[EN]

Uimhir 24 de 1974


[EN]

AN tACHT UCHTÁLA, 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UCHTÁLA, 1952 AGUS 1964. [29 Iúil, 1974] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1952, Uimh. 25.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “ordú uchtála” ordú faoi alt 9 den Phríomh-Acht;

[EN]

ciallaíonn “an Bord” an Bord Uchtála;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Uchtála, 1952.

[EN]

Leas linbh.

2.—In aon ábhar, iarratas nó imeachtaí os comhair an Bhoird nó aon chúirte a bhaineann le comhshocraíochtaí le haghaidh ordaithe uchtála nó le hordú uchtála a dhéanamh, áireoidh an Bord nó an chúirt, le linn an cheist sin a chinneadh, gur ní ró-thábhachtach ag a bhfuil tosach airde leas an linbh.

[EN]

Cumhacht ordú uchtála a dhéanamh gan toiliú.

3.—(1) In aon chás ina mbeidh duine tar éis ordú uchtála a iarraidh i ndáil le leanbh agus aon duine ar gá a thoiliú le hordú uchtála a dhéanamh i ndáil leis an leanbh agus a mbeidh aontaithe aige an leanbh a chur le huchtáil—

[EN]

(a) do mhainniú, d'fhailliú nó do dhiúltú a thoiliú a thabhairt, nó

[EN]

(b) do tharraingt siar toiliú a bheidh tugtha,

[EN]

féadfaidh iarratasóir an ordaithe uchtála iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú faoin alt seo.

[EN]

(2) Féadfaidh an Ard-Chúirt, más deimhin léi gurb é leas an linbh sin a dhéanamh, ordú a dhéanamh faoin alt seo—

[EN]

(a) ag tabhairt choimeád an linbh don iarratasóir go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an Chúirt, agus

[EN]

(b) ag údarú an Bhoird toiliú an duine eile dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo le hordú uchtála i bhfabhar an iarratasóra ar feadh na tréimhse réamhráite a ligean thar ceal.

[EN]

(3) Ní ligfear toiliú coimircí cúirte thar ceal de bhua ordaithe Ard-Chúirte faoin alt seo ach amháin le ceadú na Cúirte.

[EN]

Creideamh.

1964, Uimh. 2.

4.—Ní dhéanfar ordú uchtála in aon chás nach den chreideamh céanna na hiarratasóirí, an leanbh agus a thuismitheoirí, nó, más leanbh neamhdhlisteanach an leanbh, a mháthair, mura feasach gach duine ar gá a thoiliú leis an ordú de réir alt 14 den Phríomh-Acht nó de réir alt 2 den Acht Uchtála, 1964, creideamh (más ann) gach duine de na hiarratasóirí nuair a bheidh a thoiliú á thabhairt aige.

[EN]

Iarratas ó bhaintreach fir ar ordú uchtála.

5.—(1) D'ainneoin aon ní in alt 11 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 5 d'Acht 1964), i gcás—

[EN]

(a) leanbh a bheith faoi chúram lánúna pósta a bhfuil iarratas ar ordú uchtála i ndáil leis an leanbh sin déanta acu, agus

[EN]

(b) an banchéile d'fháil bháis sula mbeidh an t-ordú uchtála déanta,

[EN]

féadfaidh an Bord ordú uchtála a dhéanamh i ndáil leis an leanbh sin ar an mbaintreach fir á iarraidh sin: Ar choinníoll—

[EN]

(i) go mbeidh leanbh eile ina choimeád ag an mbaintreach fir ar dháta an iarratais uaidh, agus

[EN]

(ii) i gcás gach duine, ar gá de réir alt 14 den Phríomh-Acht nó de réir alt 2 d'Acht 1964 a thoiliú leis an ordú uchtála a dhéanamh, gur feasach é, le linn dó a thoiliú a thabhairt, gur baintreach fir an t-iarratasóir.

[EN]

(2) Déanfar neamhshuim, in aon chás a n-iarrfar ordú uchtála faoin alt seo, d'aon toiliú a tugadh le hordú uchtála a dhéanamh maidir leis an leanbh i bhfabhar na lánúna pósta.

[EN]

Srian le comhshocraíochtaí uchtála a dhéanamh.

6.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 34:

[EN]

“34. (1) Ní dleathach d'aon chomhlacht daoine aon chomhshocraíochtaí a dhéanamh, ná féachaint le hiad a dhéanamh, chun leanbh a uchtáil ná, chun na críche sin, leanbh a choinneáil ina choimeád ná a shocrú go gcoinneoidh aon duine eile nó aon chomhlacht eile leanbh.

[EN]

(2) Má ghlacann aon duine páirt ar bith i mbainistí nó i rialú comhlachta daoine arb é is aon-chuspóir dó, nó ar ceann dá chuspóirí, comhshocraíochtaí a dhéanamh le haghaidh uchtála, beidh an duine sin ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

[EN]

(3) Má thugtar cruthúnas, in aon imeachtaí faoi fho-alt (2) den alt seo, ar nithe a bheidh déanta nó focail a bheith scríofa, ráite nó foilsithe (cibé acu i láthair aon pháirtí sna himeachtaí é nó nach ea) ag duine ar bith a ghlac páirt i mbainistí nó i rialú comhlachta daoine, nó i ndéanamh comhshocraíochtaí le haghaidh uchtála thar ceann an chomhlachta, beidh an cruthúnas sin inghlachta mar fhianaise ar an gcuspóir ar chuige atá an comhlacht sin ann.

[EN]

(4) Ní dleathach d'aon duine leanbh a thabhairt, ná a chur faoi deara leanbh a thabhairt, d'aon duine eile le go n-uchtódh an duine eile sin, nó aon duine eile, an leanbh sin, mura rud é gur duine de thuismitheoirí an linbh an duine chéadluaite nó gur duine, nó céile duine, a bhfuil gaol aige leis an leanbh an duine a bheartaíonn an leanbh a uchtáil.

[EN]

(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

[EN]

(6) Ní bhaineann an t-alt seo le cumainn uchtála chláraithe ná le boird sláinte.”

[EN]

Cumhacht Leas-Chathaoirleach a cheapadh.

7.—Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

[EN]

“(4A) Féadfaidh an Rialtas duine de na gnáth-chomhaltaí a cheapadh ina Leas-Chathaoirleach agus féadfaidh an Leas-Chathaoirleach gníomhú mar chathaoirleach le linn don Chathaoirleach a bheith as láthair.

[EN]

(4B) Ní cheapfar duine ina Leas-Chathaoirleach mura mbeidh sé cáilithe le ceapadh ina Chathaoirleach.”

[EN]

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

8.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 15:

[EN]

“15. (1) Ní bheidh toiliú bailí mura tar éis don leanbh sé sheachtain d'aois a shlánú agus tráth nach luaithe ná trí mhí roimh an lá a dhéanfar an t-iarratas ar uchtáil a thabharfar é.

[EN]

(2) Deimhneoidh an Bord dó féin maidir le gach duine ar gá a thoiliú agus nach mbeidh a thoiliú ligthe thar ceal go bhfuil a thoiliú tugtha aige agus go dtuigeann sé cad é an rud é an toiliú agus an t-ordú uchtála agus a n-éifeacht.”

[EN]

Srian le hordú uchtála a dhéanamh.

9.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní dhéanfar ordú uchtála maidir le leanbh mura mbeidh cibé tréimhse (más ann) a bheidh forordaithe caite ag an leanbh faoi chúram na n-iarratasóirí.

[EN]

(2) Féadfaidh an Bord, ag féachaint d'imthosca áirithe an cháis, ordú uchtála a dhéanamh maidir le leanbh d'ainneoin nach mbeidh an tréimhse a bheidh forordaithe de bhun fho-alt (1) den alt seo caite ag an leanbh faoi chúram na n-iarratasóirí.

[EN]

Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht.

10.—Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht trí “Is san fhoirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal, nó i cibé foirm eile a cheadóidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Sláinte, a bheidh an taifead agus beidh sa taifead sin na sonraí is gá de réir na foirme sin” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “Is sa bhfoirm atá leagtha amach sa Dara Sceideal a bheas an taifead agus beidh ann na sonraí is gá do réir na foirme.”

[EN]

Leasú ar alt 3 den Acht Uchtála, 1964.

11.—Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Uchtála, 1964

[EN]

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)—

[EN]

“(1) D'ainneoin aon ní in alt 10 den Phríomh-Acht, féadfaidh an Bord, i gcás inar deimhin leis gurb inmhianaithe, in imthosca áirithe an cháis, sin a dhéanamh, ordú uchtála a dhéanamh maidir le leanbh a bhí os cionn seacht mbliana d'aois ar dháta an ordaithe a iarraidh”, agus

[EN]

(b) trí fho-alt (3) a scriosadh.

[EN]

Luach saothair an Leas-Chathaoirligh.

12.—Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 5:

“Luach saothair an Leas-Chathaoirligh.

Féadfar cibé luach saothair a chinnfidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a íoc leis an Leas-Chathaoirleach in aghaidh aon tréimhse a ghníomhóidh sé mar chathaoirleach.”

[EN]

Aisghairm.

13.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

14.—(1) Féadfar an tAcht Uchtála, 1974, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964, agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.

[EN]

(3) Féadfar na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, a ghairm de na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

AN SCEIDEAL

Aisghairm

Alt 13.

Uimhir agus bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 25 de 1952.

An tAcht Uchtála, 1952.

I mír (b) d'alt 10, na focail “sé mhí ar a laghad agus”.

Alt 12.

In alt 16 (1) (g), na focail “a admhaíos an Bunreacht”.

In alt 41 (1) (a), na focail “faoi bhun seacht mbliana d'aois”.

Uimh. 2 de 1964.

An tAcht Uchtála, 1964.

Alt 6.