[EN]

Uimhir 2 de 1959.


[EN]

AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA FORBARTHA MÓNA, 1946 GO 1958. [18 Márta, 1959.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— [EN]

Airleacain chun an Bhoird as an bPríomhchiste.

1946, Uimh. 10.

1953, Uimh. 19.

1.—(1) Déantar leis seo alt 53 den Acht Forbartha Móna, 1946, a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1) (a cuireadh isteach ann le fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Forbartha Móna, 1953) :

[EN]

“(1) Chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, faoin alt seo agus ar mholadh an Aire, cibé suimeanna (nach mó san iomlán ná naoi milliún déag punt) a iarrfaidh an Bord ó am go ham a airleacan ó am go ham chun an Bhoird as an bPríomhchiste nó a thoradh fáis.”

[EN]

(2) Athghairtear leis seo alt 2 den Acht Forbartha Móna, 1953.

[EN]

Alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957, a leasú.

1957, Uimh. 10.

2.—Déantar leis seo alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957 (a bhaineann le cumhachtaí áirithe de chuid an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht) a leasú trí fho-alt (3) a scriosadh agus “naoi milliún déag punt” a chur in ionad “cheithre mhilliún déag punt” i bhfo-alt (4).

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

3.—(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1959, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1958, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1959, a ghairm díobh le chéile.