harp.jpg


Uimhir 28 de 1998


AN tACHT UM MAOIN INTLEACHTÚIL (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht.

3.

Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht.

4.

Leasú ar alt 6 d'Acht 1992.

5.

Leasú ar alt 97 d'Acht 1992.

6.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cóipchirt, 1963

1963, Uimh. 10

An tAcht Cóipchirt (Leasú), 1987

1987, Uimh. 24

Acht na bPaitinní, 1992

1992, Uimh. 1

harp.jpg


Uimhir 28 de 1998


AN tACHT UM MAOIN INTLEACHTÚIL (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AN ACHTA CÓIPCHIRT, 1963, AGUS ACHT NA bPAITINNÍ, 1992, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [7 Iúil, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

[EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1987” an tAcht Cóipchirt (Leasú), 1987;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1992” Acht na bPaitinní, 1992;

[EN]

ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Cóipchirt, 1963.

[EN]

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht.

2.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht, maidir le haon chaingean a thionscnófar tar éis dháta rite an Achta seo, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 26:

“Toimhdeana.

26.—(1) In aon chaingean a thionscnófar de bhua na Coda seo den Acht seo, beidh feidhm ag na toimhdeana atá leagtha amach i bhfo-ailt (2) go (7) den alt seo.

(2) (a) Toimhdeofar go bhfuil cóipcheart ar marthain i saothar mura gcruthófar a mhalairt.

(b) I gcás go gcruthófar nó go n-admhófar go bhfuil an cóipcheart ar marthain i saothar, nó go dtoimhdeofar faoi mhír (a) den fho-alt seo é a bheith ar marthain, toimhdeofar gurb é an gearánaí úinéir nó ceadúnaí eisiach an chóipchirt, mura gcruthófar a mhalairt.

(3) Más rud é—

(a) go bhfuil ar shaothar ainm a airbheartaíonn gurb é ainm údar an tsaothair nó ainm úinéir nó cheadúnaí eisiach an chóipchirt é, de réir mar a bheidh, nó

(b) go bhfuil ráiteas, lipéad nó marc eile curtha leis an saothar nó ar áireamh ann á chur in iúl gurb é duine ainmnithe údar an tsaothair nó úinéir nó ceadúnaí eisiach an chóipchirt, de réir mar a bheidh,

beidh an t-ainm, an ráiteas, an lipéad nó an marc inghlactha mar fhianaise ar an bhfíoras a shonraítear nó a chuirtear in iúl, ar fíoras é a thoimhdeofar a bheith ceart mura gcruthófar a mhalairt.

(4) Maidir leis an duine a bheidh ainmnithe nó a mbeidh ráiteas, lipéad nó marc eile ina leith ar shaothar nó curtha le saothar nó ar áireamh i saothar de réir fho-alt (3) den alt seo, toimhdeofar nach ndearna sé an saothar—

(a) i gcúrsa fostaíochta dá dtagraítear i bhfo-ailt (2), (3) agus (4) d'alt 10 den Acht seo,

(b) faoi threorú nó faoi rialú eagras idirnáisiúnta áirithe dá dtagraítear in alt 44 den Acht seo, nó

(c) faoi ordú nó faoi rialú an Rialtais nó Aire den Rialtas dá dtagraítear in alt 51 den Acht seo nó Aire Stáit.

(5) Más rud é go n-airbheartaíonn saothar gur saothar comhúdar é, beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo i ndáil le gach duine a airbheartaíonn gur duine d'údair an tsaothair é.

(6) Más rud é nach bhfuil ar an saothar aon ainm a airbheartaíonn gurb é ainm údar an tsaothair nó ainm úinéir nó cheadúnaí eisiach an chóipchirt é, de réir mar a bheidh, nó nach bhfuil ráiteas, lipéad nó marc eile curtha leis an saothar de réir fho-alt (3) den alt seo ach—

(a) go gcáilíonn an saothar le haghaidh cosanta cóipchirt faoi threoir na tíre inar céadfhoilsíodh é, agus

(b) go bhfuil ainm, ráiteas, lipéad nó marc eile a airbheartaíonn gurb é ainm, ráiteas, lipéad nó marc eile an fhoilsitheora é ar chóipeanna den saothar mar a céadfhoilsíodh é,

ansin, toimhdeofar gurbh é an duine a bhfuil a ainm, a ráiteas, a lipéad nó a mharc eile ar chóipeanna den sórt sin údar an tsaothair nó úinéir nó ceadúnaí eisiach an chóipchirt, de réir mar a bheidh, tráth an fhoilsithe, mura gcruthófar a mhalairt.

(7) Más rud é go bhfuil údar saothair marbh nó nach féidir a fháil amach trí fhiosrú réasúnach cérbh é an t-údar, toimhdeofar, mura gcruthófar a mhalairt—

(a) gur saothar bunaidh an saothar, agus

(b) maidir leis na héilimh a dhéanann an gearánaí i dtaobh cé acu foilsiú an chéad fhoilsiú ar an saothar agus cé acu tír inar céadfhoilsíodh an saothar, go bhfuil siad ceart.

(8) Beidh feidhm go feadh an mhéid chéanna ag na toimhdeana atá leagtha amach i bhfo-ailt (2) go (7) den alt seo in aon chaingne a bhaineann le sárú a líomhnaítear a tharla roimh an dáta ar ar foilsíodh cóipeanna de shaothar.

(9) Ciallaíonn tagairtí san alt seo do ‘saothar’ aon saothar nó ábhar lena mbaineann caingean arna tionscnamh de bhua na Coda seo den Acht seo.”.

[EN]

Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht.

3.—Leasaítear leis seo alt 27 (arna leasú le hAcht 1987) den Phríomh-Acht, maidir le cionta faoin alt sin a dhéanfar tar éis dháta rite an Achta seo—

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9):

[EN]

“(9) (a) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) (arna leasú leis an Acht Cóipchirt (Leasú), 1987) nó (2) den alt seo, dlífear—

[EN]

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 maidir le gach cóip sháraitheach nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

[EN]

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon, a chur air.

[EN]

(b) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (3) nó (8) (arna leasú leis an Acht Cóipchirt (Leasú), 1987) den alt seo, dlífear—

[EN]

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

[EN]

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon, a chur air.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) trí fho-ailt (10) (arna leasú le hAcht 1987) agus (10A) (a cuireadh isteach le hAcht 1987) a scriosadh.

[EN]

Leasú ar alt 6 d'Acht 1992.

4.—Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1992 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

[EN]

“(3) Beidh an Oifig faoi cheannas an Cheannasaí agus gníomhóidh seisean faoi mhaoirseacht ghinearálta agus faoi stiúradh ginearálta an Aire.”.

[EN]

Leasú ar alt 97 d'Acht 1992.

5.—Leasaítear leis seo alt 97 d'Acht 1992—

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) (a) Déanfaidh an Rialtas de réir riachtanais na hócáide duine a cheapadh chun oifig an Cheannasaí go ceann téarma 5 bliana ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonróidh an Rialtas nuair a bheidh an ceapachán á dhéanamh.

[EN]

(b) Aon duine a cheapfar faoi mhír (a) den fho-alt seo agus a rachaidh a théarma oifige in éag ar shlí seachas mar gheall ar an duine a chur as oifig, beidh sé in-athcheaptha.

[EN]

(c) D'ainneoin mhíreanna (a) agus (b) den fho-alt seo, aon duine a cheapfar chun oifig an Cheannasaí, scoirfidh sé ar 65 bliana d'aois a bheith slánaithe aige.

[EN]

(d) Gan dochar do mhíreanna (a), (b) agus (c) den fho-alt seo, déanfaidh an duine atá i seilbh oifige mar Cheannasaí díreach roimh thosach feidhme an ailt seo an oifig sin a shealbhú ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna, lena n-áirítear coinníollacha maidir le haoisliúntas nó liúntas nó aisce eile, a shonróidh an Rialtas nuair a bheidh a cheapachán chun na hoifige sin á dhéanamh.”,

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

[EN]

“(3) Faoi réir an Ceannasaí a bheith ina shláinte tráth a cheaptha, agus d'ainneoin go gceaptar an Ceannasaí gan deimhniú ó Choimisinéirí na Státseirbhíse, measfar an Ceannasaí a bheith fostaithe, le linn a théarma oifige, i Státseirbhís an Stáit.”,

[EN]

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

[EN]

“(3A) Beidh an Oifig suite i cibé áit sa Stát a ainmneoidh an tAire ó am go ham, agus is san áit sin a chomhallfar feidhmeanna oifig an Cheannasaí, faoi réir cibé eisceachtaí a shonróidh an tAire i scríbhinn ó am go ham.”,

[EN]

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

[EN]

“(4A) D'ainneoin fho-alt (1), féadfaidh an Rialtas duine a chur as oifig an Cheannasaí má tá an duine sin éirithe éagumasach, de dheasca easláinte, ar dhualgais an Cheannasaí a chomhlíonadh go héifeachtach nó mar gheall ar mhí-iompar sonraithe nó más dealraitheach don Rialtas gur gá é a chur as oifig le go ndéanfar feidhmeanna an Cheannasaí a chomhlíonadh go héifeachtach.”,

[EN]

(e) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

[EN]

“(5) Aon ghníomh nó aon ní a ordaítear don Cheannasaí a dhéanamh, nó a ordaítear a dhéanamh maidir leis an gCeannasaí, faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile féadfaidh aon oifigeach a bheidh údaraithe ag an Aire é a dhéanamh nó féadfar é a dhéanamh maidir le hoifigeach den sórt sin.”,

[EN]

agus

[EN]

(f) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

[EN]

“(6) Maidir le húdarú faoi fho-alt (5)—

[EN]

(a) féadfar é a dhéanamh faoi réir cibé ordachán a shonróidh an tAire, agus

[EN]

(b) féadfaidh an tAire é a mhodhnú nó a chúlghairm tráth ar bith.”,

[EN]

agus tá an t-alt, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

97.—(1) (a) Déanfaidh an Rialtas de réir riachtanais na hócáide duine a cheapadh chun oifig an Cheannasaí go ceann téarma 5 bliana ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonróidh an Rialtas nuair a bheidh an ceapachán á dhéanamh.

(b) Aon duine a cheapfar faoi mhír (a) den fho-alt seo agus a rachaidh a théarma oifige in éag ar shlí seachas mar gheall ar an duine a chur as oifig, beidh sé in-athcheaptha.

(c) D'ainneoin mhíreanna (a) agus (b) den fho-alt seo, aon duine a cheapfar chun oifig an Cheannasaí, scoirfidh sé ar 65 bliana d'aois a bheith slánaithe aige.

(d) Gan dochar do mhíreanna (a), (b) agus (c) den fho-alt seo, déanfaidh an duine atá i seilbh oifige mar Cheannasaí díreach roimh thosach feidhme an ailt seo an oifig sin a shealbhú ar na téarmaí agus na coinníollacha céanna, lena n-áirítear coinníollacha maidir le haoisliúntas nó liúntas nó aisce eile, a shonróidh an Rialtas nuair a bheidh a cheapachán chun na hoifige sin á dhéanamh.

(2) Gheobhaidh an Ceannasaí cibé luach saothair a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(3) Faoi réir an Ceannasaí a bheith ina shláinte tráth a cheaptha, agus d'ainneoin go gceaptar an Ceannasaí gan deimhniú ó Choimisinéirí na Státseirbhíse, measfar an Ceannasaí a bheith fostaithe, le linn a théarma oifige, i Státseirbhís an Stáit.

(3A) Beidh an Oifig suite i cibé áit sa Stát a ainmneoidh an tAire ó am go ham, agus is san áit sin a chomhallfar feidhmeanna oifig an Cheannasaí, faoi réir cibé eisceachtaí a shonróidh an tAire i scríbhinn ó am go ham.

(4) Aon uair a bheidh an Ceannasaí neamhábalta go sealadach ar fhreastal ar a dhualgais nó a bheidh a oifig folamh, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun dualgais an Cheannasaí a chomhlíonadh le linn na neamhábaltachta nó an fholúntais sin, agus fad a fhanfaidh an ceapachán i bhfeidhm beidh cumhachtaí uile an Cheannasaí faoin Acht seo agus mar a chinnfear le dlí thairis sin ag gach duine a cheapfar amhlaidh agus gheobhaidh sé cibé luach saothair a ordóidh an tAire, le cead an Aire Airgeadais.

(4A) D'ainneoin fho-alt (1), féadfaidh an Rialtas duine a chur as oifig an Cheannasaí má tá an duine sin éirithe éagumasach, de dheasca easláinte, ar dhualgais an Cheannasaí a chomhlíonadh go héifeachtach nó mar gheall ar mhí-iompar sonraithe nó más dealraitheach don Rialtas gur gá é a chur as oifig le go ndéanfar feidhmeanna an Cheannasaí a chomhlíonadh go héifeachtach.

(5) Aon ghníomh nó aon ní a ordaítear don Cheannasaí a dhéanamh, nó a ordaítear a dhéanamh maidir leis an gCeannasaí, faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile féadfaidh aon oifigeach a bheidh údaraithe ag an Aire é a dhéanamh nó féadfar é a dhéanamh maidir le hoifigeach den sórt sin.

(6) Maidir le húdarú faoi fho-alt (5)—

(a) féadfar é a dhéanamh faoi réir cibé ordachán a shonróidh an tAire, agus

(b) féadfaidh an tAire é a mhodhnú nó a chúlghairm tráth ar bith.

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

6.—(1) Féadfar an tAcht um Maoin Intleachtúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1998, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh ailt 4 agus 5 den Acht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.