[EN]

Uimhir 21 de 1974


[EN]

AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA, 1959 GO 1970. [16 Iúil, 1974] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1970, Uimh. 9.

1959, Uimh. 36.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970;

[EN]

ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959.

[EN]

(2) Déanfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1970, agus an tAcht seo a fhorléiriú mar aon ní amháin.

[EN]

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2.—Aisghairtear leis seo an méid sin d'alt 2 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 8 d'Acht 1970) a fhorálann nach mó ná seacht milliún déag punt comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a shuibscríobh faoin alt sin chun scaireanna sa Chuideachta a thógáil agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná fiche is cúig mhilliún punt comhiomlán na suimeanna a shuibscríobhfar amhlaidh.

[EN]

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht agus ar alt 2 d'Acht 1970.

3.—Aisghairtear leis seo alt 9 d'Acht 1970 agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná seacht milliún déag punt comhiomlán na ndeontas a thabharfar don Chuideachta faoi alt 8 den Phríomh-Acht agus faoi alt 2 d'Acht 1970.

[EN]

Airleacain don Chuideachta ón Aire Airgeadais.

1963, Uimh. 27.

1961, Uimh. 31.

4.—Aisghairtear leis seo alt 10 d'Acht 1970 agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná seacht milliún déag punt comhiomlán na n-airleacan faoi alt 4 (1) den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1963, agus na n-airleacan faoi alt 4 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1961.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

5.—(1) Féadfar an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1974, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1974, a ghairm de na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1970, agus den Acht seo le chéile.