[EN]

Uimhir 20 de 1958.


[EN]

ACHT MHÓR-IARNRÓD AN TUAISCIRT, 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHTA DO SHOCRUITHE CHUN BORD MHÓR-IARNRÓD AN TUAISCIRT A DHÍSCAOILEADH AGUS A GHNÓTHAS A OIBRIÚ FEASTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEAS LEIS SIN. [16 Iúil, 1958.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

[EN]

Gearrtheideal.

1.—Féadfar Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1958, a ghairm den Acht seo.

[EN]

Léiriú.

1953, Uimh. 17.

2.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1953” Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1953:

[EN]

ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann;

[EN]

ciallaíonn “an Chuideachta” Oibreacha Innealtóireachta Dhún Dealgan Teoranta nó cibé cuideachta eile a ainmneoidh an tAire le hordú mar chomharba di chun críocha an Achta seo;

[EN]

tá le “an dáta aistrithe” an bhrí a cheaptar dó le halt 7;

[EN]

folaíonn “talamh” talamh faoi uisce agus aon éasúint, brabús nó ceart i dtalamh nó thar talamh nó i dtalamh faoi uisce nó thar talamh faoi uisce;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

[EN]

ciallaíonn “an Aireacht” Aireacht Tráchtála Thuaisceart Éireann;

[EN]

ciallaíonn “an tAire Tráchtála” Aire Tráchtála Thuaisceart Éireann;

[EN]

ciallaíonn “an Bord amach” Bord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt;

[EN]

ciallaíonn “an comhaontú sceidealta” an comhaontú a dhéanfar de bhun ailt 3.

[EN]

Cumhacht don Aire chun comhaontú a dhéanamh.

3.—Údaraítear leis seo don Aire comhaontú a dhéanamh leis an Aireacht i dtéarmaí an dréachta atá leagtha amach sá Sceideal.

[EN]

Díolúine ó dhleachta stampa.

4.—Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal ar an mBord cóip den Acht seo nó d'ordú faoi alt 8 a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon dleacht stampa faoin alt sin 12 a íoc ar aon chóip den sórt sin.

[EN]

Caiteachais.

5.—Déanfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Athghairm.

6.—(1) Athghairmtear leis seo na forálacha seo a leanas d'Acht 1953 amhail ón dáta aistrithe: Cuid II (ach amháin ailt 6, 17, 18 agus 19), Cuid III, ailt 28 agus 34, fo-alt (2) d'alt 35, Cuid V agus Cuid VI.

[EN]

(2) Déantar leis seo Acht 1953, sa mhéid go bhfuil sé gan athghairm faoi fho-alt (1), a athghairm amhail ó dháta díscaoilte an Bhoird amach faoi alt 20.

CUID II

Sócmhainní agus Dliteanais Bhord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt a Aistriú.

[EN]

Gnóthas a aistriú.

7.—(1) Dílseoidh an chuid de ghnóthas Bhord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt atá sa Stát i gCóras Iompair Éireann (dá ngairmtear “an Bord” san Acht seo) an lú lá de Dheireadh Fómhair 1958 (dá ngairmtear “an dáta aistrithe” san Acht seo).

[EN]

(2) Bainfidh an t-aistriú a dhéantar leis an alt seo leis an talamh uile a dílsíodh san Aire nó sa Bhord amach faoi Acht 1953 maraon leis na sócmhainní uile a bhfuil teideal ag an Aire chucu faoin gcomhaontú sceidealta agus na cumhachtaí, na cearta, na ceadúnais agus na pribhléidí go léir a shealbhaítear nó a theachtaítear i ndáil leis an talamh agus na sócmhainní sin nó a ghabhann leo, ach ní fholaíonn sé talamh agus sócmhainní lena ndéileáltar faoi fho-alt (4) nó faoi alt 8.

[EN]

(3) Ar na mBord dá iarraidh sin, forghníomhóidh an Bord amach na hionstraimí sin go léir, agus déanfaidh na gníomhartha sin go léir, is gá chun a chumasú don Bhord a thabhairt go n-aistreofar go héifeachtúil chun ainme an Bhoird aon sócmhainní a dhílsítear sa Bhord leis an alt seo.

[EN]

(4) I gcás sócmhainní an Bhoird amach maidir le Comhchoiste Iarnród Chontae Dhún na nGall agus Cuideachta Iarnród an tSratha Bháin agus Leitir Ceanainn agus na cumhachtaí, na cearta, na ceadúnais agus na pribhléidí go léir a shealbhaítear nó a theachtaítear i ndáil leis na comhlachtaí sin nó a ghabhann leo, dílseoidh siad sa Bhord, a mhéid a chomhaontóidh an tAire de bhun míre 5 den chomhaontú sceidealta, amhail ó cibé dáta a gcomhaontófar amhlaidh.

[EN]

Oibreacha Dhún Dealgán a dhílsiú.

8.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú cibé talamh a dhílsiú sa Chuideachta (ar talamh é a bheidh dílsithe sa Bhord amach nó dílsithe san Aire agus a bheidh á úsáid nó á áitiú ag an mBord amach le haghaidh oibreacha Dhún Dealgan nó codanna d'aon talamh den sórt sin) agus fós cibé airnéisí a úsáideadh in Oibreacha Dhún Dealgan nó a fuarthas maidir leo agus ar a gcomhaontófar idir an Bord amach agus an Chuideachta nó, mura gcomhaon tófar, a chinnfidh an tAire agus, i gceachtar cás, a luafar san ordú.

[EN]

(2) Oibreoidh an t-ordú chun cibé tailte agus airnéisí a dhílsiú sa Chuideachta (ar an gCuideachta d'íoc cibé comaoin, a shonrófar san ordú má shonraítear) cibé lá a shocrófar leis an ordú i leith eastáit, cirt, teidil agus leasa uile an Bhoird amach nó an Aire, de réir mar bheidh.

[EN]

Dliteanais agus conarthaí.

9.—(1) Beidh an Bord, agus scoirfidh an Bord amach de bheith, faoi réir gach dliteanais (seachas dliteanais maidir le talamh nach mbeidh dílsithe sa Bhord) a raibh an Bord amach faoina réir díreach roimh an dáta aistrithe.

[EN]

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le haon oblagáid reachtúil de chuid an Bhoird amach chun aon airgead a aisíoc a airleacadh i leith caiteachais ionchasaigh.

[EN]

(3) Na conarthaí, na gníomhais, na bannaí, na comhaontuithe agus na hionstraimí uile agus na comhshocraíochtaí oibre uile a bheidh ann díreach roimh an dáta aistrithe agus a bhainfidh leis an mBord amach (ar shlí seachas baint le talamh nach mbeidh dílsithe sa Bhord) beidh feidhm agus éifeacht chomh hiomlán acu i gcoinne nó i bhfabhar an Bhoird agus féadfar iad a chur i bhfeidhm chomh hiomlán éifeachtúil agus dá mba é an Bord ba pháirtí iontu in ionad an Bhoird amach.

[EN]

(4) Déanfar dliteanas deiridh an Bhoird i leith dliteanas agus oblagáidí an Bhoird amach a chinneadh de réir an chomhaontaithe sceidealta.

[EN]

(5) Seasóidh an Bord in áit an Aire faoi mhireanna 1 go 6 agus faoi fho-mhíreanna (b) agus (c) de mhír 7 den chomhaontú sceidealta agus beidh sé freagarthach, agus scoirfidh an tAire de bheith freagarthach, in urscaoileadh na ndliteanas a ghlacann an tAire air féin faoi na forálacha sin.

[EN]

(6) Seasóidh an Chuideachta in áit an Aire faoi fho-mhír (d) de mhír 7 den chomhaontú sceidealta agus beidh sé freagarthach, agus scoirfidh an tAire de bheith freagarthach, in urscaoileadh na ndliteanas a ghlacann an tAire air féin faoin bhfo-mhír sin.

[EN]

(7) Faoi réir fo-alt (1) agus (2), aon imeacht (lena n-áirítear eadráin) nó cúis chaingin a bheidh ar feitheamh nó a bheidh ann díreach roimh an dáta aistrithe ag an mBord amach nó ina choinne, ní thitfidh sí ar lár ná ní scoirfear de ná ní dhéanfar dochar di ar aon slí de dhroim aon ní san Acht seo, ach féadfaidh an Bord leanúint leis an imeacht nó an chúis chaingin agus í a chur i bhfeidhm nó féadfar sin a dhéanamh i gcoinne an Bhoird amhail mar d'fhéadfadh an Bord amach sin a dhéanamh nó d'fhéadfaí sin a dhéanamh i gcoinne an Bhoird amach dá mba nár ritheadh an tAcht seo, ach ní fhéadfar dul ar aghaidh léi thairis sin ná ar aon slí eile.

[EN]

Dliteanais áirithe de chuid an Bhoird a urscaoileadh.

10.—(1) An dliteanas caipitiúil a bheidh ar an mBord amach ag an Aire agus ag an Aire Tráchtála agus a ordaítear le fo-alt (2) d'alt 35 d'Acht 1953 a thaispeáint i gcuntais an Bhoird amach urscaoiltear leis seo é le héifeacht amhail ó dáta díreach roimh an dáta aistrithe.

[EN]

(2) Na dliteanais a bheidh ar an mBord amach ag an Aire i leith íocaíochtaí faoi fho-alt (3) d'alt 30 d'Acht 1953 nó faoi fho-alt (3) d'alt 33 den Acht sin urscaoiltear leis seo iad le héifeacht amhail ón dáta díreach roimh an dáta aistrithe.

[EN]

Ceadúnais feithicle seirbhíse poiblí a aistriú.

1933, Uimh. 11.

11.—Ar dháta an aistrithe agus dá éis, beidh an ceadúnas feithicle seirbhíse poiblí faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933, a shealbhaigh an Bord amach díreach roimh an dáta sin, arna aistriú chun an Bhoird agus beidh éifeacht aige amhail is dá mba é an Bord a bhí ainmnithe ann mar shealbhóir.

[EN]

Fo-dlithe láithreacha.

12.—Na fo-dhlithe go léir a rinne nó a meastar a rinne an Bord amach agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta aistrithe leanfaidh siad, ar an dáta sin agus dá éis, de bheith i bhfeidhm maidir leis an ngnóthas a dhílsítear sa Bhord leis an Acht seo agus measfar iad a bheith arna ndéanamh faoi alt 22 d'Acht 1950 agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm le fo-dhlithe faoin alt sin.

[EN]

Rialacha agus rialacháin láithreacha.

13.—Na rialacha agus an rialacháin uile a rinne an Bord amach nó sean-Chuideachta Mhór-Iarnród an Tuaiscirt (Éire) agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta aistrithe, leanfaidh siad, ar an dáta sin agus dá éis, de bheith i bhfeidhm go dtí go ndéanfar iad a chúlghairm, a athrú, nó dlí a chur ina n-ionad.

[EN]

CUID III.

Foireann.

[EN]

Oifigigh agus seirbhísigh don Bhord amach a aistriú.

14.—(1) Faoi réir fo-ailt (2), gach duine a bhí, díreach roimh an dáta aistrithe, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord amach agus a bhí ina chónaí an tráth sin sa Stát tiocfaidh sé ar an dáta sin chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord ar na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse céanna.

[EN]

(2) (a) Aon oifigeach nó seirbhíseach den sórt sin a bheidh, díreach roimh an dáta aistrithe, ina chomhalta de Chiste Aoisliúntais Chóras Imréitigh na nIarnród, leanfaidh sé de bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord amach agus beidh sé, an dáta sin agus dá éis, ar iasacht ag an mBord le haghaidh dualgais.

[EN]

(b) Leanfaidh oblagáidí an Bhoird amach faoi Chiste Aoisliúntais Chóras Imréitigh na nIarnród i gcás gach oifigigh nó seirbhísigh den sórt sin, cibé acu oblagáidí dlí nó oblagáidí gnáis iad, de bheith ina gceangal ar an mBord amach agus, tar éis an Bord amach a dhíscaoileadh, beidh siad ina gceangal ar an mBord.

[EN]

(c) Íocfaidh an Bord leis an mBord amach, ar é dá iarraidh, an t-airgead uile a bheidh ag teastáil ó am go ham ón mBord amach chun a oblagáidí a ghlanadh i leith aon oifigigh nó seirbhísigh den sórt sin.

[EN]

(d) Na cearta agus na hoblagáidí uile a bhronntar nó a fhorchuirtear ar an mBord amach leis an gconradh seirbhíse nó le dlí i leith oifigigh nó seirbhísigh a bheidh ar iasacht amhlaidh beidh siad, ach amháin mar a fhoráltar le mír (b), ina gcearta agus ina n-oblagáidí de chuid an Bhoird.

[EN]

(e) Gach oifigeach nó seirbhíseach a bheidh ar iasacht agus i seirbhís an Bhoird amach tráth a dhíscaoilte tiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach de chuid an Bhoird ar na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse céanna.

[EN]

(3) (a) Maidir le hoblagáidí an Bhoird amach faoi Chiste Aoisliúntais Chóras Imréitigh na nIarnród, cibé acu dlí nó gnás is foras dóibh, leanfaidh siad, i gcás gach duine a bheidh i dteideal, díreach roimh an dáta aistrithe, chun sochair faoin gCiste sin agus a chónaigh sa Stát nuair a tháinig sé i gcéaduair chun bheith i dteideal amhlaidh, de bheith ina gceangal ar an mBord amach agus, tar éis an Bord amach a dhíscaoileadh, beidh siad ina gceangal ar an mBord.

[EN]

(b) Íocfaidh an Bord leis an mBord amach ar é dá iarraidh an t-airgead uile a bheidh ag teastáil ó am go ham ón mBord amach chun a oblagáidí a ghlanadh i leith aon duine den sórt sin.

[EN]

Scéimeanna aoisliúntais láithreacha a bhuanú i gcás fostaithe agus ath-fhostaithe an Bhoird amach.

1950, Uimh. 12.

15.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “scéim aoisliúntais láithreach” ciste pinsin nó ciste foirne dá dtagartar sa chomhaontú sceidealta sa mhéidh go mbaineann sé le—

[EN]

(a) aon ath-oifigeach nó ath-sheirbhíseach don Bhord amach a aistríodh nó a tugadh ar iasacht don Bhord, nó

[EN]

(b) aon duine a bhí, díreach roimh an dáta aistrithe, i dteideal sochair faoi aon chiste den sórt sin agus a chónaigh sa Stát nuair a tháinig sé i gcéaduair chun bheith i dteideal amhlaidh;

[EN]

ciallaíonn “comhalta” aon ath-oifigeach nó ath-sheirbhíseach nó duine den sórt sin a bhí i dteideal amhlaidh.

[EN]

(2) Aistreoidh an Bord amach chun an Bhoird na hurrúis agus an t-airgead a bheidh ina sheilbh chun críocha scéime aoisliúntais láithrí a dheimhnigh achtúire a cheap an tAire agus an Aireacht i gcomhar le chéile a bheith iomchuí dá chomhaltaí chun an Bord do shealbhú an chéanna chun na gcríocha céanna.

[EN]

(3) Déanfaidh an Bord ó am go ham, faoi réir cheadaithe an Aire, iontaobhaithe a cheapadh chun críocha aon scéime aoisliúntais láithrí agus aistreoidh sé chun na n-iontaobhaithe sin na hurrúis agus an t-airgead a bheidh ina sheilbh chun críocha na scéime.

[EN]

(4) Faoi réir forálacha an ailt seo, leanfaidh gach scéim aoisliúntais láithreach, agus bainistí na scéime sin, ar marthain an dáta aistrithe agus dá éis.

[EN]

(5) Chun críocha aon achtacháin agus rialacha agus rialachán a bhaineann le haon scéim aoisliúntais láithreach, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas an dáta aistrithe agus dá éis:

[EN]

(a) aon chumhacht a bhí ag an mBord amach nó ag aon oifigeach dó maidir leis an scéim sin, féadfaidh an Bord nó aon oifigeach don Bhord ag a mbeidh údarás chuige sin ón mBord í a fheidhmiú;

[EN]

(b) measfar, maidir le seirbhís nó fostaíocht nó díbhe faoin mBord nó ag an mBord i gcás aon oifigigh nó seirbhísigh don Bhord amach a bheidh ar fostú ag an mBord, gur seirbhís nó fostaíocht nó díbhe faoin mBord amach nó ag an mBord amach é;

[EN]

(c) i gcás cumhachtaí a bheith ag an mBord amach faoi rialacha na scéime sin chun oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh chun aon choiste bhainistí, déanfaidh an Bord, ag feidhmiú na gcumhacht sin dó, oifigigh nó seirbhísigh don Bhord a cheapadh atá ina gcomhaltaí den scéim sin nó a bheadh, mura mbeadh an tAcht seo nó Acht 1953, incheaptha chun an choiste bhainistí sin.

[EN]

(6) Na hoblagáidí, cibé acu dlí nó gnás is foras dóibh, atá ar an mBord amach maidir le haon scéim aoisliúntais láithreach agus maidir le gach comhalta den scéim aoisliúntais láithreach sin, beidh siad ina gceangal ar an mBord.

[EN]

(7) Na daoine uile atá nó a bhí ina gcomhaltaí d'aon scéim aoisliúntais láithreach agus na daoine uile a bheidh ag déanamh éilimh de dhroim cirt aon chomhaltaí den sórt sin, beidh siad i dteideal na sochar, na gceart agus na bpribhléidí céanna agus faoi réir na n-oblagáidí céanna, cibé acu dlí nó gnás is foras dóibh, a mbeadh na daoine sin nó a dtiocfaidís chun bheith ina dteideal nó faoina réir mura mbeadh an tAcht seo.

[EN]

(8) Aon ath-oifigeach nó ath-sheirbhíseach don Bhord amach a aistreofar chun an Bhoird agus nach comhalta d'aon scéim aoisliúntais láitreach beidh aige, an fhad a fhanfaidh sé i seirbhís an Bhoird, an ceart céanna (más ann) chun bheith ina chomhalta d'aon scéim den sórt sin a bheadh aige mura mbeadh an tAcht seo dá bhfanadh sé i seirbhís an Bhoird amach.

[EN]

(9) Oifigeach nó seirbhíseach don Bhord is comhalta de scéim aoisliúntais láithreach ní bheidh sé i dteideal bheith ina chomhalta de scéim aoisliúntais a bhí bunaithe roimh an dáta aistrithe d'fhostaithe an Bhoird.

[EN]

(10) Féadfaidh an Bord, aon uair is cuí leis, scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire ag déanamh leasuithe (trí bhreisiú, laghdú nó athrú) ar scéim aoisliúntais láithreach nó ag déanamh leasuithe, mar adúradh, nó ag déanamh cúlghairme ar scéim leasaitheach faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3), (4) agus (6) d'alt 44 den Acht Iompair, 1950, maidir le gach scéim a chuirfear faoi bhráid faoin alt seo.

[EN]

(11) Ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú mar ní a choisceann an Bord ó scéim aoisliúntais láithreach a leasú de réir cumhachta chuige sin sa scéim.

[EN]

(12) Measfar gur faoi iontaobhas do-chúlghairmthe a bunaíodh scéim aoisliúntais láithreach.

[EN]

(13) Na tagairtí atá san alt seo do scéim aoisliúntais láithreach is tagairtí iad don scéim arna oiriúnú le halt 40 d'Acht 1953.

[EN]

Scéimeanna aoisliúntais láithreacha a bhuanú i gcás fostaithe Oibreacha Dhún Dealgan.

16.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “scéim aoisliúntais láithreach” ciste pinsin nó ciste foirne dá dtagartar sa chomhaontú sceidealta sa mhéid go bhaineann sé le haon ath-oifigeach nó ath-sheirbhíseach don Bhord amach a bheidh ar fostú ag an gCuideachta, agus a mheas gur lean an ciste sin d'fheidhm a bheith aige ina chás tar éis na fostaíochta sin;

[EN]

ciallaíonn “comhalta” aon ath-oifigeach nó ath-sheirbhíseach nó duine den sórt a bhí i dteideal amhlaidh.

[EN]

(2) Aistreoidh an Bord amach chun na Cuideachta na hurrúis agus an t-airgead a bheidh ina sheilbh chun críocha scéime aoisliúntais láithrí a dheimhnigh achtúire a cheap an tAire agus an Aireacht i gcomhar le chéile a bheith iomchuí dá chomhaltaí chun an Chuideachta do shealbhú an chéanna chun na gcríocha céanna.

[EN]

(3) Déanfaidh an Chuideachta ó am go ham, faoi réir cheadaithe an Aire, iontaobhaithe a cheapadh chun críocha aon scéime aoisliúntais láithrí agus aistreoidh sí chun na n-iontaobhaithe sin na hurrúis agus an t-airgead a bheidh ina seilbh chun críocha na scéime.

[EN]

(4) Faoi réir forálacha an ailt seo, leanfaidh gach scéim aoisliúntais láithreach, agus bainistí na scéime sin, ar marthain an dáta aistrithe agus dá éis.

[EN]

(5) Chun críocha aon achtacháin agus rialacha agus rialachán a bhaineann le haon scéim aoisliúntais láithreach, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas an dáta aistrithe agus dá éis:

[EN]

(a) aon chumhacht a bhí ag an mBord amach nó ag aon oifigeach dó maidir leis an scéim sin, féadfaidh an Chuideachta nó aon oifigeach don Chuideachta ag a mbeidh údarás chuige sin ón gCuideachta í a fheidhmiú;

[EN]

(b) measfar, maidir le seirbhís nó fostaíocht nó díbhe faoin gCuideachta nó ag an gCuideachta i gcás aon athoifigigh nó ath-sheirbhísigh don Bhord amach a bheidh ar fostú ag an gCuideachta, gur seirbhís nó fostaíocht nó díbhe faoin mBord amach nó ag an mBord amach é;

[EN]

(c) i gcás cumhachtaí a bheith ag an mBord amach faoi rialacha na scéime sin chun oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh chun aon choiste bhainistí, déanfaidh an Chuideachta, ag feidhmiú an gcumhacht sin di oifigigh nó seirbhísigh don Chuideachta a cheapadh atá ina gcomhaltaí den scéim sin.

[EN]

(6) Na hoblagáidí, cibé acu dlí nó gnás is foras dóibh, atá ar an mBord amach maidir le haon scéim aoisliúntais láithreach agus maidir le gach comhalta den scéim aoisliúntais láithreach sin. beidh siad ina gceangal ar an gCuideachta.

[EN]

(7) Na daoine uile atá nó a bhí ina gcomhaltaí d'aon scéim aoisliúntais láithreach agus na daoine uile a bheidh ag déanamh éilimh de dhroim cirt aon chomhaltaí den sórt sin, beidh siad i dteideal na sochar, na gceart agus na bpribhléidí céanna agus faoi réir na n-oblagáidí céanna, cibé acu dlí nó gnás is foras dóibh, a rabhdar ina dteideal nó faoina réir go dtí seo.

[EN]

(8) Aon ath-oifigeach nó ath-sheirbhíseach don Bhord amach a bheidh ar fostú ag an gCuideachta agus nach comhalta d'aon scéim aoisliúntais láithreach beidh aige, an fhad a fhanfaidh sé i seirbhís na Cuideachta, an ceart céanna a bhí aige (má bhí) go dtí seo chun bheith ina chomhalta d'aon scéim den sórt sin.

[EN]

(9) I gcás comhalta de scéim aoisliúntais láithreach d'fhágáil seirbhíse na Cuideachta, féadfaidh iontaobhaithe na scéime, ar iarratas ón gcomhalta agus más cuí leis an Aire é ag féachaint do na himthosca uile, an chionúireacht a bheidh ina leith ó cheart chun creidmheasa na scéime a aistriú chun aon scéime aoisliúntais eile a mbeidh sé ina chomhalta di.

[EN]

(10) Ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú mar ní a choisceann an Chuideachta ó scéim aoisliúntais láithreach a leasú de réir cumhachta chuige sin sa scéim.

[EN]

(11) Measfar gur faoi aontas do-chúlghairmthe a bunaíodh scéim aoisliúntais láithreach.

[EN]

(12) Na tagairtí atá san alt seo do scéim aoisliúntais láithreach is tagairtí iad don scéim arna oiriúnú le halt 40 d'Acht 1953.

[EN]

Cúiteamh d'fhostaithe an Bhoird agus do ath-fhostaithe an Bhoird amach i gcás díbhe nó aistrithe.

1958, Uimh. 19.

1958, Uimh. 19.

1932, Uimh. 2.

1933, Uimh. 8.

1958, Uimh. 20.

1958, Uimh. 19.

17.—(1) Beidh éifeacht ag an alt seo sna cásanna seo a leanas:

[EN]

(a) má tharlaíonn, de dhroim an chuid de ghnóthas an Bhoird amach atá sa Stát a dhílsiú an dáta aistrithe, go scaoilfidh an Bord le seirbhísí oifigigh nó seirbhísigh (lena n-áirítear oifigeach no seirbhíseach a aistríodh nó a tugadh ar iasacht faoi alt 14), nó go n-aistreoidh an Bord é go dtí post eile ina sheirbhís, laistigh de chúig bliana tar éis dáta an Achta seo a rith;

[EN]

(b) má tharla roimh an dáta aistrithe, de dhroim an Bord amach do scor de sheirbhís traenacha a chur ar fáil, gur scaoil an Bord amach le seirbhísí oifigigh nó seirbhísigh nó gur aistrigh an Bord amach é go dtí post eile ina sheirbhís, agus go raibh an t-oifigeach nó an seirbhíseach ina chónaí sa Stát tráth a dhíbhe nó a aistrithe;

[EN]

(c) má scoireann an Bord d'aon seirbhís iompair d'iarnród nó d'uisce-bhealach intíre a chur ar fáil nó má bhuanlaghdaíonn sé an céanna nó má chuireann sé cumhacht diesel in ionad cumhachta gaile nó má dhéantar ordú faoi alt 9 den Acht Iompair, 1958, i ndáil le crosaire comhréidh sonraithe agus go dtarlóidh dá dhroim sin, laistigh de chúig bliana tar éis dáta an Achta sin a rith, go scaoilfidh an Bord le seirbhísí oifigigh nó seirbhísigh (is oifigeach nó seirbhíseach a aistríodh nó a tugadh ar iasacht faoi alt 14) nó go n-aistreoidh an Bord é go dtí post eile ina sheirbhís.

[EN]

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo ach amháin le hoifigeach nó seirbhíseach a bhí, ar dháta a dhíbhe nó a aistrithe, ar buanfhostaíocht nó a bhí, lasmuigh de chorr bhearna fostaíochta, ar fostú ag an mBord amach nó ag an mBord, ar feadh iomlán na dtrí mblian roimhe sin.

[EN]

(3) Beidh teideal ag duine lena mbaineann an t-alt seo chun cúitimh faoi alt 14 den Acht Iompair, 1958, a oiread agus atá ag duine lena mbaineann an t-alt sin agus ar na coinníollíocha céanna leis an duine sin, ach, nuair a bheidh an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Iompair, 1958, á fhorléiriú chun críocha an fho-ailt seo, go measfar mír bhreise mar leanas a bheith sa Sceideal sin:

[EN]

“8. (a) Forléireofar na tagairtí sa Cheathrú Sceideal d'Acht 1950 do shean-chuideachta iompair mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do Bhord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt agus do Chuideachta Mhór-Iarnród an Tuaiscirt (Éire).

[EN]

(b) Forléireofar tagairtí sa Cheathrú Sceideal sin do sheancheadúnaí ród-iompair mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do dhuine ba shealbhóir ar cheadúnas paisnéara, de réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1932, nó ar cheadúnas marsantais (iompróir láithreach) de réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1933, agus ar aistríodh an ceadúnas sin aige chun Boird Mhór-Iarnród an Tuaiscirt nó Cuideachta Mhór-Iarnród an Tuaiscirt (Éire).

[EN]

(c) Chun seirbhís inphinsin duine a ríomh faoin gCeathrú Sceideal sin—

[EN]

(i) áireofar sa seirbhís inphinsin aon seirbhís (ar seirbhís í le sean-cheadúnaí ród-iompair de réir bhrí an Cheathrú Sceidil sin nó an Sceidil sin arna leathnú le fo-mhír (b) den mhír seo) a aitheantar chun críocha scéime aoisliúntais láithrí arna míniú in alt 15 d'Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1958, agus

[EN]

(ii) má glacadh an duine sin i bhfostaíocht an Bhoird mar dhuine saincháilithe in aois ba shine ná an aois ina dtosnaítí de ghnáth ar sheirbhís iompair, féadfar a sheirbhís inphinsin a mhéadú trí cibé méid blian a chur léi a meastar a bheith cóir.”

[EN]

(4) Forléireofar na tagairtí don alt sin 14 in ailt 15 agus 17 den Acht Iompair, 1958, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don alt seo.

[EN]

Cúiteamh d'fhostaithe Theach Imréitigh Iarnród na hÉireann i gcásanna díbhe nó aistrithe.

1958, Uimh. 19.

1958, Uimh. 19.

1950, Uimh. 12.

18.—(1) Beidh éifeacht ag an alt seo má tharlaíonn, de dhroim gnóthas an Bhoird amach a scor de bheith dílsithe sa Bhord sin, go scaoilfidh Teach Imréitigh Iarnród na hÉireann le seirbhísí oifigigh nó seirbhísigh nó go n-aistreoidh sé é go dtí post eile ina sheirbhís, laistigh de chúig bliana ó dháta an Achta seo a rith.

[EN]

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo ach amháin le hoifigeach nó seirbhíseach a bhí ar buanfhostaíocht ar dháta a dhíbhe nó a bhí, lasmuigh de chorr bhearna fostaíochta, ar fostú i dTigh Imréitigh Iarnród na hÉireann ar feadh iomlán na dtrí mblian roimhe sin.

[EN]

(3) Má scaoiltear lena sheirbhísí, íocfaidh Teach Imréitigh Iarnród na hÉireann cúiteamh leis a ríomhfar de réir an Dara Sceidil a ghabhann leis an Acht Iompair, 1958.

[EN]

(4) Má aistrítear é go dtí post eile agus go ndéanfaidh sin dochar dó ina choinníollacha seirbhíse mar oifigeach nó seirbhíseach do Thigh Imréitigh Iarnród na hÉireann, déanfaidh Teach Imréitigh Iarnród na hÉireann cnapshuim a mbeidh méid réasúnach ann d'íoc de chúiteamh leis.

[EN]

(5) Chun críocha fo-ailt (4) den alt seo—

[EN]

(a) measfar dochar a dhéanamh d'oifigeach nó seirbhíseach do Thigh Imréitigh Iarnród na hÉireann ina choinníollacha seirbhíse mar oifigeach nó seirbhíseach don Tigh sin más rud é, i gcás Teach Imréitigh Iarnród na hÉireann dá aistriú, gan toiliú uaidh, ó phost go dtí post eile ina sheirbhís, go gcaillfidh sé aon airgead go díreach dá dhroim sin nó gur measa a staid maidir le coinníollacha a sheirbhíse ina n-iomláine (ar a n-áirítear tionacht oifige nó fostaíochta, luach saothair, aiscí aoisliúntais, sochair ó chiste breoiteachta nó sochair nó liúntais eile, cibé acu dlí nó gnás is foras dóibh agus cibé acu maidir leis féin nó lena bhaintrigh nó lena chlainn nó le cleithiúnaithe eile leis atá feidhm acu) i gcóimeas leis na coinníollacha seirbhíse a bhain leis roimh an aistriú;

[EN]

(b) aon oifigeach nó seirbhíseach do Thigh Imréitigh Iarnród na hÉireann a n-aistreoidh Teach Imréitigh Iarnród na hÉireann é ó phost go dtí post eile ina sheirbhís, measfar dochar a dhéanamh dhó ina choinníollacha seirbhíse mar oifigeach nó seirbhíseach don Tigh sin má iarrann Teach Imréitigh Iarnród na hÉireann air dualgais a chomhlíonadh sa phost chun a n-aistreofar é amhlaidh nach mbeidh i gcosúlacht, nó nach breis réasúnach, leis na dualgais a bhí sé de cheangal air, roimh an aistriú, a chomhlíonadh sa phost ónar aistríodh amhlaidh é.

[EN]

(6) Beidh feidhm ag ailt 41, 42 agus 43 d'Acht 1950 (a bhaineann le cúiteamh a chinneadh faoin Acht sin) i gcás cúitimh faoin alt seo, agus forléireofar tagairtí don Bhord mar thagairtí do Thigh Imréitigh Iarnród na hÉireann.

[EN]

(7) Nuair a bheidh forléiriú á dhéanamh, chun críocha an ailt seo, ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Iompair, 1958, agus ar an gCeathrú Sceideal (arna fheidhmiú leis an Dara Sceideal sin) a ghabhann leis an Acht Iompair, 1950

[EN]

(a) i mír 5 den Dara Sceideal sin cuirfear “i dTigh Imréitigh Iarnród na hÉireann nó” roimh “ag údarás áitiúil” agus “ó Thigh Imréitigh Iarnród na hÉireann” in ionad “ón mBord”;

[EN]

(b) i bhfo-chlásal (ii) de chlásal (a) d'fho-mhír (2) de mhír 1 den Cheathrú Sceideal sin scriosfar “má bhí seirbhís ag an duine sin le seanchuideachta iompair,”, agus

[EN]

(c) i bhfo-mhír (b) de mhír 4 den Cheathrú Sceideal sin cuirfear “Teach Imréitigh Iarnród na hÉireann” in ionad “an Bord”.

[EN]

Forálacha cúitimh láithreacha.

19.—(1) Ní bheidh feidhm, i gcás duine lena mbaineann alt 17, ag alt 38 d'Acht 1953, a dhéanann foráil i dtaobh cúitimh i gcásanna áirithe ina ndéanfar oifigigh agus seirbhísigh a dhíbhe nó a aistriú.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh athghairm an ailt sin 38 difir do cheart aon duine, ag a raibh teideal chun cúitimh faoi, chun an cúiteamh sin a íoc nó a bheith á íoc leis.

CUID IV.

Bord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt a Fhorceannadh.

[EN]

Bord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt a fhorceannadh.

20.—(1) Nuair a bheidh an Bord amach tar éis aon iarratas a chomhlíonadh a iarr an Bord air chun a áirithiú go ndéanfar úinéireacht aon mhaoine nó sócmhainní nó aon cheart a aistriú go héifeachtúil chun an Bhoird agus tar éis a fháil amach nach mian leis an mBord aon iarratas eile a dhéanamh, tabharfaidh an Bord amach fógra dá réir sin don Aire.

[EN]

(2) Más deimhin leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tráchtála (cibé acu a tugadh aon fhógra den sórt sin dó nó nár tugadh) gur comhlíonadh aon iarratas a rinneadh amhlaidh agus nach bhfuil aon iarratais eile le comhlíonadh, déanfaidh an tAire ordú nach bhfuil aon chúis leis an mBord amach do leanúint ar marthain agus tabharfaidh sé go bhfoilseofar an t-ordú san Iris Oifigiúil, agus ar an ordú a fhoilsiú beidh an Bord amach díscaoilte agus scoirfidh alt 6 d'Acht 1953, trínar corpraíodh é, d'éifeacht a bheith aige.

[EN]

(3) I gcaitheamh na tréimhse dar tosach an dáta aistrithe agus dar críoch dáta an Bhoird amach a dhíscaoileadh, fanfaidh na forálacha reachtúla agus na hionstraimí eile a bhaineann leis i bhfeidhm maidir leis amhail is nár ritheadh an tAcht seo, a mhéid a bheidh na cumhachtaí a thugtar leo ag teastáil le haghaidh a mbeidh fágtha de chríocha an Bhoird amach.

[EN]

(4) Íocfaidh an Bord leath na gcaiteachas go léir (lena n-áirítear luach saothair a chomhaltaí agus an achtúire a cheapfar chun críche fo-mhíre (e) de mhír 7 den chomhaontú sceidealta) faoina rachaidh an Bord amach go réasúnach agus go cuí tar éis an dáta aistrithe chun a ghnóthaí a fhorceannadh, agus cuirfidh an Bord cibé saoráidí ar fáil don Bhord amach a theastóidh de réir réasúin ón mBord amach chun scrúdú a dhéanamh ar leabhair, cuntais agus doiciméid a tugadh suas don Bhord agus chun sleachta a thógáil astu nó cóipeanna a dhéanamh díobh agus cuirfidh an Bord ar fáil don Bhord amach seirbhísí cibé oifigeach agus seirbhíseach, agus sin ar cibé téarmaí agus coinníollacha, agus go ceann cibé tréimhse ar a gcomhaontóidh an Bord agus an Bord amach nó, cheal comhaontaithe, a chinnfidh an tAire le comhaontú na hAireachta, agus íocfaidh an Bord leath luach saothair na n-oifigeach agus na seirbhíseach sin.

[EN]

(5) Íocfaidh an Bord na caiteachais eile go léir faoi rachaidh an Bord amach go réasúnach agus go cuí.

[EN]

Fógraí áirithe do leanúint i bhfeidhm.

21.—Gach fógra a sheirbheáil an Bord amach nó a seirbheáladh air roimh an dáta aistrithe agus nach raibh a éifeacht nó a théarma caite roimh an dáta sin leanfaidh sé, sa mhéid nach bhfuil sé ar neamhréir leis an Acht seo, d'fheidhm agus éifeacht a bheith aige ina dhiaidh sin amhail is dá mba fógra é a sheirbheáil an Bord nó a seirbheáladh ar an mBord ar an dáta a seirbheáladh é iarbhír agus amhail is dá mbeadh na feidhmeanna nó an mhaoin lena mbaineann an fógra sin dílsithe cheana féin sa Bhord ar an dáta sin.

[EN]

Forálacha maidir le cáin ioncaim.

22.—(1) Leanfaidh an Bord amach ar an dáta aistrithe agus dá éis, de bheith faoi dhliteanas faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim aon ráiteas, tuairisceán nó sonraí a ullmhú agus a sheachadadh is gá chun críocha na nAcht sin d'aon bhliain mheasúnaithe a chríochnóidh ar nó roimh an gcéad 5ú lá d'Aibreán tar éis an dáta sin.

[EN]

(2) Féadfar measúnú cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnaithe a chríochnóidh ar, nó roimh, an gcéad 5ú lá d'Aibreán tar éis an dáta aistrithe a dhéanamh ar an mBord amach ar an dáta sin nó dá éis, agus aon cháin ioncaim i leith aon mheasúnaithe den sórt sin a dhéanfar amhlaidh, agus is measúnú críochnaitheach dochloíte measfar nuair a thiocfaidh sé chun bheith dlite agus iníoctha, é a theacht chun bheith dlite agus iníoctha roimh an dáta sin.

[EN]

(3) An duine arb é rúnaí an Bhoird nó an t-oifigeach eile a chomhlíonann dualgais rúnaí an Bhoird é, measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é rúnaí an Bhoird amach nó an t-oifigeach eile a chomhlíonann dualgais rúnaí an Bhoird amach é.

[EN]

(4) Beidh ag an mBord, agus tugtar leis seo don Bhord, cumhacht chun go mbainfeadh sé as sochair oifige aon duine a shealbhaíonn oifig nó fostaíocht sochair faoin mBord aon cháin ioncaim a muirearaíodh ar an mBord amach i leith aon oifige nó fostaíochta sochair a shealbhaigh an duine sin faoin mBord amach.

[EN]

(5) Chun críocha an ailt seo, ach ní chun aon chríche eile ná ar aon slí eile é, measfar an Bord amach do leanúint ar marthain ar agus tar éis an dáta díscaoilte faoi alt 20.

CUID V.

Airgeadas.

[EN]

Deontais don Bhord.

1958, Uimh. 19.

23.—Déantar leis seo an deontas bliantúil a thabharfaidh an tAire don Bhord faoi alt 10 den Acht Iompair, 1958, sa bhliain airgeadais dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1959, agus gach bliain de na ceithre bliana airgeadais díreach ina dhiaidh sin a mhéadú ó £1,000,000 go dtí £1,175,000 agus beidh an t-alt sin arna leasú dá réir sin.

[EN]

Cumhachtaí an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht.

1950, Uimh. 12.

1955, Uimh. 25.

24.—Leasaítear leis seo alt 28 den Acht Iompair, 1950 (arna leasú le halt 2 den Acht Iompair, 1955) trí £2,000,000 a chur in ionad £1,500,000 i mír (c) d'fho-alt (1) (a chuireann teorainn le hiasachtaí sealadacha).

[EN]

Ráthaíocht Stáit le hiasachtaí sealadacha.

1950, Uimh. 12.

1955, Uimh. 25.

25.—Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 30 den Acht Iompair, 1950 (arna leasú le halt 3 den Acht Iompair, 1955) a leasú trí £1,500,000 a chur in ionad £1,000,000 i mír (b) (a chuireann teorainn le ráthaíocht an Aire Airgeadais le hiasachtaí sealadacha).

AN SCEIDEAL.

Dréacht-Théarmaí Comhaontaithe atá le déanamh idir an tAire agus an Aireacht.

Alt 3.

1. Beidh deireadh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1958 (dá ngairmtear “an dáta aistrithe” anseo feasta) leis an gComhaontú (dá ngairmtear “Comhaontú 1953” anseo feasta) a rinneadh idir na páirtithe sa Chomhaontú seo an 10ú lá de Lúnasa, 1953, gan dochar dá fheidhmiú i gcás tréimhsí roimh an dáta sin.

2.—Déanfar, ar an dáta aistrithe, faoi réir cibé coigeartuithe is gá de bhun Comhaontaithe 1953, sócmhainní agus dliteanais Bhord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt (dá ngairmtear “an Bord” anseo ina dhiaidh seo), a chionroinnt idir na páirtithe de réir na míreanna ina dhiaidh seo den Chomhaontú seo.

3. Roinnfear sócmhainní an Bhoird mar leanas:

(a) aistreofar tailte, áitribh agus airnéisí (seachas airnéis dá dtagartar sna fo-mhíreanna ina dhiaidh sin den mhír seo) chun páirtí an límistéir ina bhfuil an mhaoin;

(b) roinnfear roth-dhíle iarnróid go cothrom de réir luacha idir na páirtithe, ach amháin sa mhéid go gcomhaontóidh siad ar shlí eile d'fhonn roinnt chothromasach ar an ngnóthas a áirithiú;

(c) aistreofar roth-dhíle bóthair agus tram-riain chun an Aire Tionscail agus Tráchtála;

(d) roinnfear stórais agus ábhair go cothrom de réir luacha idir na páirtithe;

(e) airnéisí nach mbeidh, díreach roimh an dáta aistrithe, sa límistéar ina mbíonn siad de ghnáth, aistreofar iad chun páirtí an límistéir ina mbíonn siad de ghnáth;

(f) airnéisí a bhíonn de ghnáth in aon roth-dhíle iarnróid rachaidh siad leis an roth-dhíle sin;

(g) déanfar aon sócmhainní eile (ach amháin iad sin lena ndéileáltar i mír 5) a roinnt go cothrom de réir luacha idir an dá pháirtí.

4.  (a) Déanfar dliteanais an Bhoird a chionroinnt go cothromasach idir na páirtithe.

(b) Folaítear sna dliteanais sin dliteanais faoi chonarthaí leanúnacha i gcás tréimhsí suas go dtí an dáta aistrithe agus i gcás tréimhsí ina dhiaidh sin ach ní folaítear iontu dliteanais lena ndéileáltar i mír 5, 6 nó 7.

(c) Déanfaidh na páirtithe cibé comhshocraíochtaí maidir le haon chonradh den sórt sin is gá chun an mhír seo a chur i bhfeidhm agus chun cearta an pháirtí eile sa chonradh a chosaint.

5. Déanfar sócmhainní agus dliteanais an Bhoird i leith Chomhchoiste Iarnród Chontae Dhún na nGall agus Chuideachta Iarnród an tSratha Bháin agus Leitir Ceanainn a aistriú chun na bpáirtithe agus cuirfidh na páirtithe de láimh iad i cibé slí ar a gcomhaontóidh siad.

6. Déanfar cearta agus oblagáidí an Bhoird i leith aon duine i bhfostaíocht an Bhoird díreach roimh an dáta aistrithe a aistriú chun páirtí an límistéir ina mbeidh cónaí ar an duine sin an tráth sin.

7. (a) Aistreofar de réir na míre seo na hoblagáidí, cibé acu dlí nó gnás is foras dóibh, atá ar an mBord maidir le haon duine lena mbaineann an mhír seo agus maidir le daoine a éilíonn de dhroim cirt aon duine den sórt sin faoi aon chiste pinsin nó foirne dá dtagartar sa Sceideal a ghabhann leis an gComhaontú seo.

(b) Déanfar oblagáidí maidir le haon duine ag a mbeidh, díreach roimh an dáta aistrithe, teideal chun sochair faoi aon chiste den sórt sin a aistriú chun páirtí an límistéir ina raibh cónaí ar an duine sin nuair tháinig sé i dteideal amhlaidh i gcéaduair.

(c) Déanfar oblagáidí maidir le haon duine a bheidh ar fostú ag an mBord díreach roimh an dáta aistrithe a aistriú chun páirtí an límistéir ina mbeidh cónaí ar an duine sin an tráth sin.

(d) Déanfar oblagáidí maidir le haon duine a bhí fostaithe cheana ag an mBord agus a aistríodh, roimh an dáta aistrithe, chun seirbhíse Oibreacha Innealtóireachta Dhún Dealgan Teoranta, a aistriú chun an Aire Tionscail agus Tráchtála.

(e) Aistreofar chun an pháirtí iomchuí sa Chomhaontú seo, i gcás gach duine dá dtagartar i bhfo-mhír (b), (c) nó (d), urrúis agus airgead arb é a bheidh iontu cionúireacht chuí den méid a bheidh chun creidmheasa aon chiste den sórt sin ar an dáta aistrithe, agus a a bhainfidh leis ó cheart, arna dheimhniú ag achtúire a cheapfaidh na páirtithe i gcomhar le chéile.

8. Comhaontaítear go bhféadfaidh Córas Iompair Éireann nó, a mhéid a ordóidh an tAire é, Oibreacha Innealtóireachta Dhún Dealgan Teoranta cearta agus oblagáidí an Aire Tionscail agus Tráchtála faoi na míreanna roimhe seo den Chomhaontú seo a fheidhmiú agus a chomhlíonadh agus go bhféadfaidh an Ulster Transport Authority cearta agus oblagáidí na hAireachta a fheidhmiú agus a chomhlíonadh.

An Sceideal.

1. Ciste Pinsin don Fhoirinn Pháighe.

2. Cúlchistí Chiste Phinsin na Foirne Páighe (forlíontach do Uimh. 1).

3. Ciste Coigiltis na mBan-Chléireach.

4. Ciste Blianachtaí Shaoistí Dhún Dealgan.

5. Ciste pinsin nó ciste coigiltis le haghaidh sochair fhorlíontaigh do chomhalta nó sean-chomhalta ar bith d'fhoirinn an Bhoird nó dá chleithiúnaithe.

6. Ciste Saorálach.