[EN]

Uimhir 24 de 1950.


[EN]

ACHT BAINISTÍ CHATHAIR LUIMNIGH, 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN LÍON COMHALTAÍ CHOMHAIRLE CHATHAIR LUIMNIGH A MHÉADÚ Ó CHÚIG CHOMHALTA DHÉAG GO DTÍ SEACHT gCOMHALTA DHÉAG. [26ú Iúil, 1950.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 (Uimh. 35 de 1934).

[EN]

(2) Forléireofar mar aon ní aon ní amháin an tAcht seo agus an Príomh-Acht.

[EN]

Líon comhaltaí na Comhairle a mhéadú.

2.—(1) Beidh ar an gComhairle, ar an ngnáth-lá chun comhaltaí na Comhairle a scor díreach tar éis an tAcht seo a rith agus i ndiaidh an lae sin, seacht gcomhalta dhéag agus dá réir sin toghfar an líon sin comhaltaí i ngach toghchán do chomhaltaí na Comhairle a comórfar tar éis an tAcht seo a rith.

[EN]

(2) Beidh fo-alt (2) d'alt 5 den Phríomh-Acht arna athghairm ar an ngnáth-lá chun comhaltaí na Comhairle a scor díreach tar éis an tAcht seo a rith.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

3.—(1) Féadfar Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1950, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar Achta Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 agus 1950, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.