[EN]

Uimhir 21 de 1935.


[EN]

ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (PRAGHAS DO DHÉANAMH SEASMHACH), 1935.


ACHT CHUN CABHRUITHE CHUN PRAGHAS IME AGUS TORTHAÍ EILE BAINNE DO DHÉANAMH SEASMHACH AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUIGE SIN CHUN ROINNT, DÍOL, IOMPORTÁIL AGUS EASPORTÁIL IME AGUS TORTHAÍ EILE BAINNE DO RIALÚ, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN DLEACHTANNA DO GHEARRADH AGUS DEOLCHAIRÍ D'ÍOC AR IM AGUS AR THORTHAÍ EILE BAINNE, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [13adh Meitheamh, 1935.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—Féadfar an tAcht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1935, do ghairm den Acht so.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

[EN]

cialluíonn an focal “uachtarlann” áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann a coimeádtar do réir an Achta Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924), no is abhar do cheadúnas fé alt 42 den Acht san;

[EN]

cialluíonn an abairt “im uachtarlainne” im do rinneadh in uachtarlainn agus nár meascadh ina dhiaidh sin le haon im ná dearnadh in uachtarlainn;

[EN]

cialluíonn an abairt “im nách im uachtarlainne” im nách im uachtarlainne;

[EN]

cialluíonn an abairt “monarcha ime” áitreabh ina ndeintear mar ghnó im do mheascadh no d'ath-oibriú no do chur fé aon chóiriú eile, ach san i slí ná scuireann de bheith ina im;

[EN]

cialluíonn an abairt “líomatáiste na mbeithíoch gCiarraigheach” an líomatáiste go mbeidh sé dearbhuithe ina thaobh de thurus na huaire le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht Síolrúcháin Eallach Stuic, 1925 (Uimh. 3 de 1925) tairbh de gach cinéal seachas an cinéal Ciarraigheach do bheith neamh-oiriúnach do;

[EN]

cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire (go generálta no chun críche áirithe) chun na gcomhacht d'fheidmhiú bronntar ar chigire leis an Acht so;

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

[EN]

Míniú ar thorthaí bainne.

3.—(1) Isiad na substaintí seo leanas agus ní haon tsubstaintí eile is torthaí bainne chun crícheanna an Achta so, sé sin le rá, uachtar stánuithe, uachtar scaoilte, cáis neamh-oibrithe, cáis oibrithe, bainne códhlúite, agus bainne triomuithe no bainne púdaruithe, agus fós gach substaint is tora bainne de thurus na huaire chun na gcrícheanna roimhráite de bhuadh orduithe do rinneadh fén alt so.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, a dhearbhú gur tora bainne chun crícheanna an Achta so aon tsubstaint (seachas im agus na substaintí luaidhtear go sonnrách sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so) do gheibhtear go díreach no go neadhíreach as bainne agus féadfaidh, le hordú, aon uair aon ordú den tsórt san do leasú no do cheiliúradh.

[EN]

(3) Pé uair agus faid a bheidh ordú fén alt so i bhfeidhm á dhearbhú gur tora bainne chun crícheanna an Achta so substaint áirithe beidh an tsubstaint sin ina tora bainne chun na gcrícheanna san.

[EN]

Rialacháin.

4.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

[EN]

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so no fé aon alt eile den Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar neambrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

[EN]

An tAcht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Sasmhach), 1932, do choimeád i bhfeidhm go leathrannach.

5.—(1) D'ainneoin an Achta Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1932 (Uimh. 10 de 1932), do dhul in éag an 31adh lá de Mhárta, 1935, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas agus tuigfear iad do theacht i ngníomh díreach ar dhul in éag don Acht san agus éifeacht do bheith acu o dhul in éag don Acht san, sé sin le rá:—

[EN]

(a) na dleachtanna uile do tháinig chun bheith dlite agus iníoctha roimh an Acht san do dhul in éag ach ná raibh íoctha ar an Acht san do dhul in éag beid iníoctha agus ionbhainte amach fén Acht san;

[EN]

(b) go dtí go cuirfear deireadh do réir an Achta so leis an gciste ime atá á chothabháil fén Acht san is isteach sa chiste ime sin a híocfar na suimeanna uile gheobhaidh an tAire no bhainfe sé amach de bhuadh na míre deiridh sin roimhe seo den alt so agus as san amach is isteach sa chiste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach) a híocfar iad;

[EN]

(c) na deolchairí uile do bheadh iníoctha fén Acht san (dá mba ná raghadh sé in éag) alos earraí do heasportáladh o Shaorstát Éireann roimh an Acht san do dhul in éag ach nár híocadh roimh é dhul in éag amhlaidh beid iníoctha fén Acht san agus dá réir;

[EN]

(d) go dtí go gcuirfear deireadh do réir an Achta so leis an gciste ime sin is amach as an gciste ime sin a híocfar na deolchairí uile is iníoctha de bhuadh na míre deiridh sin roimhe seo den alt so agus as san amach is amach as an gciste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach) a híocfar iad;

[EN]

(e) déanfar an ciste ime sin do chothabháil agus do bhainistí fén Acht san agus dá réir go dtí go gcuirfear deireadh leis do réir an Achta so;

[EN]

(f) gach duine adeirtear do rinne cionta fé aon alt den Acht san roimh an Acht san do dhul in éag féadfar, tar éis an Achta san do dhul in éag amhlaidh, an cionta san do chur ina leith agus é do chúiseamh ann agus, má gheibhtear ciontach ann é, pionós do chur air mar gheall air do réir an Achta san;

[EN]

(g) tuigfear an tAcht san do leanúint i bhfeidhm sa mhéid gur gá agus faid is gá chun lán-fheidhm agus lán-éifeacht do thabhairt d'fhorálacha an ailt seo.

[EN]

(2) Ní luighfidh aicsean ná imeacht dlí eile ar bith, síbhialta ná coiriúil, ná ní bheidh aon aicsean ná imeacht dlí den tsórt san ionsuidhte i gcoinnibh na gCoimisinéirí Ioncuim ná i gcoinnibh aon oifigigh chustum agus máil i dtaobh ná alos aon ghnímh no ruda do rinneadh no déanfar, roimh an Acht so do rith no dá éis, ag na Coimisinéirí Ioncuim no ag aon oifigeach custum agus máil chun no le linn cosc do chur le haon earra d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann, i rith na tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1935, agus dar chríoch an 27adh lá d'Abrán, 1935, go mbeadh sé neadhleathach í d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann i rith na tréimhse sin gan ceadúnas chuige sin dá leanadh an tAcht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1932, i bhfeidhm ar feadh na tréimhse sin ar fad agus fós gach ordú do rinneadh fén Acht san agus do bhí i bhfeidhm an 31adh lá de Mhárta, 1935.

CUID II.

Dioltoiri Ime nach Im Uachtarlainne do Chlaru.

[EN]

Cláir de dhíoltóirí áirithe ime.

6.—(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár na cláir seo leanas do choimeád, sé sin le rá:—

[EN]

(a) clár (ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de tháirgtheoirí ime nách im uachtarlainne) de dhaoine dhíolann im, dá ndéantús féin, nách im uachtarlainne, agus

[EN]

(b) clár (ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de dháilitheoirí ime nách im uachtarlainne) de dhaoine gheibheann im nách im uachtarlainne chun é ath-dhíol no chun é úsáid i monarchain ime.

[EN]

(2) Iontrálfar i ngach ceann de sna cláir a bheidh á gcoimeád do réir an ailt seo ainm iomlán, seoladh agus tuairisc gach duine clárófar ann agus, i gcás an chláir de dháilitheoirí ime nách im uachtarlainne, tuairisc, ar an áitreabh gur maidir leis a clárófar an duine sin sa chlár san, is leor chun an áitreibh sin agus teoranta agus méid an áitreibh sin d'aithint.

[EN]

Iarrataisí ar chlárú.

7.—(1) Einne go mbíonn ar siúl aige mar ghnó im dá dhéantús féin nách im uachtarlainne do dhíol no bheidh ar aigne san do bheith ar siúl aige beidh sé i dteideal a chláruithe sa chlár de tháirgtheoirí ime nách im uachtarlainne ar n-a iarraidh sin do do réir an ailt seo.

[EN]

(2) Einne go mbíonn ar siúl aige mar ghnó im nách im uachtarlainne d'fháil chun é ath-dhíol no chun é úsáid i monarchain ime beidh sé i dteideal a chláruithe sa chlár de dháilitheoirí ime nách im uachtarlainne ar n-a iarraidh sin do réir an ailt seo.

[EN]

(3) Gach iarratas ar chlárú i gceachtar de sna cláir a bheidh á gcoimeád do réir na Coda so den Acht so déanfar é chun an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann.

[EN]

(4) Más mian le héinne é chlárú sa dá chlár a bheidh á gcoimeád do réir na Coda so den Acht so déanfa sé iarratas ar leithligh maidir le gach clár fé leith acu.

[EN]

Ré agus athnuachaint cláruithe.

8.—(1) An chéad uair a clárófar duine i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so leanfaidh an clárú i bhfeidhm (mara gcuirtear ar ceal roimhe sin é fén gCuid seo den Acht so) go dtí an chéad 31adh lá d'Eanar, agus an lá san d'áireamh, tar éis am déanta an chláruithe sin agus raghaidh in éag ansan mara n-athnuaitear fén alt so é.

[EN]

(2) Gach duine bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so beidh sé i dteideal, ar n-a iarraidh sin do ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus laistigh den am orduithe roimh an gclárú san do dhul in éag, a chlárú sa chlár san d'athnuachaint do.

[EN]

(3) Gach athnuachaint ar chlárú dhuine i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so tosnóidh sí an chéad 1adh lá d'Fheabhra tar éis na hathnuachainte sin d'iarraidh agus (mara gcuirtear ar ceal roimhe sin í fén gCuid seo den Acht so) leanfa sí i bhfeidhm go dtí an chéad 31adh lá d'Eanar ina dhiaidh sin agus an lá san d'áireamh agus raghaidh in éag ansan mara n-athnuaitear fén alt so í.

[EN]

(4) I gcás iarratais, á iarraidh go n-athnuafaí clárú dhuine i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so, do dhéanamh tar éis dul in éag don chlárú san ach gan é dhéanamh níos déanaí ná mí tar éis dul in éag don chlárú san féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an clárú san d'athnuachaint go n-éifeacht iar-ré ón gcéad 1adh lá d'Fheabhra tar éis dul in éag don chlárú san.

[EN]

Táillí ar iarrataisí ar chlárú no ar athnuachaint chláruithe.

9.—(1) Ar gach iarratas ar chlárú no ar athnuachaint chláruithe i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so íocfar leis an Aire pé táille acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

[EN]

(a) i gcás iarratais ar chlárú no ar athnuachaint chláruithe sa chlár de tháirgtheoirí ime nách im uachtarlainne, táille chúig scillinge, agus

[EN]

(b) i gcás iarratais ar chlárú no ar athnuachaint chláruithe sa chlár de dháilitheoirí ime nách im uachtarlainne, táille phúint in aghaidh gach áitreibh fé leith gur maidir leis a bheidh an clárú no an athnuachaint sin á iarraidh amhlaidh,

[EN]

agus beidh sé ina choinníoll nách foláir a chólíonadh sara mbreithneoidh an tAire an t-iarratas san an táille sin d'íoc go cuibhe.

[EN]

(2) Déanfar na táillí uile is iníoctha fén alt so do bhailiú agus do ghlacadh i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén alt so.

[EN]

Deimhniú ar chlárú.

10.—(1) Féadfaidh an tAire, ar n-a iarraidh sin air d'éinne bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so, deimhniú ar a chlárú sa chlár san do thabhairt amach don duine sin.

[EN]

(2) Ar dhuine dá dtabharfar deimhniú ar chlárú amach fén alt so do scur de bheith cláruithe sa tslí bheidh luaidhte sa deimhniú san déanfaidh an duine sin fé cheann trí lá tar éis an scurtha san no, másé bás an duine sin fé ndeár an scur san, déanfaidh ionadaí pearsanta an duine sin fé cheann mí tar éis an bháis sin, an deimhniú san ar chlárú do sheachadadh don Aire.

[EN]

(3) Má theipeann ar éinne no má fhaillíonn éinne, gur gá dho do réir an ailt seo deimhniú ar chlárú do sheachadadh don Aire, an seachadadh san do dhéanamh fé cheann na haimsire ceaptar chuige sin leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air agus fíneáil eile ná raghaidh thar cúig scillinge in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

[EN]

Gnóthaí nea-chláruithe do thoirmeasc.

11.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh sé dleathach d'éinne, an lá ceaptha ná dá éis, é bheith ar siúl aige mar ghnó im dá dhéantús féin nách im uachtarlainne do dhíol mara mbeidh an duine sin cláruithe sa chlár de tháirgtheoirí ime nách im uachtarlainne.

[EN]

(2) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh sé dleathach d'éinne, an lá ceaptha ná dá éis, é bheith ar siúl aige mar ghnó im nách im uachtarlainne d'fháil chun é ath-dhíol no chun é úsáid i monarchain ime mara mbeidh an duine sin cláruithe sa chlár de dháilitheoirí ime nách im uachtarlainne.

[EN]

(3) Ní bhainfidh na forálacha san roimhe seo den alt so le héinní acu so leanas ná ní oibreoid chun an chéanna do thoirmeasc, sé sin le rá:—

[EN]

(a) im do dhíol le duine atá cláruithe sa chlár de dháilitheoirí ime nách im uachtarlainne, no

[EN]

(b) é bheith ar siúl mar ghnó im nách im uachtarlainne d'fháil chun é ath-dhíol no é úsáid i monarchain ime, i gcás an ime uile nách im uachtarlainne do gheibhtear chun crícheanna an ghnótha san d'fháil o dhaoine atá cláruithe i gclár a coimeádtar do réir na Coda so den Acht so, no

[EN]

(c) im do dhíol fé réim agus do réir cheadúnais saoirse do deonadh fén gCuid seo den Acht so.

[EN]

(4) Einne go mbeidh gnó ar siúl aige contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é agus fós, i ngach cás, fíneáil eile ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta san.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an ailt seo, agus san alt so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar amhlaidh.

[EN]

Clárú d'atharú agus do chur ar ceal.

12.—(1) Féadfaidh an tAire aon uair iontráil ar bith i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so d'atharú no do leasú ar n-a iarraidh sin air don té le n-a mbaineann an iontráil sin no chun aon earráide no nea-chruinnis san iontráil sin do cheartú.

[EN]

(2) Déanfaidh an tAire, ar n-a iarraidh sin air do dhuine bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so clárú an duine sin sa chlár san do chur ar ceal.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire aon uair, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite, aon chlárú i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so do chur ar ceal más deimhin leis—

[EN]

(a) gur tré chalaois do tugadh an clárú san do dhéanamh no tré cham-thuairisc, pe'ca le calaois no go nea-chiontach do rinneadh í, no

[EN]

(b) go bhfuil scurtha ag an té do cláruíodh sa chlár san den ghnó do bheith ar siúl aige gur ina thaobh do cláruíodh é amhlaidh, no

[EN]

(c) an té do cláruíodh sa chlár san do bheith tar éis bháis más pearsa é no do bheith scurtha más cólucht corpruithe é, no

[EN]

(d) go ndearna an té do cláruíodh sa chlár san sárú ar aon fhoráil den Acht so no ar aon rialachán do rinneadh fén Acht so.

[EN]

(4) Sara ndeinidh an tAire (ar aon tslí seachas do réir iarratais a déanfar chuige sin fén alt so) clárú duine ar bith a bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so d'atharú no do chur ar ceal bhéarfa sé fógra ceithre lá déag ar a laighead i scríbhinn don duine sin no dá ionadaí phearsanta no dá leachtálaí (pe'ca aca é) á rá go bhfuil sé chun an chláruithe sin do chur ar ceal agus breithneoidh aon chúis a dhéanfaidh an duine no an t-ionadaí pearsanta no an leachtálaí sin (pe'ca aca é) do phlé leis fé cheann ceithre lá déag tar éis an fhógra san do sheirbheáil agus, má hiarrtar san air, cuirfidh fé ndeár fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh an scéil.

[EN]

(5) Aon fhógra den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so féadfar é sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost chun an duine sin agus é dírithe chuige san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

[EN]

(6) Pé uair a chuirfidh an tAire clárú duine ar bith ar ceal fén alt so féadfaidh an tAire aon uair ina dhiaidh sin diúltú don duine sin do chlárú in aon chlár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so.

[EN]

Fianaise i dtaobh a mbeidh sna cláir.

13.—(1) Gach clár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so—

[EN]

(a) tuigfear é bheith sa choimeád cheart nuair a bheidh sé i gcoimeád an Aire no oifigigh don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire, agus

[EN]

(b) beidh sé ionghlactha mar fhianaise, gan a thuilleadh cruthúnais, ar é thabhairt i láthair as an gcoimeád ceart.

[EN]

(2) Féadfar fianaise prima facie i dtaobh aon iontrála in aon chlár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so do thabhairt in aon chúirt no in aon imeachta dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair is cóip a bheireann le tuisgint í bheith deimhnithe bheith ina cóip dhílis ag oifigeach don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire agus ní gá sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

[EN]

(3) Deimhniú bheireann le tuisgint é bheith fé láimh oifigigh don Aire go n-údarás chuige sin ón Aire, á dheimhniú go bhfuil aon duine áirithe luaidhtear sa deimhniú san gan bheith iontrálta sa chlár a coimeádtar do réir na Coda so den Acht so agus a luaidhtear sa deimhniú san, beidh sé ina fhianaise dho-chlaoidhte ar na nithe deimhnítear amhlaidh agus ní gá sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é ná go raibh an t-údarás san aige.

[EN]

(4) Féadfaidh duine ar bith—

[EN]

(a) aon chlár a coimeádtar do réir na Coda so den Acht so d'iniúchadh ar tháille scillinge d'íoc;

[EN]

(b) cóip d'fháil, agus í deimhnithe sa tslí luaidhtear anso roimhe seo do bheith ina cóip dhílis, d'aon iontráil in aon chlár den tsórt san ar tháille reulach d'íoc ar gach folio no cuid d'folio de dhá fhocal sheachtód a bheidh sa chóip sin;

[EN]

(c) deimhniú den tsórt a luaidhtear anso roimhe seo d'fháil á dheimhniú go bhfuil aon duine áirithe luaidhtear sa deimhniú san gan bheith cláruithe i gclár áirithe coimeádtar do réir na Coda so den Acht so ar tháille dhá scilling agus sé pingne d'íoc ar gach deimhniú den tsórt san.

[EN]

A mbeidh sna cláir d'fhoillsiú, etc.

14.—(1) Féadfaidh an tAire gach ní no éinní dá mbeidh iontrálta i gclár ar bith a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so agus fós fógra á rá gur cuireadh ar ceal no gur hatharuíodh clárú in aon chlár den tsórt san d'fhoillsiú i pé slí is oiriúnach leis.

[EN]

(2) Ní déanfar aon chuntas áirithe ná aon chuid áirithe de chuntas do bhéarfar do réir na Coda so den Acht so d'fhoillsiú ná do nochtadh ach amháin chun críche cúisimh fén Acht so.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire o am go ham pé eolas staitistíochta is oiriúnach leis (le n-a n-áirmhítear staitistíocht as tuairisceáin do cuireadh chuige do réir na Coda so den Acht so), i dtaobh méid na ngnóthaí bheidh ar siúl ag daoine bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so, do bhailiú agus d'fhoillsiú.

[EN]

(4) Chó fada agus is féidir san do réir réasúin, ní bheidh in aon eolas staitistíochta foillseofar fén alt so mion-innste ar bith do chuirfeadh ar chumas éinne a aithint gur le duine, le gnó, no le cúram áirithe bhaineann na mion-innste sin gan an duine sin no dílseánach an ghnótha no an chúraim sin do thoiliú chuige.

[EN]

Aitreabh cláruithe d'iniúchadh.

15.—(1) Beidh cigire i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta san áitreabh gur ina thaobh a bheidh aon duine áirithe cláruithe no bheidh iarrtha aige é chlárú i gclár a bheidh á choimeád do réir na Coda so den Acht so agus an t-áitreabh san agus an gléasra, an fearas agus an feisteas ann agus fós an t-im uile bheidh ann d'iniúchadh.

[EN]

(2) Féadfaidh cigire (ach é do thaisbeáint a údaráis i scríbhinn mar chigire den tsórt san má héilítear san air) dul isteach gach tráth réasúnta agus saor-chead do bheith aige bheith istigh in aon áitreabh go gcreideann sé no go bhfuil amhras aige im do bheith ar díol ann no ar taisbeáint, á choimeád no ar stór ann chun a dhíolta agus féadfaidh cuardach ann d'aon im den tsórt san agus an t-im uile do gheobhfar sa chuardach san do scrúdú agus fós aon bhreacacháin do gheobhfar san áitreabh san maidir le deighleáil no eadarghnóthaí bhaineann le him d'iniúchadh agus sleachta do thógaint asta.

[EN]

(3) Gach duine choiscfidh no bhacfaidh cigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

[EN]

Ceadúnaisí saoirse.

16.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ar n-a iarraidh sin air sa tslí agus sa bhfuirm orduithe, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas saoirse sa Chuid seo den Acht so) do dheonadh do neach déanta an iarratais sin chun na caindíochta d'im, nách im uachtarlainne, a luadhfar sa cheadúnas san do dhíol i rith na tréimhse luadhfar sa cheadúnas san.

[EN]

(2) Beidh na coinníollacha so leanas i ngach ceadúnas saoirse agus beidh gach ceadúnas den tsórt san fé n-a réir, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an t-im uile díolfar fén gceadúnas san ní foláir é bheith ina im do rinne an ceadúnaí, ar fheirm is leis an gceadúnaí no bheidh á hoibriú aige, o bhainne do fuarthas o bha is leis an gceadúnaí; agus

[EN]

(b) an chaindíocht iomlán d'im a dhíolfaidh an ceadúnaí aon tseachtain áirithe ní ragha sí thar pé caindíocht a bheidh orduithe le rialacháin a bheidh déanta fén alt so no, mara mbeidh aon rialacháin den tsórt san déanta, thar deich bpúint; agus

[EN]

(c) an t-im a díolfar fén gceadúnas san ní díolfar é le héinne chun an duine sin dá ath-dhíol.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha breise no coinníollacha eile do chur ag gabháil le ceadúnas saoirse is dóich leis is ceart agus a luadhfa sé sa cheadúnas san.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire aon uair ceadúnas saoirse do cheiliúradh.

[EN]

(5) Gach ceadúnaí fé cheadúnas saoirse go dteipfidh air aon cheann áirithe de sna coinníollacha bheidh sa cheadúnas san do chólíonadh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.

CUID III.

Dleachtanna ar Im agus ar Thorthai Bainne.

[EN]

Dleacht do ghearradh ar shubstaintí áirithe.

17.—(1) Íocfar dleacht leis an Aire, in aghaidh na míosa uile is fé seach (dá ngairmtear dleacht-mhíosa san alt so) a luaidhtear anso ina dhiaidh seo maidir le gach duine fé leith, ag na daoine agus ar na substaintí agus do réir na rátaí luaidhtear anso ina dhiaidh seo, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ag gach dílseánach cláruithe áitreibh uachtarlainne, dleacht, in aghaidh mí Abráin, 1935, agus in aghaidh gach dleacht-mhí ina dhiaidh sin, do réir an ráta oiriúnaigh ar an im uile do rinneadh san áitreabh san an ladh lá d'Abrán, 1935, no dá éis agus do sheachaid an dílseánach san ar díol no do rinne sé do dhuine éigin eile sa dleacht-mhí, ach amháin ar im d'easportáil an dílseánach san o Shaorstát Éireann;

[EN]

(b) ag gach dílseánach cláruithe ar áitreabh atá cláruithe i gclár na monarchana ime a coimeádtar do réir an Achta Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924), no i gclár na n-easportálaithe nách déantóirí a coimeádtar do réir an Achta chéanna, dleacht, in aghaidh mí Abráin, 1935, agus in aghaidh gach dleacht-mhí ina dhiaidh sin do thosnuigh no thosnóidh roimh an lá ceaptha, do réir an ráta oiriúnaigh ar an im uile nách im uachtarlainne do fuair an dílseánach san an ladh la d'Abrán, 1935, no dá éis agus do sheachaid an dílseánach san ar díol sa dleacht-mhí, ach amháin ar im d'easportáil an dílseánach san o Shaorstát Éireann no do sheachaid an dílseánach san ar díol do dhílseánach chláruithe aon áitreibh eile atá cláruithe in aon chlár acu san;

[EN]

(c) ag gach duine ar ar seirbheáladh fógra fé alt 14 den Acht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1932 (Uimh. 10 de 1932), dleacht, in aghaidh mí Abráin, 1935, agus in aghaidh gach dleacht-mhí ina dhiaidh sin do thosnuigh no thosnóidh roimh an lá ceaptha, do réir an ráta oiriúnaigh ar an im uile nách im uachtarlainne do fuair an duine sin an ladh lá d'Abrán, 1935, no dá éis agus do sheachaid an duine sin ar díol sa dleacht-mhí, ach amháin ar im do fuarthas o dhílseánach chláruithe no do seachadadh ar díol do dhílseánach chláruithe áitreibh atá cláruithe i gceachtar de sna cláir a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so;

[EN]

(d) ag gach duine bheidh cláruithe sa chlár de tháirgtheoirí ime nách im uachtarlainne bheidh á choimeád do réir an Achta so, dleacht, in agaidh gach dleacht-mhí thosnóidh an lá ceaptha no dá éis, do réir an ráta oiriunaigh ar an im uile nách im uachtarlainne do rinne an duine cláruithe sin an ladh lá d'Abrán, 1935, no dá éis, agus do sheachaid an duine cláruithe sin ar díol sa dleacht-mhí d'éinne ná beidh cláruithe i gceachtar de sna cláir bheidh á gcoimeád do réir an Achta so;

[EN]

(e) ag gach duine bheidh cláruithe sa chlár de dháilitheoirí ime nách im uachtarlainne bheidh á choimeád do réir an Achta so, dleacht, in aghaidh gach dleacht-mhí thosnóidh an lá ceaptha no dá éis, do réir an ráta oiriúnaigh, ar an im uile nách im uachtarlainne do fuair an duine cláruithe sin an ladh lá d'Abrán, 1935, no dá éis, agus do sheachaid an duine cláruithe sin ar díol sa dleacht-mhí d'éinne ná beidh cláruithe i gceachtar de sna cláir a bheidh á gcoimeád do réir an Achta so, ach amháin ar im d'easportáil an duine cláruithe sin o Shaorstát Éireann.

[EN]

(2) Má cheapann agus pé uair a cheapfaidh an tAire, le rialacháin a déanfar fén gCuid seo den Acht so, ráta no rátaí dleachta alos aon tortha áirithe bhainne déanfaidh gach duine dhéanfaidh an tora bainne sin dleacht do réir an ráta oiriúnaigh d'íoc leis an Aire, in aghaidh gach dleacht-mhí thosnóidh tar éis an dáta ar a dtiocfaidh na rialacháin sin i bhfeidhm, ar an tora bainne uile den tsórt san dá dhéantús féin a sheachadfa sé ar díol no úsáidfe sé chun earraí eile do dhéanamh sa dleacht-mhí sin, ach amháin ar an méid den tora bhainne sin easportálfa sé o Shaorstát Éireann.

[EN]

(3) Gach dleacht a gearrtar leis an alt so beidh sí iníoctha in aghaidh an mhí agus, i gcás gach dleachta in aghaidh dleacht-mhí do chríochnuigh roimh an Acht so do rith, tiocfa sí chun bheith dlite agus íocfar í an seachtú lá tar éis dáta an Achta so do rith agus, i ngach cás eile, tiocfa sí chun bheith dlite agus íocfar í an seachtú lá tar éis deireadh gach dleacht-mhí gur in a aghaidh a bheidh sí iníoctha.

[EN]

(4) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an ailt seo.

[EN]

(5) San alt so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an ailt seo, agus

[EN]

cialluíonn an abairt “an ráta oiriúnach” an ráta dleachta bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire ar an substaint go n-úsáidtear an abairt sin ina taobh.

[EN]

Na rátaí dleachta ar shubstaintí áirithe.

18.—(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú na rátaí dleachta fén gCuid seo den Acht so ar im uachtarlainne, ar im nách im uachtarlainne, agus ar thorthaí bainne fé seach agus féadfaidh aon uair, le hordú, aon ordú den tsórt san do cheiliúradh no do leasú.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a déanfar fén Acht so, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) rátaí deifriúla dleachta d'ordú do shubstaintí deifriúla agus do shaghsanna deifriúla (a míneofar i pé slí is dóich leis an Aire is ceart) d'aon tsubstaint áirithe;

[EN]

(b) slite deifriúla d'ordú chun na dleachta d'áireamh maidir le substaintí deifriúla;

[EN]

(c) an dáta d'ordú ar a dtiocfaidh aon ráta áirithe dleachta i bhfeidhm.

[EN]

(3) Na rátaí gur dá réir a bheidh an dleacht fén gCuid seo den Acht so iníoctha ar im in aghaidh mí Abráin, 1935, agus in aghaidh gach dleacht-mhí ina dhiaidh sin a thosnóidh roimh theacht i ngníomh do rialacháin fén alt so ag ceapadh rátaí dleachta ar im, is mar leanas a bheid, sé sin le rá, ar im uachtarlainne naoi scillinge tríochad an céad meáchaint agus ar im nách im uachtarlainne naoi scillinge tríochad an céad meáchaint.

[EN]

An dleacht ar shubstaintí áirithe do chur ar fiunraoi.

19.—(1) Féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, a dhearbhú gan aon dleacht do bheith ann fén gCuid seo den Acht so maidir le haon mhí thosnóidh tar éis deireadh dleacht-mhí áirithe (a chríochnóidh tar éis dáta an orduithe sin) ar aon tsubstaint no substaintí áirithe no ar aon tsaghas áirithe (a míneofar i pé slí is dóich leis an Aire is ceart) d'aon tsubstaint áirithe agus féadfaidh, aon uair, aon ordú den tsórt san do cheiliúradh ar fad no maidir le haon tsubstaint no substaintí no saghas no saghsanna substainte.

[EN]

(2) Pé uair a déanfar ordú fén alt so á dhearbhú gan aon dleacht do bheith ar shubstaint áirithe no ar shaghas áirithe substainte, ansan, d'ainneoin éinní atá san Acht so ní bheidh aon dleacht iníoctha ná ionbhainte amach fén gCuid seo den Acht so ar an substaint sin no ar an saghas san substainte (pe'ca aca é) maidir le haon mhí thosnóidh tar éis an dáta luadhfar chuige sin san ordú san agus faid a leanfaidh an t-ordú san i bhfeidhm maidir leis an substaint sin no leis an saghas san substainte (pe'ca aca é) agus ní bheidh aon mhí den tsórt san ina dhleacht-mhí chun crícheanna na Coda so den Acht so.

[EN]

Forálacha speisialta maidir le Líomtáiste na mbeithíoch gCiarraigheach.

20.—(1) D'ainneoin éinní atá sa Chuid seo den Acht so féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin speisialta do dhéanamh maidir leis an dleacht fén gCuid seo den Acht so ar im nách im uachtarlainne déanfar i líomatáiste na mbeithíoch gCiarraigheach no in aon áit lasmuich den líomatáiste sin nách sia ná cúig mhíle ón bpoinnte is goire ar theorainn an líomatáiste sin agus féadfaidh an tAire, leis na rialacháin sin, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) rátaí dleachta speisialta do cheapadh maidir leis an im sin;

[EN]

(b) an tslí d'ordú ina n-áirmheofar an méid den ima bheidh ar láimh aon duine áirithe le n-a mbainfidh na rátaí dleachta speisialta san;

[EN]

(c) a ordú ná bainfidh na rátaí dleachta speisialta san ach le him do gheobhfar o dheighleálaithe no tré dheighleálaithe bheidh údaruithe go speisialta chuige sin ag an Aire;

[EN]

(d) an dáta do cheapadh ar a dtiocfaidh na rátaí dleachta speisialta san uile no aon cheann áirithe acu i bhfeidhm;

[EN]

(e) pé socruithe breise no socruithe eile do dhéanamh is dóich leis an Aire is ceart chun a chur in áirithe go bhfuighidh im a déanfar mar adubhradh lán-tairbhe na rátaí dleachta speisialta san.

[EN]

(2) Ní bheidh aon rialachán a déanfar fén alt so gan bhrí i bpáirt ná go hiomlán toisc é do bheith buiniscionn le haon fhoráil atá sa Chuid seo den Acht so agus dá thoisc sin amháin.

[EN]

Méid dleachta do bhaint amach.

21.—(1) Gach suim is iníoctha ag éinne leis an Aire alos no ar cuntas dleachta fén gCuid seo den Acht so beidh sí ina fiacha gnáth-chonnartha bheidh dlite ar an duine sin ag an Aire agus féadfaidh an tAire í bhaint den duine sin dá réir sin in aon Chúirt dlighinse inniúla.

[EN]

(2) In aon imeachta dlí bhunóidh an tAire i gcoinnibh duine ar bith i dtaobh aon airgid adeirtear do bheith ag an Aire ar an duine sin ar scór dleachta fén gCuid seo den Acht so beidh deimhniú fé shéala oifigiúil an Aire, á dheimhniú gur dhligh an duine sin fén gCuid seo den Acht so dleacht de mhéid áirithe d'íoc ar shubstaint áirithe in aghaidh dleacht-mí áirithe agus go bhfuil suim áirithe dlite ar an duine sin agus gan íoc aige ar scór na dleachta san, ina fhianaise dho-chlaoidhte ar an dleacht san do bheith dlite agus ar mhéid na dleachta san agus ina fhianaise prima facie ar an méid a bheidh dlite ar an duine sin agus gan íoc aige maidir leis an dleacht san.

[EN]

Tuairisceáin ar dheighleála i substaintí ar a mdlightear dleacht d'íoc.

22.—(1) Gach duine dhlighfidh dleacht d'íoc fén gCuid seo den Acht so déanfa sé, fé cheann seacht lá tar éis deireadh an dleacht-mhí go mbeidh an dleacht san iníoctha ina aghaidh no, i gcás an dleacht-mhí sin do chríochnú roimh an Acht so do rith, fé cheann seacht lá tar éis dáta an Achta so do rith, na mioninnste orduithe do chur chun an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe maidir le déanamh, díol agus fáil na substainte agus deighleála eile sa tsubstaint go mbeidh an dleacht san iníoctha maidir léi.

[EN]

(2) Gach duine gur gá dho do réir an ailt seo mion-innste do chur chun an Aire agus go dteipfidh air, ar aon ócáid gur gá dho san do dhéanamh amhlaidh, na mion-innste sin do chur uaidh do réir an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus fíneáil ná raghaidh thar céad púnt másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é.

[EN]

Breith do thabhairt ar aighnis.

23.—(1) Isé an tAire shocróidh méid na dleachta ar aon tsubstaint áirithe bheidh iníoctha ag aon duine áirithe fén gCuid seo den Acht so in aghaidh aon dleacht-mhí áirithe.

[EN]

(2) Isé an tAire bhéarfaidh breith ar gach ceist agus aighneas eireoidh i dtaobh ce'ca dhligheann duine dleacht d'ioc fén gCuid seo den Acht so no ná dligheann no i dtaobh aon cheiste, pe'ca ceist fírinne no ceist óipineoin í, a bhaineann no ghabhann le socrú méid aon dleachta is iníoctha fén gCuid seo den Acht so ag duine ar bith in aghaidh aon dleacht-mhí áirithe.

CUID IV.

Dleacht ar Im Iomportalta agus Srian le hIm d'Iomportail.

[EN]

Toirmeasc ar im d'iomportáil.

24.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne im ar bith d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann ach amháin fé réim agus do réir cheadúnais a dheonfaidh an tAire fén alt so.

[EN]

(2) Ar n-a iarraidh sin d'aon duine sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus ar an duine sin d'íoc na dleachta oiriúnaighe (más aon cheann é) is iníoctha uirthi fén Acht so féadfaidh an tAire ceadúnas do dheonadh don duine sin chun na consighneachta ime luadhfar sa cheadúnas d'iomportáil pé bealach (más aon cheann é), agus fé réir pé coinníollacha, a luadhfar sa cheadúnas.

[EN]

(3) Oibreoidh ceadúnas a deonfar fén alt so chun a údarú don té dá ndeonfar é an chonsighneacht ime luadfar ann d'iomportáil do réir téarmaí an cheadúnais.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, aon uair sara ndeintear consighneacht ime luadhfar i gceadúnas d'iomportáil, an ceadúnas a bhaineann leis an gconsighneacht san do cheiliúradh.

[EN]

(5) Gach duine iomportálfaidh aon im contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

[EN]

(6) Léireofar alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an earra so leanas i gClár na dToirmeasc agus na Srian maidir le hEarraí do Theacht Isteach, atá san alt san, sé sin le rá, im go dtoirmeasctar leis an alt so é d'iomportáil.

[EN]

Dleacht do ghearradh ar im iomportálta.

25.—(1) Gach duine iomportálfaidh aon im isteach i Saorstát Éireann fé cheadúnas chuige sin a deonfar fén gCuid seo den Acht so íocfa sé dleacht do réir an ráta oiriúnaigh leis an Aire ar an im a hiomportálfar amhlaidh.

[EN]

(2) An dleacht is iníoctha fén alt so ar aon im beidh sí iníoctha agus íocfar í díreach sara dtugtar amach an ceadúnas fén gCuid seo den Acht so chun an ime sin d'iomportáil agus beidh sé ina choinníoll nách foláir a chóliónadh sara dtugtar amach an ceadúnas san an dleacht san d'ióc.

[EN]

(3) I gcás ceadúnas chun ime d'iomportáil do dheonadh agus do thabhairt amach do dhuine fén gCuid seo den Acht so agus a chur ina luighe ar an Aire ina dhiaidh sin nár hiomportáladh aon im fén gceadúnas san no gur lugha an méid do hiomportáladh fé ná mar do húdaruíodh leis an gceadúnas san féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus fé réir chóliónadh pé coinníollacha (ar a n-áirmhítear an ceadúnas san do thabhairt suas) is dóich leis is ceart d'fhorchur, aisíoc do dhéanamh in iomlán na dleachta no sa chion oiriúnach den dleacht (pe'ca aca é) do híocadh fén alt so ar an gceadúnas san do thabhairt amach.

[EN]

An ráta dleachta ar im iomportálta.

26.—(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú na rátaí dleachta fén gCuid seo den Acht so ar im iomportálta agus féadfaidh aon uair, le hordú, an t-ordú san do cheiliúradh no do leasú.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin a déanfar fén alt so rátaí deifriúla dleachta d'ordú do shaghsanna deifriúla ime (a míneofar in aon tslí is dóich leis an Aire is ceart) agus an dáta d'órdú ar a dtiocfaidh aon ráta áirithe dleachta i bhfeidhm.

[EN]

(3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an ráta oiriúnach” an ráta dleachta bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire fén alt so maidir leis an saghas ime go n-usáidtear an abairt sin ina thaobh.

[EN]

Dleacht ar im iomportálta do chur ar fiunraoi.

27.—(1) Féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, a dhearbhú gan aon dleacht do bheith, fén gCuid seo den Acht so, ar im no ar aon tsaghas no saghsanna áirithe ime (a míneofar in aon tslí is dóich leis an Aire is ceart) a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis dáta áirithe agus féadfaidh, aon uair, aon ordú den tsaghas san do cheiliúradh ar fad no maidir le saghas no saghsanna ime.

[EN]

(2) Pé uair a déanfar ordú fén alt so á dhearbhú gan aon dleacht do bheith ar im no ar shaghas áirithe ime, ansan, d'ainneoin éinní atá san Acht so ní bheidh aon dleacht iníoctha ná inéilithe fén gCuid seo den Acht so ar aon im no ar aon im den tsaghas san (pe'ca aca é) a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis an dáta luadhfar chuige sin san ordú san agus faid a leanfaidh an tórdú san i bhfeidhm maidir leis an im sin.

CUID V.

Srian le Bainne agus Torthai Bainne d'Iomportail.

[EN]

Míniú ar thora déiríochta.

28.—Chun crícheanna na Coda so den Acht so isiad na substaintí seo leanas agus ní haon tsubstaintí eile bheidh no tuigfear do bheith ina dtora déiríochta agus léireofar an abairt “tora déiríochta” dá réir sin, sé sin le rá, fíor-bhainne agus gach tora bainne.

[EN]

Toirmeasc ar thora déiríochta d'iomportáil.

29.—(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, le hordú, toirmeasc do chur ar gach saghas no aon tsaghas áirithe tora déiríochta (a míneofar i pé slí is dóich leis an Aire is ceart) d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann ar dháta áirithe no dá éis agus féadfaidh aon uair, le hordú, aon ordú den tsórt san do cheiliúradh ar fad no maidir le saghas no saghsanna tora déiríochta.

[EN]

(2) Pé uair agus faid a bheidh sé toirmiscthe le hordú do rinneadh fén alt so aon tsaghas áirithe tora déiríochta d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann—

[EN]

(a) ní bheidh sé dleathach d'éinne aon tora déiríochta den tsaghas áirithe sin d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann ach amháin fé réim agus do réir cheadúnais chuige sin do deonadh fén gCuid seo den Acht so, agus

[EN]

(b) cuirfear i gClár na dToirmeasc agus na Srian maidir le hEarraí do Theacht Isteach, atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh ann iomportáil an tsaghas áirithe sin tora déiríochta, ar aon tslí seachas fé réim agus do réir cheadúnais den tsórt san roimhráite, agus beidh éifeacht ag an alt san dá réir sin.

[EN]

(3) Gach duine iomportálfaidh aon tora déiríochta isteach i Saorstát Éireann contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

[EN]

Ceadúnaisí chun tora déiríochta d'iomportáil.

30.—(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ar n-a iarraidh sin d'éinne sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, ceadúnas do dheonadh don duine sin chun consighneachta áirithe de thora déiríochta d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann pé bealach (más aon cheann é), agus fé réir pé coinníollacha agus srianta, is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfa sé sa cheadúnas san.

[EN]

(2) Déarfaidh agus déanfaidh ceadúnas a deonfar fén alt so a údarú don té dá ndeonfar an ceadúnas san an chonsighneacht de thora déiríochta luadhfar sa cheadúnas san d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann an bealach (más aon cheann é), agus fé réir na gcoinníoll agus na srian, a luadhfar sa cheadúnas san.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, as a chomhairle féin, ceadúnas do deonadh fén alt so do cheiliúradh aon uair sara mbeidh an chonsighneacht de thora déiríochta le n-a mbaineann an ceadúnas san iomportálta.

CUID VI.

Srian le hIm agus Torthai Bainne d'Easportail.

[EN]

Toirmeasc ar im agus torthaí bainne d'easportáil.

31.—(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúrach leis é féadfaidh an tAire, le hordú, toirmeasc do chur ar gach substaint no aon tsubstaint acu so leanas d'easportáil o Shaorstát Éireann (go generálta no go dtí aon tír no tíortha áirithe) ar dháta áirithe no dá éis, sé sin le rá:—

[EN]

(a) im no aon tsaghas no saghsanna áirithe ime (a míneofar in aon tslí is dóich leis an Aire is ceart), no

[EN]

(b) gach saghas no aon tsaghas no saghsanna áirithe tora bainne.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire aon uair le hordú, ordú bheidh déanta aige fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do cheiliúradh ar fad no maidir le substaint no substaintí áirithe.

[EN]

(3) Pé uair agus faid a bheidh sé toirmiscthe le hordú do rinneadh fén alt so aon tsubstaint áirithe d'easportáil o Shaorstát Éireann ní bheidh sé dleathach d'éinne aon chuid den tsubstaint sin d'easportáil o Shaorstát Éireann ach amháin fé réim agus do réir cheadúnais chuige sin do deonadh fén gCuid seo den Acht so.

[EN]

(4) Gach duine easportálfaidh aon tsubstaint o Shaorstát Éireann contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

[EN]

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha san roimhe seo den alt so fé is dá mbeidís sa Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag forálacha an Achta san mar a leasuítear no leathnuítear san le haon Acht ina dhiaidh sin.

[EN]

Ceadúnaisí chun im agus torthaí bainne d'easportáil.

32.—(1) Féadfaidh an tAire más oiriúnach leis é, ar n-a iarraidh sin do dhuine ar bith sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, ceadúnas do dheonadh don duine sin chun substainte áirithe d'easportáil o Shaorstát Éireann 'na mbeidh a heasportáil o Shaorstát Éireann toirmiscthe de thurus na huaire fén gCuid seo den Acht so agus féadfaidh an tAire pé coinníollacha agus srianta do chur ag gabháil le haon cheadúnas den tsórt san, is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfa sé sa cheadúnas san, maidir le caindíocht, ceann scríbe, am, bealach, saghas an ime no na substainte eile, no maidir le héinní eile.

[EN]

(2) Déarfaidh agus déanfaidh ceadúnas a deonfar fén alt so a údarú don té dá ndeonfar an ceadúnas san an tsubstaint a luadhfar sa cheadúnas san d'easportáil o Shaorstát Éireann ach san fé réir agus do réir na gcoinníoll agus na srian a luadhfar sa cheadúnas san.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire aon uair, as a chomhairle féin, ceadúnas do deonadh fén alt so do cheiliúradh ach ní thiocfaidh d'aon cheiliúradh den tsórt san aon easportáil do bheith nea-dhleathach do rinneadh ar aon tsubstaint fé réim agus do réir an cheadúnais sin sarar cuireadh an ceiliúradh san in úil don cheadúnaí fén gceadúnas san.

CUID VII.

Deolchairi ar Im agus ar Thorthai Bainne Easportalta.

[EN]

Deolchairí d'íoc ar im agus ar thorthaí bainne easportálta.

33.—(1) Íocfaidh an tAire na deolchairí seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) le gach duine easportálfaidh im an 1adh lá d'Abrán, 1935 no dá éis, deolchaire do réir an ráta oiriúnaigh ar an im a heasportálfar amhlaidh;

[EN]

(b) le gach duine easportálfaidh aon tora bainne do rinneadh an 1adh lá d'Abrán, 1935, no dá éis, agus gurb é a dhéantóir no dílseánach cláruithe áitreibh uachtarlainne easportálfaidh é, deolchaire do réir an ráta oiriúnaigh ar an tora bainne a heasportálfar amhlaidh;

[EN]

(c) le gach duine easportálfaidh earra bhídh go gcuirfear ina luighe ar an Aire ina taobh go ndearnadh í i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Abrán, 1935, no dá éis, agus gur húsáideadh chun a déanta im do rinneadh i Saorstát Éireann no tora bainne do rinneadh amhlaidh, agus gurb é a déantóir d'easportáil í, deolchaire do réir an ráta ba ráta oiriúnach, tráth déanta na hearra san, ar an méid agus ar an saghas ime no tora bainne do húsáideadh amhlaidh chun na hearra san do dhéanamh.

[EN]

(2) San alt so cialluíonn an abairt “an ráta oiriúnach” an ráta deolchaire bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire ar an substaint go n-úsáidtear an abairt sin ina taobh.

[EN]

Na rátaí deolchaire ar im agus ar thorthaí bainne.

34.—(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú na rátai deolchaire fén gCuid seo den Acht so ar im uachtarlainne, ar im nách im uachtarlainne, agus ar thorthaí bainne fé seach agus féadfaidh aon uair aon ordú den tsórt san do cheiliúradh no do leasú.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a déanfar fén alt so, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) rátaí deifriúla deolchaire d'ordú do shubstaintí deifriúla agus do shaghsanna deifriúla (a míneofar i pé slí is dóich leis an Aire is ceart) d'aon tsubstaint áirithe;

[EN]

(b) slite deifriúla d'ordú chun na deolchaire d'áireamh maidir le substaintí deifriúla no saghsanna deifriúla substainte;

[EN]

(c) an dáta d'ordú ar a dtiocfaidh aon ráta áirithe deolchaire i bhfeidhm.

[EN]

(3) Gach deolchaire is iníoctha fén gCuid seo den Acht so ar aon tsubstaint roimh theacht i bhfeidhm do rialacháin a déanfar fén gCuid seo den Acht so ag ceapadh an ráta no na rátai deolchaire don tsubstaint sin beidh sí iníoctha do réir an ráta luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so maidir leis an substaint sin.

[EN]

An deolchaire ar shubstaintí áirithe do chur ar fiunraoi.

35.—(1) Féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, a dhearbhú gan aon deolchaire do bheith iníoctha fén gCuid seo den Acht so ar aon tsubstaint no substaintí áirithe no ar aon tsaghas áirithe (a míneofar i pé slí is dóich leis an Aire is ceart) d'aon tsubstaint áirithe a heasportálfar o Shaorstát Éireann tar éis dáta áirithe agus féadfaidh aon uair an t-ordú san do cheiliúradh ar fad no maidir le substaint no substaintí no saghas no saghsanna substainte.

[EN]

(2) Pé uair a déanfar ordú fén alt so á dhearbhú gan aon deolchaire do bheith iníoctha ar shubstaint áirithe no ar shaghas áirithe substainte, ansan, d'ainneoin éinní atá san Acht so, ní bheidh aon deolchaire iníoctha fén gCuid seo den Acht so ar aon chuid den tsubstaint sin no den tsaghas san substainte (pe'ca aca é) a heasportálfar o Shaorstát Éireann tar éis an dáta luadhfar chuige sin san ordú san agus faid a leanfaidh an t-ordú san i bhfeidhm maidir leis an substaint no leis an saghas san substainte.

[EN]

Iarrataisí ar dheolchaire d'íoc.

36.—(1) Gach duine adeir go bhfuil sé i dteideal deolchaire fén gCuid seo den Acht so d'íoc leis féadfaidh a iarraidh ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe an deolchaire sin d'íoc leis.

[EN]

(2) Beidh i ngach iarratas fén alt so ar dheolchaire d'íoc na mion-innste orduithe i dtaobh an éilimh ar an deolchaire sin agus beidh ina theanta na scríbhinní orduithe bhaineann leis an éileamh san.

CUID VIII.

Praghas Ime do Rialu.

[EN]

Míniú ar “praghas.”

37.—Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “praghas” an praghas glan gan lascaine, liúntas, ná locáiste ar bith.

[EN]

An praghas maximum ar im a díolfar ina mhór-choda.

38.—(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, pé uair is oiriúnach leis é, an praghas maximum do cheapadh ar a bhféadfaidh déantóir aon tsaghas áirithe ime (a míneofar i pé slí is dóich leis an Aire is ceart) an t-im sin do dhíol ina mhór-choda ar dháta áirithe no dá éis.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú do rinneadh fén bhfo-alt so.

[EN]

(3) Pé uair a bheidh ordú fén alt so i bhfeidhm ag ceapadh praghais mhaximum aon tsaghas áirithe ime ní bheidh sé dleathach d'aon déantóir ime aon im den tsaghas san do dhíol ina mhór-choda ar phraghas is aoirde ná an praghas maximum a bheidh i bhfeidhm fén ordú san ar an dáta ar a seachadfar an t-im sin don cheannuitheoir de thora an díola san.

[EN]

(4) Gach duine dhíolfaidh aon im contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

[EN]

An praghas minimum ar im.

39.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon im do dhíol, chun a sheachadtha don té cheannóidh é, i Saorstát Éireann ar phraghas is lugha ná an praghas is praghas minimum fén alt so don im sin ar dháta an ime sin do sheachadadh don cheannuitheoir.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, an praghas do cheapadh bheidh, ar dháta áirithe agus as san amach, ina phraghas mhinimum fén alt so ar im d'aon tsaghas áirithe (a míneofar i pé slí is dóich leis an Aire is ceart) agus féadfaidh, le haon ordú den tsórt san, praghas minimum do cheapadh atharóidh do réir gach ní no éinní acu so leanas, sé sin lé rá:—

[EN]

(a) an méid ime díolfar sa díol san no seachadfar in aon tseachadadh áirithe déanfar de thora an díola san, no

[EN]

(b) an líomatáiste ina seachadfar an t-im don cheannuitheoir no chun a gcuirfear an t-im don cheannuitheoir, no

[EN]

(c) modh pacálta an ime sin.

[EN]

(3) Go dtí go ndéanfaidh an tAire ordú fén alt so ag ceapadh an phraghais no na bpraghsanna bheidh ina phraghas no ina bpraghsanna minimum ar im uachtarlainne agus go dtiocfaidh an t-ordú san i bhfeidhm isiad na praghsanna atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so is praghsanna minimum fén alt so d'im uachtarlainne.

[EN]

(4) Feadfaidh an tAire aon uair, le hordú, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú do rinneadh fén bhfo-alt so.

[EN]

(5) Gach duine dhíolfaidh aon im uachtarlainne contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

[EN]

(6) Ní bhainfidh éinní san alt so le haon dílseánach cláruithe áitreibh uachtarlainne do dhíol aon ime, ná ní thiocfaidh de go mbeidh sé nea-dhleathach aon dílseánach den tsórt san do dhíol aon ime, ar phraghas is lugha ná an praghas minimum fén alt so le duine sholáthruíonn bainne de ghnáth d'aon uachtarlainn no stáisiún deighilte uachtair leis an dílseánach cláruithe sin más fé réim agus do réir údaráis chuige sin do thug an tAire don dílseanach chláruithe sin a díolfar an t-im sin.

[EN]

(7) Ní bhainfidh éinní san alt so le haon im den tsórt a luaidhtear i mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 16 den Acht Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924), do dhíol le monarchain ime do réir forálacha na míre sin ná le haon im den tsórt a luaidhtear i mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 18 den Acht san, do dhíol le monarchain ime do réir forálacha na míre sin.

[EN]

Connartha ar feitheamh do leasú.

40.—(1) I gcás connradh do dhéanamh roimh dháta an Achta so do rith chun ime do dhíol chun a sheachadtha dá cheannuitheoir i Saorstát Éireann agus gan an t-im do díoladh amhlaidh no gan ach cuid de do sheachadadh don cheannuitheoir roimh an dáta san agus an praghas is iníoctha fén gconnradh san ar an im a bheidh in aon chonsighneacht a seachadfar ar an dáta san no dá éis don cheannuitheoir do bheith níos lugha ná an praghas minimum a bheidh i bhfeidhm fén gCuid seo den Acht so don im sin ar dháta an tseachadtha san isé praghas a bheidh iníoctha fén gconnradh san ar an im a bheidh sa chonsighneacht san sa chás san agus i ngach cás den tsórt san ná an praghas minimum san a bheidh i bhfeidhm amhlaidh ar dháta an tseachadtha san agus tuigfear an connradh san do bheith leasuithe dá réir sin agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

(2) I gcás connradh do dhéanamh ar dháta an Achta so do rith no dá éis chun ime do dhíol chun a sheachadtha dá cheannuitheoir i Saorstát Éireann agus gan an praghas is iníoctha fén gconnradh san ar an im sin do bheith níos lugha ná an praghas minimum (dá ngairmtear an bun-phraghas minimum sa bhfo-alt so) a bheidh i bhfeidhm fén gCuid seo den Acht so don im sin ar dháta an chonnartha san agus an bun-praghas minimum d'atharú fén gCuid seo den Acht so roimh an im uile do díoladh amhlaidh do sheachadadh don cheannuitheoir beidh éifeacht sa chás san ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) más rud é, ar dháta aon chonsighneacht ime do sheachadadh fén gconnradh san, gur mó an praghas minimum (dá ngairmtear an nua-phraghas minimum sa bhfo-alt so) a bheidh i bhfeidhm fén gCuid seo den Acht so don im a bheidh sa chonsighneacht san ná an bunphragas minimum don im sin cuirfear leis an bpraghas is iníoctha fén gconnradh san ar an im a bheidh sa chonsighneacht san an deifriócht a bheidh idir an bunphraghas minimum agus an nua-phraghas minimum don im sin agus tuigfear an connradh san do bheith leasuithe dá réir sin agus beidh éifeacht aige dá réir sin;

[EN]

(b) más rud é, ar dháta aon chonsighneacht ime do sheachadadh fén gconnradh san, gur lugha an nua-phraghas minimum don im a bheidh sa chonsighneacht san ná an bun-phraghas minimum don im sin bainfear den phraghas is iníoctha fén gconnradh san ar an im a bheidh sa chonsighneacht san an deifríocht a bheidh idir an nua-phraghas minimuum agus an bunphraghas minimum don im sin agus leasófar an connradh san dá réir sin agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

CUID IX.

Foralacha Airgeadais.

[EN]

An ciste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach).

41.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith bunóidh an tAire agus cothabhálfaidh ina dhiaidh sin do réir na Coda so den Acht so ciste ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an ciste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach).

[EN]

(2) Díreach ar an gciste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach) do bhunú cuirfear deireadh leis an gciste ime cothabháltar do réir an Achta Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1932 (Uimh. 10 de 1932), agus déanfar an méid (más aon mhéid é) a bheidh an uair sin i gcreidiúint don chiste ime sin d'aistriú chun an chiste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach) agus d'íoc isteach ann.

[EN]

(3) Íocfar isteach sa chiste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach) an t-airgead uile do gheobhaidh an tAire o am go ham ar scór aon dleachta fén Acht so agus fós gach táille chlárathachta do gheobhaidh an tAire o am go ham fén Acht so.

[EN]

(4) Íocfar amach as an gciste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach)—

[EN]

(a) na deolchairí uile is iníoctha o am go ham fén Acht so, agus

[EN]

(b) na deolchairí agus an t-airgead eile uile is iníoctha tar éis an Achta so do rith fén Acht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1932, agus dob iníoctha amhlaidh as an gciste ime do bunuíodh fén Acht san dá mb' ann fós don chiste sin an uair sin.

[EN]

(5) Íocfar amach as an gciste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach) isteach sa Stát-Chiste no chun tairbhe don Stát-Chiste, pé tráthanna agus i pé slí ordóidh an tAire Airgid, na méideanna san a chinnfidh an tAire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire, do bheith có-ionann leis na méideanna do híocadh amach as airgead do sholáthruigh an tOireachtas in aghaidh tuarastal agus costaisí daoine bheidh ceaptha agus ag gníomhú mar chigirí chun crícheanna Coda II den Acht so.

[EN]

(6) Beidh sé dleathach don Aire pé rann-íoca is dóich leis is ceart ag féachaint do staid airgeadais an chiste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach) agus do chúrsaí eile an cháis d'íoc amach as an gciste sin mar chabhair d'aon scéim a cheadóidh sé chun díol ime do rialáil.

[EN]

(7) Pé uair nách leor an t-airgead a bheidh i gcreidiúint don chiste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach) chun íoctha na n-íocaíocht a ceangailtear no a húdaruítear leis an alt so d'íoc amach as an gciste sin íocfaidh an tAire, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus isteach sa chiste sin, pé suimeanna is gá chun go bhféadfar na híocaíochtaí sin d'íoc amach as an gciste sin.

[EN]

(8) Déanfar i pé slí ordóidh an tAire Airgid méid iomlán na suimeanna uile a híocfar isteach sa chiste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach) fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so in aon bhliain airgeadais d'íoc amach as an gciste sin agus isteach sa Stát-Chiste no chun tairbhe don Stát-Chiste tráth nách déanaí ná an chéad 31adh lá de Bhealtaine tar éis deireadh na bliana airgeadais sin.

[EN]

Cuntaisí an chiste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach).

42.—(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár pé cuntaisí ordóidh an tAire Airgid o am go ham do choimeád ar fháltaisí agus caiteachaisí an chiste tora déiríochta (praghas do dhéanamh seasmhach) agus, fé cheann sé mí tar éis deireadh gach bliana airgeadais, cuirfidh na cuntaisí coimeádfar amhlaidh in aghaidh na bliana airgeadais sin go dtí an tArd-Scrúdóir chun iad d'iniúchadh.

[EN]

(2) Iniúchfaidh agus deimhneoidh an t-Ard-Scrúdóir na cuntaisí uile cuirfear chuige do réir an ailt seo, agus bhéarfaidh tuarasgabháil ortha agus déanfaidh an tAire Airgid na cuntaisí sin agus iad iniúchta amhlaidh, maraon le tuarasgabháil an Ard-Scrúdóra ortha, do leagadh fé bhráid Dáil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis na tuarasgabhála san do thabhairt ortha.

[EN]

Costaisí.

43.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so agus ná deintear aon tsocrú eile ina gcóir leis an Acht so.

CUID X.

Foralacha Ilghneitheacha.

[EN]

Pionós mar gheall ar ráitisí bréagacha.

44.—Gach duine bhéarfaidh don Aire no do chigire aon tuarasgabháil, tuairisceán, no ráiteas eile i scríbhinn, is eol dó bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, d'fhonn aon deolchaire, clárú, ceadúnas no sochar no buntáiste eile fén Acht so no dá bhuadh d'fháil no do mhéadú do féin no do dhuine ar bith eile no d'fhonn aon dleacht no oblagáid eile fén Acht so do sheachaint no do laigheadú do féin no do dhuine ar bith eile beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

Breacacháin a choimeádfaidh déantóirí, etc.

45.—(1) Beidh sé de dhualgas ar gach duine bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád do réir an Achta so agus ar gach duine ag á mbeidh dleachtanna iníoctha no le n-a mbeidh deolchairí iníoctha fén Acht so pé breacacháin do choimeád no a chur fé ndeár pé breacacháin do choimeád ordóidh an tAire do sna daoine sin a choimeád agus féadfar a cheangal ar dhaoine deifriúla den tsórt san breacacháin deifriúla do choimeád.

[EN]

(2) Féadfaidh cigire gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an ailt seo d'iniúchadh gach tráth réasúnta agus an té go mbeidh air fén alt so na breacacháin sin do choimeád beidh sé de dhualgas air na breacacháin sin do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an cigire sin iad agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a iarrfaidh an cigire sin go réasúnta, chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sna breacacháin sin no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach asta.

[EN]

(3) Má thárlann d'éinne ag á mbeidh aon dleacht iníoctha no le n-a mbeidh aon deolchaire iníoctha fén Acht so—

[EN]

(a) go dteipfidh air pé breacacháin do choimeád no a chur fé ndeár pé breacacháin do choimeád gur gá dho do réir an ailt seo iad do choimeád no a chur fé ndeár iad do choimeád; no

[EN]

(b) go dteipfidh air na hiontrála orduithe do chur sna breacacháin sin no a chur fé ndeár iad do chur sna breacacháin sin laistigh den am orduithe; no

[EN]

(c) go dteipfidh air aon bhreacachán, scríbhinn no cóip de scríbhinn, gur gá dho do réir an ailt seo é thaisbeáint, do thaisbeáint no a chur fé ndeár é thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air chun go n-iniúchfaidh cigire é, no go gcuirfe sé cosc le cigire ar bith agus é ag déanamh an iniúchta san; no

[EN]

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no míthreorach in aon phonc táchtach do chur sa bhreacachán san;

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta den tsórt san ina dhiaidh sin aige é, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no príosúntacht ar feadh aon tréimhse nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

(4) Chun crícheanna an ailt seo—

[EN]

(a) folóidh breacachán no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as; agus

[EN]

(b) tuigfear gur iarr cigire go cuibhe ar an duine ag á mbeidh dleacht iníoctha no le n-a mbeidh deolchaire iníoctha fén Acht so breacachán no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithre béil ag seoladh an duine sin ar an duine sin no ar bhainisteoir, ar rúnaí, ar choimeádaí leabhar no ar dhuine eile d'fhuirinn chléireachais an duine sin; agus

[EN]

(c) más duine bheidh ar fostú in áitreabh a bheidh ar únaeracht no ar seilbh ag duine ag á mbeidh dleacht iníoctha no le n-a mbeidh deolchaire iníoctha fén Acht so a dhiúltóidh no más ar dhuine den tsórt san a theipfidh breacachán no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é tuigfear gurb é únaer an áitreibh sin do dhiúltuigh no gurb air do theip amhlaidh.

[EN]

Tuairisceáin o dhéantóirí, etc.

46.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá, chun a ordú cadiad na tuairisceáin do bhéarfaidh daoine uatha bheidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád do réir an Achta so agus fós déantóirí, díoltóirí, ceannuitheoirí, easportálaithe, agus iomportálaithe ime no aon tora bainne agus cé hiad do bheárfaidh agus cadiad na hamannta do bhéarfaid agus cadé an fhuirm ina dtabharfaid na tuairisceáin sin uatha.

[EN]

(2) Gach n-aon gur gá dho do réir rialachán a déanfar fén alt so aon tuairisceán do thabhairt uaidh a horduítear leis na rialacháin sin bhéarfaidh uaidh an tuairisceán san go cuibhe do réir na rialachán san agus má theipeann ar éinne den tsórt san no má fhaillíonn sé an tuairisceán san do thabhairt uaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

[EN]

Clárú áitreibh do chealú ar dhuine do chiontú no ar é do theip air dleacht d'íoc, etc.

47.—(1) Má deintear dílseánach cláruithe aon áitreibh a bheidh cláruithe fén Acht Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924), de chiontú i gcionta fé alt den Acht so no má theípeann air no má fhaillíonn sé aon dleacht d'íoc leis an Aire is gá dho d'íoc fén Acht so no má theipeann air no má fhaillíonn sé aon bhreacachán do choimeád no aon tuairisceán do thabhairt uaidh is gá dho do réir an Achta so do choimeád no do thabhairt uaidh féadfaidh an tAire clárú an áitreibh sin do chealú.

[EN]

(2) Sara ndeinidh an tAire clárú aon áitreibh do chealú fén alt so bhéarfa sé fógra coicís ar a laighead i scríbhinn don dílseánach chláruithe i dtaobh é bheith ar intinn an clárú san do chealú amhlaidh agus breithneoidh aon chúis a phléidhfidh an dílseánach san leis sara mbeidh ré an fhógra san istigh agus féadfaidh, más oiriúnach leis é, a chur fé ndeár fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh an scéil.

[EN]

Eolas d'fhoillsiú.

48.—(1) Féadfaidh an tAire fógra i dtaobh aon chiontuithe i gcionta fé alt ar bith den Acht so d'fhoillsiú i pé slí is oiriúnach leis.

[EN]

(2) Ní déanfar aon tuairisceán áirithe ná aon chuid áirithe do thuairisceán do bhéarfar do réir an Achta so d'fhoillsiú ná do nochtadh ach amháin chun crícheanna cúisimh fén Acht so.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire o am go ham pé eolas staitistíochta is oiriúnach leis (le n-a n-áirmhítear staitistíocht as tuairisceáin do bhéarfar do réir an Achta so), maidir le staid trádála an ime, do bhailiú agus d'fhoillsiú.

[EN]

Rangú maidir le príomh-chóghléas marguithe.

49.—Gach tagairt san Acht so don Aire do mhíniú saghsanna deifriúla substainte léireofar í mar thagairt fholuíonn rangú do réir easportála, díola, marguithe, iomportála no deighleála eile bheidh ar siúl ag príomh-chóghléas marguithe agus é ag obair fé rialacha cheadóidh an tAire agus do réir deighleála den tsórt chéanna bheidh ar siúl ag aon duine eile.

[EN]

Ciontaí do chúiseamh.

50.—Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, gach cionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh.

CEAD SCEIDEAL

Na Ratai Deolchaire ar Im agus ar Thorthai Bainne.

£

s.

d.

1. Ar im uachtarlainne do seachadadh ar díol i Saorstát Éireann agus ar ar híocadh dleacht do réir an ráta oiriúnaigh     ...

3

4

0

an cmt.

2. Ar gach sórt eile ime uachtarlainne     ...

1

5

0

an cmt.

3. Ar im, nách im uachtarlainne, do bhí ar únaeracht agus ar seilbh ag á easportálaí

an 31adh lá de Mhárta, 1935     ...

1

12

8

an cmt.

4. Ar gach sórt eile ime nách im uachtarlainne     ...     ...     ...     ...

1

5

0

an cmt.

5. Ar uachtar stánuithe     ...     ...     ...

7

6

an cmt.

6. Ar uachtar scaoilte gur 50 per cent. no os a chionn a chothrom de gheir bhainne

10½

an galún

7. Ar uachtar scaoilte gur lugha ná 50 per cent. a chothrom de gheir bhainne     ...

an galún

8. Ar cháis neamh-oibrithe     ...     ...

8

0

an cmt.

9. Ar cháis oibrithe    ...    ...    ...

8

0

an cmt.

10. Ar bhainne chódhlúite (lán-uachtair)    ...

2

8

an cmt.

11. Ar bhainne thiormuithe no phúdaruithe (lán-uachtair)    ...    ...    ...

8

0

an cmt.

DARA SCEIDEAL

Praghsanna Minimum Ime Uachtarlainne.

£

s.

d.

1. Ar im uachtarlainne do seachadadh don cheannuitheoir no do cuireadh chuige i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, i gcontae Bhaile Atha Cliath, no i mbailecheanntar Bhrí Chualann—

(i) i gcás consighneachta nách lugha ná 20 cmt.     ...     ...     ...

7

1

0

an cmt.

(ii) i gcás consighneachta is lugha ná 20 cmt.     ...     ...     ...

7

5

0

an cmt.

2. Ar gach sórt eile ime uachtarlainne—

(i) i gcás consighneachta nách lugha ná 5 cmt.     ...     ...     ...

7

1

0

an cmt.

(ii) i gcás consighneachta is lugha ná 5 cmt.     ...     ...     ...

7

5

0

an cmt.