Uimhir 28 de 1945.
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ DO MHAITHEAMH), 1945.
[An tionntó oifigiúil.]
An tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940, do leasú.
1.—(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940), arna leasú leis an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1943 (Uimh. 6 de 1943), do leasú tuilleadh mar leanas:—
(a) déanfar an tagairt atá sa mhíniú ar an abairt “an tréimhse ordaithe” don 31ú lá de Mhárta, 1945, do léiriú mar thagairt don 31ú lá de Mhárta, 1946 ;
(b) déanfar gach tagairt atá i míreanna (a) go (f) den mhíniú ar an abairt “áit chomhnaithe” do shreath Acht do léiriú mar thagairt a fholaíos tagairt do gach Acht arna rith ina dhiaidh sin (pé acu roimh an Acht so nó dá éis é) ag leasú na sreatha Acht san.
(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt so do theacht i ngníomh ar theacht i ngníomh don Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940).
Gearr-theideal agus comhluadh.
2.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1945, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940 go 1945, do ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940 agus 1943, agus den Acht so le chéile.