Uimhir 23 de 1985
ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1985
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Acht na gCúirteanna, (Uimh. 2), 1981 | |
Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1983 | |
Uimhir 23 de 1985
ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1985
[An tiontú oifigiúil]
An líon gnáthbhreithiúna san Ard-Chúirt.
1.—(1) Fad a bheidh an t-alt seo i bhfeidhm déanfar an tagairt in alt 1 d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1981, do cheithre dhuine dhéag a fhorléiriú mar thagairt do chúig dhuine dhéag.
(2) Scoirfidh an t-alt seo d'fheidhm a bheith leis an lá is túisce a tharlóidh folúntas i measc ghnáth-bhreithiúna na hArd-Chúirte tar éis an 2ú lá d'Aibreán, 1987.
Leasú ar Acht na gCúirteanna, 1977.
2.—Leasaítear leis seo Acht na gCúirteanna, 1977—
(a) in alt 1, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le halt 30 d'Acht na gCúirteanna, 1981):
“(2) Cúig dhuine dhéag ar a mhéid an líon gnáthbhreithiúna a bheidh sa Chúirt Chuarda.”,
agus
(b) in alt 2—
(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) (a cuireadh isteach leis an alt sin 30) d'fho-alt (1):
“(a) Beidh seisear breitheamh den Chúirt Chuarda buansannta do Chuaird Bhaile Átha Cliath.”,
agus
(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) (a cuireadh isteach leis an alt sin 30) d'fho-alt (2):
“(a) do Chuaird Bhaile Átha Cliath más rud é ar dháta an cheaptha gur lú ná seisear an líon breithiúna a bheidh buansannta don chuaird sin, nó”.
Iarmhartach.
3.—Fad a bheidh alt 1 den Acht seo i bhfeidhm, déanfar mír (b) (a cuireadh isteach le hAcht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1981) d'fho-alt (1) d'alt 14 den Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975, a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, amhail is dá mba thagairt do shé dhuine dhéag gach tagairt inti do chúig dhuine dhéag.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
4.—(1) Féadfar Acht na gCúirteanna, 1985, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1985, a ghairm d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1983, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.