[EN]

Uimhir 26 de 1929.


[EN]

ACHT LEICTREACHAIS (AIRGEAD), 1929.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR FHO-AILT (4) AGUS (5) D'ALT 11 D'ACHT LEICTREACHAIS NA SIONAINNE, 1925, AGUS AR AILT 12 AGUS 15 DEN ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927.

[24adh Iúl, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Alt 11 d'Acht Leictreachais na Sionainne, 1925, do leasú.

1.—(1) Leasuítear, leis seo, fo-alt (4) d'alt 11 d'Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925), tré sna focail “ach amháin ar pé méid de sna roimh-íocanna san (ach gan san do dhul thar suim chéad is dhá mhíle thriochad, ceithre chéad agus caoga punt) a caithfear le feabhsú loingseoireachta fé sna comhachta a bronntar, chuige sin, ar an Aire leis an Acht so” do chur isteach ag deire an fho-ailt sin.

[EN]

(2) Leasuítear, leis seo, fo-alt (5) d'alt 11 d'Acht Leictreachais na Sionainne, 1925, tré sna focail “chúig milleon, dhá chéad agus deich míle punt” atá anois sa bhfo-alt san do scriosa amach, agus na focail “chúig milleon, ocht gcéad agus cúig mhíle, triochad punt” do chur isteach in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh.

[EN]

Alt 12 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927, do leasú.

2.—Léireofar alt 12 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927), agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an fo-alt so leanas isteach san alt san in ionad fo-alt (2) atá anois ann, sé sin le rá:—

[EN]

“(2) Na suimeanna a roimh-íocfar leis an mBord fén alt so chun glanta an fhiachais a bheidh ar an mBord fen Acht so ar scór úis agus riaráiste úis ar shuimeanna do roimhíocadh amach as an bPrímh-Chiste fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925), leis an gciste fé leith do bunuíodh fé alt 11 den Acht san agus ar scór na gcostaisí fé n-a raghaidh an Bord chun oibreacha na Sionainne d'oibriú, do chimeád i dtreo agus do dheisiú fén Acht so, ní raghaidh a méid iomlán thar suim chéad agus sé mhíle caogad punt.”

[EN]

Alt 15 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927, do leasú.

3.—(1) In ainneoin éinní atá in alt 15 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927), ní bheidh Bord Soláthair an Leictreachais fé aon fhreagarthacht aisíoc do dhéanamh leis an Aire Airgid i pé méid de sna suimeanna (ná raghaidh thar suim chéad is dhá mhíle thriochad, ceithre chéad agus caoga punt) a roimh-íocfar aon uair as an bPrímh-Chiste fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925), leis an gciste fé leith do bunuíodh fé alt 11 den Acht san agus a caithfear le feabhsú loingseoireachta fé sna comhachta a bronntar, chuige sin, ar an Aire Tionnscail agus Tráchtála leis an Acht deiridh sin a luaidhtear ná in ús d'íoc leis an Aire Airgid ar an méid sin adubhradh de sna suimeanna san a roimh-íocfar amhlaidh.

[EN]

(2) Pé áit ina bhfuil an abairt “na roimh-íocanna san” in alt 15 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927, léireofar í mar abairt ná foluíonn aon tsuimeanna 'na scaoileann an t-alt so Bord Soláthair an Leictreachais ó fhreagarthacht ina n-aisíoc.

[EN]

Gearr-theideal.

4.—Féadfar an tAcht Leictreachais (Airgead), 1929, do ghairm den Acht so.