Uimhir 24 de 1950.
ACHT BAINISTÍ CHATHAIR LUIMNIGH, 1950.
[An tiontó oifigiúil.]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 (Uimh. 35 de 1934).
(2) Forléireofar mar aon ní aon ní amháin an tAcht seo agus an Príomh-Acht.
Líon comhaltaí na Comhairle a mhéadú.
2.—(1) Beidh ar an gComhairle, ar an ngnáth-lá chun comhaltaí na Comhairle a scor díreach tar éis an tAcht seo a rith agus i ndiaidh an lae sin, seacht gcomhalta dhéag agus dá réir sin toghfar an líon sin comhaltaí i ngach toghchán do chomhaltaí na Comhairle a comórfar tar éis an tAcht seo a rith.
(2) Beidh fo-alt (2) d'alt 5 den Phríomh-Acht arna athghairm ar an ngnáth-lá chun comhaltaí na Comhairle a scor díreach tar éis an tAcht seo a rith.
Gearrtheideal agus comhlua.
3.—(1) Féadfar Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1950, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achta Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 agus 1950, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.