Uimhir 27 de 1959.
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1959.
[An tíontó oifigiúil.]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “an Bord” Bord Fáilte Éireann;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.
(2) Forléireofar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1957, agus an tAcht seo mar aon ní amháin.
Deontais neamhinaisíoctha an Bhord.
2.—(1) Feadfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, ó am go ham, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas—
(a) cibé suimeanna a íoc leis an mBord nach mó san iomlán ná £1,000,000 a theastóidh ón mBord chun deontais a thabhairt le haghaidh mór-láithreacha cuartaíochta a fhorbairt, agus
(b) cibé suimeanna a íoc leis an mBord nach mó san iomlán ná £500,000, a theastóidh ón mBord chun deontais a thabhairt le haghaidh cóiríocht saoire a fhorbairt.
(2) Ní dhéanfaidh an Bord aon suimeanna a íocfar leis an mBord faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo a úsáid chun aon chríche seachas an chríoch a shonraítear sa mhír sin.
(3) Ní dhéanfaidh an Bord aon suimeanna a íocfar leis an mBord faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo a úsáid chun aon chríche seachas an chríoch a shonraítear sa mhír sin.
(4) Ní íocfaidh an tAire leis an mBord aon suimeanna faoi fho-alt (1) den alt seo tar éis deireadh deich mbliana dar tosach dáta an Achta seo a rith.
(5) Ní bheidh suimeanna a íocfar leis an mBord faoin alt seo inaisíoctha.
(6) Aon suimeanna is iníoctha leis an mBord faoin alt seo is suimeanna iad i dteannta suimeanna is iníoctha leis an mBord faoi alt 7 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1955.
Gearrtheideal agus comhlua.
3.—(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1959, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1959, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1957, agus den Acht seo le chéile.