[EN]

Uimhir 27 de 1936.


[EN]

ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) (LEASÚ) (Uimh. 2), 1936.


ACHT CHUN ACHTANNA NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) 1932 GO 1936, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ.

[3adh Iúl, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Míniú.

1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932).

[EN]

Fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do leasú.

2.—Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do leasú ar na slite seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) léireofar mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1938, an tagairt don 1adh lá d'Abrán, 1935, atá i ngach ceann de sna míreanna (c), (d), (e), (f), (g), (h), agus (i);

[EN]

(b) cuirfear mír nua mar leanas i ndeireadh an fho-ailt sin (1), sé sin le rá:—

[EN]

“(k) d'aon duine no cumann maitheasa puiblí dhéanfaidh tigh no tithe le n-a mbaineann an fo-alt so i mbaile-líomatáiste, deontas nach mó ná cúig púint is dachad—

[EN]

(i) má tosnuítear ar an tigh sin do dhéanamh an 1adh lá d'Iúl, 1936, no dá éis sin agus go gcríochnófar é an 1adh lá d'Abrán, 1937, no dá éis sin, ach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1938 ; agus

[EN]

(ii) má bhíonn achar urláir an tighe sin agus é thomhas ar an slí orduithe 500 troigh chearnach ar a laighead agus 800 troigh chearnach ar a mhéid”;

[EN]

agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo mír (c) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1934 (Uimh. 30 de 1934).

[EN]

Méid iomlán na ndeontas fén bPríomh-Acht do mhéadú.

3.—Athghairmtear leis seo alt 3 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1936 (Uimh. 13 de 1936), agus ina ionad san achtuítear leis seo nach mó ná dhá mhilleon agus ocht gcéad míle punt méid iomlán na ndeontas a dheonfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí fé alt 5 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san le hAcht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1934 (Uimh. 30 de 1934) agus le hAcht san na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1936.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

4.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1936, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) chun crícheanna có-luadhchainte folóidh an abairt “Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1936” an tAcht so.