[EN]

Uimhir 19 de 1948.


[EN]

AN tACT UM CHLÁRÚ BANALTRAN, 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'FHAIDIÚ TÉARMA OIFIGE REATHA COMHALTAÍ NA PRÍOMH-CHOMHAIRLE BANALTRAIS. [18ú Nollaig, 1948.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— [EN]

Faidiú an téarma oifige reatha.

1.—Déantar leis seo an téarma oifige atá á chaitheamh tráth an Achta seo a rith ag comhaltaí na Príomh-Chomhairle Banaltrais d'fhaidiú go dtí pé lá a shocrós an tAire Sláinte le hordú.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

2.—(1) Féadfar an tAcht um Chlárú Banaltran, 1948, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta um Chlárú Banaltran, 1919 agus 1948, a ghairm den Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, agus den Acht seo le chéile.