Uimhir 20 de 1952.
AN tACHT SRIANTA CÍOSA (BUANÚ AGUS LEASÚ), 1952.
[An tiontó oifigiúil.]
Acht 1946 a bhuanú.
1.—Leanfaidh an tAcht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946), i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1953.
Breis dleathach i gcás an tiarna talún do dhéanamh deisiúcháin áirthe.
2.—(1) I gcás ina ndéanfaidh an tiarna talún, i rith na tréimhse dhá bhlian 1952 agus 1953, suim a chaitheamh is mó ná dhá dtrian de chíos bunúsach áitribh rialaithe ag cur an áitribh i ndeisriocht réasúnach, is breis dleathach ar chíos bunúsach an áitribh suim a ríomhfar do réir an scála atá leagtha amach sa sceideal a ghabhas leis an Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1949 (Uimh. 24 de 1949).
(2) Dá réir sin, déantar leis seo an tAcht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946), arna leasú leis an Acht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1950 (Uimh. 28 de 1950), a leasú tuilleadh trí“nó 1952 agus 1953”a chur isteach i mír (g) d'fho-alt (2) d'alt 11, agus i mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 17 go díreach i ndiaidh“1951 agus 1952”.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
3.—(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1952, a ghairm don Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta Srianta Cíosa, 1946 go 1952, a ghairm de na hAchta Srianta Cíosa, 1946 go 1950, agus den Acht seo le chéile.
(3) Déanfar na hAchta Srianta Cíosa, 1946 go 1950, agus an tAcht seo, d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.