[EN]

Uimhir 20 de 1941.


[EN]

ACHT UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA (LEASÚ), 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN AN ACHTA UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA, 1937, DO LEASÚ TRÍD AN TRÉIMHSE, INAR GÁ DO RÉIR AN ACHTA SAN TOGHACHÁIN ÁITIÚLA LE N-A mBAINEANN AN CÉANNA DO CHOMÓRADH, D'FHAIDIÚ GO DTÍ AN 30adh LÁ DE MHEÁN FHÓMHAIR, 1942, AGUS CHUN SOCRUITHE LEANAS AS AN bhFAIDIÚ SAN NO GHABHAS LEIS DO DHÉANAMH. [7adh Lúnasa, 1941.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht agus Acht 1940.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Thoghacháin Áitiúla, 1937 (Uimh. 14 de 1937), agus cialluíonn an abairt “Acht 1940” an tAcht um Thoghacháin Áitiúla (Leasú), 1940.

[EN]

Leiriú agus mínithe.

2.—(1) Déanfar an tAcht so agus an Príomh-Acht maraon le hAcht 1940 do léigheamh agus do léiriú mar éinní amháin.

[EN]

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltas Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe.

[EN]

(3) Beidh gach cólucht is údarás áitiúil chun crícheanna Coda II den Phríomh-Acht, agus fós (ach sa leasú deintear leis an Acht so ar alt 5 den Phríomh-Acht) comhairle chontae-bhuirge Chorcaighe, ina údarás áitiúil chun crícheanna an Achta so, agus is dá réir sin a léireofar an abairt “údarás áitiúil” san Acht so.

[EN]

Ailt 5 agus 7 den Phríomh-Acht do leasú.

3.—(1) Deintear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht, ar n-a leasú le fo-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1940, do leasú tré fho-alt (1) den alt san do scriosadh agus tríd an bhfo-alt so leanas do chur san alt san in ionad an fho-ailt a scriostar amhlaidh, sé sin le rá:—

[EN]

“(1) Déanfaidh an tAire le hordú, roimh an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1942, lá nach déanaighe ná an 30adh lá san de Mheán Fhómhair, 1942, do cheapadh, maidir le gach údarás áitiúil, chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so alos an údaráis áitiúil sin.”

[EN]

(2) Déanfar Cuid II den Phríomh-Acht (le n-a n-áirmhítear alt 5 di) do léiriú ag féachaint go cuibhe don leasú dheineann an fo-alt san roimhe seo den alt so ar an alt san 5 agus, chun lánéifeacht do thabhairt don leasú san, déanfar an dáta an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1942, do chur in ionad an dáta an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1941, san áit ina ndeintear de bhuadh fo-ailt (2) d'alt 3 d'Acht 1940, luadh, i bhfo-alt (3) den alt san 5 agus i bhfo-alt (2) d'alt 7 den Phríomh-Acht, ar an dáta san is déanaighe luaidhtear.

[EN]

Alt 16 den Phríomh-Acht do leasú.

4.—(1) Deintear leis seo alt 16 den Phríomh-Acht, ar n-a leasú le fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1940, do leasú tré fho-alt (1) den alt san do scriosadh agus tríd an bhfo-alt so leanas do chur san alt san in ionad an fho-ailt a scriostar amhlaidh, sé sin le rá:—

[EN]

“(1) Déanfaidh an tAire le hordú, roimh an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1942, lá nach déanaighe ná an 30adh lá san de Mheán Fhómhair, 1942, do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so alos na Comhairle.”

[EN]

(2) Déanfar Cuid III den Phríomh-Acht (le n-a n-áirmhítear alt 16 di) do léiriú ag féachaint go cuibhe don leasú dheineann an fo-alt san roimhe seo den alt so ar an alt san 16.

[EN]

Forálacha speisialta maidir leis an mbliain 1941.

5.—(1) Maidir le halt 8 no 9 no 10 (do réir mar bheidh) den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 (Uimh. 39 de 1927), agus le halt 11 den Acht san, do bhaint le haon údarás áitiúil áirithe, beidh an bhliain 1941, agus is tuigthe í bheith riamh, ina bliain ná comórfar aon toghachán cinn trí mblian chun daoine do thoghadh chun an údaráis áitiúil sin.

[EN]

(2) I gcás an lá ceaptha maidir le húdarás áitiúil chun crícheanna Coda II den Phríomh-Acht ar n-a leasú leis an Acht so no Coda III den Phríomh-Acht ar n-a leasú leis an Acht so (do réir mar a bheidh) do thuitim sa bhliain 1941:—

[EN]

(a) déanfar an tagairt atá sa bhfo-alt san roimhe seo don bhliain 1941 do léiriú, maidir leis an údarás áitiúil sin, mar thagairt don chuid den bhliain sin a thagann roimh an lá ceaptha san, agus

[EN]

(b) maidir le halt 8 no 9 no 10 (do réir mar a bheidh) den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1927 (Uimh. 39 de 1927), agus le halt 11 den Acht san, do bhaint leis an údarás áitiúil sin, is tuigthe an chuid eile den bhliain 1941 do bheith ina bliain ina gcomórfar toghachán cinn trí mblian.

[EN]

Comhacht chun deacrachtaí do réiteach.

6.—Má eirigh no más deallrathach dar leis an Aire go n-eireoidh aon deacracht, maidir le cruinniú ar bith d'aon údarás áitiúil no d'aon chólucht eile do chomóradh, de bhíthin aon leasuithe dheineann an tAcht so ar an bPríomh-Acht no de bhíthin aon fhorála eile den Acht so, féadfaidh an tAire, le hordú, aon ní no rud do dhéanamh a chífear dó do bheith riachtanach chun gur féidir an cruinniú san do chomóradh no chun an údaráis áitiúil no an chóluchta eile sin do chó-dhéanamh i gceart no chun dleathacht do thabhairt do nós imeachta an údaráis áitiúil no an chóluchta eile sin no chun na deacrachta san do réiteach ar shlí eile (do réir mar a bheidh) agus féadfaidh, leis an ordú san, aon oiriúnuithe no atharuithe is gá do dhéanamh ar aon reacht no ordú no rialachán.

[EN]

Gearr-theideal agus có-luadh.

7.—(1) Féadfar an tAcht um Thoghacháin Áitiúla (Leasú), 1941, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Thoghacháin Áitiúla, 1937 go 1941, do ghairm den Phríomh-Acht maraon le hAcht 1940 agus den Acht so le chéile.