[EN]

Uimhir 28 de 1946.


[EN]

AN tACHT UM RÉAMHCHÚRAM IN AGHAIDH AER-RUATHAR (LEASÚ), 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM RÉAMHCHÚRAM IN AGHAIDH AER-RUATHAR, 1939. [4ú Nollaig, 1946.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-ruathar, 1939 (Uimh. 21 de 1939);

[EN]an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Cosanta.

(2) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus an Príomh-Acht.

[EN]

Alt 28 den Phríomh-Acht a leasú.

2.—Leasaítear leis seo alt 28 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt breise seo a leanas a chur ina dheireadh:—

[EN]

“(3) (a) I dteannta na ndualgas a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, beidh de dhualgas ar gach údarás áitiúil agus ar a oifigigh agus a sheirbhísigh pé dualgais a chomhlíonadh, maidir le daoine den phobal síbhialta a aistriú agus maidir lena gcóiríocht, a gcothabháil agus a leas, a ordós an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, agus chuige sin féadfaidh údarás áitiúil dul faoi chaiteachas.

[EN]

(b) Má théann údarás áitiúil faoi chaiteachas faoi mhír (a) den fho-alt seo, déanfar an caiteachas sin a aisíoc, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

(c) Ní tabharfar aon deontas faoi alt 35 den Acht seo i leith caiteachais faoina raghaidh údarás áitiúil faoi mhír (a) den fho-alt seo.”.

[EN]

Alt 34 den Phríomh-Acht a leasú.

3.—Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 34 den Phríomh-Acht trí no focail “d'aon bhuirg ná bailecheantar” a chur in ionad na bhfocal “féna raghaidh buirg nó bailecheantar ar bith”.

[EN]

Alt 35 den Phríomh-Acht a leasú.

4.—Leasaítear leis seo alt 35 den Phríomh-Acht trí na focail “nó, i gcás aon chaiteachais cheadaithe den tsórt sin is caiteachas ar ionaid bhídh agus scíthe a chur ar fáil, deontais nach mó ná méid an chaiteachais sin” a chur ina dheireadh.

[EN]

Alt 64 den Phríomh-Acht a leasú.

5.—(1) Leasaítear leis seo alt 64 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1), is é sin le rá:—

[EN]

“(1) Baineann an t-alt seo le díobhála pearsanta a tharlós, tráth ná beidh an Stát páirteach in aon chogadh, do chomhaltaí údaraithe de sheirbhís réamhchúraim in aghaidh aer-ruathar, arna bunú faoi scéim arna ceadú ag an Aire faoi alt 13 nó alt 38 den Acht seo, le linn tréineáil nó cleachtadh i ndualgais na seirbhíse sin a bheith á thabhairt dóibh nó á thabhairt acu do dhaoine eile nó le linn dóibh bheith ar diúité ar shlí eile mar chomhaltaí den tsórt sin.”.

[EN]

(2) Leanfaidh an Scéim um Sheirbhísí Réamhchúraim in Aghaidh Aer-ruathar (Cúiteamh i nDíobhála Pearsanta), 1942 (R. & O. R., Uimh. 319 de 1942), arna leasú leis an Scéim um an Scéim um Sheirbhísí Réamhchúraim in Aghaidh Aer-ruathar (Cúiteamh i nDíobhála Pearsanta), 1942 (An Chéad Leasú), 1943 (R. & O. R., Uimh. 415 de 1943) (Scéimeanna a rinneadh faoi alt 64 den Phríomh-Acht arna leasú leis an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 99), 1941 (R. & O. R., Uimh. 340 de 1941)), de bheith i bhfeidhm agus beidh éifeacht aici amhail is dá mba faoi alt 64 den Phríomh-Acht, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, a déanfaí í.

[EN]

(3) Léireofar an abairt “airgead poiblí”, i ngach áit a bhfuil sí in Achta na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1945, mar abairt ná folaíonn aon airgead is iníoctha faoi scéim arna déanamh faoi alt 64 den Phríomh-Acht, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.

[EN]

Stórais leighis a thabhairt d'Ospidéil.

6.—(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “stórais leighis” earraí is—

[EN]

(a) druganna, nó

[EN]

(b) ícleasuithe, nó

[EN]

(c) trealamh le haghaidh úsáide in ospidéil.

[EN]

(2) (a) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, aon stórais leighis a bheas faoina riar aige a eisiúint ó am go ham chun comhlachta rialúcháin aon ospidéil.

[EN]

(b) Má heisítear stórais leighis chun comhlachta rialúcháin ospidéil faoin bhfo-alt seo, glacfaidh an comhlacht rialúcháin sin na stórais leighis sin.

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le haon stórais leighis arna n-eisiúint (an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946, nó roimhe nó dá éis) ag an Aire chun comhlachta rialúcháin ospidéil, is é sin le ra:—

[EN]

(a) ní húsáidfear na stórais leighis sin ach chun na gcríocha agus faoi na coinníollacha a ordós an tAire ó am go ham,

[EN]

(b) beidh an comhlacht rialúcháin sin freagarthach sna stórais leighis sin a choimeád slán agus a stóráil le cúram cuí, agus, má bheireann an tAire treoracha maidir leis na stórais leighis sin a choimeád agus a stóráil, comhlíonfaidh an comhlacht rialúcháin sin na treoracha,

[EN]

(c) déanfaidh an comhlacht rialúcháin sin, ar an Aire dá iarraidh sin, na stórais leighis sin nó aon chuid shonraithe dhíobh a thabhairt thar n-ais don Aire,

[EN]

(d) déanfaidh an comhlacht rialúcháin sin, ar aon duine a bheas údaraithe ag an Aire dá iarraidh sin, gach saoráid a thabhairt don duine sin chun na stórais leighis sin a iniúchadh,

[EN]

(e) má cailltear na stórais leighis sin nó má bhaineann damáiste nó díth dhóibh déanfaidh an comhlacht rialúcháin sin tuarascáil ina thaobh sin a thabhairt don Aire gan mhoill maraon le sonraí i dtaobh na dtosca inar tharla an chailliúint nó an damáiste nó an díth sin,

[EN]

(f) bhéarfaidh an comhlacht rialúcháin sin go n-iniúchfaidh dochtúir leighis cláraithe ina seirbhís na stórais leighis sin go tréimhsiúil agus pé trátha eile a ordós an tAire d'fhonn a fháil amach cad é an chainníocht atá ina seilbh de thuras na huaire de na stórais leighis sin nó ar bhain damáiste nó díth dhóibh.

[EN]

(4) Más rud é, ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, go bhfailleoidh comhlacht rialúcháin aon ospidéil aon oblagáid a chomhlíonadh dá gcuirtear air, nó aon fheidhm a chomhlíonadh dá gceaptar dó, leis an alt seo nó faoi, beidh an comhlacht rialúcháin sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus má leantar den fhaillí, ar ciontaíodh an comhlacht rialúcháin sin ina leith, tar éis an chiontuithe, dlífear, ar an gcomhlacht rialúcháin sin a chiontú ann ar an slí achomair, fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

[EN]

(5) Más rud é, ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, go bhfailleoidh aon oifigeach nó seirbhíseach do chomhlacht rialúcháin ospidéil aon oblagáid a chomhlíonadh dá gcuirfear air, nó aon fheidhm a chomhlíonadh dá gceapfar dó, ag an gcomhlacht rialúcháin chun críocha an ailt seo, beidh an t-oifigeach nó an seirbhíseach sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

[EN]

(6) Beidh éifeacht ag forála an ailt seo d'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in aon Acht, ordú, fo-dhlí nó cairt.

[EN]

(7) Má théann comhlacht rialúcháin ospidéil faoi chaiteachas chun críche an ailt seo, déanfar an caiteachas sin a aisíoc, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

Ospidéil do ghlacadh réamhchúraim in aghaidh aer-ruathar.

7.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “ospidéal lena mbaineann an t-alt seo” aon ospidéal do réir bhrí Achta na nOspidéal Poiblí, 1933 (Uimh. 18 de 1933), atá i gcontae-bhuirg nó baile-líomatáiste sceidealta, nó nach sia ná míle reachtúil uaidh sin;

[EN]

ciallaíonn an abairt “údarás urlámhais”, maidir le hospidéal lena mbaineann an t alt seo, an t-údarás áitiúil, an bord, an coiste nó an comhchoiste, nó an comhlacht eile ag a bhfuil urlámhas agus bainistí an ospidéil.

[EN]

(2) Má théann údarás urlámhais ospidéil lena mbaineann an t-alt seo faoi chaiteachas chun socrú a dhéanamh chun an t-ospidéal, a othair, nó a fhoireann a chosaint ar dhamáiste nó díobháil i gcás ionsaí ón aer nó chun damáiste nó díobháil den tsórt sin a laghdú, féadfar an caiteachas sin a aisíoc, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid (nach mó ná trian an chaiteachais sin) a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

(3) (a) Má déantar aisíoc faoi fho-alt (2) den alt seo i leith caiteachais faoina ndeachaigh údarás urlámhais ospidéil lena mbaineann an t-alt seo, déanfaidh an t-údarás áitiúil déanta scéime ar laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin a bheas an t-ospidéal suim is cóimhéid leis an aisíocaíocht a ranníoc i leith an chaiteachais sin.

[EN]

(b) Bainfidh fo-ailt (3), (4), (5) agus (6) d'alt 34 den Phríomh-Acht le costais faoina raghfar faoin bhfo-alt seo amhail mar bhaineas na fo-ailt sin le costais faoina raghfar faoi Chuid II den Phríomh-Acht.

[EN]

(4) Ní tabharfar aon deontas faoi alt 35 den Phríomh-Acht i leith aon chaiteachais a ndéanfar ranníoc ina leith faoi fho-alt (2) den alt seo.

[EN]

Athghairm.

8.—Athghairmtear leis seo alt 29 den Phríomh-Acht.

[EN]

Gearr-theideal, tosach feidhme agus comhluadh.

9.—(1) Féadfar an tAcht um Réamhchúram in Aghaidh Aerruathar (Leasú), 1946, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Is tuigthe an tAcht seo (ach amháin alt 2) do theacht i ngníomh an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946.

[EN]

(3) Féadfar na hAchta um Réamhchúram in Aghaidh Aerruathar, 1939 agus 1946, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.