Uimhir 22 de 1928.
ACHT CÁIRDE TALMHAÍOCHTA, 1928.
[30adh Iúl, 1928.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an tAcht Cáirde Talmhaíochta, 1927 (Uimh. 24 de 1927);
cialluíonn an focal “Acht 1891” an Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891;
cialluíonn an focal “an Chorparáid” Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta; agus
cialluíonn an focal “clárú” clárú i gclár a cimeádtar fé Acht 1891 agus is dá réir sin a léireofar atá gaolmhar leis.
Tosach ag muirir áirithe i bhfabhar don Chorparáid.
2.—(1) I gcás—
(a) duine do bheith cláruithe i gclár de shaor-shealbhairí a cimeádtar fé Acht 1891 mar lán-únaer tailimh, agus
(b) an clárú san do bheith fé réir nóta (dá ngairmtear san Acht so nóta i dtaobh cothromaí) go bhfuil an talamh san cláruithe fé réir na gceart no na gcothrom (más ann dóibh) a tháinig as an leas do dílsíodh i nduine do cheannuigh é fé sna hAchtanna Talamh-Cheannuigh d'áireamh mar ghreamú ar roimh-leas an cheannuitheora san no a tháinig in aon tslí eile as an roimh-leas san do bheith ann, agus
(c) an duine sin do chur íoc suime colna nách mó ná ceithre chéad punt mar mhuirear ar an talamh san i bhfabhar don Chorparáid, agus
(d) an muirear san do bheith cláruithe go cuibhe sa chlár san mar ualach a dhineann deifir don talamh san, agus
(e) gan aon lis pendens do bheith iontrálta sa chlár i gcoinnibh an tailimh sin;
ansan (fé réir forálacha an ailt seo), i gcoinnibh an tailimh sin, beidh tosach ag an muirear san agus déanfa sé sárú ar gach estát, leas, eire agus éileamh a bheidh sa talamh san no air no ina choinnibh agus a bheidh, ar dháta cláruithe an mhuirir sin, gan bheith iontrálta sa chlár ach iad á gcimeád de bhua an nóta san i dtaobh cothromaí.
(2) Más rud é ar dháta instruimide le n-a gcruthnuítear muirear ar thalamh chláruithe a bheadh, ar a chlárú, i dteideal tosach do bheith aige fén alt so, go mbíonn foláramh fé alt 69 d'Acht 1891 ar an gclár i dtaobh an tailimh sin agus gurb é do lóisteáil an foláramh san ná duine adeir go bhfuil teideal aige chun éilimh chothruim, mar a mínítear é leis an alt so, maidir leis an talamh san agus má dintar aon uair tar éis clárú an mhuirir sin an t-éileamh cothrom san do chlárú mar estát no mar leas sa talamh san no mar ualach air, ansan, d'ainneoin éinní atá san Acht so, is fé is ná rithfí an tAcht so a socrófar cadé an tosach atá ag an muirear san agus ag an éileamh cothrom san ar a chéile.
(3) San Acht so—
gairmtear talamh cláruithe de thalamh atá cláruithe i gclár de shaor-shealbhairí a coinnítear fé Acht 1891;
gairmtear muirear tosaíochta de mhuirear ar thalamh chláruithe dá dtugtar tosach leis an alt so;
gairmtear morgáisteoir de dhuine do thug muirear tosaíochta uaidh;
gairmtear éilithe cothroma de sna nithe seo le chéile, eadhon, estáit, leasanna, eirí agus éilithe, i dtalamh cláruithe no air no ina choinnibh, a bheidh, ar dháta cláruithe muirir thosaíochta i gcoinnibh an tailimh sin, gan bheith iontrálta sa chlár san ach iad á gcimeád de bhua nóta i dtaobh cothromaí;
gairmtear éilitheoir cothrom de dhuine i dteideal éilimh chothruim i gcoinnibh tailimh chláruithe; agus
cialluíonn an focal “muirear buan-fheabhais” muirear tosaíochta 'na dtaisbeánfidh an morgáistéoir ina thaobh gur dhin an Chorparáid an tsuim cholna a hurruítear leis an muirear san do roimh-íoc chuige seo amháin, eadhon, chun foirgintí do thógáil ar an talamh is abhar don mhuirear san no chun buanfheabhsuithe do dhéanamh ar an talamh san do raghadh chun torthúlacht an tailimh sin do mhéadú no chun a méadú san do chur in usacht no chun cabhruithe leis, agus gur chun ceann amháin no níos mó de sna crícheanna san agus chuige sin amháin a dineadh an tsuim cholna san do chaitheamh.
Cirt daoine ag a bhfuil leasanna cothroma.
3.—(1) Chó fada leis an ord a bheidh idir an morgáisteoir do thug muirear tosaíochta uaidh nách muirear buan-fheabhais agus éilitheoirí cothroma (lasmuich den mhorgáisteoir sin) 'na mbeidh éileamh acu i gcoinnibh tailimh dá ndineann an muirear san deifir, tuigfar an muirear san do bheith muirearuithe ar gach aon estát agus leas (más ann dóibh), sa talamh san, 'na raibh an morgáisteoir sin, ar dháta cláruithe an mhuirir sin, no 'na dtáinig sé chun bheith aon uair ina dhiaidh sin, i dteideal chun a dtairbhe mar shlánú ar gach éileamh cothrom ag éilitheoirí cothroma lasmuich den mhorgáisteoir sin i gcoinnibh an tailimh sin.
(2) Gach airgead a híocfar leis an gCorparáid ag éilitheoir cothrom no as scair, as estát no as leas éilitheora chothruim (lasmuich den mhorgáisteoir) 'na mbeidh éileamh aige i gcoinnibh tailimh chláruithe ar scór muirir thosaíochta nách muirear buan-fheabhais ar an talamh san, aisíocfidh an morgáisteoir leis an éilitheoir sin é, ar a éileamh san air, maraon le hús air do réir ráta cúig per cent. per annum agus go dtí go n-aisíocfar san amhlaidh beidh an t-airgead san agus an t-ús san air ina bhfiacha ag an duine sin ar an morgáisteoir agus tuigfar iad do bheith muirearuithe i bhfabhar don duine sin ar gach aon leas agus estát (más ann dóibh) 'na mbeidh an morgáisteoir sin i dteideal chun a dtairbhe sa talamh san no i dtora a dhíola ar dháta íoctha an airgid sin leis an gCorporáid.
Cosaint do mhion-aoisigh agus do gheilteanna.
4.—(1) I gcás talamh cláruithe do bheith fé mhuirear thosaíochta nách muirear buan-fheabhais agus duine a bheidh ar dháta cláruithe an mhuirir sin i dteideal éilimh chothruim i gcoinnibh an tailimh sin do bheith ar dháta an chláruithe sin fé bhun bliain is fiche d'aois no gan meabhair shlán aige, beidh an duine sin aon uair tar éis an chláruithe sin ach, i gcás duine fé bhun bliain is fiche d'aois ar dháta an chláruithe sin, ní tar éis a chúig bliana fichead do shlánú dho i dteideal ordú d'fháil ón gCúirt Chuarda á ordú go dtabharfadh an morgáisteoir don duine sin, tré urrús do thabhairt uaidh, tré airgead do lóisteáil sa chúirt no ar pé slí eile a cheadóidh an chúirt, slánú is dó leis an gCúirt is leor mar chosaint don éileamh chothrom a bheidh ag an duine sin i gcoinnibh an mhuirir thosaíochta san agus, mara dtugaidh an morgáisteoir an slánú san uaidh laistigh de ráithe tar éis dáta an orduithe sin, go ndíolfadh an Chúirt an talamh cláruithe sin agus go gcuirfí tora an díola san chun críche do réir dlí agus, in aon chás, go n-íocfadh an morgáisteoir na costaisí do bhí ar an duine sin maidir leis an ordú san, leis an iarratas air, agus le gach imeacht fé, nuair a bheidís measta mar chostaisí idir atúrnae agus cliant.
(2) Aon tslánú a thabharfidh morgáisteoir uaidh do réir ordú fén bhfo-alt san roimhe seo beidh sé ionchurtha i bhfeidhm, le cead na Cúirte Cuarda agus ar pé slí a ordóidh an Chúirt sin, pé uair a déanfar an muirear tosaíochta gur tugadh an slánú san ina thaobh do chur i bhfeidhm i slí a dhéanfadh dochar don éileamh chothrom gur tugadh an slánú san chun a chosanta no i pé cás eile is dó leis an gCúirt sin a dhéanfadh é bheith cóir agus cothrom an slánú san do chur i bhfeidhm.
(3) Na cirt agus na tairbhí a bronntar ar éinne leis an alt so beid mar bhreis ar aon chirt no tairbhí eile chun a mbeidh teideal ag an duine sin fén Acht so agus beid gan dochar dóibh.
(4) Ní deonfar aon ordú fé fho-alt (1) den alt so gan fógra do thabhairt don mhorgáisteoir maran dó leis an gCúirt gur ceart déanamh in éamais an fhógra san.
Gearr-theideal agus luadh.
5.—Féadfar an tAcht Cáirde Talmhaíochta, 1928, do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Cáirde Talmhaíochta, 1927 agus 1928, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.