[EN]

Uimhir 17 de 1959.


[EN]

AN tACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE (LEASÚ), 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ROINN IOMPAIR AGUS CUMHACHTA A BHUNÚ, AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ NA nACHTANNA AIRÍ AGUS RÚNAITHE, 1924 GO 1956. [27 Iúil, 1959.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— [EN]

An lá ceaptha.

1.—Féadfaidh an Rialtas, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo.

[EN]

An Roinn Iompair agus Cumhachta.

1925, Uimh. 24.

1924, Uimh. 16.

1939, Uimh. 36.

2.—(1) An lá ceaptha beidh Roinn Stáit arna bunú ar a dtabharfar mar theideal agus dá ngairfear An Roinn Iompair agus Cumhachta nó (i mBéarla) the Department of Transport and Power.

[EN]

(2) An tAire Iompair agus Cumhachta nó (i mBéarla) the Minister for Transport and Power a thabharfar mar theideal ar an gcomhalta den Rialtas a bheidh i mbun na Roinne Iompair agus Cumhachta agus a ghairfear de.

[EN]

(3) Bainfidh na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1956, agus an tAcht um Fhianaise Scríbhinne, 1925, leis an Roinn Iompair agus Cumhachta agus leis an gcomhalta den Rialtas a bheidh i mbun na Roinne sin amhail is dá mbeadh an Roinn sin arna bunú le halt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924.

[EN]

(4) Chun críocha fo-ailt (1) d'alt 6 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939, measfar an Roinn Iompair agus Cumhachta agus oifig an Aire Iompair agus Cumhachta a bheith arna mbunú láithreach ar an Acht seo a rith, ach in aon ordú a dhéanfar maidir leis an Roinn sin nó maidir leis an Aire sin, faoin bhfo-alt sin (1) roimh an lá ceaptha, ní dhéarfar an t-ordú sin a bheith le teacht i ngníomh ar dháta is luaithe ná an lá ceaptha.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus lua.

3.—(1) Féadfar an tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1959, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1956, mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1959, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna sin le chéile.