Uimhir 19 de 1948.
AN tACT UM CHLÁRÚ BANALTRAN, 1948.
[An tiontó oifigiúil.]
Faidiú an téarma oifige reatha.
1.—Déantar leis seo an téarma oifige atá á chaitheamh tráth an Achta seo a rith ag comhaltaí na Príomh-Chomhairle Banaltrais d'fhaidiú go dtí pé lá a shocrós an tAire Sláinte le hordú.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht um Chlárú Banaltran, 1948, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta um Chlárú Banaltran, 1919 agus 1948, a ghairm den Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, agus den Acht seo le chéile.