[EN]

harp.jpg


Uimhir 23 de 1988


[EN]

AN tACHT UM AN gCÓRAS BEOSTOIC AGUS FEOLA (LEASÚ), 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

An Príomh-Acht.

2.

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

3.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

4.

Leasú ar alt 28 den Phríomh-Acht.

5.

Leasú ar alt 29 den Phríomh-Acht.

6.

Leasú ar alt 31 den Phríomh-Acht.

7.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

8.

Cionta ag stiúrthóirí, etc., de chuid comhlachtaí corpraithe.

9.

Méid an tobhaigh is iníoctha i gcásanna áirithe a mheas.

10.

Fianaise in imeachtaí chun tobhach a ghnóthú.

11.

Rialacháin.

12.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um an gCóras Beostoic agus Feola, 1979

1979, Uimh. 25

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

harp.jpg


Uimhir 23 de 1988


AN tACHT UM AN gCÓRAS BEOSTOIC AGUS FEOLA (LEASÚ), 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM AN gCÓRAS BEOSTOIC AGUS FEOLA, 1979. [11 Iúil, 1988] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um an gCóras Beostoic agus Feola, 1979.

[EN]

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

2.—Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “beostoc”:

[EN]

“ciallaíonn ‘beostoc’ bó-ainmhithe, caoirigh agus muca agus cibé speicis eile ainmhithe a shonróidh an tAire ó am go ham le rialacháin;”

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “feoil”:

[EN]

“ciallaíonn ‘feoil’ an fheoil, an scartach agus na seachtháirgí (gan olann a áireamh) ó mharú bó-ainmhithe, caorach agus muc agus cibé speicis eile ainmhithe, agus cibé táirgí, a shonróidh an tAire ó am go ham le rialacháin;”.

[EN]

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

3.—Leasaítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) trí “aon ghnáthchomhalta dhéag nó cibé líon gnáthchomhaltaí is mó ná sin a shonróidh an tAire ó am go ham le rialacháin.” a chur in ionad “naonúr gnáthchomhalta.” i bhfo-alt (1),

[EN]

(b) trí “ceathrar, nó cibé líon daoine is mó ná sin a shonróidh an tAire ó am go ham le rialacháin,” a chur in ionad “triúr”, agus trí “beostoic” a chur in ionad “bó-ainmhithe agus caorach”, i mír (b) d'fho-alt (3),

[EN]

(c) trí “triúr, nó cibé líon daoine is mó ná sin a shonróidh an tAire ó am go ham le rialacháin,” a chur in ionad “beirt” i mír (c) d'fho-alt (3),

[EN]

(d) trí “duine amháin, nó cibé líon daoine is mó ná sin a shonróidh an tAire ó am go ham le rialacháin,” a chur in ionad “duine” i mír (d) d'fho-alt (3), agus

[EN]

(e) trí “duine amháin, nó cibé líon daoine is mó ná sin a shonróidh an tAire ó am go ham le rialacháin,” a chur in ionad “duine”, agus trí “beostoic” a chur in ionad “bó-ainmhithe agus caorach beo”, i mír (e) d'fho-alt (3),

[EN]

agus tá an fo-alt sin (1) agus na míreanna sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Beidh na comhaltaí seo a leanas ar an mBord, is é sin le rá, cathaoirleach agus aon ghnáthchomhalta dhéag nó cibé líon gnáthchomhaltaí is mó ná sin a shonróidh an tAire ó am go ham le rialacháin.

(b) ceathrar, nó cibé líon daoine is mó ná sin a shonróidh an tAire ó am go ham le rialacháin, a bheidh ionadaitheach do tháirgeoirí beostoic agus a cheapfaidh an tAire ar ainmniú cibé eagraíochtaí a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach do na táirgeoirí sin,

(c) triúr, nó cibé líon daoine is mó ná sin a shonróidh an tAire ó am go ham le rialacháin, a bheidh ionadaitheach don trádáil onnmhairithe feola agus a cheapfaidh an tAire ar ainmniú cibé eagraíochtaí a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach don trádáil onnmhairithe sin,

(d) duine amháin, nó cibé líon daoine is mó ná sin a shonróidh an tAire ó am go ham le rialacháin, a bheidh ionadaitheach do thrádálaithe feola a dhéanann feoil a mhórdhíol nó a mhiondíol lena tomhailt sa Stát agus a cheapfaidh an tAire ar ainmniú cibé eagraíochtaí a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach do na trádálaithe sin,

(e) duine amháin, nó cibé líon daoine is mó ná sin a shonróidh an tAire ó am go ham le rialacháin, a bheidh ionadaitheach don trádáil onnmhairithe beostoic agus a cheapfaidh an tAire ar ainmniú cibé eagraíochtaí a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach don trádáil onnmhairithe sin.

[EN]

Leasú ar alt 28 den Phríomh-Acht.

4.—Leasaítear leis seo alt 28 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2) Is é méid an tobhaigh is iníoctha faoin alt seo—

[EN]

(a) i ndáil le bó-ainmhithe, £1.50 an t-ainmhí,

[EN]

(b) i ndáil le caoirigh, 20p an t-ainmhí,

[EN]

(c) i ndáil le muca, 20p an t-ainmhí,

[EN]

(d) i ndáil le haon speiceas eile ainmhí arb iníoctha tobhach i ndáil leis, cibé méid in aghaidh an ainmhí a shonróidh an tAire le hordú.”,

[EN]

(b) trí “nó a shonraítear le hordú faoi mhír (d) den fho-alt sin” a chur isteach i bhfo-alt (3), i ndiaidh “fo-alt (2) den alt seo”, agus

[EN]

(c) trí “d'athrú ráta an tobhaigh is iníoctha” a scriosadh as fo-alt (4),

[EN]

agus tá na fo-ailt sin (3) agus (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, an ráta tobhaigh a fhorordaítear le fo-alt (2) den alt seo nó a shonraítear le hordú faoi mhír (d) den fho-alt sin a athrú.

(4) Aon uair a bheartóidh an tAire ordú a dhéanamh faoin alt seo, leagíar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh.

[EN]

Leasú ar alt 29 den Phríomh-Acht.

5.—Leasaítear leis seo alt 29 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

[EN]

“(3) Aon duine a mhainneoidh forálacha fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

[EN]

(a) ar é a chiontú go hachomair,—

[EN]

(i) fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, agus

[EN]

(ii) fíneáil nach mó ná £50 sa ló a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den mhainneachtain gan an tuairisceán dá dtagraítear san fho-alt sin (2) a sholáthar tar éis an tréimhse ceithre lá dhéag dá dtagraítear san fho-alt sin a bheith caite nó, de réir mar a bheidh, a mbeidh tobhach is ábhar don chion fós gan íoc tar éis an tréimhse sin a bheith caite,

[EN]

ar choinníoll, áfach, nach mó na fíneálacha san iomlán ná £1,000, nó

[EN]

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 a chur air mar aon le fíneáil nach mó ná £500 sa ló in aghaidh gach lae a leanfar den mhainneachtain gan an tuairisceán dá dtagraítear san fho-alt sin (2) a sholáthar tar éis an tréimhse ceithre lá dhéag dá dtagraítear san fho-alt sin a bheith caite nó, de réir mar a bheidh, a mbeidh tobhach is ábhar don chion fós gan íoc tar éis an tréimhse sin a dúradh a bheith caite.

[EN]

(3A) Féadfaidh an Bord cion achomair faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.”.

[EN]

Leasú ar alt 31 den Phríomh-Acht.

6.—Leasaítear leis seo alt 31 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach ann:

[EN]

“(2) Aon taifead a bheidh á choimeád ag duine de bhun fho-alt (1) den alt seo agus a bheidh faoina chumhacht nó faoina urláimh agus, i gcás aon taifead den sórt sin a bheith tugtha ag an duine do dhuine eile, aon chóip den taifead sin a bheidh faoi chumhacht nó faoi urláimh an duine chéadluaite, coinneofar faoina chumhacht nó faoina urláimh é nó í go ceann tréimhse 4 bliana ó dháta an idirbhirt is déanaí lena mbaineann an taifead:

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir le taifid chuideachta a bheidh diúscartha de réir alt 305 (1) d'Acht na gCuideachtaí, 1963.

[EN]

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) nó (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air.”.

[EN]

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

7.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 31:

[EN]

“31A.—(1) San alt seo ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ duine atá údaraithe i scríbhinn ag an mBord chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú chun críocha an Achta seo.

[EN]

(2) D'fhonn aon fhaisnéis a fháil is gá nó is fóirsteanach chun go muirearódh nó go dtoibheodh an Bord tobhach agus go n-íocfaí tobhach leis an mBord, nó d'fhonn a fháil amach an bhfuil forálacha ailt 29 agus 31 den Acht seo á gcomhlíonadh, féadfaidh oifigeach údaraithe, ar a údarú a thabhairt ar aird má iarrtar sin air—

[EN]

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh a gcreideann sé le réasún go ndéanann duine a dhlíonn tobhach a íoc gnó onnmhairithe feola nó beostoic, nó gnó maraithe beostoic, a sheoladh ann nó taifid a bhaineann le gnó den sórt sin a choimeád ann,

[EN]

(b) an t-áitreabh a iniúchadh, cuardach a dhéanamh le haghaidh aon taifid a bhaineann le tobhach nó leis an ngnó maraithe nó onnmhairithe feola nó beostoic,

[EN]

(c) a cheangal ar aon duine a gheofar san áitreabh aon taifid den sórt sin a bheidh faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird dó agus cóipeanna a dhéanamh d'aon taifid den sórt sin nó sleachta a thógáil astu, nó iad a thabhairt chun siúil agus a choinneáil go ceann cibé tréimhse a bheidh réasúnach chun iad a scrúdú nó chun críocha aon imeachtaí i ndáil le cion faoin Acht seo, nó i ndáil le tobhach is iníoctha faoin Acht seo a ghnóthú, agus

[EN]

(d) a cheangal ar aon duine den sórt sin cibé faisnéis a bheidh ag teastáil le réasún uaidh i ndáil le haon ghnó a sheoltar san áitreabh, agus aon taifid den chineál a dúradh a bheidh faoina chumhacht nó faoina urláimh, a thabhairt dó.

[EN]

(3) Aon duine a choiscfidh nó a bhacfaidh oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta nó nach ndéanfaidh de réir ceanglais faoin alt seo gan leithscéal réasúnach a bheith aige, nó a dhéanfaidh, i gcomhlíonadh airbheartaithe ceanglais den sórt sin, faisnéis is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha a thabhairt d'oifigeach údaraithe, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air.”.

[EN]

Cionta ag stiúrthóirí, etc., de chuid comhlachtaí corpraithe.

8.—Déantar leis seo an Príomh-Acht a leasú tuilleadh tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 31A (a chuirtear isteach leis an Acht seo):

[EN]

“31B.—(1) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe sin, nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach sa chion sin agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina aghaidh agus é a phionósú dá réir sin.

[EN]

(2) Más iad comhaltaí comhlachta chorpraithe a dhéanann bainisteoireacht ar a ghnóthaí, beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i ndáil le gníomhartha agus mainneachtana comhalta i dtaca lena fheidhmeanna bainisteoireachta ionann is dá mba stiúrthóir nó bainisteoir de chuid an chomhlachta chorpraithe é.”.

[EN]

Méid an tobhaigh is iníoctha i gcásanna áirithe a mheas.

9.—(1) Más rud é, i dtuairim an Bhoird, gurb iníoctha tobhach ag duine in aghaidh tréimhse tobhaigh a thiteann roimh dháta an Achta seo a rith nó tar éis an dáta sin, nó a thiteann roimh an dáta sin, go páirteach, agus tar éis an dáta sin, go páirteach, agus go mainneoidh an duine tuairisceán ar mhéid an tobhaigh is iníoctha amhlaidh a thabhairt don Bhord laistigh den tréimhse a shonraítear in alt 29 (2) den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) féadfaidh an Bord an méid is iníoctha amhlaidh a mheas agus fógra ag sonrú an méid a bheidh measta amhlaidh a sheirbheáil ar an duine,

[EN]

(b) measfar gurb é an méid a bheidh sonraithe amhlaidh méid an tobhaigh is iníoctha ag an duine in aghaidh na tréimhse tobhaigh agus beidh sé iníoctha aige leis an mBord ar an tréimhse 14 lá ó dháta seirbheála an fhógra ar an duine a bheith caite, mura rud é, laistigh den tréimhse sin, go suífidh sé chun sástacht an Bhoird nach bhfuil tobhach ar bith, nó go bhfuil méid tobhaigh seachas an méid a bheidh sonraithe amhlaidh, iníoctha in aghaidh na tréimhse tobhaigh,

[EN]

(c) i gcás go suífidh an duine go bhfuil méid tobhaigh seachas an méid a bheidh sonraithe san fhógra faoi mhír (a) den fho-alt seo, iníoctha in aghaidh na tréimhse tobhaigh, beidh an méid a shuífear amhlaidh iníoctha láithreach ag an duine leis an mBord agus déanfaidh an Bord aon mhéid tobhaigh de bhreis ar an méid a shuífear amhlaidh a bheidh íoctha ag an duine leis an mBord faoin alt seo a aisíoc leis an duine, agus

[EN]

(d) más rud é, tráth ar bith tar éis dó an fógra dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo a chur chuig an duine, gur deimhin leis an mBord go bhfuil méid tobhaigh seachas an méid a bheidh sonraithe san fhógra iníoctha ag an duine, féadfaidh an Bord fógra ina sonrófar an méid céadluaite a chur chuig an duine agus measfar gur fógra in ionad an fhógra dá dtagraítear sa mhír sin (a) an fógra faoin mír seo, agus beidh feidhm agus éifeacht i ndáil leis ag míreanna (b) agus (c) den fho-alt seo dá réir sin, agus measfar, maidir le haon mhéid a bheidh íoctha leis an mBord ar scór an fhógra dá dtagraítear sa mhír sin (a), gur ar scór an fhógra faoin mír seo a íocadh é.

[EN]

(2) Aon fhógra a n-údaraítear leis an alt seo don Bhord é a sheirbheáil ar dhuine, féadfar é a sheirbheáil air—

[EN]

(a) más pearsa aonair an duine—

[EN]

(i) trína sheachadadh air, nó

[EN]

(ii) trína sheoladh leis an bpost chuige ag a ghnátháit chónaithe nó ghnó, nó ag an áit chónaithe nó ghnó is deireanaí is eol a bheith aige, nó

[EN]

(iii) trína fhágáil dó ag an áit sin,

[EN]

(b) más comhlacht corpraithe, nó comhlacht neamhchorpraithe daoine, an duine, trína chur chuig an gcomhlacht leis an bpost, i gcás cuideachta, chuig a hoifig chláraithe (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963) agus, in aon chás eile, chuig a phríomháit ghnó, nó trína dhíriú chuig an oifig nó an áit sin agus a fhágáil san oifig nó san áit sin.

[EN]

Fianaise in imeachtaí chun tobhach a ghnóthú.

10.—In aon imeachtaí, aon deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach don Bhord agus a deir go bhfuil méid sonraithe i leith tobhaigh dlite agus iníoctha ag duine sonraithe leis an mBord, nó nár sholáthraigh duine sonraithe tuairisceán don Bhord faoi alt 29 den Phríomh-Acht i ndáil le tréimhse shonraithe tobhaigh, nó nár sholáthraigh sé an tuairisceán sin laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san alt sin, beidh sé ina fhianaise, mura suífear a mhalairt, ar na fíorais a bheidh sonraithe sa deimhniú agus measfar an deimhniú a bheith sínithe ag oifigeach don Bhord mura suífear a mhalairt.

[EN]

Rialacháin.

11.—Aon uair a bheartaítear rialacháin a dhéanamh faoin bPríomh-Acht (cé is moite d'alt 29), leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

12.—(1) Féadfar an tAcht um an gCóras Beostoic agus Feola (Leasú), 1988, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um an gCóras Beostoic agus Feola, 1979 agus 1988, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

[EN]

(3) Déanfar an Príomh-Acht agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin.

[EN]

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1988.