Uimhir 18 de 1973
ACHT TEAGHLACHAS AN UACHTARÁIN (LEASÚ), 1973
[An tiontú oifigiúil]
Míniú.
1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht Teaghlachas an Uachtaráin, 1938.
Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.
2.—Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht Teaghlachas an Uachtaráin (Leasú), 1947):
“(1) Is iad na sochair agus na liúntais a gheobhaidh an tUachtarán de bhun alt 11 d'Airteagal 12 den Bhunreacht—
(a) suim de réir ráta £15,000 sa bhliain, agus
(b) suim arb ionann aon tráth a ráta bliantúil agus ráta bliantúil luach saothair an Phríomh-Bhreithimh an tráth sin arna mhéadú deich faoin gcéad,
agus is é luach saothair pearsanta an Uachtaráin an tsuim sin is déanaí a luaitear.”.
Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.
3.—Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Deonóidh an Rialtas pinsean do gach duine a scoirfidh, tar éis é bheith i seilbh oifig an Uachtaráin, de bheith i seilbh na hoifige sin ar chúis ar bith seachas bás nó a chur as oifig faoi alt 10 d'Airteagal 12 den Bhunreacht, agus is é a bheidh i ráta bliantúil an phinsin aon tráth leath ráta bhliantúil luach saothair pearsanta an Uachtaráin an tráth sin.”.
Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.
4.—Leasaítear leis seo alt 4 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, deonóidh an Rialtas pinsean do bhaintreach aon duine—
(a) a d'éag agus é i seilbh oifig an Uachtaráin, nó
(b) a d'éag agus é ag fáil pinsin a deonaíodh faoi alt 3 den Acht seo, nó
(c) a bhí, díreach roimh a bhás, i dteideal go ndeonófaí pinsean faoin alt sin dó ach nár deonaíodh amhlaidh dó é,
agus is é a bheidh i ráta bliantúil an phinsin aon tráth an ceathrú cuid de ráta bliantúil luach saothair pearsanta an Uachtaráin an tráth sin.”.
Gearrtheideal agus comhlua.
5.—(1) Féadfar Acht Teaghlachas an Uachtaráin (Leasú), 1973, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achtanna Teaghlachas an Uachtaráin, 1938 go 1973, a ghairm d'Achta Theaghlachas an Uachtaráin, 1938 agus 1947, agus den Acht seo le chéile.