[EN]

Uimhir 19 de 1934.


[EN]

ACHT DIÚITÉTHE CUSTUM (RÁTAÍ TOSAIOCHTA), 1934.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN NA hARD-CHOMHAIRLE DO CHEAPADH AGUS D'ATHARÚ NA dTIORTHA GUR MAIDIR LEO BHEIDH FEIDHM AG RÁTAÍ TOSAIOCHTA DE DHIÚITÉTHE CUSTUM ATÁ ANN ANOIS NO BHEIDH ANN INA DHIAIDH SEO. [25adh Bealtaine, 1934.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “rata tosaíochta” ráta diúité is lugha ná gnáth-ráta an diúité gur ina thaobh a húsáidtear an abairt;

[EN]

déanfar tagairtí do thír le n-a mbaineann ráta tosaíochta do léiriú mar thagairtí do thír gur do réir an ráta tosaíochta san atá earraí a hiomportáltar aisti ionchurtha fén diúité bhaineann leo.

[EN]

Baint na rátaí tosaíochta atá anois ann de dhiúitéthe custum d'atharú.

2.—I gcás diúité custum, ar n-a ghearradh le hAcht no le rún do ritheadh no le hordú do rinneadh roimh an Acht so do rith, do bheith ionchurtha do réir ráta tosaíochta maidir le hearraí ar n-a n-iomportáil o thíortha áirithe, féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh maidir le hearraí is ionchurtha fén diúité sin agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann ar dháta áirithe no dá éis sin agus nách dáta roimh dháta an orduithe sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) atharú do dhéanamh (tré chur leo, tré fhágaint ar lár, no ar shlí eile) maidir leis na tíortha le n-a mbaineann an ráta tosaíochta san;

[EN]

(b) srian do chur leis an ráta tosaíochta san i dtreo ná bainfidh ach le hearraí go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur as caiteachas de chineál áirithe fé n-a ndeachthas i dtír le n-a mbaineann an ráta tosaíochta san, maidir le habhair ar n-a dtáirgeadh no le hobair ar n-a déanamh sa tír sin, do tháinig cion áirithe de luach na n-earraí sin, agus, chuige sin, atharú do dhéanamh ar aon tsrian den tsórt san a bheidh ar bith de bhuadh aon Achta no rúin do ritheadh no de bhuadh aon orduithe do rinneadh roimh an Acht so dorith;

[EN]

(c) srian do chur leis an ráta tosaíochta san i dtreo ná bainfidh ach le hearraí go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur tugadh iad go díreach no bealach áirithe o thír le n-a mbaineann an ráta tosaíochta san.

[EN]

Baint na rátaí tosaíochta bheidh ann ina dhiaidh seo de dhiúitéthe custum do cheapadh.

3.—Más rud é go ndéanfar diúité custum do ghearradh tar éis an Achta so do rith agus go ndéanfar, leis an Acht no leis an rún no leis an ordú tré n-a ngearrfar an diúité sin, ráta áirithe den diúité sin do cheapadh mar an ráta tosaíochta den diúité sin chun crícheanna an Achta so, féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh maidir le hearraí is ionchurtha fén diúité sin agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann ar dháta áirithe no dá éis sin agus nách dáta roimh dháta an orduithe sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) na tíortha do cheapadh le n-a mbainfidh an ráta tosaíochta san;

[EN]

(b) atharú do dhéanamh (tré chur leo, tré fhágaint ar lár, no ar shlí eile) maidir leis na tíortha le n-a mbainfidh an ráta tosaíochta san de thurus na huaire;

[EN]

(c) srian do chur leis an ráta tosaíochta san i dtreo ná bainfidh ach le hearraí go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur as caiteachas de chineál áirithe fé n-a ndeachthas i dtír le n-a mbaineann an ráta tosaíochta san, maidir le habhair ar n-a dtáirgeadh no le hobair ar n-a déanamh sa tír sin, do tháinig cion áirithe de luach na n-earraí sin;

[EN]

(d) srian do chur leis an ráta tosaíochta san i dtreo ná bainfidh ach le hearraí go gcuirfear in luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh gur tugadh iad go díreach no bealach áirithe o thír le n-a mbaineann an ráta tosaíochta san.

[EN]

Orduithe ar n-a ndéanamh fén Acht so do leasú agus do cheiliúradh.

4.—Féadfaidh an Ard-Chomhairle tráth ar bith, le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh, maidir le hearraí a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann ar dháta áirithe no dá éis sin agus nách dáta roimh dháta an orduithe sin, ar ordú bheidh déanta roimhe sin fén Acht so, agus le n-a n-áirmhítear ordú ar n-a dhéanamh fén alt so ag leasú orduithe roimhe sin.

[EN]

Eifeacht agus ré ordú déanfar fén Acht so.

5.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, beidh éifeacht reachtúil ag gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so.

[EN]

(2) Gach ordú (nách ordú ná beidh ach ag ceiliúradh orduithe bheidh déanta roimhe sin fén Acht so) scuirfidh d'éifeacht do bheith aige i gceann trí mhí tar éis a dhéanta mara n-aontuighidh Dáil Éireann leis an ordú san tré rún do rith sara mbeidh an trí mhí sin caithte.

[EN]

(3) I gcás orduithe ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén Acht so do cheiliúradh le hordú ar n-a dhéanamh sa tslí chéanna, no do scur de bhuadh an ailt seo d'éifeacht do bheith aige, sara mbeidh aontuithe ag Dáil Éireann leis ní thiocfaidh aon ordú a dhéanfaidh an Ard-Chomhairle ina dhiaidh sin agus ag á mbeidh an bhrí chéanna no an bhrí chéanna nách mór do bhí ag an ordú san do ceiliúradh no do scuir d'éifeacht do bheith aige amhlaidh, ní thiocfaidh san i bhfeidhm ná ní raghaidh in éifeacht go n-aontuighidh Dáil Éireann leis tré rún.

[EN]

Gearr-theideal.

6.—Féadfar an tAcht Diúitéthe Custum (Rátaí Tosaíochta), 1934, do ghairm den Acht so.