[EN]

harp.jpg


Uimhir 20 de 1986


[EN]

AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

3.

Méadú ar dheontais faoi alt 8 den Phríomh-Acht agus faoi alt 2 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970.

4.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959

1959, Uimh. 36

An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970

1970, Uimh. 9

An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1983

1983, Uimh. 12

Na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1983

harp.jpg


Uimhir 20 de 1986


AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA, 1959 GO 1983. [25 Meitheamh, 1986] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1983” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1983;

[EN]

ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959.

[EN]

(2) Forléireofar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1983, agus an tAcht seo mar aon ní amháin.

[EN]

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2.—Aisghairtear leis seo an méid sin d'alt 2 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 2 d'Acht 1983) a fhorálann nach mó ná £120,000,000 comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a shuibscríobh faoin alt sin chun scaireanna sa Chuideachta a thógáil agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná £130,000,000 comhiomlán na suimeanna a shuibscríobhfar amhlaidh.

[EN]

Méadú ar dheontais faoi alt 8 den Phríomh-Acht agus faoi alt 2 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970.

3.—Aisghairtear leis seo alt 3 d'Acht 1983 agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná £105,000,000 comhiomlán na ndeontas a thabharfar don Chuideachta faoi alt 8 den Phríomh-Acht agus faoi alt 2 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 (arna leasú le halt 5 d'Acht 1983).

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

4.—(1) Féadfar an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1986, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1986, a ghairm de na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1983, agus den Acht seo, le chéile.