Uimhir 22 de 1963.
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1963.
[An tiontú oifigiúil.]
Méadú ar dheontais neamhinaisíochta áirithe do Bhord Fáilte Éireann.
1.—Ní rachaidh méid comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta a íoc le Bord Fáilte Éireann (dá ngairtear an Bord san alt seo), chun an Bord do thabhairt deontais le haghaidh coiríocht saoire a fhorbairt, thar £1,500,000 agus, dá réir sin, déanfar mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959, a fhorléiriú ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear sa mhír sin.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1963, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1963, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1961, agus den Acht seo le chéile.