[EN]

Uimhir 4 de 1946.


[EN]

AN tACHT SRIANTA CÍOSA, 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA CHUN MÉADÚ CÍOSA AGUS AIS-GHABHÁIL SEILBHE ÁITREABH A SHRIANADH I gCÁSANNA ÁIRITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [12ú Márta, 1946.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Reamhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal agus ré feidhme.

1.—(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa, 1946, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Leanfaidh an tAcht seo i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1950.

[EN]

Léiriú go generálta.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]Acht 1923.

ciallaíonn an abairt “Acht 1923” an tAcht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 (Uimh. 19 de 1923);

[EN]Acht 1926.

ciallaíonn an abairt “Acht 1926” an tAcht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1926 (Uimh. 24 de 1926);

[EN]bun-chíos.

ciallaíonn an abairt “bun-chíos”—

[EN]

(a) maidir le háitreabh rialaithe (Acht 1923), bun-chíos an áitribh arna chinneadh faoi alt 8 nó alt 9 (pé acu é) den Acht seo,

[EN]

(b) maidir le háitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923), bunchíos an áitribh arna chinneadh faoi alt 14, alt 15 nó alt 16 (pé acu é) den Acht seo;

[EN]áitreabh gnótha.

ciallaíonn an abairt “áitreabh gnótha” áitreabh a húsáitear chun críocha aon ghótha, céirde nó gairme nó le haghaidh na seirbhíse poiblí;

[EN]áitreabh rialaithe.

ciallaíonn an abairt “áitreabh rialaithe” aon áitreabh lena mbaineann an tAcht seo de bhuaidh ailt 3 den Acht seo;

[EN]áitreabh rialaithe (Acht 1923).

ciallaíonn an abairt “áitreabh rialaithe (Acht 1923)” áitreabh rialaithe lena mbaineann Caibidil I de Chuid II den Acht seo de bhuaidh ailt 7 den Acht seo;

[EN]áitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923).

ciallaíonn an abairt “áitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923)” áitreabh rialaithe lena mbaineann Caibidil 2 de Chuid II den Acht seo de bhuaidh ailt 13 den Acht seo;

[EN]Breitheamh Dúiche.

ciallaíonn an abairt “Breitheamh Dúiche” Breitheamh den Chúirt Dúiche;

[EN]áit chomhnaithe.

ciallaíonn an abairt “áit chomhnaithe” tigh arna ligean mar áit chomhnaithe ar leithligh, nó cuid, arna ligean amhlaidh, d'aon tigh, pé acu roinneann nó ná roinneann an tionónta le haon daoine eile aon chuid de nó aon chóiríocht, sócail nó saoráid a bhaineas leis;

[EN]tiarna tighe.

folaíonn an abairt “tiarna tighe”, nuair a húsáitear í maidir le haon áitreabh, aon duine a mbeidh aige ó am go ham teideal faoi thiarna tighe bunaidh an áitribh, agus folaíonn fós aon duine, seachas an tionónta, atá, nó a bheadh mura mbeadh an tAcht seo, i dteideal seilbhe an áitribh;

[EN]breis dleathach.

ciallaíonn an abairt “breis dleathach”—

[EN]

(a) maidir le bun-chíos áitribh rialaithe (Acht 1923), aon tsuim is breis dleathach ar an mbun-chíos de bhuaidh ailt 11 den Acht seo,

[EN]

(b) maidir le bun-chíos áitribh rialaithe (seachas faoi Acht 1923), aon tsuim is breis dleathach ar an mbun-chíos de bhuaidh ailt 17 den Acht seo;

[EN]cíos dleathach.

ciallaíonn an abairt “cíos dleathach”—

[EN]

(a) maidir le háitreabh rialaithe (Acht 1923), an tsuim a ndearbhaítear le halt 12 den Acht seo gurb í is cíos dleathach ar an áitreabh,

[EN]

(b) maidir le háitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923), an tsuim a ndearbhaítear le halt 18 den Acht seo gurb í is cíos dleathach ar an áitreabh;

[EN]ligean.

folaíonn an focal “ligean” fo-ligean;

[EN]an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

[EN]tionónta neamhreachtúil.

ciallaíonn an abairt “tionónta neamhreachtúil” tionónta nach tionónta reachtúil;

an dáta feidhme.

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” dáta an Achta seo a rith;

Ordú 1944.

ciallaíonn an abairt “Ordú 1944” an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 313), 1944 (R. & O. R., Uimh. 29 de 1944), arna leasú leis an Ordú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 313), 1944 (Leasú), 1945 (R. & O. R., Uimh. 188 de 1945);

áitreabh.

ciallaíonn an focal “áitreabh” aon áitreabh is áit chomhnaithe nó áitreabh gnótha;

ordaithe.

ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é a bheith ordaithe ag an Aire le rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo;

rátaí.

ciallaíonn an focal “rátaí”, maidir le haon áitreabh, na rátaí (lena n-áirítear rátaí uisce) a bheas leagtha ag údarás áitiúil (is comhairle chontae, bárdas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle bhailecheantair nó coimisinéirí baile) i leith an áitribh chun seirbhíse aon bhliana airgeadais áitiúla agus a bheas do réir aon Achta, nó a bheadh mura mbeadh aon Acht, inmhuirir ar lonnaitheoir an áitribh;

riail-chíos.

tá leis an bhfocal “riail-chíos” an bhrí atá leis in Acht 1923;

tionóntacht reachtúil.

ciallaíonn an abairt “tionóntacht reachtúil” leas tionónta reachtúil san áitreabh a n-úsáitear an abairt maidir leis;

tionónta reachtúil.

ciallaíonn an abairt “tionónta reachtúil” duine is—

(a) duine a choinneos seilbh ar aon áitreabh rialaithe tar éis a thionóntacht chonnarthach ann (nach tionóntacht lena mbaineann alt 45 den Acht seo) a bheith foirceannta, nó

(b) duine a choinneos seilbh ar aon áitreabh rialaithe faoi fho-alt (2) nó fo-alt (3) d'alt 39 den Acht seo, nó

(c) duine a choinneos seilbh ar aon áitreabh rialaithe faoi fhomhír (iii) de mhír (a), nó faoi mhír (b), d'fho-alt (5) d'alt 40 den Acht seo, nó

(d) duine a choinneos seilbh ar aon áitreabh rialaithe faoi alt 57 den Acht seo;

tionónta.

mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt, folaíonn an focal “tionónta”, maidir le haon áitreabh, tionónta reachtúil, agus folaíonn sé aon duine a mbeidh aige ó am go ham teideal faoin tionónta bunaidh, agus folaíonn sé freisin fo-thionónta.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo d'ordú chun seilbh a aisghabháil ar aon áitreabh a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí d'ordú chun tionónta a eisiachtain as an áitreabh.

(3) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán iardain.

[EN]

Aitreabh rialaithe.

3.—(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, baineann an tAcht seo le gach áitreabh.

[EN]

(2) Ní bhaineann an tAcht seo—

[EN]

(a) le háitreabh ar mó a luacháil inrátuithe ná—

[EN]

(i) i gcás an t-áitreabh a bheith suite i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire, seasca punt,

[EN]

(ii) in aon chás eile, ceathracha punt,

[EN]

(b) le háitreabh a tógadh tar éis an 7ú lá de Bhealtaine, 1941, nó a bhí á thógáil ar an dáta sin,

[EN]

(c) le háit chomhnaithe arna cur ar fáil ag údarás áitiúil faoi Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1941, nó faoi Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, agus arb údarás áitiúil is tiarna tighe uirthi de thuras na huaire, ná

[EN]

(d) le háitreabh gnótha ar aon mhargadh nó aonach i gcás an cíos nó na coinníollacha tionóntachta a bheith rialaithe nó rialálta faoi réim nó do réir aon reachta nó cairte,

[EN]

(e) le háitreabh gnótha arna ligean ar feadh téarma de bhlianta nó arna ligean ó bhliain go bliain faoi thionóntacht nach foláir fógra trí mhí ar a laghad a thabhairt chun í a fhoirceannadh (ar chúis seachas briseadh téarma de théarmaí na tionóntachta),

[EN]

(f) le háit chomhnaithe arna ligean ar cíos (dá ngairmtear an cíos forcoimeáta anseo feasta) a fholaíos íocaíoctha i leith bordála, freastail nó úsáide troscáin, nó i leith teas, uisce te, abhar tine, leictreachas, nó aon earra eile a sholáthar don áit chomhnaithe nó i leith aon tseirbhísí a thabhairt maidir leis an áit chomhnaithe, mura rud é, ar an gCúirt do chionroinnt an chíosa fhorcoimeáta, go mbeidh an chuid den chíos fhorcoimeáta is dóigh leis an gCúirt is inchurtha i leith na háite comhnaithe amháin comhionann le trí cheathrú nó níos mó ná trí cheathrú den chíos fhorcoimeáta, agus sa chás sin is tuigthe, chun críocha an Achta seo, gurb é is cíos ar an áit chomhnaithe ná an chuid den chíos fhorcoimeáta is inchurtha amhlaidh i leith na háite comhnaithe amháin,

[EN]

(g) le haon áit chomhnaithe nó áitreabh gnótha arna ligean i dteannta tailimh seachas láithreán na háite comhnaithe nó an áitribh ghnótha, más mó luacháil inrátuithe an tailimh ná an ceann is lú acu seo leanas:—

[EN]

(i) a leath de luacháil inrátuithe an láithreáin, agus an fhoirgint nó na foirgintí air a chur san áireamh, nó

[EN]

(ii)  (I) i gcás an áit chomhnaithe nó an t-áitreabh gnótha a bheith suite i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire, cúig puint déag,

[EN]

(II) in aon chás eile, deich bpuint.

[EN]

Aiteanna comhnaithe a n-úsáitear coda dhíobh chun críocha gnótha, etc.

4.—Ní bheidh an tAcht seo arna chur ó bhaint le háit chomhnaithe de bhíthin amháin go n-úsáitear cuid de chun críocha aon ghnótha, céirde nó gairme.

[EN]

Athghairm agus oiriúnú ar thagairtí d'Achta athghairmthe.

5.—(1) Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a mhéid a sonnraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

[EN]

(2) An athghairm a déantar le fo-alt (1) den alt seo ar an gcuing atá ag gabháil le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt (2) d'Acht 1923, beidh éifeacht aici amhail ó dháta Achta 1923 a rith ach ní dhéanfaidh an athghairm sin—

[EN]

(a) teideal a thabhairt do thiarna tighe chun aon tsuimeanna a haisghabhadh ón tiarna tighe roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1945, trí asbhaint as cíos nó ar shlí eile, nó chun aon chíos nár híocadh toisc na hasbhaintí sin a thógaint as, a aisghabháil ó thionónta, ná

[EN]

(b) difir don cheart chun aon bhreith a fhorfheidhmiú a thug cúirt dlínse inniúla roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1945, ná a thabhairt go bhféadfar aon tsuim a híocadh faoin mbreith sin a aisghabháil.

[EN]

(3) Déanfar tagairtí in aon Acht do na hAchta um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930, nó d'aon Acht acu sin, a léiriú mar thagairtí don Acht seo.

[EN]

Costais.

6.—Na costais faoina raghaidh an tAire chun an tAcht seo a riaradh, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

CUID II.

Srian le Cios Aitreabh Rialaithe.

Caibidil 1.

Cíos Dleathach Aitreabh Rialaithe (Acht 1923).

[EN]

Aitribh rialaithe (Acht 1923)

7.—(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, baineann an Chaibidil seo le gach áitreabh rialaithe nach mó a luacháil inrátuithe ná—

[EN]

(a) tríocha punt i gcás an t-áitreabh a bheith suite—

[EN]

(i) i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath mar bhí díreach roimh dháta an Achta Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930), a rith, nó

[EN]

(ii) sa líomatáiste atá comhdhéanta de shean-bhailecheantair Phembróc, agus Ráth Maonas agus Rath Garbh, mar bhí díreach roimh dháta an Achta sin a rith, nó

[EN]

(iii) i mbuirg Dhún Laoghaire.

[EN]

(b) cúig puint fhichead in aon chás eile.

[EN]

(2) (a) Ní bhaineann an Chaibidil seo le háitreabh a tógadh tar éis an 2ú lá d'Aibreán, 1919, nó a bhí á thógáil ar an dáta sin nó ar a raibh á dhéanamh ar an dáta sin nó ar a ndearnadh ón dáta sin i leith athchóiriú bona fide trí dhá bhabhta nó tionóntán chomhlána ar leithligh nó níos mó a dhéanamh dhe.

[EN]

(b) Ní bhaineann an Chaibidil seo le háitreabh dob áitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923) agus a thiocfadh, de dhruim laghdú ar a luacháil inrátuithe, chun bheith ina áitreabh lena mbaineann an Chaibidil seo mura mbeadh an mhír seo.

[EN]

(c) Ní bhaineann an Chaibidil seo le háitreabh ar thárla, trí oibriú ailt 5 d'Acht 1926, Acht 1923 a scor, roimh an dáta feidhme, de bhaint leis.

[EN]

Bun-chíos áitreabh rialaithe (Acht 1923) a ndearnadh a riail-chíos a chinneadh ag an gCúirt nó trí eadráin.

8.—(1) Baineann an t-alt seo le háitreabh rialaithe (Acht 1923) a gcuirfear ar fáil ina leith fianaise ar an dá fhíoras seo leanas:—

[EN]

(a) go ndearna an Chúirt riail-chíos an áitribh a chinneadh roimh an dáta feidhme, agus

[EN]

(b) méid an riail-chíosa.

[EN]

(2) Baineann an t-alt seo freisin le háitreabh rialaithe (Acht 1923) a gcuirfear ar fáil ina leith fianaise ar an dá fhíoras seo leanas:—

[EN]

(a) go raibh riail-chíos an áitribh ina abhar dámhachtana eadrána roimh an dáta feidhme, agus

[EN]

(b) méid an riail-chíosa.

[EN]

(3) Is é is bun-chíos ar áitreabh lena mbaineann an t-alt seo ná suim is comhionann le hiomlán na méideanna seo leanas:—

[EN]

(a) riail-chíos an áitribh, agus

[EN]

(b) (i) i gcás áite comhnaithe, fiche faoin gcéad den riail-chíos nó

[EN]

(ii) in aon chás eile, cúig is fiche faoin gcéad den riailchíos.

[EN]

Bun-chíos áitreabh rialaithe (Acht 1923) ná baineann alt 8 leo.

9.—(1) Baineann an t-alt seo le gach áitreabh rialaithe (Acht 1923) nach áitreabh lena mbaineann alt 8 den Acht seo.

[EN]

(2) Cinnfidh an Chúirt bun-chíos áitribh lena mbaineann an t-alt seo agus is é a bheas ann cíos de pé méid is réasúnach leis an gCúirt, faoi aon chonnradh áirithe tionóntachta nach sia ná cúig bliana a théarma, ag féachaint do bhun-chíosa áitreabh rialaithe (Acht 1923) eile agus, i gcás ina gcuirfear ar fáil fianaise ar an dá fhíoras seo leanas,—

[EN]

(i) go raibh an t-áitreabh a mbeidh a bhun-chíos le cinneadh ar seilbh, an 3ú lá de Lúnasa, 1914, ag tionónta a bhí á lonnú faoi chonnradh tionóntachta nár shia ná cúig bliana a théarma, nó ná raibh sé ar seilbh amhlaidh ach go raibh sé ar seilbh amhlaidh go deireannach ar dháta trí bliana ar a mhéid roimh an 3ú lá de Lúnasa, 1914 agus

[EN]

(ii) an cíos ar a rabhdar ar seilbh amhlaidh,

[EN]

ansin, ag féachaint freisin do mhéid an chíosa sin.

[EN]

(3) Chun an Chúirt do chinneadh an bhun-chíosa faoin alt seo is tuigthe an tionónta a bheith freagarthach sna rátaí.

[EN]

Aitreabh do leanúin de bheith ina áitreabh rialaithe (Acht 1923) d'ainneoin méadú a theacht ar a luacháil inrátuithe.

10.—(1) Má thárlann, de dhruim méaduithe ar luacháil inrátuithe áitribh a bhí, díreach roimh dháta an mhéaduithe, ina áitreabh rialaithe (Acht 1923), go dtiocfadh an t-áitreabh chun bheith ina áitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923) mura mbeadh an t-alt seo, ansin, d'ainneoin an mhéaduithe sin, leanfaidh an t-áitreabh de bheith ina áitreabh lena mbaineann an Chaibidil seo.

[EN]

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le háitreabh a dtiocfaidh an méadú ar a luacháil inrátuithe de dhruim feabhsuithe nó athruithe déanmhais a rinne an tiarna tighe faid a bhí sé i seilbh an áitribh iomláin.

[EN]

Breiseanna dleathacha ar bhun-chíos áitreabh rialaithe (Acht 1923).

11.—(1) I bhfo-alt (2) den alt seo ciallaíonn an abairt “an dáta cinnteach”—

[EN]

(a) i gcás áitribh lena mbaineann alt 8 den Acht seo, an dáta feidhme,

[EN]

(b) i gcás áitribh lena mbaineann alt 9 den Acht seo, dáta bunuithe na n-imeacht ina gcinnfear bun-chíos an áitribh.

[EN]

(2) Chun críocha an Achta seo, is breis dleathach ar bhun-chíos áitribh rialaithe (Acht 1923), sa chás atá leagtha amach in aon mhír den fho-alt seo, an tsuim a luaitear sa mhír sin:—

[EN]

(a) i gcás ina ndéanfaidh tiarna tighe an áitribh na rátaí nó aon chuid díobh a íoc, nó asbhaint nó comhlogha a lomháil ina n-aghaidh, nó an tionónta a shlánú ina leith, suim is comhionann leis an méid a bheas, de thuras na huaire, san íocaíocht, san asbhaint, sa chomhlogha nó sa tslánú sin (pé acu é);

[EN]

(b) i gcás ina ndéanfaidh an tiarna tighe, ar an dáta cinnteach nó dá éis, aon mhéid airgid (gan aon mhéid a áireamh a caithfear ar mhaisiú nó deisiú) a chaitheamh ar fheabhsú nó ar athrú déanmhais an áitribh, suim is comhionann le hocht faoin gcéad sa bhliain den mhéid sin;

[EN]

(c) i gcás ina ndéanfaidh an tiarna tighe, ar an dáta cinnteach nó dá éis, aon mhéid airgid a chaitheamh ar an áitreabh i leith deisiúcháin a bheas riachtanach ar fad nó go formhór de dheascaibh an tionónta nó éinne in éintíos leis nó éinne dá lóistéirí nó dá fho-thionóntaithe do dhéanamh bearta diomailte, nó do dhéanamh mainneachtana nó faillí, suim is comhionann le hocht faoin gcéad sa bhliain den mhéid sin;

[EN]

(d) (i) i gcás ina mbeidh an tiarna tighe freagarthach in iomlán an deisiúcháin ar an áitreabh, suim ná raghaidh thar an dóú cuid déag den bhun-chíos,

[EN]

(ii) i gcás ná beidh an tiarna tighe freagarthach ach i gcuid den deisiúchán, pé suim is lú ná sin ar a gcomhaontóidh an tiarna tighe agus an tionónta nó a chinnfeas an Chúirt ar cheachtar den dá pháirtí sin dá iarraidh sin, nó, cheal aon chomhaontaithe nó cinnte den tsórt sin, suim ná raghaidh thar an gceathrú cuid fichead den bhun-chíos;

[EN]

(e) i gcás áitribh lena mbaineann alt 8 den Acht seo, má rinne an tiarna tighe, sa bhliain 1922, méid a chaitheamh is mó ná an tríú cuid den riail-chíos, nó má rinne sé, i rith an dá bhlian 1923 agus 1924, nó 1925 agus 1926, nó 1927 agus 1928, méid a chaitheamh is mó ná dhá dtrian den riail-chíos, ag cur deis réasúnach ar an áitreabh, suim is comhionann le cúig déag faoin gcéad sa bhliain den bharrachas nó de na barrachais sin a caitheadh;

[EN]

(f) i gcás áitribh lena mbaineann alt 8 den Acht seo, má rinne an tiarna tighe, tar éis an 4ú lá de Lúnasa, 1914, agus roimh an dáta cinnteach, aon mhéid airgid a chaitheamh ar fheabhsú nó ar athrú déanmhais an áitribh (ach gan aon mhéid a áireamh a chaith sé ar mhaisiú nó deisiú), suim is comhionann le hocht faoin gcéad sa bhliain den mheid sin;

[EN]

(g) i gcás ina ndéanfaidh an tiarna tighe, i rith an dá bhlian 1945 agus 1946, nó 1946 agus 1947, nó 1947 agus 1948, nó 1948 agus 1949, nó 1949 agus 1950, méid a chaitheamh is mó ná dhá dtrian de bhun-chíos an áitribh ag cur deis réasúnach ar an áitreabh, suim is comhionann le cúig déag faoin gcéad sa bhliain den bharrachas nó de na barrachais sin a caitheadh.

[EN]

(3) Chun críocha fo-ailt (2) den alt seo, ní déanfar méid aon deontais faoi Achta na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1944, arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán iardain, a áireamh mar chuid d'aon mhéid a caitheadh ar aon fheabhsú, athrú déanmhais nó deisiúchán lena mbaineann an fo-alt sin.

[EN]

(4) Maidir le feidhm na Caibidle seo i gcás áite comhnaithe bige, is tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928), beidh éifeacht ag na forála seo leanas:—

[EN]

(a) ní fholóidh an focal “rátaí” i mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo ráta arna leagadh de bhuaidh an Achta dheiridh a luadh ar únaer na háite comhnaithe bige sin, agus

[EN]

(b) an tsuim a bheas curtha mar mhéadú le cíos na háite comhnaithe bige sin de bhuaidh ailt 6 den Acht deiridh a luadh cuirfear san áireamh í mar bhreis dleathach nuair a beifear ag ríomh cíosa dhleathaigh na háite comhnaithe bige sin.

[EN]

Cíos dleathach áitreabh rialaithe (Acht 1923).

12.—Is é is cíos dleathach ar áitreabh rialaithe (Acht 1923)—

[EN]

(a) i gcás gan aon bhreis dleathach a bheith curtha le bunchíos an áitribh, bun-chíos an áitribh,

[EN]

(b) in aon chás eile, bun-chíos an áitribh maraon leis na breiseanna dleathacha ar an gcéanna.

Caibidil 2.

Cíos Dleathach Aitreabh Rialaithe (seachas faoi Acht 1923).

[EN]

Aitribh rialaithe (seachas faoi Acht 1923).

13.—Baineann an Chaibidil seo le gach áitreabh rialaithe nach áitreabh rialaithe a gcuirfear ar fáil ina leith fianaise gur áitreabh rialaithe (Acht 1923) é.

[EN]

Bun-chíos áitreabh áirithe is áitribh rialaithe (seachas faoi Acht 1923).

14.—(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, baineann an t-alt seo—

[EN]

(a) le háitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923) a gcuirfear ar fáil ina leith fianaise ar an dá fhíoras seo leanas—

[EN]

(i) go raibh sé ar seilbh, an 7ú lá de Bhealtaine, 1941 (dá ngairmtear an dáta iomchuibhe san alt seo), ag tionónta a bhí á lonnú faoi chonnradh tionóntachta nár shia ná cúig bliana a théarma, agus

[EN]

(ii) an cíos ar a raibh sé ar seilbh amhlaidh;

[EN]

(b) le háitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923) a gcuirfear ar fáil ina leith fianaise ar na fíorais seo leanas go léir—

[EN]

(i) ná raibh sé ar seilbh amhlaidh an 7ú lá de Bhealtaine, 1941,

[EN]

(ii) go raibh sé ar seilbh amhlaidh go deireannach ar dháta (dá ngairmtear an dáta iomchuibhe freisin san alt seo) cúig bliana ar a mhéid roimh an 7ú lá de Bhealtaine, 1941, agus

[EN]

(iii) an cíos ar a raibh sé ar seilbh amhlaidh.

[EN]

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le háitreabh lenar bhain Acht 1923 ar an dáta iomchuibhe.

[EN]

(3) Is é is bun-chíos ar áitreabh lena mbaineann an t-alt seo ná an glan-chíos ar a raibh sé ar seilbh ar an dáta iomchuibhe.

[EN]

(4) Chun críche an ailt seo is tuigthe gurb é glan-chíos ar a raibh áitreabh ar seilbh ar an dáta iomchuibhe ná—

[EN]

(a) i gcás inar ghnáth leis an tiarna tighe ar an dáta iom chuibhe na rátaí nó aon chuid díobh a íoc, nó asbhaint nó comhlogha a lomháil ina n-aghaidh, nó an tionónta a shlánú ina leith, an cíos dob iníoctha ar an dáta sin lúide méid na híocaíochta, an liúntais, na hasbhainte, an chomhlogha nó an tslánuithe sin (pé acu é);

[EN]

(b) in aon chás eile, an cíos dob iníoctha ar an dáta sin.

[EN]

(5) Déanfar tagairtí in ailt 15 agus 17 den Acht seo don dáta iomchuibhe a léiriú mar thagairtí don dáta is dáta iomchuibhe chun críocha an ailt seo.

[EN]

Bun-chíos áitreabh lena mbaineann alt 14 a athscrúdú.

15.—(1) Más rud é, i gcás an tionónta ar áitreabh lena mbaineann alt 14 den Acht seo do dhéanamh iarratais chun na Cúirte faoin bhfo-alt seo, go gcruthaítear don Chúirt—

[EN]

(a) go raibh i bhfeidhm de bhuaidh aon reachta, sa bhliain airgeadais áitiúil ina raibh an dáta iomchuibhe, maitheamh dhá dtrian de na rátaí i leith an áitribh nó laghdú ar luacháil an áitribh chun críocha rátaí a mheisiúnú agus a thobhach, agus

[EN]

(b) ná fuil an maitheamh nó an laghdú sin i bhfeidhm a thuilleadh ar dháta an iarratais, agus

[EN]

(c) gur mó bun-chíos an áitribh ná an cíos (dá ngairmtear an cíos barúlach sa bhfo-alt seo) a bhféadfadh an tiarna tighe, dá mba ná raibh an maitheamh nó an laghdú sin i bhfeidhm, súil réasúnach a bheith aige, ar an dáta iomchuibhe, lena fháil faoi chonnradh tionóntachta sna téarmaí céanna ina raibh an connradh tionóntachta a bhí ann ar an dáta sin, á chur i gcás (murab amhlaidh a bhí) gurb é an tionónta a bhí freagarthach sna rátaí,

[EN]

cinnfidh an Chúirt bun-chíos an áitribh agus is é méid a bheas ann ná an tsuim is dóigh leis an gCúirt is ionann agus an cíos barúlach, agus uaidh sin amach beidh an t-áitreabh sin, gan dochar don bhaint a bhí ag mír (a) d'alt 23 den Acht seo leis roimhe sin, ina áitreabh lena mbainfidh alt 16 den Acht seo amhail is dá mba faoin alt sin a rinneadh an cinneadh sin.

[EN]

(2) Más rud é, i gcás an tiarna tighe ar áitreabh lena mbaineann alt 14 den Acht seo do dhéanamh iarratais chun na Cúirte faoin bhfo-alt seo, go gcruthaítear don Chúirt—

[EN]

(a) go raibh i bhfeidhm de bhuaidh aon reachta, sa bhliain airgeadais áitiúil direach roimh an bhliain airgeadais áitiúil ina raibh an dáta iomchuibhe, maitheamh dhá dtrian de na rátaí i leith an áitribh nó laghdú ar luacháil an áitribh chun críche rátaí a mheisiúnú agus a thobhach, agus

[EN]

(b) ná raibh an maitheamh nó an laghdú sin i bhfeidhm a thuilleadh ar an dáta iomchuibhe, agus

[EN]

(c) gur ghnáth leis an tiarna tighe ar an dáta iomchuibhe na rátaí nó aon chuid díobh a íoc, nó asbhaint nó comhlogha a lomháil ina n-aghaidh, nó an tionónta a shlánú ina leith, agus

[EN]

(d) gur lú bun-chíos an áitribh ná an cíos (dá ngairmtear an cíos barúlach sa bhfo-alt seo) a bhféadfadh an tiarna tighe, dá mba gur lean an maitheamh nó an laghdú sin de bheith i bhfeidhm, súil réasúnach a bheith aige, ar an dáta iomchuibhe, lena fháil faoi chonnradh tionóntachta sna téarmaí céanna ina raibh an connradh tionóntachta a bhí ann ar an dáta sin, á chur i gcás gurb é an tionónta a bhí freagarthach sna rátaí,

[EN]

cinnfidh an Chúirt bun-chíos an áitribh agus is é méid a bheas ann ná an tsuim is dóigh leis an gCúirt is ionann agus an cíos barúlach, agus uaidh sin amach beidh an t-áitreabh sin, gan dochar don bhaint a bhí ag mír (a) d'alt 23 den Acht seo leis roimhe sin, ina áitreabh lena mbainfidh alt 16 den Acht seo amhail is dá mba faoin alt sin a rinneadh an cinneadh sin.

[EN]

(3) Más rud é, i gcás an tiarna tighe nó an tionónta ar áitreabh lena mbaineann alt 14 den Acht seo do dhéanamh iarratais chun na Cúirte faoin bhfo-alt seo, go gcruthaítear don Chúirt gur mó nó gur lú bun-chíos an áitribh, de mhéid is mó ná an cúigiú cuid den bhun-chíos, ná an cíos (dá ngairmtear an cíos barúlach sa bhfo-alt seo) a gcinnfeadh an Chúirt, dá mba áitreabh lena mbaineann alt 16 den Acht seo an t-áitreabh, gurbh é bun-chíos an áitribh é, cinnfidh an Chúirt bun-chíos an áitribh agus is é méid a bheas ann ná an tsuim is dóigh leis an gCúirt is ionann agus an cíos barúlach, agus uaidh sin amach beidh an t-áitreabh sin, gan dochar don bhaint a bhí ag mír (a) d'alt 23 den Acht seo leis roimhe sin, ina áitreabh lena mbainfidh alt 16 den Acht so, amhail is dá mba faoin alt sin a rinneadh an cinneadh sin.

[EN]

Bun-chíos áitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923) nó baineann alt 14 leo.

16.—(1) Baineann an t-alt seo le gach áitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923) nach áitreabh lena mbaineann alt 14 den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfaidh an Chúirt an bun-chíos ar áitreabh lena mbaineann an t-alt seo a chinneadh mar leanas:—

[EN]

(a) i gcás áitribh arb é atá ann babhta nó tionóntán comhlán ar leithligh is cuid d'aon fhoirgintí a bheas, tar éis an 7ú lá de Bhealtaine, 1941, arna n-athchóiriú, nó a bhí ar an dáta sin á n-athchóiriú, bona fide trí dhá bhabhta nó tionóntán nó níos mó den tsaghas sin a dhéanamh dhíobh, is é is bun-chíos ar an áitreabh ná an cíos ar dóigh leis an gCúirt go bhféadfadh an gar-thiarna tighe ar thionónta ag lonnú an áitribh, dá mba go raibh an t-áitreabh, arna athchóiriú, ann sa bhliain dar chríoch an 7ú lá de Bhealtaine, 1941, súil réasúnach a bheith aige leis sa bhliain sin faoi aon chonnradh áirithe tionóntachta nár shia ná cúig bliana a théarma;

[EN]

(b) in aon chás eile is é is bun-chíos ar an áitreabh ná an cíos ar dóigh leis an gCúirt go bhféadfadh an gar-thiarna tighe ar thionónta ag lonnú an áitribh súil réasúnach a bheith aige leis, sa bhliain dar chríoch an 7ú lá de Bhealtaine 1941, faoi aon chonnradh áirithe tionóntachta nár shia ná cúig bliana a théarma.

[EN]

(3) Chun an Chúirt do chinneadh an bhun-chíosa faoin alt seo is tuigthe an tionónta a bheith freagarthach sna rátaí.

[EN]

(4) I gcás ina ndearna an Chúirt, faoi Airteagal 5 d'Ordú 1944, bun-chíos aon áitribh a chinneadh, is tuigthe, chun críocha an Achta seo, an cinneadh sin a bheith arna dhéanamh faoin alt seo agus is é an bun-chíos sin is bun-chíos ar an áitreabh.

[EN]

Breiseanna dleathacha ar bhun-chíos áitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923).

17.—(1) 1 bhfo-alt (2) den alt seo ciallaíonn an abairt “an dáta cinnteach”—

[EN]

(a) i gcás áitribh lena mbaineann alt 14 den Acht seo, an dáta feidhme,

[EN]

(b) i gcás áitribh lena mbaineann alt 16 den Acht seo, dáta bunuithe na n-imeacht ina gcinnfear bun-chíos an áitribh.

[EN]

(2) Chun críocha an Achta seo, is breis dleathach ar bhunchíos áitribh rialaithe (seachas faoi Acht 1923), sa chás atá leagtha amach in aon mhír den fho-alt seo, an tsuim a luaitear sa mhír sin:—

[EN]

(a) i gcás ina ndéanfaidh tiarna tighe an áitribh na rátaí nó aon chuid díobh a íoc, nó asbhaint nó comhlogha a lomháil ina n-aghaidh, nó an tionónta a shlánú ina leith, suim is comhionann leis an méid a bheas, de thuras na huaire, san íocaíocht, san asbhaint, sa chomhlogha nó sa tslánú sin (pé acu é);

[EN]

(b) i gcás ina ndéanfaidh an tiarna tighe, ar an dáta cinnteach nó dá éis, aon mhéid airgid (gan aon mhéid a áireamh a caithfear ar mhaisiú nó ar dheisiú) a chaitheamh ar fheabhsú nó ar athrú déanmhais an áitribh, suim is comhionann le hocht faoin gcéad sa bhliain den mhéid sin;

[EN]

(c) i gcás ina ndéanfaidh an tiarna tighe, ar an dáta cinnteach nó dá éis, aon mhéid airgid a chaitheamh ar an áitreabh i leith deisiúcháin a bheas riachtanach ar fad nó go formhór de dheascaibh an tionónta nó éinne in éintíos leis nó éinne dá lóistéirí nó dá fho-thionóntaithe do dhéanamh bearta diomailte, nó do dhéanamh mainneachtana nó faillí, suim is comhionann le hocht faoin gcéad sa bhliain den mhéid sin;

[EN]

(d) i gcás áitribh lena mbaineann alt 14 den Acht seo, má rinne an tiarna tighe, ar an dáta iomchuibhe nó dá éis, agus roimh an dáta cinnteach, aon mhéid a chaitheamh ar fheabhsú nó ar athrú déanmhais an áitribh (ach gan aon tsuim a áireamh a chaith sé ar mhaisiú nó deisiú) suim is comhionann le hocht faoin gcéad sa bhliain den mhéid sin;

[EN]

(e) i gcás ina ndéanfaidh an tiarna tighe, i rith an dá bhlian 1945 agus 1946, nó 1946 agus 1947, nó 1947 agus 1948, nó 1948 agus 1949, nó 1949 agus 1950, méid a chaitheamh is mó ná dhá dtrian de bhun-chíos an áitribh ag cur deis réasúnach ar an áitreabh, suim is comhionann le cúig déag faoin gcéad sa bhliain den bharrachas nó de na barrachais sin a caitheadh;

[EN]

(f) i gcás áitribh lena mbaineann mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 16 den Acht seo, suim is comhionann le hocht faoin gcéad sa bhliain de pé méid a mbeidh idir é agus costas iomlán athchóirithe na bhfoirgintí dá dtagartar sa mhír sin an cothrom céanna a bheas idir luacháil inrátuithe an áitribh agus luacháil ionrátuithe (nó comhshuim luachál inrátuithe) na bhfoirgintí sin arna n-athchóiriú.

[EN]

(3) Chun críocha fo-ailt (2) den alt seo, ní déanfar méid aon deontais faoi Achta na dTithe (Forála Airgid agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1944, arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán iardain, a áireamh mar chuid d'aon mhéid a caitheadh ar aon fheabhsú, athrú déanmhais nó deisiúchán lena mbaineann an fo-alt sin.

[EN]

(4) Maidir le feidhm na Caibidle seo i gcás áite comhnaithe bige, is tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928), beidh éifeacht ag na forála seo leanas:

[EN]

(a) ní fholóidh an focal “rátaí” i mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo ráta arna leagadh de bhuaidh an Achta dheiridh a luadh ar únaer na háite comhnaithe bige sin, agus

[EN]

(b) an tsuim a bheas curtha mar mhéadú le cíos na háite comhnaithe bige sin de bhuaidh ailt 6 den Acht deiridh a luadh cuirfear san áireamh í mar bhreis dleathach nuair a beifear ag ríomh cíosa dhleathaigh na háite comhnaithe bige sin.

[EN]

Cíos dleathach áitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923).

18.—Is é is cíos dleathach ar áitreabh rialaithe (seachas faoi Acht 1923)—

[EN]

(a) i gcás gan aon bhreis dleathach a bheith curtha le bun-chíos an áitribh, bun-chíos an áitribh,

[EN]

(b) in aon chás eile, bun-chíos an áitribh maraon leis na breiseanna dleathacha ar an gcéanna.

Caibidil 3.

Cíos a Chinneadh agus Ró-íocaíochta a Aisghabháil.

[EN]

An tiarna tighe agus díoltóirí do thabhairt eolais i dtaobh an bhun-chíosa.

19.—(1) Déanfaidh an tiarna tighe ar áitreabh rialaithe, ar sin a iarraidh air i scríbhinn, ráiteas i scríbhinn a thabhairt don tionónta ina dtabharfar aon eolas, a bheas ar seilbh nó ar fáil ag an tiarna tighe, is gá chun a chumasú don tionónta bun-chíos an áitribh a chinneadh nó cinneadh a fháil air on gCúirt, agus má fhaillíonn an tiarna tighe, gan leithscéal réasúnach, san a dhéanamh laistigh d'ocht lá fichead nó má thugann ráiteas uaidh a bheas bréagach nó míthreorach in aon phone abhartha agus ná cruthófar ina thaobh gur go neamhurchóideach agus gan rún meallta a rinneadh é, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

[EN]

(2) Gach connradh, a déanfar ar an dáta feidhme nó dá éis, chun aon leas in áitreabh rialaithe a dhíol, is tuigthe (mura mbeidh sí ann cheana go follas) foráil a bheith ann á cheangal ar an díoltóir aon eolas a thabhairt don cheannaitheoir a bheas ar seilbh nó ar fáil ag an díoltóir agus is gá chun a chumasú don cheannaitheoir bunchíos an áitribh nó aon choda dhe a chinneadh.

[EN]

(3) Gach comha i gconnradh chun áitreabh rialaithe a dhíol, trína gcoiscfear ar an gceannaitheoir foréilimh a dhéanamh maidir leis na nithe a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, beidh sé gan bhrí.

[EN]

An cíos a bheas le n-íoc ag tionóntaithe a chinneadh.

20.—(1) Déanfar, faoi réir an Achta seo, an cíos a bheas le n-íoc ag tionónta i leith áitribh rialaithe a chinneadh do réir na bhforál seo leanas:—

[EN]

(a) i gcás ina gcomhaontóidh an tiarna tighe agus an tionónta ar an gcíos a bheas le n-íoc ag an tionónta agus nach mó an cíos ar a gcomhaontófar amhlaidh ná an tsuim is cíos dleathach ar an áitreabh an tráth sin, is é an cíos ar a gcomhaontófar amhlaidh an cíos a bheas le n-íoc agus a leanfas de bheith le n-íoc, go dtí go n-athrófar é trí chomhaontú nó trí fhógra faoin alt seo, ag an tionónta i leith an áitribh;

[EN]

(b) i gcás inar lú an cíos is iníoctha de thuras na huaire ag an tionónta ná an cíos is cíos dleathach de thuras na huaire agus ina seirbheálfaidh an tiarna tighe fógra faoin alt seo ar an tionónta ag méadú an chíosa go dtí suim nach mó ná an cíos dleathach de thuras na huaire, ansin, amhail ón dáta ar a dtiocfaidh an fógra in éifeacht is é an cíos arna mhéadú amhlaidh an cíos a bheas le n-íoc agus a leanfas de bheith le n-íoc, go dtí go n-athrófar é trí chomhaontú nó trí fhógra faoin alt seo, ag an tionónta i leith an áitribh;

[EN]

(c) i gcás inar mó an cíos is iníoctha de thuras na huaire ag an tionónta ná an cíos is cíos dleathach de thuras na huaire agus ina seirbheálfaidh an tionónta fógra faoin alt seo ar an tiarna tighe ag laghdú an chíosa go dtí suim is comhionann leis an gcíos dleathach de thuras na huaire, ansin, amhail ón dáta ar a dtiocfaidh an fógra in éifeacht, is é an cíos arna laghdú amhlaidh an cíos a bheas le n-íoc agus a leanfas de bheith le n-íoc, go dtí go n-athrófar é trí chomhaontú nó trí fhógra faoin alt seo, ag an tionónta i leith an áitribh;

[EN]

(d) i gcás ina mbeidh an cíos a bheas le n-íoc ag tionónta reachtúil gan cinneadh faoi aon mhír acu sin roimhe seo den fho-alt seo, ansin, faoi réir an ailt seo, is é cíos a bheas le n-íoc agus a leanfas de bheith le n-íoc i leith an áitribh ná an cíos dob iníoctha ag an tionónta de thuras na huaire i leith an áitribh ar an dáta feidhme, nó an cíos is cíos dleathach an tráth sin (pé acu sin is lú) nó, má bhí an tionónta reachtúil i seilbh ón dáta feidhme faoi aon chonnradh tionóntachta, an cíos is déanaí dob iníoctha aige faoin gconnradh sin nó an cíos dleathach an tráth sin (pé acu sin is lú);

[EN]

(e) i gcás ina mbeidh an cíos a bheas le n-íoc ag tionónta neamhreachtúil gan cinneadh faoi aon mhír acu sin roimhe seo den fho-alt seo, ansin, faoi réir an ailt seo, is é cíos a bheas le n-íoc agus a leanfas de bheith le n-íoc i leith an áitribh, ná an cíos dob iníoctha ag an tionónta de thuras na huaire i leith an áitribh ar an dáta feidhme, nó an cíos is cíos dleathach an tráth sin (pé acu sin is lú) nó, má bhíonn an tionónta i seilbh faoi aon chonnradh tionóntachta, ar tar éis an dáta feidhme a thosnaigh an tionóntacht faoi, an cíos dob iníoctha aige i dtosach na tionóntachta nó an cíos dleathach an tráth sin (pé acu sin is lú).

[EN]

(2) Gach fógra a seirbheálfar faoin alt seo ní foláir é a bheith sa bhfoirm ordaithe, nó í bhfoirm sa chéill chéanna go substainteach, agus na sonnraí iomchuibhe a bheith ann a hiarrfar sa bhfoirm.

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag na forála seo leanas maidir le fógraí faoi fho-alt (1) den alt seo:—

[EN]

(a) i gcás ina n-airbheartóidh an fógra an cíos is iníoctha ag tionónta neamhreachtúil a mhéadú go dtí suim is mó ná an tsuim dob iníoctha, faoi théarmaí a chonnartha thionóntachta agus gan áird ar aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) trína modhnaítear aon téarma ann a bhaineas le cíos, an tráth adéarfar sa bhfógra a thiocfas an fógra in éifeacht, tiocfaidh an fógra in éifeacht ar an dáta a luaitear i pé fo-mhír acu seo leanas is infheidhme:—

[EN]

(i) dá bhféadtaí an tionóntacht a fhoirceannadh go dlíthiúil lá ar bith is déanaí ná dáta an fhógra a sheirbheáil ach nach déanaí ná an dáta adéarfar sa bhfógra a thiocfas an fógra in éifeacht, an dáta sin;

[EN]

(ii) mura bhféadfaí an tionóntacht a fhoirceannadh amhlaidh, an dáta is luaithe ar a mbeadh éifeacht ag an bhfógra, dá mb'fhógra imeachta é, chun an tionóntacht a fhoirceannadh;

[EN]

(b) in aon chás eile, tiocfaidh an fógra in éifeacht ar sheacht lá glan a bheith caite ó dháta a sheirbheála.

[EN]

(4) Má bhíonn i bhfógra a seirbheálfar faoin alt seo aon ráiteas nó cúis-aithris atá bréagach nó míthreorach in aon phonc abhartha beidh an duine a rinne an ráiteas nó an chúis-aithris sin nó a chur faoi ndear é a dhéanamh ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air mura gcruthaí sé gur go neamhurchóideach agus gan rún meallta a rinneadh an ráiteas nó an chúis-aithris.

[EN]

(5) Tráth ar bith tar éis dul in éag d'fhógra faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo ag méadú cíosa aon áitribh rialaithe de mhéid is comhionann le haon tsuim, nó a fholaíos aon tsuim, i leith na nithe a luaitear i mír (b), (c), (f) nó (g) d'fho-alt (2) d'alt 11, nó mír (b), (c), (d) nó (e) d'fho-alt (2) d'alt 17, den Acht seo, féadfaidh an Chúirt, ar an tionónta dá iarraidh sin agus má cruthaítear di maidir leis an gcaiteachas (a mhéid a bhaineas sé le haon ní acu sin) ar seirbheáladh an fógra ina leith ná deachthas faoi nó go raibh sé neamhriachtanach ar fad nó i bpáirt, an méadú a neamhlomháil nó a laghdú dá réir, amhail ó pé dáta (pé acu dáta roimh dháta an iarratais é nó nach ea) is oiriúnach leis an gCúirt.

[EN]

An éifeacht a bheas ag aistriú a déanfar chun tionónta ar eirí a bhí roimhe sin ar an tiarna. tighe.

21.—(1) Aon aistriú a déanfar chun tionónta ar aon eire nó dliteanas a bhí roimhe sin ar an tiarna tighe déanfar chun críocha an Achta seo é a áireamh mar athrú cíosa, agus más rud é, de dhruim aistrithe den tsaghas sin, ná beidh na téarmaí ar a sealbhófar aon áitreabh chomh fábhrúil don tionónta, tríd is tríd, leis na téarmaí a bhí ann roimhe sin, is tuigthe an cíos a bheith arna mhéadú, pé acu méadaíodh nó nár méadaíodh an tsuim dob iníoctha go tréimhsiúil mar chíos, agus aon mhéadú cíosa i leith aon aistrithe a déanfar chun tiarna tighe ar aon eire nó dliteanas a bhí roimhe sin ar an tionónta agus ina dtárlóidh, de dhruim an aistrithe, go mbeidh na téarmaí ar a sealbhófar aon áitreabh chomh fábhrúil ar a laghad don tionónta, tríd is tríd, leis na téarmaí a bhí ann roimhe sin, is tuigthe nach méadú cíosa é chun críocha an Acht seo.

[EN]

(2) Chun críche an ailt seo ní tuigthe an cíos a bheith arna mhéadú i gcás ina ndéanfar an dliteanas i leith rátaí a aistriú ón tiarna tighe chun an tionónta má déantar a chothrom sin de laghdú ar an gcíos.

[EN]

Laghdú ar chíos toisc an tiarna tighe dá fhaillí an t-áitreabh a choimeád i ndeis mhaith.

22.—(1) Féadfaidh an tionónta nó an t-údarás sláintíochta, ar fhógra a thabhairt don tiarna tighe, iarratas a dhéanamh tráth ar bith chun na Cúirte ag lorg orduithe ag laghdú cíosa aon áitribh rialaithe (Acht 1923) ar an bhforas ná fuil an t-áitreabh i ndeis mhaith intionóntuithe ar gach slí.

[EN]

(2) I gcás ina ndéanfar iarratas faoin alt seo féadfaidh an Chúirt, ar é a chruthú dhi ná fuil an t-áitreabh lena mbaineann an t-iarratas i ndeis mhaith intionóntuithe ar gach slí agus ar é a chruthú dhi freisin gurb é is cúis ar fad nó go formhór leis an mbail atá ar an áitreabh an tiarna tighe dá fhaillí pé deisiúchán a dhéanamh a ceangaltar air a dhéanamh de bhuaidh aon chumhnanta, comhaontuithe, nó ar shlí eile trí oibriú an dlí (lena n-áirítear an tAcht seo), a ordú an cíos a bheas le n-íoc ar an áitreabh a laghdú pé méid, nach mó ná fiche faoin gcéad den chíos dleathach, is cuibhe leis an gCúirt.

[EN]

(3) In aon iarratas a déanfar faoin alt seo, beidh deimhniú ón údarás sláintíochta á dheimhniú ná fuil an t-áitreabh lena mbaineann an t-iarratas i ndeis mhaith intionóntuithe ar gach slí ina fhianaise prima facie ar na fíorais a bheas deimhnithe amhlaidh.

[EN]

(4) I gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo leanas:—

[EN]

(a) fanfaidh an t-ordú i bhfeidhm mura ndéana agus go dtí go ndéanfaidh an Chúirt, ar an tiarna tighe dá iarraidh sin, agus ar é a chruthú dhi go ndearnadh an deisiúchán go léir arb é an mhainneachtain ann dob fhoras leis an ordú a dhéanamh, ordú ag foirceannadh an laghduithe;

[EN]

(b) má cruthaítear don Chúirt, ar an iarratas sin a dhéanamh, gurb é is cúis ar fad nó go formhór leis an deisiúchán sin a bheith riachtanach an tiarna tighe do leanúint de bheith ag déanamh mainneachtana nó faillí, féadfaidh an Chúirt, d'ainneoin éinní dá bhfuil san Acht seo, a ordú gurb é cíos a bheas le n-íoc agus a leanfas de bheith le n-íoc i leith an áitribh go ceann pé tréimhse is cuibhe leis an gCúirt ná an cíos laghdaithe sin nó pé suim eile, nach lú ná ochtó faoin gcéad den chíos dleathach, a chinnfeas an Chúirt.

[EN]

(5) Ar aon iarratas a dhéanamh chun údaráis sláintíochta ag lorg deimhnithe chun críocha an ailt seo beidh táille chúig scilling iníoctha ach ar iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoin alt seo féadfaidh an Chúirt a ordú go mbeidh an tionónta i dteideal an táille a bhaint as aon íocaíocht chíosa iardain.

[EN]

(6) Má thárlann ar an dáta feidhme go mbeidh imeachta ar feitheamh faoi fho-alt (2) d'alt 8 d'Acht 1923, leanfaidh na himeachta agus deighleálfar leo amhail is dá mba imeachta faoi fho-alt (1) den alt seo iad.

[EN]

(7) San alt seo ciallaíonn an abairt “údarás sláintíochta” an t-údarás sláintíochta faoi na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931.

[EN]

Suimeanna a dearbhaítear a bheith do-aisghabhála.

23.—Más rud é—

[EN]

(a) go mbeidh cíos áitribh rialaithe (is áitreabh lena mbaineann alt 8 nó alt 14 den Acht seo) in aghaidh aon tréimhse dar tús an dáta feidhme nó dáta dá éis sin níos mó ná an cíos a bheas le n-íoc (do réir an Achta seo) ar an áitreabh sin in aghaidh na tréimhse sin, nó

[EN]

(b) go mbeidh cíos áitribh rialaithe (is áitreabh lena mbaineann alt 9 nó alt 16 den Acht seo) in aghaidh aon tréimhse dar tús an dáta ar a gcinnfidh an Chúirt an bun-chíos nó dáta dá éis sin níos mó ná an cíos a bheas le n-íoc (do réir an Achta seo) ar an áitreabh sin in aghaidh na tréimhse sin,

[EN]

ansin, d'ainneoin aon chomhaontuithe contrártha dhó sin, beidh méid an bharrachais do-aisghabhála ó thionónta an áitribh.

[EN]

Ró-íocaíochta a aisghabháil.

24.—(1) I gcás aon tsuim—

[EN]

(a) a bheith arna híoc i leith aon chíosa a thiocfas chun bheith dlite tar éis an dáta feidhme, agus

[EN]

(b) a bheith ina suim a dearbhaítear le halt 23 den Acht seo a bheith do-aisghabhála ón tionónta,

[EN]

beidh an tsuim sin, faoi réir ailt 25 den Acht seo, inaisghabhála ón tiarna tighe lenar híocadh í nó óna ionadaí pearsanta dlíthiúil ag an tionónta d'íoc í nó ag á ionadaí pearsanta dlíthiúil.

[EN]

(2) Má chuireann duine ar bith in aon chíos-leabhar nó doiciméad dá shamhail iontráil a thaispeánfas nó a airbheartós a thaispeáint go bhfuil tionónta ar bith i riaráiste maidir le haon tsuim a dearbhaítear leis an Acht seo a bheith do-aisghabhála, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air, mura gcruthaí sé gur go neamhurchóideach agus gan rún meallta a ghníomhaigh sé.

[EN]

Teora le ró-íocaíochta a aisghabháil.

25.—Ní bheidh duine ar bith i dteideal aisghabháil a dhéanamh in aon tslí ar aon tsuim a bheas íoctha i leith cíosa a dearbhaítear le halt 23 den Acht seo nó alt 12 d'Acht 1923 a bheith do-aisghabhála ón tionónta ach amháin laistigh de na sé bliana díreach tar éis an tsuim sin a íoc.

CUID III.

Forala Speisialta chun Faoiseamh a Thabhairt do Thionontaithe Aitreabh Beag.

[EN]

Tosach feidhme Coda III.

26.—Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire chuige sin le hordú.

[EN]

Léiriú Coda III.

27.—Sa Chuid seo—

[EN]líomatáiste ceaptha.

ciallaíonn an abairt “líomatáiste ceaptha” aon líomatáiste is—

[EN]

(a) contae-bhuirg,

[EN]

(b) buirg Dhún Laoghaire, nó

[EN]

(c) aon líomatáiste a mbeidh ordaithe le rialacháin a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire é a bheith ina líomatáiste ceaptha chun críocha na Coda seo;

[EN]cíos láithreach.

ciallaíonn an abairt “cíos láithreach” an cíos is iníoctha ag tionónta ar áitreabh beag díreach roimh é do dhéanamh iarratais ag lorg orduithe shealadaigh maidir leis an áitreabh;

[EN]ordú sealadach.

ciallaíonn an abairt “ordú sealadach” ordú faoi alt 29 den Acht seo;

áitreabh beag.

ciallaíonn an abairt “áitreabh beag” áitreabh arb é atá ann—

(a) áitreabh rialaithe (Acht 1923) atá suite i líomatáiste ceaptha, is contae-bhuirg nó buirg Dhún Laoghaire, agus nach mó a luacháil inrátuithe ná deich bpuint, nó

(b) áitreabh rialuithe (Acht 1923) atá suite in aon líomatáiste ceaptha eile agus nach mó a luacháil inrátuithe ná pé méid (nach mó ná deich bpuint) a hordófar.

[EN]

Iarratais ar orduithe sealadacha.

28.—(1) Féadfaidh an tionónta ar áitreabh a mbeidh sé á shuíomh gur áitreabh beag é iarratas a dhéanamh chun Breithimh Dhúiche, a bheas dáilithe don cheantar ina mbeidh an t-áitreabh, ag lorg orduithe shealadaigh ag cinneadh cíosa dhleathaigh an áitribh.

[EN]

(2) Gach iarratas a déanfar faoin alt seo, déanfar é tríd an tionónta a theacht, i bpearsain nó trí ghníomhaire, i láthair an Chléirigh Chúirte Dúiche don líomatáiste cúirte dúiche ina mbeidh an t-áitreabh a bheas i gceist agus do thabhairt sonnraí mar thacaíocht lena shuíochan don Chléireach Cúirte Dúiche sin agus déanfaidh seisean na sonnraí sin a chur ar breacadh agus an t-iarratas a chur faoi bhráid an Bhreithimh Dhúiche iomchuibhe a luaithe is féidir.

[EN]

(3) Duine ar bith a thabharfas nó a chuirfeas faoi ndear go dtabharfar, d'fhonn tacaíocht a dhéanamh le hiarratas faoin alt seo, sonnraí a bheas bréagach nó míthreorach in aon phonc abhartha don Chléireach Cúirte Dúiche, beidh sé, mura gcruthaí sé gur go neamhurchóideach agus gan rún meallta a ghníomhaigh sé, ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

[EN]

(4) Má ghníomhaíonn duine, nach aturnae, mar ghníomhaire do dhuine ar bith i gcás iarratais faoin alt seo go díreach nó go neamhdhíreach le haghaidh nó de shúil luaíochta, nó má gheibheann sé luach saothair go díreach nó go neamhdhíreach as cistí aon chomhlachta chorpraithe nó neamhchorpraithe daoine a mbeidh nó a raibh an tionónta ina chomhalta dhe nó a dtug sé síntiús dá chiste, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus, gan dochar d'é bheith inchiontuithe in aon chion eile a mbeadh sé ciontach ann, dlífear, ar a chiontú ann ar an slí achomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

[EN]

Orduithe sealadacha a dhéanamh.

29.—(1) Is mar seo leanas a dheighleálfas Breitheamh Dúiche le gach iarratas a cuirfear faoina bhráid faoi alt 28 den Acht seo:—

[EN]

(a) deighleálfaidh sé leis an iarratas go príobháideach;

[EN]

(b) i gcás ina bhfeicfear dó—

[EN]

(i) gur áitreabh beag lena mbaineann alt 8 den Acht seo an t-áitreabh, nó

[EN]

(ii) gur áitreabh beag lena mbaineann alt 9 den Acht seo an t-áitreabh agus gur cinneadh a bhun-chíos cheana ag an gCúirt agus gur féidir méid an bhun chíosa sin a fhionnachtain,

[EN]

féadfaidh sé, faoi réir míre (d) den fho-alt seo, na nithe seo leanas a chinneadh go sealadach le hordú—

[EN]

(I) na breiseanna dleathacha ar bhun-chíos an áitribh, agus

[EN]

(II) cíos dleathach an áitribh;

[EN]

(c) i gcás ina bhfeicfear dó gur áitreabh beag ná baineann mír (b) den fho-alt seo leis an t-áitreabh, féadfaidh sé, faoi réir míre (d) den fho-alt seo, na nithe seo leanas a chinneadh go sealadach le hordú—

[EN]

(i) bun-chíos an áitribh faoi alt 9 den Acht seo,

[EN]

(ii) na breiseanna dleathacha ar bhun-chíos an áitribh, agus

[EN]

(iii) cíos dleathach an áitribh;

[EN]

(d) i gcás ina bhfeicfear dó go mbeadh cíos dleathach an áitribh, dá gcinntí é le hordú sealadach, comhionann leis an gcíos láithreach nó níos mó ná é, díbhfidh sé an t-iarratas agus bhéarfaidh sé go gcuirfear sin in úil don tionónta;

[EN]

(e) mura mbeidh luacháil ar leithligh déanta ar an áitreabh faoi na hAchta Luachála, ansin, chun críocha an Achta seo, féadfaidh sé, leis an ordú sealadach, pé cuid is cuibhe leis de luacháil inrátuithe na maoine ina bhfuil an t-áitreabh a chionroinnt go sealadach ar an áitreabh.

[EN]

(2) Ní luífidh achomharc chun na Cúirte Cuarda i gcoinne cinneadh Breithimh Dhúiche maidir le hiarratas faoi alt 28 den Acht seo.

[EN]

Forála maidir le horduithe sealadacha.

30.—(1) Má dhéanann Breitheamh Dúiche ordú sealadach maidir le haon áitreabh, bhéarfaidh sé, a luaithe is féidir, go seirbheálfar cóip de ar an tiarna tighe agus ar an tionónta, agus féadfar an chóip sin a sheirbheáil amhail mar a seirbheálfaí toghairm faoi rialacha na Cúirte Dúiche de thuras na huaire.

[EN]

(2) Faoi réir míre, (a) d'fho-alt (1) d'alt 31 agus d'ainneoin ailt 20 den Acht seo, is é cíos a bheas le n-íoc ar áitreabh lena mbaineann ordú sealadach, amhail ar an gcéad lá gála tar éis an t-ordú a dhéanamh agus ón lá sin amach agus faid a leanfas an t-ordú sealadach i bhfeidhm, ná an cíos dleathach a cinnfear leis an ordú sealadach.

[EN]

(3) Ní bunófar aon imeachta faoi Chuid II den Acht seo chun bun-chíos aon áitribh a chinneadh faid a bheas ordú sealadach i bhfeidhm ina leith nó faid a bheas iarratas ina leith ar feitheamh faoin gCuid seo.

[EN]

Iarratas ón tiarna tighe maidir le hordú sealadach.

31.—(1) Féadfaidh an tiarna tighe ar aon áitreabh a mbeidh ordú sealadach déanta ina leith, laistigh de thrí mhí tar éis cóip den ordú sealadach a sheirbheáil air, a iarraidh ar an gCúirt Dúiche téarmaí an orduithe shealadaigh a chúlghairm nó a mhodhnú agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo leanas:—

[EN]

(a) má chítear don Chúirt, ar an iarratas a éisteacht, nach áitreabh beag an t-áitreabh, cúlghairmfidh an Chúirt an t-ordú sealadach le héifeacht chúlghabhálach ó dháta a dhéanta;

[EN]

(b) in aon chás eile, féadfaidh an Chúirt, mar mheasfaidh is cuibhe—

[EN]

(i) téarmaí an orduithe shealadaigh a dhaingniú le hordú, fara modhnú nó gan modhnú, nó

[EN]

(ii) an t-ordú sealadach a chúlghairm, agus pé ordú nua a dhéanamh is gá sa chás maidir leis an áitreabh;

[EN]

(c) má déantar ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo, ansin, amhail ar dháta a dhéanta agus ón dáta sin amach agus d'ainneoin éinní dá bhfuil in aon fhoráil eile den Acht seo,—

[EN]

(i) beidh éifeacht ag an ordú sin amhail is dá mba é an cinneadh deiridh é ag an gCúirt Dúiche maidir leis na nithe lena mbainfidh an t-ordú sin,

[EN]

(ii) scoirfidh an t-ordú sealadach de bheith i bhfeidhm, agus

[EN]

(iii) is tuigthe chun críche feidhme ailt 20 den Acht seo an tionónta a bheith tar éis comhaontú a dhéanamh leis an tiarna tighe chun cíos d'íoc i leith an áitribh is comhionann le cíos dleathach an áitribh mar cinneadh sin leis an ordú sin a rinneadh faoi mhír (b) den fho-alt seo;

[EN]

(d) féadfaidh an Chúirt, ar an iarratas a éisteacht, ordú a dhéanamh á ordú go n-íocfar, i pé slí a ordós an Chúirt, aon tsuim a bheas dlite de cheachtar páirtí ag an bpáirtí eile maidir leis an áitreabh, pé acu i leith cíosa é nó faoi aon fhoráil den Acht seo.

[EN]

(2) Is mar chinnfeas an Chúirt a bheas maidir le costais na bpáirtithe in aon iarratas faoin alt seo, ach ní lomhálfar aon chostais i gcoinne an tionónta in aon chás ina gcruthófar gur mhó an cíos láithreach ná an cíos dleathach.

[EN]

(3) Más rud é, ar an tiarna tighe do dhéanamh achomhairc chun na Cúirte Cuarda i gcoinne orduithe arna dhéanamh ag an gCúirt Dúiche faoin alt seo, go ndeimhneoidh an Chúirt Chuarda gur cuibhe, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, iomlán an mhéide nó cuid shonnraithe den mhéid a dhlífeas an tionónta i leith costas an achomhairc (lena n-áirítear costais an tionónta féin agus na costais (más ann) a dhlífeas an tionónta, faoi ordú na Cúirte, a íoc leis an tiarna tighe) a íoc as cistí Stáit, déanfaidh an tAire méid na gcostas a mbeidh an deimhniú sin tugtha ina dtaobh a íoc as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas.

[EN]

Forála is infheidhme cheal iarratais ón tiarna tighe.

32.—(1) Mura ndéana an tiarna tighe ar aon áitreabh, laistigh de thrí mhí tar éis an dáta ar a seirbheálfar ordú sealadach air i leith an áitribh, iarratas chun na Cúirte Dúiche ag lorg orduithe faoi alt 31 den Acht seo, beidh éifeacht ag na forála seo leanas, d'ainneoin éinní dá bhfuil in aon fhoráil eile den Acht seo:—

[EN]

(a) is tuigthe téarmaí an orduithe shealadaigh a bheith arna ndaingniú ag an gCúirt Dúiche le hordú faoi fho-alt (1) d'alt 31 den Acht seo agus beidh feidhm ag forála míre (c) den fho-alt sin dá réir sin;

[EN]

(b) ní luífidh achomharc chun na Cúirte Cuarda i gcoinne orduithe dhaingnithe is tuigthe a bheith arna dhéanamh amhlaidh.

[EN]

(2) A luaithe is féidir tar éis forála fo-ailt (1) den alt seo a theacht in éifeacht maidir le haon áitreabh, bhéarfaidh an Breitheamh Dúiche ag á mbeidh dlínse chun críocha an Achta seo sa dúthaigh ina mbeidh an t-áitreabh, go seirbheálfar (ar mhodh a húdaraítear chun cóip d'ordú shealadach a sheirbheáil faoi alt 30 den Acht seo) ar an tiarna tighe agus ar an tionónta fógra, sa bhfoirm ordaithe, á chur sin in iúl do na daoine sin, ach má tugtar faillí i gcomhlíonadh forál an fho-ailt seo ní léireofar sin mar ní a dhéanann difir d'oibriú an fho-ailt (1) sin.

[EN]

An tionónta a bheith saor ó tháillí cúirte.

33.—Ní bheidh aon táillí cúirte iníoctha ag an tionónta in aon imeachta (lena n-áirítear aon achomharc nó cás ríofa) faoin gCuid seo.

[EN]

Orduithe a gheobhfar trí ráitis bhréagacha.

34.—Más deimhin leis an gCúirt go bhfuarthas ordú sealadach trí aon ráiteas nó cúis-aithris ón tionónta a bhí, go bhfios don tionónta, bréagach nó míthreorach, féadfaidh an Chúirt an t-ordú sin a chúlghairm, agus féadfaidh pé orduithe nua agus breise a dhéanamh is gá do réir ceartais, lena n-áirítear ordú á cheangal ar an tionónta aon chostais a íoc a ndeachaigh an tiarna tighe fúthu maidir leis an ní.

[EN]

Luachálaithe cúirte dúiche.

35.—(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, pé daoine agus pé méid daoine is oiriúnach leis a cheapadh chun bheith ina luachálaithe cúirte dúiche chun críocha na Coda seo.

[EN]

(2) Beidh gach luachálaí cúirte dúiche i seilbh oifige faid is toil leis an Aire agus féadfaidh an tAire é a chur as oifig.

[EN]

(3) Is é an tAire Airgeadais a chinnfeas luach saothair, agus coinníollacha seirbhíse go gcnerálta, luachálaithe cúirte dúiche.

[EN]

(4) Dáileofar gach luachálaí cúirte dúiche do pé ceantar a ordós an tAire ó am go ham.

[EN]

(5) Ní bheidh feidhm ag Achta Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, maidir le post luachálaí chúirte dúiche.

[EN]

Breithimh Dhúiche do chur ceisteanna a bhainfeas le luacháil inrátuithe ní le cíos áitreabh beag faoi bhráid luachálaithe.

36.—(1) Féadfaidh an Breitheamh Dúiche a bheas dáilithe do dhúthaigh dá mbeidh luachálaí cúirte dúiche dáilithe aon cheist a chur faoi bhráid an luachálaí chúirte dúiche sin chun a fiosruithe agus chun tuairisc ina taobh a thabhairt dó is ceist a bhainfeas le luacháil inrátuithe nó le cíos áitribh bhig is abhar d'aon imeachta os a chóir faoin gCuid seo nó is ceist a bhainfeas leis an gcíos a bheas á íoc nó a bheas iníoctha ar áitribh bheaga eile.

[EN]

(2) Féadfaidh an Breitheamh Dúiche a bheas dáilithe do dhúthaigh ná beidh luachálaí cúirte dúiche dáilithe dhi aon cheist a bhainfeas le luacháil inrátuithe nó le cíos aon áitribh bhig is abhar d'imeachta os a chóir faoin gCuid seo den Acht seo nó a bhainfeas leis an gcíos a bheas á íoc nó a bheas iníoctha ar áitribh bheaga eile a chur faoi bhráid pé duine (dá ngairmtear luachálaí speisialta san alt seo) is oiriúnach leis chun a fiosruithe agus chun tuairisc ina taobh a thabhairt dó.

[EN]

(3) Íocfaidh an tAire luach saothair le luachálaithe speisialta do réir pé rátaí a ordós an tAire Airgeadais.

[EN]

(4) Aon luachálaí cúirte dúiche nó luachálaí speisialta a mbeidh Breitheamh Dúiche tar éis aon cheist a chur faoina bhráid faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, féadfaidh sé, má bhíonn údarás aige i scríbhinn ón mBreitheamh Dúiche chuige sin agus ar é do thaispeáint an údaráis sin, má hiarrtar sin air, dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh gach tráth réasúnach in aon áitreabh a bheas sonnraithe chuige sin san údarás sin.

[EN]

(5) Má dhiúltaíonn duine ar bith ligean do luachálaí cúirte dúiche nó do luachálaí speisialta dul isteach nó iniúchadh a dhéanamh in aon áitreabh i bhfeidhmiú a chumhacht faoi fho-alt (4) den alt seo, nó má choisceann nó má bhacann é agus é ag feidhmiú na gcumhacht sin, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná mí a chur air nó fíneáil nach mó ná deich bpuint nó an phríosúntacht sin agus an fhíneáil sin le chéile.

CUID IV.

Srianta le Seilbh Aitreabh Rialaithe a Aisghabhail.

[EN]

Srianta le ceart an tiarna tighe chun seilbhe áitribh rialaithe.

37.—(1) Faoi réir fo-alt (2) agus (3) den alt seo, ní déanfar ordú chun seilbh áitribh rialaithe a aisghabháil mura measfaidh an Chúirt é a bheith réasúnach an t-ordú a dhéanamh agus mura rud é—

[EN]

(a) nár híocadh aon chíos a bhí dlite go dleathach den tionónta, nó gur briseadh nó nár comhlíonadh aon oblagáid eile a ghabh leis an tionóntacht, pé acu faoin gconnradh tionóntachta (a mhéid a bheas sin ar comhréir leis an Acht seo) nó faoin Acht seo é, nó

[EN]

(b) go raibh aon duine (arb é an tionónta é, nó aon duine ar éintíos leis an tionónta, nó éinne de lóistéirí nó d'fhothionóntaithe an tionónta) ciontach in iompar is cráiteas nó ciapadh ar lonnaitheoirí comhtheorantacha, nó gur ciontaíodh é i dtaobh an t-áitreabh a úsáid nó a cheadú é a úsáid chun críche mí-mhorálta nó neamhdhlíthiúla, nó

[EN]

(c) gurb é tuairim na Cúirte go dtáinig mí-bhail ar an áitreabh de dheascaibh aon duine den tsórt sin do dhéanamh bearta diomailte nó do dhéanamh mainneachtana nó faillí, nó

[EN]

(d) go dtug an tionónta fógra imeachta, agus de dheascaibh an fhógra sin go ndearna an tiarna tighe connradh chun an t-áitreabh a dhíol nó a ligean nó go ndearna aon nithe eile arb é tuairim na Cúirte go dtiocfadh dochar mór dó astu mura bhféadfadh sé seilbh a fháil, nó

[EN]

(e) i gcás áite comhnaithe—

[EN]

(i) go bhfuil an áit chomhnaithe ag teastáil go réasúnach ón tiarna tighe chun a lonnuithe mar ionad comhnaithe dhó féin nó d'aon duine atá, nó atá le bheith, bona fide in éintíos leis, agus—

[EN]

(I) gurb é tuairim na Cúirte gur mó an cruatan a thiocfadh, toisc cúrsaí speisialta an cháis, den ordú seilbhe a dhiúltú ná d'é a dheonadh, nó

[EN]

(II) go gcruthaítear don Chúirt go bhfuil cóiríocht ar fáil ina hionad atá comhionann do réir réasúin ó thaobh cíosa agus oiriúnachta ar gach slí, nó

[EN]

(ii) go bhfuil an áit chomhnaithe ag teastáil go réasúnach ón tiarna tighe chun a lonnuithe mar ionad comhnaithe do dhuine éigin atá ar fostú lánaimsire aige nó ar fostú lán-aimsire ag tionónta éigin faoi, agus go gcruthaítear don Chúirt go bhfuil cóiríocht ar fáil ina hionad atá comhionann do réir réasúin ó thaobh cíosa agus oiriúnachta ar gach slí, nó

[EN]

(f) i gcás áitribh ghnótha—

[EN]

(i) go bhfuil an t-áitreabh ag teastáil go réasúnach ón tiarna tighe chun críche aon ghnótha, céirde nó gairme, nó le haghaidh na seirbhíse poiblí, agus go gcruthaítear don Chúirt go bhfuil cóiríocht ar fáil ina ionad atá comhionann do réir réasúin ó thaobh cíosa agus oiriúnachta ar gach slí, nó

[EN]

(ii) go bhfuil seilbh an áitribh ag teastáil bona fide le haghaidh scéime athchóirithe nó feabhsuithe a chítear don Chúirt a bheith inmhianuithe chun leasa an phobail, nó

[EN]

(g) go bhfuil an t-áitreabh ag teastáil go réasúnach chun feidhmithe dualgas, cumhacht nó ceanglas Aire Stáit nó Choimisiún na Talún nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó údaráis áitiúil nó gnóthaire reachtúil.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh éinní i bhfo-alt (1) den alt seo difir do cheart an tiarna tighe chun ordú a fháil i gcoinne tionónta chun seilbh a aisghabháil ar aon áitreabh rialaithe i gcás—

[EN]

(a) ina mbeidh an tionónta tar éis an t-áitreabh a fho-ligean, ar shlí seachas mar áis sealadach, chun fo-thionónta, agus

[EN]

(b) ina mbeidh an fo-thionónta nó aon duine ag á mbeidh teideal faoi i dteideal seilbh a choinneáil ar an áitreabh faoin Acht seo, d'ainneoin an orduithe i gcoinne an tionónta.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh éinní i bhfo-alt (1) den alt seo difir d'oibriú ailt 26 nó ailt 34 d'Acht na dTithe (Forála Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931).

[EN]

Cosaint do chearta fothionóntaithe.

38.—Ní dhéanfaidh ordú i gcoinne tionónta chun seilbh áitribh rialaithe a aisghabháil difir do cheart aon fho-thionónta chun seilbh a choinneáil faoin Acht seo is fo-thionónta a ndearnadh go dleathach an t-áitreabh nó aon chuid de a fho-ligean chuige sar ar bunaíodh imeachta chun seilbh a aisghabháil.

[EN]

Tionóntacht reachtúil.

39.—(1) Má dhiúltaíonn an Chúirt ordú chun seilbh a aisghabháil ar áitreabh rialaithe ar an bhforas go bhfuil an tionónta i dteideal seilbh a choinneáil ar an áitreabh de bhuaidh an Achta seo, déanfaidh an Chúirt ordú á dhearbhú aon tionóntacht a bheith foirceannta a bhí ag an tionónta ar shlí seachas de bhuaidh an Achta seo agus nuair a bheas aon ordú den tsórt adúradh á dhéanamh aici féadfaidh ordú a dhéanamh i dtaobh an tionónta d'íoc aon riaráiste chíosa nó aon eadar-rátaí.

[EN]

(2) I gcás ina dtiocfaidh leas tionónta áitribh rialaithe chun bheith foirceannta mar gheall ar ordú seilbhe nó ar aon chúis eile, beidh fo-thionónta a ndearnadh go dleathach an t-áitreabh nó aon chuid de a fho-ligean chuige i dteideal, faoi réir an Achta seo, seilbh a choinneáil ar an áitreabh agus é a shealbhú ón tiarna tighe ar na téarmaí céanna ar a sealbhódh ón tionónta dá mba nár foirceannadh tionóntacht an tionónta.

[EN]

(3) Ar thionónta reachtúil áitribh rialaithe d'fháil bháis beidh éifeacht ag na forála seo leanas:—

[EN]

(a) i gcás ina bhfágfaidh an tionónta reachtúil ar marthain dá éis a bhean chéile, a bhí in éintíos leis tráth a bháis, beidh sise i dteideal seilbh a choinneáil ar an áitreabh faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna faoina raibh sé ar seilbh ag an tionónta reachtúil a fuair bás;

[EN]

(b) i gcás ná fágfaidh an tionónta reachtúil bean chéile a bhí in éintíos leis amhlaidh, beidh pé duine, a bhí in éintíos leis amhlaidh, de theaghlach an tionónta reachtúil nó, má bhíonn níos mó ná duine amháin den tsórt sin ann, pé duine acu ar a gcomhaontóid eatarthu, nó a thoghfas an Chúirt mura gcomhaontaíd, i dteideal seilbh a choinneáil mar adúradh;

[EN]

(c) i gcás inar bhean an tionónta reachtúil, beidh éifeacht ag míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo maidir lena fear céile agus a teaghlach amhail mar atá éifeacht acu maidir le bean chéile agus teaghlach thionónta reachtúil nuair is fear é;

[EN]

(d) in aon chás ná baineann aon mhír acu sin roimhe seo leis, tiocfaidh leas an tionónta reachtúil chun bheith foirceannta ar é d'fháil bháis.

[EN]

Coinníollacha tionóntachta reachtúla

40.—(1) Faid a choinneos sé seilbh ar áitreabh rialaithe de bhuaidh an Achta seo, déanfaidh tionónta reachtúil téarmaí agus coinníollacha uile an chonnartha thionóntachta bhunaidh, a mhéid a bheid i gcomhréir leis an Acht seo, a chomhlíonadh agus beidh i dteideal a dtairbhe, agus ní bheidh sé i dteideal seilbh an áitribh a thabhairt suas ach amháin ar pé fógra a thabhairt ba ghá faoin gconnradh tionóntachta bunaidh nó, murar ghá aon fhógra a thabhairt amhlaidh, ar fhógra trí mhí ar a laghad a thabhairt.

[EN]

(2) D'ainneoin éinní i bhfo-alt (1) den alt seo, ní bheidh ar thiarna tighe áitribh rialaithe, chun feidhmiú a dhéanamh ar aon cheart faoin Acht seo nó ar aon cheart is infheidhme ar an Acht seo a dhul in éag nó dá éis sin, aon fhógra imeachta a thabhairt do thionónta reachtúil ar an áitreabh.

[EN]

(3)  (a) Ní dhéanfaidh tionónta reachtúil, mar choinníoll ar a sannfaidh nó ar a dtabharfaidh suas seilbh áitribh rialaithe, íoc aon tsuime, ná aon chomaoin eile, a iarraidh ar éinne ná a ghlacadh ó éinne seachas an tiarna tighe.

[EN]

(b) Duine ar bith a dhéanfas éinní contrártha do mhír (a) den fho-alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

[EN]

(c) Má ciontaítear duine i gcion faoin bhfo-alt seo, féadfaidh an Chúirt a chiontaigh é a ordú aon íocaíocht nó comaoin den tsórt sin a aisíoc leis an duine a rinne nó a thug í.

[EN]

(d) Ní bhainfidh mír (a) den fho-alt seo le háitreabh a ndéanfar go dleathach é a úsáid i bpáirt nó go hiomlán chun críocha aon ghnótha, céirde nó gairme.

[EN]

(4) Is tuigthe é a bheith ag gabháil mar choinníoll le tionóntacht reachtúil in aon áitreabh rialaithe—

[EN]

(a) go ligfidh an tionónta don tiarna tighe dul isteach ann chun bail agus deis an áitribh a fheicsint, agus go dtabharfaidh gach saoráid réasúnach chun aon deisiúchán a dhéanamh ann a bheas an tiarna tighe i dteideal a dhéanamh;

[EN]

(b) ná déanfaidh an tionónta an t-áitreabh ná aon chuid de a shannadh gan toiliú i scríbhinn ón tiarna tighe, toiliú ná féadfar a dhiúltú ach amháin i gcás inar mhó an cruatan a thiocfadh, toisc cúrsaí speisialta an cháis, den toiliú a dheonadh ná d'é a dhiúltú;

[EN]

(c) go mbeidh an tiarna tighe freagarthach in aon deisiúchán ná beidh aon fhreagarthacht ar an tionónta ina thaobh pé acu is freagarthacht í a bheas follas sa chonnradh nó freagarthacht a bheas intuigthe faoi alt 42 den Landlord and Tenant Law Amendment Act (Ireland), 1860.

[EN]

(5) Má dhéanann an tionónta reachtúil (dá ngairmtear an sannóir sa bhfo-alt seo) áitreabh rialaithe a shannadh go dleathach ar an dáta feidhme nó dá éis, ansin, cheal aon chomhaontuithe fhollais idir an tiarna tighe agus an sannaí, beidh éifeacht ag na forála seo leanas:—

[EN]

(a) má bhíonn an t-áitreabh, ar dháta an tsannuithe, á úsáid go dleathach i bpáirt nó go hiomlán chun críocha aon ghnótha, céirde nó gairme, is tuigthe, ón dáta sin, an sannaí do shealbhú an áitribh do réir pé fo-mhíre acu seo leanas is infheidhme:—

[EN]

(i) i gcás ina gcuirfear fianaise ar fáil go raibh an t-áitreabh, díreach sar ar cruthnaíodh an tionóntacht reachtúil ann, ar seilbh ag a thionónta connarthach faoi thionóntacht ó bhliain go bliain nó do théarma blian nó do thréimhse chinnte eile (nach giorra ná bliain) nó faoi thionóntacht a bhí ag brath ar thuitim saoil nó ar aon teagmhas neamhchinnte eile, is tuigthe an sannaí do shealbhú an áitribh ón tiarna tighe faoi thionóntacht ó bhliain go bliain is infhoirceannta, ar an gcéad bhliain díobh a bheith caite nó dá éis sin, ag ceachtar páirtí trí fhógra dhá mhí a rachas in éag lá gála agus, faoina réir sin, ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar ar shealbhaigh an sannóir é;

[EN]

(ii) i gcás ina gcuirfear fianaise ar fáil go raibh an t-áitreabh ar seilbh amhlaidh faoi chonnradh tionóntachta ná baineann fo-mhír (i) den mhír seo leis, is tuigthe an sannaí do shealbhú an áitribh ón tiarna tighe faoi chonnradh tionóntachta arb ionann faid dó agus don chonnradh tionóntachta faoina rabhdar ar seilbh amhlaidh agus, faoina réir sin, ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar ar shealbhaigh an sannóir é;

[EN]

(iii) in aon chás eile beidh an sannaí i dteideal seilbh a choinneáil ar an áitreabh ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar ar shealbhaigh an sannóir é;

[EN]

(b) más áitreabh ná baineann mír (a) den fho-alt seo leis an t-áitreabh, beidh an sannaí i dteideal seilbh a choinneáil ar an áitreabh ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna ar ar shealbhaigh an sannóir é.

[EN]

Cumhachta na Cúirte in imeachta eisiachtana.

41.—I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt, nó ina ndearna an Chúirt roimh an dáta feidhme, ordú chun seilbh áitribh rialaithe a aisghabháil, féadfaidh an Chúirt, tráth an orduithe a dhéanamh nó aon tráth roimh é a fhorghníomhú, forghníomhú an orduithe a anadh nó dáta an tsealbhuithe a chur siar go ceann pé tréimhse nó tréimhsí, agus faoi réir pé coinníoll, is oiriúnach leis an gCúirt, agus má comhlíontar na coinníollacha sin féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi, an t-ordú a chur ar ceal nó a athrú.

[EN]

Leasuithe ar alt 15 den Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851.

42.—(1) D'ainneoin éinní dá bhfuil in alt 15 den Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851, leanfaidh gach barántas chun seilbh a sheachadadh, nó chun dul isteach agus seilbh a thabhairt, ar áitreabh rialaithe, de bheith i ngníomh go ceann trí mhí ón lá díreach i ndiaidh an lae dheiridh a bheas ainmnithe san ordú chun seilbh a sheachadadh nó, i gcás barántais faoin Summary Juris diction (Ireland) Act, 1851, ó dháta eisiúna an bharántais, agus i gceachtar cás go ceann pé tréimhse nó tréimhsí breise, más ann, a ordós an Chúirt ó am go ham, pé acu roimh an trí mhí sin a bheith caite nó dá éis sin é.

[EN]

(2) Bainfidh alt 15 den Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851, le gach áitreabh rialaithe a bheas á lonnú ag tionónta reachtúil agus nach mó ná deich bpuint a luacháil inrátuithe, d'ainneoin gur mó ná punt sa mhí an cíos.

[EN]

An tiarna tighe do ghlacadh cíosa tar éis fógra imeachta a dhul in éag.

43.—I gcás ina seirbheálfaidh an tiarna tighe ar áitreabh rialaithe fógra imeachta ar thionónta an áitribh, ní dhéanfaidh sé dochar do cheart (más ann) an tiarna tighe chun seilbh an áitribh a aisghabháil é do ghlacadh aon tsuime a airbheartós gur cíos í in aghaidh na tréimhse a luaitear i pé fo-mhír acu seo leanas is infheidhme, sé sin le rá:—

[EN]

(a) má bhunaíonn sé imeachta chun seilbh an áitribh a aisghabháil laistigh de thrí mhí tar éis an fógra imeachta a dhul in éag, an tréimhse dar tosach dáta an fhógra imeachta a dhul in éag agus dar críoch an dáta ar a ndéanfar an cinneadh deiridh ar na himeachta,

[EN]

(b) in aon chás eile, an tréimhse de thrí mhí dar tosach dáta an fhógra imeachta a dhul in éag,

[EN]

agus má déantar ordú seilbhe maidir leis an áitreabh, áireofar mar eadar-shochair aon tsuim a glacadh amhlaidh.

[EN]

Ordú seilbhe a gheobhfar trí mhíthuairisc.

44.—Má chítear don Chúirt gur trí mhíthuairisc nó trí fhíorais abharta a cheilt a fuair an tiarna tighe ordú seilbhe maidir le háitreabh rialaithe, féadfaidh an Chúirt a ordú don tiarna tighe pé suim is cuibhe leis an gCúirt a íoc leis an sean-tionónta mar chúiteamh in aon damáiste nó caillteanas a bhain don tionónta de dheascaibh an orduithe sheilbhe.

[EN]

Gan feidhm a bheith ag ailt 37 agus 38 maidir le ligean mar áis sealadach, etc.

45.—Ní bheidh feidhm ag ailt 37 agus 38 den Acht seo maidir le háitreabh a bheas arna ligean chun duine faid a leanfas in aon oifig, ceapachán nó fostaíocht, nó a bheas arna ligean bona fide mar áis sealadach don tiarna tighe nó don tionónta nó chun riar ar a riachtanas sealadach.

[EN]

Cosaint do chearta údarás áitiúla faoi Achta Tithe an Lucht Oibre.

46.—Ní choiscfidh éinní dá bhfuil sa Chuid seo ar údarás áitiúil seilbh a fháil ar aon áitreabh a mbeidh a sheilbh ag teastáil uathu chun iad d'fheidhmiú a gcumhacht faoi aon achtachán a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire nó faoi aon scéim arna déanamh faoi aon achtachán den tsórt sin.

CUID V.

Ilghneitheach.

[EN]

Freagarthacht i ndeisiúchán.

47.—Chun críocha míre (d) d'fho-alt (2) d'alt 11 agus alt 21, 22 agus 48 den Acht seo, is tuigthe an tiarna tighe a bheith freagarthach in aon deisiúchán ná beidh aon fhreagarthacht ar an tionónta ina thaobh, pé acu is freagarthacht í a bheas follas sa chonnradh nó freagarthacht a bheas intuigthe faoi alt 42 den Landlord and Tenant Law Amendment Act (Ireland), 1860.

[EN]

Cúiteamh i ndroch-dheis áitreabh rialaithe de dheascaibh faillí an tiarna tighe.

48.—(1) I gcás ina dtárlóidh de dheascaibh faillí an tiarna tighe ná beidh áitreabh rialaithe i ndeis mhaith intionóntuithe, féadfaidh an Chúirt a ordú don tiarna tighe pé suim a íoc leis is dóigh leis an gCúirt is gá chun an t-áitreabh a chur i ndeis mhaith intionóntuithe.

[EN]

(2)  (a) Ní dhéanfaidh ceart an tionónta chun faoiseamh a fháil faoin alt seo dochar dá cheart chun faoiseamh a lorg in aon tsaghas eile imeacht.

[EN]

(b) Má thárlann tráth aon orduithe a iarraidh nó a dhéanamh faoin alt seo go ngeallfaidh an tiarna tighe an t-áitreabh iomchuibhe a chur in ndeis mhaith intionóntuithe, féadfaidh an Chúirt an t-iarratas a chur ar athló, nó forghníomhú an orduithe a anadh nó a fhionnraí, agus má comhlíontar an gealltanas féadfaidh an Chúirt an t-ordú a chur ar ceal.

[EN]

(c) Aon tsuim a ndéanfar í a dhámhachtain do thionónta le hordú faoin alt seo caithfear í ar dheisiúchán oiriúnach ar an áitreabh lena mbainfidh an t-ordú, agus féadfar pé coinníollacha a chur ag gabháil leis an ordú is oiriúnach leis an gCúirt a fhorchur chun a áirithiú go gcaithfear an tsuim sin amhlaidh.

[EN]

An Coimisinéir Luachála do chionroinnt luachála inrátuithe.

49.—(1) I gcás ná beidh luacháil ar leithligh déanta ar áitreabh faoi na hAchta Luachála, féadfaidh an Coimisinéir Luachála agus Suirbhéir Teorann, ar thiarna tighe nó tionónta an áitribh dá iarraidh sin, pé cuid is cuibhe leis de luacháil inrátuithe na maoine ina mbeidh an t-áitreabh a chionroinnt ar an áitreabh, agus déanfar an chuid a cionroinnfear amhlaidh ar an áitreabh sin a áireamh mar luacháil inrátuithe an áitribh chun críocha an Achta seo ach ní chun aon chríche eile ná ar aon tslí eile.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, rialacháin a dhéanamh ag socrú scála de na táillí a bheas le n-íoc leis an gCoimisinéir Luachála agus Suirbhéir Teorann as cionroinnt a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo.

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag na forála seo leanas maidir leis na táillí uile is iníoctha faoin alt seo:—

[EN]

(a) cruinneofar agus glacfar na táillí sin i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir mar ordós an tAire sin;

[EN]

(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin.

[EN]

Srian le préamaí.

50.—(1) Ní éileoidh duine ar bith, mar choinníoll ar a ndeonfar, ar a n-athnuafar nó ar a mbuanófar tionóntacht nó fo-thionóntacht aon áitribh rialaithe, go n-íocfar aon fhíneáil, préama, nó suim eile dá samhail, nó go dtabharfar aon chomaoin luachmhar, de bhreis ar an gcíos, agus, i gcás ina dtabharfar aon íocaíocht nó comaoin den tsaghas sin i leith aon áitribh den tsaghas sin, féadfar a méid nó a luach a aisghabháil laistigh de shé bliana, ar a dhéanaí, ón dáta a tugadh í.

[EN]

(2) I gcás ina mbeidh duine ar bith a d'aisghabh aon tsuim a déantar inaisghabhála leis an alt seo tar éis a leas sa tionóntacht a shannadh nó a chur thar barra ar shlí eile ar chomaoin luachmhar, déanfaidh sé an tsuim d'aisghabh sé a choimeád ar iontaobhas do pé duine a bhfeicfear don Chúirt teideal cothromais a bheith aige chuici.

[EN]

(3) Duine ar bith a éileos aon íocaíocht nó comaoin eile contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, agus féadfaidh an Chúirt a chiontós é a ordú an méid a híocadh nó luach na comaoine a aisíoc leis an duine a thug an íocaíocht nó an chomaoin eile.

[EN]

(4)  (a) Duine ar bith a bhéarfas aon íocaíocht nó comaoin, nó a thairgfeas aon íocaíocht nó comaoin a thabhairt, a mbeadh sé contrártha don alt seo í a éileamh, nó a fhógrós nó a fhoilseos aon tairgsint den tsórt sin, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

[EN]

(b) Ní bunófar aon imeachta faoin bhfo-alt seo i gcoinne aon duine a bheas tar éis aon imeachta a bhunú faoi fho-alt (1) den alt seo, nó a bheas tar éis aon eolas a thabhairt chun aon imeachta a bhunú faoi fho-alt (3) den alt seo.

[EN]

(5) Aon deonadh, athnuachain nó buanú tionóntachta a mbeifear, ar choinníoll a dhéanta, tar éis aon íocaíocht nó comaoin a thabhairt contrártha don alt seo, beidh sé, gan dochar d'oibriú an ailt seo, inchurtha ar neamhbhrí más rogha le ceachtar de na páirtithe ann é, gan dochar do cheart an tionónta, má bhíonn sé tar éis dul i seilbh an áitribh lena mbaineann, chun seilbh a choinneáil ar an áitreabh de bhuaidh forál an Achta seo tar éis aon rogha den tsórt sin a bheith arna feidhmiú.

[EN]

(6) Ní bhainfidh an t-alt seo le deonadh, athnuachain nó buanú aon tionóntachta go ceann téarma cheithre blian déag nó os a chionn.

[EN]

Srian le tocsal a thobhach i leith cíosa.

51.—(1) Ní déanfar aon tocsal a thobhach i leith cíosa áitribh rialaithe ach amháin le hordú ón gCúirt.

[EN]

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Chúirt pé coinníollacha is oiriúnach leis an gCúirt a chur ag gabháil le forghníomhú an orduithe.

[EN]

Modh aisghabhála suimeanna a bheas dlite de thiarnaí tighe ag tionóntaithe.

52.—Aon tsuim a bheas, faoin Acht seo, inaisghabhála ag tionónta de thiarna tighe nó iníoctha nó inaisíoctha le tionónta ag tiarna tighe, féadfaidh an tionónta, gan dochar d'aon mhodh eile aisghabhála, í a bhaint as aon chíos a bheas iníoctha aige leis an tiarna tighe.

[EN]

Rialacháin.

53.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo leanas:—

[EN]

(a) tiarnaí tighe ar áitribh rialaithe nó ar aon chineál d'áitribh rialaithe do sholáthar cíos-leabhar i bhfoirm a hordófar sna rialacháin do thionóntaithe na n-áitreabh sin;

[EN]

(b) coimeád na gcíos-leabhar sin;

[EN]

(c) sonnraí a sonnrófar a iontráil sna cíos-leabhair sin;

[EN]

(d) aon nithe eile maidir le húsáid na gcíos-leabhar sin ar cuibhe leis an Aire foráil a dhéanamh ina dtaobh;

[EN]

(e) aon ní nó rud dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá ordaithe;

[EN]

(f) cláir a thiomsú d'áitribh rialaithe, a mbeidh a riail-chíosa nó a mbun-chíosa cinnte ag an gCúirt, nó d'aon chineálacha áitreabh den tsórt sin, agus iad i pé foirm agus pé sonnraí iontu a hordófar sna rialacháin, iniúchadh na gclár sin ag baill den phobal agus pé nithe eile maidir leo ar cuibhe leis an Aire foráil a dhéanamh ina dtaobh;

[EN]

(g) tiarnaí tighe do sholáthar uimhreacha aitheantais do choda (is áitribh rialaithe) d'aon tithe nó d'aon chineálacha tithe.

[EN]

(2) Gach duine a fhailleos aon rialachán a chomhlíonadh a déanfar faoi fho-alt (1) (ach amháin mír (e) den alt seo agus a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

[EN]

(3) (a) Ar thiarna tighe áitribh rialaithe dá iarraidh sin, féadfaidh an Chúirt, le hordú, an tiarna tighe a shaoradh ó chomhlíonadh rialachán arna ndéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le cíos-leabhair.

[EN]

(b) Ní déanfar ordú faoin bhfo-alt seo mura gcruthaitear don Chúirt—

[EN]

(i) go bhfuil socrú sásúil eile déanta ag an iarratasóir chun breacacháin a choimeád d'íocaíochta cíosa ag a thionóntaithe agus chun admháil chuibhe a thabhairt in aghaidh gach íocaíochta den tsórt sin, agus

[EN]

(ii) go mbeadh sé míréasúnach, ag féachaint don tsocrú sin agus do chúrsaí uile an cháis, a cheangal ar an iarratasóir na rialacháin a chomhlíonadh.

[EN]

(c) Féadfaidh an Chúirt pé coinníollacha, is oiriúnach leis an gCúirt a fhorchur, a chur ag gabháil le hordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo, ar a n-áirítear, go sonnrach, coinníoll go dtabharfaidh an t-iarratasóir do gach tionónta ar áitreabh rialaithe, a mbeidh sé ina thiarna tighe air ó am go ham, pé sonnraí, maidir leis an gcíos is iníoctha ag an tionónta agus le cearta agus oblagáidí tiarnaí tighe agus tionóntaithe faoin Acht seo, is gá do réir na rialachán a shonnrú i gcíos-leabhair.

[EN]

(d) Duine ar bith a fhailleos aon choinníoll a chomhlíonadh a bheas ag gabháil le hordú arna dhéanamh maidir leis faoin bhfo-alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

[EN]

(4) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoi fho-alt (1) den alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur an rialacháin ar neamhbhrí, beidh an rialachán arna chur ar neamhbhrí dá réir sin, ach beidh sin gan dochar do bhailíocht éinní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

[EN]

Cumhachta na Cúirte go generálta.

54.—(1) Más gá, chun luacháil inrátuithe a chinneadh ar áitreabh a líomhantar a bheith ina áitreabh rialaithe, cionroinnt a dhéanamh ar luacháil inrátuithe na maoine ina mbeidh an t-áitreabh, féadfaidh an Chúirt, ar cheachtar páirtí dá iarraidh sin, pé cionroinnt a dhéanamh is cuibhe léi.

[EN]

(2) I gcás ina mbeidh nó ina raibh áitreabh arna ligean, ar an dáta ar ina leith a bheas an bun-chíos le socrú, ar cíos a n-áireofar nó ar háiríodh ann íocaíocht as cothú, freastal nó úsáid troscáin, féadfaidh an Chúirt, chun aon chríche de chríocha an Achta seo, pé cionroinnt a dhéanamh is cuibhe léi.

[EN]

(3) Ar éisteacht dlíbhirt chun seilbh a aisghabháil ar áitreabh rialaithe nó chun aon chíos a aisghabháil a mbeidh tiarna tighe á shuíomh é a bheith dlite, nó aon tsuim a aisghabháil a mbeidh tionónta á shuíomh í a bheith inaisghabhála, i leith áitribh rialaithe, féadfaidh an Chúirt, ar cheachtar páirtí dá iarraidh sin ag an éisteacht sin, éinní a chinneadh a éireos faoin Acht seo agus is dóigh leis an gCúirt a d'fhéadfaí a chinneadh go caothúil ag an éisteacht sin.

[EN]

(4) Más deimhin leis an gCúirt gurb é faoi ndear aon earráid nó easpa i bhfógra arna sheirbheáil faoi alt 20 den Acht seo an páirtí a sheirbheáil é do dhéanamh dearmaid bona fide, beidh de chumhacht aici an fógra a leasú trí aon earráidí ann a cheartú agus aon easpaí ann a shlánú, pé acu d'fhágfadh nó ná fágfadh na hearráidí nó na heaspaí sin, dá mba ná ceartófaí nó ná slánófaí iad, an fógra a bheith neamhbhailí, ar pé téarmaí agus coinníollacha is cuibhe leis an gCúirt agus, má ordaíonn an Chúirt amhlaidh, beidh éifeacht ag an bhfógra, arna leasú amhlaidh, agus is tuigthe éifeacht a bheith aige riamh, mar fhógra bailí faoin alt sin 20.

[EN]

(5) I dteannta na gcumhacht a bheirtear go sonnrach don Chúirt leis an Acht seo, féadfaidh an Chúirt deighleáil le héinní a éireos faoin Acht seo, pé acu d'éirigh díospóid i dtaobh an ní sin nó nár éirigh.

[EN]

Dlínse na Cúirte a fheidhmiú.

55.—(1) Féadfar an dlínse agus na cumhachta a bheirtear don Chúirt leis an Acht seo a fheidhmiú—

[EN]

(a) ag an gCúirt Chuarda, nó

[EN]

(b) i gcás gan luacháil inrátuithe an áitribh iomchuibhe a bheith os cionn £10, nó má chomhaontaíonn na páirtithe i scríbhinn leis an bhfeidhmiú sin, ag an gCúirt Dúiche.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham duine amháin nó níos mó de na Breithimh Dúiche a bheas dáilithe de thuras na huaire do Dhúthaigh Cathrach Bhaile Atha Cliath a ainmniú chun bheith ina Bhreitheamh nó ina mBreithimh ag a mbeidh aon-dlínse sa Dúthaigh sin i ngach cás, faoi dhlínse na Cúirte Dúiche, a éireos faoin Acht seo, agus cuirfear gach cás den tsórt sin faoi bhráid an Bhreithimh nó duine de na Breithimh a bheas ainmnithe amhlaidh.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith ainmniú faoi fho-alt (2) den alt seo a tharraing siar.

[EN]

(4) Ní luífidh aon achomharc i gcoinne breithe na Cúirte Cuarda maidir le haon chionroinnt chíosa nó luachála inrátuithe.

[EN]

Leanúin d'imeachta a bheas ar feitheamh.

56.—I gcás ina mbeidh imeachta ar feitheamh ar an dáta feidhme chun riail-chíos nó bun-chíos (do réir bhrí Orduithe 1944) aon áitribh a chinneadh, leanfar de na himeachta agus deighleálfar leo mar deighleálfaí dá mba imeachta faoin Acht seo iad chun bun-chíos an áitribh a chinneadh.

[EN]

Tionóntaithe reachtúla faoi Acht 1923 agus Ordú 1944.

57.—Chun deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo maidir le haon duine a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, i seilbh áitribh de bhuaidh forál Achta 1923 nó Orduithe 1944, go mbeidh sé i dteideal, faoi réir an Achta seo, seilbh a choinneáil ar an áitreabh.

[EN]

Rialacha maidir le nós imeachta.

58.—(1) Go dtí go ndéanfar rialacha ag rialú cleachta agus nós imeachta na Cúirte Cuarda chun críocha an Achta seo, beidh ag na rialacha a rinneadh faoi alt 19 d'Acht 1923, a mhéid a bhainid leis an gCúirt Chuarda, feidhm chun críocha an Achta seo fara na modhnuithe is gá.

[EN]

(2) Go dtí go ndéanfar rialacha ag rialú cleachta agus nós imeachta na Cúirte Dúiche chun críocha an Achta seo, beidh ag na rialacha a rinneadh faoi alt 19 d'Acht 1923, a mhéid a bhainid leis an gCúirt Dúiche, feidhm chun críocha an Achta seo fara na modhnuithe is gá.

AN SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Alt 5.

Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hathghairme

Uimh. 19 de 1923

An tAcht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923.

An tAcht iomlán.

Uimh. 24 de 1926

An tAcht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1926.

An tAcht iomlán.

Uimh. 4 de 1928

An tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928.

Fo-alt (5) d'alt 6.

Uimh. 5 de 1928

An tAcht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1928.

An tAcht iomlán.

Uimh. 15 de 1929

An tAcht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1929.

An tAcht iomlán.

Uimh. 18 de 1930

An tAcht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1930.

An tAcht iomlán.