.—(1) D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in aon Acht, pe'ca Acht puiblí generálta é no Acht áitiúil pearsanta, beidh sé dleathach, le haontú ón mBord, d'údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe an soláthar bliantúil, is gá do réir dlí do dhéanamh i gcóir aisíoc airgid do fuarthas ar iasacht fén Acht so, do chur ar fiunraoi (fé réir na dteorann a forchuirtar leis an alt so).

[EN]

(2) Is ar feadh pé tréimhse agus fé réir pé coiníollacha a shocróidh an Bord a cuirfar an soláthar bliantúil roimhráite ar fiunraoi fén alt so ach ní raghaidh an fhiunraíocht san, in aon chás, thar an tréimhse ina mbeidh an caithteachas as an airgead do fuarthas ar iasacht mar adubhradh nea-chúiteamhach.

[EN]

Cuntaisí d'iniúcha.

74.—Déanfidh údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe cuntaisí fé leith do chimeád ar a ghnó údaruithe agus tuigfar gur cuntaisí de chuid an údaráis áitiúla san na cuntaisí fé leith a cimeádfar amhlaidh agus iniúchfar iad ar nós cuntaisí an údaráis áitiúla san, agus na hachtacháin agus na horduithe a bhaineann le hiniúcha cuntaisí an údaráis áitiúla san agus le comhachta iniúchóir na gcuntaisí sin bainfid leis na cuntaisí sin fé leith fé mar a bhaineann na hachtacháin agus na horduithe sin le hiniúcha agus le hiniúchóir cuntaisí an údaráis áitiúla san.

[EN]

Connartha chun oibreacha do dhéanamh, etc.

75.—Féadfidh aon údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe (fé réir na bhforálacha den Acht so a bhaineann le caithteachas fé n-a raghaidh gnóthaire údaruithe ar scór déanamh, ath-dhéanamh, leathnú, gléasa, no ath-ghléasa aon oibreacha a bheidh á úsáid mar chuid dá ghnó no i gcó-bhaint leis) connra do dhéanamh le héinne go ndéanfa sé agus go gcoinneoidh sé i dtreo aon oibreacha is gá chun an t-údarás áitiúil sin do sholáthar leictreachais do réir an orduithe no do réir an Achta speisialta le n-a mbeidh an soláthar san údaruithe.

[EN]

Na costaisí a bhainfidh le có-aontuithe do chólíona.

76.—I gcás ina ndéanfidh údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe có-aontú no socrú, a bheidh údaruithe tríd an Acht so no fé, le haon ghnóthaire údaruithe eile no le héinne eile, tuigfar aon chostaisí fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil sin ag cur an chó-aontuithe no an tsocruithe sin in éifeacht do bheith ina gcostaisí fé n-ar chuadar fén Acht so agus tuigfar aon airgead a gheobhaidh an t-údarás áitiúil sin fén gcó-aontú no fén socrú san do bheith ina airgead do fuair an t-údarás áitiúil sin ar scór a ngnótha údaruithe.

[EN]

Iocfidhúdaráis áitiúla na costaisí a bhainfidh le hatharuithe áirithe.

77.—Pé uair a dhéanfidh údarás áitiúil i dtaobh no chun atharú do dhéanamh ar bhóthar no ar dhroichead—

[EN]

(a) a éileamh ar ghnóthaire údaruithe ionad no doimhneas sreanganna no mórphíopaí leictreachais fé thalamh no oibreacha eile leictreachais fé thalamh no ionad polaí no déanmhachtaí eile ag iompar sreanganna no mórphíopaí leictreachais no ionad oibreacha eile leictreachais os cionn tailimh d'atharú, no

[EN]

(b) a éileamh ar an mBord ionad no doimhneas aon oibreacha leictreachais den tsórt san fé thalamh no ionad aon oibreacha leictreachais den tsórt san os cionn tailimh mar adubhradh, de chuid no fé stiúra an Bhúird, d'atharú,

[EN]

déanfidh an t-údarás áitiúil sin na costaisí fé n-a raghaidh an gnóthaire údaruithe sin no an Bord (pe'ca aca é), i gcólíona an éilimh sin, d'íoc leis an ngnóthaire údaruithe sin no leis an mBord (pe'ca aca is gá sa chás), ar a éileamh san ar an údarás san, mar chuid de sna costaisí a bhaineann leis an mbóthar no leis an droichead san do choinneáil i dtreo agus mara gcó-aontuítear ar mhéid na gcostaisí sin a bheidh le n'íoc leis an ngnóthaire údaruithe sin amhlaidh socróidh an Bord é agus mara gcó-aontuítear ar mhéid na gcostaisí sin a bheidh le n'íoc leis an mBord amhlaidh socróidh eadarascánaí é a cheapfidh an tAire.

[EN]

Bainfidh na Public Health(Ireland) Acts,1878 to 1919, le hiasachtaí d'fháil fén Acht so.

78.—(1) Pé uair a dhéanfidh údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe aon tsuim d'fháil ar iasacht ón mBord fén Acht so chun aon chríche tuigfar gur críoch chun a bhféadfidh an t-údarás áitiúil sin iasacht d'fháil fé sna Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, an chríoch chun a bhfuighfar an tsuim sin ar iasacht amhlaidh agus bainfidh na hAchtanna san leis an iasacht san d'fháil díreach fé mar a bhainid le húdarás áitiúil d'fháil aon iasachta fútha ach amháin, chun na gcrícheanna bhaineann le húdarás áitiúil is gnóthaire údaruithe d'fháil aon tsuime ar iasacht ón mBord fén Acht so, gurb é cead an Bhúird an cead is gá do réir na nAcht san chun údarás áitiúil d'fháil aon iasachta fútha.

[EN]

(2) Aon tsuim a gheobhfar ar iasacht fén Acht so ag údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe, ní háireofar í mar chuid d'fhiacha iomlána an údaráis áitiúla san chun na críche a bhaineann le haon teora a chuireann na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, le hiasachtaí d'fháil.

[EN]

Rialacháin chun cosanta na puiblíochta.

79.—(1) Aon údarás áitiúil go n-údarófar laistigh dá gceanntar d'éinne fé aon ordú no fé aon Acht speisialta leictreachas do sholáthar féadfid, maidir le soláthar an leictreachais sin, pé rialacháin is oiriúnach leis an údarás áitiúil sin do dhéanamh chun cosanta na puiblíochta do chur in áirithe agus féadfid, leis na rialacháin sin, fíneála d'fhorchur mar gheall ar na rialacháin sin do bhrise agus a údarú na fíneála san do bhaint amach tré imeachta ar an slí achmair.

[EN]

(2) Is mar bhreis le haon rialacháin a dhéanfidh an Bord a bheidh rialacháin a déanfar fén alt so agus ní déanfar leo aon rialachán de chuid an Bhúird do cheiliúra ná do leasú ná ní dhéanfid dochar do.

[EN]

(3) Ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht ag aon rialacháin a dhéanfidh údarás áitiúil fén alt so mara ndintar ná go dtí go ndéanfar iad do dhaingniú ag an mBord agus iad d'fhoillsiú i pé slí a ordóidh an Bord.

[EN]

An chríoch chun a gcuirfar barrachas cistí.

80.—Pé uair a bheidh ar láimh ag údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe, i ndeire aon bhliana airgeadais áitiúla, aon bharrachas cistí a thiocfidh as an ngnó údaruithe tar éis glana gach fiachais a bhaineann leis an ngnó san, ní dhéanfidh an gnóthaire údaruithe sin an barrachas cistí sin do cheapa ná do chur chun aon chríche ach críoch a cheadóidh an Bord chuige sin.

[EN]

Ciste do sholáthar mar chaipital oibriúcháin.

81.—Féadfidh údarás áitiúil is gnóthaire údaruithe ciste do sholáthar mar chaipital oibriúcháin agus féadfid, le cead an Bhúird, iasachtaí do chruinniú chun an ciste sin do sholáthar no, leis an gcead san, aon bharrachas cistí do cheapa chuige sin a thiocfidh as an ngnó údaruithe tar éis glana gach fiachais reatha a bhaineann leis an ngnó san.

CUID IV.

Leasuithe ar Acht Leictreachais na Sionainne, 1925.

[EN]

Malairt chóiríochta do sholáthar.

82.—(1) Pé uair a thógfidh an tAire aon talamh go héigeanta agus go buan fé sna comhachta a bronntar air chuige sin le hAcht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925), féadfidh an tAire, más toil san leis an té ba shealbhaire ar an talamh san díreach roimh an tógaint sin, malairt chóiríochta i bhfuirm tailimh do sholáthar don tsealbhaire sin in ionad agus in áit an phraghais no an chúitimh no na coda dhe is iníoctha ag an Aire leis an sealbhaire sin fén Acht san.

[EN]

(2) Chun crícheanna fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht Leictreachais na Sionainne, 1925, tuigfar go n-údaruítear leis an Acht san don Aire talamh do thógaint chun malairt chóiríochta do sholáthar fén alt so, agus dá réir sin féadfidh an tAire talamh do thógaint chun na críche sin fén alt san 4 agus tuigfar i dtaobh tailimh a tógfar amhlaidh gur fén Acht san do tógadh é agus bainfidh an tAcht san leis an gcás dá réir sin.

[EN]

(3) Pé uair a sholáthróidh an tAire malairt chóiríochta fén alt so do shealbhaire thalmhan dílseofar an mhalairt chóiríochta san sa tsealbhaire sin fé réir na n-iontaobhas, na muirear, na bhfiachas, agus na n-eirí go raibh an talamh do tógadh go héigeanta ón sealbhaire sin fé n-a réir díreach sarar thóg an tAire é.

[EN]

(4) Chun go mbainfidh an t-alt so le malairt chóiríochta do sholáthar i gcás tailimh a bheidh ar seilbh ag údarás áitiúil chun crícheanna na Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919, agus a thógfidh an tAire go héigeanta agus go buan fé sna comhachta a bronntar air chuige sin le hAcht Leictreachais na Sionainne, 1925, tuigfar gurb é an t-údarás áitiúil sin is sealbhaire ar an talamh san agus, ar an talamh a soláthrófar mar mhalairt chóiríochta don údarás áitiúil sin fén alt so, féadfidh an tAire bothóga do chur suas is cosúil, sa mhéid gur féidir é, ina ndéanmhacht agus ar gach slí eile, leis na bothóga do bhí curtha suas ar an talamh do bhí ar seilbh ag an údarás áitiúil sin chun na gcrícheanna roimhráite agus do thóg an tAire go héigeanta mar adubhradh, agus bainfidh na Labourers (Ireland) Acts, 1883 to 1919, leis an talamh a soláthrófar amhlaidh mar mhalairt chóiríochta fén alt so ar gach slí díreach mar do bhaineadar leis an talamh, do thóg an tAire go héigeanta amhlaidh, díreach roimh an tógaint sin.

[EN]

Talamh do thógaint chun bearraicí do chur suas.

83.—(1) Féadfidh an tAire aon talamh do thógaint go héigeanta agus go buan chun bearraicí do chur suas air no chun é d'úsáid mar bhearraicí i gcóir balla d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann no den Ghárda Síochána a bheidh ag cosaint no ag caomhaint oibreacha na Sionainne.

[EN]

(2) Chun crícheanna fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) tuigfar go n-údaruítear leis an Acht san don Aire aon talamh do thógaint chun na gcrícheanna roimhráite, agus dá réir sin féadfidh an tAire talamh do thógaint chun na gcrícheanna san fén alt san 4, agus tuigfar i dtaobh aon tailimh a tógfar amhlaidh gur fén Acht san do tógadh é agus bainfidh an tAcht san leis an gcás dá réir sin.

[EN]

Piolóirí, polaí, etc., do dhílsiú san Aire.

84.—(1) Aon phiolóir, pola, seasán, no déanmhacht eile a cuirfar suas ag an Aire fé fhorálacha Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925), no ag connarthóir ag gníomhú fé ordú ón Aire fén Acht san, ar aon talamh nár thóg an tAire fén Acht san, agus gur chun aon tsreang, atharuitheoir, no meaisínteacht eile, i gcóir no i dtaobh iompair leictreachais, do chimeád suas a cuirfar suas amhlaidh é, ní dhílseoidh sé in únaer an tailimh sin agus gach piolóir, pola, seasán, no déanmhacht eile den tsórt san a cuirfar suas mar adubhradh beidh agus fanfa sé ina mhaoin ag an Aire.

[EN]

(2) Féadfidh an tAire agus fós an Bord dul isteach gach tráth réasúnta ar aon talamh den tsórt san roimhráite chun aon phio lóir, pola, seasán, no déanmhacht eile den tsórt san roimhráite d'athnuachaint no do dheisiú no do choinneáil i dtreo ar aon tslí eile agus gach ní no rud do dhéanamh san áit sin is dó leis an Aire no leis an mBord (pe'ca aca é) do bheith riachtanach i gcóir an choinneáil-i-dtreo san no do bheith ag gabháil leis sin.

[EN]

Forálacha i dtaobh tailte áirithe a tógfar fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925.

85.—(1) Pé uair a bheartóidh an tAire aon ghabháltas de thailtetionóntuithe le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923 (Uimh. 42 de 1923) do thógaint go buan, agus a ragha sé isteach air, do réir na gcomhacht a bronntar air le fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925), tiocfidh an tAire chun bheith freagarthach do Choimisiún na Talmhan san íocaíocht in ionad cíosa is iníoctha ar an ngabháltas san díreach fé is dá ndineadh tionónta an ghabháltais sin an gabháltas san do shanna don Aire an lá do chuaidh an tAire isteach air.

[EN]

(2) Pé uair a bheartóidh an tAire cuid, agus an méid sin amháin, de ghabháltas de thailte tionóntuithe le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923, do thógaint go buan, agus a ragha sé isteach uirthi, do réir na gcomhacht roimhráite déanfar an cíos, an riaráiste cíosa socruithe, an íocaíocht in ionad cíosa agus an riail-bhlianacht cheannaigh do chionroinnt i pé slí is dó le Coimisiún na Talmhan do bheith oiriúnach agus tuigfar gur gabháltaisí fé leith le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923, coda uile agus fé seach an ghabháltais sin, agus i gcás gabháltais bhreithiúntais tuigfar gur cíosanna cúirte fé leith coda cothromúla uile agus fé seach an bhun-chíosa chúirte, agus tiocfidh an tAire chun bheith freagarthach do Choimisiún na Talmhan i pé cion, den íocaíocht in ionad cíosa is iníoctha ar an ngabháltas iomlán, do cionroinneadh ar an gcuid den ghabháltas san do thóg sé, díreach fé is dá ndineadh tionónta na coda san an chuid sin do shanna don Aire an lá do chuaidh an tAire isteach uirthi.

[EN]

(3) Pé uair a bheartóidh an tAire aon tailte a bheidh, leo féin no i dteanta tailte eile, fé aon bhlianacht is iníoctha le Coimisiún na Talmhan do thógaint go buan, agus a ragha sé isteach ortha, do réir na gcomhacht roimhráite, tiocfa sé chun bheith freagarthach in íoc na blianachta no pé cion de a chionroinnfidh Coimisiún na Talmhan ar na tailte do thóg sé, díreach fé is dá ndineadh dílseánach na dtailte sin na tailte sin d'aistriú chun an Aire an lá do chuaidh sé isteach ortha.

[EN]

(4) Féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, aon tailte do cheannach o Choimisiún na Talmhan is abhar do ghabháltas no do chuid de ghabháltas—

[EN]

(a) le n-a mbaineann an tAcht Talmhan, 1923, agus

[EN]

(b) gur dhin no go ndéanfidh an tAire leas an tionónta ann do thógaint, roimh rith an Achta so no dá éis sin, do réir na gcomhacht a bronntar air chuige sin le hAcht Leictreachais na Sionainne, 1925,

[EN]

ar gach slí díreach fé is dá mb'é an tAire ba thionónta air.

[EN]

(5) Chun crícheanna aon cheannaigh den tsórt san roimhráite beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, d'ainneoin éinní atá in Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925), sé sin le rá:—

[EN]

(a) an t-ordú atá idir Coimisiún na Talmhan agus únaer an leasa is ísle sna tailte sin agus is leas is indíolta fé sna Achtanna Talamh-Cheannaigh, leanfa sé de bheith ann,

[EN]

(b) dílseoidh na tailte sin i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha,

[EN]

(c) na cirt atá ag únaer na dtailte sin maidir leis an suim is có-ionann leis an méid a bheidh le bailiú mar íocaíocht in ionad cíosa agus maidir leis an airgead ceannaigh, leanfid de bheith aige.

[EN]

Saoirse o dhiúité stampa.

86.—Ní bheidh aon diúité stampa iníoctha ar aon leithliú ná aistriú a déanfar chun an Aire ar aon tailte, áitreabh, no maoin eile a thógfa sé do réir a chomhacht chuige sin fé fhorálacha Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) ná ar aon chonnra ná có-aontú chun aon leithliú no aistriú den tsórt san do dhéanamh.

[EN]

CUID V.

Ilghneitheach agus Generalta.

[EN]

Líon na n-eadarascánaithe.

87.—Einní no aon rud go n-orduítear leis an Acht so, no le haon ordú no rialachán a bheidh déanta fé, go socrófí é ag eadarascánaí a cheapfidh an tAire, socrófar é ag aon eadarascánaí amháin den tsórt san no ag pé líon eadarascánaithe is mó ná san agus a ordóidh an tAire maidir le gach ní fé leith den tsórt san, agus pé uair a ordóidh an tAire go socrófí éinní den tsórt san ag níos mó ná aon eadarascánaí amháin, ansan, gach tagairt san Acht so don Aire do cheapa eadarascánaí no don eadarascánaí a ceapfar amhlaidh, léireofar í, maidir leis an ní sin, mar thagairt don cheapa san ar an líon san eadarascánaithe no don líon san eadarascánaithe a ceapfar amhlaidh.

[EN]

Féadfidh an tAire eadarascánaithe do cheapa.

88.—(1) Féadfidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an bPríomh-Atúrnae, duine ceart oiriúnach do cheapa chun bheith ina eadarascánaí chun éinní do shocrú go n-orduítear leis an Acht so, no le haon ordú no rialachán a bheidh déanta fé, go socrófí é ag eadarascánaí a cheapfidh an tAire.

[EN]

(2) Íocfar le gach eadarascánaí a ceapfar fén Acht so, ar scór gach eadarascáin a dhéanfa sé fén Acht so, pé táille a shocróidh an tAire le haontú an Aire Airgid agus íocfar an táille sin ag pé páirtí chun an eadarascáin sin no ag na páirtithe chun an eadarascáin sin do réir pé coinúireachtaí a shocróidh an t-eadarascánaí ina mhola.

[EN]

(3) Beidh ag gach eadarascánaí a ceapfar fén Acht so comhacht, tré fhógra i scríbhinn fé n-a láimh, chun fínnithe do ghairm agus chun a cheangal ar dhaoine leabhair agus scríbhinní eile do thabhairt i láthair, agus éinne a gairmfar amhlaidh agus go dteipfidh air teacht i láthair no a dhiúltóidh d'fhianaise do thabhairt i láthair an eadarascánaí sin agus éinne go dteipfidh air aon leabhar no scríbhinn eile no a dhiúltóidh d'aon leabhar no scríbhinn eile do thabhairt i láthair a bheidh ceangailte air amhlaidh a thabhairt i láthair, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

[EN]

(4) Gach fianaise a tabharfar i láthair eadarascánaí a ceapfar fén Acht so is fé mhionn a tabharfar í agus tugtar comhacht leis seo don eadarascánaí sin daoine do chur fén mionn san, agus éinne a thabharfidh fianaise bhréagach i láthair aon eadarascánaí den tsórt san beidh sé ciontach i mionn éithigh agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin.

[EN]

(5) Beidh ag eadarascánaí a ceapfar fén Acht so comhacht chun a chostaisí agus a chaithteachaisí maidir leis an eadarascán no le haon chuid de do mhola d'aon pháirtí chun an eadarascáin, do réir mar is rogha leis an eadarascánaí é, agus a n-íoc leis an bpáirtí sin do chur ar aon pháirtí eile chun an eadarascáin sin, agus pé uair a dhéanfidh aon eadarascánaí den tsórt san aon chostaisí no caithteachaisí den tsórt san do mhola amhlaidh beidh comhacht aige méid na gcostaisí agus na gcaithteachaisí a molfar amhlaidh do shocrú.

[EN]

(6) Beidh ag eadarascánaí a ceapfar fén Acht so comhacht chun an t-eadarascán do chur ar athló fé mar is oiriúnach leis agus beidh comhacht aige fós chun iniúcha agus scrúdú do dhéanamh, agus chun dul isteach chuige sin, ar aon tailte agus áitreabh is abhar don eadarascán no 'na mbeidh an t-eadarascán á dhéanamh ina dtaobh.

[EN]

Síntiúisí do chomhlachaisí áirithe.

89.—(1) Féadfidh an Bord agus fós aon ghnóthaire údaruithe le toiliú an Bhúird pé suimeanna is oiriúnach (i gcás an Bhúird) leis an mBord agus (i gcás gnóthaire údaruithe) leis an ngnóthaire údaruithe sin do thabhairt d'aon chomhlachaisí, de dhaoine ag gabháil do gheiniúint, do sholáthar no do roinnt leictreachais, a bheidh bunuithe chun có-leasanna na ndaoine sin do chur ar aghaidh, agus d'aon chumainn a bheidh bunuithe chun saothrú agus úsáid leictreachais do chur ar aghaidh agus chun eolas agus oideachas maidir le leictreachas do chur i bhfeabhas.

[EN]

(2) Féadfidh an Bord agus fós aon ghnóthaire údaruithe le toiliú an Bhúird na costaisí réasúnta d'íoc a bhainfidh (i gcás an Bhúird) le haon bhall den Bhord no oifigeach no seirbhíseach don Bhord do bheith i láthair ag aon chódháil no cruinniú d'aon chomhlachas den tsórt san roimhráite agus a bhainfidh (i gcás gnóthaire údaruithe) le héinne do bheith i láthair amhlaidh a cheapfidh an gnóthaire sin chun bheith mar ionadaí dho ag an gcódháil no ag an gcruinniú san.

[EN]

Cúl-tsoláthar.

90.—(1) D'ainneoin éinní san Acht so ná in aon Acht eile ná in aon ordú a bheidh déanta fé aon Acht den tsórt san, ní bheidh duine i dteideal soláthar leictreachais d'éileamh ná leanúint d'é d'fháil ón mBord ná o ghnóthaire údaruithe chun crícheanna cúltsoláthair agus chuige sin amháin, i gcóir aon áitreibh ag á mbeidh soláthar fé leith de leictreachas no soláthar (in úsáid no ullamh chun a úsáidthe chun na gcrícheanna chun a mbeidh an cúltsoláthar de leictreachas ag teastáil) de gheas, de ghail, no de shaghas eile nirt, mara mbeidh có-aontú déanta aige leis an mBord no leis an ngnóthaire údaruithe sin (pe'ca aca é) chun pé suim bhliantúil mhinimum d'íoc, suim a socrófar (i gcás aon aighnis no ceiste) sa tslí a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, a thabharfidh don Bhord no don ghnóthaire údaruithe (pe'ca aca é) proifit réasúnta as an gcaithteachas caipitiúil fé n-a raghfar i dtabhairt an cúltsoláthair sin agus a ghlanfidh muirir sheasaimh eile fé n-a raghfar chun an t-éileamh maximum do shásamh is féidir a bheith ann i gcóir an áitreibh sin.

[EN]

(2) Má eiríonn aon aighneas no ceist idir éinne agus gnóthaire údaruithe i dtaobh méid suime bliantúla minimum den tsórt san roimhráite socróidh an Bord an t-aighneas no an cheist sin agus má eiríonn aon aighneas no ceist den tsórt san idir éinne agus an Bord socrófar an t-aighneas no an cheist sin ag an Aire no, más oiriúnach leis an Aire é, ag eadarascánaí a cheapfidh seisean.

[EN]

Línte, etc., leictreachais i sráideanna no i spásanna oscailte no trasna ortha d'úsáid.

91.—(1) In aon chás roimh rith an Achta so 'nar dineadh aon líne no obair eile leictreachais in aon tsráid no spás oscailte, no os a chionn, fan é, trasna air, no fé, chun crícheanna leictreachais no 'nar dineadh í in aon tsuidheamh eile chun na gcrícheanna san i slí ná fuil sí dúnta isteach ar fad in aon fhoirgint ina bhféadfar aon líne no obair leictreachais do dineadh amhlaidh d'úsáid chun na críche sin, ní claoifear leis an líne no an obair leictreachais sin agus ní húsáidfar í ach do réir na rialachán a bheidh orduithe ag an mBord fén Acht so chun cosanta na puiblíochta agus chun cosanta línte agus oibreacha leictreachais eile a bheidh curtha go dleathach in aon tsuidheamh.

[EN]

(2) O am rithte an Achta so amach ní bheidh sé dleathach d'aon ghnóthaire údaruithe ná d'éinne eile aon obair den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do thosnú gan toiliú an Aire roimh bhunú an Bhúird agus gan toiliú an Bhúird tar éis bunú an Bhúird.

[EN]

(3) Mara gcólíontar forálacha an ailt seo féadfidh an Bord, tré fhógra i scríbhinn, a éileamh ar an té gur leis no a úsáideann an líne no an obair leictreachais sin no atá i dteideal í d'úsáid an líne no an obair leictreachais d'aistriú.

[EN]

(4) Má theipeann ar aon ghnóthaire údaruithe no duine eile géille d'fhógra do sheirbheáil an Bord air fén alt so, beidh an gnóthaire údaruithe no an duine eile sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air agus féadfidh aon chúirt údaráis achmair, ar ghearán do bheith déanta léi, ordú do dhéanamh á ordú agus á údarú don duine sin aon líne no obair leictreachais a bheidh luaidhte sa bhfógra san d'aistriú agus san ar pé téarmaí is oiriúnach leis an gcúirt sin.

[EN]

(5) I gcás ina bhfuighfar toiliú an Bhúird le haon líne leictreachais do chur os cionn tailimh ní bheidh gá le toiliú an údaráis áitiúla d'ainneoin éinní contrárdha dho san san Acht so ná in aon Acht eile ná in aon Ordú Sealadach no Acht speisialta i dtaobh an ghnótha, ach sara dtoileoidh an Bord tabharfa sé caoi don údarás áitiúil ar éisteacht d'fháil.

[EN]

Leictreachas a soláthrófar do chuideachta bhóthair iarainn, etc., d'úsáid.

92.—D'ainneoin éinní atá in aon Acht no Ordú, féadfidh aon chuideachta no údarás is únaerí no is léasaithe do ghnó bhóthair iarainn, thrambhealaigh, dhuga, chuain, no chánala leictreachas a sholáthróidh gnóthaire údaruithe dhóibh laistigh dá cheanntar d'úsáid chun crícheanna tarraic no chun feithiclí no árthaí a bheidh á n-úsáid ar an mbóthar iarainn, ar an trambhealach, ar an duga, ar an gcuan, no ar an gcanáil no ar aon chuid d'aon cheann acu do shoillsiú no, fé réir toiliú an Bhúird leis, chun aon cheann d'áitreabhacha an chéanna do shoilsiú.

[EN]

Cosc do chur le fabhar do thaisbeáínt.

93.—Má bhíonn soláthar leictreachais curtha ar fáil in aon pháirt de líomatáiste chun crícheanna príobháideacha, ansan, ach amháin sa mhéid go bhforáltar a mhalairt tré théarmaí an orduithe no an Achta speisialta le n-a n-údaruítear an soláthar san, beidh ag gach éinne laistigh den pháirt sin den líomatáiste, ar a iarraidh san do, teideal chun soláthair ar na téarmaí céanna ar a mbeidh teideal ag éinne eile sa pháirt sin den líomatáiste, sa chás chéanna, chun a leithéide eile sin de sholáthar.

[EN]

Tabharfar fógra do ghnóthairí sara ndéanfar aistriú.

94.—(1) Tabharfidh gach úsáidire fógra ceithre huaire fichead a' chluig don ghnóthaire údaruithe i scríbhinn sara bhfágfa sé aon áitreabh dá mbeidh an gnóthaire údaruithe ag soláthar leictreachais agus, mara dtuga sé an fógra san, dlighfidh an t-úsáidire a fhágfidh amhlaidh an t-airgead d'íoc leis an ngnóthaire údaruithe a thiocfidh dlite ar scór an tsoláthair sin suas go dtí an chéad ghnáth-thréimhse eile chun an méid a bheidh tomhaiste ag an méadar san áitreabh san d'fháil amach, no go dtí an dáta óna n-éileoidh aon tsealbhaire ina dhiaidh sin san áitreabh san ar an ngnóthaire údaruithe neart leictriciúil do sholáthar don áitreabh san, pe'ca am acu is túisce ann.

[EN]

(2) Tabharfar fógra i dtaobh brí an ailt seo do gach úsáidire ar shlí no ar shlite acu so a leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tríd an bhfógra san do chur i ngach có-aontú a déanfar le húsáidire, no

[EN]

(b) tríd an bhfógra san do sheirbheáil go speisialta ar gach úsáidire, no

[EN]

(c) tríd an bhfógra san do chur i gcúl-scríbhinn ar gach nóta éilimh um éilithe ar son leictreachais.

[EN]

Beidh có-aontuithe um leictreachas do sholáthar saor o dhiúité stampa.

95.—Tuigfar gur earraí, áirnéis, no áirnéis cheannaíochta leictreachas chun críche alt a naoi caogad den Stamp Act, 1891 (a dhineann connartha áirithe ionchurtha fé dhiúité stampa mar leithlithe iar ndíol), agus fós chun crícheanna na saoirse darb uimhir 3 fén mírcheann “Agreement or any memorandum of an agreement” agus atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

[EN]

Beidh oibreacha na Sionainne saor o rátaí.

96.—Faid a bheidh oibreacha na Sionainne (agus aon chuid díobh d'áireamh a bheidh tugtha ar leithligh i seilbh an Bhúird ag an Aire fén Acht so) ar seilbh agus fé n-a stiúra ag an mBord amháin, beid saor o cháinmheas i gcóir ráta dhealbhais agus fós o cháinmheas i gcóir aon ráta eile a ghearrfidh údarás áitiúil.

[EN]

Comhacht chun có-aontuithe do chólíona.

97.—Pé uair a bheidh sé údaruithe d'aon ghnóthaire údaruithe leis an Acht so no fé có-aontú no socrú do dhéanamh le haon ghnóthaire údaruithe eile no le héinne eile chun aon chríche, beidh sé dleathach, fé réir forálacha an Achta so, don ghnóthaire údaruithe sin no don duine eile sin an có-aontú no an socrú san do dhéanamh agus do chur in éifeacht.

[EN]

Féadfidh an Bord no gnóthaire údaruithe crainn do scotha.

98.—(1) Féadfidh an Bord agus fós aon ghnóthaire údaruithe aon chrann, tor, no fál a bheidh sa tslí, no ag cur isteach, ar aon tsreanganna leictreachais leis an mBord no leis an ngnóthaire údaruithe sin do scotha no do ghearra.

[EN]

(2) Sara ndéanfa sé aon chrann, tor, no fál do scotha no do ghearra fén alt so tabharfidh an Bord no an gnóthaire údaruithe sin do shealbhaire an tailimh no, i gcás bóthair no sráide, don údarás áitiúil ar a mbeidh sé de chúram an bóthar no an tsráid sin do choinneáil i dtreo ar a bhfuil an crann, an tor, no an fál san ina sheasamh, fógra seacht lá go bhfuil sé chun an céanna do scotha no do ghearra agus, más mian san leis an sealbhaire sin no leis an údarás áitiúil sin (pe'ca aca é) agus go gcuirfe sé in úil don Bhord no don ghnóthaire údaruithe sin laistigh den seacht lá san é, féadfidh an sealbhaire sin féin no an t-údarás áitiúil sin féin an scotha no an gearra san do dhéanamh.

[EN]

(3) Nuair a dhéanfidh sealbhaire tailimh aon chrann, tor, no fál do ghearra no do scotha fén alt so déanfidh an Bord no an gnóthaire údaruithe sin (pe'ca aca é) an costas fé n-a raghaidh an sealbhaire sin ag déanamh na hoibre sin d'íoc leis ar a éileamh san do, agus mara gcó-aontuítear i dtaobh méid na gcostas san socrófar é ag eadarascánaí a cheapfidh an tAire más ag an mBord a bheidh sé iníoctha, no ag an mBord más ag an ngnóthaire údaruithe sin a bheidh sé iníoctha.

[EN]

Comhacht chun soláthar do stop.

99.—Má thugann éinne faillí in íoc do dhéanamh in aon éileamh ar son leictreachais no in aon tsuim eile a bheidh ag an mBord no ag gnóthaire údaruithe air ar scór leictreachas do sholáthar do, féadfidh an Bord no an gnóthaire údaruithe sin (pe'ca aca é) an soláthar san do stop, agus chuige sin féadfa sé aon líne leictreachais, no obair eile tré n-ar féidir leictreachas do sholáthar, do ghearra no do dhí-cheangal, agus féadfa sé eirghe as leictreachas do sholáthar don duine sin go dtí go mbeidh lán-íoc déanta san éileamh no sa tsuim eile sin, maraon le haon chostaisí fé n-ar chuaidh an Bord no an gnóthaire údaruithe sin ag stop an tsoláthair leictreachais sin mar adubhradh, ach ní níos sia ná san.

[EN]

Na costaisí a bhainfidh le hatharuithe riachtanacha áirithe.

100.—Má dhineann aon duine éinní no aon rud a bheidh údaruithe don duine sin, tré aon reacht no fé, a dhéanamh agus gur gá dá dhruim atharú do dhéanamh ar aon pháirt d'aon chóir iompair no d'aon chóir roinneacháin a bheidh dílsithe sa Bhord de thurus na huaire, déanfidh an Bord an t-atharú san, agus íocfidh an duine sin roimhráite leis an mBord na costaisí fé n-a raghaidh an Bord i ndéanamh an atharuithe sin, agus mara gcó-aontuítear i dtaobh méid na gcostas san a bheidh le n'íoc amhlaidh socrófar é ag eadarascánaí a cheapfidh an tAire.

[EN]

Aer-shreanganna do chur suas, etc.

101.—Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon aer-shreang do chur suas ná do bheith aige ná do chimeád ar siúl, chun teachtaireachtaí no scéalta eile do chur amach agus do ghlaca, no chun a gcurtha-amach amháin no chun a nglactha amháin, tré radio-thelegrafaíocht, in aon áit no ionad a toirmiscfar leis na rialacháin a bheidh déanta ag an mBord fén Acht so i dtaobh aer-shreanganna den tsórt san do chur suas agus do chimeád ar siúl.

[EN]

Faidiú na haimsire chun oibreacha leictreachais do dhéanamh.

102.—(1) D'ainneoin éinní atá in aon Acht speisialta no in aon ordú sealadach no eile atá i bhfeidhm ar dháta rithte an Achta so, ag ceapa tréimhse aimsire chun aon oibreacha leictreachais do chríochnú a luaidhtear san Acht no san ordú san, féadfidh an Bord le hordú fén alt so—

[EN]

(a) an aimsir a luaidhtear san Acht no san ordú san, chun críochnuithe na n-oibreacha san, d'fhaidiú go ceann pé tréimhse breise a luaidhfidh an Bord chuige sin san ordú san, agus

[EN]

(b) féadfa sé, leis an ordú san no le haon ordú ina dhiaidh sin, a ordú na hoibreacha le n-a mbaineann an t-ordú san do dhéanamh fé réir na n-atharuithe (pe'ca atharú, cur leis no fágaint ar lár é) a bheidh luaidhte san ordú san.

[EN]

(2) An tAcht speisialta no an t-ordú sealadach no eile le n-a mbainfidh ordú a dhéanfidh an Bord fén alt so beidh aige, nuair a bheidh an t-ordú san déanta ag an mBord, éifeacht fé réir forálacha an orduithe sin.

[EN]

Geas-ghnóthairí údaruithe.

103.—(1) San alt so cialluíonn an focal “geas-ghnóthaire údaruithe” duine dá mbeidh sé údaruithe de thurus na huaire, le haon Acht áitiúil no pearsanta de Pháirlimint na Ríochta Aontuithe no le haon Acht príobháideach den Oireachtas no le haon ordú sealadach no eile do dineadh fé údarás reachtúil (pe'ca roimh bhunú Shaorstáit Éireann é no dá éis sin), geas do sholáthar don puiblíocht in aon líomatáiste áirithe agus, go mbeidh sé de cheart aige de thurus na huaire, de bhua an Achta no an Orduithe sin, geas do sholáthar sa líomatáiste sin amhlaidh, agus cialluíonn an focal “líomatáiste geas-soláthair” líomatáiste ina mbeidh sé údaruithe amhlaidh de thurus na huaire do gheasghnóthaire údaruithe geas do sholáthar don phuiblíocht agus fós ina mbeidh sé de cheart aige de thurus na huaire geas do sholáthar amhlaidh.

[EN]

(2) Féadfidh geas-ghnóthaire údaruithe, le toiliú an Aire agus d'ainneoin éinní contrárdha dho san san Acht no san ordú le n-ar ceapadh é chun bheith ina ghnóthaire den tsórt san, teacht chun bheith ina ghnóthaire údaruithe fén Acht so agus pé uair a cheapfidh an Bord geas-ghnóthaire údaruithe chun bheith ina ghnóthaire údaruithe féadfidh an Bord, le toiliú an Aire agus, má éilíonn an tAire é, déanfidh an Bord forálacha, teoranta, agus coiníollacha speisialta (agus cimeád cuntaisí fé leith d'áireamh) do chur isteach san ordú speisialta le n-a ndéanfar an ceapa san, pé cinn is dó leis is ceart no a éileoidh an tAire (pe'ca aca é) agus, leis an toiliú céanna, féadfidh an Bord go sonnrách, tríd an ordú speisialta san, a údarú don ghnóthaire sin a chistí d'úsáid agus caipital do chruinniú agus airgead d'fháil ar iasacht chun crícheanna an ghnótha leictreachais a húdarófar leis an ordú san agus féadfa sé fós líomatáiste soláthair d'ordú a bheidh chó mór le líomatáiste geas-soláthair an ghnóthaire sin no níos mó no níos lú ná é.

[EN]

(3) Le toiliú an Aire féadfidh geas-ghnóthaire údaruithe, agus é ag iarraidh ordú speisialta ar an mBord a cheapfadh é chun bheith ina ghnóthaire údaruithe, a chistí do chaitheamh le déanamh gach ní is gá go réasúnta chun no i dtaobh an t-ordú san d'fháil no tabhairt fé n-a fháil.

[EN]

Geas-ghnóthaire do shaora ón oblagáid geas do sholáthar.

104.—(1) I gcás ina mbeidh sé údaruithe d'aon gheasghnóthaire, le haon Acht speisialta, Ordú Sealadach no eile no ceadúnas, geas do sholáthar in aon líomatáiste a bheidh laistigh de líomatáiste sholáthair ghnóthaire údaruithe, agus ina mbeidh an geas-ghnóthaire sin, de bhua an Achta, an Orduithe, no an cheadúnais sin, fé aon oblagáid, generálta no teoranta, geas do sholáthar ar a éileamh san air, féadfidh an tAire, ar iarratas an gheas-ghnóthaire sin, fiosrú do dhéanamh ar a mbaineann leis an scéal, agus más deimhin leis gur leor a soláthruítear de leictreachas d'aon pháirt áirithe den líomatáiste sin, agus go bhfuil geas do sholáthar sa pháirt áirithe sin tar éis scur de bheith cúiteamhach don gheas-ghnóthaire sin agus gur cóir an geas-ghnóthaire sin do shaora ón oblagáid geas do sholáthar ar a éileamh san air mar adubhradh, féadfidh an tAire, más rogha leis é, ordú do dhéanamh ag saora an gheas-ghnóthaire sin ón oblagáid sin laistigh den pháirt áirithe sin den líomatáiste sin i bpáirt no go hiomlán agus ar pé téarmaí agus coiníollacha is oiriúnach leis.

[EN]

(2) O dháta ordú fén alt so agus dá éis sin, déanfar an geasghnóthaire le n-a mbaineann an t-ordú do shaora, laistigh den líomatáiste sin agus sa mhéid agus ar na téarmaí agus ar na coiníollacha a bheidh luaidhte san ordú, ón oblagáid sin geas do sholáthar ar a éileamh san air.

[EN]

(3) Na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire maidir le hordú do dhéanamh fén alt so no maidir le haon fhiosrú a bhaineann le n-a leithéid sin d'ordú do dhéanamh (pe'ca déanfar ordú no ná déanfar) beidh a n-ualach agus a n-íoc ar an ngeas-ghnóthaire gur ar a iarratas a dineadh an fiosrú no an t-ordú.

[EN]

Cuid áirithe d'fheidhmeanna Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí d'aistriú chun an Bhúird.

105.—(1) Féadfidh an Ard-Chomhairle le hordú aistriú, ón Aire no o Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn (dá ngairmtear na Coimisinéirí san alt so) fé seach chun an Bhúird, do dhéanamh ar gach ceann no aon cheann de sna feidhmeanna, de sna comhachta, agus de sna dualgaisí a bronntar no a cuirtar, le haon reacht no fé, ar an Aire no ar na Coimisinéirí (pe'ca aca é) maidir le cúram no le cimeád slí loingseoireachta no dréineáil Abha na Sionainne no aon cheann dá suaimhneacháin no oibreacha do dineadh chun feabhas do chur ar an slí loingseoireachta no ar an dréineáil sin, agus féadfidh aon ordú den tsórt san aistriú do dhéanamh ar gach ceann no aon cheann de sna feidhmeanna, de sna comhachta, agus de sna dualgaisí sin, a bhaineann leis an iomlán no le haon chodacha no cuid áirithe den Abhainn sin no d'aon cheann dá suaimhneacháin.

[EN]

(2) I gcás nách féidir do sna Coimisinéirí, toisc oibreacha na Sionainne do bheith ann, na feidhmeanna agus na comhachta d'fheidhmiú ná na dualgaisí do chólíona, a bronntar no a cuirtar ortha le haon reacht den tsórt san roimhráite, do réir forálacha an reachta san feidhmeoidh na Coimisinéirí na feidhmeanna agus na comhachta san agus cólíonfid na dualgaisí sin chó fada agus is féidir é do réir forálacha an reachta san agus na hoibreacha san ann, agus tar éis don Ard-Chomhairle ordú do dhéanamh fén alt so, ag aistriú gach ceann no aon cheann de sna feidhmeanna, de sna comhachta agus de sna dualagaisí sin chun an Bhúird, feidhmeoidh an Bord na feidhmeanna agus na comhachta agus cólíonfa sé na dualgaisí, le n-a mbaineann an t-ordú san, chó fada agus is féidir é do réir forálacha an reachta san agus na hoibreacha san ann.

[EN]

(3) Pé uair a haistreofar aon fheidhmeanna, comhachta, no dualgaisí chun an Bhúird le hordú fén alt so, féadfidh an Ard-Chomhairle, leis an ordú céanna no le haon ordú ina dhiaidh sin, a údarú don Bhord agus a cheangal air gach ceann no aon cheann de sna feidhmeanna, de sna comhachta, agus de sna dualgaisí sin d'fheidhmiú agus do chólíona maidir le gach ceann no aon cheann de sna cánalacha, de sna biordhóirse, de sna calaidh, de sna piaranna, de sna háiteanna calaíochta, de sna céibheanna, no de sna hoibreacha eile do dhin an tAire fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925), agus ar bheith déanta den ordú san tuigfar na hoibreacha le n-a mbaineann an t-ordú san do bheith ar na hoibreacha go bhfuil na feidhmeanna, na comhachta, agus na dualgaisí sin infheidhmithe ina dtaobh de bhua an reachta le n-ar cruthnuíodh an céanna agus déanfar an reacht san (fé pé atharuithe, más ann dóibh, a bheidh luaidhte san ordú san) do léiriú agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

(4) Pé uair a haistreofar aon fheidhmeanna, comhachta, no dualgaisí o sna Coimisinéirí chun an Bhúird le hordú fén alt so féadfidh an Ard-Chomhairle, leis an ordú céanna no le haon ordú ina dhiaidh sin, gach ceann no aon cheann de sna biordhóirse, de sna tithe biordhorais, de sna coraí eascon, no den mhaoin eile d'aistriú chun an Bhúird agus do dhílsiú sa Bhord, do bhí, díreach roimh dháta an orduithe sin, dílsithe sna Coimisinéirí agus in úsáid acu chun críche no i dtaobh feidhmiú no cólíona na bhfeidhmeanna, na gcomhacht, no na ndualgaisí a haistrítear amhlaidh no chun ioncum do sholáthar chun na feidhmeanna, na comhachta no na dualgaisí sin d'fheidhmiú no do chólíona.

[EN]

(5) Pé uair a haistreofar aon fheidhmeanna, comhachta, no dualgaisí o sna Coimisinéirí chun an Bhúird le hordú fén alt so féadfidh an Ard-Chomhairle, leis an ordú céanna no le haon ordú ina dhiaidh sin, éinne a bheidh ar fostú ag na Coimisinéirí i dtaobh no chun críche feidhmiú no cólíona na bhfeidhmeanna, na gcomhacht no na ndualgaisí sin d'aistriú o sheirbhís na gCoimisi neirí chun seirbhís an Bhúird agus leis sin tiocfidh gach duine a haistreofar amhlaidh chun bheith agus beidh sé ina sheirbhíseach don Bhord ar na téarmaí céanna, maidir le luach saothair agus le haois-liúntas, pinsean, no aisce (más ann do), ar a raibh sé ar fostú ag na Coimisinéirí díreach roimh an aistriú san agus chun críche an aois-liúntais, an phinsin, no na haisce sin (más ann do) beidh sé i dteideal a thréimhse sheirbhíse leis na Coimisinéirí d'áireamh mar sheirbhís leis an mBord.

[EN]

(6) Pé uair a haistreofar aon fheidhmeanna, comhachta, no dualgaisí o sna Coimisinéirí chun an Bhúird le hordú fén alt so féadfidh an Ard-Chomhairle, leis an ordú céanna no le haon ordú ina dhiaidh sin, a chur d'oblagáid ar an mBord íoc do dhéanamh, o dháta an orduithe sin, in aon phinsean a bheidh, ar dháta an orduithe sin, iníoctha ag na Coimisinéirí le duine do bhí ar fostú roimhe sin ag na Coimisinéirí i dtaobh no chun críche feidhmiú no cólíona na bhfeidhmeanna, na gcomhacht, agus na ndualgaisí sin, agus leis sin tiocfidh an Bord chun bheith agus beidh sé freagarthach sna Coimisinéirí do shlánú ar gach fiachas agus ar aon fhiachas maidir leis an bpinsean san o dháta an orduithe sin.

[EN]

(7) Féadfidh ordú a dhéanfidh an Ard-Chomhairle fén alt so, ag aistriú aon fheidhmeanna, comhachtanna no dualgaisí o sna Coimisinéirí chun an Bhúird, a rá go ndineann sé agus, má deir sé é, déanfa sé a cheangal ar an mBord cuntas fé leith do chimeád maidir le hé d'fheidhmiú na bhfeidhmeanna agus na gcomhacht agus do chólíona na ndualgas le n-a mbaineann an t-ordú san agus féadfa sé fós a rá go ndineann sé agus, má deir sé é, déanfa sé, maidir leis na feidhmeanna, na comhachta agus na dualgaisí le n-a mbaineann an t-ordú san, a bhfeidhmiú agus a gcólíona san do cheangal ar oifigigh agus ar sheirbhísigh don Bhord a bheidh ar fostú aige maidir leis na feidhmeanna, na comhachta agus na dualgaisí sin amháin.

[EN]

(8) Ní thiocfidh aon ordú a déanfar fén alt so i ngníomh go dtí go leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus go gceadófar é le rún a rithfidh gach Tigh den Oireachtas.

[EN]

Toirmeasc ar loingseoireacht in Abha na Sionainne i dtréimhsí áirithe.

106.—(1) Aon uair sara mbeidh tabhairt oibreacha na Sionainne i seilbh an Bhúird fén Acht so críochnuithe, féadfidh an tAire le hordú, d'ainneoin aon achtacháin le n-a bhfaisnéistear gur abha intseolta phuiblí Abha na Sionainne, loingseoireacht ar no in Abha na Sionainne no ar no in aon chuid áirithe dhi a bheidh luaidhte san ordú san do thoirmeasc ar feadh na tréimhse aimsire a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san más oiriúnach leis an Aire san do dhéanamh chun na gcrícheanna a bhaineann le hoibriú oibreacha na Sionainne no le déanamh éinní no aon ruda a údaruíonn Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) don Aire a dhéanamh.

[EN]

(2) I gcás ina ndéanfar, de dhruim ordú a bheidh déanta ag an Aire fén bhfo-alt san roimhe seo ag toirmeasc loingseoireachta in no ar Abha na Sionainne no in no ar aon chuid áirithe dhi, deire no srian do chur le haon cheart uisce, ceart iascaigh, no ceart eile, a bheidh ann i dtaobh Abha na Sionainne no i dtaobh an choda dhi le n-a mbaineann an t-ordú san, no cur isteach ar aon tslí eile air, tuigfar chun crícheanna fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) go n-údaruítear leis an Acht san deire no srian do chur leis an gceart uisce, leis an gceart iascaigh, no leis an gceart eile sin no cur isteach air agus bainfidh an tAcht san leis an gcás dá réir sin.

[EN]

(3) Nuair a bheidh tabhairt oibreacha na Sionainne i seilbh an Bhúird fén Acht so críochnuithe, ansan, chun na gcrícheanna a bhaineann le hoibriú oibreacha na Sionainne no le feidhmiú aon cheann de sna comhachta no le cólíona aon cheann de sna dualgaisí no de sna feidhmeanna a bronntar agus a cuirtar ar an mBord leis an Acht so no fé, féadfidh an Bord le hordú, d'ainneoin aon achtacháin den tsórt san roimhráite, loingseoireacht in no ar Abha na Sionainne no in no ar aon chuid áirithe dhi a bheidh luaidhte san ordú san do thoirmeasc ar feadh pé tréimhse teoranta aimsire a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san agus a theastóidh ón mBord chun na gcrícheanna roimhráite.

[EN]

(4) Déanfidh agus déarfidh gach ordú a déanfar fén alt so a thoirmeasc ar éinne gluaiseacht le haon bhád, báirse, lictéir ná árthach eile in ná ar uiscí Abha na Sionainne, ná in ná ar an gcuid di a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san, i rith na tréimhse aimsire a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san.

[EN]

(5) Gach éinne a sháróidh forálacha ordú a bheidh déanta fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

[EN]

Comhachta, etc., fé sna Weights and Measures Acts d'aistriú.

107.—Na comhachta, na feidhmeanna agus na dualgaisí a bhaineann le méadair, no le happaratus no fearaistí eile leictreachais, a húsáidtear no atá ceaptha le húsáid chun caindíochtaí leictreachais do thomhas no do shocrú, agus a bronntar agus a cuirtear ar an Aire leis na Weights and Measures Acts, 1878 to 1904, no le haon Acht eile do ritheadh roimh rith an Achta so no dá éis sin féadfidh an tAire le hordú iad do bhronna agus do chur ar an mBord agus ar bheith déanta don ordú san feidhmeoidh agus cólíonfidh an Bord iad.

[EN]

Apparatus d'iniúcha.

108.—Féadfidh aon oifigeach a cheapfidh an Bord no gnóthaire údaruithe gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh, gach tráth réasúnta, in aon áitreabh dá soláthruíonn no dar sholáthruigh an Bord no an gnóthaire údaruithe sin (pe'ca aca é) leictreachas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) iniúcha do dhéanamh ar na línte, na méadair, na méaduitheoirí, na feistisí, na hoibreacha, agus an t-apparatus eile leictreachais a bheidh dá chuid féin ag an mBord no ag an ngnóthaire údaruithe sin chun leictreachas do sholáthar, no a bheidh ceangailte, go díreach no go nea-dhíreach, d'aon apparatus a bheidh dá chuid féin ag an mBord no ag an ngnóthaire údaruithe sin chun leictreachas do sholáthar,

[EN]

(b) a fháil amach cé méid leictreachais do húsáideadh no do soláthruíodh san áitreabh san,

[EN]

(c) an soláthar leictreachais don áitreabh san do stop nuair a bheidh teideal dleathach aige chun san do dhéanamh,

[EN]

(d) aon línte, méaduitheoirí, feistisí, oibreacha, no apparatus leictreachais de chuid an Bhúird no an ghnóthaire údaruithe sin do bhreith chun siúil nuair a bheidh teideal dleathach aige chun san do dhéanamh.

[EN]

(2) Féadfidh aon oifigeach den tsórt san roimhráite dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh, dá soláthruíonn no dar sholáthruigh an Bord no an gnóthaire údaruithe sin (pe'ca aca é) leictreachas, chun éinní do dhéanamh a údaruíonn an t-alt so dho a dhéanamh san áitreabh san.

[EN]

(3) Pé uair a fheidhmeoidh oifigeach don Bhord no do ghnóthaire údaruithe aon chomacht dá mbronntar leis an alt so leighisfidh an Bord no an gnóthaire údaruithe sin (pe'ca aca é) gach damáiste a thiocfidh as na comhachta san d'fheidhmiú.

[EN]

Toirmeasc ar abhar creimtheach do scaoile isteach in Abha na Sionainne.

109.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne, ach amháin le cead i scríbhinn ón mBord agus do réir na gcoiníoll a bheidh ráite sa chead san i dtaobh ama, áite, agus modha, aon tsubstaint cheimiciúil ná substaint eile (soladach ná fliuch), de shaghas do chreimfadh, do chuirfadh in aimhréidh, do stopfadh, do bhrisfadh, no do dhíobhálfadh ar aon tslí eile oibreacha na Sionainne no aon chuid díobh, do chur, do scaoile ná do leigint, go díreach ná go neadhíreach, as aon áitreabh no áit ná as aon árthach in ná isteach in Abha na Sionainne ná in ná isteach in aon chanáil no uiscebhealach saordha eile do dineadh fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925).

[EN]

(2) Gach éinne a chuirfidh, a scaoilfidh, no a leigfidh, go díreach no go nea-dhíreach, aon tsubstaint cheimiciúil no substaint eile (soladach no fluich) in no isteach in Abha na Sionainne no in no isteach in aon chanáil no uisce-bhealach saordha den tsórt roimhráite contrárdha don alt so, agus únaer an áitreibh no na háite no máistir agus fós únaer an árthaigh as a gcuirfar, as a scaoilfar no as a leigfar an tsubstaint sin amhlaidh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air agus, ina theanta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt in aghaidh gach lá a leanfidh an cionta.

[EN]

(3) San alt so ní fholuíonn an focal “Abha na Sionainne” aon chuid den abhainn sin laistíos de Parteen Villa ach foluíonn sé gach suaimhneachán don Abhainn sin a théigheann isteach inti lastuas de Parteen Villa agus gach loch, linn, canáil, no uiscebhealach saordha ar Abha na Sionainne, no i gceangal léi go díreach no go nea-dhíreach, lastuas de Parteen Villa.

[EN]

Bainfidh alt 4 den Conspiracy and Protection of Property Act,1875, le leictreachas.

110.—Bainfidh alt 4 den Conspiracy and Protection of Property Act, 1875 (i dtaobh sáruithe connartha ag daoine ar fostú in obair sholáthruithe geas no uisce) le daoine ar fostú ag an mBord no ag aon ghnóthaire údaruithe no gnóthaire ceaduithe díreach fé mar a bhaineann sé le daoine a luaidhtear san alt san, ach tagairtí do leictreachas do bheith ann in ionad na dtagairtí do gheas no d'uisce.

[EN]

Pionós mar gheall ar dhíobháil mhailíseach.

111.—Einne a ghearrfidh no a dhíobhálfidh aon líne no obair leictreachais go nea-dhleathach agus go mailíseach d'fhonn aon tsoláthar leictreachais do stop no do laigheadú beidh sé ciontach i bhfeleontacht agus dlighfar é do chimeád i bpian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná cúig bliana, no é do chur i bpríosún i dteanta no d'éamais daor-obair do chur air ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain.

[EN]

Cosaint do chirt, etc., an Aire Puist agus Telegrafa.

112.—Ní bhainfidh éinní san Acht so den Aire Puist agus Telegrafa aon chirt agus leighseanna atá aige fé sna Telegraph Acts atá ann fé láthair no fé aon oiriúnú reachtúil a dineadh ortha no fé éinní a cuireadh ina n-ionad le húdarás no fé údarás an Oireachtais.

[EN]

Athghairmeanna.

113.—Dintar leis seo na hAchtanna uile agus fé seach a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

Gearr-theideal.

114.—Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927, do ghairm den Acht so.

CEAD SCEIDEAL.

1. Gach éinne do bhí ar fostú ag gnóthaire údaruithe no ag gnóthaire reachtúil ar feadh tréimhse nár ghiorra ná dhá bhliain ná nár shia ná cúig bliana roimh an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus do bhí ar fostú amhlaidh ar dháta ordú do dineadh fén Acht so á éileamh ar an ngnóthaire sin scur de stáisiún gheiniúna d'úsáid mar stáisiún gheiniúna agus do chaill a fhostaíocht toisc gur scuireadh, do réir an orduithe sin, den stáisiún gheiniúna san d'úsáid mar stáisiún gheiniúna, beidh sé i dteideal aisce a háireofar do réir an séú cuid den luach saothair agus den tsochar oifige bhliantúil do bhí dho ar an 31adh lá de Mhárta, 1927, in aghaidh gach bliana iomláine dá fhostaíocht.

2. Gach éinne do bhí ar fostú ag gnóthaire údaruithe no ag gnóthaire reachtúil ar feadh tréimhse nár ghiorra ná cúig bliana roimh an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus do bhí ar fostú amhlaidh ar dháta ordú do dineadh fén Acht so á éileamh ar an ngnóthaire údaruithe sin no ar an ngnóthaire reachtúil sin scur de stáisiún gheiniúna d'úsáid mar stáisiún gheiniúna agus dar thárla, toisc gur scuireadh, do réir an orduithe sin, den stáisiún gheiniúna san d'úsáid mar stáisiún gheiniúna—

(a) a fhostaíocht do chailliúint, no

(b) scarúint le n-a fhostaíocht toisc gur ceangladh air dualgaisí do chólíona nár chosúil no ba bhreis nearéasúnta ar na dualgaisí do bhí ceangailte ag an ngnóthaire sin air do chólíona ar an 31adh lá de Mhárta, 1927, no

(c) a thuarastal, a phágh, no a shochar oifige do laigheadú, no

(d) é do chur ar aon staid ba mheasa, maidir le coiníollacha a fhostaíochta, ná an staid ar a raibh sé maidir leis sin ar an 31adh lá de Mhárta, 1927,

beidh teideal aige chun cúiteamh do réir agus fé réir forálacha an Sceidil seo d'fháil ón ngnóthaire údaruithe no ón ngnóthaire reachtúil sin.

3. Ní bheidh teideal ag éinne den tsórt san roimhráite chun cúiteamh d'fháil fén Sceideal so má taisbeántar go raibh fostaíocht oiriúnach, ar théarmaí agus ar choiníollacha (ar a n-áirítear, i gcás le n-a mbaineann san, íoc costaisí réasúnta a bhaineann le haistriú go háit na fostaíochta san) nár mheasa ná na téarmaí agus na coiníollacha ar a raibh agus fé n-a raibh an duine sin ar fostú amhlaidh mar adubhradh ar an 31adh lá de Mhárta, 1927, ar fáil don duine sin nuair a stad an fhostaíocht deiridh sin a luaidhtear no laistigh d'aimsir réasúnta ina dhiaidh sin.

4. Isé cúiteamh a híocfar fén Sceideal so le duine—

(a) do chaill a fhostaíocht, no

(b) do scur le n-a fhostaíocht toisc gur ceangladh air dualgaisí do chólíona nár chosúil no ba bhreis nea-réasúnta ar na dualgaisí do bhí ceangailte air do chólíona ar an 31adh lá de Mhárta, 1927,

ná suim bhliantúil nách mó in aon chás ná dhá dtrian an luach saothair agus an tsochair oifige bhliantúla do bhí dho ar an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus a háireofar, fé réir na teorann san, do réir an seascadú cuid den luach saothair agus den tsochar oifige bhliantúil sin in aghaidh gach bliana iomláine dá raibh sé ar fostú ag an ngnóthaire údaruithe no ag an ngnóthaire reachtúil ag á mbeidh an cúiteamh san iníoctha fén Sceideal so, lú-de shuim is có-ionann le méid bliantúil no le luach bliantúil aon tsuime is iníoctha leis ag an ngnóthaire údaruithe sin no ag an ngnóthaire reachtúil sin mar phinsean, mar aois-liúntas, no mar aisce ar a scur o fhostaíocht.

5. Isé cúiteamh a híocfar fén Sceideal so le duine—

(a) do chaill no ar ar laigheaduíodh a thuarastal, a phágh, no a shochar oifige, no

(b) do cuireadh ar aon staid ba mheasa, maidir le coiníollacha a fhostaíochta, ná an staid ar a raibh sé ar an 31adh lá de Mhárta, 1927,

ná suim bhliantúil nách mó in aon chás ná dhá dtrian an luach saothair agus an tsochair oifige bhliantúla do bhí dho ar an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus a bheidh, fé réir na teorann san, chó geairid agus is féidir é do bheith có-ionann in airgead leis an laigheadú bliantúil do dineadh ar a luach saothair agus ar a shochar oifige no leis an mí-fheabhsú do dineadh ar choiníollacha a fhostaíochta (pe'ca aca é) agus beidh sé iníoctha faid a mhairfidh an fhostaíocht in ar dineadh amhlaidh mar adubhradh an laigheadú bliantúil sin ar a luach saothair agus ar a shochar oifige no an mí-fheabhsú san ar choiníollacha a fhostaíochta (pe'ca aca é).

6. Chun an tréimhse do dhéanamh amach do thug duine, a bheidh i dteideal cúitimh fén Sceideal so, ar fostú ag an ngnóthaire údaruithe no ag an ngnóthaire reachtúil (pe'ca aca é) ag á mbeidh an cúiteamh san iníoctha fén Sceideal so, tuigfar gur fostaíocht ag an ngnóthaire údaruithe no ag an ngnóthaire reachtúil ag á mbeidh an cúiteamh san iníoctha amhlaidh fostaíocht an duine sin ag aon ghnóthaire údaruithe no ag aon ghnóthaire reachtúil.

7. Nuair a beifear ag déanamh amach tréimhse fostaíochta duine a bheidh i dteideal cúiteamh d'fháil fén Sceideal so féadfar roinnt blian nách líonmhaire ná deich mbliana do chur leis an tréimhse a bhí an duine sin ar fostú go hachtúil ag aon ghnóthaire údaruithe no ag aon ghnóthaire reachtúil, sé sin, pé méid blian a éileoidh an Bord in aon chás áirithe a chur amhlaidh, leis an tréimhse a bhí an duine sin roimhráite ar fostú go hachtúil mar adubhradh, ar son agus i dtaobh cáilíochtaí speisialta no coiníollacha speisialta fostaíochta an duine sin.

8. I gcás éinne a bheidh i dteideal cúiteamh d'fháil fén Sceideal so do bheith as láthair go sealadach o n-a fhostaíocht ag aon ghnóthaire údaruithe no ag aon ghnóthaire reachtúil agus é do bheith, le linn na nea-láithreachta san go léir, ag fónamh i bhFórsaí Náisiúnta Shaorstáit Éireann, no in aon fhórsaí mileata do bhí ag fónamh fé údarás an Chéad Dháil Éireann no an Dara Dáil Éireann no Rialtais Shealadaigh na hÉireann no an Airm, an Chabhlaigh no an Aer-Fhórsa Bhriotáinigh, déanfar chun crícheanna an Sceidil seo an nea-láithreacht shealadach san d'áireamh agus do chur isteach leis an tréimhse do bhí sé ar fostú ag an ngnóthaire údaruithe sin no ag an ngnóthaire reachtúil sin.

9. Déanfar méid an chúitimh a híocfar le héinne go mbeidh teideal aige chuige fén Sceideal so do shocrú tré chó-aontú idir an duine sin agus an gnóthaire údaruithe no an gnóthaire reachtúil (pe'ca aca é) ag á mbeidh an cúiteamh san iníoctha.

10. Einne a bheidh ag fáil suime bliantúla mar chúiteamh fén Sceideal so, féadfa sé, laistigh de bhliain ón dáta ar ar socruíodh méid na suime bliantúla san, a iarraidh ar an ngnóthaire údaruithe no ar an ngnóthaire reachtúil (pe'ca aca is gá sa chás) ag á mbeidh an tsuim bhliantúil sin iníoctha iomlán na suime bliantúla san do ghlana tré shuim chaipitiúil airgid d'íoc a socrófar tré chó-aontú idir an duine sin agus an gnóthaire údaruithe sin no an gnóthaire reachtúil sin (pe'ca aca é), ach ní bhreithneoidh an gnóthaire údaruithe sin no an gnóthaire reachtúil sin aon iarratas den tsórt san ar ghlana suime bliantúla gan toiliú an Bhúird.

11. Má eiríonn aon aighneas no ceist—

(a) idir éinne agus aon ghnóthaire údaruithe no aon ghnóthaire reachtúil i dtaobh ce'ca duine i dteideal cúitimh fén Sceideal so an duine sin no nách ea, no

(b) idir éinne i dteideal cúitimh fén Sceideal so agus an gnóthaire údaruithe no an gnóthaire reachtúil (pe'ca aca é) ag á mbeidh an cúiteamh san iníoctha, i dtaobh méid an chúitimh is iníoctha amhlaidh, no

(c) idir éinne a bheidh ag fáil suime bliantúla mar chúiteamh fén Sceideal so agus an gnóthaire údaruithe no an gnóthaire reachtúil (pe'ca aca é) ag á mbeidh an tsuim bhliantúil sin iníoctha, i dtaobh méid na suime caipitiúla airgid 'na ndéanfar tré n-a híoc iomlán na suime bliantúla san roimhráite do ghlana,

féadfidh an duine sin no an gnóthaire údaruithe sin no an gnóthaire reachtúil sin athchomharc do dhéanamh chun buaneadarascanaí a bheidh ceaptha ag an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean ná ní bheidh sí fé réir athchomhairc chun aon chúirte ná fé réir a hathbhreithnithe ag aon chúirt.

12. I gcás éinne a bheidh i dteideal cúiteamh d'fháil fén Sceideal so do bheith, ina theanta san, pe'ca fé reacht é no do réir téarmaí a chonnartha fhostaíochta leis an ngnóthaire údaruithe no leis an ngnóthaire reachtúil ag á mbeidh an cúiteamh san iníoctha fén Sceideal so, i dteideal cúiteamh d'fháil mar gheall ar na nithe céanna 'na mbeidh sé i dteideal cúiteamh d'fháil fén Sceideal so mar gheall ortha, ansan agus i ngach cás den tsórt san beidh an duine sin i dteideal cúiteamh d'fháil fén reacht san no fén gconnra san mar adubhradh, no fén Sceideal so, pe'ca aca is rogha leis, ach ní fén dá ní, an reacht san no an connra san agus an Sceideal so, le chéile.

13. Aon tagairtí sa Sceideal so do sna dualgaisí go raibh a gcólíona ceangailte ag gnóthaire údaruithe no ag gnóthaire reachtúil, ar an 31adh lá de Mhárta, 1927, ar dhuine do bhí ar fostú ag an ngnóthaire sin ar an dáta san, agus do sna téarmaí agus do sna coiníollacha ar a raibh agus fé n-a raibh an duine sin ar fostú amhlaidh, agus don luach saothair agus don tsochar oifige bhliantúil do bhí don duine sin ar an dáta san, déanfar, i ngach cás in ar hatharuíodh na dualgaisí sin no na téarmaí agus na coiníollacha san no an luach saothair agus an sochar oifige bliantúil sin tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1927, le haontú an Bhúird, iad do léiriú mar thagairtí do sna dualgaisí sin, no do sna téarmaí agus do sna coiníollacha san, no don luach saothair agus don tsochar oifige sin agus iad atharuithe amhlaidh agus beidh éifeacht dá réir sin ag an Sceideal so.

DARA SCEIDEAL.

Achtanna a hAthghairmtear.

Siosán agus Caibideal.

Gearr-theideal.

Méid na hAthghairme.

45 & 46 Vic., c. 56 ..

Electric Lighting Act, 1882.

An tAcht iomlán.

51 & 52 Vic., c. 12 ..

Electric Lighting Act, 1888.

An tAcht iomlán.

62 & 63. Vic., c. 19 ..

Electric Lighting (Clauses) Act, 1899.

An tAcht iomlán.

9 Edw. 7., c, 34 ..

Electric Lighting Act, 1909.

An tAcht iomlán.

9 & 10 Geo. 5., c. 100

Electricity (Supply) Act, 1919.

An tAcht iomlán.