[EN]

Uimhir 28 de 1945.


[EN]

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ DO MHAITHEAMH), 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH LEASUITHE AGUS LEATHNUITHE, GO nÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, AR AN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ DO MHAITHEAMH), 1940. [4ú Lúnasa, 1945.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940, do leasú.

1.—(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940), arna leasú leis an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1943 (Uimh. 6 de 1943), do leasú tuilleadh mar leanas:—

[EN]

(a) déanfar an tagairt atá sa mhíniú ar an abairt “an tréimhse ordaithe” don 31ú lá de Mhárta, 1945, do léiriú mar thagairt don 31ú lá de Mhárta, 1946 ;

[EN]

(b) déanfar gach tagairt atá i míreanna (a) go (f) den mhíniú ar an abairt “áit chomhnaithe” do shreath Acht do léiriú mar thagairt a fholaíos tagairt do gach Acht arna rith ina dhiaidh sin (pé acu roimh an Acht so nó dá éis é) ag leasú na sreatha Acht san.

[EN]

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt so do theacht i ngníomh ar theacht i ngníomh don Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940).

[EN]

Gearr-theideal agus comhluadh.

2.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1945, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940 go 1945, do ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940 agus 1943, agus den Acht so le chéile.