Uimh. 17 de 1963.
AN tACHT IOMPAIR, 1963.
[An tiontú oifigiúil.]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Iompair, 1950;
ciallaíonn “Acht 1958” an tAcht Iompair, 1958;
ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann;
ciallaíonn “an Chuideachta” Ostlanna Iompair Éireann, Teoranta;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta;
ciallaíonn “ordú oibreacha iarnróid” ordú arna dhéanamh faoi alt 6 den Acht seo;
ciallaíonn “oibreacha iarnróid” aon oibreacha is iarnród, trambhealach nó iarnród éadrom nó aon chuid d'iarnród, de thrambhealach nó d'iarnród éadrom.
Iarratas ar ordú oibreacha iarnróid.
2.—(1) Féadfaidh an Bord iarratas a dhéanamh chun an Aire ag iarraidh ordú oibreacha iarnróid á údarú don Bhord oibreacha iarnróid de chinéal áirithe a fhoirgniú, a chothabháil, a oibriú, a athrú agus a mhéadú.
(2) Beidh ag gabháil le gach iarratas ag iarraidh ordú oibreacha iarnróid—
(a) dréacht den ordú a bheidh beartaithe,
(b) plean de na hoibreach iarnróid a bheidh beartaithe, agus
(c) leabhar tagartha don phlean,
agus is i cibé foirm a ordóidh an tAire a bheidh an dréacht, an plean agus an leabhar tagartha.
An dréacht-ordú, an plean agus an leabhar tagartha agus fógra i dtaobh an iarratais a thaisceadh.
3.—(1) Aon uair a dhéanfar iarratas ag iarraidh ordú oibreacha iarnróid, déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir, na nithe seo a leanas, is é sin le rá:—
(a) cóip den dréacht-ordú, den phlean agus den leabhar tagartha don phlean a bhí i dteannta an iarratais a thaisceadh agus a choimeád i dtaisce san áit nó i ngach ceann de na háiteanna a bheidh ceaptha ag an Aire;
(b) fógra (a déarfaidh go bhféadfar agóidí agus uiríolla i dtaobh an ordaithe a bheidh beartaithe a thabhairt don Aire i scríbhinn i rith tréimhse sonraithe) a fhoilsiú, i cibé nuachtán nó nuachtáin a ordóidh an tAire, ag insint go ndearnadh an t-iarratas agus gur taisceadh cóip den dréacht-ordú, den phlean agus den leabhar tagartha agus na háite nó na n-áiteanna ar taisceadh iad;
(c) cóip den dréacht-ordú, den phlean agus den leabhar tagartha a chur go dtí Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, go dtí Coimisiún Talún na hÉireann agus go dtí cibé daoine (más aon daoine) a ordóidh an tAire.
(2) Féadfaidh duine ar bith an chóip d'aon dréacht-ordú de phlean nó de leabhar tagartha a bheidh arna taisceadh faoin alt seo a iniúchadh gach tráth réasunach.
Táillí ar iarratas.
1879, c. 58.
4.—(1) Íocfar leis an Aire ar gach iarratas ag iarraidh ordú oibreacha iarnróid cibé táille (más aon táille é) a shocróidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
(2) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir leis na táillí uile is iníoctha faoin alt seo, is é sin le rá:—
(a) is in airgead a bhaileofar na táillí agus glacfar iad i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham, agus íocfar isteach sa Státchiste iad nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste iad i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais;
(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí den sórt sin.
Fiosrúchán áitiúil i dtaobh iarratais ag iarraidh ordú oibreacha iarnróid.
5.—(1) (a) I gcás ina ndéanfar iarratas chun an Aire ag iarraidh ordú oibreacha iarnróid, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú fiosrúchán poiblí i dtaobh an iarratais a sheoladh sa cheantar a mbeartófar na hoibreacha iarnróid is ábhar don iarratas a dhéanamh ann.
(b) I gcás ina n-ordóidh an tAire fiosrúchán poiblí a sheoladh i dtaobh iarratais ag iarraidh ordú oibreacha iarnróid, ceapfaidh sé duine chun an fiosrúchán a sheoladh agus beidh teideal ag an mBord, ag gach duine is úinéir, léasaí nó áititheoir ar an talamh ar air nó thairis a bheidh beartaithe na hoibreacha iarnróid is ábhar don iarratas a dhéanamh, agus ag gach údarás áitiúil a mbeidh sé beartaithe go rachadh na hoibreacha trína limistéir agus ag gach duine eile ag a mbeidh, i dtuairim an duine a bheidh ag seoladh an fhiosrúcháin, leas substaintiúil, in ábhar an fhiosrúchain, a bheith i láthair agus éisteacht a fháil ag an bhfiosrúchán.
(2) Aon fhianaise a thabharfar os comhair duine a bheidh ceaptha chun fiosrúchán a sheoladh faoin alt seo, má cheanglaíonn an duine é, is faoi mhionn a thabharfar é (agus tugtar cumhacht leis seo don duine daoine a chur faoi mhionn) agus beidh aon duine a thabharfaidh fianaise bhréagach os comhair aon duine den sórt sin ciontach i mionnú éithigh agus féadfar é a phionósú dá réir sin.
Ordú oibreacha iarnróid a dheonú.
6.—I gcás inarb é tuairim an Aire, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar iarratas ag iarraidh ordú oibreacha iarnróid, agus, i gcás fiosrúchán a sheoladh faoi alt 5 den alt seo maidir leis an iarratas, ar thuarascáil an duine a sheol é, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, agus aird a thabhairt ar na hagóidí agus ar na huiríolla (más ann) a tugadh de réir téarmaí an fhógra faoi alt 3 den Acht seo, gur cóir géilleadh don iarratas, déanfaidh sé ordú á údarú don Bhord na hoibreacha iarnróid a shonraítear san ordú a dhéanamh, a chothabháil agus a oibriú i cibé modh, faoi réir cibé sriantachtaí agus forálacha agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú.
Forálacha maidir le hordú oibreacha iarnróid.
1919, c. 57.
7.—Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le hordú oibreacha iarnróid, is é sin le rá:—
(a) beidh san ordú cibé forálacha a mheasfaidh an tAire is gá nó is cuí chun críche an ordaithe;
(b) gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo—
(i) féadfaidh forálacha a bheith san ordú á údarú don Bhord aon talamh a ghlacadh go héigeanta ar gá, i dtuairim an Aire, é a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt don ordú,
(ii) féadfaidh an t-ordú aon chearta i dtalamh nó uisce nó thar talamh nó uisce, nó, faoi réir toiliú an Aire Rialtais Áitiúil, in aon bhóthar poiblí nó thairis, a dheonú don Bhord, ar gá i dtuairim an Aire, iad a dheonú chun éifeacht a thabhairt don ordú.
(iii) foráilfear san ordú, maidir le haon talamh a ghlacfar amhlaidh nó aon cheart thar uisce nó talamh a dheonófar amhlaidh, go n-íocfaidh an Bord cúiteamh leis na daoine uile agus faoi seach ag a mbeidh eastáit nó leasanna sa talamh nó san uisce, agus foráilfear ann go ndéanfar aon cheist cúitimh faoina mbeidh díospóid a chinneadh faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus chun na críche sin measfar gur údarás poiblí de réir bhrí an Achta sin an Bord,
(iv) féadfaidh gach ceann nó aon cheann d'fhorálacha Achtanna na gClásal Talún, modhnaithe agus oiriúnaithe mar is cuí leis an Aire, a bheith san ordú,
(v) luafar san ordú an modh ina ndéanfar na hoibreacha iarnróid lena mbainfidh an t-ordú,
(vi) féadfaidh an t-ordú an tréimhse a shocrú a mbeidh na hoibreacha iarnróid le críochnú laistigh di,
(vii) féadfaidh forálacha a bheith san ordú maidir leis an modh ar a ndéanfar na hoibreacha iarnróid a oibriú agus a chothabháil,
(viii) beidh san ordú na forálacha sin uile is cuí leis an Aire chun an pobal i gcoitinne agus aon daoine lena mbainfidh an t-ordú a chosaint,
(ix) féadfar a fhoráil san ordú, nuair a sháróidh an Bord (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon fhoráil shonraithe den ordú, go mbeidh an Bord ciontach i gcion faoin ordú agus go ndlífear ar é a chiontú go hachomair cibé fíneáil (nach mó ná céad punt) a shonrófar san ordú i leith an chiona a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, cibé fíneáil bhreise (nach mó ná fiche punt) a shonrófar san ordú i leith an chiona in aghaidh gach lae a leanfar den chion tar éis a chiontaithe ann,
(x) féadfaidh aon fhorálacha (lena n-áirítear pianfhorálacha) atá in aon achtachán a bhaineann le hiarnróid a bheith, oiriúnaithe agus modhnaithe mar is cuí leis an Aire, san ordú,
(xi) féadfaidh forálacha a bheith san ordú á údarú don Bhord, tráth ar bith sula dtíolacfar talamh a bheidh á ghlacadh go héigeanta ag an mBord faoin ordú nó sula ndéanfar amach a phraghas nó an cúiteamh ina leith, dul isteach ar an talamh agus seilbh a ghlacadh air, agus ina dteannta sin forálacha—
(I) á cheangal ar an mBord, má théann sé isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh amhlaidh, ús a íoc le háititheoir na talún ar mhéid an phraghais nó an chúitimh is iníoctha faoin Acht seo leis an áititheoir de réir ráta trí faoin gcéad sa bhliain ó dháta an dula isteach go dtí go n-íocfar an praghas nó an cúiteamh,
(II) á cheangal ar an mBord, má théann sé isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh amhlaidh, fógra a thabhairt d'áititheoir na talún mí nó, i gcás tí chónaithe áirithe, trí mhí, roimh ré i scríbhinn á rá go bhfuil ar intinn aige dul isteach, nó seilbh a ghlacadh, ar aon talamh faoin alt seo,
(III) á údarú don Bhord an fógra a dúradh a sheirbheáil ar dhuine trína chur leis an bpost réamhíoctha i gclúdach arna sheoladh chun an duine ag a ghnáthsheoladh nó ag an seoladh is deireanaí is eol a bheith aige agus á mheas gur seirbheáladh an fógra ar an duine an tráth a sheachadfaí an clúdach i ngnáthchúrsa an phoist agus á údarú an clúdach a sheoladh chun an duine dá mbeidh sé ceaptha (i gcás nach féidir é a sheoladh sa mhodh a dúradh anseo roimhe seo) i gceachtar slí acu seo a leanas, is é sin le rá:—
(A) faoin tuairisc “an t-úinéir” nó “an t-áititheoir” (de réir mar a bheidh) gan a ainm a lua,
(B) ag an talamh san áit ina mbeidh an mhaoin lena mbainfidh an fógra a bheidh sa chlúdach,
(xii) foráilfear san ordú, aon uair a ghlacfaidh an Bord nó a rachaidh sé isteach agus a ghlacfaidh sé seilbh ar aon talamh faoin ordú, is talamh atá, leis féin nó maraon le talamh eile, faoi réir bhlianacht talamhcheannaigh nó bhlianacht mhíntíriúcháin, is iníoctha in ionad cíosa nó in ionad suim eile is iníoctha go tréimhsiúil (nach éard é amháin cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, ansin—
(I) amhail ón dáta a ghlacfaidh an Bord nó a rachaidh sé isteach agus a ghlacfaidh sé seilbh ar an talamh, cibé dáta is túisce, tiocfaidh ar Bord chun bheith agus beidh sé faoi dhliteanas an tsuim thréimhsiúil sin nó cibé tráthchuid de a leithroinnfidh Coimisiún Talún na hÉireann nó na Coimisinéirí sin (de réir mar a bheidh) ar an talamh a íoc le Coimisiún Talún na hÉireann nó leis na Coimisinéirí sin (de réir mar a bheidh), ionann agus dá mbeadh úinéir na talún tar éis an talamh a aistriú chun an Bhoird ar an dáta sin;
(II) beidh teideal ag an mBord, más oiriúnach leis é, an tsuim thréimhsiúil nó an chuid réamhráite sin di a fhuascailt, agus
(III) beidh d'oibleagáid ar an mBord, má cheanglaíonn Coimisiún Talún na hÉireann nó na Coimisinéirí sin (de réir mar a bheidh) air é a dhéanamh, an tsuim thréimhsiúil sin nó an chuid réamhráite sin di a fhuascailt,
(xiii) féadfaidh an t-ordú a fhoráil go gcinnfear le headráin aon cheisteanna sonraithe a éireoidh faoi.
(xiv) féadfaidh cibé forálacha is forálacha foghabhálacha nó teagmhasacha i leith aon cheann de na hábhair réamhráite agus a mheasfaidh an tAire is gá nó is cuí a bheith san ordú.
Ordú oibreacha iarnróid a leasú.
8.—Féadfaidh an tAire ó am go ham ordú oibreacha iarnróid a leasú.
Éifeacht ordaithe oibreacha íarnróid.
9.—Beidh feidhm dlí ag gach ordú oibreacha iarnróid.
Caiteachais an Aire ag feidhmiú cumhachtaí faoi ordú oibreacha iarnróid.
10.—Íocfaidh an tAire leis an mBord, a mhéid a chinnfidh an tAire Airgeadais é, an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag feidhmiú a chumhachtaí agus a fheidhmeanna faoi ordú oibreacha iarnróid.
Orduithe áirithe a dhéanamh bailí.
1955, I.R. Uimh. 214.
1959, I.R. Uimh. 192.
11.—(1) Beidh na hOrduithe a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, agus measfar go raibh siad riamh, chomh bailí chun gach críche agus dá mba faoin Acht seo a rinneadh iad go cuí agus dá mbeadh an tAcht seo i ngníomh nuair a rinneadh iad.
(2) Is iad na hOrduithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo an tOrdú um an Acht Iompair, 1950 (Cumhachta Breise), 1955, agus an tOrdú um an Acht Iompair, 1950 (Cumhachtaí Breise), 1959.
Cumhachtaí an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht.
12.—Déantar leis seo alt 28 d'Acht 1950 a leasú—
(a) trí “nó ar shlí eile” a chur isteach i mír (a) d'fho-alt (1) (a dhéanann foráil i dtaobh an Bord d'fháil airgid ar iasacht go sealadach) i ndiaidh “bancaeirí”, agus
(b) trí “cúig mhilliún déag punt” a chur in ionad “dhá mhilliún déag punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Iompair, 1955) i mír (b) d'fho-alt (2) (a chuireann teorainn le hiasachtaí chun críocha caipitiúla)
Airleacain don Bhord ón Aire Airgeadais.
13.—(1) Chun a chur ar chumas an Bhoird a fheidhmeanna a chomhlíonadh féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, cibe suimeanna (nach mó san iomlán ná dhá mhilliún punt) a iarrfaidh an Bord ó am go ham a airleacan chun an Bhoird ó am go ham.
(2) Is ar cibé téarmaí a chinnfidh an tAire Airgeadais maidir le haisíoc, ús agus ábhair eile a thabharfar airleacain faoi fho-alt (1) den alt seo.
(3) Déanfar na suimeanna go léir a íocfaidh an Bord ag aisíoc airleacain faoin alt seo nó de bhun aon téarma nó coinníoll ar faoina réir a tugadh airleacan faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.
(4) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire Airgeadais ó am go ham faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo.
(5) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh le haghaidh suimeanna a airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna a bheidh ag teastáil chuige sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.
(6) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis na n-urrús go léir a eiseofar faoin alt seo agus na gcaiteachas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.
Cúiteamh d'fhostaithe don Chuideachta a scaoilfear lena seirbhísí nó a ndéanfar dochar dá gcoinníollacha.
14.—(1) I gcás—
(a) fostaíocht duine faoin mBord is oifigeach nó seirbhíseach don Bhord (lena n-áirítear oifigeach nó seirbhíseach a aistríodh nó a tugadh ar iasacht faoi alt 14 d'Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1958) a fhoirceannadh, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, chun a chumasú don duine dul i bhfostaíocht na Cuideachta,
(b) an duine do dhul, ar an bhfoirceannadh sin a dhéanamh, i bhfostaíocht na Cuideachta, agus
(c) an Chuideachta do scaoileadh le seirbhísí an duine sin, nó é a aistriú ó phost go dtí post eile i seirbhís na Cuideachta, roimh an 31 Márta, 1964, de dheasca aon cheann de na hábhair dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (6) d'alt 17 d'Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1958, agus, dá dhroim sin, gur chaill sé aon airgead go díreach nó gur measa a staid maidir le coinníollacha a sheirbhíse ina n-iomláine (ar a n-áirítear sealbhaíocht oifige nó fostaíochta, luach saothair, aiscí, aoisliúntas, sochair ó chiste breoiteachta nó sochair nó liúntais eile, cibé acu dlí nó gnás is foras dóibh agus cibé acu maidir leis féin nó lena bhaintreach nó lena chlann nó le cleithiúnaithe eile leis atá feidhm acu) i gcomórtas leis na coinníollacha a bhain leis roimh an aistriú nó má cheanglaíonn an Chuideachta air dualgais a chomhlíonadh sa phost chun ar aistríodh amhlaidh é nach bhfuil i gcosúlacht nó nach breis réasúnach leis na dualgais a bhí de cheangal air a chomhlíonadh sa phost ónar aistríodh amhlaidh é—
(i) i gcás ina mbeifear tar éis scaoileadh lena sheirbhísí mar a dúradh, beidh teideal aige chun cúitimh faoi alt 14 d'Acht 1958 (ach, i gcás duine lena mbaineann fo-alt (3) d'alt 17 d'Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1958, faoi réir na bhforálacha a bhaineann leis an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1958 atá san fho-alt sin) a bheidh iníoctha ag an gCuideachta sa mhéid chéanna agus ar na coinníollacha céanna le duine lena mbaineann an t-alt sin, agus chun críocha an teidil sin measfar gur fostaíocht faoin mBord fostaíocht an duine faoin gCuideachta agus measfar nach briseadh ar fhostaíocht an duine faoin mBord an t-eatramh (más ann) idir an foirceannadh a dúradh agus tosach na fostaíochta faoin gCuideachta, agus
(ii) i gcás é a aistriú mar a dúradh, íocfaidh an Chuideachta leis cúiteamh ina chnapshuim a mbeidh cibé méid ann a bheidh réasúnach.
(2) Beidh feidhm ag ailt 41, 42 agus 43 d'Acht 1950 (a bhaineann le cúiteamh a chinneadh faoin Acht sin) le cúiteamh faoin alt seo agus, chun críocha na feidhme sin, forléireofar na tagairtí atá sna hailt sin don Bhord mar thagairtí don Chuideachta.
(3) (a) Féadfaidh an tAire, le hordú, réim a thabhairt d'fhorálacha an ailt seo in aon chás ina mbeifear tar éis scaoileadh le seirbhísí oifigigh nó seirbhísigh de chuid na Cuideachta (is oifigeach nó seirbhíseach a bhí i bhfostaíocht an Bhoird nó a aistríodh nó a tugadh ar iasacht faoi alt 14 d'Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1958, agus a ndearnadh a sheirbhísí faoin mBord a fhoirceannadh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) chun a chumasú dó dul i bhfostaíocht na Cuideachta), nó ina mbeifear tar éis é a aistriú go dtí post eile mar gheall ar iomarcacht de dhroim aon scéime chun aon roinn den Chuideachta a atheagrú agus a oibriú ar shlí níos tíobhasaí agus is scéim a dhéanann difear d'aon dream nó aicme oibrithe, agus féadfaidh, le hordú, aon ordú den sórt sin a leasú.
(b) Gach ordú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi.
Leanfaidh sochair aoisliúntas de bheith iníoctha i gcás daoine a aistríodh ón mBord go dtí an Chuideachta.
15.—I gcás fostaíocht duine faoin mBord is oifigeach nó seirbhíseach don Bhord (lena n-áirítear oifigeach nó seirbhíseach a aistríodh nó a tugadh ar iasacht faoi alt 14 d'Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1958) a fhoirceannadh, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, chun a chumasú don duine dul i bhfostaíocht na Cuideachta, agus, ar an bhfoirceannadh sin a dhéanamh, an duine do dhul i bhfostaíocht na Cuideachta—
(a) beidh an ceart céanna ag an duine agus ag aon duine ɐ bheidh ag éileamh tríd chun comhaltais in aon scéim aoisliúntas d'oifigigh nó seirbhísigh de chuid an Bhoird (seachas an scéim leasa atá ag an mBord don ghnáthfhoireann tuarastail) a bheadh aige dá mb'fhostaíocht faoin mBord a fhostaíocht faoin gCuideachta,
(b) ach amháin i gcás ina gcomhaontófar ar a mhalairt idir an Bord agus an Chuideachta, ar an duine sin a dhul san fhostaíocht sin beidh na hoibleagáidí (cibé acu dlí nó gnás is foras dóibh) i leith aon scéime den sórt sin agus i leith comhaltaí na scéime sin a bhí ina gceangal ar an mBord roimh an bhfoirceannadh sin beidh siad ina gceangal feasta ar an gCuideachta i leith an duine féin agus aon duine a bheidh ag éileamh tríd,
(c) measfar, chun críocha aon scéime den sórt sin, nach briseadh ar fhostaíocht an duine an t-eatramh (más ann) idir an foirceannadh sin a dúradh agus tosach na fostaíochta faoin gCuideachta, agus
(d) féadfaidh an Bord forálacha ag tabhairt éifeachta don alt seo a chur i scéim nó i scéimeanna ag leasú aon scéime den sórt sin agus, i gcás ina dtugtar cumhacht don Aire an scéim nó na scéimeanna sin a dhaingniú, féadfar an chumhacht sin a fheidhmiú d'ainneoin na forálacha sin a bheith curtha isteach agus féadfar an daingniú sin a dhéanamh gan na forálacha a mhodhnú, nó maraon le cibé modhnuithe (trí cur leo, fágáil ar lár nó athrú) is oiriúnach leis an Aire.
Srian le hathrú ar mheabhrán comhlachais agus ar airteagail chomhlachais na Cuideachta.
16.—D'ainneoin aon ní atá in Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, nó i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta, ní bheidh athrú ar an meabhrán nó ar na hairteagail sin bailí ná éifeachtúil mura mbeidh toilithe roimh ré ag an Aire lena dhéanamh.
Feidhm ailt 16 agus 34 d'Acht 1950 maidir leis an gCuideachta.
17.—Beidh feidhm agus éifeacht ag ailt 16 agus 34 d'Acht 1950 (ailt a bhaineann faoi seach leis an mBord do thabhairt eolais don Aire agus le cuntais an Bhoird agus lena n-iniúchadh) maidir leis an gCuideachta mar atá feidhm agus éifeacht acu maidir leis an mBord.
Iarnróid a thréigean.
18.—(1) An chumhacht a thugtar le halt 21 d'Acht 1950 chun orduithe tréigin (de réir bhrí an ailt sin) a dhéanamh beidh réim aici maidir le línte nó ranna iarnróid a bheidh dílsithe don Bhord agus a mbeifear tar éis an tseirbhís traenacha orthu a fhoirceannadh tráth ar bith—
(a) roimh an dílsiú sin nó dá éis, agus
(b) roimh an Acht seo a rith (lena n-áirítear tráth sular ritheadh Acht 1950) nó tar éis an rite sin, agus (i gcás seirbhísí traenacha nár oibríodh ó dháta roimh dháta Acht 1958 a rith) is cuma cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh orduithe dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (2) den alt sin 21 i leith na seirbhísí.
(2) D'ainneoin aon ní contrártha dó sin atá san alt sin 21 nó in aon achtachán eile, féadfaidh cuideachta iarnróid aon talamh faoi, nó tadhlach le, líne iarnróid thréigthe a dhíol trí chonradh príobháideach le haon tionónta ar ceachtar taobh den líne nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó le Coimisiún Talún na hÉireann.
Leasú ar alt 14 d'Acht 1958.
19.—(1) Leasaítear leis seo alt 14 d'Acht 1958 (a fhoráileann go dtabharfar cúiteamh d'fhostaithe áirithe a scaoilfear lena seirbhísí nó a ndéanfar dochar dá gcoinníollacha seirbhíse) trí “an 31ú lá de Mhárta, 1964, nó roimhe” a chur isteach i bhfo-ailt (1) agus (6) in ionad “laistigh de chúig bliana tar éis dáta an Achta seo a rith”.
(2) Chun seirbhís inphinsin duine lena mbaineann an t-alt sin 14 a ríomh faoin gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Iompair, 1950, má glacadh an duine i bhfostaíocht an Bhoird mar dhuine saincháilithe in aois ba shine ná an aois ina dtosaítí de ghnáth ar sheirbhís iompair, féadfar a sheirbhís inphinsin a mhéadú trí cibé méid blianta a chur léi a mheasfar a bheith cóir.
Leasú ar alt 17 d'Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1958.
20.—(1) Leasaítear leis seo alt 17 (a fhoráileann go dtabharfar cúiteamh d'fhostaithe áirithe de chuid an Bhoird agus do sheanfhostaithe de chuid Bhord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt a scaoilfear lena seirbhísí nó a ndéanfar dochar dá gcoinníollacha seirbhíse) d'Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1958, trí—
(a) “an 31ú lá de Mhárta, 1964, nó roimhe” a chur isteach i mír (a) d'fho-alt (1) in ionad “laistigh de chúig bliana tar éis dáta an Achta seo a rith”,
(b) an mhír seo a leanas a chur isteach san fho-alt sin (1) i ndiaidh mír (b):
“(bb) má tharlaíonn, sna cúinsí dá dtagraítear i bhfo-alt (6) d'alt 14 den Acht Iompair, 1958, go scaoilfear le seirbhísí oifigigh nó seirbhísigh (is oifigeach nó seirbhíseach a aistríodh nó a tugadh ar iasacht faoi alt 14 den Acht seo) nó go n-aistreofar é go dtí post eile i seirbhís an Bhoird agus go ndéanfar ordú faoin bhfo-alt sin (6) i dtaobh an cháis;”, agus
(c) “an 31ú lá de Mhárta, 1964, nó roimhe” a chur isteach i mír (c) den fo-alt sin (1) in ionad “laistigh de chúig bliana tar éis dáta an Achta sin a rith”.
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1958.
21. Déantar leis seo an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1958, maidir le daoine a scaoilfear lena seirbhísí faoin mBord nó faoin gCuideachta tar éis dáta an Achta seo a rith, a leasú trí—
(a) “an Chuideachta Innealtóireachta Tionscail Teoranta” a chur isteach i mír 5 in ionad “Oibreacha Innealtóireachta Dhún Dealgan, Teoranta”,
(b) “aon bhoird nó comhlachta mar a dúradh nó an Chuideachta Innealtóireachta Tionscail Teoranta nó ar seilbh thar ceann an chéanna” a chur in ionad “nó ar seilbh thar a ceann”, agus
(c) “agus don Chuideachta” a chur isteach i mír 6 i ndiaidh “tagairt don Bhord”.
Gearrtheideal.
22.—Féadfar an tAcht Iompair, 1963, a ghairm den Acht seo.