Uimhir 18 de 1951.
ACHT CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA (LEASÚ), 1951.
[An tiontó oifigiúil.]
Méadú ar an méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasacht áitiúla.
1.—Athghairmtear leis seo Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1950 (Uimh. 13 de 1950), agus in ionad ailt 1 de achtaítear leis seo nach raghaidh méid iomlán an airgid a heiseofar as ciste na n-iasacht áitiúla i leith iasachtaí áitiúla i rith na tréimhse a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 4 d'Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935), thar suim chaoga milliún punt.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1951, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1951, a ghairm d'Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1940, agus den Acht seo le chéile.