[EN]

Uimhir 21 de 1939.


[EN]

ACHT UM RÉAMHCHÚRAM IN AGHAIDH AER-RUATHAR, 1939.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN RÉAMHCHÚRAIM DO GHLACADH D'FHONN DAOINE AGUS MAOIN DO CHAOMHAINT I gCÁS IONNSAIGHE ÓN AER AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [26adh Iúl, 1939.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—Féadfar an tAcht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1939, do ghairm den Acht so.

[EN]

Mínithe i gcoitinne.

2.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Cosanta;

[EN]

cialluíonn an abairt “díonadh ar aer-ruathar” cosaint, seachas le córacha cogúla no le haon bhall éadaigh, ar ionnsaighe ón aer;

[EN]

cialluíonn an abairt “díon-airm aer-ruathair” aon áitreabh, déanmhas, no tochaltán a húsáidtear no atá beartuithe d'úsáid mar dhíonadh ar aer-ruathar;

[EN]

cialluíonn an abairt “fearas réamhchúraim in aghaidh aerruathar” aon fhearas, gléas no abhar ar n-a dhéanamh no ar n-a cheapadh chun daoine no maoin do chosaint i gcás ionnsaighe ón aer no aon choda d'fhearas, de ghléas no d'abhar den tsórt san;

[EN]

cialluíonn an abairt “cigire monarchan” duine is cigire, de thurus na huaire, chun crícheanna na Factory and Workshops Acts, 1901 to 1920;

[EN]

cialluíonn an abairt “cigire mianach” duine is cigire, de thurus na huaire, chun crícheanna an Coals Mines Act, 1911;

[EN]

cialluíonn an focal “sealbhaire”—

[EN]

(a) maidir le haon talamh sealbhuithe, an duine atá i dteideal an talamh san do shealbhú,

[EN]

(b) maidir le haon talamh is tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928), an duine do bheadh rátuithe mar shealbhaire ar an talamh san mara mbeadh an tAcht san,

[EN]

(c) maidir le haon talamh eile, an duine atá rátuithe mar shealbhaire ar an talamh san;

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so.

[EN]

“Údaráis áitiúla”.

3.—Is údarás áitiúil chun crícheanna an Achta so gach duine agus cólucht acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) comhairle chontae, chontae-bhuirge, bhuirge no bhailecheanntair, agus

[EN]

(b) bord sláinte, agus

[EN]

(c) údarás sláintíochta puirt,

[EN]

agus is dá réir sin a léireofar an abairt “údarás áitiúil” nuair a húsáidtear í gan choinníoll san Acht so.

[EN]

“Gnóthairí riachtanacha”.

4.—(1) Is gnóthaire riachtanach chun crícheanna an Achta so gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) duine (seachas Aire Stáit, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn no Coimisiún Talmhan na hÉireann) ar n-a údarú, le Reacht Briotáineach no le Reacht de chuid Shaorstáit Éireann no le hAcht den Oireachtas no le hordú go n-éifeacht reachtúil, chun bóthar iarainn, canáil, slí loingseoireachta intíre, duga, cuan, trambhealach, gnó uisce, gnó gáis, gnó leictreachais no aon ghnó puiblí eile do dhéanamh, d'oibriú no do choimeád ar siúl;

[EN]

(b) duine ar bith a dearbhófar le hordú ar n-a dhéanamh fé fho-alt (2) den alt so do bheith ina ghnóthaire riachtanach chun crícheanna an Achta so.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Tionnscail agus Trachtála, a dhearbhú, le hordú fén bhfo-alt so, gur gnóthaire riachtanach chun crícheanna an Achta so duine ar bith go mbíonn aon ghnó áirithe ar siúl aige.

[EN]

(3) Nuair a húsáidtear an abairt “an gnó” san Acht so maidir le gnóthaire riachtanach cialluíonn sí an gnó bhíonn ar siúl ag an ngnóthaire riachtanach san.

[EN]

Ciontaí cóluchtaí corparuithe.

5.—Má dheineann cólucht corparuithe cionta fé aon alt no fo-alt den Acht so agus go gcruthófar, maidir le duine ar bith is stiúrthóir no is oifigeach (agus rúnaí no bainisteoir d'áireamh) don chólucht chorparuithe sin no, i gcás gur údarás áitiúil an cólucht corparuithe sin, is ball den údarás áitiúil sin no is oifigeach dóibh, gur thoiligh no gur scaoil an duine sin leis an gcionta san do dhéanamh amhlaidh is tuigthe an duine sin freisin do bheith ciontach sa chionta san agus dlighfear imeachta do bhunú ina choinnibh agus é phionósú dá réir sin.

[EN]

Ciontaí do chúiseamh.

6.—Féadfaidh an tAire no ball den Ghárda Síochána cionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh.

[EN]

Scríbhinní do sheirbheáil.

7.—Aon scríbhinn, go ndeintear leis an Acht so no go ndéanfar fé a cheangal no a údarú í thabhairt do dhuine ar bith no í sheirbheáil air, féadfar í thabhairt dó no í sheirbheáil air—

[EN]

(a) tré n-a seachadadh don duine sin; no

[EN]

(b) tré n-a fágaint ag an áit chomhnaithe, no ag an áit ghnótha, is déanaí is eol do bheith aige no tré n-a cur ar aghaidh i leitir roimh-íoctha ar n-a díriú chuige fé sheoladh ceachtar áite acu san; no

[EN]

(c) i gcás scríbhinne bheidh le tabhairt do shealbhaire aon áitreibh no le seirbheáil air, tré n-a díriú chun an duine le n-a mbainfidh fén tuairisc, “sealbhaire” an áitreibh le n-a mbainfidh agus tré n-a seachadadh do dhuine éigin san áitreabh no, mara mbeidh éinne san áitreabh dar féidir í sheachadadh, tré í féin no cóip di do ghreamú de chuid sho-fheicse éigin den áitreabh.

[EN]

Chun crícheanna an fho-ailt seo, is tuigthe gur ag á n-oifig chláruithe bhíonn gnó ar siúl ag cuideachtain ar n-a clárú laistigh den Stát fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus is tuigthe gur ag á bpríomh-oifig no ag á bpríomh-áit ghnótha laistigh den Stát a bhíonn gnó ar siúl ag gach cólucht corparuithe eile agus ag gach cólucht nea-chorparuithe.

[EN]

Rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

8.—Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

[EN]

Costaisí an Aire.

9.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.

CUID II.

Comhachta agus Dualgaisi Udaras Áitiúil.

[EN]

“Bailelíomatáistí sceidealta”.

10.—(1) Is baile-líomatáiste sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so gach líomatáiste acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) fé réir oibrithe orduithe ar n-a dhéanamh ag an Aire fé fho-alt (2) den alt so, aon líomatáiste luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so,

[EN]

(b) aon bhuirg no bailecheanntar a dearbhófar, le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fé fho-alt (3) den alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, do bheith ina bhaile-líomatáiste sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so.

[EN]

(2) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú go scuirfidh aon líomatáiste áirithe luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so de bheith ina bhaile-líomatáiste sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so agus ar theacht i ngníomh don ordú san scuirfidh an líomatáiste sin de bheith ina bhaile-líomatáiste sceidealta chun na gcrícheanna san.

[EN]

(3) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú gur baile-líomatáiste sceidealta chun críchenna na Coda so den Acht so aon bhuirg no bailecheanntar áirithe.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú bheidh déanta aige fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh.

[EN]

(5) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so i dtaobh aon bhuirge no bailecheanntair féadfaidh, leis an ordú san, socrú do dhéanamh i dtaobh na nithe sin uile (ar a n-áirmhítear aistriú do dhéanamh chun comhairle na buirge no an bhailecheanntair sin, no uaithi, o chomhairle na contae dar cuid an bhuirg no an bailecheanntar san, no chúichi, ar aon talamh no maoin eile a bheidh tógtha ag comhairle na contae sin no ag comhairle na buirge no an bhailecheanntair sin chun crícheanna a bhfeidhmeanna fén gCuid seo den Acht so agus fós socrú do dhéanamh chun cúrsaí airgeadais do choigeartú idir na comhairlí sin) is dóich leis is gá no is oiriúnach chun lán-éifeacht do thabhairt don ordú san.

[EN]

(6) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur am orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí do réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

[EN]

Údaráis áitiúla déanta scéime agus a líomatáistí feidhmiúcháin.

11.—(1) Is údarás áitiúil déanta scéime chun crícheanna na Coda so den Acht so gach comhairle acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) comhairle chontae, agus

[EN]

(b) comhairle chontae-bhuirge, agus

[EN]

(c) comhairle bhaile-líomatáiste sceidealta.

[EN]

(2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “líomatáiste feidhmiúcháin”—

[EN]

(a) maidir le comhairle chontae, an chontae sin gan aon bhailelíomatáiste sceidealta inti d'áireamh,

[EN]

(b) maidir le comhairle chontae-bhuirge, an chontae-bhuirg sin,

[EN]

(c) maidir le comhairle bhaile-líomatáiste sceidealta, an bailelíomatáiste sceidealta san.

Scéimeanna um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar.

[EN]

E de dhualgas ar údaráis áitiúla déanta scéime scéimeanna um réamhchúram in aghaidh aerruathar d'ullamhú.

12.—(1) Beidh sé de dhualgas ar gach údarás áitiúil déanta scéime scéim (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar) i dtaobh na nithe seo leanas d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire maidir le n-a líomatáiste feidhmiúcháin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) cosaint (seachas cosaint ar n-a tabhairt mar fhostóir no mar únaer maoine) do thabhairt do dhaoine agus do mhaoin ar dhíobháil no damáiste i gcás ionnsaighe ón aer agus a chur in áirithe ná tárlóidh ach an méid is lugha is féidir de dhíobháil no de dhamáiste den tsórt san;

[EN]

(b) tóiteáin is deallrathach do thiocfadh d'ionnsaighe den tsórt san do mhúchadh;

[EN]

(c) na húdaráis (ar a n-áirmhítear údaráis áitiúla go mbeidh a líomatáistí feidhmiúcháin suidhte, ar fad no go leathrannach, i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúil dhéanta scéime sin) agus na daoine ag á mbeidh na socruithe bheidh sa scéim sin le cur i ngníomh d'ainmniú.

[EN]

(2) Beidh, go sonnrách, i scéimeanna um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar socruithe i dtaobh na nithe sin a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén gCuid seo den Acht so ach féadfaidh an tAire, maidir le haon údarás áitiúil áirithe déanta scéime, an t-údarás san do shaoradh o n-a bheith de dhualgas ortha éinní áirithe a bheidh orduithe amhlaidh do chur i scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar ullamhóid, agus leis sin ní bheidh sé de cheangal ar an údarás san socruithe i dtaobh an ní sin do chur sa scéim sin.

[EN]

(3) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, déanfaidh gach údarás áitiúil déanta scéime scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar do chur fé bhráid an Aire i dtaobh gach ní gur gá dhóibh do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar dá líomatáiste feidhmiúcháin do chur fé n-a bhráid ina thaobh, agus féadfaidh aon údarás áitiúil déanta scéime agus déanfaid, má cheanglann an tAire san ortha, scéimeanna ar leith um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar, i dtaobh aon nithe den tsórt san, d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire.

[EN]

Scéimeanna um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar do cheadú, do theacht i bhfeidhm, do cheiliúradh agus do leasú.

13.—(1) Nuair a cuirfear scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar fé bhráid an Aire fén Acht so, féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, an scéim sin do cheadú go n-atharuithe no gan atharuithe uirthi agus, ar í cheadú amhlaidh, tiocfaidh an scéim sin i bhfeidhm ar an dáta san a bheidh luaidhte sa scéim sin agus í ceaduithe amhlaidh, agus féadfar dátaí deifriúla do luadh amhlaidh maidir le forálacha deifriúla den scéim sin.

[EN]

(2) I gcás údarás áitiúil déanta scéime do chur scéime um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar fé bhráid an Aire fén gCuid seo den Acht so, féadfaidh an tAire, in ionad na scéime sin do cheadú, a cheangal ar an údarás san scéim nua um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar d'ullamhú, do réir pé treoracha bhéarfaidh an tAire uaidh tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, agus do chur fé n-a bhráid.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar a bheidh i bhfeidhm do cheiliúradh.

[EN]

(4) Féadfar aon scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar a bheidh i bhfeidhm do leasú le scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar ina dhiadh sin ar n-a cur fé bhráid an Aire agus ar n-a ceadú ar nós na scéime bunaidh.

[EN]

(5) I gcás scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar do bheith i bhfeidhm déanfaidh an t-údarás áitiúil déanta scéime, do chuir an scéim sin fé bhráid an Aire, scéim, chun na scéime sin do leasú, d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire do réir pé treoracha bhéarfaidh an tAire uaidh tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, má cheanglann an tAire san ortha.

[EN]

E de dhualgas ar údaráis áitiúla agus ar a n-oifigigh cabhrú le húdaráis áitiúla déanta scéime chun scéimeanna um réamhchúram in aghaidh aerruathar d'ullamhú.

14.—Beidh sé de dhualgas ar gach údarás áitiúil gur laistigh de líomatáiste feidhmiúcháin údaráis áitiúil dhéanta scéime a bheidh a líomatáiste feidhmiúcháin ar fad no cuid de, agus ar oifigigh agus ar sheirbhísigh an údaráis áitiúil sin a céad-luaidhtear, an t-eolas agus an chabhar sin do thabhairt don údarás áitiúil dhéanta scéime sin a theastóidh do réir réasúin ón údarás áitiúil déanta scéime sin chun aon scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar d'ullamhú.

[EN]

E de dhualgas ar údaráis áitiúla agus ar a n-oifigigh agus ar a seirbhísigh an tAcht agus scéimeanna um réamhchúram in aghaidh aerruathar do chur i bhfeidhm.

15.—(1) Beidh sé de dhualgas ar gach údarás áitiúil na feidhmeanna san, a bheidh forchurtha ortha leis an gCuid seo den Acht so no fúithi no le haon scéim um réamhchúram in aghaidh aerruathar a bheidh i bhfeidhm, do chólíonadh agus a áirithiú go ndéanfaidh oifigigh agus seirbhísigh leis an údarás áitiúil sin na feidhmeanna san, a bheidh ceaptha dhóibh leis an gCuid seo den Acht so no fúithi no le haon scéim um réamhchúram in aghaidh aerruathar a bheidh i bhfeidhm, do chólíonadh.

[EN]

(2) Beidh sé de dhualgas ar oifigigh agus ar sheirbhísigh le húdaráis áitiúla na feidhmeanna san, a bheidh ceaptha dhóibh leis an gCuid seo den Acht so no fúithi no le haon scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar a bheidh i bhfeidhm, do chólíonadh.

[EN]

E de dhualgas ar údaráis áitiúla cabhrú le chéile.

16.—(1) Beidh sé de dhualgas ar údaráis áitiúla, ar a gcuirtear no ar a gcuirfear feidhmeanna leis an gCuid seo den Acht so no fúithi no le haon scéim no fé aon scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar a bheidh i bhfeidhm, cabhrú le chéile, nuair is féidir é, chun socruithe do dhéanamh chun daoine agus maoin do chosaint ar dhíobháil no damáiste i gcás ionnsaighe ón aer, agus féadfaidh aon dá údarás áitiúla no níos mó comhar-shocruithe do dhéanamh chuige seo.

[EN]

(2) Beidh sé de dhualgas ar údaráis áitiúla cabhrú le chéile, nuair is féidir é, chun feidhmeanna do chólíonadh a forchuirtear no forchuirfear ortha leis an gCuid seo den Acht so no fúithi no le haon scéim no fé aon scéim um réamhchúram in aghaidh aerruathar a bheidh i bhfeidhm.

[EN]

Údaráis áitiúla do thógaint tailimh chun crícheanna scéimeanna um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar.

17.—(1) Chun crícheanna scéime um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire ar n-a thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) aon talamh, pé áit ina mbeidh, do thógaint (go buan no go sealadach, agus go héigeanta no tré chó-aontú);

[EN]

(b) aon éasáid, no ceart eile ar bith, ar aon talamh no uisce no maidir leis, pé áit ina mbeidh, do thógaint (go buan no go sealadach, agus go héigeanta no tré- chó-aontú).

[EN]

(2) Aon uair tar éis an Achta so do rith agus roimh leithliú do dhéanamh no cúiteamh do dhéanamh amach féadfaidh údarás áitiúil, fé réir forálacha an ailt seo, dul isteach agus seilbh do ghlacadh ar aon talamh no aon cheart d'fheidhmiú a húdaruítear don údarás áitiúil sin leis an alt so do thógaint go héigeanta.

[EN]

(3) Roimh aon chomhacht dá mbronntar ortha leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo d'fheidhmiú déanfaidh údarás áitiúil—

[EN]

(a) i gcás aon talamh do thógaint, fógra do thabhairt i scríbhinn do shealbhaire an tailimh seacht lá ar a laighead no, más tigh comhnaithe gabhtha an talamh, ocht lá fichead ar a laighead roimh ré;

[EN]

(b) in aon chás eile, fógra seacht lá ar a laighead do thabhairt i scríbhinn d'únaer an chirt no na maoine eile dá ndéanfar deifir.

[EN]

(4) Beidh i dteanta gach fógra fén alt so plean ina dtaisbeánfar go hiomlán agus go soiléir an talamh no an ceart le n-a mbaineann an fógra.

[EN]

(5) Má dheineann údarás áitiúil fén alt so dul isteach agus seilbh do ghlacadh ar aon talamh no aon cheart d'fheidhmiú (do réir mar a bheidh) roimh an gcúiteamh d'íoc, íocfaidh an t-údarás áitiúil sin le sealbhaire an tailimh no le húnaer na héasáide no an chirt eile dá ndéanfar deifir (do réir mar a bheidh) ús ar mhéid an chúitimh sin, ar bheith ceaptha dhó, do réir cheithre púint per cent. per annum ón dáta ar a raghfar isteach agus a glacfar seilbh amhlaidh no ar a bhfeidhmeofar an ceart san (do réir mar a bheidh) go dtí dáta an leithlithe do dhéanamh chun an údaráis áitiúil sin.

[EN]

(6) Má dheineann údarás áitiúil fén alt so aon talamh do thógaint go buan a bheidh, ina aonar no i dteanta tailimh eile, fé bhlianacht cheannaigh no íocaíocht in ionad chíosa no íocaíocht bhliantúil eile (nach íocaíocht ná beidh inti ach cíos fé chonnradh thionóntachta) is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann, tiocfaidh an t-údarás áitiúil sin chun bheith agus beid, ón dáta raghaid isteach agus a ghlacfaid seilbh ar an talamh a thógfaid amhlaidh, freagarthach sa bhlianacht cheannaigh sin no san íocaíocht san in ionad chíosa no san íocaíocht bhliantúil eile sin (nach íocaíocht ná beidh inti ach cíos fé chonnradh thionóntachta), no sa chuid sin den chéanna a chion-roinnfidh Coimisiún Talmhan na hÉireann ar an talamh san, d'íoc le Coimisiún Talmhan na hÉireann fé is dá ndeineadh únaer an tailimh sin an talamh san d'aistriú chun an údaráis áitiúil sin ar an dáta san.

[EN]

(7) Má dheineann údarás áitiúil fén alt so aon talamh do thógaint go buan a bheidh, ina aonar no i dteanta tailimh eile, fé mhuirear is iníoctha le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn, tiocfaidh an t-údarás áitiúil sin chun bheith agus beid, ón dáta raghaid isteach agus a ghlacfaid seilbh ar an talamh a thógfaid amhlaidh, freagarthach sa mhuirear san, no sa chuid sin de a chion-roinnfidh na Coimisinéirí sin ar an talamh san, d'íoc leis na Coimisinéirí sin fé is dá ndeineadh únaer an tailimh sin an talamh san d'aistriú chun an údaráis áitiúil sin ar an dáta san.

[EN]

Cúiteamh i dtalamh a thógfaidh údaráis áitiúla d'íoc agus do dhéanamh amach.

18.—(1) Íocfaidh údarás áitiúil cúiteamh, i dtalamh a thógfaid go héigeanta fén alt deiridh sin roimhe seo, leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chun an tailimh sin no estáit no leasanna acu ann agus fós íocfaid cúiteamh, in éasáidí agus i gcearta eile tógfar go héigeanta fén alt san no maidir leo san, le n-a n-únaer no leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chun an tailimh no an uisce, no estáit no leasanna acu sa talamh no san uisce, gur air no maidir leis a bheidh na cearta san a tógfar amhlaidh agus, cheal có-aontuithe, ceapfar an cúiteamh san fé réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

[EN]

(2) Gach éileamh ar chúiteamh maidir le haon talamh no ceart a tógfar go héigeanta fén alt deiridh sin roimhe seo, déanfar é fé cheann bliana tar éis don údarás áitiúil a thógfaidh é dul isteach ar an talamh san den chéad uair no an ceart san d'fheidhmiú den chéad uair.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, maidir le cúiteamh ar bith is iníoctha ag údarás áitiúil fén alt so agus maidir le maoin, corpardha no nea-chorpardha, a thógfaidh údarás áitiúil go héigeanta fén alt deiridh sin roimhe seo do leithliú chúcha, agus chun críche na feidhme sin is tuigthe gur údarás áitiúil is tionnscantóir an ghnótha.

[EN]

Údaráis áitiúla d'aisíoc deontaisí Stáit alos tailimh do thógaint.

19.—(1) I gcás inar deimhin leis an Aire aon talamh no ceart, a bheidh tógtha ag údarás áitiúil chun crícheanna na Coda so den Acht so, do bheith tar éis scur de bheith ag teastáil chun na gcrícheanna san, féadfaidh fógra do sheirbheáil ar an údarás áitiúil sin á rá gur deimhin leis san, agus leis sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) má dhíolann an t-údarás áitiúil sin an talamh no an ceart san fé cheann shé mí tar éis an fhógra san do sheirbheáil, íocfaidh an t-údarás áitiúil sin leis an Aire, ar n-a éileamh san ortha, suim go mbeidh idir í agus sochar glan an díola san an cothrom céanna bheidh idir méid an deontais do thug an tAire don údarás áitiúil sin fé alt 35 den Acht so alos an tailimh no an chirt sin do thógaint agus an cúiteamh no an praghas d'íoc an t-údarás áitiúil sin alos na tógainte sin;

[EN]

(b) mara ndíolaidh an t-údarás áitiúil sin an talamh no an ceart san amhlaidh, íocfaidh an t-údarás áitiúil sin leis an Aire, ar n-a éileamh san ortha, an tsuim sin (ná raghaidh thar méid an deontais sin) a mheasfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, do bheith ceart.

[EN]

(2) Féadfar airgead ar bith is iníoctha leis an Aire fén alt so do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

[EN]

(3) Déanfar aon airgead a híocfar leis an Aire fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

Díon-arma Puiblí Aer-Ruathair.

[EN]

Clár d'fhógraí sonnraíochta.

20.—(1) Cuirfidh gach údarás áitiúil déanta scéime fé ndeár clár (dá ngairmtear an clár sa Chuid seo den Acht so) ar a dtabharfar an clár d'fhógraí sonnraíochta do choimeád ina n-oifigí.

[EN]

(2) Iontrálfar sa chlár a bheidh á choimeád ag gach údarás áitiúil déanta scéime na nithe a ceangailtear leis an gCuid seo den Acht so ar an údarás san d'iontráil ann.

[EN]

(3) Féadfaidh duine ar bith an clár a bheidh á choimeád ag údarás áitiúil déanta scéime d'iniúchadh in aisce aon tráth a bheidh oifigí an údaráis sin ar oscailt chun gnó do dhéanamh.

[EN]

(4) Nuair a húsáidtear an abairt “an clár” sa Chuid seo den Acht so maidir le húdarás áitiúil déanta scéime cialluíonn sí an clár a bheidh á choimeád ag an údarás san de bhun an ailt seo.

[EN]

Aitreabh do shonnrú.

21.—(1) Pé uair agus chó minic agus a chífear d'údarás áitiúil déanta scéime go bhfuil iomlán foirginte no aon chuid d'fhoirgint, ina líomatáiste feidhmiúcháin, oiriúnach no gur féidir í dhéanamh oiriúnach—

[EN]

(a) chun í úsáid mar dhíon-airm phuiblí aer-ruathair, no

[EN]

(b) chun an údaráis sin dá húsáid, i gcás ionnsaighe, chun aon cheann de sna feidhmeanna forchuirtear no forchuirfear ortha leis an gCuid seo den Acht so no fúithi d'fheidhmiú,

[EN]

féadfaidh an t-údarás san fógra (dá ngairmtear fógra sonnraíochta sa Chuid seo den Acht so) á rá go mb'fhéidir go mbeadh an fhoirgint sin no an chuid sin ag teastáil chun crícheanna an Achta so do chur suas sa bhfoirgint sin no sa chuid sin.

[EN]

(2) I gcás údarás áitiúil déanta scéime do chur fógra shonnraíochta suas i bhfoirgint no i gcuid d'fhoirgint cuirfidh an t-údarás san in úil don Aire san do bheith déanta acu agus déanfaid na nithe sin a chífear dóibh is féidir do réir réasúin a dhéanamh chun a mbeidh sa bhfógra sonnraíochta san do chur in úil do sna daoine ag á mbeidh estáit no leasanna sa bhfoirgint sin no sa chuid sin.

[EN]

(3) I gcás údarás áitiúil déanta scéime do chur fógra shonnraíochta suas i dtaobh aon fhoirginte no coda dhi bhéarfaidh an t-údarás san mion-innste orduithe an fhógra san do chlárú sa chlár, agus ar an gclárú san do dhéanamh beidh an fógra san ina cheangal ar dhuine ar bith a thógfaidh estáit no leas sa bhfoirgint sin ina dhiaidh sin.

[EN]

(4) Féadfaidh údarás áitiúil déanta scéime aon fhógra sonnraíochta bheidh curtha suas acu do tharraing siar tráth ar bith tré fhógra sa chéill sin do chur suas sa bhfoirgint no sa chuid d'fhoirgint le n-a mbainfidh an fógra sonnraíochta san, agus, sa chás san, bhéarfaid an iontráil sa chlár i dtaobh an fhógra shonnraíochta san do chealú.

[EN]

(5) I gcás fógra sonnraíochta do bheith curtha suas i bhfoirgint no i gcuid d'fhoirgint, beidh an fhoirgint sin no an chuid sin, fé réir forálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo, ina háitreabh sonnruithe, mara dtarraingtear siar an fógra san, ar feadh na tréimhse de thrí bliana dar tosach lá an fhógra san do chur suas amhlaidh, agus léireofar dá réir sin tagairtí sa Chuid seo den Acht so d'áitreabh shonnruithe agus d'áitreabh do shonnrú.

[EN]

(6) D'ainneoin éinní atá san alt so ní dhéanfaidh údarás áitiúil déanta scéime, gan toiliú an Aire (ar n-a thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála) d'fháil roimh ré, iomlán foirginte no aon chuid d'fhoirgint do shonnrú—

[EN]

(a) a bheidh ar seilbh ag aon ghnóthaire riachtanach, no

[EN]

(b) a bheidh ar thalamh go mbeidh urlámh ar bith á fheidhmiú ina thaobh ag aon ghnóthaire riachtanach fé aon achtachán no ordú bhainfidh leis an ngnóthaire sin.

[EN]

Athchomharc i gcoinnibh áitreabh do shonnrú.

22.—(1) Fé cheann lá agus fiche tar éis aon áitreabh do shonnrú féadfaidh duine ar bith ag á mbeidh aon estát no leas san áitreabh san athchomharc do dhéanamh chun an Aire, i gcoinnibh é shonnrú, ar an bhforas—

[EN]

(a) go bhfuil iomlán an áitreibh no aon chuid de ag teastáil chun é úsáid chun crícheanna le n-a mbaineann tácht phuiblí agus, dá réir sin, ná fuil sé oiriúnach é bheith sonnruithe mar adubhradh; no

[EN]

(b) go bhfuil iomlán an áitreibh no aon chuid de ag teastáil chun é úsáid mar dhíon-airm phríobháidigh aer-ruathair do sna daoine san áitreabh no sa bhfoirgint dar cuid an t-áitreabh san.

[EN]

(2) Más deimhin leis an Aire, ar aon athchomharc den tsórt san do bhreithniú, na forais a bheidh luaidhte san athchomharc san do bheith fíor féadfaidh, más oiriúnach leis é, a ordú go scuirfidh sonnrú an áitreibh d'éifeacht do bheith aige, no go scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige maidir le cuid áirithe den áitreabh do sonnruíodh ar dtúis agus, sa chás san, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil déanta scéime le n-a mbainfidh nóta i dtaobh orduithe an Aire d'iontráil sa chlár san áit oiriúnaigh.

[EN]

(3) I gcás sonnrú do scur amhlaidh d'éifeacht do bheith aige maidir le hiomlán aon áitreibh no le haon chuid de, ní déanfar an t-áitreabh san no an chuid sin do shonnrú arís gan toiliú an Aire.

[EN]

(4) Más dóich leis an Aire gur ceart san do dhéanamh in aon chás áirithe, féadfaidh an t-am a ceaptar le fo-alt (1) den alt so chun athchomharc do dhéanamh fén alt so do shíneadh an méid sin agus ar na téarmaí sin (más ann dóibh) is oiriúnach leis.

[EN]

Oibreacha do dhéanamh.

23.—(1) Má chítear d'údarás áitiúil déanta scéime é bheith oiriúnach, d'fhonn áitreabh sonnruithe do dhéanamh oiriúnach no níos oiriúnaighe chun aon chríche dá luaidhtear i bhfo-alt (1) d'alt 21 (alt a bhaineann le háitreibh do shonnrú) den Acht so no do choimeád oiriúnach chun aon chríche acu san, oibreacha do dhéanamh san áitreabh san no sa bhfoirgint dar cuid é no in aon fhoirgint no ar aon talamh ina aice, féadfaidh an t-údarás san, maran féidir leo a thabhairt tré chó-aontú go ndéanfar na hoibreacha san, na hoibreacha san do dhéanamh iad féin, ach san fé réir na nithe seo leanas:—

[EN]

(a) ní dhéanfaidh an t-údarás san, ach amháin le có-aontú na ndaoine uile le n-a mbainfidh, aon oibreacha den tsórt san roimhráite do thosnú go dtí go mbeidh deireadh leis an tréimhse chun athchomharc do dhéanamh chun an Aire i gcoinnibh an áitreibh a bheidh i gceist do shonnrú no, má deintear athchomharc laistigh den tréimhse sin, go dtí go dtabharfar breith ar an athchomharc san;

[EN]

(b) sara dtéighid isteach (ar shlí seachas le cead an tsealbhaire) in áitreabh, foirgint no talamh ar bith d'fhonn aon oibreacha do dhéanamh, bhéarfaidh an t-údarás san don tsealbhaire fógra ceithre lá déag ar a laighead i scríbhinn i dtaobh é bheith ar intinn acu san do dhéanamh.

[EN]

(2) Aon cheangail no srianta bheidh forchurtha le haon achtachán no fé no le haon chonnradh no có-aontú no fé, maidir le foirgintí do thógáil no do shuidheamh no do dhéanamh, ní bhainfid le haon oibreacha déanfar fén alt so.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh éinní bheidh in aon chonnradh no có-aontú, á cheangal ar dhuine ar bith áitreabh áirithe do choinneáil no do chur arís ar staid áirithe, a údarú do dhuine ar bith ná a chur fhiachaint ar dhuine ar bith cur isteach ar aon oibreacha déanfar san áitreabh san fén alt so, ná é chur fé aon fhiachas mara ndeine sé amhlaidh.

[EN]

(4) Aon ghléasra no fearaistí no abhar úsáidfidh údarás áitiúil chun aon oibreacha do dhéanamh fén alt so in áitreabh no foirgint no talamh ar bith, leanfaid de bheith ina gcuid de mhaoin an údaráis sin d'ainneoin iad do bheith ceangailte den áitreabh no den fhoirgint no den talamh san.

[EN]

Cúiteamh i gcás oibreacha do dhéanamh.

24.—(1) I gcás údarás áitiúil déanta scéime do dhéanamh oibreacha fén alt deiridh sin roimhe seo in aon áitreabh no foirgint no ar aon talamh beidh sealbhaire an áitreibh no na foirginte no an tailimh i dteideal éiric an damáiste déanfar dó, de dheascaibh aon churtha isteach ar é d'úsáid an áitreibh no na foirginte no an tailimh sin le linn n-a n-oibreacha san do dhéanamh, do bhaint den údarás san.

[EN]

(2) I gcás dochar do dhéanamh d'úsáideacht áitreibh no foirginte no tailimh ar bith de dhruim aon oibreacha do dhéanamh fén alt deiridh sin roimhe seo, íocfaidh an t-údarás áitiúil déanta scéime dhéanfaidh na hoibreacha san leis an duine bheidh o am go ham ina shealbhaire ar an áitreabh no ar an bhfoirgint no ar an talamh san, mar chúiteamh, suimeanna tréimhsiúla ar n-a ndéanamh amach do réir laigheaduithe luacha bhliantúil an áitreibh no na foirginte no an tailimh, fé mar a bheidh, is ionchurtha i leith an dochair sin dá úsáideacht, agus is go ráithiúil i ndiaidh láimhe bheidh na suimeanna san iníoctha.

[EN]

So bhfo-alt so—

[EN]

cialluíonn an abairt “luach bliantúil”, maidir le haon áitreabh no foirgint no talamh, an cíos a measfar go bhféadfaí do réir réasúin súil a bheith le n-a fháil ar an áitreabh no ar an bhfoirgint no ar an talamh san o bhliain go bliain i gcás an tionónta dá gheallúint na gnáth-rátaí agus na gnáth-chánacha tionónta d'íoc agus an tiarna dá gheallúint bheith thíos leis na costaisí deisiúcháin agus árachais agus leis na costaisí eile, más ann dóibh, is gá chun an áitreibh no na foirginte no an tailimh sin do choimeád ar staid gur fiú an cíos san é, agus na coigeartuithe sin déanta air a chífear is gá chun bádhadh do dhéanamh ar aon luach-mhéadú bheadh ann toisc an t-áitreabh no an fhoirgint no an talamh san do bheith oiriúnach no gur féidir é dhéanamh oiriúnach chun a úsáidthe i gcás ionnsaighe o námhaid agus fós ar aon luach-laigheadú bheadh ann toisc gur deallrathach go mbeadh an t-áitreabh no an fhoirgint no an talamh san ag teastáil chun a úsáidthe sa chás san;

[EN]

cialluíonn an abairt “laigheadú an luacha bhliantúil”, maidir le húsáideacht aon áitreibh no foirginte no tailimh do dhocharú de dhruim oibreacha do dhéanamh, an méid a bheidh luach bliantúil an áitreibh no na foirginte no an tailimh sin fé bhun an mhéide bheadh sé dá mba ná déanfaí na hoibreacha.

[EN]

(3) I gcás áitreabh sonnruithe, go mbeidh oibreacha déanta ann no mar gheall air fén alt deiridh sin roimhe seo, do scur de bheith ina áitreabh shonnruithe scuirfidh na híocaíochta dá bhforáltar le fo-alt (2) den alt so de bheith iníoctha, ach féadfaidh sealbhaire an áitreibh no na foirginte no an tailimh ina mbeidh no ar a mbeidh na hoibreacha déanta a cheangal aon tráth, ar an údarás áitiúil déanta scéime do rinne na hoibreacha san, an t-áitreabh no an fhoirgint no an talamh san do chur ar an staid ar a mbeadh sé mara mbeadh na hoibreacha san do dhéanamh agus, mara ndeinidh an t-údarás san do réir an cheangail sin laistigh d'am réasúnta, íocfaid i bhfuirm chúitimh, le gach duine ag á mbeidh aon estát no leas san áitreabh no sa bhfoirgint no sa talamh ina mbeidh no ar a mbeidh na hoibreacha déanta, suim is có-mhéid le méid an laigheaduithe luacha bheidh tagtha ar estát no leas an duine sin de dheascaibh na n-oibreacha san do dhéanamh ann.

[EN]

(4) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le breith do thabhairt ar éilithe ar chúiteamh fén alt so—

[EN]

(a) déanfar aon cheist i dtaobh ce'ca bheidh cúiteamh iníoctha fén alt so i gcás áirithe no ná beidh agus, má bhíonn, cadé an méid é do chur fé bhráid an duine no na ndaoine sin, de sna headrascánaithe oifigiúla bheidh ceaptha chun crícheanna an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ar n-a leasú leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925), a roghnóidh an Coiste Réitigh fén gcéanna agus bhéarfaidh an duine no na daoine sin breith ar an gceist sin;

[EN]

(b) féadfaidh an Coiste Réitigh sin rialacha do dhéanamh i dtaobh ceisteanna fén alt so do chur fé bhreith agus féadfaid, le toiliú an Aire Airgeadais, na táillí d'ordú a bheidh le n'íoc maidir le haon imeachta chun breith do thabhairt ar cheist ar bith den tsórt san;

[EN]

(c) fé réir aon rialacha den tsórt san déanfaidh an t-eadrascánaí, sara dtugaidh breith ar cheist ar bith i dtaobh éinní acu san adubhradh, a ordú na fiosruithe sin is oiriúnach leis, más ann dóibh, do dhéanamh agus na fógraí sin is oiriúnach leis, más ann dóibh, do thabhairt, tré fhógrán no eile, don duine no do sna daoine sin, acu san go bhfeicfear an bhreith ar an gceist do dhéanamh deifre dhóibh, is oiriúnach leis, agus beidh an bhreith a bhéarfaidh ar aon cheist den tsórt san ina ceangal ar gach duine, pe'ca páirtí sna himeachta an duine sin no nach eadh agus pe'ca seirbheáladh fógra air no nár seirbheáladh;

[EN]

(d) fé réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so beidh ag an eadrascánaí oifigiúil, a bhéarfaidh breith ar cheist ar bith a cuirfear fé bhreith fén alt so, na comhachta céanna, maidir le nós imeachta (ar a n-áirmhítear éilithe agus agóidí d'éisteacht i dteanta a chéile) agus le costaisí agus maidir le cásanna speisialta d'aithris, atá aige fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

[EN]

Aitreabh sonnruithe d'fhanúint gan atharú.

25.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní dhéanfaidh duine ar bith, gan cead an údaráis áitiúil déanta scéime le n-a mbainfidh—

[EN]

(a) déanmhas aon áitreibh shonnruithe d'atharú i slí ar bith; ná

[EN]

(b) aon oibreacha d'aistriú ná d'atharú a bheidh déanta ag an údarás san, no de dhruim socruithe leo, in áitreabh shonnruithe ar bith no i bhfoirgint ar bith gur cuid di áitreabh sonnruithe no i bhfoirgint no talamh ar bith in aice aon áitreibh shonnruithe;

[EN]

ach má dhiúltuíonn údarás áitiúil déanta scéime de chead a thabhairt uatha, no mara dtugaid cead uatha fé cheann sé seachtaine o dháta a iarrtha san ortha, féadfaidh an t-iarratasóir athchomharc do dhéanamh chun an Aire, agus féadfaidh an tAire, ar an athchomharc san d'éisteacht, aon atharú no aistriú d'údarú a iarrfaidh an t-iarratasóir, agus ní bheidh dul thar breith an Aire.

[EN]

(2) Einne sháróidh forálacha an fho-ailt sin roimhe seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

[EN]

(3) I gcás duine do chúiseamh i gcionta fén alt so do dhéanamh maidir le haon áitreabh sonnruithe is cosaint mhaith don duine sin a chruthú nárbh fhios dó, agus ná raibh aon chúis réasúnta aige chun amhras do bheith aige, gurbh áitreabh sonnruithe an t-áitreabh.

[EN]

(4) Más deimhin leis an gcúirt a chiontóidh duine i gcionta fén alt so an t-áitreabh sonnruithe bheidh i gceist do bheith, de dheascaibh an tsáruithe gurb é an cionta é, neamh-oiriúnach, no gan bheith chó hoiriúnach agus a bhí, chun na gcrícheanna puiblí chun ar féidir go mbeidh sé ag teastáil, féadfaidh an chúirt a ordú go mbeidh cead ag an údarás áitiúil déanta scéime bheidh i gceist na costaisí réasúnta bheidh ortha, maidir leis an áitreabh do dhéanamh arís chó hoiriúnach chun na gcrícheanna san agus bheadh sé dá mba ná déanfaí an sárú, do chur i leith an duine chiontuithe, agus i gcás ordú den tsórt san do dhéanamh féadfaidh an t-údarás san aon chostaisí den tsórt san a bheidh ortha do bhaint den duine chiontuithe mar fhiacha gnáth-chonnartha.

[EN]

Forálacha i dtaobh athchomhairc do dhéanamh chun an Aire.

26.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacha do dhéanamh i dtaobh athchomharc do dhéanamh chuige fé ailt 22 agus 25 den Acht so—

[EN]

(a) ag luadh na slí ina mbeidh na hathchomhairc le déanamh;

[EN]

(b) á údarú daoine do cheapadh, i ngach cás no in aon tsaghas áirithe cásanna, chun fiosrú do dhéanamh i dtaobh na nithe tarraingeofar anuas le haon athchomharc den tsórt san agus tuarasgabháil ortha do thabhairt don Aire;

[EN]

(c) á údarú do dhuine ar bith a ceapfar amhlaidh fianaise do ghlacadh fé mhionn agus, chuige sin, daoine do chur fé mhionn agus a cheangal ar fhínnéithe teacht i láthair agus go dtabharfaí scríbhinní ar áird, agus á údarú daoine ná déanfaidh do réir aon cheangail áirithe den tsórt san do phionósú ar iad do chiontú ar an slí acmhair, agus á shocrú cadé an pionós (nach mó ná deich bpúint) a féadfar a chur ar dhaoine ciontófar amhlaidh;

[EN]

(d) ag foráil i dtaobh na gcostaisí fé n-a raghfar mar gheall ar aon athchomharc den tsórt san;

[EN]

(e) ag rialáil ar shlite eile an nós imeachta leanfar i dtaobh athchomhairc den tsórt san d'fhiosrú agus breith do thabhairt ortha;

[EN]

agus féadfaidh rialacha deifriúla do dhéanamh maidir le hathchomhairc fén alt san 22 agus maidir le hathchomhairc fén alt san 25.

[EN]

(2) Déanfar aon chostaisí fé n-a raghaidh an tAire, maidir le hathchomharc fé alt 22 no alt 25 den Acht so, d'íoc leis an Aire ag an bpáirtí sin san athchomharc san ordóidh an tAire no, sna cionúireachtaí san ordóidh an tAire, ag gach páirtí ann (fé mar is oiriúnach leis an Aire) agus beidh deimhniú ón Aire ina fhianaise dho-chlaoite ar mhéid na gcostas san, agus déanfar aon airgead a híocfar leis an Aire fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin a ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

Aitreabhacha sonnruithe d'fhoirshealbhú.

27.—(1) Pé uair a chífear don Aire é bheith oiriúnach san do dhéanamh, de dheascaibh práinne do bheith ag tuaradh gur baol dá druim ionnsaighe ón aer, féadfaidh, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú go dtiocfaidh forálacha fo-ailt (3) den alt so i ngníomh, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san tiocfaidh forálacha fo-ailt (3) den alt so i bhfeidhm agus fanfaid i bhfeidhm go dtí go gceiliúrfar an t-ordú san.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú bheidh déanta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh.

[EN]

(3) Féadfaidh aon údarás áitiúil seilbh do ghlacadh agus do choimeád ar áitreabh ar bith a bheidh sonnruithe acu fén gCuid seo den Acht so.

[EN]

(4) I gcás é bheith údaruithe d'údarás áitiúil leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo seilbh do ghlacadh ar áitreabh ar bith féadfaidh an t-údarás san, d'fhonn na seilbhe sin do ghlacadh, aon mhaoin áirithe bheidh san áitreabh san do thógaint as no a cheangal ar an sealbhaire í thógaint as, agus féadfaid na nithe eile sin do dhéanamh is gá chun an áitreibh sin do chur i staid go bhféadfar é úsáid chun na críche bheidh beartuithe.

[EN]

(5) Más rud é—

[EN]

(a) go ndiúltóidh sealbhaire áitreibh ar bith aon mhaoin áirithe do thógaint as an áitreabh san nuair a cheanglóidh údarás áitiúil air fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo san do dhéanamh, no

[EN]

(b) ga ndéanfaidh duine ar bith éinne bheidh ag gníomhú thar ceann údaráis áitiúil do bhac no do chosc agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bheidh tugtha don údarás san fén alt so,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

[EN]

(6) I gcás seilbh do ghlacadh ar áitreabh ar bith fén alt so íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas an cúiteamh san, agus san leis na daoine sin, a chinnfidh an tOireachtas ina dhiaidh seo.

Forálacha Ilghnéitheacha.

[EN]

E de dhualgas ar údaráis áitiúla agus ar a n-oifigigh cabhair do thabhairt maidir le socrú chun an phobail shíbhialta d'aistriú.

28.—(1) Beidh sé de dhualgas ar gach údarás áitiúil agus ar gach oifigeach d'údarás áitiúil an t-eolas san do bhailiú agus do thabhairt don Aire, ar iarratas agus do réir treoracha an Aire, a theastóidh uaidh chun cabhrú leis an Righaltas chun pleananna d'ullamhú maidir le baill den phobal shíbhialta d'aistriú o líomatáiste go dtí líomatáiste eile, i gcás ionnsaighe ón aer, agus maidir le cóiríocht do chur ar na daoine a haistreofar agus iad do chothabháil.

[EN]

(2) Féadfaidh aon údarás áitiúil no aon oifigeach d'údarás áitiúil, d'fhonn a chur ar chumas an údaráis no an oifigigh sin déanamh do réir aon iarratais no treoracha áirithe ón Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, fógra do sheirbheáil ar shealbhaire áitreibh ar bith á cheangal air na mion-innste sin, i dtaobh an áitreibh agus i dtaobh an méid daoine bheidh ina gcomhnaí ann, a luadhfar sa bhfógra san do chur chun an údaráis no an oifigigh sin laistigh den am san a luadhfar amhlaidh, agus má theipeann ar dhuine ar bith déanamh do réir mar a ceanglófar air le haon fhógra den tsórt san a seirbheálfar amhlaidh air beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

[EN]

Údaráis áitiúla faillíocha do scur.

29.—(1) Más deimhin agus pé uair is deimhin leis an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe gur theip ar údarás áitiúil aon fheidhmeanna áirithe do chólíonadh go mbeidh ceangailte ortha leis an gCuid seo den Acht so no fúithi, no le haon scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar, iad do chólíonadh, féadfa sé, gan fiosrúchán áitiúil do dhéanamh fé alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), na comhachta bheirtear dó le fo-alt (2) den alt san 72 d'fheidhmiú alos an údaráis áitiúil sin, agus beidh feidhm ag fo-ailt (3), (4), (5) agus (6) den alt san 72 dá réir sin.

[EN]

(2) I gcás údarás áitiúil do scur fé alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925, mar do bheirtear feidhm dó leis an alt so, ní dhéanfaidh an tAire aon luach saothair a bheidh íoctha, de bhun fo-ailt (4) den alt san 72, amach as ioncum an údaráis áitiúil sin do cheadú fé alt 35 (a bhaineann le deontaisí Stáit d'údaráis áitiúla) den Acht so.

[EN]

Aighnis do réiteach.

30.—Má thárlann aon aighneas idir dhá údarás áitiúil no níos mó i dtaobh éinní no aon ruda eireoidh fén gCuid seo den Acht so cuirfear an t-aighneas san fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith sin air.

[EN]

Oifigigh agus seirbhísigh do cheapadh.

31.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil, ach toiliú an Aire ar n-a thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe d'fháil roimh ré, pé oifigigh agus seirbhísigh agus pé méid díobh a cheapadh a measfar is gá chun crícheanna na Coda so den Acht so.

[EN]

(2) Íocfar le gach oifigeach agus le gach seirbhíseach d'údarás áitiúil a ceapfar fén alt so an luach saothair sin, agus sealbhóidh sé a cheapachán ar na coinníollacha san, ar a gcinnfidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926), maidir le ceapacháin fén alt so.

[EN]

Pionós mar gheall ar fhaillí i bpáirt oifigeach agus seirbhíseach d'údaráis áitiúla.

32.—(1) Má theipeann ar aon oifigeach no seirbhíseach le húdarás áitiúil aon oblagáid dá mbeidh forchurtha air no aon fheidhm dá mbeidh ceaptha dhó, leis an gCuid seo den Acht so no fúithi no le haon scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar a bheidh i bhfeidhm, do chólíonadh, no má thugann faillí sa chólíonadh san, no má dhiúltuíonn d'é dhéanamh, beidh an t-oifigeach no an seirbhíseach san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí.

[EN]

(2) Ní bunófar imeachta mar gheall ar chionta fén alt so ach le cead ón Aire.

[EN]

Comhacht d'oifigigh d'údaráis áitiúla chun dul isteach in áitreabhacha.

33.—(1) Beidh sé de cheart ag duine ar bith a bheidh údaruithe go cuibhe ag údarás áitiúil, ach scríbhinn éigin a bheidh dílsedheimhnithe go cuibhe agus a thaisbeánfaidh a údarás do thabhairt ar áird, dul isteach in áitreabh ar bith gach tráth réasúnta—

[EN]

(a) chun a fháil amach an bhfuil aon tsárú maidir le forálacha na Coda so den Acht so, no aon fhaillí maidir le n-a gcólíonadh, déanta no á dhéanamh san áitreabh san no ina thaobh;

[EN]

(b) chun a fháil amach ce'ca atá no ná fuil cúrsaí ann d'údaródh, no gur gá dá ndruim, don údarás áitiúil sin aon ghníomh do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so;

[EN]

(c) chun a chur in usacht ar shlí eile don údarás áitiúil sin a bhfeidhmeanna fén gCuid seo den Acht so do chólíonadh.

[EN]

(2) Má cuirtear ina luighe ar bhreitheamh den Chúirt Dúithche tré fhaisnéis fé mhionn i scríbhinn—

[EN]

(a) gur diúltuíodh do chead do thabhairt chun dul isteach in aon áitreabh áirithe, no go bhfuiltear ag coinne go ndiúltófar amhlaidh, no go bhfuil an t-áitreabh gan bheith sealbhuithe, no go bhfuil an sealbhaire as láthair go sealadach, no gur cás práinne an cás, no go gcuirfí an chúis atá leis an dul isteach ar neamh-ní dá n-iarrtaí cead chun dul isteach; agus

[EN]

(b) go bhfuil fáth réasúnta ann chun dul isteach san áitreabh san chun aon chríche den tsórt san a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so,

[EN]

féadfaidh an breitheamh san, le barántas fé n-a láimh, a údarú d'údarás áitiúil dul isteach san áitreabh san, le héigean más gá san, tré aon oifigeach údaruithe don údarás áitiúil sin dá dhéanamh san thar a gceann, ach ní tabharfar an barántas san amach maran deimhin leis an mbreitheamh san gur tugadh fógra don tsealbhaire i dtaobh é bheith beartuithe barántas d'iarraidh, no go bhfuil an t-áitreabh gan bheith sealbhuithe, no go bhfuil an sealbhaire as láthair go sealadach, no gur cás práinne an cás, no go gcuirfí an chúis atá leis an dul isteach ar neamh-ní dá dtugtaí an fógra san.

[EN]

(3) Féadfaidh oifigeach údaruithe d'údarás áitiúil a bheidh ag dul isteach in áitreabh ar bith de bhuadh an ailt seo, no de bhuadh barántais ar n-a thabhairt amach fén alt so, pé daoine eile do thabhairt ina theanta is gá, agus ar imeacht as áitreabh neashealbhaithe ar bith go mbeidh sé tar éis dul isteach ann de bhuadh barántais den tsórt san fágfaidh an t-áitreabh san dúnta chó daingean san in aghaidh lucht tairsce agus a fuair sé é.

[EN]

(4) Leanfaidh gach barántas a deonfar fén alt so i bhfeidhm go dtí go ndéanfar an ní is cúis leis an dul isteach do thabhairt chun críche.

[EN]

(5) Má dheineann duine ar bith, a leigfear isteach i monarchain no i siopa oibre no in áit oibre i gcólíonadh forálacha an ailt seo no barántais ar n-a thabhairt amach fén alt so, aon eolas a gheobhaidh sa mhonarchain no sa tsiopa oibre no san áit oibre sin i dtaobh aon phróisis déantóireachta no rúin chéirde do nochtadh d'éinne, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, maran i gcólíonadh a dhualgais do nocht sé an t-eolas san, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig céad punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag.

[EN]

(6) Má dheineann duine ar bith oifigeach údaruithe d'údarás áitiúil do bhac no do chosc agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bheirtear don oifigeach san leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Forálacha Airgeadais.

[EN]

Costaisí údaráisáitiúil.

34.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil ar bith, le ceadú an Aire, dul fe chostaisí chun na gcrícheanna (dá ngairmtear san alt so crícheanna réamhchúraim in aghaidh aer-ruathar) a bhainfidh le socrú do dhéanamh chun daoine agus maoin do chosaint ar dhíobháil no ar dhamáiste i gcás ionnsaighe ón aer agus chun a chur in áirithe ná tárlóidh ach an méid is lugha is féidir de dhíobháil no de dhamáiste den tsórt san, pe'ca de bhun scéime um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar no ar shlí eile fén Acht so raghfar fén gcaiteachas san.

[EN]

(2) I gcás ina ndeachaidh údarás áitiúil fé aon chostaisí chun crícheanna réamhchúraim in aghaidh aer-ruathar tráth ar bith tar éis an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1938, agus roimh an Acht so do rith, agus gur go ceart, dar leis an Aire, a chuathas fé sna costaisí sin amhlaidh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) dá bhféadfaí dul fé sna costaisí sin go dleathach fén Acht so dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm nuair a chuathas fútha is tuigthe gur fén Acht so do chuathas fé sna costaisí sin agus bainfidh an tAcht so, agus is tuigthe gur bhain sé riamh, leis na costaisí sin dá réir sin, agus

[EN]

(b) má rinneadh, tráth ar bith roimh dhul fé sna costaisí sin no dá éis sin, aon tsuim d'áireamh i ráta ar bith d'fhonn go bhféadfaí na costaisí sin d'íoc agus má b'fhéidir an tsuim sin d'áireamh amhlaidh go dleathach dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm an tráth san, ní bheidh an ráta san, ná ní tuigthe go raibh sé riamh, nea-mbailidhe ná neamh-ionbhainte amach de bhithin an áirimh sin agus dá bhíthin sin amháin.

[EN]

(3) Déanfar aon chostaisí fé n-a raghaidh údarás áitiúil (seachas comhairle chontae no comhairlí chontae-bhuirgí Bhaile Atha Cliath agus Luimnigh) fén gCuid seo den Acht so d'íoc sa tslí ina ndeintear costaisí fé n-a dtéigheann an t-údarás áitiúil sin fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, d'íoc.

[EN]

(4) Déanfar aon chostaisí fé n-a raghaidh comhairle chontae fén gCuid seo den Acht so d'íoc amach as an gciste contae mar mhuirear ar an gcontae iomlán ach san i slí ná cruinneofar aon tsuim alos costaisí den tsórt san fé n-a raghaidh buirg no bailecheanntar ar bith is baile-líomatáiste sceidealta de thurus na huaire.

[EN]

(5) Féadfaidh comhairle chontae airgead d'fháil ar iasacht fé Airteagal 22 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, chun aon chostaisí fé n-a raghaidh an chomhairle sin fén gCuid seo den Acht so d'íoc, amhail is dá mbeadh an chríoch san luaidhte san Airteagal san, agus ní déanfar airgead a gheobhfar ar iasacht chun aon chríche den tsórt san d'áireamh mar chuid d'fhiacha na comhairle sin chun crícheanna aon teorann, maidir le hairgead d'fháil ar iasacht, a forchuirtear leis an Airteagal san.

[EN]

(6) Féadfaidh údarás áitiúil ar bith (seachas comhairle chontae) airgead d'fháil ar iasacht fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1933, chun aon chostaisí fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil sin fén gCuid seo den Acht so d'íoc, amhail is dá mbeadh an chríoch san ina crích chun a n-údaruítear don údarás áitiúil sin airgead d'fháil ar iasacht fé sna hAchtanna san, ach ní déanfar airgead a gheobhfar ar iasacht chun aon chríche den tsórt san d'áireamh mar chuid d'fhiacha an údaráis áitiúil sin chun crícheanna aon teorann, maidir le hairgead d'fháil ar iasacht, a forchuirtear leis na hAchtanna san.

[EN]

Deontaisí Stáit d'údaráis áitiúla.

35.—As airgead a sholáthróidh an tOireachtas íocfaidh an tAire le haontú an Aire Airgeadais, mar chabhair chun íoctha an chaiteachais sin fé n-a raghaidh údarás áitiúil fén gCuid seo den Acht so agus a cheadóidh an tAire do réir rialachán a déanfar fén gCuid seo den Acht so, deontaisí nach mó ná seachtó per cent. den chaiteachas cheaduithe sin.

Rialacháin.

[EN]

Rialacháin chun crícheanna Coda II.

36.—Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no aon ní no nithe acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) aon ní no rud dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén gCuid seo den Acht so;

[EN]

(b) an tAire do cheadú caiteachais údarás áitiúil, is caiteachas ar n-a chur suas chun crícheanna scéimeanna um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar, no is caiteachas ar n-a chur suas, le haontú an Aire agus ar shlí seachas de bhun scéimeanna um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar, chun daoine agus maoin do chosaint ar dhíobháil no ar dhamáiste i gcás ionnsaighe ón aer, agus go sonnrách an tslí ina measfar aon chaiteachas den tsórt san chun é cheadú amhlaidh,

[EN]

agus féadfaidh foráil do bheith in aon rialacháin den tsórt san á lomháil caiteachas den tsórt san ar n-a chur suas amhlaidh tar éis an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1938, do cheadú amhlaidh.

CUID III.

Comhachta agus Dualgaisi Gnothairi Riachtanacha.

[EN]

E de dhualgas ar ghnóthairí riachtanacha scéimeanna d'ullamhú.

37.—(1) Beidh sé de dhualgas ar ghnóthaire riachtanach ar bith, nuair a cheanglóidh an tAire air san do dhéanamh, scéim (dá ngairmtear san Acht so scéim um réamhchúram in aghaidh aerruathar (gnóthaire riachtanach)) i dtaobh na nithe seo leanas d'ullamhú agus do chur fé n-a bhráid, fé cheann na haimsire sin ordóidh an tAire, maidir leis an ngnó, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an gnó do choimeád ar siúl i gcás ionnsaighe ón aer;

[EN]

(b) na daoine luadh gur ortha bheidh na socruithe bheidh sa scéim do chur i ngníomh.

[EN]

(2) Beidh go sonnrách i scéimeanna um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar (gnóthaire riachtanach) forálacha i dtaobh na nithe sin a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén gCuid seo den Acht so, ach féadfaidh an tAire, maidir le haon ghnóthaire riachtanach áirithe, an gnóthaire riachtanach san do shaoradh o n-a bheith air éinní áirithe bheidh orduithe amhlaidh do chur sa scéim sin, agus leis sin ní bheidh sé de cheangal ar an ngnóthaire riachtanach san forálacha maidir leis an ní sin do chur sa scéim.

[EN]

(3) Nuair a bheidh an tAire ag déanamh rialachán i dtaobh éinní dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt so mar ní orduithe féadfaidh rialacháin deifriúla do dhéanamh maidir le saghsanna deifriúla gnóthairí riachtanacha.

[EN]

Scéimeanna um réamhchúram in aghaidh aerruathar (gnóthaire riachtanach) do cheadú, do theacht i bhfeidhm, do cheiliúradh agus do leasú.

38.—(1) Nuair a cuirfear scéim um réamhchúram in aghaidh aerruathar (gnóthaire riachtanach) fé bhráid an Aire fén gCuid seo den Acht so, féadfaidh an tAire an scéim sin do cheadú go n-atharuithe no gan atharuithe uirthi agus, ar í cheadú amhlaidh, tiocfaidh an scéim sin i bhfeidhm ar an dáta san a bheidh luaidhte sa scéim sin agus í ceaduithe amhlaidh, agus féadfar dátaí deifriúla do luadh amhlaidh maidir le forálacha deifriúla den scéim sin.

[EN]

(2) I gcás gnóthaire riachtanach do chur scéime um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar (gnóthaire riachtanach) fé bhráid an Aire fén gCuid seo den Acht so, féadfaidh an tAire, in ionad na scéime sin do cheadú, a cheangal ar an ngnóthaire sin scéim nua um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar (gnóthaire riachtanach) d'ullamhú, do réir pé treoracha bhéarfaidh an tAire uaidh, agus do chur fé n-a bhráid.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar (gnóthaire riachtanach) a bheidh i bhfeidhm do cheiliúradh.

[EN]

(4) Féadfar aon scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar (gnóthaire riachtanach) a bheidh i bhfeidhm do leasú le scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar (gnóthaire riachtanach) ina dhiaidh sin ar n-a cur fé bhráid an Aire agus ar n-a ceadú ar nós na scéime bunaidh.

[EN]

(5) I gcás scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar (gnóthaire riachtanach) do bheith i bhfeidhm déanfaidh an gnóthaire riachtanach do chuir an scéim sin fé bhráid an Aire scéim, chun na scéime sin do leasú, d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire, do réir pé treoracha bhéarfaidh an tAire uaidh, má cheanglann an tAire san air.

[EN]

E de dhualgas ar ghnóthairí riachtanacha agus ar a n-oifigigh agus ar a seirbhísigh an tAcht agus scéimeanna um réamhchúram in aghaidh aerruathar do chur i bhfeidhm.

39.—(1) Beidh sé de dhualgas ar gach gnóthaire riachtanach na feidhmeanna san do chólíonadh a forchuirtear no forchuirfear air leis an gCuid seo den Acht so no fúithi, no le haon scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar (gnóthaire riachtanach) a bheidh i bhfeidhm, agus a chur in áirithe go ndéanfaidh oifigigh agus seirbhísigh leis an ngnóthaire riachtanach san na feidhmeanna san a ceaptar no ceapfar dóibh leis an Acht so no fé, no le haon scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar (gnóthaire riachtanach) a bheidh i bhfeidhm, do chólíonadh.

[EN]

(2) Beidh sé de dhualgas ar oifigigh agus ar sheirbhísigh le gnóthairí riachtanacha na feidhmeanna san a ceaptar no ceapfar dóibh leis an Acht so no fé, no le haon scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar (gnóthaire riachtanach) a bheidh i bhfeidhm, do chólíonadh.

[EN]

E de dhualgas ar ghnóthairí riachtanacha cabhair do thabhairt maidir le socrú chun an phobail shíbhialta d'aistriú.

40.—Beidh. sé de dhualgas ar gach gnóthaire riachtanach an t-eolas san do bhailiú agus do thabhairt don Aire, ar iarratas agus do réir treoracha an Aire, a theastóidh uaidh chun cabhrú leis an Riaghaltas chun pleananna d'ullamhú maidir le baill den phobal shíbhialta d'aistriú o líomatáiste go dtí líomatáiste eile i gcás ionnsaighe ón aer.

[EN]

Pionós mar gheall ar fhaillí i bpáirt ghnóthairí riachtanacha agus a n-oifigeach agus a seirbhíseach.

41.—(1) Má theipeann ar ghnóthaire riachtanach ar bith aon oblagáid dá mbeidh forchurtha air no aon fheidhm dá mbeidh ceaptha dhó, leis an gCuid seo den Acht so no fúithi, do chólíonadh, beidh an gnóthaire riachtanach san ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air, agus i gcás an teip, gur ina taobh do ciontuíodh an gnóthaire riachtanach san amhlaidh, do leanúint tar éis an chiontuithe dlighfear, ar an ngnóthaire riachtanach san do chiontú ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt in aghaidh gach lae leanfa sí do chur air.

[EN]

(2) Má theipeann ar aon oifigeach no seirbhíseach le gnóthaire riachtanach aon oblagáid dá mbeidh forchurtha air no aon fheidhm dá mbeidh ceaptha dhó, leis an gCuid seo den Acht so no fúithi, do chólíonadh, beidh an t-oifigeach no an seirbhíseach san ciontach i gcionta fén bhfo-alt alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí.

[EN]

Gnóthairí riachtanacha do dhéanamh fo-dhlithe.

42.—I gcás é bheith údaruithe do ghnóthaire riachtanach le haon Acht no ordú reachtúil fo-dhlithe do dhéanamh chun no i dtaobh an ghnótha d'aireachasú agus do bhainistí féadfaidh an gnóthaire sin, le toiliú an Aire agus le haontú an Aire Tionnscail agus Tráchtála, fo-dhlithe do dhéanamh i dtaobh aon fheidhmeanna forchuirtear no forchuirfear ar an ngnóthaire sin leis an gCuid seo den Acht so no le haon scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar (gnóthaire riachtanach) agus féadfar leis na fo-dhlithe sin pionós in éiric a sáruithe do cheapadh de mhéid ná raghaidh thar an méid maximum a bheidh luaidhte chuige sin sa reacht no san ordú fé n-a ndeintear fo-dhlithe gnáthacha an ghnóthaire sin.

[EN]

Gnóthairí riachtanacha do thógaint tailimh.

43.—(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so, féadfaidh gnóthaire riachtanach ar bith, le toiliú an Aire ar n-a thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) aon talamh do thógaint (go héigeanta no tré chó-aontú);

[EN]

(b) aon éasáid, no ceart eile ar bith, ar aon talamh no uisce no maidir leis do thógaint (go héigeanta no tré chó-aontú).

[EN]

(2) Beidh feidhm ag forálacha fo-alt (2) go (7) d'alt 17 (a bhaineann le húdaráis áitiúla do thógaint tailimh chun crícheanna scémeanna um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar) agus ailt 18 (a bhaineann le cúiteamh i dtalamh a thógfaidh údaráis áitiúla d'íoc agus do dhéanamh amach) den Acht so maidir le talamh no cearta thógfaidh gnóthairí riachtanacha fén alt so fé is dá n-achtuítí san alt so iad ach tagairtí do ghnóthaire riachtanach do chur in ionad tagairtí d'údarás áitiúil.

[EN]

Caiteachas gnóthairí riachtanacha.

44.—(1) Féadfaidh gnóthaire riachtanach ar bith dul fé chaiteachas chun aon cheann de sna crícheanna chun a bhféadfar scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar (gnóthaire riachtanach) d'ullamhú fén Acht so, pe'ca chun forálacha scéime den tsórt san do chur i bhfeidhm no nach eadh a raghfar fén gcaiteachas san, agus is caiteachas gur féidir ioncum no airgead eile an ghnóthaire riachtanaigh sin d'úsáid mar chabhair chun é íoc caiteachas ar bith den tsórt san, d'ainneoin aon tsrianta no teorann, ar n-a fhorchur le hAcht ar bith eile no le hordú reachtúil, maidir leis an ioncum no leis an airgead eile sin d'úsáid.

[EN]

(2) D'ainneoin aon tsrianta no teorann, ar n-a forchur le hAcht ar bith eile no le hordú reachtúil, féadfaidh gnóthaire riachtanach ar bith airgead d'fháil ar iasacht chun crícheanna an Achta so.

[EN]

(3) Is tuigthe gur go dleathach a chuathas fé chostaisí ar bith fé n-a ndeachaidh gnóthaire riachtanach chun crícheanna an Achta so tar éis an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1938, agus roimh an Acht so do rith.

[EN]

Srianta le comhachta gnóthairí riachtanacha do chur i leataoibh.

45.—Na comhachta bronntar no bronnfar agus na dualgaisí forchuirtear no forchuirfear ar ghnóthaire riachtanach leis an Acht so no fé, no le haon scéim um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar (gnóthaire riachtanach) a bheidh i bhfeidhm, beid infheidhmithe agus ionchólíonta ag an ngnóthaire riachtanach san d'ainneoin aon oblagáidí no dualgaisí no srianta ar n-a bhforchur ar an ngnóthaire riachtanach san le haon achtachán eile no le haon ordú go bhfeidhm reachtúil aige.

[EN]

Deontaisí Stáit do ghnóthairí riachtanacha.

46.—As airgead a sholáthróidh an tOireachtas, íocfaidh an tAire le haontú an Aire Airgeadais, mar chabhair chun íoctha an chaiteachais sin fé n-a raghaidh gnóthaire riachtanach fén gCuid seo den Acht so agus a cheadóidh an tAire do réir rialachán a déanfar fén gCuid seo den Acht so, deontaisí nach mó ná caoga per cent. den chaiteachas cheaduithe sin.

[EN]

Gnóthairí riachtanacha d'aisíoc deontaisí Stáit alos tailimh do thógaint.

47.—(1) I gcás aon talamh no ceart eile, bheidh tógtha ag gnóthaire riachtanach chun crícheanna na Coda so den Acht so, do bheith, dar leis an Aire, tar éis scur de bheith ag teastáil chun na gcrícheanna san, íocfaidh an gnóthaire riachtanach san leis an Aire, ar n-a éileamh san air, an tsuim sin (ná raghaidh thar méid an deontais a bheidh deonta ag an Aire fén alt deiridh sin roimhe seo alos na tógainte sin) a mheasfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, do bheith ceart.

[EN]

(2) Féadfar airgead ar bith is iníoctha leis an Aire fén alt so do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha ina aon chúirt dlighinse inniúla.

[EN]

(3) Déanfar aon airgead a híocfar leis an Aire fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

Rialacháin chun crícheanna Coda III.

48.—Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no aon ní no nithe acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) aon ní no rud dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní mar rud atá orduithe no le hordú le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén gCuid seo den Acht so;

[EN]

(b) an tAire do cheadú caiteachais gnóthairí riachtanacha, is caiteachas ar n-a chur suas chun crícheanna scéimeanna um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar (gnóthaire riachtanach), no is caiteachas ar n-a chur suas, le haontú an Aire agus ar shlí seachas de bhun scéimeanna um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar, chun daoine agus maoin do chosaint ar dhíobháil no ar dhamáiste i gcás ionnsaighe ón aer, agus go sonnrách an tslí ina measfar aon chaiteachas den tsórt san chun é cheadú amhlaidh,

[EN]

agus féadfaidh foráil do bheith in aon rialacháin den tsórt san á lomháil caiteachas den tsórt san ar n-a chur suas amhlaidh tar éis an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1938, do cheadú amhlaidh.

CUID IV.

Soillse d'Urdhubhadh agus Duaithniocht.

[EN]

Dualgas generálta sealbhairí monarchan agus únaerí mianach agus gnóthairí riachtanach.

49.—(1) Beidh sé de dhualgas ar shealbhaire aon áitreibh mhonarchan agus ar únaer aon mhianaigh agus ar ghnóthairí riachtanacha éinní is gá do dhéanamh láithreach chun a chur in áirithe ná beidh, i gcás práinne agus le linn aon tréimhse dorchadais—

[EN]

(a) aon tsoillse, bheidh laistigh d'aon fhoirgint san áitreabh no bheidh á n-úsáid chun crícheanna an mhianaigh no an ghnótha, le feicsint; ná

[EN]

(b) aon tsoillse ná beidh laistigh d'fhoirgint ar lasadh, maran rud é go mbeid riachtanach chun obair go mbeidh tácht náisiúnta ag baint léi do dhéanamh, agus go mbeid leorscáilithe, agus go mbeidh a gcomhacht laigheaduithe, agus, ach amháin i gcás ina n-ordóidh an tAire a mhalairt, gur féidir iad do mhúchadh láithreach tráth ar bith.

[EN]

(2) Féadfaidh cigire monarchan agus cigire mianach agus duine ar bith go n-údarás ón Aire, fé seach, fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar shealbhaire aon áitreibh mhonarchan agus ar únaer aon mhianaigh agus ar aon ghnóthaire riachtanach, fé seach, á cheangal ar an sealbhaire no ar an únaer no ar an ngnóthaire sin, na nithe sin, díobh san a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, a luadhfar sa bhfógra san do dhéanamh laistigh den am a luadhfar sa bhfógra.

[EN]

(3) Ní bhaineann an t-alt so le héinní le n-a ndeighleáltar sa chéad alt ina dhiaidh seo.

[EN]

Forálacha maidir le próiseasaí le n-a ngabhann lasracha no dian-lonnradh.

50.—(1) Má thárlann, i gcás próisis ar bith a bheidh ar siúl in áitreabh mhonarchan no in áitreabh aon ghnóthaire riachtanaigh. go mbeidh lasracha no dian-lonuradh le feicsint dá dhruim nach féidir a scáiliú le deis ba leor chun gnáth-shoillsiú foirginte do scáiliú, féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar shealbhaire an áitreibh mhonarchan no ar an ngnóthaire riachtanach, do réir mar a bheidh, á cheangal air na nithe sin a luadhfar sa bhfógra san do dhéanamh laistigh den am a luadhfar amhlaidh chun a chur in áirithe, i gcás práinne, ná beidh na lasracha no an dian-lonnradh ann feasta, no go mbeid scáilithe ar fad no go leathrannach, le linn aon tréimhse dorchadais.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar únaer mhianaigh ar bith, go mbeidh aon charnadh no cruinniú iarmairte ag gabháil leis a bheidh ag doghadh no i riocht go n-adhnfadh sé uaidh féin, á cheangal air na nithe sin a luadhfar sa bhfógra san do dhéanamh laistigh den am a luadhfar amhlaidh chun a chur in áirithe, i gcás práinne, ná beidh aon lasracha ná dion-lonnradh ag teacht ón gcarnadh no ón gcruinniú san, no go mbeidh aon lasracha no dian-lonnradh bheidh ag teacht amhlaidh scáilithe ar fad no go leathrannach, le linn aon tréimhse dorchadais.

[EN]

Duaithníocht.

51.—Féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar shealbhaire áitreibh mhonarchan ar bith, no ar aon ghnóthaire riachtanach, á cheangal air na nithe sin a luadhfar sa bhfógra san do dhéanamh laistigh den am a luadhfar amhlaidh chun a chur in áirithe, maidir leis an áitreabh monarchan no le haon chuid d'áitreabh an ghnóthaire (do réir mar a bheidh), go ndéanfar, no go bhféadfár, é chur i riocht ná beidh sé chó so-aithinte ag lucht acr-árthach i gcás ionnsaighe.

[EN]

Deontaisí Stáit fé Chuid IV.

52.—(1) As airgead a sholáthróidh an tOireachtas féadfar deontaisí, ná raghaidh thar leath costaisí ceaduithe dhuine ar bith (go mbeifear tar éis fógra do sheirbheáil air fé cheachtar den dá alt deiridh sin roimhe seo) ar n-a gcur suas chun na nithe do dhéanamh a bheidh luaidhte sa bhfógra san, d'íoc mar chabhair chun íoctha na gcostaisí sin.

[EN]

(2) San alt so cialluíonn “costaisí ceaduithe” na costaisí sin de chineál chapitiúil a cheadóidh an tAire. le toiliú an Aire Airgeadais, chun crícheanna an ailt seo.

[EN]

Pionóisí mar gheall ar gan déanamh do réir fhógra.

53.—Má theipeann ar dhuine ar bith ar a sheirbheálfar fógra fé aon fhoráil acu san roimhe seo den Chuid seo den Acht so déanamh do réir cheanglacha an fhógra san, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fineáil ná raghaidh thar céad punt do chur air, agus i gcás an teip, gur ina taobh do ciontuíodh an duine sin amhlaidh, do leanúint tar éis an chiontuithe dlighfear, ar an duine sin do chiontú ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt in aghaidh gach lae leanfa sí do chur air.

[EN]

Féadfaidh an chúirt a chiontóidh daoine ar bith fén bhfo-alt so tréimhse réasúnta o dháta an chiontuithe do cheapadh chun iad do dhéanamh do réir cheanglacha an fhógra, agus, i gcás an chúirt do cheapadh tréimhse den tsórt san, ní bheidh an pionós laethúil sin ionbhainte amach in aghaidh aon lae roimh dheireadh na tréimhse sin.

[EN]

Cosaint do Chuid III.

54.—Ní déanfar na forálacha san roimhe seo den Chuid seo den Acht so bhaineann le gnóthairí riachtanacha do léiriú mar fhorálacha theorannuíonn generáltacht fhorálacha Coda III den Acht so ach ní deonfar deontas fén gCuid seo den Acht so agus fós deontas fén gCuid sin den Acht so alos na gcostaisí céanna.

[EN]

Comhachta chun dul isteach in áitreabh.

55.—(1) Beidh sé de cheart ag oifigeach údaruithe ar bith, ach scríbhinn éigin a bheidh dílse-dheimhnithe go cuibhe agus a thaisbeánfaidh a údarás do thabhairt ar áird, dul isteach in áitreabh ar bith gach tráth réasúnta—

[EN]

(a) chun a fháil amach an bhfuil aon tsárú maidir le forálacha na Coda so den Acht so no le haon fhógra bheidh tugtha fén gcéanna, no aon fhaillí maidir leis na forálacha no leis an bhfógra san do chólíonadh, déanta no á dhéanamh san áitreabh san no ina thaobh;

[EN]

(b) chun a fháil amach ce'ca atá no ná fuil cúrsaí ann d'údaródh, no gur gá dá ndruim, aon ghníomh do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so.

[EN]

(2) Má cuirtear ina luighe ar bhreitheamh den Chúirt Dúithche tré fhaisnéis fé mhionn i scríbhinn—

[EN]

(a) gur diúltuíodh do chead do thabhairt chun dul isteach in aon áitreabh áirithe, no go bhfuiltear ag coinne go ndiúltófar amhlaidh, no go bhfuil an t-áitreabh gan bheith sealbhuithe, no go bhfuil an sealbhaire as láthair go sealadach, no gur cás práinne an cás, no go gcuirfí an chúis atá leis an dul isteach ar neamh-ní dá n-iarrtaí cead chun dul isteach; agus

[EN]

(b) go bhfuil fáth réasúnta ann chun dul isteach san áitreabh san chun aon chríche den tsórt san adubhradh, féadfaidh an breitheamh san, le barántas fé n-a láimh, a údarú d'oifigeach údaruithe dul isteach san áitreabh san, le héigean más gá san, ach ní tabharfar an barántas san amach maran deimhin leis an mbreitheamh san gur tugadh fógra don tsealbhaire i dtaobh é bheith beartuithe barántas d'iarraidh, no go bhfuil an t-áitreabh gan bheith sealbhuithe, no go bhfuil an sealbhaire as láthair go sealadach, no gur cás práinne an cás, no go gcuirfí an chúis atá leis an dul isteach ar neamh-ní dá dtugtaí an fógra san.

[EN]

(3) Féadfaidh oifigeach údaruithe a bheidh ag dul isteach in áitreabh ar bith de bhuadh an ailt seo, no de bhuadh barántais ar n-a thabhairt amach fén alt so, pé daoine eile do thabhairt ina theanta is gá, agus ar imeacht as áitreabh nea-shealbhaithe ar bith go mbeidh sé tar éis dul isteach ann de bhuadh barántais den tsórt san fágfaidh an t-áitreabh san dúnta chó daingean san in aghaidh lucht tairsce agus a fuair sé é.

[EN]

(4) Leanfaidh gach barántas a deonfar fén alt so i bhfeidhm go dtí go ndéanfar an ní is cúis leis an dul isteach do thabhairt chun críche.

[EN]

(5) Má dheineann duine ar bith, a leigfear isteach i monarchain no i siopa oibre no in áit oibre i gcólíonadh forálacha an ailt seo no barántais ar n-a thabhairt amach fén alt so, aon eolas a gheobhaidh sa mhonarchain no sa tsiopa oibre no san áit oibre sin i dtaobh aon phróisis déantóireachta no rúin chéirde do nochtadh d'éinne, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, maran i gcólíonadh a dhualgais do nocht sé an t-eolas san, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig céad punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag.

[EN]

(6) Má dheineann duine ar bith oifigeach údaruithe do bhac no do chosc agus é ag feidhmiú aon chirt a bheirtear don oifigeach san leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

[EN]

(7) Is oifigeach údaruithe chun crícheanna an ailt seo gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) cigire monarchan;

[EN]

(b) cigire mianach;

[EN]

(c) duine ar bith go n-údarás i scríbhinn ón Aire chun na gcomhacht a bheirtear d'oifigeach údaruithe leis an alt so d'fheidhmiú.

[EN]

Forálacha maidir le húdaráis áitiúla do dhorchú soillse.

56.—Ní dhéanfaidh éinní atá in aon achtachán, á cheangal ar údarás áitiúil a chur fé ndeár a líomatáiste go léir no aon chuid áirithe dhe do shoillsiú, é bheith nea-dhleathach don údarás san a chur fé ndeár soillse bóthar agus áiteanna puiblí ina líomatáiste go léir no in aon chuid áirithe dhe do dhorchú no do mhúchadh—

[EN]

(a) chun tréineáil no cleachtadh do thabhairt do dhaoine ar bith maidir le réamhchúram in aghaidh aer-ruarthar; no

[EN]

(b) chun gléasanna, le haghaidh trácht do choimeád ar siúl ar shráideanna gan solus, do thástáil.

CUID V.

Foralacha Ilghneitheacha.

[EN]

Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn d'fhoirshealbhú áitreabhacha.

57.—(1) Pé uair a chífear don Aire é bheith oiriúnach san do dhéanamh, de dheascaibh práinne do bheith ag tuaradh gur baol dá dhruim ionnsaighe ón aer, féadfaidh, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú go dtiocfaidh forálacha fo-ailt (3) den alt so i ngníomh, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san tiocfaidh forálacha fo-ailt (3) den alt so i bhfeidhm agus fanfaid i bhfeidhm go dtí go gceiliúrfar an t-ordú san.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú bheidh déanta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh.

[EN]

(3) Féadfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn (dá ngairmtear na Coimisinéirí san alt so) seilbh do ghlacadh agus do choimeád ar áitreabh ar bith is dóich leis na Coimisinéirí ba cheart a chur ar fáil chun úsáide aon Aire Stáit, no chun úsáide aon daoine eile bheidh ag gníomhú i bhfeidhmeannas shíbhialta thar ceann an Stáit, d'fhonn deighleáil leis na cúrsaí práinne do thiocfadh i gcás ionnsaighe náimhdigh ón aer.

[EN]

(4) I gcás é bheith údaruithe do sna Coimisinéirí leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo seilbh do ghlacadh ar áitreabh ar bith féadfaidh na Coimisinéirí, d'fhonn na seilbhe sin do ghlacadh, aon mhaoin áirithe bheidh san áitreabh san do thógaint as no a cheangal ar an sealbhaire í thógaint as, agus féadfaid na nithe eile sin do dhéanamh is gá chun an áitreibh sin do chur i staid go bhféadfar é úsáid chun na críche bheidh beartuithe.

[EN]

(5) Más rud é—

[EN]

(a) go ndiúltóidh sealbhaire áitreibh ar bith aon mhaoin áirithe do thógaint as an áitreabh san nuair a cheanglóidh na Coimisinéirí air fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo san do dhéanamh, no

[EN]

(b) go ndéanfadh duine ar bith éinne bheidh ag gníomhú thar ceann na gCoimisinéirí do bhac no do chosc agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bheidh tugtha dhóibh fén alt so,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

[EN]

(6) I gcás seilbh do ghlacadh ar áitreabh ar bith fén alt so íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas an cúiteamh san, agus san leis na daoine sin, a chinnfidh an tOireachtas ina dhiaidh seo.

[EN]

Deontaisí Stáit alos fostóirí áirithe do chur díonadh ar aer-ruathar ar fáil.

58.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le gach duine raghaidh fé chostaisí de chineál chaipitiúil chun díonadh ar aer-ruathar de shaghas a bheidh ceaduithe ag an Aire do chur ar fáil no chun a áirithiú go gcuirfear é ar fáil (in aon chontae-bhuirg, no in áit is baile-líomatáiste sceidealta do réir bhrí Coda II den Acht so) i gcóir daoine ar fostú ag an duine sin (ar shlí seachas i bhfoirgint a bheidh á sealbhú ar fad no nach mór ar fad mar scoil, mar choláiste, mar thigh ósta, mar thigh bidh, mar chlub, mar áit siamsa no áit áineasa phuiblí, mar ospidéal no mar thigh banaltrais), deontas is có-mhéid leis an gcion oiriúnach den mhéid sin de sna costaisí sin a mheasfaidh an tAire do bheith réasúnta.

[EN]

(2) I bhfo-alt (1) den alt so—

[EN]

ní fholuíonn an abairt “daoine ar fostú”—

[EN]

(a) daoine ar fostú mar sheirbhísigh tighis,

[EN]

(b) daoine ar fostú ar shlí eile sa mhéid sin no i gcóir an mhéide sin d'fhoirgint a húsáidtear chun crícheanna tighis;

[EN]

cialluíonn an abairt “an cion oiriúnach” méid fén bpunt is cómhéid le ráta caighdeánach na cánach ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1939.

[EN]

(3) Ní híocfar aon deontas fén alt so alos costaisí fé n-a raghfar chun díonadh ar aer-ruathar do chur ar fáil no chun a áirithiú go gcuirfear é ar fáil maran rud é—

[EN]

(a) go mbeidh an díonadh curtha ar fáil roimh an 1adh lá d'Eanar, 1940, no roimh an dáta san is déanaí ná san a cheapfaidh an tAire in aon chás áirithe tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais; no

[EN]

(b) go mbeidh obair ar an díonadh ar siúl an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1939, agus gur deimhin leis an Aire go mbeidh an díonadh ar fáil fé cheann ama réasúnta dá éis sin;

[EN]

agus ní tuigthe chun crícheanna an ailt seo aon chostaisí do bheith réasúnta sa mhéid a raghaid thar an gcaighdeán san a bheidh orduithe le rialacháin (a húdaruítear leis seo don Aire a dhéanamh) ar n-a ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais, maran i gcás 'na mbeidh orduithe amhlaidh ina thaobh a raghfar fútha.

[EN]

Faoiseamh o rátaí i gcás oibreacha cosanta in aghaidh aerruathar.

59.—(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas den alt so i dtreo go dtabharfar faoiseamh o rátaí maidir le hoibreacha áirithe glacfar de láimh d'fhonn daoine agus maoin do chosaint ar dhíobháil no ar dhamáiste i gcás ionnsaighe ón aer (dá ngairmtear “cosaint ar aer-ruathar” san alt so).

[EN]

(2) Nuair a bheidh luacháil ionoighreachta á déanamh amach fé sna hAchtanna Luachála, ní tabharfar aon áird—

[EN]

(a) ar aon tseomra ná ar aon chuid eile den ionoighreacht a bheidh curtha leis an ionoighreacht, tráth ar bith tar éis na hionoighreachta do mheas den chéad uair, no bheidh curtha san ionoighreacht, roimh í mheas, chun cosaint ar aer-ruathar do thabhairt agus chuige sin amháin agus ná beidh á shealbhú ná á úsáid chun críche eile ar bith;

[EN]

(b) ar aon atharuithe déanmhais ná ar aon fheabhsuithe ar an ionoighreacht (seachas aon tseomra no cuid eile den tsórt san adubhradh do chur léi) do rinneadh, tráth ar bith tar éis na hionoighreachta do mheas den chéad uair, chun cosaint ar aer-ruathar do thabhairt agus chuige sin amháin.

[EN]

(3) Ní dhlighfidh éinne rátaí d'íoc in aghaidh tréimhse ar bith alos ionoighreachta bheidh beartuithe a shealbhú agus a úsáid chun cosaint ar aer-ruathar do thabhairt agus chuige sin amháin agus ná beidh á sealbhú ná á húsáid chun críche ar bith eile, ná ní tuigthe chun crícheanna rátaíochta é do shealbhú na hionoighreachta san agus, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Luachála, ní déanfar aon ionoighreacht den tsórt san d'áireamh maidir le haon ráta buailfear in aghaidh tréimhse ar bith.

[EN]

(4) Má bhíonn aon tseomra, no aon chuid eile d'ionoighreacht den tsórt san dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (2) den alt so, no aon ionoighreacht den tsórt san dá dtagartar sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, á shealbhú no á úsáid chun aon chríche seachas chun cosaint ar aer-ruathar do thabhairt beidh san, chun críche na nAchtanna Luachála, ina chúis a dhéanfaidh deifir do luacháil na hionoighreachta,

[EN]

An tAire do chur seirbhísí agus tréineála agus gléasra um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar ar fáil.

60.—(1) Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, na seirbhísí sin do sholáthar agus na daoine sin do thréineáil agus an gléasra san um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar d'fháil, tré íoc asta amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mheasfa sé is gá chun cosaint do thabhairt do dhaoine agus do mhaoin i gcás ionnsaighe ón aer, agus aon ghléasra den tsórt san do thabhairt ar iasacht no do chur ar fáil in aisce no do dhíol.

[EN]

(2) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh an 31adh lá de Mhárta, 1937.

[EN]

Rialacháin i dtaobh gléasra um réamhchúram in aghaidh aerruathar do stóráil, etc.

61.—(1) Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no aon ní no nithe acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) gléasra um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar ar n-a fháil aige fén Acht so, agus ar n-a thabhairt aige ar iasacht no ar n-a chur ar fáil aige in aisce (roimh an Acht so do rith no dá éis sin), do stóráil;

[EN]

(b) an gléasra san do thabhairt ar iasacht, do chur ar fáil in aisce, agus do dhíol.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith (tré ghníomh no tré fhaillí) foráil ar bith a bheidh in aon rialacháin a bheidh déanta fén alt so do shárú beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

[EN]

Pionós mar gheall ar ghléasra um réamhchúram in aghaidh aerruathar do dhamáistiú.

62.—(1) Má dheinennn duine ar bith go toiliúil aon ghléasra um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar, a bheidh tugtha ar iasacht dó no curtha ar fáil in aisce dhó fén Acht so no bheidh fé n-a chúram chun crícheanna an Achta so, do dhamáistiú no a chur fé ndeár no a lomháil é dhamáistiú, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus, i dteanta na fíneála san, go n-íocfa sé leis an Aire, chun aon dámáiste den tsórt san do shlánú, an tsuim sin is cóir dar leis an gcúirt.

[EN]

(2) Déanfar aon airgead a híocfar leis an Aire fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

Rialáil do dhéanamh maidir le gléasra um réamhchúram in aghaidh aerruathar d'iomportáil agus do dhíol.

63.—(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire ceachtar ní no an dá ní acu so leanas do dhéanamh le hordú, sé sin le rá:—

[EN]

(a) iomportáil aon earra (is earra ghléasra um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar) a luadhfar san ordú san do rialáil (le n-a n-áirmhítear í thoirmeasc) sa tslí sin is ceart dar leis an Aire;

[EN]

(b) díol aon earra (is earra ghléasra um réamhchúram in aghaidh aer-ruathar) a luadhfar san ordú san do rialáil (le n-a n-áirmhítear é thoirmeasc) sa tslí is ceart dar leis.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta aige fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).

[EN]

(3) Má dheineann duine ar bith aon fhoráil a bheidh in ordú bheidh déanta fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do shárú no thabhairt fé n-a sárú, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

[EN]

(4) Is tuigthe earraí, go dtoirmeascfar le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so iad d'iomportáil, do bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear sa Chlár de Thoirmisc agus de Shrianta maidir le hEarraí do Theacht Isteach atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht san, ar n-a leasú no ar n-a leathnú le haon Acht ina dhiaidh sin, a bhaineann le hearraí toirmiscthe no srianta d'iomportáil.

[EN]

(5) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

[EN]

Cúiteamh i gcás díobhála do dhaoine ar bheith ag gabháil dóibh do ghníomhachtaí um réamhchúram in aghaidh aerruathar.

64.—(1) Baineann an t-alt so le díobhála pearsanta ar n-a dtárlachtaint, do sna daoine sin agus san sna cúinsí sin a bheidh luaidhte i scéim ar n-a déanamh fé fho-alt (2) den alt so, le linn tréineáil no cleachtadh i dtaobh réamhchúraim in aghaidh aerruathar do bheith á thabhairt do sna daoine sin no á thabhairt acu do dhaoine eile, agus is díobhála ar n-a dtárlachtaint in aimsir shíochána.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais scéim do dhéanamh á fhoráil go ndéanfar na suimeanna tréimhsiúla san no na cnap-shuimeanna san a luadhfar sa scéim sin d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le daoine no le cleithiúnaithe daoine dá dtárlóidh díobhála le n-a mbaineann an t-alt so.

[EN]

(3) Féadfar scéim fé fho-alt (2) den alt so do cheiliúradh no d'atharú le scéim ar n-a déanamh ina dhiaidh sin fén bhfo-alt san.

[EN]

(4) I gcás aon díobháil le n-a mbaineann an t-alt so do thárlachtaint do dhuine ar bith, ní bheidh aon chúiteamh ná airgead damáiste iníoctha alos na díobhála san, fé Acht ar bith ná do réir an dlí choitianta, ag fostóir an duine dhíobháluithe ná ag duine ar bith bheidh ag tabhairt tréineála no cleachtaidh don duine dhíobháluithe no ag fáil tréineála no cleachtaidh ina theanta.

[EN]

(5) San alt so foluíonn an abairt “díobháil phearsanta” aon díobháil phearsanta as a dtiocfaidh bás do dhuine.

[EN]

Pictiúirí d'aistriú ón nGaileirí Náisiúnta.

65.—D'fhonn pictiúirí i nGaileirí Náisiúnta na hÉireann do chosaint ar dhíobháil tré ionnsaighe ón aer, féadfaidh Gobharnóirí agus Caomhnóirí Ghaileirí Náisiúnta na hÉireann na pictiúirí sin no aon chuid acu d'aistriú ón nGaileirí Náisiúnta go dtí an áit no na háiteanna san is oiriúnach leo agus aon phictiúirí a haistreofar amhlaidh do choimeád san áit no sna háiteanna san ar feadh na tréimhse sin is oiriúnach leo.

SCEIDEAL.

Baile-Liomataisti Sceidealta.

Bailecheanntar Bhrí Cualann.

Bailecheanntar an Chóibh.

Buirg Dhroichead Atha.

Bailecheanntar Dhún Dealgan.

Buirg Dhún Laoghaire.

Buirg Loch Garman.