Uimhir 28 de 1959.
AN tACHT IASCAIGH MHARA (LEASÚ), 1959.
[An tíontó oifigiúil.]
ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA IASCAIGH MHARA 1952 GO 1956. [11 Lúnasa, 1959.]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “an Bord” an Bord Iascaigh Mhara;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tailte;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh Mhara, 1952.
Méadú ar an teorainn le hairleacain chun an Bhoird.
2.—Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 18 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 1 den Acht Iascaigh Mhara (Leasú), 1956, a leasú trí “trí mhilliún punt” a chur in ionad “milliún punt”.
Leasú ar thréimhse oifige chomhaltaí den Bhord.
3.—Maidir le ceapadh comhaltaí den Bhord a cheapfar tar éis an tAcht seo a rith, déanfar, maidir le ceapadh comhaltaí den Bhord a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith, an tagairt i bhfomhír (3) de mhír 2 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do thréimhse dhá bhliain a fhorléiriú mar thagairt do thrí bhliain, faoi réir an choinníll, i gcás ceapadh na gcomhaltaí a bhfuil a dtréimhsí ceapacháin le tosú an 24ú lá d'Aibreán, 1960,—
(a) gur go ceann dhá bhliain amháin a cheapfar cibé beirt is cuí leis an Aire a cheapadh go ceann dhá bhliain den seisear comhaltaí a bheifear a cheapadh, agus
(b) gur go ceann bliana amháin a cheapfar cibé beirt is cuí leis an Aire a cheapadh go ceann bliana den seisear comhaltaí a bheifear a cheapadh
Leasú ar an tsriantacht le hárthaí a cheadúnú chun iascaigh mhara.
4.—(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 9 den Phríomh-Acht a leasú trí “an uimhir fhorordaithe (nach lú ná tríocha agus cúig)” a chur in ionad “tríocha agus cúig”.
(2) Déantar leis seo mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 9 den Phríomh-Acht a leasú trí “comhlacht corpraithe atá bunaithe faoi réim agus faoi réir dhlí an Stáit agus ar sa Stát atá a phríomh-áit ghnó” a chur in ionad “cuideachta atá corpraithe faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, agus a bhfuil iomlán a scair-chaipitil ar seilbh ag saoránaigh Éireannacha”.
Athghairm.
5.—Athghairtear leis seo fo-alt (6) d'alt 9 den Phríomh-Acht.
Gearrtheideal agus comhlua.
6.—(1) Féadfar an tAcht Iascaigh Mhara (Leasú), 1959, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1959, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1956, agus den Acht seo le chéile.