Uimhir 27 de 1998
AN tACHT UM ATHNUACHAN UIRBEACH, 1998
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | Tagairt don Acht in alt 372A(2) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997. |
5. | |
6. |
Pleananna Limistéar Comhtháite agus Limistéir Cháilitheacha
Forálacha a bhaineann le hÚdarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath
13. | |
14. | Faoisimh áirithe a bheith ag brath ar fhoirgnimh, etc., a bheith i gcomhréir leis an máistirphlean. |
15. | |
16. |
Ilghnéitheach
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1994 | |
An tAcht um Údarás Forbartha Dugthailte | |
Bhaile Átha Cliath, 1997 | 1997, Uimh. 7 |
An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997 | 1997, Uimh. 39 |
Uimhir 27 de 1998
AN tACHT UM ATHNUACHAN UIRBEACH, 1998
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ NUA CHUN LIMISTÉIR UIRBEACHA ÁIRITHE A ATHNUACHAN, CHUN NA CRÍCHE SIN DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hÚDARÁIS ÁITIÚLA NÓ CUIDEACHTAÍ A BHEIDH ÚDARAITHE ACU d”ULLMHÚ PLEANANNA (AR A dTABHARFAR PLEANANNA LIMISTÉAR COMHTHÁITE) I nDÁIL LE LIMISTÉIR DEN SÓRT SIN AGUS DO CHUR NA bPLEANANNA SIN FAOI BHRÁID AN AIRE COMHSHAOIL AGUS RIALTAIS ÁITIÚIL, DO MHÍNIÚ FEIDHMEANNA ÚDARÁS ÁITIÚIL NÓ CUIDEACHTAÍ DEN SÓRT SIN I nDÁIL LEIS NA PLEANANNA SIN A ULLMHÚ AGUS A CHUR FAOI BHRÁID AN AIRE AGUS DE DHROIM AN CHÉANNA, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE RÁTAÍ A MHAITHEAMH LAISTIGH DE LIMISTÉIR A mBAINEANN NA PLEANANNA SIN LEO, DO THABHAIRT FEIDHMEANNA ÁIRITHE d”ÚDARÁS FORBARTHA DUGTHAILTE BHAILE ÁTHA CLIATH, DÁ CHUMASÚ DEONTAIS A THABHAIRT d”ÚDARÁIS ÁITIÚLA AGUS DO CHOMHLACHTAÍ ÁIRITHE EILE CHUN CRÍOCHA ATHNUACHANA UIRBÍ AGUS SRÁIDBHAILTE, I MEASC NITHE EILE, DO LEASÚ FORÁLACHA ÁIRITHE DEN ACHT COMHDHLÚITE CÁNACHA, 1997, A BHAINEANN LE FAOISIMH I LEITH CAITEACHAIS CHAIPITIÚIL, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [7 Iúil, 1998]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht um Athnuachan Uirbeach, 1998, a ghairm den Acht seo.
Tosach feidhme.
2.—(1) Tiocfaidh an tAcht seo (seachas na forálacha dá dtagraítear i bhfo-ailt (2) go (5)) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.
(2) Measfar gur tháinig an Chuid seo agus ailt 7 agus 8 i ngníomh an chéad lá de Bhealtaine, 1997.
(3) Measfar gur tháinig alt 13 i ngníomh an chéad lá d”Fheabhra, 1998.
(4) Measfar gur tháinig ailt 18 agus 20(2) i ngníomh an t-ochtú lá is fiche de Bhealtaine, 1998.
(5) Tiocfaidh alt 20(1) i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.
Léiriú.
3.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Rialtais Áitiúil, 1946;
ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht um Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath, 1997;
forléireofar “cuideachta údaraithe” de réir alt 5(2);
ciallaíonn “an tÚdarás” Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath arna bhunú faoi alt 14 d”Acht 1997;
ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir bhrí alt 2 d”Acht na gCuideachtaí, 1963;
tá le “Limistéar Dugthailte Bhaile Átha Cliath” an bhrí a shanntar dó le halt 4 d”Acht 1997;
ciallaíonn “comhlacht toghaí” comhlacht toghaí chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1994;
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairt d”fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas;
tá le “plean limistéar comhtháite” an bhrí a shanntar dó le halt 7;
ciallaíonn “údarás áitiúil”—
(a) bardas contaebhuirge, nó
(b) comhairle contae riaracháin,
agus is é limistéar feidhme údaráis áitiúil chun críocha an Achta seo contaebhuirg nó, de réir mar a bheidh, contae riaracháin an údaráis sin;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil;
ciallaíonn “údarás rátúcháin” údarás rátúcháin chun críocha Acht 1946;
ciallaíonn “feidhm fhorchoimeádta”—
(a) i gcás comhairle contae nó comhlachta thoghaí, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1994,
(b) i gcás bardais contaebhuirge, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contaebhuirge.
(2) San Acht seo—
(a) aon tagairt d'alt, is tagairt í d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe;
(b) aon tagairt d'fho-alt nó do mhír, is tagairt í d'fho-alt nó do mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe;
(c) forléireofar tagairt d'aon achtachán, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán iardain nó faoi.
Tagairt don Acht in alt 372A(2) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.
4.—Is é an tAcht seo an tAcht den Oireachtas dá dtagraítear in alt 372A(2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1998) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, d'ainneoin aon neamhréireachta idir na téarmaí ina dtuairiscítear amhlaidh ann é agus téarmaí an Achta seo mar a achtaítear amhlaidh anois é.
Cuideachtaí údaraithe.
5.—(1) Féadfaidh gach údarás áitiúil cuideachta a cheapadh (lena n-áirítear cuideachta arna bunú ag údarás áitiúil) chun bheith ina cuideachta údaraithe chun críocha an Achta seo.
(2) Forléireofar aon tagairt san Acht seo do chuideachta údaraithe mar thagairt don chuideachta arna ceapadh faoi fho-alt (1) ag an údarás áitiúil áirithe a mbeidh aon fhoráil den Acht seo ina bhfuil an tagairt sin le cur chun feidhme ina leith.
(3) Déanfar aon tagairt i gCaibidil 7 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1998) de Chuid 10 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, do chuideachta arna bunú ag údarás áitiúil, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chuideachta údaraithe.
(4) Féadfaidh údarás áitiúil aon cheapachán a bheidh déanta aige faoi fho-alt (1) a chúlghairm.
Caiteachais.
6.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
CUID II
Pleananna Limistéar Comhtháite agus Limistéir Cháilitheacha
Pleananna limistéar comhtháite.
7.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil nó, ar iarraidh ón údarás áitiúil sin, féadfaidh cuideachta údaraithe, plean amháin nó níos mó a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire (ar a dtabharfar, nó a dtabharfar ar gach ceann acu, agus dá ngairtear san Acht seo “plean limistéar comhtháite”) i leith limistéir nó limistéar atá laistigh de limistéar feidhme an údaráis áitiúil agus, más cuí leis an údarás nó leis an gcuideachta agus faoi réir an fho-ailt sin, i leith limistéir dá dtagraítear i bhfo-alt (2).
(2) Maidir leis an limistéar a bhféadfar plean limistéar comhtháite a ullmhú ina leith, féadfar cuid nó codanna de limistéar feidhme nó de limistéir fheidhme údaráis áitiúil amháin eile nó níos mó a áireamh ann má thoilíonn an t-údarás nó na húdaráis sin leis an gcuid sin nó leis na codanna sin a áireamh amhlaidh.
(3) Le linn plean limistéar comhtháite a ullmhú, beidh aird ag údarás áitiúil nó ag cuideachta údaraithe, de réir mar a bheidh, ar aon chritéir a shonróidh an tAire i scríbhinn mar chritéir ar a mbeidh aird ag údarás áitiúil nó ag cuideachta le linn plean den sórt sin a ullmhú agus féadfaidh critéir a bheith ar áireamh sna critéir sin maidir le hathnuachan shóisialach agus eacnamaíoch an limistéir lena mbaineann an plean.
(4) Is é a bheidh i bplean limistéar comhtháite ráiteas i scríbhinn agus plean ina léireofar na cuspóirí maidir leis na nithe seo a leanas—
(a) athnuachan shóisialach agus eacnamaíoch, ar bhonn inmharthana, an limistéir lena mbaineann an plean, agus
(b) feabhsuithe ar thimpeallacht fhisiceach an limistéir sin.
(5) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (4), sonrófar i bplean limistéar comhtháite na saincheisteanna fisiceacha, eacnamaíocha, sóisialacha agus eile is iomchuí, i dtuairim an údaráis áitiúil nó na cuideachta, maidir le hathnuachan an limistéir lena mbaineann sé.
(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (4), féadfar i bplean limistéar comhtháite, i gcás inar cuí sin, i ndáil leis an limistéar lena mbaineann sé—
(a) na nithe seo a leanas a áireamh—
(i) cuspóirí maidir le hathnuachan, slánchoimeád, caomhnú, aisiriú, forbairt nó athfhorbairt an tsráid-dreacha, an leagain amach agus an ghréasáin foirgníochta, lena n-áirítear comhordú agus uasghrádú éadanas siopaí,
(ii) treoirlínte maidir le hairde foirgneamh agus maidir le hábhair fhoirgníochta, dlús forbairtí agus déileáil le spásanna idir foirgnimh,
(iii) cuspóirí a bhaineann le slánchoimeád na hoidhreachta nádúrtha, ailtireachta agus seandálaíochta,
(iv) cuspóirí maidir le forbairt nó athfhorbairt láithreán tréigthe nó láithreán folamh a chur chun cinn,
(v) cuspóirí maidir le fostaíocht, oiliúint agus oideachas, go háirithe do dhaoine a chónaíonn sa limistéar,
(vi) cuspóirí maidir le pobail chónaithe atá ann cheana féin a fheabhsú agus maidir le pobail nua den sórt sin a fhorbairt, lena n-áirítear forbairt tithíochta le haghaidh daoine ag a bhfuil cúlraí sóisialacha éagsúla,
(vii) cuspóirí maidir le saoráidí pobail a fhorbairt,
(viii) cuspóirí maidir le feabhsú ar an timpeallacht, ar an mbonneagar agus ar an gcóras iompair,
agus
(b) léiriú a thabhairt ar chineál agus méid na hinfheistíochta is gá chun na cuspóirí a shonraítear sa phlean a bhaint amach.
(7) Le linn plean limistéar comhtháite a ullmhú, féadfaidh an t-údarás áitiúil nó an chuideachta údaraithe lena mbaineann dul i gcomhairle le cibé daoine eile ar dealraitheach dó nó di gur daoine iad ar cúram dóibh an t-ábhar nó a bhfuil leas acu ann agus beidh aird aige nó aici ar aon aighneachtaí nó tuairimí a chuirfidh na daoine sin faoina bhráid nó faoina bráid i gcúrsa na comhchomhairle sin.
Moltaí i leith limistéar cáilitheach chun críocha faoiseamh cánach athnuachana uirbí.
8.—(1) Féadfaidh moltaí ón údarás áitiúil nó ón gcuideachta údaraithe lena mbaineann a bheith ar áireamh i bplean limistéar comhtháite a chuirfear faoi bhráid an Aire faoi alt 7 nó a bheith ag gabháil leis an bplean sin, á mholadh—
(a) gur cóir cuid nó codanna den limistéar lena mbaineann an plean a bheith ina limistéar cáilitheach chun críocha alt amháin nó níos mó de Chaibidil 7 de Chuid 10 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997,
(b) gur cóir iomlán limistéir den sórt sin a bheith ina limistéar cáilitheach chun críocha alt amháin nó níos mó de na hailt seo a leanas den Chaibidil sin 7, is é sin le rá, ailt 372G, 372H agus 372I.
(2) Le linn aon mholadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bheith á dhéanamh, beidh aird ag an údarás áitiúil nó ag an gcuideachta údaraithe lena mbaineann ar na nithe seo a leanas—
(a) an chomhsheasmhacht idir na cineálacha forbartha ar dóigh go ndéanfar iad sa limistéar nó sna limistéir lena mbaineann na moltaí (“na cineálacha iomchuí forbartha”) agus cuspóirí iomchuí an phlean limistéar comhtháite,
(b) tábhacht na moltaí i dtaca le cuspóirí an phlean limistéar comhtháite i gcoitinne a bhaint amach,
(c) dálaí an mhargaidh sa limistéar nó sna limistéir lena mbaineann maidir le soláthar na gcineálacha iomchuí forbartha agus leis an éileamh reatha agus réamh-mheasta orthu, agus
(d) cineál agus méid aon chonstaicí ó thaobh na cineálacha iomchuí forbartha a dhéanamh.
Limistéir cháilitheacha le haghaidh faoiseamh cánach athnuachana uirbí.
9.—Féadfaidh an tAire, tar éis plean limistéar comhtháite a bheidh curtha faoina bhráid nó faoina bráid faoi alt 7, agus aon mholtaí dá dtagraítear in alt 8 atá ar áireamh sa phlean nó a bhí ag gabháil leis, a bhreithniú, a mholadh don Aire Airgeadais ordú faoi mhír (a), (b) nó (c) d'alt 372B(1) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, a dhéanamh maidir leis na nithe lena mbaineann.
Rátaí a mhaitheamh.
10.—(1) San alt seo, ciallaíonn “rátaí iomchuí is intoibhithe”, i leith áitribh lena mbaineann an t-alt seo—
(a) i gcás go gcinnfidh an Coimisinéir Luachála go bhfuil luacháil an áitribh sin, tar éis aon chionroinnt a bheith déanta faoi fho-alt (6), más cuí, inchurtha síos go hiomlán don tógáil, don mhéadú nó don fheabhsú lena mbaineann a bheith déanta ar an áitreabh sin, na rátaí is intoibhithe ar an luacháil sin, nó
(b) i gcás go gcinnfidh an Coimisinéir Luachála nach bhfuil luacháil an áitribh sin, tar éis aon chionroinnt den sórt sin a bheith déanta, más cuí, inchurtha síos ach go páirteach don tógáil, don mhéadú nó don fheabhsú lena mbaineann a bheith déanta ar an áitreabh sin, cibé méid de na rátaí is intoibhithe ar an luacháil sin a bhaineann leis an gcuid den luacháil sin is inchurtha síos don tógáil, don mhéadú nó don fheabhsú sin.
(2) Féadfaidh údarás rátúcháin, ag féachaint do na cuspóirí a shonraítear i bplean limistéar comhtháite, a chinneadh na rátaí iomchuí is intoibhithe aige i leith áitribh lena mbaineann an t-alt seo a mhaitheamh sna blianta a shonraítear i bhfo-alt (3) agus, má dhéanann údarás rátúcháin cinneadh den sórt sin, oibreoidh an cinneadh sin chun a cheangal ar an údarás na rátaí sin a mhaitheamh, a mhéid a shonraítear san alt seo, i ngach ceann de na blianta sin.
(3) Is iad na blianta a luaitear i bhfo-alt (2):
(a) an bhliain airgeadais áitiúil (dá ngairtear “an chéad bhliain” sa Tábla a ghabhann leis an alt seo) díreach i ndiaidh na bliana sin ina dtagann luacháil an áitribh lena mbaineann (arb í an chéad luacháil eile í a dhéantar tar éis an tógáil, an méadú nó an feabhsú lena mbaineann a bheith déanta ar an áitreabh sin) i bhfeidhm, agus
(b) na chéad naoi mbliana airgeadais áitiúla eile (dá ngairtear, faoi seach, “an dara bliain”, “an tríú bliain”, “an ceathrú bliain”, agus mar sin de, sa Tábla a ghabhann leis an alt seo).
(4) Is é an méid (arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid na rátaí iomchuí is intoibhithe) dá maithfidh údarás rátúcháin na rátaí iomchuí is intoibhithe i leith áitribh i mbliain airgeadais áitiúil faoin alt seo an méid atá sonraithe sa dara colún den Tábla a ghabhann leis an alt seo os coinne lua na bliana lena mbaineann sa chéad cholún den Tábla sin.
(5) Ní dheonófar maitheamh rátaí faoin alt seo níos mó ná uair amháin i leith na tógála, an mhéadaithe nó an fheabhsaithe chéanna ar áitreabh.
(6) Más rud é nach ndéantar maoine a luacháil ar leithligh faoi na hAchtanna Luachála, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar iarratas ón údarás rátúcháin, cibé cuid is cuí leis nó léi de luacháil inrátaithe na maoine ina bhfuil an t-áitreabh a chionroinnt ar an áitreabh lena mbaineann agus a bhfuil feidhm ag an alt seo maidir leis.
(7) Is feidhm fhorchoimeádta údarás rátúcháin do dhéanamh cinnidh faoi fho-alt (2).
(8) Tá feidhm ag an alt seo maidir le háitribh atá go hiomlán laistigh de theorainneacha an limistéir lena mbaineann plean limistéar comhtháite agus ar deimhin leis an údarás rátúcháin lena mbaineann gur tógadh, gur méadaíodh nó gur feabhsaíodh iad laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tAire le hordú chun críocha an ailt seo.
(9) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.
(10) Déanfar gach ordú faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.
An Tábla | |
(1) | (2) |
An chéad bhliain | 100% |
An dara bliain | 90% |
An tríú bliain | 80% |
An ceathrú bliain | 70% |
An cúigiú bliain | 60% |
An séú bliain | 50% |
An seachtú bliain | 40% |
An t-ochtú bliain | 30% |
An naoú bliain | 20% |
An deichiú bliain | 10% |
Faoisimh áirithe a bheith ag brath ar fhoirgnimh, etc., a bheith i gcomhréir le plean limistéar comhtháite.
11.—(1) Ní fhéadfar aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim nó ó cháin chorparáide, de réir mar a bheidh, a dheonú faoi Chaibidil 7 de Chuid 10 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, i leith foirgniú, athfheistiú nó athchóiriú foirgnimh, déanmhais nó tí mura mbeidh an t-údarás áitiúil nó an chuideachta údaraithe a d'ullmhaigh an plean limistéar comhtháite lena mbaineann tar éis a dheimhniú i scríbhinn, ar mhodh a shonróidh an tAire, go bhfuil an foirgniú, an t-athfheistiú nó an t-athchóiriú sin i gcomhréir le cuspóirí an phlean sin, arb é an plean áirithe lena mbaineann é a ndearna an tAire breithniú air le linn dó nó di na moltaí dá dtagraítear in alt 9 a dhéanamh chuig an Aire Airgeadais.
(2) San alt seo, ciallaíonn “plean limistéar comhtháite lena mbaineann” an plean limistéar comhtháite ar laistigh de theorainn an limistéir lena mbaineann an plean sin atá an foirgneamh, an déanmhas nó an teach iomchuí suite.
Faireachán ar chur i ngníomh pleananna limistéar comhtháite.
12.—(1) I gcás go ndéanfaidh an tAire Airgeadais ordú faoi alt 372B den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, á ordú gur limistéar cáilitheach limistéar nó limistéir chun críocha alt amháin nó níos mó de Chaibidil 7 de Chuid 10 den Acht sin, déanfaidh an t-údarás áitiúil nó an chuideachta údaraithe lena mbaineann cibé socruithe is cuí leis nó léi sna himthosca ar leith chun faireachán a dhéanamh ar chur i ngníomh an phlean limistéar comhtháite lena mbaineann agus beidh aird ag an údarás nó ag an gcuideachta, le linn dó nó di déanamh amhlaidh, ar cibé treoirlínte a eiseoidh an tAire ó am go ham chun críocha an ailt seo.
(2) Déanfaidh údarás áitiúil nó cuideachta údaraithe, de réir mar a bheidh, i ndáil le gach bliain ina gcuirfidh sé nó sí faoi deara an faireachán dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a dhéanamh, tuarascáil i scríbhinn a thabhairt don Aire maidir le torthaí an fhaireacháin sin a luaithe is féidir tar éis dheireadh na bliana sin.
(3) San alt seo—
ciallaíonn “plean limistéar comhtháite lena mbaineann” an plean limistéar comhtháite ar laistigh de theorainn an limistéir lena mbaineann an plean sin atá an limistéar nó na limistéir dá dtagraítear i bhfo-alt (1) suite;
ciallaíonn “údarás áitiúil nó cuideachta údaraithe lena mbaineann” an t-údarás áitiúil nó an chuideachta údaraithe a d'ullmhaigh an plean limistéar comhtháite lena mbaineann.
CUID III
Forálacha a bhaineann le hÚdarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath
Moltaí ó Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath.
13.—(1) Féadfaidh Bord Feidhmiúcháin (de réir bhrí alt 17 d'Acht 1997) an Údaráis, ag féachaint do na cuspóirí a léirítear sa mháistirphlean arna ullmhú ag an Údarás faoi alt 24 d'Acht 1997, a mholadh don Aire Airgeadais ordú faoi mhír (a) nó (b) d'alt 367 (1) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, a dhéanamh maidir leis na nithe lena mbaineann.
(2) Beidh aird ag an mBord sin, le linn aon mholadh a dhéanamh faoi fho-alt (1), ar na critéir atá leagtha amach i bhfo-alt (2) d'alt 367 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.
Faoisimh áirithe a bheith ag brath ar fhoirgnimh, etc., a bheith i gcomhréir leis an máistirphlean.
14.—Ní fhéadfar aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim nó ó cháin chorparáide, de réir mar a bheidh, a dheonú faoi Chaibidil 6 de Chuid 10 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, i leith foirgniú, athfheistiú nó athchóiriú foirgnimh, déanmhais nó tí mura mbeidh deimhnithe ag an Údarás i scríbhinn, ar mhodh a shonróidh an tAire, go bhfuil an foirgniú, an t-athfheistiú nó an t-athchóiriú sin i gcomhréir leis na cuspóirí a léirítear sa mháistirphlean arna ullmhú ag an Údarás faoi alt 24 d'Acht 1997.
Leasú ar alt 20 d'Acht 1997.
15.—Leasaítear leis seo alt 20 d'Acht 1997 tríd an bhfomhír seo a leanas a chur le mír (a) d'fho-alt (1):
“(iii) ar leith ó aon athbhreithniú dá dtagraítear i bhfomhír (i), cibé modhnuithe is cuí léi a dhéanamh ó am go ham ar an bplean (nach modhnuithe iad a d'athródh cineál an phlean go substaintiúil) ag féachaint d'aon imthosca a éireoidh tar éis an plean a ullmhú nó a thabhairt cothrom le dáta go deireanach faoi fhomhír (i);”.
Leasú ar alt 30 d'Acht 1997.
16.—Leasaítear leis seo alt 30 d'Acht 1997 trí “£100,000,000” a chur in ionad “£50,000,000” i bhfo-alt (3).
CUID IV
Ilghnéitheach
Deontais d'údaráis áitiúla agus do chomhlachtaí eile.
17.—Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontais a thabhairt d'údarás áitiúil nó d'aon chomhlacht eile ar cúram dó caomhnú foirgneamh nó déanmhas a chur chun cinn, faoi chomhair an chaiteachais a thabhóidh sé, go hiomlán nó go páirteach—
(a) i dtaca le hathnuachan uirbeach agus sráidbhailte, lena n-áirítear athnuachan fhisiceach, eacnamaíoch agus shóisialach, a chur chun cinn, nó
(b) i dtaca le caomhnú foirgneamh nó déanmhas ar díol spéise iad ó thaobh na healaíne, na hailtireachta nó na staire de.
Leasú ar ailt 370 agus 372E den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.
18.—Leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997—
(a) in alt 370(1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “áitreabh cáilitheach”:
“ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’, faoi réir fho-alt (5)(a), foirgneamh nó déanmhas a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach agus—
(a) (i) ar foirgneamh nó déanmhas é atá in úsáid chun críche a shonraítear in alt 268(1)(a) agus a dtabhaítear caiteachas caipitiúil ina leith sa tréimhse cháilitheach—
(I) a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó
(II) a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, nó a dtabharfaí liúntas ina leith dá ndéanfaí ordú faoi alt 367(1)(a) á ordú go mbeidh an limistéar ina limistéar cáilitheach chun críocha alt 368,
chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi alt 271 nó 273, arna chur chun feidhme le halt 368,
(ii) maidir leis an bhfoirgneamh nó leis an déanmhas sin—
(I) a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó
(II) a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, nó a dtabharfaí liúntas ina leith dá ndéanfaí ordú faoi alt 367(1)(a) á ordú go mbeidh an limistéar ina limistéar cáilitheach chun críocha alt 369,
chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 de bhua alt 369, nó
(iii) ar foirgneamh nó déanmhas é atá in úsáid chun na gcríoch a shonraítear in alt 268(1)(d) agus a dtabhaítear caiteachas caipitiúil i leith a fhoirgnithe nó a athfheistithe sa tréimhse cháilitheach ar caiteachas é a dtabharfaí liúntas ina leith, murach fo-alt (6), chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil 1 de Chuid 9,
agus
(b) atá ligthe ar cíos ar théarmaí tráchtála bona fide ar cibé comaoin a bhféadfaí a bheith ag súil go n-íocfaí í i leith ligean an fhoirgnimh nó an déanmhais arna chaibidil ar bhonn neamhthuilleamaíoch,
ach, más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil sa tréimhse cháilitheach ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais—
(i) a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó
(ii) a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, nó
(iii) a dtabharfaí liúntas ina leith, dá ndéanfaí ordú faoi alt 367(1)(a) á ordú go mbeidh an limistéar ina limistéar cáilitheach chun críocha alt 368 nó 369, de réir mar a bheidh, nó
(iv) a dtabharfaí liúntas ina leith murach fo-alt (6),
chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi aon cheann de na forálacha dá dtagraítear i mír (a), ní mheasfar gur áitreabh cáilitheach an foirgneamh nó an déanmhas mura rud é nach lú méid iomlán an chaiteachais arna thabhú amhlaidh ná méid is comhionann le 10 faoin gcéad de mhargadhluach an fhoirgnimh nó an déanmhais díreach sula dtabhaítear an caiteachas sin.”,
agus
(b) in alt 372E(1) (a cuireadh isteach le halt 76 den Acht Airgeadais, 1998), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “áitreabh cáilitheach”:
“ciallaíonn ‘áitreabh cáilitheach’, faoi réir fho-alt (5)(a), foirgneamh nó déanmhas—
(a) (i) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach agus ar foirgneamh nó déanmhas é atá in úsáid chun críche a shonraítear in alt 268(1)(a), agus a dtabhaítear caiteachas caipitiúil ina leith sa tréimhse cháilitheach—
(I) a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó
(II) a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, nó a dtabharfaí liúntas ina leith dá ndéanfaí ordú faoi alt 372B(1)(a) á ordú go mbeidh an limistéar ina limistéar cáilitheach chun críocha alt 372C,
chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi alt 271 nó 273, arna chur chun feidhme le halt 372C,
(ii) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach agus—
(I) a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó
(II) a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, nó a dtabharfaí liúntas ina leith dá ndéanfaí ordú faoi alt 372B(1)(a) á ordú go mbeidh an limistéar ina limistéar cáilitheach chun críocha alt 372D,
chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 de bhua alt 372D,
nó
(iii) a bhfuil a láithreán go hiomlán laistigh de limistéar cáilitheach agus ar foirgneamh nó déanmhas é atá in úsáid chun na gcríoch a shonraítear in alt 268(1)(d), agus a dtabhaítear caiteachas caipitiúil i leith a fhoirgnithe nó a athfheistithe sa tréimhse cháilitheach ar caiteachas é a dtabharfaí liúntas ina leith, murach fo-alt (6), chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil 1 de Chuid 9,
agus
(b) atá ligthe ar cíos ar théarmaí tráchtála bona fide ar cibé comaoin a bhféadfaí a bheith ag súil go n-íocfaí í i leith ligean an fhoirgnimh nó an déanmhais arna chaibidil ar bhonn neamhthuilleamaíoch,
ach, más rud é go dtabhaítear caiteachas caipitiúil sa tréimhse cháilitheach ar athfheistiú foirgnimh nó déanmhais—
(i) a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó
(ii) a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, nó
(iii) a dtabharfaí liúntas ina leith dá ndéanfaí ordú faoi alt 372B(1)(a) á ordú go mbeidh an limistéar ina limistéar cáilitheach chun críocha alt 372C nó 372D, de réir mar a bheidh, nó
(iv) a dtabharfaí liúntas ina leith murach fo-alt (6),
chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi aon cheann de na forálacha dá dtagraítear i mír (a), ní mheasfar gur áitreabh cáilitheach an foirgneamh nó an déanmhas mura rud é nach lú méid iomlán an chaiteachais arna thabhú amhlaidh ná méid is comhionann le 10 faoin gcéad de mhargadhluach an fhoirgnimh nó an déanmhais díreach sula dtabhaítear an caiteachas sin.”.
Leasú ar Chaibidlí 7 agus 8 de Chuid 10 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.
19.—Leasaítear leis seo Caibidlí 7 agus 8 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1998) de Chuid 10 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997—
(a) in alt 372B(1), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):
“(b) i gcás ina bhfuil limistéar nó limistéir den sórt sin le bheith ina limistéar cáilitheach chun críocha alt 372D—
(i) go mbeidh nó nach mbeidh ceann amháin nó níos mó de na hearnálacha foirgnimh nó déanmhais a luaitear i bhfo-alt (2) ina áitreabh cáilitheach nó ina n-áitreabh cáilitheach de réir bhrí an ailt sin agus
(ii) nach mbeidh feidhm ag fo-alt (6) den alt sin i ndáil leis an limistéar cáilitheach sin, agus”,
(b) in alt 372D—
(i) trí “fho-ailt (3) go (6A)” a chur in ionad “fho-ailt (3) go (6)” i bhfo-alt (2)(a),
(ii) trí “ach faoi réir alt 372B(1)(b)” a chur isteach i ndiaidh “D'ainneoin fho-ailt (2) go (4)” i bhfo-alt (6)(a), agus
(iii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):
“(6A) I gcás go n-ordaítear le hordú arna dhéanamh faoi alt 372B(1) nach mbeidh feidhm ag fo-alt (6) i ndáil le limistéar cáilitheach, beidh feidhm ag fo-alt (4) i ndáil leis an limistéar cáilitheach sin—
(a) amhail is dá mba thagairt do 25 faoin gcéad an tagairt i mír (a)(iv) den fho-alt sin do 50 faoin gcéad, agus
(b) amhail is dá ndéanfaí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (b) den fho-alt sin:
‘(ii) amhail is dá ndéanfaí an mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2) den alt sin:
“(b) Maidir le haon chaiteachas cáilitheach, ní bheidh aon liúntas a thabharfar faoi alt 272 agus a mhéadófar faoi mhír (a) i leith an chaiteachais sin, cibé acu is do thréimhse inmhuirearaithe amháin nó níos mó ná tréimhse amháin den sórt sin a éilítear é, níos mó san iomlán ná 50 faoin gcéad de mhéid an chaiteachais cháilithigh sin.”,
agus
(iii) amhail is dá ndéanfaí fo-ailt (3) go (7) den alt sin a scriosadh.”’,
(c) in alt 372N—
(i) trí “fho-ailt (3) go (6B)” a chur in ionad “fho-ailt (3) go (6)” i bhfo-alt (2)(a), agus
(ii) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):
“(6A) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) i ndáil le caiteachas caipitiúil a thabhaítear sa tréimhse cháilitheach ar fhoirgniú nó ar athfheistiú áitribh cháilithigh ach amháin i gcás an t-áitreabh cáilitheach a bheith, tráth ar bith sa tréimhse sin, ina ábhar do léas cáilitheach (de réir bhrí alt 372O) arna dheonú do dhuine a áitíonn an t-áitreabh cáilitheach chun críocha trádála nó gairme cáilithí (de réir bhrí an ailt sin).
(6B) I gcás nach bhfuil feidhm ag fo-alt (6) i ndáil le caiteachas caipitiúil a thabhaítear sa tréimhse cháilitheach, beidh feidhm ag fo-alt (4)—
(a) amhail is dá mba thagairt do 25 faoin gcéad an tagairt i mír (a)(iv) den fho-alt sin do 50 faoin gcéad,
agus
(b) amhail is dá ndéanfaí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (b) den fho-alt sin:
‘(ii) amhail is dá ndéanfaí an mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2) den alt sin:
“(b) Maidir le haon chaiteachas cáilitheach, ní bheidh aon liúntas a thabharfar faoi alt 272 agus a mhéadófar faoi mhír (a) i leith an chaiteachais sin, cibé acu is do thréimhse inmhuirearaithe amháin nó níos mó ná tréimhse amháin den sórt sin a éilítear é, níos mó san iomlán ná 50 faoin gcéad de mhéid an chaiteachais cháilithigh sin.”,
agus
(iii) amhail is dá ndéanfaí fo-ailt (3) go (7) den alt sin a scriosadh.”’,
agus
(d) in alt 372O—
(i) trí “ó thrádáil nó ó ghairm cháilitheach (is trádáil nó gairm a sonraítear, le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais, gur trádáil nó gairm cháilitheach í chun críocha an ailt seo)” a chur in ionad “ó thrádáil nó ó ghairm” i bhfo-alt (3), agus
(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):
“(6) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”.
Leasú ar fhorálacha a bhaineann le Limistéar Duganna Theach an Chustaim.
20.—Leasaítear leis seo an tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997—
(a) in alt 322—
(i) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an tréimhse shonraithe”:
“ciallaíonn ‘an tréimhse shonraithe’ an tréimhse dar tosach an 25ú lá d'Eanáir, 1988, agus dar críoch—
(a) an 24ú lá d'Eanáir, 1999, chun críocha alt 324,
(b) an 31ú lá de Nollaig, 1999, chun críocha ailt 325 go 328, agus
(c) an 31ú lá de Nollaig, 1999, chun críocha alt 323; ach más rud é, i ndáil le foirgniú áitribh cháilithigh de réir bhrí an ailt sin, go ndéantar 51 faoin gcéad ar a laghad den chaiteachas caipitiúil iomlán a thabhaítear ar fhoirgniú an áitribh a thabhú roimh an 1ú lá d'Eanáir, 2000, déanfar an tagairt sa mhír seo don 31ú lá de Nollaig, 1999, a fhorléiriú mar thagairt don 30ú lá de Mheitheamh, 2000.”, agus
(ii) i bhfo-alt (2), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):
“(b) maidir le haon limistéar den sórt sin a thuairiscítear amhlaidh, go ndéanfar an míniú ar ‘an tréimhse shonraithe’ a fhorléiriú mar thagairt do cibé tréimhse a bheidh sonraithe san ordú i ndáil leis an limistéar sin; ach ní thosóidh aon tréimhse den sórt sin a bheidh sonraithe san ordú roimh an 26ú lá d'Eanáir, 1994, ná ní chríochnóidh sí—
(i) tar éis an 24ú lá d'Eanáir, 1999, chun críocha alt 324,
(ii) tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1999, chun críocha ailt 325 go 328, agus
(iii) tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1999, chun críocha alt 323; ach más rud é, i ndáil le foirgniú áitribh cháilithigh de réir bhrí an ailt sin, go ndéantar 51 faoin gcéad ar a laghad den chaiteachas caipitiúil iomlán a thabhaítear ar fhoirgniú an áitribh a thabhú roimh an 1ú lá d'Eanáir, 2000, déanfar an tagairt san fhomhír seo don 31ú lá de Nollaig, 1999, a fhorléiriú mar thagairt don 30ú lá de Mheitheamh, 2000,”,
(b) in alt 323, trí fho-alt (3)(b) a scriosadh, agus
(c) in alt 409A (a cuireadh isteach le halt 30 den Acht Airgeadais, 1998), tríd an méid seo a leanas a chur, i bhfo-alt (5)(b), in ionad na bhfocal ó “roimh an 1ú lá de Bhealtaine, 1998,” go dtí deireadh an fho-ailt sin:
“(I) roimh an 1ú lá de Bhealtaine, 1998, ach amháin i gcás foirgnimh shonraithe a bhfuil feidhm ag clásal (II) maidir leis, nó
(II) roimh an 1ú lá de Lúnasa, 1998, i gcás foirgnimh shonraithe a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith, nó a dtabharfar liúntas ina leith de bhua alt 279, chun críocha cánach ioncaim faoi Chaibidil 1 de Chuid 9 de bhua Chaibidil 1 de Chuid 10,
de bhun caibidlí a bhí ar siúl roimh an 3ú lá de Nollaig, 1997.”.
(2) Aisghairtear leis seo alt 25 den Acht Airgeadais, 1998.