Uimhir 28 de 1980
AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1980
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1978;
ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959.
Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.
2.—Aisghairtear leis seo an méid sin d'alt 2 den Phríomh-Acht (arna leasú le halt 2 d'Acht 1978) a fhorálann nach mó ná £45,000,000 comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a shuibscríobh faoin alt sin chun scaireanna sa Chuideachta a thógáil agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná £80,000,000 comhiomlán na suimeanna a shuibscríobhfar amhlaidh.
Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht agus ar alt 2 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970.
3.—Aisghairtear leis seo alt 3 d'Acht 1978 agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná £40,000,000 comhiomlán na ndeontas a thabharfar don Chuideachta faoi alt 8 den Phríomh-Acht agus alt 2 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970.
Gearrtheideal agus comhlua.
4.—(1) Féadfar an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1980, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1980, a ghairm de na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1978, agus den Acht seo le chéile.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 | |
Na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1978 | |
An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 | |
An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1978 |