Uimhir 10 of 1963.
AN tACHT CÓIPCHIRT, 1963.
[An tiontú oifigiúil.]
CUID I.
Réamhráiteach agus Ginearálta.
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar an tAcht Cóipchirt, 1963, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú; agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críocha forálacha éagsúla den Acht seo, agus, chun críocha aon fhorála den Acht seo lena n-aisghairtear achtacháin, féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun go n-oibreoidh an aisghairm maidir le hachtacháin éagsúla, lena n-áirítear achtacháin éagsúla san Acht céanna.
Léiriú i gcoitinne.
2.—(1) San Acht seo, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Maoine Tionnscail agus Tráchtála Cosaint), 1927;
tá le “athchóiriú”, maidir le saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil, an bhrí a shanntar dó le halt 8 den Acht seo;
tá le “saothar ealaíne” an bhrí a shanntar dó le halt 9 den Acht seo;
folaíonn “foirgneamh” aon déanmhas;
tá le “scannán cineamatagrafach” an bhrí a shanntar dó le halt 18 den Acht seo;
folaíonn “foirgniú” tógáil, agus forléireofar dá réir sin tagairtí d'athfhoirgniú;
ciallaíonn “Ceannasaí” an Ceannasaí Maoine Tionscail agus Tráchtála a ceapadh faoin Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927;
folaíonn “saothar drámaíochta” saothar córagrafaíochta nó siamsa geáitsíoctha má bhíonn sé curtha i scríbhneoireacht sa chruth ina mbeifear chun an saothar nó an siamsa a léiriú, ach ní fholaíonn sé scannán cineamatagrafach ar leith ó scenario nó scriopt do scannán cineamatagrafach;
folaíonn “líníocht” aon léaráid, léarscáil, cairt nó plean;
folaíonn “greanadóireacht” aon eitseáil, liotagraf, greanadóireacht adhmaid, prionta nó saothar eile nach grianghraf;
tá le “cóipcheart todhchaí” agus le “úinéir ionchais” na bríonna a shanntar dóibh le halt 49 den Acht seo;
ciallaíonn “imeacht bhreithiúnach” imeacht os comhair aon chúirte, binse nó duine ag a bhfuil cumhacht ón dlí chun fianaise a éisteacht, a ghlacadh agus a scrúdú faoi mhionn;
folaíonn “saothar litríochta” aon tábla nó teaglamh scríofa;
ciallaíonn “láimhscríbhinn”, maidir le saothar, an doiciméad bunaidh ina bhfuil an saothar, cibé acu is le láimh a scríobhadh é nó nach ea;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;
folaíonn “taibhiú” tabhairt, i gcás léachtaí, aithisc, óráideacha agus seanmóirí, agus i gcoitinne, faoi réir forálacha fo-alt (5) den alt seo, folaíonn sé aon mhodh léirithe don tsúil nó don chluas, lena n-áirítear aon taibhiú den saghas sin trí ghléas raideotheilea grafaíochta a oibriú nó trí scannán cineamatagrafach a thaispeáint, nó trí thaifead a úsáid nó ar aon slí eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí do shaothar nó d'athchóiriú ar shaothar a thaibhiú;
ciallaíonn “grianghraf” aon táirge grianghrafadóireachta nó táirge d'aon phróis atá gaolmhar le grianghrafadóireacht, seachas cuid de scannán cineamatagrafach, agus ciallaíonn “údar”, i ndáil le grianghraf, an duine ar leis, tráth an grianghraf a thógáil, an t-ábhar ar a dtógtar é;
tá le “duine cáilithe” an bhrí a shanntar dó le halt 7 den Acht seo;
ciallaíonn “Radio Éireann” an t-údarás craolacháin a bunaíodh de bhua an Achta um Údarás Craolacháin, 1960;
ciallaíonn “taifead” aon teasc, téip, rolla breifnithe nó deis eile ina bhfuil fuaimeanna corpraithe gur féidir (le cúnamh gléas éigin eile nó dá éagmais) iad a atáirgeadh go huathoibritheach uaidh, agus na tagairtí do thaifead de shaothar nó d'ábhar eile is tagairtí iad do thaifead (mar a mhínítear anseo) trínar féidir é a thaibhiú;
folaíonn “atáirgeadh”, maidir le saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil, atáirgeadh i bhfoirm taifid nó scannáin chineamatagrafaigh, agus, i gcás saothar ealaíona, folaíonn sé leagan a táirgeadh tríd an saothar a chur i gcruth trí-thoimhseach nó, más i gcruth trí-thoimhseach dó, é a chur i gcruth dé-thoimhseach, agus forléireofar dá réir sin tagairtí do shaothar a atáirgeadh;
folaíonn “dealbhóireacht” aon teilgean nó múnla arna dhéanamh chun críocha dealbhóireachta;
tá le “fuaim-thaifeadadh” an bhrí a shanntar dó le halt 17 den Acht seo;
tá le “leor-admháil” an bhrí a shanntar dó le halt 12 den Acht seo;
tá le “craoladh teilifíse” agus le “fuaim-chraoladh” na bríonna a shanntar dóibh le halt 19 den Acht seo;
tá le “gléas raidió-theileagrafaíochta” an bhrí chéanna atá le “gléas radio-thelegrafaíochta” san Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926, arna leasú leis an Acht um Údarás Craolacháin, 1960;
tá le “saothar comhúdar” an bhrí a thugtar dó le halt 16 den Acht seo;
folaíonn “scríbhneoireacht” aon saghas nodaireachta, cibé acu le láimh nó le cló, clóscríobh nó próis eile a rinneadh é.
(2) Na tagairtí atá san Acht seo do chraoladh is tagairtí iad do chraoladh trí raidio-theileagrafaíocht (de réir bhrí an Achta Radio-Thelegrafaíochta, 1926, arna leasú leis an Acht um Údarás Craolacháin, 1960) cibé acu trí fhuaim-chraoladh é nó trí theilifís.
(3) Na tagairtí atá san Acht seo do shaothar nó ábhar eile a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata is tagairtí iad don chéanna a fhorleathadh i gcúrsa seirhbíse ag dáileadh clár craolacháin, nó clár eile (cibé acu gurb é an duine a oibríonn an tseirbhís nó daoine eile a sholáthraíonn iad) ar feadh sreanganna, nó conairí eile de shubstaint ábhartha, go dtí áitribh daoine a ranníocann leis an tseirbhís; agus, chun críocha an Achta seo, i gcás ina bhforleathfar amhlaidh saothar nó ábhar eile—
(a) measfar gurb é an duine a oibríonn an tseirbhís (is é sin le rá, an duine a ghlacann air féin, sna comhaontuithe leis na daoine a ranníocann leis an tseirbhís, an tseirbhís a sholáthar dóibh, cibé acu is eisean nó nach eisean an duine a fhorleathann na cláir) an duine a chuir faoi deara an saothar nó an t-ábhar eile a fhorleathadh amhlaidh, agus
(b) ní mheasfar aon duine eile, seachas an duine a oibríonn an tseirbhís, a bheith á chur faoi deara é a fhorleathadh amhlaidh d'ainneoin é do sholáthar aon saoráidí chun na cláir a fhorleathadh:
Ar choinníoll nach gcuirfear san áireamh, chun críocha an ailt seo, ná chun críocha tagairtí lena mbaineann an fo-alt seo, seirbhís chun cláir craolta nó cláir eile a dháileadh, i gcás nach bhfuil sa tseirbhís ach seirbhís foghabhálach i leith le gnó ag coimeád nó ag ligean áitreabh ina gcónaíonn nó ina gcodlaíonn daoine, agus a oibrítear mar chuid de na taitneamhachtaí a sholáthraítear go heisiatach nó go formhór do dhaoine a chónaíonn iontu nó is iostaithe iontu.
(4) Na tagairtí atá san Acht seo d'aon ghníomh a dhéanamh trí chraoladh teilifíse nó fuaim-chraoladh arna dhéanamh ag Radio Éireann a ghlacadh is tagairtí iad don ghníomh sin a dhéanamh tríd an gcraoladh a ghlacadh—
(a) ón bhforleathadh trína ndéanfar an craoladh ag Radio Éireann, nó
(b) ó fhorleathadh a dhéanfaidh Radio Éireann ar shlí seachas trí chraoladh, ach i gcomhthráth leis an bhforleathadh a luaitear sa mhír sin roimhe seo,
cibé acu (i gceachtar cás) a ghlacfar an craoladh díreach ón bhforleathadh a bheidh i gceist nó ó athfhorleathadh air a dhéanfaidh aon duine ó aon áit, cibé acu is áit sa Stát é nó áit eile; agus san fho-alt seo ciallaíonn “athfhorleathadh” aon athfhorleathadh cibé acu thar conairí de shubstaint ábhartha dó ná nach ea, lena n-áirítear aon athfhorleathadh a dhéanfar trí úsáid a dhéanamh d'aon taifead, cló, claonchló, téip nó earra eile ar a mbeidh an craoladh a bheidh i gceist taifeadta.
(5) Chun críocha an Achta seo, ní mheasfar gurb ionann craoladh, nó a chur faoi deara saothar nó ábhar eile a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata, agus taibhiú, ná gurb ionann é sin agus a chur faoi deara amharc-íomhánna nó fuaimeanna a fheiceál nó a chloisteáil; agus i gcás ina ndéantar amharc-íomhánna a thaispeáint nó a astú le haon ghléas glactha chun a n-iompraítear iad trí chomharthaí leictreamhaighnéadacha a fhorleathadh (cibé acu thar conairí de shubstaint ábhartha é nó nach ea)—
(a) ní mheasfar gurb ionann aon ghléas a oibriú trína bhforleatar na comharthaí, go díreach nó go neamhdhíreach, chun an ghléis ghlactha agus taibhiú ná gurb ionann é sin agus a chur faoi deara na hamharcíomhánna nó na fuaimeanna a fheiceáil nó a chloisteáil; ach
(b) a mhéid gurb ionann taispeáint nó astú na n-íomhánna nó na bhfuaimeanna agus taibhiú, nó a chuireann sé sin faoi deara iad a fheiceáil nó a chloisteail, measfar gur tríd an ngléas glactha a oibriú a dhéantar an taibhiú nó a chuirtear faoi deara na híomhánna a fheiceáil nó a chloisteáil.
(6) (a) Gan dochar don fho-alt deiridh roimhe seo, i gcás ina dtaibheofar saothar nó athchóiriú ar shaothar nó ina gcuirfear faoi deara amharc-íomhánna nó fuaimeanna a fheiceáil nó a chloisteáil trí aon ghléas lena mbainfidh an fo-alt seo a oibriú, is gléas a sholáthraigh áititheoir, nó a soláthraíodh le toiliú áititheoir, an áitribh ina mbeidh an gléas, measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é áititheoir an áitribh sin atá ag tabhairt an taibhithe, nó ag cur faoi deara na híomhánna nó na fuaimeanna, a fheiceáil nó a chloisteáil, cibé acu is eisean nó nach eisean a oibríonn an gléas.
(b) Baineann an fo-alt seo le haon ghléas glactha den sórt a luaitear san fho-alt deiridh roimhe seo, agus le haon ghléas chun fuaimeanna a atáirgeadh trí thaifead a úsáid.
(7) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar aon tagairt atá san Acht seo d'achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile nó faoi.
Forálacha forlíontacha maidir le léiriú.
3.—(1) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, measfar go bhfolaíonn aon tagairt atá san Acht seo do ghníomh a dhéanamh maidir le saothar nó ábhar eile tagairt don ghníomh sin a dhéanamh maidir le cuid shubstainteach de, agus measfar go bhfolaíonn aon tagairt d'atáirgeadh, d'athchóiriú ar shaothar nó do chóip de shaothar nó do thaifead ina bhfuil fuaim-thaifeadadh tagairt d'atáirgeadh nó d'athchóiriú ar chuid shubstainteach, nó do chóip de chuid shubstainteach, den saothar, nó do thaifead ina bhfuil cuid shubstainteach den fhuaim-thaifeadadh, de réir mar a bheidh:
Ar choinníoll nach ndéanfaidh an fo-alt seo, chun críocha na bhforálacha seo a leanas den Acht seo, is é sin, fo-ailt (1) agus (2) d'alt 8, fo-ailt (2) agus (3) d'alt 9, fo-ailt (2) agus (3) d'alt 44, alt 50, agus fo-ailt (3) go (5) d'alt 51, difear d'fhorléiriú aon tagartha do shaothar a fhoilsiú nó gan bheith foilsithe.
(2) Maidir le foilsiú, beidh éifeacht ag forálacha an fho-ailt seo chun críocha an Achta seo, is é sin le rá—
(a) i gcás saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil a thaibhiú nó taifid de a eisiúint, saothar ealaíne a thaispeáint, saothar ailtireachta a fhoirgniú, agus grianghrafanna nó greanadóireachtaí de shaothar ailtireachta nó dealbhóireachta a eisiúint ní hionann sin agus an saothar a fhoilsiú;
(b) ach amháin a mhéid gur sárú ar chóipcheart é, nó sárú ar aon sriantacht a fhorchuirtear le halt 54 den Acht seo, déanfar neamhshuim d'fhoilseachán nach bhfuil ann ach aithris dhealraitheach ar an mbun-ábhar agus nach mbeidh ceaptha chun riachtanais réasúnacha an phobail a shásamh;
(c) faoi réir na míreanna roimhe seo den fho-alt seo, measfar gur foilsíodh saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil, nó eagrán den saothar sin, nó saothar ealaíona, i gcás inar eisíodh macasamhla den saothar nó den eagrán chun an phobail agus sa chás sin amháin;
(d) ní áireofar mar ní seachas an chéadfhoilsiú foilsiú a rinneadh sa Stát, nó lasmuigh den Stát, de bhrí amháin go ndearnadh foilsiú roimhe sin in áit eile, má rinneadh an dá fhoilsiú laistigh de thréimhse nárbh fhaide ná tríocha lá;
agus nuair a bheifear á chinneadh chun críocha mhír (c) den fho-alt seo, cé acu a eisíodh nó nár eisíodh atáirgeadh ar shaothar chun an phobail, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo.
(3) Nuair a bheifear á chinneadh chun críocha aon fhorála den Acht seo—
(a) cé acu a foilsíodh nó nár foilsíodh saothar nó ábhar eile, nó
(b) cé acu ba é nó nárbh é an chéadfhoilsiú ar shaothar nó ábhar eile foilsiú áirithe air, nó
(c) cé acu a foilsíodh nó nár foilsíodh saothar nó ábhar eile, nó cé acu a déileáladh nó nár déileáladh leis ar shlí eile, le linn beo duine,
ní thabharfar aon aird ar aon fhoilsiú neamhúdaraithe ná ar dhéanamh aon ghnímh neamhúdaraithe eile; agus, chun críocha an fho-alt seo, measfar foilsiú nó gníomh eile a bheith neamhúdaraithe—
(i) má bhí cóipcheart ar substaineadh sa saothar nó san ábhar eile agus go ndearnadh an gníomh a bheidh i gceist ar shlí seachas ag úinéir an chóipchirt nó le ceadúnas uaidh, nó
(ii) mura raibh cóipcheart ar substaineadh sa saothar nó san ábhar agus go ndearnadh an gníomh a bheidh i gceist ar shlí seachas ag úinéir an chóipchirt nó le ceadúnas uaidh (nó, i gcás fhuaimthaifeadta nó scannáin chineamatagrafaigh, nó eagrán de shaothar litríochta, drámaíochta nó ceoil, ag an déantóir nó ag an bhfoilsitheoir, de réir mar a bheidh, nó le ceadúnas uaidh) nó ag daoine a bheidh ag éileamh go dleathach faoi:
ar chaoi, áfach, nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear d'aon fhorálacha den Acht seo maidir leis na gníomhartha a shriantar le haon chóipcheart nó maidir le gníomhartha ar sáruithe iad ar chóipchirt, nó aon fhorálacha d'alt 54 den Acht seo.
(4) Na tagairtí atá san Acht seo don tráth nó don tréimhse a rinneadh saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil, is tagairtí iad don tráth nó don tréimhse a céadchuireadh i scríbhinn nó i bhfoirm ábhartha éigin eile é.
(5) I gcás aon chóipcheart a mbeidh (de bhíthin sannadh leathrannach a bheith déanta air nó eile) teideal ag daoine éagsúla chuige maidir le feidhmiú an chóipchirt—
(a) i leith gníomhartha éagsúla nó aicmí éagsúla gníomhartha a dhéanamh, nó
(b) i leith gníomh nó gníomhartha nó aicme nó aicmí gníomhartha a dhéanamh i dtíortha éagsúla tráthanna éagsúla,
measfar, chun aon chríocha den Acht seo, gurb é úinéir an chóipchirt an duine a bheidh i dteideal an chóipchirt maidir lena fheidhmiú i leith le déanamh an ghnímh áirithe nó na haicme áirithe gníomhartha, nó, de réir mar bheidh, i leith leis an ngníomh nó an aicme gníomhartha sin a dhéanamh sa tír áirithe nó an tráth áirithe sin, is iomchuí maidir leis an gcríoch a bheidh i gceist; agus maidir le haon chóipcheart todhchaí chun a mbeidh teideal ionchais ag daoine éagsúla forléireofar dá réir sin tagairtí san Acht seo don úinéir ionchais.
(6) Gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt seo, i gcás ina n-éireoidh ceist faoi aon fhoráil den Acht seo i dtaobh ar allmhairíodh nó ar díoladh earra d'aon sórt áirithe, nó ar déileáladh ar shlí eile leis, gan ceadúnas ó úinéir aon chóipchirt, measfar, chun an cheist sin a chinneadh, gurb é úinéir an chóipchirt an duine ag a raibh teideal chun an chóipchirt maidir lena fheidhmiú i leith le déanamh earraí den sórt sin sa tír chun ar allmhairíodh an earra, nó, de réir mar a bheidh, inar díoladh é nó inar déileáladh leis ar shlí eile.
(7) I gcás deontaí ceadúnais, nó duine a ghabhann teideal ón deontaí, d'údarú aon ní a dhéanamh agus é a bheith laistigh de théarmaí (lena n-áirítear aon téarmaí intuigthe) an cheadúnais dó é á údarú sin, measfar, chun críocha an Achta seo, go ndearnadh é le ceadúnas an deontóra agus gach duine eile (más aon duine é) ar a bhfuil an ceadúnas ina cheangal.
(8) Na tagairtí atá san Acht seo do theideal a ghabháil is tagairtí iad do theideal a ghabháil go díreach nó go neamhdhíreach.
(9) Más rud é, i gcás aon saghas cóipchirt—
(a) go sonraíonn forálacha atá san Acht seo gníomhartha áirithe mar ghníomhartha a shriantar leis an gcóipcheart, nó is sáruithe air, agus
(b) go sonraíonn forálacha eile den Acht seo gníomhartha áirithe mar ghníomhartha nach sáruithe ar an gcóipcheart,
ní mheasfar gur síneadh ar oibriú na bhfóralacha céadluaite aon ábhar a bheith fágtha ar lár nó eisiata as na forálacha is deireanaí a luaitear.
(10) Na tagairtí atá san Acht seo do chóipcheart folaíonn siad tagairtí do chóipcheart faoi Acht 1927.
(11) Na tagairtí atá in Acht 1927 don Acht sin measfar, a mhéid gur tagairtí iad, nó go bhfolaíonn siad tagairtí, do Chuid VI nó do Chuid VII den Acht sin, go bhfolaíonn siad tagairtí don Acht seo.
Orduithe, rialacha agus rialacháin.
4.—(1) I gcás ina dtugann aon fhoráil den Acht seo cumhacht chun orduithe, rialacha nó rialacháin a dhéanamh, féadfar na horduithe, na rialacha nó na rialacháin sin a dhéanamh maidir le gach ábhar, nó maidir le ceann amháin nó níos mó de na hábhair, lena mbaineann an fhoráil; agus féadfar forálacha éagsúla a dhéanamh le haon orduithe, rialacha nó rialacháin den sórt sin maidir le haicmí éagsúla cásanna lena mbainfidh na horduithe, na rialacha nó na rialacháin.
(2) Déanfar gach ordú, riail nó rialachán a dhéanfar faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú, an riail nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, na rialach nó an rialacháin beidh an t-ordú, an riail nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi.
Caiteachais.
5.—A mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a íocfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.
Forálacha idirlinne agus aisghairm.
6.—(1) Beidh éifeacht chun críocha an Achta seo agna forálacha idirlinne atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
(2) Faoi réir na bhforálacha idirlinne sin, déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
(3) Ní thabharfaidh aisghairm alt 163 d'Acht 1927 go bhféadfar aon chaingean a thionscnamh a bhí urchoiscthe roimh thosach feidhme an ailt seo.
CUID II.
Cóipcheart i Saothair Bhunaidh.
An ní is cóipcheart ann.
7.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhshéacs a mhalairt, ciallaíonn “cóipcheart”, maidir le saothar d'aon saghas, an ceart eisiatach, de bhua agus faoi réir forálacha an Achta seo, gníomhartha áirithe a dhéanamh, agus a údarú do dhaoine eile gníomhartha áirithe a dhéanamh, sa Stát maidir leis an saothar sin a n-ainmnítear, san fhoráil iomchuí den Acht seo, gurb iad na gníomhartha iad a shriantar leis an gcóipcheart i saothar den saghas sin.
(2) San fho-alt roimhe seo den alt seo ciallaíonn “an fhoráil iomchuí den Acht seo”, maidir le saothar d'aon saghas, aon fhoráil den Acht seo a fhorálann go mbeidh, faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear san fhoráil sin a chomhlíonadh, cóipcheart ar substaineadh i saothair den saghas sin.
(3) Is sárú ar an gcóipcheart i saothar ag aon duine, nach é úinéir an chóipchirt é, agus gan ceadúnas aige ó úinéir an chóipchirt sin, do dhéanamh, nó do thabhairt údaráis do dhuine eile chun go ndéanfadh sé, sa Stát aon cheann de na gníomhartha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.
(4) Beidh feidhm ag na fo-ailt roimhe seo den alt seo maidir le haon ábhar (seachas saothar) de shaghas lena mbaineann aon fhoráil atá i gCuid III den Acht seo mar atá feidhm acu maidir le saothar.
(5) Chun críocha aon fhorála den Acht seo a shonraíonn na coinníollacha faoinar féidir cóipcheart a bheith ar substaineadh in aon saghas saothair nó ábhair eile ciallaíonn “duine cáilithe”—
(a) i gcás duine aonair, duine ar saoránach Éireannach é nó a bhfuil sainchónaí nó cónaí air sa Stát, agus
(b) i gcás comhlacht corpraithe, ciallaíonn sé comhlacht atá corpraithe faoi dhlíthe an Stáit.
Cóipcheart i saothair litríochta, drámaíochta agus ceoil.
8.—(1) Faoi réir forálacha an Acht seo, beidh cóipcheart ar substaineadh i ngach saothar bunaidh litríochta, drámaíochta nó ceoil nár foilsíodh agus ar dhuine cáilithe é an t-údar—
(a) an tráth a rinneadh an saothar, nó
(b) má tóg sé tréimhse an saothar a dhéanamh, ar feadh chuid shubstainteach den tréimhse sin.
(2) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh cóipcheart ar substaineadh i ngach saothar bunaidh litríochta, drámaíochta nó ceoil a foilsíodh—
(a) más sa Stát a céadfhoilsíodh an saothar, nó
(b) má ba dhuine cáilithe údar an tsaothair an tráth a céadfhoilsíodh an saothar, nó
(c) má d'éag an t-údar roimh an tráth sin ach go mba dhuine cáilithe é díreach roimh a bhás.
(3) I gcás ina raibh cóipcheart ar substaineadh i saothar bunaidh litríochta, drámaíochta nó ceoil díreach sular céadfhoilsíodh é, leanfaidh an cóipcheart ar substaineadh sa saothar sin tar éis a chéadfhoilsithe más rud é agus amháin más rud é go gcomhlíonann an foilsiú sin forálacha an fho-ailt díreach roimhe seo den alt seo maidir le cóipcheart i saothar foilsithe.
(4) Faoi réir forálacha fo-alt (5) den alt seo, is é téarma a bheidh cóipcheart ar substaineadh i saothar faoin alt seo saolré údar an tsaothair agus tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a fuair an t-údar bás.
(5) (a) Más rud é nach ndearnadh ceann ar bith de na gníomhartha seo a leanas roimh bhás an údair—
(i) an saothar a fhoilsiú,
(ii) an saothar a thaibhiú go poiblí,
(iii) taifid den saothar a thairiscint chun a ndíolta leis an bpobal, agus
(iv) an saothar a chraoladh,
leanfaidh an cóipcheart ar substaineadh ar feadh tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a dhéanfar an chéad ghníomh acu sin a dhéanfar.
(b) I mír (a) den fho-alt seo, folaíonn tagairtí d'aon gníomh a dhéanamh maidir le saothar tagairtí don ghníomh sin a dhéanamh maidir le hathchóiriú ar an saothar sin.
(6) Is iad na gníomhartha a shriantar leis an gcóipcheart i saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil—
(a) an saothar a atáirgeadh in aon chruth ábhartha,
(b) an saothar a fhoilsiú,
(c) an saothar a thaibhiú go poiblí,
(d) an saothar a chraoladh,
(e) a chur faoi deara an saothar a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís forleata,
(f) aon athchóiriú a dhéanamh ar an saothar,
(g) aon cheann de na gníomhartha a luaitear i míreanna (a) go (e) den fho-alt seo a dhéanamh maidir le hathchóiriú ar an saothar.
(7) San Acht seo, ciallaíonn “athchóiriú”—
(a) maidir le saothar litríochta nó drámaíochta, aon ní acu seo a leanas—
(i) i gcás saothar nach saothar drámaíochta, leagan ar an saothar, cibé acu sa teanga bhunaidh é nó i dteanga eile, ina ndéantar saothar drámaíochta de;
(ii) i gcás saothar drámaíochta, leagan ar an saothar cibé acu sa teanga bhunaidh é nó i dteanga eile, ina ndéantar saothar nach saothar drámaíochta de;
(iii) aistriúchán ar an saothar;
(iv) leagan ar an saothar ina léirítear an scéal nó an ghníomhaíocht ar fad nó go formhór trí mhéan pictiúir i gcruth atá oiriúnach le hatáirgeadh i leabhar, nó i nuachtán, in irisleabhar nó i dtréimhseachán eile dá shamhail; agus
(b) maidir le saothar ceoil, cóiriú nó athscríobhadh ar an saothar.
(8) Ní dhéanfaidh aon ní a bheith luaite sa mhíniú ar “athchóiriú” i bhfo-alt (7) den alt seo difear do ghinearálacht mhír (a) d'fho-alt (6) den alt seo.
Cóipcheart i saothair ealaíne.
9.—(1) San Acht seo ciallaíonn “saothar ealaíne” saothar d'aon saghas acu seo a leanas—
(a) péintéireachtaí, dealbhóireachtaí, líníochtaí, greanadóireachtaí agus grianghrafanna, is cuma a bhfiúntas ó thaobh ealaíne,
(b) saothair ailtireachta, is foirgnimh nó múnlaí le haghaidh foirgneamh, agus
(c) saothair cheirdne ealaíne nach d'aon tuairisc dá bhfuil i mír (a) nó i mír (b) den fho-alt seo.
(2) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh cóipcheart ar substaineadh i ngach saothar bunaidh ealaíne nach bhfuil foilsithe, agus ar dhuine cáilithe é an t-údar—
(a) an tráth a rinneadh an saothar, nó
(b) má thóg sé tréimhse an saothar a dhéanamh, ar feadh cuid shubstainteach den tréimhse sin.
(3) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh cóipcheart ar substaineadh i ngach saothar bunaidh ealaíne atá foilsithe—
(a) más sa Stát a céadfhoilsíodh an saothar, nó
(b) má ba dhuine cáilithe údar an tsaothair an tráth a céadfhoilsíodh an saothar, nó
(c) má d'éag an t-údar roimh an tráth sin ach go mba dhuine cáilithe é díreach roimh a bhás.
(4) I gcás ina raibh cóipcheart ar substaineadh i saothar bunaidh ealaíne díreach sular céadfhoilsíodh é, leanfaidh an cóipcheart ar substaineadh sa saothar sin tar éis a chéadfhoilsithe más rud é agus amháin más rud é go gcomhlíonann an foilsiú sin forálacha an fho-ailt díreach roimhe seo den alt seo maidir le cóipcheart i saothar foilsithe.
(5) Faoi réir forálacha fo-alt (6) agus fo-alt (7) den alt seo, is é téarma a bheidh cóipcheart ar substaineadh i saothar faoin alt seo saolré údar an tsaothair agus tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a fuair an t-údar bás.
(6) I gcás greanadóireacht nár foilsíodh roimh bhás an údair, leanfaidh an cóipcheart ar substaineadh go ceann tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a céadfhoilseofar é.
(7) I gcás grianghrafa, leanfaidh an cóipcheart ar substaineadh go ceann tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a chéadfhoilseofar an grianghraf.
(8) Is iad na gníomhartha a shriantar leis an gcóipcheart i saothar ealaíne—
(a) an saothar a atáirgeadh in aon chruth ábhartha,
(b) an saothar a fhoilsiú,
(c) an saothar a chur in aon chraoladh teilifíse,
(d) a chur faoi deara clár teilifíse ina mbeidh an saothar a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata.
Uinéireacht cóipchirt i saothair litríochta, drámaíochta, ceoil agus ealaíne.
10.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh teideal ag údar saothair bhunaidh litríochta, dramaíochta, ceoil nó ealaíne chun aon chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa saothar de bhua na Coda seo den Acht seo.
(2) I gcás ina ndéanfaidh an t-údar saothar litríochta, drámaíochta nó ealaíne i gcúrsa a fhostaíochta ag dílseánach nuachtáin, irisleabhair nó tréimhseacháin eile dá shamhail faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta, agus go ndéanfaidh é chun a fhoilsithe i nuachtán, in irisleabhar nó i dtréimhseachán dá shamhail, beidh teideal ag an dílseánach sin chun an chóipchirt sa saothar, a mhéid a bhaineann sin, agus amháin a mhéid a bhaineann sin, leis an saothar a fhoilsiú i nuachtán, in irisleabhar nó i dtréimhseachán dá shamhail, nó lena atáirgeadh chun a fhoilsithe amhlaidh; ach chun gach críche eile is ag an údar a bheidh teideal chun an chóipchirt.
(3) Faoi réir forálacha fo-alt (2) den alt seo, i gcás ina n-ordóidh duine grianghraf a thógáil, nó portráid a phéinteáil nó a tharraingt, nó greanadóireacht a dhéanamh agus go n-íocfaidh sé as nó go gcomhaontóidh sé go n-íocfaidh sé as in airgead nó i luach airgid, agus go ndéanfar an saothar de bhun an ordaithe sin, is é an duine a d'ordaigh an saothar a bheidh i dteideal aon chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa saothar de bhun na Coda seo den Acht seo.
(4) Más rud é, i gcás ar bith ach i gcás a luaitear i bhfo-alt (2) nó (3) den alt seo, go ndéanfar saothar i gcúrsa an t-údar a bheith fostaithe ag duine eile faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta, is é an duine eile a bheidh i dteideal aon chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa saothar de bhua na Coda seo den Acht seo.
(5) Beidh éifeacht ag gach ceann d'fho-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo, in aon chás áirithe, faoi réir aon chomhaontú ag eisiamh oibriú an fho-ailt sin sa chás áirithe sin.
(6) Beidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo faoi réir forálacha Chuid VII den Acht seo.
Sáruithe trí allmhairiú, díol agus déileála eile.
11.—(1) Gan dochar do ghinearáltacht forálacha alt 7 den Acht seo maidir le sáruithe cóipchirt, beidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le cóipcheart a bheidh ar substaineadh de bhua na Coda seo den Acht seo.
(2) Sáraíonn aon duine an cóipcheart i saothair litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne má dhéanann sé, gan ceadúnas ó úinéir an chóipchirt—
(a) earra a allmhairiú isteach sa Stát (seachas chun úsáide príobháidí agus tís aige féin), nó
(b) aon earra a dhíol, a ligean ar fruiliú nó a thairiscint nó a thaispeáint i modh trádála chun a fhruilithe nó a dhíolta, nó
(c) aon earra a thaispeáint go poiblí i modh trádála,
más feasach dó gur shárú ar an gcóipcheart sin an t-earra a dhéanamh, nó (i gcás earra a allmhairíodh) gur shárú den sórt sin é dá mba sa Stát a rinneadh an t-earra.
(3) Na forálacha d'fho-alt (2) den alt seo a bhaineann le hearra a dhíol beidh feidhm acu maidir le hearraí a imdháil—
(a) chun críocha trádála, nó
(b) chun críocha eile, ach an méid sin gur dochar é d'úinéir an chóipchirt a bheidh i gceist,
mar atá feidhm ag na forálacha seo maidir le hearra a dhíol.
(4) Faoi réir forálacha fo-alt (5) den alt seo, sáraíonn aon duine an cóipcheart i saothar litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne freisin má cheadaíonn sé áit siamsa poiblí a úsáid chun an saothar a thaibhiú go poiblí, i gcás inar sárú ar an gcóipcheart sa saothar an taibhiú.
(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) den alt seo, i gcás inar amhlaidh, maidir leis an duine a cheadaigh an áit siamsa poiblí a úsáid mar a luaitear san fho-alt sin—
(a) nárbh fheasach dó, agus nach raibh cúiseanna réasúnacha aige chun bheith in amhras, gur sárú ar an gcóipcheart a bheadh sa taibhiú, nó
(b) gur thug sé an cead in aisce, nó ar chomaoin—
(i) nach raibh inti ach mionchomaoin, nó
(ii) má ba mhó ná mionchomaoin í, nár mhó í ná meastachán réasúnach ar na caiteachais faoina rachadh sé de dhroim an áit a úsáid chun an taibhithe.
(6) San alt seo folaíonn “áit siamsa poiblí” aon áitreabh a áitítear go príomha chun críocha eile, ach a chuirtear ar fáil ó am go ham chun a fhruilithe do cibé daoine ar mian leo é a fhruiliú chun críocha siamsa phoiblí.
Eisceadh ginearálta ó chosaint do shaothair litríochta, drámaíochta nó ceoil.
12.—(1) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil cóir-dhéileáil leis an saothar—
(a) chun críocha taighde nó staidéir phríobháidigh, nó
(b) chun críocha beachtaíochta nó léirmheasa ar an saothar sin nó ar shaothar eile, má ghabhann leor-admháil leis.
(2) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil cóir-dhéileáil leis an saothar más chun cúrsaí reatha a thuairisciú é—
(a) i nuachtán, in irisleabhar, nó i dtréimhseachán eile dá shamhail, má ghabhann leor-admháil leis, nó
(b) trí chraoladh nó i scannán cineamatagrafach.
(3) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil é a atáirgeadh chun críocha imeachta dlíthiúla nó tuarascála ar aon imeacht den sórt sin.
(4) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar litríochta nó drámaíochta atá foilsithe duine amháin do léamh nó d'aithris aon sliocht réasúnach as an saothar sin go poiblí nó i gcraoladh, má ghabhann leor-admháil leis.
(5) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar litríochta nó drámaíochta aiste ghearr as a chur i ndíolaim a bheidh ceaptha lena úsáid i scoileanna, más rud é—
(a) go ndéarfar i dteideal an díolama agus in aon fhógraí ina thaobh ón bhfoilsitheoir nó thar a cheann gur chuige sin a bheidh sé ceaptha,
(b) nach lena úsáid i scoileanna a foilsíodh an saothar a bheidh i gceist,
(c) gurb éard is mó a bheidh sa díolaim ábhar nach bhfuil aon chóipcheart ar substaineadh ann,
(d) go mbeidh leor-admháil ag gabháil leis an aiste a chuirfear isteach, agus
(e) nach mbeidh níos mó ná sliocht amháin eile as saothair le húdar na haiste, is saothair ina mbeidh cóipcheart ar substaineadh nuair a fhoilseofar an díolaim, sa díolaim sin nó sa díolaim sin i dteannta le gach díolaim dá shamhail (más aon díolaim é) a d'fhoilsigh an foilsitheoir céanna laistigh den tréimhse cúig bliana díreach roimh dháta an díolaim sin a fhoilsiú.
(6) Má tharlaíonn, tráth is faide ná caoga bliain tar éis deireadh na bliana a fuair údar saothair litríochta, drámaíochta nó ceoil bás, agus is mó ná céad bliain ón tráth nó ó dheireadh na tréimhse a rinneadh an saothar—
(a) go mbeidh cóipcheart ar substaineadh sa saothar, ach
(b) nach mbeidh an saothar foilsithe, agus
(c) go gcoimeádtar láimhscríbhinn an tsaothair nó cóip den saothar i leabharlann nó i músaem nó i bhforas eile mar a bhfuil sé ar oscailt chun a iniúchta (faoi réir aon fhorálacha a rialaíonn an foras a bheidh i gceist),
ní sárú ar an gcóipcheart duine d'fhoilsiú an tsaothair de réir rialachán chuige sin arna ndéanamh ag an Aire.
(7) I gcás ina dtarlóidh, de bhua sannta nó ceadúnais nó eile, go mbeidh údarás ag Radio Éireann saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil a chraoladh ach (ar leith ón bhfo-alt seo) nach mbeadh teideal acu atáirgeadh a dhéanamh ar an saothar i gcruth taifid nó scannáin chineamatagrafaigh, ní sárú ar an gcóipcheart sa saothar é má dhéanann Radio Éireann trína áiseanna féin an t-atáirgeadh sin chun críocha an chraolta údaraithe.
(8) Ní bheidh feidhm ag an eisceadh ginearálta a luaitear san fho-alt díreach roimhe seo den alt seo má dhéantar, gan toiliú úinéir na gceart iomchuí sa saothar—
(a) an t-atáirgeadh nó aon chóip de a úsáid chun aon chríche seachas an craoladh a dhéanamh de réir an údaraithe, más ann, nó
(b) an t-atáirgeadh nó aon chóip de a fhágáil gan scriosadh roimh dheireadh na tréimhse sé mhí díreach tar éis an t-atáirgeadh a dhéanamh, nó cibé tréimhse is faide ná sin ar a gcomhaontófar idir Radio Éireann agus an duine, arb é, maidir le hatáirgthe den saghas a bheidh i gceist a dhéanamh, úinéir an chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa saothar é.
(9) Féadfar aon atáirgeadh ar shaothar a dhéanfar faoi fho-alt (7) den alt seo agus a mbeidh airíona sainiúla doiciméid ag gabháil leis a chaomhnú i gcartlann Radio Éireann, a cheaptar leis seo mar chartlann oifigiúil chuige sin, ach, faoi réir forálacha an Achta seo, ní úsáidfear é chun craolta ná chun aon chríche eile gan toiliú úinéir na gceart iomchuí sa saothar.
(10) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo maidir le haon ghníomh a dhéanamh i ndáil le saothar a athchóiriú díreach mar atá feidhm acu maidir leis an ngníomh sin a dhéanamh i ndáil leis an saothar féin.
(11) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo i gcás ina gcuirfear faoi deara saothar nó athchóiriú ar shaothar a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís forleata mar atá feidhm acu i gcás ina gcraoltar saothar nó athchóiriú.
(12) San Acht seo, ciallaíonn “leor-admháil” admháil ina ndéantar an saothar a bheidh i gceist a shonrú faoina theideal nó faoi thuairisc eile air agus, mura saothar gan ainm a údair leis é nó mura mbeidh an t-údar tar éis comhaontú, nó ceangal a chur, roimh ré nach ndéanfaí aon admháil ar a ainm, ina n-ainmnítear an t-údar.
Eisceadh speisialta i leith taifead de shaothair cheoil.
13.—(1) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar ceoil duine (dá ngairtear an monaróir san alt seo) do dhéanamh taifid den saothar, nó d'athchóiriú air, sa Stát, más rud é—
(a) go ndearnadh roimhe sin taifid den saothar nó, de réir mar a bheidh, d'athchóiriú dá shamhail ar an saothar sa Stát nó a allmhairiú isteach sa Stát chun a ndíolta ar mionreic, agus go ndearnadh nó gur allmhairíodh amhlaidh iad ag úinéir an chóipchirt sa saothar nó le ceadúnas uaidh;
(b) sula ndearna sé an taifead, gur thug an monaróir d'úinéir an chóipchirt an fógra ordaithe i dtaobh é a bheith ar intinn aige é a dhéanamh;
(c) go bhfuil ar intinn ag an monaróir an taifead a dhíol ar mionreic, nó é a sholáthar chun duine eile dá dhíol ar mionreic, nó go bhfuil ar intinn aige é a úsáid chun taifid eile a dhéanamh a dhíolfar nó a sholáthrófar amhlaidh; agus
(d) i gcás taifead a dhíolfar ar mionreic, go n-íocfaidh an monaróir ríchíos cóir le húinéir an chóipchirt sa tslí ordaithe agus an tráth ordaithe.
(2) I gcás—
(a) ina ngeallfaidh ceachtar páirtí i ndíospóid i dtaobh méid an ríchíosa is iníoctha faoi mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo an díospóid a tharchur chun an Cheannasaí faoi alt 31 den Acht seo, agus
(b) go n-íocfaidh an monaróir le húinéir an chóipchirt suim ar cuntas méid an ríchíosa is comhionann le cúig faoin gcéad de ghnáthphraghas mionreaca an taifid ar ina leith is iníoctha an ríchíos agus go dtabharfaidh sé don úinéir sin gealltanas go n-íocfaidh sé leis méid an ríchíosa a chinnfear faoin alt sin 31 lúide an tsuim réamhráite agus go dtabharfaidh an t-úinéir sin don mhonaróir gealltanas go n-aisíocfaidh sé leis an monaróir an méid (más aon mhéid é) a bheidh an tsuim réamhráite níos mó ná méid an ríchíosa arna chinneadh faoin alt sin 31,
ní bheidh an cóipcheart sa saothar sáraithe ar fhoras an coinníoll a shonraítear i mír (d) d'fho-alt (1) den alt seo a bheith gan chomhlíonadh tríd an monaróir do dhéanamh taifid.
(3) I gcás taifead—
(a) ina mbeidh (i dteannta nó d'éagmais ábhair eile, agus iad ina gcruth bunaidh nó i gcruth athchóraithe) dhá shaothar ceoil nó níos mó ina mbeidh cóipcheart ar substaineadh, agus
(b) gur daoine éagsúla úinéirí an chóipchirt sna saothair,
déanfar an ríchíos a chionroinnt ar na húdair de réir mar a chomhaontóidh siad.
(4) I gcás a mbeidh taifead ann ina mbeidh (i dteannta nó d'éagmais ábhair eile) taibhiú ar shaothar ceoil, nó athchóiriú ar shaothar ceoil, ina gcantar focail, nó ina labhartar focail go teagmhasach leis an gceol nó ag gabháil leis, agus nach mbeidh aon chóipcheart ar substaineadh sa saothar sin, nó má bhíonn an cóipcheart sin ar substaineadh, go mbeidh na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo comhlíonta maidir leis an gcóipcheart sin, ansin—
(a) más cuid de shaothar litríochta nó drámaíochta ina bhfuil cóipcheart ar substaineadh, nó más cuid de shaothar den sórt sin, na focail, agus
(b) go ndearnadh nó gur allmhairíodh roimhe sin taifid den sórt dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo ag úinéir, nó le ceadúnas ó úinéir, an chóipchirt sa saothar litríochta nó drámaíochta sin, agus
(c) go mbeidh na coinníollacha a shonraítear i míreanna (b), (c) agus (d) den fho-alt sin (1) comhlíonta maidir le húinéir an chóipchirt sin,
ní sárú ar an gcóipcheart sa saothar lítríochta nó drámaíochta an taifead a dhéanamh.
(5) Ní fhorléireofar forálacha fo-alt (4) den alt seo mar ní a cheanglaíonn go n-íocfar níos mó ná ríchíos amháin i leith taifid; agus má bhíonn cóipcheart ar substaineadh sa saothar ceoil agus sa saothar litríochta nó drámaíochta freisin, agus gur daoine éagsúla úinéirí na gcóipcheart sin, déanfar an ríchíos a chionnroinnt orthu (nó orthu agus aon duine eile ag a mbeidh teideal chun scair de réir fo-alt (3) den alt seo) de réir mar a chomhaontóidh siad.
(6) Chun críocha an ailt seo measfar athchóiriú ar shaothar a bheith comhchosúil le hathchóiriú air i dtaifid roimhe sin mura mbeidh aon mhór-éagsúlacht idir na slite ina ndéileálann an dá athchóiriú leis an saothar ó thaobh stíle nó (gan aon difríocht ina líon a áireamh) maidir leis na taibheoirí is gá chun iad a thaibhiú.
(7) I gcás ina dteastóidh ón monaróir, chun críocha mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, fios a fháil a ndearnadh nó ar allmhairíodh mar a luaitear sa mhír sin taifid roimhe sin den sórt a luaitear sa mhír sin, féadfaidh an monaróir na fiosruithe ordaithe a dhéanamh; agus má mhainníonn úinéir an chóipchirt na fiosruithe sin a fhreagairt laistigh den tréimhse ordaithe, measfar go ndearnadh nó gur allmhairíodh, de réir mar a bheidh, na taifid roimhe sin le ceadúnas ó úinéir an chóipchirt.
(8) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a údaraíonn go n-allmhaireofaí, chun a ndíolta ar mionreic, taifid nach bhféadfaí a allmhairiú go dleathach mura mbeadh an t-alt seo; agus dá réir sin, chun críocha aon fhorála den Acht seo a bhaineann le hearraí allmhairithe, má éiríonn an cheist, maidir le taifead a rinneadh lasmuigh den Stát agus a allmhairíodh amhlaidh, arbh shárú cóipchirt é an taifead a dhéanamh dá mba sa Stát a dhéanfaí an taifead, cinnfear an cheist sin ionann agus dá mbeifí gan fo-alt (1) den alt seo a achtú.
(9) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo, maidir le taifid de chuid de shaothar nó de chuid d'athchóiriú mar atá feidhm acu maidir le taifid den iomlán, ach amháin nach mbainfidh fo-alt (1) den alt seo—
(a) le taifead d'iomlán saothair nó athchóirithe murar thaifid d'iomlán an tsaothair nó d'iomlán athchóirithe a chomhchosúil na taifid roimhe sin dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt sin, ná
(b) le taifead de chuid de shaothar nó de chuid d'athchóiriú murar thaifid den chuid sin den saothar nó de athchóiriú a chomhchosúil na taifid roimhe sin.
(10) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun oríocha an ailt seo agus san alt seo ciallaíonn “ordaithe” ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire.
Eisceadh ginearálta ó chosaint saothair ealaíne.
14.—(1) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar ealaíne cóirdhéileáil leis an saothar—
(a) chun críocha taighde nó staidéir phríobháidigh, nó
(b) chun críocha beachtaíochta nó léirmheasa ar an saothar sin nó ar shaothar eile, má ghabhann leor-admháil leis.
(2) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar ealaíne cóir-dhéileáil leis an saothar chun cúrsaí reatha a thuairisciú trí chraoladh nó i scannán cineamatagrafach.
(3) (a) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar lena mbaineann an fo-alt seo péintéireacht, líníocht, greanadóireacht nó grianghraf a dhéanamh den saothar nó an saothar a chur isteach i scannán cineamatagrafach nó i gcraoladh teilifíse.
(b) Baineann an fo-alt seo le saothair dhealbhóireachta, agus leis na saothair cheirdne ealaíne dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 9 den Acht seo, atá suite go buan in áiteanna poiblí nó in áitribh atá ar oscailt don phobal agus le saothair ailtireachta.
(4) Gan dochar don fho-alt díreach roimhe seo den alt seo, ní sárú ar an gcóipcheart i saothar ealaíne an saothar a chur isteach i scannán cineamatagrafach nó i gcraoladh teilifíse, más é amháin is cúis lena chur isteach é a bheith mar chúlra nó a bheith teagmhasach ar shlí eile i leith leis na príomh-ábhair a léireofar sa scannán nó sa chraoladh.
(5) Maidir le péintéireacht, líníocht, greanadóireacht, grianghraf nó scannán cineamatagrafach de shaothar ealaíne, arb amhlaidh, de bhua fo-alt (3) den alt seo, nár shárú ar an gcóipcheart sa saothar sin a dhéanamh, ní sárú ar an gcóipcheart sin a fhoilsiú.
(6) Ní sárú ar an gcóipcheart i saothar ealaíne í a atáirgeadh chun críocha imeachta dlíthiúla nó tuarascála ar aon imeacht den sórt sin.
(7) Ní mheasfar gur sárú ar an gcóipcheart i saothar ealaíne dé-thoimhseach aon earra trí-thoimhseach d'aon sórt a dhéanamh, mura ndealródh sé do dhaoine nach saineolaithe maidir le hearraí den sórt sin gur atáirgeadh ar an saothar ealaíne an t-earra.
(8) I gcás ina ndéanfaidh údar saothair ealaíne (dá ngairtear an saothar tosaigh san fho-alt seo) saothar eile dá shórt (dá ngairtear an saothar déanach san fho-alt seo) agus go ndéanfar cuid den saothar tosaigh—
(a) a atáirgeadh sa saothar déanach, agus
(b) a atáirgeadh amhlaidh trí mhúnla, teilgean, sceitse, plean, samhail nó staidéar a rinneadh chun críocha an tsaothair thosaigh a úsáid,
ní sárú ar an gcóipcheart sa saothar tosaigh an saothar déanach a dhéanamh mura ndéanfaidh údar an tsaothair dhéanaí athghin nó aithris ar phríomhdhearadh an tsaothair thosaigh, le linn dó a bheith ag déanamh an tsaothair sin.
(9) I gcás cóipcheart a bheith ar substaineadh i bhfoirgneamh mar shaothar ailtireachta, ní sárú ar an gcóipcheart sin aon athfhoirgniú ar an bhfoirgneamh.
(10) I gcás ina mbeidh foirgneamh foirgnithe de réir líníochtaí nó pleananna ailtireachta ina mbeidh cóipcheart ar substaineadh agus go ndearnadh amhlaidh é ag úinéir an chóipchirt sin nó le ceadúnas uaidh, ní sárú ar an gcóipcheart sin aon athfhoirgniú ina dhiaidh sin ar an bhfoirgneamh faoi threoir na líníochtaí nó na bpleananna sin.
(11) I gcás ina mbeidh údarás, de bhua sannta nó ceadúnais nó ar shlí eile, ag Radio Éireann saothar ealaíne a chur isteach i gcraoladh teilifíse, ach (mura mbeadh an t-alt seo) nach mbeadh teideal aige atáirgeadh a dhéanamh air ní shárófar an cóipcheart sa saothar má dhéanann Radio Éireann, trína áiseanna féin, atáirgeadh, i gcruth ar bith, chun críocha an chraolta údaraithe.
(12) Ní bheidh feidhm ag an eisceadh ginearálta a luaitear san fho-alt díreach roimhe seo den alt seo má dhéantar, gan toiliú úinéir na gceart iomchuí sa saothar—
(a) an t-atáirgeadh a dhéanfar amhlaidh nó aon chóip de a úsáid chun aon chríche seachas an craoladh a dhéanamh de réir an údaráis, más ann, nó
(b) an t-atáirgeadh nó aon chóip de a fhágáil gan scriosadh roimh dheireadh na tréimhse sé mhí díreach tar éis an t-atáirgeadh a dhéanamh nó cibé tréimhse is faide ná sin ar a gcomhaontófar idir Radio Éireann agus an duine arb é, maidir le hatáirgthe den saghas a bheidh i gceist a dhéanamh, úinéir an chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa saothar é.
(13) Féadfar atáirgeadh ar shaothar ealaíne a dhéanfar de bhua fo-alt (11) den alt seo agus a mbeidh airíona sainiúla doiciméid ag gabháil leis a chaomhnú i gcartlann Radio Éireann, a cheaptar leis seo mar chartlann oifigiúil chuige sin, ach, faoi réir forálacha an Achta seo, ní úsáidfear é chun craolta ná chun aon chríche eile gan toiliú úinéir na gceart iomchuí sa saothar.
(14) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le clár teilifíse a gcuirfear faoi deara é a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata mar atá feidhm acu maidir le craoladh teilifíse.
Saothair gan ainmneacha údar agus saothair faoi ainmneacha bréige.
15.—(1) I gcás saothar a foilsíodh gan ainm údair nó faoi ainm bréige beidh éifeacht ag na forálacha roimhe seo den Chuid seo den Acht seo faoi réir forálacha an ailt seo.
(2) (a) I gcás saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil, nó saothar ealaíne seachas grianghraf, a chéadfhoilsiú gan ainm údair nó faoi ainm bréige, ansin, aon chóipcheart a bheidh ar substaineadh sa saothar, de bhua alt 8 nó 9 den Acht seo, leanfaidh sé ar substaineadh go dtí deireadh na tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a céadfhoilsíodh an saothar.
(b) ní bhainfidh an fo-alt seo le saothar ar bith ar féidir, tráth ar bith roimh dheireadh na tréimhse a luaitear san fho-alt, le duine gan eolas roimh ré aige ar na fíorais a dhéanamh amach, ó fhiosrú réasúnach, cérbh é údar an tsaothair.
(3) Féadfaidh údar saothair a bheidh foilsithe gan ainm an údair nó faoi ainm bréige a údarú d'fhoilsitheoir an tsaothair aon sannadh nó ceadúnas sa chóipcheart a bheidh ar substaineadh sa saothar agus ar leis an údar é a thabhairt gan ainm an údair a nochtadh don sannaí nó don cheadúnaí.
(4) Chun críocha an Achta seo ní mheasfar gur foilsiú gan ainm údair foilsiú ar shaothar faoi dhá ainm nó níos mó murab ainmneacha bréige na hainmneacha sin uile.
Saothair comhúdar.
16.—(1) San Acht seo ciallaíonn “saothar comhúdar” saothar a táirgeadh trí chomhar beirt údar nó níos mó agus nach bhfuil cuid gach údair ar leithligh ann ó chuid an údair eile nó na n-údar eile.
(2) Maidir le saothar comhúdar, forléireofar na tagairtí don údar i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 8 agus i bhfo-ailt (2) agus (3) d'alt 9, agus i mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 15 den Acht seo mar thagairtí d'aon duine amháin nó níos mó de na húdair.
(3) Maidir le saothar comhúdar, seachas saothar lena mbaineann an t-alt díreach ina dhiaidh seo, forléireofar na tagairtí don údar i bhfo-alt (4) d'alt 8 agus i bhfo-alt (5) d'alt 9 den Acht seo mar thagairtí don údar is deireanaí a fuair bás.
(4) (a) Baineann an fo-alt seo le haon saothar comhúdar a céadfhoilsíodh faoi dhá ainm nó níos mó—
(i) arbh ainm bréige nó ainmneacha bréige ceann amháin nó níos mó díobh ach nárbh ainmneacha bréige iad go léir, nó
(ii) arbh ainmneacha bréige iad go léir, más rud é, tráth ar bith laistigh den tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana caileandair a céadfhoilsíodh an saothar, go bhféadfadh duine gan eolas roimh ré aige ar na fíorais, a dhéanamh amach, ó fhiosrú réasúnach, cérbh é duine áirithe nó cérbh iad daoine áirithe (ach ní gach duine) de na húdair.
(b) Maidir le saothar lena mbaineann an fo-alt seo, forléireofar tagairtí don údar i bhfo-alt (4) d'alt 8 agus i bhfo-alt (5) d'alt 9 den Acht seo mar thagairtí don údar ar nochtadh cérbh é nó, má nochtadh cérbh iad beirt nó níos mó de na húdair, don duine de na húdair sin is deireanaí a fuair bás.
(c) Chun críocha an fho-ailt seo measfar gur nochtadh cérbh é údar áirithe más rud é—
(i) nárbh ainm bréige ina chás an t-ainm faoinar foilsíodh an saothar, nó
(ii) gur féidir a dhéanamh amach cérbh é mar a luaitear i bhfo-mhír (ii) de mhír (a) den fho-alt seo.
(5) (a) Baineann an fo-alt seo, i gcás saothair, le duine ar bith ar duine é nach mbeadh cóipcheart ar substaineadh sa saothar faoin gCuid seo den Acht seo dá mba eisean aon-údar an tsaothair.
(b) Maidir le saothar comhúdar ar duine lena mbaineann an fo-alt seo duine nó níos mó de na húdair, beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 10 den Acht seo ionann agus dá mba é an t-údar nó dá mba iad na húdair, seachas daoine lena mbaineann an fo-alt seo, aon-údar nó (de réir mar a bheidh) aon-údair an tsaothair.
(6) An tagairt atá i mír (e) d'fho-alt (5) d'alt 12 den Acht seo do gan níos mó ná sliocht amháin eile as saothair le húdar na haiste a bheidh i gceist a bheith i ndíolaim áirithe—
(a) measfar go bhfolaíonn sí tagairt do shleachta as saothair le húdar na haiste sin i gcomhar le haon duine eile, nó
(b) más aiste as saothar comhúdar an aiste a bheidh i gceist, measfar go bhfolaíonn sí tagairt do shleachta as saothair le haon duine amháin nó níos mó d'údair na haiste sin, nó le haon duine amháin nó níos mó de na húdair sin i gcomhar le haon duine eile.
(7) Faoi réir forálacha an ailt seo den Acht seo, déanfar (mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite) aon tagairt atá san Acht seo d'údar saothair a fhorléiriú maidir le saothar comhúdar mar thagairt d'údair uile an tsaothair.
CUID III.
Cóipcheart i bhFuaim-Thaifeadta, i Scannáin Chineamatagrafacha, i gCraolta, etc.
Cóipcheart i bhfuaimthaifeadta.
17.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh cóipcheart ar substaineadh—
(a) i ngach fuaim-thaifeadadh ar dhuine cáilithe a dhéantóir an tráth a rinneadh an taifeadadh, agus
(b) gan dochar don mhír roimhe seo den fho-alt seo, i ngach fuaim-thaifeadadh foilsithe ar sa Stát a rinneadh a chéadfhoilsiú.
(2) An cóipcheart a bheidh ar substaineadh i bhfuaimthaifeadadh de bhua an ailt seo leanfaidh sé ar substaineadh go dtí deireadh na tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a céadfhoilsíodh an taifeadadh.
(3) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh teideal ag déantóir fuaim-thaifeadta chun aon chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa taifeadadh de bhua an ailt seo, ach amháin, áfach, nuair a ordóidh duine fuaim-thaifeadadh a dhéanamh agus a íocfaidh sé as, nó a chomhaontóidh sé íoc as in airgead nó i luach airgid, agus go ndéanfar an taifeadadh de bhun an ordaithe sin, beidh teideal ag an duine sin, cheal comhaontú dá mhalairt, chun aon chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa taifeadadh de bhua an an ailt seo.
(4) Is iad na gníomhartha a shriantar leis an gcóipcheart a bhfuaim-thaifeadadh—
(a) taifead ina mbeidh an taifeadadh a dhéanamh,
(b) i gcás taifeadadh a foilsíodh, a chur faoi deara an taifeadadh nó aon atáirgeadh air a chloisteáil go poiblí, nó a chraoladh, nó a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata, gan luach saothair cothrom a íoc le húinéir an chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa taifeadadh;
(c) i gcás taifeadadh nár foilsíodh, a chur faoi deara an taifeadadh nó aon atáirgeadh air a chloisteáil go poiblí, nó a chraoladh, nó a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata.
(5) I gcás—
(a) ina ngeallfaidh ceachtar páirtí i ndíospóid i dtaobh méid an luach saothair is iníoctha faoi mhír (b) d'fho-alt (4) den alt seo an díospóid a tharchur chun an Cheannasaí faoi alt 31 den Acht seo, agus
(b) go mbeidh gealltanas tugtha d'úinéir an chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa taifeadadh ag an bpáirtí eile sa díospóid go n-íocfaidh sé leis méid an luach saothair a chinnfear faoin alt sin 31,
ní bheidh an cóipcheart sa taifeadadh sáraithe ar fhoras an coinníoll a shonraítear sa mhír sin (b) a bheith gan chomhlíonadh.
(6) Ní sháraítear an cóipcheart a bhfuaim-thaifeadadh ag duine a dhéanann aon cheann de na gníomhartha a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo sa Stát maidir le fuaim-thaifeadadh nó cuid d'fhuaim-thaifeadadh, más rud é—
(a) má eisíodh roimhe sin chun an phobail sa Stát taifid ina raibh an taifeadadh sin nó cuid den taifeadadh sin, de réir mar a bheidh, agus
(b) an tráth a eisíodh na taifid sin amhlaidh, nach raibh ar na taifid sin ná ar na coimeadáin inar eisíodh iad lipéad nó marc eile ag insint na bliana a céadfhoilsíodh an taifeadadh.
(7) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt díreach roimhe seo den alt seo, má shuitear—
(a) nach é úinéir an chóipchirt a d'eisigh nó nach le ceadúnas uaidh a eisíodh na taifid a bheidh i gceist, nó
(b) go ndearna úinéir an chóipchirt gach beart réasúnach chun a áirithiú nach n-eiseofaí chun an phobail sa Stát taifid ina mbeadh an taifeadadh nó cuid de gan lipéad nó marc ag insint na bliana a céadfhoilsíodh an taifeadadh a bheith ar na taifid féin nó ar na coimeadáin ina mbeidís.
(8) I gcás ina gcuirfear faoi deara fuaim-thaifeadadh a chloisteáil go poiblí—
(a) in aon áitreabh ina gcónaíonn nó ina gcodlaíonn daoine, mar chuid de na taitneamhachtaí a chuirtear ar fáil go heisiatach nó go formhór do lucht cónaithe nó d'iostaithe ann, nó
(b) mar chuid de ghníomhaíochtaí, nó chun leasa, chlub, chumainn nó eagrais nach bhfuil bunaithe nó á stiúradh ar mhaithe le brabús, agus ar cuspóirí carthanachta nó cuspóirí a bhaineann ar shlí eile le creideamh, oideachas nó leas sóisialach a chur chun cinn a phríomh-chuspóirí,
ní sárú, faoi réir forálacha an fho-ailt díreach ina dhiaidh seo den alt seo, ar an gcóipcheart atá ar substaineadh ann an gníomh arbh éard é a chur faoi deara an fuaim-thaifeadadh a chloisteáil gan luach saothair cothrom a íoc le húinéir an chóipchirt atá ar substaineadh ann.
(9) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt díreach roimhe seo den alt seo—
(a) i gcás an t-áitreabh a luaitear i mír (a) den fho-alt sin, má iarrtar táille speisialta as dul isteach sa chuid den áitreabh ina mbeidh an taifeadadh le cloisteáil, ná
(b) i gcás aon eagrais den saghas a luaitear i mír (b) den fho-alt sin, má iarrtar táille as dul isteach san áit ina mbeidh an taifeadadh le cloisteáil, agus má úsáidtear aon chuid de thoradh na táille ar shlí seachas chun críocha an eagrais.
(10) Chun críocha an Achta seo, measfar go ndearnadh fuaimthaifeadadh an tráth a rinneadh an chéad taifead ina raibh an taifeadadh, agus is é déantóir-fuaim thaifeadta an duine ar leis an taifead sin tráth déanta an taifeadta.
(11) I gcás ina mbeidh údarás, de bhua sannta nó ceadúnais, nó ar shlí eile, ag Radio Éireann fuaim-thaifeadadh a chraoladh, ach (mura mbeadh an fo-alt seo) nach mbeadh teideal aige taifead de a dhéanamh, ní shárófar an cóipcheart sa taifeadadh má dhéanann Radio Éireann, trína áiseanna féin, taifead den taifeadadh chun críocha an chraolta údaraithe.
(12) Ní bheidh feidhm ag an eisceadh ginearálta a luaitear san fho-alt díreach roimhe seo den alt seo má dhéantar, gan toiliú úinéir na gceart iomchuí san fhuaim-thaifeadadh—
(a) an taifead nó aon chóip de a úsáid chun aon chríche seachas an craoladh a dhéanamh de réir an údaráis, más ann, nó
(b) an taifead nó aon chóip de a fhágáil gan scriosadh roimh dheireadh na tréimhse sé mhí díreach tar éis an taifead a dhéanamh, nó cibé tréimhse is faide ná sin ar a gcomhaontófar idir Radio Éireann agus an duine arb é, maidir le taifid den saghas a bheidh i gceist a dhéanamh, úinéir an chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa taifeadadh é.
(13) Féadfar aon taifead de thaifeadadh a dhéanfar faoi fho-alt (11) den alt seo agus a mbeidh airíona sainiúla doiciméid ag gabháil leis a chaomhnú i gcartlann Radio Éireann, a cheaptar leis seo mar chartlann oifigiúil chuige sin, ach, faoi réir forálacha an Achta seo, ní úsáidfear é chun craolta ná chun aon chríche eile gan toiliú úinéir na gceart iomchuí sa taifeadadh.
(14) San Acht seo—
ciallaíonn “fuaim-thaifeadadh” comhiomlán na bhfuaimeanna atá in aon saghas taifid agus is féidir a atáirgeadh leis, seachas fuaimrian a ghabhann le scannán cineamatagrafach; agus
ciallaíonn “foilsiú”, maidir le fuaim-thaifeadadh, taifid ina bhfuil an taifeadadh nó aon chuid de a eisiúint chun an phobail.
Cóipcheart i scannáin chineamatagrafacha.
18.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh cóipcheart ar substaineadh—
(a) i ngach scannán cineamatagrafach ar dhuine cáilithe an déantóir ar feadh an iomláin nó coda substaintiúla den tréimhse ar lena linn a rinneadh an scannán, agus
(b) gan dochar don fhoráil atá i mír (a) den fho-alt seo, i ngach scannán cineamatagrafach foilsithe ar sa Stát a rinneadh a chéadfhoilsiú.
(2) An cóipcheart a bheidh ar substaineadh i scannán cineamatagrafach de bhua an ailt seo leanfaidh sé ar substaineadh go dtí deireadh na tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a céadfhoilsíodh an scannán.
(3) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh teideal ag déantóir scannáin chineamatagrafaigh chun aon chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa scannán de bhua an ailt seo, ach amháin, áfach, nuair a ordóidh duine scannán cineamatagrafach a dhéanamh agus a íocfaidh sé as, nó a chomhaontóidh sé íoc as in airgead nó i luach airgid, agus go ndéanfar an scannán de bhun an ordaithe sin, beidh teideal ag an duine sin, cheal comhaontú dá mhalairt, chun aon chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa scannán de bhua an ailt seo.
(4) Is iad na gníomhartha a shriantar leis an gcóipcheart i scannán cineamatagrafach—
(a) cóip den scannán a dhéanamh;
(b) a chur faoi deara, a mhéid is amharc-íomhánna atá ann, an scannán a fheiceáil go poiblí, nó, a mhéid is fuaimeanna atá ann, é a chloisteáil go poiblí;
(c) an scannán a chraoladh;
(d) a chur faoi deara an scannán a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata.
(5) Ní sárú ar aon chóipcheart atá ar substaineadh i scannán cineamatagrafach de bhua an ailt seo cóip de a dhéanamh chun críocha imeachta dlíthiúla nó a chur faoi deara é a fheiceáil nó a chloisteáil go poiblí chun na gcríocha sin.
(6) I gcás cóipcheart a bheith ar substaineadh i scannán cineamatagrafach de bhua an ailt seo agus é do scor de bheith ar substaineadh amhlaidh, ní dhéanfaidh duine a chuirfidh faoi deara, tar éis an scortha sin, an scannán a fheiceáil, nó a fheiceáil agus a chloisteáil, go poiblí, sárú tríd sin ar aon chóipcheart a bheidh ar substaineadh de bhua Chuid II den Acht seo in aon saothar litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne a léireofar sa scannán.
(7) I gcás scannáin chineamatagrafaigh ar nuachtscannán é, ní sárú ar an gcóipcheart a bheidh ar substaineadh sa scánnán de bhua an ailt seo a chur faoi deara an scannán a fheiceáil, nó a fheiceáil agus a chloisteáil, go poiblí, nó a chraoladh, tar éis deireadh na tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a tharla na príomh-theagmhais a bheidh ar taispeáint sa scannán.
(8) Chun críocha an Achta seo measfar go bhfolaíonn scannán cineamatagrafach na fuaimeanna atá in aon fhuaimrian a ghabhann leis an scannán, agus forléireofar dá réir sin tagairtí do chóip de scannán cineamatagrafach.
(9) I gcás na fuaimeanna atá in aon fhuaimrian a ghabhann le scannán cineamatagrafach a bheith freisin i dtaifead nach bhfuarthas as an bhfuaimrian sin, ní sárú ar an gcóipcheart sa scannán aon úsáid a dhéanfar den taifead sin.
(10) San Acht seo—
ciallaíonn “scannán cineamatagrafach” aon seiceamh amharcíomhánna atá ar taifeadadh ar ábhar d'aon saghas (cibé acu is ábhar tréshoilseach é nó nach ea) ionas gur féidir, tríd an ábhar sin a úsáid—
(a) é a thaispeáint mar phictiúr reatha, nó
(b) é a thaifeadadh ar ábhar eile (cibé acu is ábhar tréshoilseach é nó nach ea) ar féidir é a thaispeáint tríd an ábhar sin a úsáid;
ciallaíonn “déantóir” maidir le scannán cineamatagrafach, an duine a ghlacann air féin cúram na socruithe is gá chun an scannán a dhéanamh;
ciallaíonn “foilsiú”, maidir le scannán cineamatagrafach, cóipeanna den scannán a dhíol, nó a thairiscint chun a ndíolta, leis an bpobal, nó chun a ligean ar fruiliú, nó a thairiscint a ligean ar fruiliú, leis an bpobal, nó chun a dtaispeánta ar aon slí don phobal;
ciallaíonn “cóip”, maidir le scannán cineamatagrafach, aon phrionta, claonchló, téip nó earra eile ar a bhfuil an scannán nó cuid de taifeadta.
(11) Na tagairtí atá san Acht seo d'fhuaimrian a ghabhann le scannán cineamatagrafach is tagairtí iad d'aon taifead fuaimeanna atá in aon phrionta, claonchló, téip nó earra eile ar a bhfuil an scannán nó cuid de, a mhéid is amharc-íomhánna é, taifeadta, nó atá eisithe ag déantóir an scannáin chun a úsáidte i ndáil le hearra den sórt sin.
Cóipcheart i gcraolta teilifíse agus i bhfuaimchraolta.
19.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh cóipcheart ar substaineadh i ngach craoladh teilifíse agus i ngach fuaimchraoladh a dhéanfaidh Radio Éireann ó áit sa Stát.
(2) Leanfaidh cóipcheart i gcraoladh teilifíse agus cóipcheart i bhfuaim-chraoladh ar substaineadh go dtí deireadh na tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a rinneadh an craoladh ar dtús.
(3) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh teideal ag Raidio Éireann chun aon chóipchirt a bheidh ar substaineadh i gcraoladh teilifíse agus chun aon chóipchirt a bheidh ar substaineadh i bhfuaim-chraoladh a dhéanfaidh Radio Éireann ó áit sa Stát.
(4) Sa mhéid gur athchraoladh (cibé acu an chéad-athchraoladh nó aon athchraoladh ina dhiaidh sin é) ar chraoladh teilifíse nó ar fhuaim-chraoladh a rinne Radio Éireann roimhe sin ó áit sa Stát, craoladh teilifíse nó fuaim-chraoladh áirithe, agus go ndéanfar é trí ábhar a chraoladh a bheidh taifeadta ar scannán, ar thaifid nó ar shlí eile—
(a) ní bheidh cóipcheart ar substaineadh ann de bhua an ailt seo más tráth tar éis deireadh na tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a rinneadh an craoladh roimhe sin a dhéanfar é; agus
(b) más roimh dheireadh na tréimhse sin a dhéanfar é, ansin aon chóipcheart a bheidh ar substaineadh ann de bhua an ailt seo scoirfidh sé do bheith ar substaineadh ann ag deireadh na tréimhse sin.
(5) Is iad na gníomhartha a shriantar leis an gcóipcheart i scannán teilifíse nó i bhfuaim-chraoladh—
(a) i gcás craoladh teilifíse sa mhéid gur amharc-íomhánna é, scannán cineamatagrafach de nó de chuid de nó ghrianghraf de chuid de, nó cóip den scannán sin nó den ghrianghraf sin a dhéanamh, chun críocha seachas críocha príobháideacha;
(b) i gcás fuaim-chraolta, nó craoladh teilifíse sa mhéid gur fuaimeanna é, fuaim-thaifeadadh air, nó taifead ina mbeidh taifeadadh den sort sin, a dhéanamh chun críocha seachas críocha príobháideacha;
(c) i gcás craoladh teilifíse, a chur faoi deara, sa mhéid gur amharc-íománna é, é a fheiceáil go poiblí, nó, sa mhéid gur fuaimeanna é, é a chloisteáil go poiblí, más daoine a bheidh tar éis íoc a fheicfidh nó a chloisfidh é;
(d) i gcás craoladh teilifíse nó fuaim-chraolta, é a athchraoladh.
(6) Na sriantachtaí a fhorchuirtear de bhua fo-alt (5) den alt seo maidir le craoladh teilifíse nó le fuaim-chraoladh arna dhéanamh ag Radio Éireann beidh feidhm acu cibé acu a dhéanfar an gníomh a bheidh i gceist—
(a) tríd an gcraoladh a ghlacadh, nó
(b) trí aon taifead, prionta, claonchló, téip nó earra eile ar a mbeidh an craoladh taifeadta a úsáid.
(7) Maidir le cóipcheart i gcraolta teilifíse, sa mhéid gur amharc-íomhánna iad, beidh ag na sriantachtaí a fhorchuirtear de bhua fo-alt (5) den alt seo maidir le scannán cineamatagrafach nó le cóip de scannán den sórt sin feidhm maidir le haon seiceamh íomhánna atá dóthanach chun a fheicthe mar phictiúr reatha; agus dá réir sin, chun a shuíomh gur sáraíodh an cóipcheart sin, ní gá a chruthú gur bhain an gníomh a bheidh i gceist le níos mó ná seiceamh íomhánna.
(8) Chun críocha fo-alt (5) den alt seo, measfar gur chun críocha seachas críocha príobháideacha a rinneadh scannán cineamatagrafach nó cóip de, grianghraf nó cóip de, nó fuaimthaifeadadh nó taifead a mbeidh taifeadadh ann más chun aon duine do dhéanamh aon cheann de na gníomhartha seo a leanas a rinneadh é, is é sin le rá—
(a) aon chóip den scannán nó den ghrianghraf, nó, de réir mar a bheidh, d'aon taifead ina mbeidh an taifeadadh, a dhíol nó a ligean ar fruiliú;
(b) an scannán, an taifeadadh nó an grianghraf a chraoladh;
(c) a chur faoi deara an scannán, an grianghraf nó an taifeadadh a fheiceáil nó a chloisteáil go poiblí.
(9) Chun críocha mhír (c) d'fho-alt (5) den alt seo, measfar craoladh teilifíse a fheiceáil agus a chloisteáil ag daoine a bheidh tar éis íoc má fheiceann nó má chloiseann daoine é—
(a) a ligeadh isteach ar íocaíocht san áit ina mbeidh an craoladh le feiceáil nó le cloisteáil, nó a ligeadh isteach ar íocaíocht in áit ar cuid de an áit sin, nó
(b) a ligeadh isteach san áit ina mbeidh an craoladh le feiceáil nó le cloisteáil in imthosca ina soláthraítear earraí nó seirbhísí ann ar phraghasanna is mó ná na praghasanna a bhaintear amach de ghnáth san áit sin agus is inchurtha go páirteach i leith na saoráidí a thugtar chun an craoladh a fheiceáil nó a chloisteáil.
(10) Chun críocha mhír (a) den fho-alt díreach roimhe seo den alt seo ní chuirfear san áireamh—
(a) daoine a ligtear isteach san áit a bheidh i gceist mar lucht cónaithe nó iostaithe ann, ná
(b) daoine a ligtear isteach san áit sin mar chomhaltaí de chlub nó de chumann, i gcás nach bhfuil san íocaíocht ach íocaíocht i leith comhaltais sa chlub nó sa chumann agus nach bhfuil i soláthar na n-áiteanna chun craolta teilifíse a fheiceáil nó a chloisteáil ach soláthar teagmhasach a ghabhann le príomhchríocha an chlub nó an chumainn.
(11) Ní sárú ar an gcóipcheart a bheidh ar substaineadh i gcraoladh teilifíse nó i bhfuaim-chraoladh aon ní a dhéanfar maidir leis an gcraoladh teilifíse nó leis an bhfuaim-chraoladh sin chun críocha imeachta dlíthiúla.
(12) San Acht seo—
ciallaíonn “craoladh teilifíse” amharc-íomhánna á gcraoladh trí mheán teilifíse, maraon le haon fhuaimeanna agus iad á gcraoladh chun a nglactha i dteannta na n-íomhánna sin;
ciallaíonn “fuaim-chraoladh” fuaimeanna á gcraoladh ar shlí seachas mar chuid de chraoladh teilifíse.
(13) Chun críocha an Achta seo, measfar craoladh teilifíse nó fuaim-chraoladh a bheith arna dhéanamh ag an gcomhlacht a rinne, an tráth a rinneadh agus ón áit a ndearnadh, na hamharcíomhánna nó na fuaimeanna a bheidh i gceist nó na hamharcíomhánna agus na fuaimeanna sin le chéile, de réir mar a bheidh, a chraoladh.
Cóipcheart in eagráin fhoilsithe de shaothair.
20.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh cóipcheart ar substaineadh i ngach eagrán foilsithe d'aon saothar amháin nó níos mó litríochta, drámaíochta nó ceoil i gcás—
(a) ar sa Stát a céadfhoilsíodh an t-eagrán, nó
(b) ar dhuine cáilithe é foilsitheoir an eagráin ar dháta a chéadfhoilsithe.
(2) Ní bheidh cóipcheart ar substaineadh in eagrán a atáirgeann an cóiriú cló a bhí ar eagrán roimhe sin den saothar céanna nó de na saothair chéanna.
(3) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh teideal ag foilsitheoir eagráin chun aon chóipchirt a bheidh ar substaineadh ann de bhua an ailt seo.
(4) An cóipcheart a bheidh ar substaineadh in eagrán foilsithe de bhua an ailt seo leanfaidh sé ar substaineadh go dtí deireadh na tréimhse cúig bliana is fiche ó dheireadh na bliana a céadfhoilsíodh an t-eagrán.
(5) Is é an gníomh a shriantar leis an gcóipcheart atá ar substaineadh in eagrán foilsithe de bhua an ailt seo atáirgeadh a dhéanamh, trí aon phróis ghrianghrafadóireachta nó próis dá samhail, ar chóiriú cló an eagráin.
(6) Ní sárú ar an gcóipcheart atá ar substaineadh san eagrán de bhua an ailt seo cóiriú cló an eagráin a atáirgeadh trí aon phróis den saghas a dúradh chun críocha taighde nó staidéir phríobháidigh a bhaineann leis an saothar atá san eagrán.
Forálacha forlíontacha chun críocha Chuid III.
21.—(1) Beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo maidir le cóipcheart a bheidh ar substaineadh de bhua na Coda seo den Acht seo i bhfuaim-thaifeadta, i scannáin chineamatagrafacha, i graolta teilifíse agus i bhfuaim-chraolta, agus in eagráin fhoilsithe de shaothair litríochta, drámaíochta agus ceoil; agus na tagairtí atá sna forálacha sin don fhoráil iomchuí den Chuid seo den Acht seo, maidir le cóipcheart in ábhar d'aon tuairisc acu sin, is tagairtí iad don fhoráil atá sa Chuid seo den Acht seo trína bhforáiltear go mbeidh cóipcheart ar substaineadh in ábhar den tuairisc sin (faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear ann a chomhlíonadh).
(2) I gcás cóipcheart a bheith ar substaineadh de bhua na Coda seo den Acht seo i bhfuaim-thaifeadadh, i scannán cineamatagrafach, i gcraoladh nó in ábhar eile, ní fhorléireofar aon ní sa Chuid seo den Acht seo mar ní a dhéanann difear d'oibriú Chuid II den Acht seo maidir le haon saothar litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne óna dtáinig an t-ábhar go hiomlán nó go páirteach; agus aon chóipcheart a bheidh ar substaineadh de bhua na Coda seo den Acht seo is cóipcheart é maille le, agus ar neamhspleidh le, aon chóipcheart a bheidh ar substaineadh de bhua Chuid II den Acht seo.
(3) Beidh éifeacht ag an bhfo-alt díreach roimhe seo den alt seo faoi réir forálacha fo-alt (6) d'alt 18 den Acht seo.
(4) Ní dhéanfaidh cóipcheart a bheith ar substaineadh faoi aon cheann de na hailt roimhe seo den Chuid seo den Acht seo difear d'oibriú don chinn eile de na hailt sin faoinar féidir le cóipcheart a bheith ar substaineadh.
(5) Déantar aon chóipcheart atá ar substaineadh de bhua na Coda seo den Acht seo a shárú ag aon duine a allmhairíonn, gan ceadúnas ó úinéir an chóipchirt, earra isteach sa Stát (seachas chun úsáide príobháidí agus tís aige féin) más feasach dó gur shárú ar an gcóipcheart sin an t-earra sin a dhéanamh, nó gur shárú den sórt sin é dá mba sa Stát a rinneadh an t-earra.
(6) Sáraíonn aon duine aon chóipcheart den sórt sin freisin má dhéanann sé, sa Stát, agus gan ceadúnas ó úinéir an chóipchirt—
(a) aon earra a dhíol, a ligean ar fruiliú nó a thairiscint nó a thaispeáint, i modh trádála, chun a dhíolta nó a fhruilithe, nó
(b) aon earra a thaispeáint go poiblí i modh trádála,
más feasach dó gur shárú ar an gcóipcheart sin an t-earra a dhéanamh, nó (i gcás earra a allmhairíodh) gur shárú ar an gcóipcheart sin é dá mba sa Stát a rinneadh an t-earra.
(7) Beidh feidhm ag an bhfo-alt díreach roimhe seo den alt seo maidir le hearraí a imdháil—
(a) chun críocha trádála, nó
(b) chun críocha eile, ach an méid sin gur dochar é d'úinéir an chóipchirt a bheidh i gceist, mar atá feidhm aige maidir le hearra a dhíol.
(8) Beidh éifeacht ag fo-ailt (5), (6) agus (7) den alt seo gan dochar d'fhorálacha ginearálta alt 7 den Acht seo maidir le sáruithe cóipchirt.
CUID IV.
Leigheasanna i gCás Cóipcheart a Shárú.
Caingean ag úinéir cóipchirt mar gheall ar shárú.
22.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo beidh sáruithe cóipchirt inchaingne ar agra úinéir an chóipchirt.
(2) In aon chaingean ag úinéir cóipchirt mar gheall ar an gcóipcheart sin a shárú, beidh an faoiseamh sin go léir i bhfoirm damáistí, urghaire, cuntas nó eile ar fáil ag an ngearánaí atá ar fáil in imeachtaí comhréire i leith sárú ar chearta eile dílseánaigh.
(3) I gcás ina gcruthófar nó ina n-admhófar i gcaingean mar gheall ar chóipcheart a shárú—
(a) go ndearnadh sárú, ach
(b) nárbh fheasach don chosantóir, agus nach raibh aon chúiseanna réasúnacha aige chun bheith in amhras, go raibh cóipcheart ar substaineadh sa saothar nó san ábhar eile lena mbainfidh an chaingean,
ní bheidh teideal faoin alt seo ag an ngearánaí chun aon damáistí i gcoinne an chosantóra, ach beidh teideal aige chun cuntais ar bhrabúis i leith an tsáraithe cibé acu a dheonófar nó nach ndeonófar aon fhaoiseamh eile faoin alt seo.
(4) I gcás ina gcruthófar nó ina n-admhófar sárú cóipchirt agus gur deimhin leis an gcúirt, agus aird aici (i dteannta gach pointe ábhartha eile)—
(a) ar fhollasghnéitheacht an tsáraithe, agus
(b) ar aon sochar a shuífear a d'fhaibhrigh don chosantóir de bharr an tsáraithe,
nach mbeadh faoiseamh éifeachtach ar fáil ar shlí eile don ghearánaí, beidh cumhacht ag an gcúirt, agus í ag measúnú damáistí i leith an tsáraithe, cibé damáistí breise a dhámhadh de bhua an fho-ailt seo a measfaidh an chúirt gur damáistí iomchuí iad sna himthosca.
(5) I gcaingean mar gheall ar shárú cóipchirt i leith foirgneamh a fhoirgniú ní dhéanfar aon urghaire ná ordú—
(a) tar éis foirgniú an fhoirgnimh a bheith tosaithe, ionas go gcoiscfear é a chríochnú, nó
(b) ionas go gceanglófar an foirgneamh, a mhéid de a bheidh foirgnithe, a scartáil.
(6) Sa Chuid seo den Acht seo folaíonn “caingean” frithéileamh, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don ghearánaí agus don chosantóir.
Teorainn le méid costas an ghearánaí i gcaingne áirithe mar gheall ar shárú cóipchirt.
23.—(1) In aon chaingean mar gheall ar shárú cóipchirt a thosófar agus é éistfear sna Ard-Chúirt—
(a) i gcás ina mbeidh aon fhaoiseamh (seachas damáistí) a éileofar laistigh de dhlínse na Cúirte Cuarda agus, má éilítear damáistí, nach mó ná sé chéad punt na damáistí a ghnóthóidh an gearánaí, ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costas a ghnóthú ná mar bheadh sé i dteideal a ghnóthú dá mba sa Chúirt Chuarda a tionscnaíodh an chaingean, mura ndéanfaidh an breitheamh a éistfidh an chaingean deimhniú speisialta a dheonú faoin alt seo, agus
(b) más damáistí an t-aon-fhaoiseamh a éileofar agus nach mó ná caoga punt méid na ndamáistí a ghnóthóidh an gearánaí, ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costas a ghnóthú ná mar bheadh sé i dteideal a ghnóthú dá mba sa Chúirt Dúiche a tionscnaíodh an chaingean, mura ndéanfaidh an breitheamh a éistfidh an chaingean deimhniú speisialta a dheonú faoin alt seo.
(2) In aon chaingean dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo féadfaidh an breitheamh a éistfidh an chaingean, ar iarratas ón ngearánaí, deimhniú speisialta i scríbhinn a dheonú go raibh sé réasúnach, mar gheall ar gur chaingean shubstainteach nó thábhachtach an chaingean nó mar gheall ar thábhacht aon cheiste dlí a bhain léi, gur san Ard-Chúirt a thosófaí í.
(3) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (3) d'alt 12 (a theorannaíonn méid costas an ghearánaí i gcaingne áirithe san Ard-Chúirt) den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936, do shriantacht a fhorchuireann an t-alt sin a fhorléiriú mar thagairt do na sriantachtaí a fhorchuireann an t-alt seo ar mhéid na gcostas is inghnóthaithe ag gearánaithe sna caingne dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.
Cearta úinéara cóipchirt i leith cóipeanna sáraitheacha.
24.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh teideal ag úinéir aon chóipchirt chun na gceart agus na leigheasanna go léir, i leith aon duine do chomhshó nó do choinneáil cóip sháraitheach, nó aon phláta a úsáideadh nó a bheartaítear a úsáid chun cóipeanna sáraitheacha a dhéanamh, chun a mbeadh teideal aige dá mba eisean úinéir gach cóipe nó pláta den sórt sin agus dá mba eisean úinéir an chéanna ón uair a rinneadh í nó é.
(2) I gcás ina mbeadh, de bhua fo-alt (2) d'alt 12 (a bhaineann le coinnéala nó comhshóití comhleanúnacha) de Reacht na dTréimhsí, 1957, teideal úinéir an chóipchirt sin chun cóipe nó pláta den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo (dá mba eisean úinéir na cóipe nó an phláta) múchta i ndeireadh na tréimhse a luaitear san fho-alt sin (2), ní bheidh teideal aige chun aon chearta ná leigheasanna faoi fho-alt (1) den alt seo i leith aon ní a rinneadh maidir leis an gcóip nó an pláta sin tar éis deireadh na tréimhse sin.
(3) Ní bheidh teideal de bhua an ailt seo ag gearánaí chun aon damáistí ná aon leighis airgid eile (seachas costais) má chruthaítear nó má admhaítear gurb amhlaidh a bhí, tráth an chomhshóite nó na coinneála a bheidh i gceist—
(a) nárbh fheasach don chosantóir, agus nach raibh aon chúiseanna réasúnacha aige chun bheith in amhras, go raibh cóipcheart ar substaineadh sa saothar nó san ábhar eile lena mbainfidh an chaingean, nó
(b) i gcás inarbh chóipeanna sáraitheacha na hearraí a comhshódh nó a coinníodh, gur chreid an cosantóir, agus go raibh cúiseanna réasúnacha aige chun a chreidiúint, nár chóipeanna sáraitheacha iad, nó
(c) i gcás inar phláta a úsáideadh nó a bhí beartaithe a úsáid chun aon earraí a dhéanamh an t-earra a comhshódh nó a coinníodh, gur chreid an cosantóir, agus go raibh cúiseanna réasúnacha aige chun a chreidiúint, nach cóipeanna sáraitheacha a bhí, nó (de réir mar a bheidh) a bheadh, sna hearraí a rinneadh amhlaidh nó a beartaíodh a dhéanamh amhlaidh.
(4) Sa Chuid seo den Acht seo—
ciallaíonn “cóip sháraitheach”—
(a) maidir le saothar litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne, nó le heagrán foilsithe den sórt a luaitear in alt 20 den Acht seo, atáirgeadh ar shlí seachas i gcruth scannáin chineamatagrafaigh,
(b) maidir le fuaim-thaifeadadh, taifead ina bhfuil an taifeadadh sin,
(c) maidir le scannán cineamatagrafach, cóip den scannán, agus
(d) maidir le craoladh teilifíse nó fuaim-chraoladh, cóip de scannán cineamatagrafach de nó de chuid de nó grianghraf de chuid de nó taifead ina bhfuil fuaimthaifeadadh de,
arb éard é (in aon chás den sórt sin) earra ar shárú ar an gcóipcheart sa saothar, san eagrán, sa taifeadadh, sa scannán nó sa chraoladh é a dhéanamh, nó, i gcás earra allmhairithe, ar shárú ar an gcóipcheart sin é dá mba sa Stát a rinneadh an t-earra;
folaíonn “pláta” aon steireaphláta, cloch, bloc, múnla, maitrís, aistríoch, claonchló nó gaireas eile.
Imeachtaí i gcás cóipcheart atá faoi réir ceadúnais eisiataigh.
25.—(1) Beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo maidir le himeachtaí i gcás aon chóipcheart a mbeidh ceadúnas eisiatach deonaithe ina leith agus a bheidh i bhfeidhm tráth na dteagmhas lena mbainfidh na himeachtaí.
(2) Faoi réir forálacha an ailt seo—
(a) beidh na cearta caingne céanna, agus beidh teideal chun na leigheasanna céanna, ag an gceadúnaí eisiatach (ach amháin amhail i gcoinne úinéir an chóipchirt), faoi alt 22 den Acht seo ionann agus dá mba shannadh an ceadúnas agus beidh na cearta agus na leigheasanna sin comhréimeach le cearta agus leigheasanna úinéara an chóipchirt faoin alt sin;
(b) beidh na cearta caingne céanna, agus beidh teideal chun na leigheasanna céanna, ag an gceadúnaí (ach amháin amhail i gcoinne úinéir an chóipchirt), de bhua alt 24 den Acht seo ionann agus dá mba shannadh an ceadúnas; agus
(c) ní bheidh aon chearta caingne, ná ní bheidh teideal chun aon leigheasanna, ag úinéir an chóipchirt, de bhua alt 24 den Acht seo nach mbeadh aige nó nach mbeadh teideal aige chucu dá mba shannadh an ceadúnas.
(3) I gcás ina ndéanfaidh úinéir an chóipchirt nó an ceadúnai eisiatach caingean a thionscnamh agus gur le sárú a bhfuil cearta comhréimeacha caíngne acu ina leith faoi alt 22 den Acht seo a bhainfidh (go hiomlán nó go páirteach) an chaingean a mhéid gur faoin alt sin a thionscnófar é, ní bheidh teideal, ach amháin le cead na cúirte, ag an úinéir nó an ceadúnaí, de réir mar a bheidh, dul ar aghaidh leis an gcaingean a mhéid gur faoin alt sin a thionscnófar é agus gur leis an sárú sin a bhainfidh sé, mura ndéanfar an páirtí eile a uamadh mar ghearánaí sa chaingean nó a chur isteach mar chosantóir breise.
(4) Ní dhéanfaidh an fo-alt díreach roimhe seo den alt seo difear do urghaire idirbhreitheach a dheonú ar iarratas ó cheachtar de na páirtithe dá dtagraítear san fho-alt.
(5) In aon chaingean a thionscnóidh an ceadúnaí eisiatach de bhua an ailt seo, beidh aon chosaint a bheadh ar fáil ag an gcosantóir sa chaingean, dá mba nár achtaíodh an t-alt seo agus gurbh é úinéir an chóipchirt a thionscain an chaingean, ar fáil ag an gcosantóir sin amhail i gcoinne an cheadúnaí eisiataigh.
(6) I gcás ina dtionscnófar caingean sna himthosca a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo agus nach gearánaithe sa chaingean úinéir an chóipchirt agus an ceadúnaí eisiatach i dteannta a chéile, déanfaidh an chúirt agus í ag measúnú damáistí i leith aon sáraithe den sórt a luaitear san fho-alt sin—
(a) más é an gearanaí an ceadúnaí eisiatach, aon dliteanais (i leith ríchíosanna nó eile) a bhfuil an ceadúnas faoina réir a chur i gcuntas, agus
(b) cibé acu is é an gearanaí úinéir an chóipchirt nó an ceadúnaí eisiatach, aon leigheas airgid a chur i gcuntas a bheidh dámhta cheana féin don pháirtí eile faoi alt 22 den Acht seo i leith an tsáraithe sin, nó, de réir mar is gá sa chás, aon cheart caingne is infheidhmithe ag an bpáirtí eile faoin alt sin i leith an tsáraithe sin.
(7) I gcás a mbainfidh caingean, (go hiomlán nó go páirteach), a mhéid gur faoi alt 22 den Acht seo a thionscnófar é, le sárú a bhfuil cearta comhréimeacha caingne ina leith ag úinéir an chóipchirt agus ag an gceadúnaí eisiatach agus sa chaingean sin (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh siad beirt le chéile ina bpáirtithe inti) go n-ordófar cuntas brabús a thógáil i leith an tsáraithe sin, ansin, faoi réir aon chomhaontaithe a bheidh ar eolas ag an gcúirt, trína ndéanfar cur na mbrabús sin a chinneadh amhail idir úinéir an chóipchirt agus an ceadúnaí eisiatach, cionroinnfidh an chúirt na brabúis eatarthu mar a mheasfaidh an chúirt a bheith cóir, agus tabharfaidh an chúirt cibé orduithe a mheasfaidh sí is iomchuí chun éifeacht a thabhairt don chionroinnt sin.
(8) I gcaingean a thionscnóidh úinéir an chóipchirt nó an ceadúnaí eisiatach—
(a) ní thabharfar breithiúnas ná ní dhéanfar ordú, faoi alt 22 den Acht seo, i leith damáistí a íoc mar gheall ar shárú cóipchirt, má bhíonn breithiúnas nó ordú críochnaítheach tugtha nó déanta ag dámhadh cuntas brabús don pháirtí eile faoin alt sin i leith an tsáraithe chéana; agus
(b) ní thabharfar breithiúnas ná ní dhéanfar ordú, faoin alt sin 22, i leith cuntas brabús mar gheall ar shárú cóipchirt má bhíonn breithiúnas nó ordú críochnaítheach tugtha nó déanta ag dámhadh damáistí nó cuntas brabús don pháirtí eile faoin alt sin i leith an tsáraithe chéanna.
(9) Más rud é, i gcaingean a thionscnófar sna himthosca a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo, cibé ag an úinéir é nó ag an gceadúnaí eisiatach, nach n-uamfar an páirtí eile mar ghearánaí (i dtosach na caingne nó dá éis sin), ach go gcuirfear isteach é mar chosantóir breise, ní bheidh sé faoi dhliteanas i leith aon chostas sa chaingean mura ndéanfaidh sé láithreas a thaifeadadh agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí.
(10) San alt seo—
ciallaíonn “ceadúnas eisiatach” ceadúnas i scríbhinn, sínithe ag úinéir nó úinéir ionchais cóipchirt nó thar a cheann, ag údarú don cheadúnaí, d'eisiamh gach duine eile, lena n-áirítear deontóir an cheadúnais, ceart a fheidhmiú dob infheidhmithe go heisiatach (ar leith ón gceadúnas), de bhua an Achta seo, ag úinéir an chóipchirt, agus forléireofar dá réir sin “ceadúnaí eisiatach”;
ciallaíonn “an páirtí eile” maidir le húinéir an chóipchirt an ceadúnaí eisiatach, agus, maidir leis an gceadúnaí eisiatach ciallaíonn sé únéir an chóipchirt; agus
ciallaíonn “dá mba shannadh an ceadúnas”, dá mba rud é, in ionad an cheadúnais, gur deonaíodh (faoi réir téarmaí agus coinníollacha ar comhréir a mhéid is féidir leis na téarmaí agus na coinníollacha ar faoina réir a deonaíodh an ceadúnas) sannadh ar an gcóipcheart i leith a churtha chun feidhme maidir leis na gníomhartha a údaraíodh leis an gceadúnas a dhéanamh sna háiteanna agus na tráthanna a údaraíodh amhlaidh.
Cruthúnas ar fhíorais i gcaingne cóipchirt.
26.—(1) In aon chaingean a thionscnófar de bhua na Coda seo den Acht seo—
(a) toimhdeofar cóipcheart a bheith ar substaineadh sa saothar nó san ábhar eile lena mbianfidh an chaingean, mura gcuirfidh an cosantóir cóipcheart a bheith ar substaineadh ann i saincheist, agus
(b) i gcás ina gruthófar nó ina n-adhmhófar an cóipcheart a bheith ar substaineadh, nó ina dtoimhdeofar de bhun na míre sin roimhe seo an cóipcheart a bheith ar substaineadh, toimhdeofar gurb é an gearánaí úinéir an chóipchirt, má éilíonn sé gurb é úinéir an chóipchirt é agus nach gcuirfidh an cosantóir úinéireacht an chóipchirt aige i saincheist.
(2) Faoi réir an fho-ailt roimhe seo den alt seo, más rud é go raibh, i gcás saothar litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne, ainm, a d'airbheartaigh gurbh é ainm an údair é, ar chóipeanna den saothar mar a foilsíodh é, nó, i gcás saothar ealaíne, ar an saothar nuair a rinneadh é, toimhdeofar, mura gcruthófar a mhalairt, maidir leis an duine a raibh a ainm amhlaidh ar chóipeanna den sórt sin (cibé acu arbh é a ainm dílis é nó ainm óna n-aithnítí é de ghnáth), in aon chaingean a thionscnófar de bhua na Coda seo den Acht seo—
(a) gurbh é údar an tsaothair é, agus
(b) go ndearna sé an saothar in imthosca nach bhfuil faoi réim fo-alt (2), fo-alt (3) ná fo-alt (4) d'alt 10 den Acht seo.
(3) I gcás saothar a líomhnaítear gur saothar comhúdar é, beidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo maidir le gach duine a líomhnaítear gur duine d'údair an tsaothair é, ionann is dá mba thagairtí do dhuine de na húdair tagairtí san fho-alt sin don údar.
(4) I gcás nach mbeidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo i gcaingean a thionscnófar de bhua na Coda seo den Acht seo maidir le saothar litríochta, drámaíochta ceoil nó ealaíne, ach go suífear—
(a) gur sa Stát a céadfhoilsíodh an saothar, agus gur laistigh den tréimhse caoga bliain dar chríoch tosach na bliana a tionscnaíodh an chaingean a foilsíodh amhlaidh é, agus
(b) go raibh ainm a d'airbheartaigh gurbh é ainm an fhoilsitheora é ar chóipeanna den saothar mar a céadfhoilsíodh é,
ansin, mura suítear a mhalairt, toimhdeofar cóipcheart a bheith ar substaineadh sa saothar agus toimhdeofar gurbh é an duine a raibh a ainm amhlaidh ar chóipeanna den sórt sin úinéir an chóipchirt sin tráth an fhoilsithe.
(5) Chun críocha fo-alt (4) den alt seo glacfar fíoras a bheith suite má chruthaítear nó má admhaítear é, nó má thoimhdítear é de bhun na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo.
(6) I gcás ina gcruthófar nó ina n-admhófar, i gcaingean a thionscnófar de bhua na Coda seo den Acht seo maidir le saothar litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne, go bhfuil an t-údar tar éis bháis—
(a) toimhdeofar gur saothar bunaidh an saothar mura gcruthófar a mhalairt, agus
(b) má líomhnaíonn an gearánaí gurb é an foilsiú a shonrófar sa líomhain an chéad fhoilsiú ar an saothar, agus gur i dtír agus ar dháta a shonrófar amhlaidh a tharla sé, toimhdeofar gurbh é an foilsiú sin an chéad fhoilsiú ar an saothar agus gur sa tír sin agus ar an dáta sin a tharla sé, mura gcruthófar a mhalairt.
(7) Beidh feidhm ag míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (6) den alt seo i gcás inar foilsíodh saothar, agus
(a) gurbh fhoilsiú gan ainm údair é, nó gur faoi ainm dó a líomhnaíonn an gearánaí gurbh ainm bréige é, agus
(b) nach suífear gur foilsíodh an saothar ariamh faoi ainm dílis an údair nó faoi ainm óna n-aithnítí é de ghnáth, nó gur féidir le duine gan eolas roimh ré ar na fíorais a fháil amach, ó fhiosrú réasúnach, cérbh é an t-údar,
mar atá feidhm ag na míreanna sin i gcás ina gcruthaítear go bhfuil an t-údar marbh.
(8) In aon chaingean a thionscnófar de bhua na Coda seo den Acht seo maidir le cóipcheart i bhfuaim-thaifeadadh, má rinneadh taifid ina raibh an taifeadadh sin nó cuid de a eisiúint chun an phobail, agus go raibh, an tráth a eisíodh amhlaidh na taifid sin, lipéad nó marc eile ar a raibh nó ina raibh aon ráiteas amháin nó níos mó acu seo a leanas orthu nó ar na coimeádáin ina raibh siad, is é sin le rá—
(a) gur dhuine a raibh a ainm ar an lipéad nó ar an marc déantóir an fhuaim-thaifeadta;
(b) gur bliain a sonraíodh ar an lipéad nó ar an marc a céadfhoilsíodh an taifeadadh;
(c) gur i dtír a sonraíodh ar an lipéad nó ar an marc a céadfhoilsíodh an taifeadadh,
is leor-fhianaise ar na fíorais a dúradh amhlaidh an lipéad nó an marc sin ach amháin a mhéid a chruthófar a mhalairt.
Pionóis agus meachtaí achoimre i leith déileála a sháraíonn cóipcheart.
27.—(1) Aon duine—
(a) a dhéanfaidh chun a dhíolta nó a fhruilithe, nó
(b) a dhíolfaidh nó a ligfidh ar fruiliú, nó a thairgfidh, nó a thaispeánfaidh, chun a dhíolta nó a ligthe ar fruiliú, i modh trádála, nó
(c) a thaispeánfaidh go poiblí i modh trádála, nó
(d) a allmhaireoidh isteach sa Stát, ar shlí seachas chun úsáide príobháidí agus tís aige féin,
aon tráth tar éis tosach feidhme an ailt seo a bheidh cóipcheart ar substaineadh i saothar, aon earra ar feasach dó gur cóip sháraitheach den saothar é, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.
(2) Aon duine a dháilfidh, aon tráth tar éis tosach feidhme an ailt seo, nuair a bheidh cóipcheart ar substaineadh i saothar—
(a) chun críocha trádála, nó
(b) chun críocha eile, ach an méid sin gur dochar d'úinéir an chóipchirt é,
earraí ar feasach dó gur cóipeanna sáraitheacha den saothar iad beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.
(3) Aon duine a dhéanfaidh nó a mbeidh ina sheilbh aige, tráth tar éis tosach feidhme an ailt seo a bheidh cóipcheart ar substaineadh i saothar, pláta agus a fhios aige go bhfuil sé le húsáid chun cóipeanna sáraitheacha den saothar a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.
(4) Féadfaidh an Chúirt Dúiche, ar iarratas ó úinéir an chóipchirt in aon saothar, gníomhú mar a leanas: Más deimhin léi ó fhianaise go bhfuil cúis réasúnach ann chun a chreidiúint go bhfuil cóipeanna sáraitheacha den saothar á mangairiú, á n-iompar thart, á ndíol nó á dtairiscint chun a ndíolta, féadfaidh sí le hordú a údarú d'aon chomhalta den Gharda Síochána na cóipeanna a urghabháil gan bharántas agus a dtabhairt os comhair na cúirte, agus féadfaidh an chúirt, ar chruthú a fháil gur cóipeanna sáraitheacha na cóipeanna, a ordú iad a dhíthiú, nó iad a sheachadadh d'úinéir an chóipchirt nó a ordú go ndéileálfar leo ar shlí eile mar is oiriúnach leis na gcúirt.
(5) Más deimhin leis an gCúirt Dúiche ó fhaisnéis faoi mhionn go bhfuil cúis réasúnach ann chun bheith in amhras go bhfuil cion faoi fho-alt (1), (2) nó (3) den alt seo á dhéanamh in aon áitreabh, féadfaidh an chúirt barántas cuardaigh a dheonú á údarú do chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Cigire, agus cibé comhaltaí eile den Gharda Síochána is cuí leis an gcomhalta sin ina theannta, dul isteach san áitreabh idir uair a 6 a.m. agus uair a 9 p.m., le foréigean más gá sin, agus aon chóipeanna d'aon saothar nó aon phlátaí a urghabháil a bhfuil cúis réasúnach aige chun bheith in amhras go bhfuil cion faoi aon cheann de na fo-ailt sin á dhéanamh ina leith.
(6) Tabharfar os comhair na Cúirte Dúiche na cóipeanna go léir d'aon saothar agus na plátaí go léir a urghabhfar faoi fho-alt (5) den alt seo, agus má chruthaítear gur cóipeanna sáraitheacha iad nó plátaí a bheartaítear a úsáid chun cóipeanna sáraitheacha a chlóbhualadh nó a ataírgeadh dítheofar iad nó seachadfar iad d'úinéir an chóipchirt a bheidh i gceist nó déileálfar leo ar shlí eile mar is oiriúnach leis an gcúirt.
(7) Beidh feidhm ag na fo-ailt roimhe seo den alt seo maidir le cóipcheart a bheidh ar substaineadh in aon ábhar de bhua Chuid III den Acht seo mar atá feidhm acu maidir le cóipcheart atá ar substaineadh de bhua Chuid II den Acht seo.
(8) Aon duine a chuirfidh faoi deara, tar éis tosach feidhme an ailt seo, saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil a thaibhiú go poiblí, agus a fhios aige cóipcheart a bheith ar substaineadh sa saothar agus gur sárú ar an gcóipcheart an taibhiú, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.
(9) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo dlífear ar é a chiontú go hachomair—
(a) más é an chéad chiontú aige é i gcion faoin alt seo, fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach earra lena mbainfidh an cion;
(b) in aon chás eile, fíneáil den sórt sin, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, a chur air:
i slí, áfach, nach rachaidh an fhíneáil a fhorchuirfear de bhua an fho-ailt seo thar céad punt i leith earraí a bheidh ar áireamh san idirbheart céanna.
(10) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (3) nó fo-alt (8) den alt seo, dlífear ar é a chiontú go hachomair—
(a) más é an chéad chiontú aige é i gcion faoin alt seo, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air;
(b) in aon chás eile, fíneáil den sórt sin nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí a chur air.
(11) Féadfaidh an chúirt arb os a comhair a chúiseofar duine i gcion faoin alt seo a ordú, cibé acu a chiontófar nó nach gciontófar é sa chion, aon earra ar dealraitheach don chúirt gur cóip sháraitheach é, nó gur pláta é a úsáideadh nó a bheartaítear a úsáid chun cóipeanna sáraitheacha a dhéanamh, a dhíthiú nó a sheachadadh d'úinéir an chóipchirt a bheidh i gceist nó a ordú go ndéileálfar leis ar shlí eile mar is oiriúnach leis an gcúirt.
(12) Beidh ábhar achomhairc ann chun na Cúirte Cuarda ó aon ordú faoi fho-alt (4), (5), (6) nó (11) den alt seo.
Fóráil chun srian a chur le cóipeanna sáraitheacha a allmhairiú.
1879, c. 58.
28.—(1) Féadfaidh úinéir an chóipchirt in aon saothar foilsithe litríochta, drámaíochta nó ceoil nó in aon fhuaim-thaifeadadh fógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim (dá ngairtear na Coimisinéirí san alt seo)—
(a) gurb eisean úinéir an chóipchirt sa saothar nó sa taifeadadh, agus
(b) go bhfuil sé á iarraidh ar na Coimisinéirí go ndéaleálfaidh siad, i gcaitheamh tréimhse a shonrófar san fhógra, mar earraí toirmiscthe le cóipeanna den saothar nó den taifeadadh lena mbainfidh an t-alt seo,
i slí, áfach, nach faide ná cúig bliana an tréimhse a shonrófar i bhfógra faoin bhfo-alt seo agus nach leanfaidh sí thar dheireadh na tréimhse a bheidh an cóipcheart ar substaineadh.
(2) Baineann an t-alt seo—
(b) i gcás saothair, le haon chóip chlóbhuailte agus
(b) i gcás fuaim-thaifeadta, le haon chóip,
a rinneadh lasmuigh den Stát agus, dá mba sa Stát a rinneadh í, ar chóip sháraitheach den saothar nó den taifeadadhí.
(3) I gcás ina mbeifear tar éis fógra a thabhairt faoin alt seo i leith saothair nó fuaim-thaifeadta, agus nach mbeifear tar éis é a tharraingt siar, beidh sé, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, toirmiscthe aon chóip den saothar nó den taifeadadh lena mbainfidh an t-alt seo a allmhairiú isteach sa Stát aon tráth roimh dheireadh na tréimhse a shonrófar san fhógra.
(4) Ní bhainfidh an fo-alt díreach roimhe seo den alt seo le hallmhairiú aon earra ag duine chun úsáide príobháidí agus tís aige féin.
(5) Féadfaidh na Coimisinéirí rialacháin a dhéanamh ag forordú na foirme ina dtabharfar fógraí faoin alt seo, agus á cheangal ar dhuine a thabharfaidh fógra den sórt sin, an tráth a thabharfar an fógra nó an tráth a allmhaireofar na hearraí a bheidh i gceist, nó an dá thráth sin, cibé fianaise a thabhairt do na Coimisinéirí, nó cibé coinníollacha (más ann) a chomhlíonadh a shonrófar sna rialacháin: agus féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha agus forlíontacha a mheasfaidh na Coimisinéirí a bheith fóirstineach chun críocha an ailt seo a bheith in aon rialacháin den sórt sin.
(6) Gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt díreach roimhe seo den alt seo, féadfaidh foráil a bheith i rialacháin a dhéanfar faoin bhfo-alt sin chun a cheangal ar dhuine a bhfuil fógra tugtha aige faoi fho-alt (1) den alt seo nó fógra a airbheartaíonn gur fógra faoin bhfo-alt sin é—
(a) cibé táillí a bheidh forordaithe leis na rialacháin a íoc i leith an fhógra leis na Coimisinéirí;
(b) cibé urrús a bheidh forordaithe amhlaidh a thabhairt do na Coimisinéirí, i leith aon dliteanas nó caiteachas faoina rachaidh siad de dhroim cóip den saothar nó den taifeadadh lena mbainfidh an fógra a choinneáil, aon tráth a shonrófar san fhógra, nó de dhroim aon ní a dhéanfar maidir leis an gcóip a choinneofar amhlaidh;
(c) cibé acu a thabharfar nó nach dtabharfar aon urrús den sórt sin, na Coimisinéirí a choiméad slánaithe i gcoinne aon dliteanas nó caiteachas den sórt a luaitear i mír (b) den fho-alt seo.
(7) Tabharfar cuntas i cibé slí a fhorordóidh an tAire Airgeadais in aon táillí a íocfar de bhun rialachán faoin alt seo.
(8) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha de bhun rialachán faoin alt seo.
(9) D'ainneoin aon ní atá sna hAchtanna Custam, ní dhlífear aon phionós faoi na hAchtanna sin (seachas forghéilleadh na n-earraí a chur air de dhroim go ndéileálfar de bhua an ailt seo le haon earraí mar earraí toirmiscthe.
CUID V.
Dlínse an Cheannasaí Maoine Tionscail agus Tráchtála.
Mínithe chun críocha Chuid V.
29.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo—
ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas arna dheonú ag duine nó thar ceann duine is úinéir nó úinéir ionchais ar chóipcheart is saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil, nó ar fhuaim-thaifeadadh nó craoladh teilifíse agus arb eárd é—
(a) i gcás saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil, ceadúnas chun an saothar nó athchóiriú air a thaibhiú go poiblí nó a chraoladh nó a thaifeadadh chun a chraolta, nó a chur faoi deara an saothar nó athchóiriú air a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata;
(b) i gcás fuaim-thaifeadta, ceadúnas chun a chur faoi deara é a chloisteáil go poiblí nó é a chraoladh, nó é a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata;
(c) i gcás craoladh teilifíse, ceadúnas chun a chur faoi deara é a fheiceáil go poiblí sa mhéid gur amharc-íomhánna é agus, sa mhéid gur fuaimeanna é, é a chloisteáil go poiblí.
(2) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “comhlacht ceadúnúcháin”—
(a) maidir le ceadúnas den sórt a luaitear i mír (a) den fho-alt roimhe seo den alt seo, comhlacht nó eagras eile arb é a phríomh-chuspóir nó ceann dá phríomhchuspóirí ceadúnais den sórt sin a iomairliú nó a dheonú, mar úinéir nó úinéir ionchais cóipchirt nó mar ghníomhaire d'úinéirí nó d'úinéirí ionchais cóipchirt;
(b) maidir le ceadúnais den sórt a luaitear i mír (b) den fho-alt roimhe seo den alt seo, aon duine is úinéir nó úinéir ionchais ar chóipcheart i bhfuaim-thaifeadtaí, nó aon duine nó comhlacht daoine ag gníomhú mar ghníomhaire d'aon daoine is úinéirí nó úinéirí ionchais ar chóipcheart maidir le ceadúnais den sórt sin a iomairliú nó a dheonú; agus
(c) maidir le ceadúnais den sórt a luaitear i mír (c) den fho-alt roimhe seo den alt seo, Radio Éireann nó aon eagras arna cheapadh ag Radio Éireann chun ceadúnais a iomairliú nó a dheonú i leith an chóipchirt i gcraoltaí teilifíse sa mhéid go mbaineann an cóipcheart leis na gníomhartha a shonraítear i mír (c) d'fho-alt (5) d'alt 19 den Acht seo.
(3) Ní bhainfidh mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo le heagras mar gheall ar gur cuid dá chuspóirí ceadúnais aonair a iomairliú agus a dheonú ar le saothar aonair nó le saothair údair aonair a bhaineann gach ceadúnas acu, mura cuid de na cuspóirí sin ceadúnais ghinearálta a iomairliú agus a dheonú, agus réim ag gach ceadúnas acu maidir le saothair údar iomaí.
(4) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “scéim ceadúnas”, maidir le ceadúnais d'aon sórt, scéim arna déanamh ag comhlacht ceadúnúcháin amháin nó níos mó, ag leagan amach na n-aicmí cásanna ina bhfuil siad féin, nó na daoine a bhfuil siad ag gníomhú thar a gceann, toilteanach ceadúnais den sórt sin a dheonú, agus na dtáillí (más aon táille é), agus na dtéarmaí agus an gcoinníollacha, ar faoina réir a dheonófaí ceadúnais sna haicmí sin cásanna; agus san fho-alt seo folaíonn “scéim” aon ní mar bheadh scéim ann cibé acu scéim nó tairif nó ainm éigin eile a thugtar air ann.
(5) Sa Chuid seo den Acht seo—
(a) na tagairtí do théarmaí agus coinníollacha is tagairtí iad do théarmaí agus coinníollacha seachas iad siúd a bhaineann le méid muirir le haghaidh ceadúnais; agus
(b) na tagairtí do chaoi a thabhairt do dhuine a chás a phlé is tagairtí iad do chaoi a thabhairt dó, mar is rogha leis, uiríolla i scríbhinn a chur isteach, nó éisteacht a fháil, nó uiríolla i scríbhinn a chur isteach agus éisteacht a fháil.
Forálacha ginearálta maidir le dlínse an Cheannasaí.
30.—Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh dlínse ag an gCeannasaí cinneadh a dhéanamh ar dhíospóidí a éireoidh idir comhlachtaí ceadúnúcháin agus daoine a mbeidh ceadúnais ag teastáil uathu, nó comhlachtaí a bheidh a éileamh gur ionadaithe do dhaoine don sórt sin iad—
(a) ar scéim ceadúnas a tharchur chun an Cheannasaí, nó
(b) ar iarratas ó dhuine a dteastaíonn ceadúnas uaidh de réir scéime ceadúnas nó i gcás nach mbaineann scéim ceadúnas leis.
An Ceannasaí do chinneadh ábhar áirithe a bhaineann le ríchíosanna faoi alt 13 agus le luach saothair faoi ailt 17 agus 48.
31.—(1) I gcás ina n-éireoidh díospóid idir an monaróir agus duine is úinéir ar choipcheart i saothar ceoil i dtaobh méid an ríchíosa is iníoctha ag an monaróir faoi mhír (d) d'fho-alt (1) d'alt 13 den Acht seo i leith an saothar a thaifeadadh, féadfaidh ceachtar páirtí an díospóid a tharchur chun an Cheannasaí agus breithneoidh seisean an cás agus cinnfidh sé méid an ríchiósa is iníoctha amhlaidh, nó tarchuirfidh sé an cás chun eadránaí de bhun forálacha alt 41 den Acht seo chun an cinneadh sin a dhéanamh.
(2) I gcás ina mbeidh ríchíos is iníoctha faoi alt 13 den Acht seo le leithroinnt faoi fho-alt (3) nó (5) den alt seo, breithneoidh an Ceannasaí an cás mura gcomhaontóidh na daoine ag a mbeidh teideal chun an ríchíosa, nó tarchuirfidh sé an cás chun eadránaí de bhun forálacha alt 41 den Acht seo, chun an cinneadh sin a dhéanamh air.
(3) I gcás ina n-éireoidh díospóid idir duine a chuirfidh faoi deara fuaim-thaifeadadh, nó aon atáirgeadh air, a chloisteáil go poiblí, nó a chraoladh, agus úinéir an chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa taifeadadh i dtaobh an luach saothair cothromasach is iníoctha faoi mhír (b) d'fho-alt (4) d'alt 17 den Acht seo i leith an taifeadta, féadfaidh ceachtar páirtí an díospóid a tharchur chun an Cheannasaí agus breithneoidh seisean an cás agus cinnfidh sé méid an luach saothair is iníoctha amhlaidh, nó tarchuirfidh sé an cás chun eadránaí de bhun forálacha alt 41 den Acht seo, chun an cinneadh sin a dhéanamh air.
(4) I gcás ina n-éireoidh díospóid idir duine is úinéir ar cheart chun saothar ceoil i scannán cineamatagrafach a chraoladh agus Radio Éireann, i dtaobh an luach saothair cothromasach is iníoctha faoi fho-alt (2) d'alt 48 den Acht seo i leith an tsaothair féadfaidh ceachtar páirtí an díospóid a tharchur chun an Cheannasaí agus breithneoidh seisean an cás agus cinnfidh sé méid an luach saothair is iníoctha amhlaidh, nó tarchuirfidh sé an cás chun eadránaí de bhun forálacha alt 41 den Acht seo, chun an cinneadh sin a dhéanamh air.
Scéimeanna ceadúnas a tharchur chun an Cheannasaí.
32.—(1) Má éiríonn díospóid, aon tráth a bheidh scéim ceadúnas i ngníomh, i dtaobh na scéime idir an comhlacht ceadúnúcháin a bheidh ag oibriú na scéime agus—
(a) eagras a bheidh á éileamh go bhfuil sé ionadaitheach do dhaoine a dteastaíonn ceadúnais uathu i gcásanna d'aicme lena mbaineann an scéim, nó
(b) aon duine a bheidh á éileamh go dteastaíonn ceadúnas uaidh i gcás d'aicme lena mbaineann an scéim,
féadfaidh an t-eagras nó an duine lena mbainfidh an scéim a tharchur chun an Cheannasaí sa mhéid go mbaineann sí le cásanna den aicme sin.
(2) Is iad a bheidh ina bpáirtithe i scéim ceadúnas a tharchur chun an Cheannasaí faoin alt seo—
(a) an t-eagras nó an duine a thionscnóidh an tarchur,
(b) an comhlacht ceadúnúcháin a bheidh ag oibriú na scéime lena mbainfidh an tarchur, agus
(c) cibé eagrais nó daoine eile (más ann) a iarrfaidh ar an gCeannasaí páirtithe sa tarchur a dhéanamh díobh agus a ndéanfar, de réir an fho-ailt díreach ina dhiaidh seo den alt seo, páirtithe sa tarchur díobh.
(3) I gcás ina n-iarrfaidh eagras (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh sé á éileamh go bhfuil sé ionadaitheach do dhaoine a dteastaíonn nó nach dteastaíonn ceadúnais uathu) nó duine (cibé acu a theastaíonn nó nach dteastaíonn ceadúnas uaidh) ar an gCeannasaí páirtí sa tarchur a dhéanamh de, agus gur deimhin leis an gCeannasaí go bhfuil leas substainteach ag an eagras nó ag an duine san ábhar a bheidh faoi dhíospóid, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, páirtí sa tarchur a dhéanamh den eagras nó den duine sin.
(4) Ní thabharfaidh an Ceannasaí aird ar scéim ceadúnas a tharchur chuige faoin alt seo ag eagras mura deimhin leis go bhfuil an t-eagras réasúnta ionadaitheach don aicme daoine a n-éilíonn an t-eagras gur ionadaí dóibh é.
(5) Faoi réir an fho-ailt deiridh roimhe seo den alt seo, déanfaidh an Ceannasaí, ar aon tarchur a dhéanamh faoin alt seo, an t-ábhar faoi dhíospóid a bhreithniú, agus, tar éis caoi a thabhairt do na páirtithe sa tarchur a gcásanna faoi seach a phlé, cibé ordú, ag daingniú nó ag athrú na scéime, sa mhéid go mbainfidh sí le cásanna den aicme lena mbainfidh an tarchur, mar a chinnfidh an Ceannasaí a bheith réasúnach sna himthosca.
(6) Aon ordú a dhéanfaidh an Ceannasaí faoin alt seo, féadfaidh sé, d'ainneoin aon ní sa scéim ceadúnas lena mbainfidh an t-ordú, é a dhéanamh ar shlí go mbeidh sé i bhfeidhm gan teorainn aimsire leis nó go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an Ceannasaí.
(7) I gcás ina mbeidh scéim ceadúnas tarchurtha chun an Cheannasaí faoin alt seo, ansin d'ainneoin aon ní sa scéim, ach faoi réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo—
(a) leanfaidh an scéim i ngníomh go dtí go mbeidh ordú déanta ag an gCeannasaí de bhun an tarchurtha, agus
(b) tar éis an t-ordú a bheith déanta, leanfaidh an scéim i ngníomh, sa mhéid go mbainfidh sí leis an aicme cásanna ar ina leith a rinneadh an t-ordú, an fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm.
(8) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt seo maidir le tarchur i leith aon tréimhse tar éis an tarchur a tharraingt siar, nó a urscaoileadh de bhua fo-alt (4) den alt seo.
Scéim a tharchur chun an Cheannasaí in athuair.
33.—(1) I gcás ina mbeidh an Ceannasaí tar éis ordú a dhéanamh faoin alt deiridh roimhe seo maidir le scéim ceadúnas, ansin, faoi réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt seo, aon tráth a bheidh an t-ordú i bhfeidhm—
(a) féadfaidh an comhlacht ceadúnúcháin a bheidh ag oibriú na scéime, nó
(b) aon eagras a bheidh á éileamh go bhfuil sé ionadaitheach do dhaoine a dteastaíonn ceadúnais uathu i gcásanna den aicme lena mbaineann an t-ordú, nó
(c) aon duine a bheidh á éileamh go dteastaíonn ceadúnas uaidh i gcás den aicme sin,
an scéim a tharchur chun an Cheannasaí arís sa mhéid go mbaineann sí le cásanna den aicme sin.
(2) Achamháin le cead speisialta an Cheannasaí, ní tharchuirfear scéim ceadúnas chuige arís faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt seo tráth is luaithe ná—
(a) deireadh na tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an dáta a rinneadh an t-ordú a bheidh i gceist, i gcás ordú a rinneadh ar shlí go mbeadh sé i bhfeidhm gan teorainn aimsire leis nó go ceann tréimhse níos faide ná cúig mhí dhéag, nó
(b) tosach na tréimhse trí mhí dar críoch dáta éaga an ordaithe, i gcás ordú a rinneadh ar shlí go mbeadh sé i bhfeidhm go ceann cúig mhí dhéag nó níos lú.
(3) Is iad a bheidh ina bpáirtithe i dtarchur faoin alt seo—
(a) an comhlacht ceadúnúcháin, an t-eagras nó an duine a thionscnóidh an tarchur;
(b) an comhlacht ceadúnúcháin a bheidh ag oibriú na scéime lena mbainfidh an tarchur, murab iad a thionscnóidh an tarchur; agus
(c) cibé eagrais nó daoine eile (más ann) a iarrfaidh ar an gCeannasaí páirtithe sa tarchur a dhéanamh díobh agus a ndéanfar, de réir na bhforálacha is infheidhmithe chuige sin de bhua fo-alt (5) den alt seo, páirtithe sa tarchur díobh.
(4) Faoi réir an fho-ailt sin (5), déanfaidh an Ceannasaí, ar aon tarchur a dhéanamh faoin alt seo, an t-ábhar faoi dhíospóid a bhreithniú agus tar éis caoi a thabhairt do na páirtithe sa tarchur a gcásanna faoin seach a phlé, cibé ordú maidir leis an scéim arna daingniú nó arna hathrú roimhe sin, sa mhéid go mbainfidh sí le cásanna den aicme a bheidh i gceist, tríd an scéim a dhaingniú, a athrú, nó a athrú tuilleadh, mar a chinnfidh an Ceannasaí a bheith réasúnach sna himthosca.
(5) Beidh feidhm chun críocha an ailt seo ag fo-ailt (3), (4), (6) agus (7) den alt deiridh roimhe seo den Acht seo.
(6) Beidh éifeacht maidir le horduithe faoin alt seo ag na forálacha roimhe seo den alt seo mar atá éifeacht acu maidir le horduithe faoin alt deiridh roimhe seo den Acht seo.
(7) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a choisceann scéim ceadúnas, a mbeidh ordú déanta roimhe sin ina leith faoin alt deiridh roimhe seo den Acht seo, a tharchur chun an Cheannasaí arís faoin alt sin—
(a) aon tráth, sa mhéid go mbaineann an scéim le cásanna d'aicme nach mbaineann an t-ordú léi, nó
(b) tar éis éag don ordú, sa mhéid go mbaineann an scéim le cásanna den aicme lenar bhain an t-ordú nuair a a bhí sé i bhfeidhm.
Iarratais chun an Cheannasaí.
34.—(1) Chun críocha na Coda seo den Acht seo agus faoi réir forálacha fo-alt (2) den alt seo, measfar cás a bheith faoi réim scéim ceadúnas dá ndéanfaí, de réir scéim ceadúnas a bheadh i ngníomh de thuras na huaire, ceadúnais a dheonú i gcásanna den aicme lena mbaineann an cás sin.
(2) Má tharlaíonn, de réir forálacha scéime ceadúnas—
(a) go mbeadh na ceadúnais a dheonófaí amhlaidh faoi réir téarmaí agus coinníollacha trína mbeadh ábhair áirithe eiscthe ó na ceadúnais, agus
(b) go mbainfidh an cás a bheidh i gceist le hábhar amháin nó níos mó lena mbainfidh eisceacht den sórt sin,
measfar nach bhfuil an cás faoi réim na scéime.
(3) Aon duine a bheidh á éileamh, i gcás a bheidh faoi réim scéim ceadúnas, gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh an t-údarás ceadúnúcháin a bhí ag oibriú na scéime ceadúnas a dheonú dó de réir forálacha na scéime nó a chur faoi deara ceadúnas den sórt sin a dheonú dó, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun an Cheannasaí faoin alt seo.
(4) Aon duine a bheidh á éileamh go dteastaíonn ceadúnas uaidh i gcás nach dtagann faoi réim scéim ceadúnas, agus—
(a) gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh an comhacht ceadúnúcháin an ceadúnas a dheonú nó a chur faoi deara é a dheonú, agus gur míréasúnach sna himthosca nach ndeonófaí an ceadúnas, nó
(b) go bhfuil aon mhuirir, téarmaí nó coinníollacha a mbeartaíonn an comhlacht ceadúnúcháin gur faoina réir a dheonófaí an ceadúnas míréasúnach,
féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun an Cheannasaí faoin alt seo.
(5) I gcás ina n-iarrfaidh eagras (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh sé á éileamh go bhfuil sé ionadaitheach do dhaoine a dteastaíonn nó nach dteastaíonn ceadúnais uathu) nó duine (cibé acu a theastaíonn nó nach dteastaíonn ceadúnas uaidh) ar an gCeannasaí páirtí in iarratas faoi na forálacha roimhe seo den alt seo a dhéanamh de, agus gur deimhin leis an gCeannasaí go bfhuil leas substainteach ag an eagras nó ag an duine san ábhar a bheidh faoi dhíospóid, féadfaidh an Ceannasaí, más oiriúnach leis, páirtí san iarratas a dhéanamh den eagras nó den duine.
(6) Ar aon iarratas faoi fho-alt (3) nó fo-alt (4) den alt seo a fháil, tabharfaidh an Ceannasaí don iarratasóir agus don chomhlacht ceadúnúcháin a bheidh i gceist agus do gach páirtí eile (más ann) san iarratas caoi ar a gcásanna faoi seach a phlé; agus, más deimhin leis an gCeannasaí bonn maith a bheith le héileamh an iarratasóra, déanfaidh an Ceannasaí ordú á dhearbhú, maidir leis na hábhair a shonrófar san ordú, go bhfuil teideal ag an iarratasóir chun ceadúnais ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus faoi réir cibé muirir (más ann) a íoc—
(a) a chinnfidh an Ceannasaí, i gcás iarratas faoi fho-alt (3) den alt seo, a bheith infheidhmithe de réir na scéime ceadúnas, nó
(b) a chinnfidh an Ceannasaí a bheith réasúnach sna himthoscaí i gcás iarratas faoi fho-alt (4) den alt seo.
(7) Déanfar aon tagairt san alt seo do mhainneachtain ceadúnas a dheonú nó a chur faoi deara ceadúnas a dheonú a fhorléiriú mar thagairt do mhainneachtain ceadúnas a dheonú, nó a chur faoi deara ceadúnas a dheonú, laistigh d'am réasúnach tar éis iarratas a fháil é sin a dhéanamh.
Rialacha nós imeachta.
35.—(1) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh i dtaobh imeachtaí os comhair an Cheannasaí i gcás tarchuir agus iarratais chun an Cheannasaí faoin Acht seo.
(2) Féadfaidh rialacha faoin alt seo baint a bheith acu le himeachtaí den sórt sin i gcoitinne nó le himeachtaí i leith tarchur nó iarratas chun an Cheannasaí faoi aon fhoráil nó forálacha áirithe den Acht seo a shonrófar sna rialacha.
(3) Seolfar na himeachtaí réamhráite de réir na rialacha iomchuí (más ann) faoin alt seo.
Táillí.
1879, c. 58.
36.—(1) Muirearóidh an Ceannasaí agus íocfar i leith tarchuir agus iarratais chuige faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo agus i leith ábhair eile a bhainfidh leis an gcéanna, cibé táillí a fhorordófar ó am go ham le rialacha a dhéanfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
(2) Déanfar na táillí go léir a mhuirearóidh an Ceannasaí faoin alt seo a bhailiú, agus tabharfar cuntas iontu, i cibé slí a fhorordófar le rialacha a dhéanfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
(3) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoin alt seo.
Cumhacht an Cheannasaí chun costais a dhámhachtain.
37.—In aon imeachtaí os a chomhair faoin Acht seo, beidh cumhacht ag an gCeannasaí cibé costais i leith na n-imeachtaí sin a mheasfaidh sé a bheith réasúnach a dhámhachtain, le hordú, d'aon pháirtí nó páirtithe sna himeachtaí sin, agus a threorú cad é an páirtí nó cad iad na páirtithe a íocfaidh iad agus conas a íocfar iad agus féadfar riail chúirte a dhéanamh d'aon ordú den sórt sin.
Measúnóirí a cheapadh.
38.—(1) In aon imeachtaí os a chomhair faoin Acht seo, féadfaidh an Ceannasaí, más oiriúnach leis, agus déanfaidh sé, ar na páirtithe uile sna himeachtaí á iarraidh sin, measúnóir a cheapadh ag a mbeidh cáilíochtaí speisialta maidir le gach ceist nó aon cheist a éireoidh sna himeachtaí chun cabhrú leis ag breithniú na gceisteanna sin dó.
(2) Íocfaidh an Ceannasaí le measúnóir a cheapfaidh sé faoin alt seo cibé luach saothair (más aon luach saothair é) a fhorordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
Eifeacht orduithe ón gCeannasaí.
39.—(1) I gcás ina mbeidh ordú a rinneadh ar tharchur faoin gCuid seo den Acht seo maidir le scéim ceadúnas i bhfeidhm de thuras na huaire, aon duine a dhéanfaidh, i gcás a bheidh faoi réim na scéime arna daingniú nó arna hathrú leis an ordú, aon ní—
(a) arb shárú cóipchirt é ar leith ón alt seo, ach
(b) nár shárú den sórt sin é dá mba shealbhóir é ar cheadúnas a deonaíodh de réir na scéime, arna daingniú nó arna hathrú leis an ordú, sa mhéid go mbaineann an scéim le cásanna atá ar áireamh san ordú,
beidh sé, má bhíonn na ceanglais a shonraítear sa chéad fho-alt eile comhlíonta aige, sa chor céanna, in aon imeachtaí mar gheall ar an gcóipcheart sin a shárú, ionann is dá mba shealbhóir ar cheadúnas den sórt sin é an tráth ábhartha.
(2) Is iad na ceanglais sin—
(a) go raibh, gach tráth ábhartha, na téarmaí agus na coinníollacha comhlíonta ag an duine sin a bheadh, de réir na scéime ceadúnas arna daingniú nó arna hathrú leis an ordú, infheidhmithe maidir le ceadúnas a dtagann an cás a bheidh i gceist faoina réim, agus
(b) más rud é, de réir na scéime arna daingniú nó arna hathrú amhlaidh, gurb iníoctha aon mhuirir i leith ceadúnais den sórt sin, go raibh, an tráth á bhartha, na muirir sin íoctha aige leis na údarás ceadúnúcháin a bhí ag oibriú na scéime, nó, má bhí aon tráth nárbh fhéidir an méid ab iníoctha a chinneadh, go raibh gealltanas tugtha aige don chomhlacht ceadúnúcháin muirir a íoc nuair a dhéanfaí amach iad.
(3) I gcás ina mbeidh an Ceannasaí tar éis ordú a dhéanamh faoi alt 34 den Acht seo á dhearbhú go bhfuil duine i dteideal ceadúnais i leith aon á bhar a bheidh sonraithe san ordú, ansin más rud é—
(a) go mbeidh na téarmaí agus na coinníollacha a bheidh sonraithe san ordú comhlíonta ag an duine sin, agus
(b) i gcás ina gceanglaíonn an t-ordú muirir a íoc, go mbeidh na muirir sin íoctha aige leis an gcomhlacht ceadúnúcháin de réir an ordaithe, nó, má fhorálann an t-ordú amhlaidh, go mbeidh gealltanas tugtha aige don chomhlacht ceadúnúcháin na muirir sin a íoc nuair a bheidh siad déanta amach,
beidh sé sa chor céanna, in aon imeachtaí mar gheall ar shárú cóipchirt a bhainfidh le haon cheann de na hábhair sin, ionann is dá mba shealbhóir é gach tráth ábhartha, ar cheadúnas a dheonaigh úinéir an chóipchirt a bheidh i gceist ar na téarmaí agus na coinníollacha a bheidh sonraithe san ordú,
(4) Ag feidhmiú a dhlínse dó i leith ceadúnas a bhainfidh le craolta teilifíse, tabharfaidh an Ceannasaí aird (i dteannta ábhar eile) ar aon choinníollacha a chuir bunaitheoirí aon tsiamsa nó dálais eile a bheidh sna craolta; agus, go háirithe, ní ghlacfaidh an Ceannasaí aige gur mhíréasúnach a dhiúiltú nó a mhainneachtain ceadúnas a dheonú mura bhféadfaí é a dheonú i gcomhréir leis na coinníollacha sin.
(5) Ní cheanglóidh aon ní san fho-alt deiridh roimhe seo den alt seo ar an gCeannasaí aird a thabhairt ar aon choinníollacha den sórt a luaitear san fho-alt sin sa mhéid go n-uirchiallóidh siad rialáil a dhéanamh ar na muirir a fhorchuirfear i leith ceadúnas a dheonú, nó sa mhéid go mbainfidh siad le híocaíochtaí a íocfar le bunaitheoirí aon dálais i gcomaoin saoráidí craolta a dheonú.
(6) Más rud é, ar tharchur a dhéanamh chun an Cheannasaí faoin gCuid seo den Acht seo—
(a) go mbainfidh an tarchur le ceadúnais i leith cóipchirt i bhfuaim-thaifeadta nó i gcraolta teilifíse, agus
(b) gur deimhin leis an gCeannasaí go bhfuil aon cheann de na ceadúnais a bheidh i gceist ag teastáil chun críocha eagras den sórt a luaitear i mír (b) d'fho-alt (8) d'alt 17 den Acht seo,
féadfaidh an Ceannasaí, más oiriúnach leis, a chumhachtaí faoin gCuid seo den Acht seo a fheidhmiú ionas go laghdóidh sé i gcás na n-eagras sin, a mhéid is oiriúnach leis, na muirir a chinnfidh sé i gcoitinne a bheith réasúnach maidir le cásanna den aicme lena mbainfidh an tarchur, nó, más oiriúnach leis an gCeannasaí, ionas go ndíolmhóidh sé na heagrais sin ó aon mhuirir den sórt sin a íoc.
(7) Beidh éifeacht ag an bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt seo, agus é modhnaithe mar i gá, maidir le hiarratais faoin gCuid seo den Acht seo mar atá éifeacht aige maidir le tarchuir faoin gcéanna.
(8) Maidir le cóipcheart i saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil, folaíonn aon tagairt san alt seo d'imeachtaí mar gheall ar chóipcheart a shárú tagairt d'imeachtaí a thionscnamh de bhua fo-alt (8) d'alt 27 den Acht seo.
Achomharc chun na hArd-Chúirte.
40.—(1) Beidh ábhar achomhairc ann chun na hArd-Chúirte ó aon ordú nó breith de chuid an Cheannasaí ar aon tarchur nó iarratas a rinneadh chuige faoi aon fhoráil den Acht seo, agus féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú a dhéanamh is oiriúanch léi ag daingniú, ag neamhniú nó ag athrú an ordaithe nó na breithe de chuid an Cheannasaí.
(2) Faoi réir fo-alt (3) den alt seo, is breith chríochnaitheach nach inachomhairc breith na hArd-Chúirte faoin alt seo.
(3) Le cead na hArd-Chúirte, beidh ábhar achomhairc ann chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí ó bhreith de chuid na hArd-Chúirte faoin alt seo.
Cásanna díospóide a tharchur chun eadrána.
41.—(1) I gcás aon díospóide a tharchuirfear chun an Cheannasaí faoi alt 13, alt 17 nó alt 48 den Acht seo, féadfaidh an Ceannasaí tráth ar bith—
(a) má thoilíonn na páirtithe sa díospóid chuige, nó
(b) más gá sa chás aon scrúdú fada a dhéanamh ar dhoiciméid nó fiosrú fada eile nach bhféadfaí, i dtuairim an Cheannasaí, a dhéanamh go caothúil os a chomhair féin,
a ordú an cás a tharchur chun eadránaí ar a gcomhaontóidh na páirtithe, nó, mura gcomhaontóidh siad air, a cheapfaidh an Ceannasaí.
(2) An dámhachtain a dhéanfaidh an t-eadránaí in aon chás a tharchuirfear chuige faoin alt seo, is dámhachtain chríochnaitheach a bheidh inti agus beidh sí ina ceangal ar na páirtithe má thoilíonn na páirtithe sa díospóid leis an tarchur.
(3) Beidh ábhar achomhairc ann chun na hArd-Chúirte ó aon dámhachtain a dhéanfaidh an t-eadránaí de bhun tarchuir faoin alt seo nár thoiligh na páirtithe sa díospóid leis agus féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú a dhéanamh is oiriúnach léi ag daingniú, ag neamhniú nó ag athrú dámhachtain an eadránaí.
(4) Faoi réir fo-alt (5) den alt seo, is breith chríochnaitheach nach inachomhairc breith na hArd-Chúirte faoin alt seo.
(5) Le cead na hArd-Chúirte, beidh ábhar achomhairc ann chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí ó bhreith na hArd-Chúirte faoin alt seo.
Féadfaidh an Ceannasaí dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne.
42.—Féadfaidh an Ceannasaí, má éiríonn amhras nó deacracht i ndáil le haon cheann d'fhorálacha an Achta seo a riaradh, comhairle i dtaobh an ábhair a iarraidh ar an Ard-Aighne.
CUID VI.
An tAcht a Fheidhmiú i leith Tíortha Eile.
Cumhacht chun sochar an Achta a thabhairt do thíortha eile.
43.—(1) Féadfaidh an Rialtas le hordú socrú a dhéanamh chun aon cheann d'fhorálacha an Achta seo a shonrófar san ordú a fheidhmiú chun sochair tíre eile, in aon slí amháin nó níos mó acu seo a leanas, chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag na forálacha sin—
(a) maidir le saothair litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne, fuaim-thaifeadta, scannáin chineamatagrafacha nó eagráin a céadfhoilsíodh sa tír sin mar atá feidhm acu maidir le saothair litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne, fuaim-thaifeadta, scannáin chineamatagrafacha nó eagráin a céadfhoilsíodh as Stát;
(b) maidir le daoine ar saoránaigh nó géillsinigh de chuid na tíre sin iad tráth ábhartha mar atá feidhm acu maidir le daoine ar saoránaigh d'Éirinn iad an tráth sin;
(c) maidir le daoine a bhfuil, tráth ábhartha, sainchónaí nó cónaí orthu sa tír sin mar atá feidhm acu maidir le daoine ar sa Stát atá sainchónaí nó cónaí orthu an tráth sin;
(d) maidir le comhlachtaí a corpraíodh faoi dhlíthe na tíre sin mar atá feidhm acu maidir le comhlachtaí a corpraíodh faoi dhlíthe an Stáit;
(e) maidir le craolta teilifíse agus fuaim-chraolta ó áiteanna sa tír sin ag eagras amháin nó níos mó a bunaíodh sa tír sin nó faoi dhlíthe na tíre sin mar atá feidhm acu maidir le craolta teilifíse nó fuaim-chraolta ó áiteanna sa Stát ag Radio Éireann.
(2) Féadfaidh aon ordú faoin alt seo—
(a) na forálacha sin atá i gceist a fheidhmiú mar a luaitear san fho-alt sin roimhe seo ach sin faoi réir na n-eisceachtaí nó na modhnuithe a shonrófar san ordú;
(b) a ordú go mbeidh feidhm amhlaidh i gcoitinne nó maidir le cibé aicmí saothar nó ábhair eile nó aicmí cásanna a shonrófar san ordú ag na forálacha atá i gceist.
(3) Ní dhéanfaidh an Rialtas ordú faoin alt seo ag feidhmiú aon cheann d'fhorálacha an Achta seo i leith aon tíre nach páirtí i gCoinbhinsiún a bhaineann le cóipcheart agus ar páirtí ann an Stát freisin, mura deimhin leis an Rialtas, i leith na haicme saothar nó an ábhair eile lena mbaineann na forálacha sin, go bhfuil socrú déanta, nó go ndéanfar socrú, faoi dhlíthe na tíre sin trína dtabharfar cosaint dhóthanach d'úinéirí cóipchirt faoin Acht seo.
(4) Féadfaidh an Rialtas le hordú ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.
Cóipcheart i bhfoilseacháin de chuid eagras idirnáisiúnta áirithe.
44.—(1) Baineann an t-alt seo leis na heagrais seo a leanas, is é sin, na Náisiúin Aontaithe agus a gcuid organ, agus na gníomhaireachtaí saineolacha atá ag gabháil leo, Eagras na Stát Meiriceánach agus aon eagras idirnáisiúnta eile a shonrófar in ordú faoi fho-alt (6) den alt seo.
(2) I gcás saothar is saothar bunaidh litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne nó fuaim-thaifeadadh nó scannán cineamatagrafach a dhéanamh ag eagras lena mbaineann an t-alt seo, nó faoi threorú, nó faoi rialú eagrais den sórt sin in imthosca de shórt—
(a) nach mbeadh cóipcheart ar substaineadh sa saothar ar leith ón bhfo-alt seo, ach
(b) dá mba shaoránach Éireannach údar nó déantóir an tsaothair an tráth a rinneadh é, go mbeadh cóipcheart sa saothar díreach tar éis a dhéanta agus go ndílseodh sé ar sin don eagras,
go mbeidh cóipcheart ar substaineadh sa saothar ionann is dá mba shaoránach Éireannach an t-údar nó an déantóir nuair a rinneadh an saothar, leanfaidh an cóipcheart sin ar substaineadh an fad a bheidh an saothar gan foilsiú, agus, faoi réir forálacha an Achta seo, beidh teideal chun an chóipchirt sin ag an eagras.
(3) I gcás saothar is saothar bunaidh litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne nó fuaim-thaifeadadh nó scannán cineamatagrafach a chéadfhoilsiú ag eagras lena mbaineann an t-alt seo nó faoi threorú nó faoi rialú eagrais den sórt sin, in imthosca de shórt nach mbeidh, ar leith ón bhfo-alt seo, cóipcheart ar substaineadh sa saothar díreach tar éis a chéadfhoilsithe, agus—
(a) go bhfoilseofar an saothar amhlaidh de bhun comhaontú leis an údar nó an déantóir nach bhforcoimeádann don údar nó don déantóir an cóipcheart (más ann) sa saothar, nó
(b) go ndearnadh an saothar in imthosca de shórt go mbeadh teideal chun an chóipchirt sa saothar ag an eagras dá mba sa Stát a céadfhoilsíodh é,
ar shlí go mbeidh cóipcheart ar substaineadh sa saothar (nó, má bhí cóipcheart ar substaineadh sa saothar díreach sular céadfhoilsíodh é, go leanfaidh sé ar substaineadh) ionann is dá mba sa Stát a céadfhoilsíodh é, leanfaidh an cóipcheart sin ar substaineadh go dtí deireadh na tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a céadfhoilsíodh é agus faoi réir forálacha an Achta seo beidh teideal chun an chóipchirt sin ag an eagras.
(4) Beidh feidhm ag forálacha Chodanna II agus III den Acht seo, cé is moite díobh siúd a bhaineann le substaineadh, ré nó úinéireacht cóipchirt, maidir le cóipcheart a bheidh ar substaineadh de bhua an ailt seo mar atá feidhm acu maidir le cóipcheart agus é ar substaineadh de bhua na bhforálacha sin.
(5) Aon eagras lena mbaineann an t-alt seo nach bhfuil aige, nó nach raibh aige tráth á bhartha éigin eile ar shlí eile, inniúlachtaí dlíthiúla comhlachta chorpraithe, beidh aige, agus measfar go raibh aige gach tráth á bhartha, inniúlachtaí dlíthiúla comhlachta chorpraithe chun cóipcheart a shealbhú agus a chur i bhfeidhm agus chun déileáil le cóipcheart agus i ndáil le gach imeacht dlithiúil a bhaineann le cóipcheart.
(6) Féadfaidh an Rialtas, más oiriúnach leis, le hordú a ordú go mbainfidh forálacha fo-ailt (2), (3), (4) agus (5) den alt seo le cibé eagrais idirnáisiúnta a shonrófar san ordú.
(7) Féadfaidh an Rialtas le hordú ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.
Feidhm forálacha a bhaineann le craolta a leathnú.
45.—(1) Féadfaidh an Rialtas le hordú a fhoráil go mbeidh, faoi réir cibé eisceachtaí agus modhnuithe (más ann) a shonrófar san ordú, ag na forálacha sin den Acht seo a bhaineann le craolta teilifíse nó le fuaim-chraolta agus a shonrófar amhlaidh feidhm maidir le gléas teileagrafaíochta neamhshreangaí a oibriú trí fhuinneamh leictreamhaighnéadach a astú (i gcontráracht lena ghlacadh)—
(a) ag cibé daoine nó aicme daoine, seachas Radio Éireann, a shonrófar san ordú, agus
(b) chun cibé críocha (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh craoladh ar áireamh) a shonrófar amhlaidh,
mar atá feidhm acu maidir le craoltaí teilifise, nó, de réir mar a bheidh, le fuaim-chraoltaí ag Radio Éireann.
(2) Féadfaidh an Rialtais le hordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.
Cóipcheart a shéanadh ar shaoránaigh tíortha nach dtugann cosaint dhóthanach do shaothair Éireannacha.
46.—(1) Má fheictear don Rialtas go bhfuil tír ann nach dtugann a dlíthe cosaint dhóthanach do shaothair Éireannacha lena mbaineann an t-alt seo nó nach dtugann siad an chosaint sin i gcás aicme amháin nó níos mó de shaothair den sórt sin (cibé acu a bhaineann an díth cosanta sin le cineál an tsaothair nó le tír an údair nó leis an dá ní sin), féadfaidh an Rialtas ordú a dhéanamh ag ainmniú na tíre sin agus ag déanamh na forála, sin ina leith a luaitear sna forálacha seo a leanas den alt seo.
(2) Forálfaidh ordú faoin alt seo nach mbeidh, i gcoitinne nó i cibé aicmí cásanna a shonrófar san ordú, cóipcheart faoin Acht seo ar substaineadh i saothair lena mbainfidh an t-alt seo a céadfhoilsíodh tar éis dáta a shonrófar san ordú más é a bhí in údair na saothar an tráth a céadfhoilsíodh iad—
(a) saoránaigh nó géillsinigh de chuid na tíre a bheidh ainmnithe leis an ordú agus nach daoine a raibh an tráth sin sainchónaí nó cónaí orthu sa Stát, nó
(b) comhlachtaí a corpraíodh faoi dhlíthe na tíre a bheidh ainmnithe leis an ordú.
(3) Nuair a dhéanfar ordú faoin alt ag an Rialtas tabharfaidh sé aird ar an saghas cosanta, agus ar mhéid na díthe cosanta, do shaothair Éireannacha ar dá droim a dhéanfar an t-ordú.
(4) Baineann an t-alt seo leis na saothair seo a leanas, is é sin le rá, saothair litríochta, drámaíochta, ceoil agus ealaíne, fuaim-thaifeadta agus scannáin chineamatagrafacha.
(5) Féadfaidh an Rialtas le hordú ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.
(6) San alt seo—
ciallaíonn “saothar Éireannach” saothar ar dhuine cáilithe chun críocha na forlála iomchuí den Acht seo na t-údar an tráth a rinneadh an saothar;
ciallaíonn “údar”, maidir le fuaim-thaifeadadh nó scannán cineamatagrafach, déantóir an taifeadta nó an scannáin;
ciallaíonn “na forála iomchuí den Acht seo”, maidir le saothair litríochta, drámaíochta agus ceoil, alt 8, maidir le saothair ealaíne alt 9, maidir le fuaim-thaifeadta, alt 17, agus, maidir le scannáin chineamatagrafacha, alt 18, den Acht seo.
CUID VII.
Forálacha Ilghnéitheacha agus Forálacha Forlíontacha.
Sannadh agus ceadúnais i leith cóipchirt.
47.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh cóipcheart intarchurtha trí shannadh, trí dhiúscairt tiomnach, nó trí oibriú dlí, mar mhaoin phearsanta nó maoin so-chorraithe.
(2) Féadfar sannadh cóipchirt a theorannú i slí ar bith acu seo a leanas, nó in aon teaglaim de shá shlí nó níos mó acu sin, is é le rá—
(a) chun go mbeidh feidhm aige maidir le haicme amháin nó níos mó, ach gan feidhm a bheith aige maidir le gach aicme, de na gníomhartha atá de cheart eisiatach de bhua an Achta seo ag úinéir an chóipchirt a dhéanamh (lena n-áiritear aon aicme nó aicmí áirithe gníomhartha nach bhfuil ainmnithe ar leithligh san Acht seo mar nithe a shriantar leis an gcóipcheart, ach ar d'aon-aicme é de na haicmí gníomhartha atá ainmnithe amhlaidh),
(b) chun go mbeidh feidhm aige maidir le tír amháin nó níos mó, ach gan feidhm a bheith aige maidir le gach tír de na tíortha a bhfuil an ceart eisiatach sin ina leith ag úinéir an chóipchirt de bhua an Achta seo,
(c) chun go mbeidh feidhm aige maidir le cuid, ach gan feidhm a bheith aige maidir leis an iomlán, den tréimhse a bheidh an cóipcheart ar substaineadh,
agus is tagairtí do shannadh a bheidh teoranta amhlaidh tagairtí san Acht seo do pháirt-shannadh.
(3) Ní bheidh éifeacht ag aon sannadh cóipchirt (iomlán nó páirteach) mura mbeidh sé i scríbhinn agus é sínithe ag an sannóir nó thar a cheann.
(4) Aon cheadúnas a dheonóidh duine maidir le haon chóipcheart arb é, maidir leis na nithe lena mbaineann an ceadúnas, úinéir an chóipchirt é, beidh sé ina cheangal ar gach comharba i dteideal ar a leas sa chóipcheart ach amháin duine a cheannóidh an cóipcheart de mheon macánta ar chomaoin luachmhar agus gan fógra (iarbhír nó inchiallaithe) nó duine a ghabh teideal ó cheannaitheoir den sórt sin; agus aon tagairtí san Acht seo, i ndáil le haon chóipcheart, maidir le haon rud a dhéanamh le ceadúnas, nó (de réir mar a bheidh) gan cheadúnas, ó úinéir an chóipchirt forléireofar iad dá réir sin.
Saothair a bheidh corpraithe i scannán cineamatagrafach a chraoladh.
48.—(1) I gcás ina ndéanfaidh úinéir an chóipchirt in aon saothar litríochta, drámaíochta, ceoil, nó ealaíne a údarú do dhuine an saothar a chorprú i scannán cineamatagrafach agus go gcraolfaidh Radio Éireann an scannán, ní sárú ar an gcóipcheart sin an craoladh sin d'éagmais aon chomhaontú dá mhalairt.
(2) I gcás ina gcraolfaidh Radio Éireann scannán cineamatagrafach a mbeidh saothar ceoil corpraithe ann, beidh úinéirí an chirt chun an saothar a chraoladh i dteideal luach saothar cothrom a fháil ó Radio Éireann.
Uinéireacht ionchais cóipchirt.
49.—(1) Má airbheartaíonn úinéir ionchais an chóipchirt, i gcás comhaontú a rinneadh maidir le haon chóipcheart todhchaí agus a síníodh ag an úinéir ionchais nó thar a cheann, an cóipcheart todhchaí a shannadh (go hiomlán nó go páirteach) do dhuine eile (dá ngairtear an sannaí sa fho-alt seo), ansin más rud é, ar theacht chun bheith ann don choipcheart, go mbeadh teideal, ar leith ón bhfo-alt seo, ag an sannaí nó ag duine ag éileamh faoi, amhail i gcoinne gach duine eile a cheangal go ndéanfaí an cóipcheart a dhílsiú dó (go hiomlán nó go páirteach, cibé acu é) dílseoidh an cóipcheart, ar theacht chun bheith ann dó, don sannaí nó dá chomharba i dteideal dá réir sin de bhua an fho-ailt seo agus gan tuilleadh forcinntithe.
(2) Más rud é, an tráth a thiocfaidh aon chóipcheart chun bheith ann, gur marbh don duine a bheadh i dteideal an chóipchirt dá mba bheo dó an tráth sin, cineachfaidh an cóipcheart amhail is dá mba rud é go raibh sé ar substaineadh díreach roimh a bhás agus gurbh eisean úinéir an chóipchirt an tráth sin.
(3) Beidh feidhm ag fo-alt (4) d'alt 47 den Acht seo maidir le ceadúnas arna dheonú ag úinéir ionchais aon chóipchirt amhail mar atá feidhm aige maidir le ceadúnas arna dheonú ag úinéir cóipchirt atá ar substaineadh faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar aon tagairt san fho-alt sin do leas an úinéara sa chóipcheart a fhorléiriú mar ní a fholaíonn tagairt dá leas ionchais ann.
(4) San Acht seo ciallaíonn “cóipcheart todhchaí” cóipcheart a thiocfaidh nó a fhéadfaidh teacht chun bheith ann maidir le haon saothar todhchaí nó aicme saothar todhchaí nó ábhar todhchaí eile, nó ar theacht i ngníomh d'aon fhorálacha den Acht seo, nó in aon teagmhas todhchaí eile, agus forléireofar “úinéir ionchais” dá réir sin agus, maidir le haon chóipcheart den sórt sin, folaíonn sé duine atá ina theideal go hionchasach de bhua comhaontú den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo.
Cóipcheart aistriú faoi uacht i dteannta saothair neamh-fhoilsithe.
50.—Má tharlaíonn faoi thiomnacht (sonrach nó ginearálta) in uacht nó i gcodaisíl le huacht duine a éagfaidh tar éis tosach feidhme an ailt seo go mbeidh teideal, tairbhiúil nó eile, ag duine chun láimhscríbhinn saothair litríochta, drámaíochta nó ceoil, nó chun saothar ealaíne, agus nár foilsíodh an saothar roimh bhás an tiomnóra déanfar, mura léireofar a mhalairt d'intinn in uacht an tiomnóra nó i gcodaisíl leis an uacht, an tiomnacht a fhorléiriú mar ní a fholaíonn cóipcheart sa saothar a mhéid gurbh é an tiomnóir úinéir an chóipchirt díreach roimh a bhás.
Cóipcheart i bhfoilseacháin Rialtais.
51.—(1) I gcás gach saothar bunaidh litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne, fuaim-thaifeadadh agus scannán cineamatagrafach arna ndéanamh ag an Rialtas nó ag Aire Stáit nó faoi ordú nó rialú an Rialtais nó Aire Stáit—
(a) más rud é nach mbeadh, ar leith ón alt seo, cóipcheart ar substaineadh sa saothar, beidh cóipcheart ar substaineadh ann de bhua an fho-ailt seo, agus
(b) in aon chás, beidh teideal ag an Rialtas, faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, chun an chóipchirt sa saothar.
(2) Faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, beidh teideal ag an Rialtas chun an chóipchirt i ngach saothar bunaidh litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne nó fuaim-thaifeadadh nó scannán cineamatagrafach a céadfhoilsíodh sa Stát más faoi ordú nó rialú an Rialtais nó Aire Stáit a céadfhoilsíodh é.
(3) Maidir leis an gcóipcheart in aon saothar bunaidh litríochta, drámaíochta nó ceoil a bhfuil teideal chuige ag an Rialtas de bhua an ailt seo—
(a) i gcás an saothar a bheith gan foilsiú, leanfaidh sé ar substaineadh an fad a bheidh an saothar gan foilsiú, agus
(b) i gcás an saothar a bheith foilsithe, leanfaidh sé ar substaineadh (nó, má bhí cóipcheart ar substaineadh sa saothar díreach sular céadfhoilsíodh é leanfaidh sé ar substaineadh) go dtí deireadh na tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a céadfhoilsíodh an saothar.
(4) Maidir leis an gcóipcheart i saothar ealaíne is leis an Rialtas de bhua an ailt seo—
(a) i gcás inar greanadóireacht nó grianghraf an saothar, leanfaidh sé ar substaineadh go dtí deireadh na tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a céadfhoilsíodh an saothar, agus
(b) i gcás aon saothar ealaíne eile, leanfaidh sé ar substaineadh go dtí deireadh na tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a rinneadh an saothar.
(5) I gcás gach fuaim-thaifeadadh nó scannán cineamatagrafach arna dhéanamh ag an Rialtas nó Aire Stáit nó faoi ordú nó rialú an Rialtais nó Aire Stáit—
(a) más rud é nach mbeadh, ar leith ón alt seo, cóipcheart ar substaineadh sa taifeadadh nó sa scannán, beidh cóipcheart ar substaineadh ann de bhua an fho-ailt seo, agus
(b) in aon chás, beidh teideal ag an Rialtas, faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, chun an chóipchirt sa taifeadadh nó sa scannán, agus beidh an cóipcheart ar substaineadh go ceann na tréimhse céanna agus ionann is dá mba chóipcheart é a bheadh ar substaineadh de bhua, agus a bheadh ar úinéireacht de réir alt 17 nó, cibé acu é, alt 18 den Acht seo.
(6) Beidh éifeacht ag na forálacha roimhe seo den alt seo faoi réir aon chomhaontú arna dhéanamh ag an Rialtas nó ag aon Aire Stáit, nó thar ceann an Rialtais nó aon Aire Stáit, le húdar an tsaothair, nó le déantóir an fhuaim-thaifeadta nó an scannáin chineamatagrafaigh, de réir mar a bheidh, trína gcomhaontaítear go ndílseoidh an cóipcheart sa saothar, sa taifeadadh nó sa scannán don údar nó don déantóir, nó do dhuine eile a bheidh ainmnithe chuige sin sa chomhaontú.
(7) Maidir le cóipcheart a bheidh ar substaineadh de bhua an ailt seo beidh feidhm—
(a) i gcás saothar litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne, ag forálacha Chuid II den Acht seo, ach amháin na forálacha den Chuid sin a bhaineann le substaineadh, ré nó úinéireacht an chóipchirt, agus
(b) i gcás fuaim-thaifeadta nó scannáin chineamatagrafaigh, ag forálacha Chuid III den Acht seo, ach amháin na forálacha den Chuid sin a bhaineann le substaineadh nó úinéireacht cóipchirt,
amhail mar tá feidhm ag na forálacha sin maidir le cóipcheart atá ar substaineadh de bhua Chuid II nó, de réir mar a bheidh, Chuid III den Acht seo.
Fuaim-thaifeadta agus scannáin chineamatagrafacha a chraoladh agus cláir chraolta a idirleathadh.
52.—(1) I gcás ina ndéanfaidh Radio Éireann fuaim-chraoladh nó craoladh teilifíse, agus go gcuirfidh duine faoi deara, tríd an gcraoladh sin a ghlacadh, fuaim-thaifeadadh, arna dhéanamh roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin, a chloisteáil go poiblí nó a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata, ní dhéanfaidh sé tríd sin an cóipcheart (más ann) sa taifeadadh sin a shárú.
(2) I gcás ina ndéanfaidh Radio Éireann craoladh teilifíse nó fuaim-chraoladh, agus gur craoladh údaraithe an craoladh, ansin duine ar bith a chuirfidh faoi deara, tríd an gcraoladh a ghlacadh, scannán cineamatagrafach a fheiceáil nó a chloisteáil go poiblí, beidh sé sa chor céanna, in aon imeachtaí mar gheall ar an gcóipcheart (más ann) sa scannán faoi alt 18 den Acht seo a shárú, agus dá mba shealbhóir é ar cheadúnas arna dheonú ag úinéir an chóipchirt sin chun a chur faoi deara an scannán a fheiceáil nó a chloisteáil go poiblí tríd an gcraoladh a ghlacadh.
(3) I gcás ina ndéanfaidh Radio Éireann craoladh teilifíse nó fuaim-chraoladh, agus gur craoladh údaraithe an craoladh, ansin duine ar bith a chuirfidh faoi deara, tríd an gcraoladh a ghlacadh, clár a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata ar clár é ina mbeidh saothar litríochta, drámaíochta, nó ceoil, nó athchóiriú ar shaothar den sórt sin, nó saothar ealaíne, nó scannán cineamatagrafach, beidh sé sa chor céanna, in aon imeachtaí mar gheall ar an gcóipcheart (más ann) sa saothar nó sa scannán a shárú, agus dá mba shealbhóir é ar cheadúnas arna dheonú ag úinéir an chóipchirt sin chun an saothar, an t-athchóiriú nó an scannán a chur in aon chlár a chuirfeadh sé faoi deara a fhorleathadh chun daoine a ranníocann leis an tseirbhís sin tríd an gcraoladh a ghlacadh.
(4) Má tharla, sna himthosca a luaitear i gceachtar den dá fho-alt deiridh roimhe seo, go ndearna an duine a chuir faoi deara an scannán cineamatagrafach a fheiceáil nó a chloisteáil, nó an clár a fhorleathadh, cibé acu é, sárú ar an gcóipcheart a bheidh i gceist, de bhíthin nár chraoladh údaraithe an craoladh—
(a) ní thionscnófar aon imeachtaí i gcoinne an duine sin faoin Acht seo maidir lena shárú ar an gcóipcheart sin, ach
(b) cuirfear sa chuntas é agus damáistí á measúnú in aon imeachtaí i gcoinne Radio Éireann i leith an chóipchirt sin, sa mhéid go ndearna Radio Éireann sárú ar an gcóipcheart sin tríd an gcraoladh a dhéanamh.
(5) Chun críocha an ailt seo measfar, maidir le saothar nó le scannán cineamatagrafach, gur craoladh údaraithe craoladh más rud é, agus amháin más rud é, gurb é úinéir an chóipchirt sa saothar nó sa scannán a rinne an craoladh nó gur le ceadúnas uaidh a rinneadh é.
Abhar cóipchirt a úsáid le haghaidh oideachais.
53.—(1) I gcás cóipcheart a bheith ar substaineadh i saothar litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne, ní mheasfar sárú a bheith déanta ar an gcóipcheart de bhíthin amháin an saothar a atáirgeadh nó athchóiriú ar an saothar a dhéanamh nó a atáirgeadh—
(a) le linn teagaisc, ar scoil nó aon áit eile, i gcás ina ndéanfaidh múinteoir nó dalta an t-atáirgeadh nó an t-athchóiriú ar shlí seachas trí phróis chóipeála, nó
(b) mar chuid de na ceisteanna a bheidh le freagairt i scrúdú, nó i bhfreagra ar cheist den sórt sin.
(2) Ní bheidh feidhm ag aon ní san fho-alt roimhe seo den alt seo maidir le foilsiú saothair; agus, chun críocha alt 11 den Acht seo, is ionann éifeacht d'fhios a bheith ag duine gur shárú cóipchirt, mura mbeadh an fo-alt roimhe seo den alt seo, earra a dhéanamh agus d'fhios a bheith aige gur shárú den sórt sin é a dhéanamh.
(3) D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo, i gcás ina ndéanfar saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil—
(a) a thaibhiú i rang, nó ar shlí eile i láthair lucht féachana, agus
(b) a thaibhiú amhlaidh i gcúrsa gníomhaíochtaí scoile ag duine is múinteoir sa scoil nó dalta a bhíonn ag freastal ar an scoil,
nach measfar chun críocha an Achta seo gur taibhiú poiblí an taibhiú más rud é nach mbeidh sa lucht féachana ach daoine ar múinteoirí sa scoil iad nó daltaí a bhíonn ag freastal ar an scoil nó daoine a bhfuil baint díreach ar shlí eile acu le gníomhaíochtaí na scoile.
(4) Chun críocha an fho-ailt deiridh roimhe seo den alt seo ní mheasfar baint díreach a bheith ag duine le gníomhaíochtaí scoile de bhíthin amháin gur tuismitheoir nó caomhnóir dalta é a bhíonn ag freastal ar an scoil.
(5) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) den alt seo maidir le fuaim-thaifeadta, scannáin chineamatagrafacha agus craolta teilifíse amhail mar atá feidhm acu maidir le saothair litríochta, drámaíochta agus ceoil, faoi réir an mhodhnaithe go bhforléireofar aon tagairt do thaibhiú mar thagairt don ghníomh trína ndearnadh na fuaimeanna nó na hamharc-íomhánna a bheidh i gceist a chloisteáil nó a fheiceáil.
(6) Ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú—
(a) mar ní a leathnaíonn oibriú aon fhorála den Acht seo maidir leis na gníomhartha a theorannaítear le cóipcheart d'aon sórt, nó
(b) mar ní a laghdaíonn oibriú aon díolúine a thugtar le haon fhoráil den Acht seo seachas an t-alt seo.
(7) San alt seo ciallaíonn “próis chóipeála” próis ar bith ina n-úsáidtear gaireas chun iliomad cóipeanna a tháirgeadh.
(8) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, ordú a dhéanamh faoin alt seo ag ainmniú aon fhoras oideachais nó aon chineál nó saghas eile forais oideachais a sonrófar san ordú gur scoil chun críocha an ailt seo é.
(9) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, tar éis dul i gcomhairle mar a dúradh, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.
A chur síos do dhuine eile go bréagach gurb é is údar.
54.—(1) Beidh éifeacht ag na sriantachtaí a fhorchuirtear leis an alt seo maidir le saothair litríochta, drámaíochta, ceoil nó ealaíne; agus déanfar aon tagairt san alt seo do shaothar a fhorléiriú mar thagairt do shaothar den sórt sin.
(2) Sáróidh duine ar bith (dá ngairtear an ciontóir san fho-alt seo) na sriantachtaí sin maidir le duine eile má dhéanann sé, gan ceadúnas ón duine eile sin, gníomh ar bith díobh seo a leanas sa Stát, is é sin le rá:—
(a) ainm an duine eile sin a chur i saothar nó ar shaothar nach é an duine sin a údar nó in nó ar atáirgeadh ar an saothar sin, i slí a thabharfaidh le tuiscint gurb é an duine eile sin údar an tsaothair, nó
(b) saothar a mbeidh ainm an duine eile sin curtha ann nó air amhlaidh a fhoilsiú, nó a dhíol nó a ligean ar fruiliú, nó, i modh trádála, a thairiscint nó a thaispeáint chun a dhíolta nó a fhruilithe, nó, i modh trádála, a thaispeáint go poiblí, más eol don chiontóir nach é an duine sin údar an tsaothair, nó
(c) gníomh ar bith díobh sin a luaitear sa mhír dheiridh roimhe seo den fho-alt seo a dhéanamh maidir le hatáirgthe ar shaothar, nó atáirgthe ar shaothar a imdháil, ar atáirgthe iad a mbeidh ainm an duine eile sin curtha iontu nó orthu amhlaidh, más eol don chiontóir nach é an duine sin údar an tsaothair, nó
(d) saothar nach é an duine eile sin a údar a thaibhiú go poiblí, nó a chraoladh, mar shaothar arb é an duine sin a údar, más eol don chiontóir nach é an duine sin údar an tsaothair.
(3) Beidh feidhm ag an bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt seo má chuirtear i gcéill, in aghaidh na fírinne, gur athchóiriú ar shaothar duine eile saothar áirithe amhail mar atá feidhm aige i gcás ina gcuirtear i gcéill amhlaidh gur saothar de chuid duine eile saothar áirithe.
(4) I gcás saothar ealaíne a bheidh athraithe tar éis don údar scarúint lena sheilbh air, beidh na sriantachtaí sin sáraithe, maidir leis an údar, ag duine a dhéanfaidh sa Stát, gan ceadúnas ón údar—
(a) an saothar arna athrú amhlaidh a fhoilsiú, a dhíol nó a ligean ar fruiliú, nó, i modh trádála, a thairiscint nó a thaispeáint chun a dhíolta nó a fhruilithe, mar shaothar neamhathraithe de chuid an údair, nó
(b) atáirgeadh ar an saothar arna athrú amhlaidh a fhoilsiú, a dhíol nó a ligean ar fruiliú, nó, i modh trádála, a thairiscint nó a thaispeáint chun a dhíolta nó a fhruilithe, mar atáirgeadh ar shaothar neamhathraithe de chuid an údair,
más eol dó nach saothar neamhathraithe nó, de réir mar a bheidh, atáirgeadh ar shaothar neamhathraithe, de chuid an údair é.
(5) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo i gcás aon ní a dhéanfar maidir le saothar duine eile tar éis bás an duine sin amhail is dá mba é a bhí in aon tagairt do cheadúnas an duine sin tagairt do cheadúnas uaidh féin nó óna ionadaithe pearsanta, ar shlí, áfach, nach mbeidh feidhm ag aon ní atá sna fo-ailt sin i gcás aon rud a dhéanfar maidir le duine tráth is faide ná fiche bliain tar éis bás an duine sin.
(6) I gcás saothar ealaíne a bhfuil cóipcheart ar substaineadh ann, beidh na sriantachtaí sin sáraithe freisin, maidir le húdar an tsaothair, ag duine sa Stát—
(a) a fhoilseoidh, nó a dhíolfaidh nó a ligfidh ar fruiliú, nó, i modh trádála, a thairgfidh nó a thaispeánfaidh chun a dhíolta nó a fhruilithe, nó, i modh trádála, a thaispeánfaidh go poiblí, atáirgeadh ar an saothar, mar atáirgeadh a rinne údar an tsaothair, nó
(b) a imdháilfidh atáirgthe ar an saothar mar atáirgthe a rinne údar an tsaothair,
más rud é (in aon chás den sórt sin) gurb eol dó nárbh é an t-údar a rinne an t-atáirgeadh nó na hatáirgthe.
(7) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo (modhnaithe mar is gá) i gcás rudaí a rinneadh maidir le beirt duine nó níos mó i ndáil leis an saothar céanna.
(8) Ní bheidh na sriantachtaí a fhorchuirtear leis an alt seo inchurtha i bhfeidhm trí aon imeachtaí coiriúla; ach beidh aon sárú ar na sriantachtaí sin, maidir le duine, inchaingne ar a agra, nó, más marbh dó, ar agra a ionadaithe pearsanta, mar shárú ar dhualgas reachtúil.
(9) Damáistí ar bith a ghnóthóidh ionadaithe pearsanta faoin alt seo, maidir le sárú a rinneadh i ndáil le duine tar éis a bháis, cineachfaidh siad mar chuid dá eastát, amhail agus dá mbeadh an ceart caingne ar substaineadh agus go raibh sé dílsithe dó díreach roimh a bhás.
(10) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo laghdú ar aon cheart caingne nó leigheas eile (coiriúil nó sibhialta) in imeachtaí a tionscnaíodh ar shlí seachas de bhua an ailt seo; ach sin i slí, áfach, nach bhforléireofar an fo-alt seo mar ní a cheanglaíonn gan aird a thabhairt ar aon damáistí a gnóthaíodh de bhua an ailt seo agus damáistí á measúnú in aon imeachtaí a tionscnaíodh ar shlí seachas de bhua an ailt seo agus a bhainfidh leis an idirbheart céanna.
(11) San alt seo folaíonn “ainm” inisealacha nó monagram.
Clár a bheith le coimeád ag dílseánaigh amharclainne, etc.
55.—(1) Beidh de dhualgas ar dhílseánach gach amharclainne, halla, seomra nó áite eile ina dtaibhítear saothair dhrámaíochta clár a choimeád nó a chur faoi deara clár a choimeád san amharclann, sa halla, sa seomra nó san áit sin, san fhoirm a bheidh forordaithe ag an Aire le rialacha, de na saothair dhrámaíochta go léir a bheifear tar éis a thaibhiú san amharclann, sa halla, sa seomra nó san áit sin i láthair daoine a mbeidh íoctha acu as dul isteach chun an taibhithe agus, laistigh de dhá uair déag a chloig tar éis gach taibhiú, cibé sonraí ar an saothar agus ar an duine a léirigh é a thaifeadadh sa chlár nó a chur faoi deara na sonraí sin a thaifeadadh sa chlár ar sonraí iad a bheidh forordaithe le rialacha a rinne an tAire.
(2) Gach clár a choimeádfar de bhun an ailt seo féadfaidh duine ar bith é a iniúchadh gach tráth réasúnach ar duine é is údar aon saothair foilsithe nó úinéir an chóipchirt in aon saothar foilsithe agus féadfaidh an duine sin cóipeanna den chlár nó d'aon chuid de a dhéanamh.
(3) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh ag forordú gach ní nó aon ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—
(a) foirm an chláir a bheidh le coimeád de bhun an ailt seo,
(b) na sonraí a bheidh le taifeadadh sa chlár maidir le saothair dhrámaíochta agus maidir leis an duine a léirigh iad,
(c) ag sonrú an duine a mheasfar, maidir le haon saothar drámaíochta áirithe, a bheidh á léitriú.
(4) Aon duine ar a gceanglaítear leis an alt seo clár a choimeád nó a chur faoi deara clár a choimeád agus—
(a) nach gcoimeádfaidh an clár nó nach gcuirfidh faoi deara é a choimeád, nó
(b) nach gcuirfidh sa chlár nó nach gcuirfidh faoi deara go gcuirfear sa chlár laistigh den am a fhorordaítear leis an alt seo aon taifead a cheanglaítear leis an alt seo nó faoi a chur ann, nó
(c) nach dtabharfaidh an clár ar aird lena iniúchadh ag aon duine a bheidh i dteideal faon alt seo é a iniúchadh nó a chuirfidh cosc nó bac ar aon duine den sórt sin iniúchadh a dhéanamh amhlaidh, nó
(d) a dhéanfaidh, nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh go ndéanfar, go toiliúil nó le faillí, aon taifead a chur sa chlár a bheidh bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha,
beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.
Leabhair a sheachadadh do leabharlanna áirithe.
56.—(1) Déanfaidh foilsitheoir aon leabhair a chéadfhoilsoofar sa Stát tar éis tosach feidhme an ailt seo, cóip den leabhar a sheachadadh, ar a chostas féin, laistigh de mhí tar éis a fhoilsithe, do iontaobhaithe Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, cóip den leabhar don údarás ag a bhfuil urlámhas ar Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ceithre chóip den leabhar don údarás nó de réir threorú an údaráis ag a bhfuil urlámhas ar Ollscoil na hÉireann le haghaidh úsáid na leabharlanna faoi seach a bhaineann le trí chomhcholáiste na hOllscoile sin agus leabharlann Choláiste Phádraig, Mánuat, Coláiste aitheanta den Ollscoil sin, agus cóip den leabhar do iontaobhaithe Mhusaem na Breataine, agus tabharfaidh na hiontaobhaithe agus na húdaráis sin faoi seach admháil scríofa ar gach leabhar a sheachadfar dóibh amhlaidh:
Ar choinníoll go bhféadfaidh an tAire, ar iarratas ó iontaobhaithe Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, nó ón údarás ag a bhfuil urlámhas ar Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, nó ó aon cheann de na húdaráis faoi seach ag a bhfuil urlámhas ar na trí comhcholáistí d'Ollscoil na hÉireann nó ar Choláiste Phádraig, Mánuat, nó ó iontaobhaithe Mhusaem na Breataine, rialacháin a dhéanamh ag eisceadh foilseachán ó fhorálacha an fho-ailt seo maidir leis na hiontaobhaithe nó leis an údarás a dhéanfaidh an t-iarratas, is foilseacháin arb éard iad ar fad nó go formhór cineál fógraí trádála, nó cibé aicmí d'fhoilseacháin den sórt sin a bheidh sonraithe sna rialacháin, agus air sin ní gá d'fhoilsitheoir aon fhoilseacháin a eiscfear amhlaidh an foilseachán a sheachadadh do na hiontaobhaithe nó don údarás sin ná do na hiontaobhaithe nó don údarás sin admháil a thabhairt ina leith, mura rud é, i gcás aon fhoilseacháin áirithe, go ndéanfaidh na hiontaobhaithe nó an t-údarás sin éileamh scríofa go seachadfaí é.
(2) Fairis sin, déanfaidh foilsitheoir aon leabhair a chéadfhoilseofar sa Stát tar éis tosach feihdme an ailt seo, má dhéantar éileamh scríofa roimh dheireadh dhá mhí déag tar éis an fhoilsithe, cóip den leabhar sin a sheachadadh laistigh de mhí tar éis an t-éileamh scríofa sin a fháil nó, más roimh an bhfoilsiú a rinneadh an t-éileamh, laistigh de mhí tar éis an fhoilsithe, ag seoladh éigin i mBaile Átha Cliath a bheidh ainmnithe san éileamh le haghaidh, nó de réir threoracha, an údaráis ag a bhfuil urlámhas ar gach leabharlann díobh seo a leanas, eadhon: an Bodleian Library, Oxford, an University Library, Cambridge, an National Library of Scotland, agus an National Library of Wales. I gcás ciclipéid, nuachtán, iris, irisleabhar nó saothar a foilsíodh i sreath uimhreacha nó codanna, féadfar na huimhreacha nó na codanna go léir den saothar a fhoilseofar ina dhiaidh sin, a áireamh san éileamh scríofa.
(3) Is é a bheidh i gcóip de leabhar a sheachadfar d'iontaobhaithe Leabharlann Náisiúnta na hÉireann nó d'iontaobhaithe Mhusaem na Breataine de bhun forálacha an ailt seo cóip den leabhar iomlán leis na léarscáileanna agus na pictiúir go léir a bhainfidh leis, agus í ar aon-chríochnú agus ar aon-dath leis na cóipeanna is fearr a fhoilseofar den leabhar, agus beidh sí ceangailte, fuaite nó uamtha le chéile, agus beidh sí clóbhuailte an bpáipéar is fearr ar a mbeidh an leabhar clóbhuailte.
(4) Beidh cóip de leabhar a sheachadfar d'aon údarás de na húdaráis eile a luaitear san alt seo de bhun forálacha an ailt seo clóbhuailte ar an bpáipéar céanna ar a mbeidh an líon is mó cóipeanna den leabhar clóbhuailte le díol, agus beidh sí sa riocht céanna leis na leabhair a bheidh ullmhaithe le haghaidh díola.
(5) Mura ndéanfaidh foilsitheoir de réir an ailt seo, dlífear ar a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air agus luach an leabhair, agus íocfar an fhíneáil leis na hiontaobhaithe nó leis an údarás dár chóir an leabhar a sheachadadh.
(6) Chun críocha an ailt seo, folaíonn “leabhar” gach cuid nó roinn de leabhar, paimfléad, leathán cló, leathán ceoil, léarscáil, plean, cairt nó tábla a bheidh foilsithe ar leithligh, ach ní fholóidh séa on dara eagrán nó eagrán ina dhiaidh sin de leabhar mura mbeidh san eagrán sin breiseanna nó athruithe sa chló nó sna léarscáileanna, sna priontaí, nó sna greanadóireachtaí eile a bhainfidh leis.
Cóipcheart i nótaí dlíthairgthe Éireannacha, i nótaí bainc comhdhlúite Éireannacha agus i mboinn airgid Éireannacha.
57.—(1) D'ainneoin aon ní atá i gCuid II den Acht seo, an cóipcheart i nótaí dlíthairgthe a eisíodh roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin ag Banc Ceannais na hÉireann (dá ngairtear an Banc san alt seo) nó roimh an tosach feidhme sin ag Coimisiún an Airgid Reatha is coipcheart suthain é agus is leis an mBanc é.
(2) D'ainneoin aon ní atá i gCuid II den Acht seo is cóipcheart suthain agus is leis an mBanc an cóipcheart i nótaí bainc comhdhlúite a eisíodh roimh thosach feidhme an ailt seo ag an mBanc nó ag Coimisiún an Airgid Reatha.
(3) D'ainneoin aon ní atá i gCuid II den Acht seo an cóipcheart i ngach bonn airgid lena mbaineann an t-alt seo agus fós an cóipcheart sa saothar ealaíne ag sonrú dearadh aon bhoinn airgid den sórt sin is cóipcheart suthain é agus is leis an Aire Airgeadais é.
(4) (a) Nuair a bheidh fo-alt (1) d'alt 3 den Acht seo á fheidhmiú maidir le haon nóta dlíthairgthe nó nóta bainc comhdhlúite nó aon bhonn airgid den sórt sin lena mbaineann an t-alt seo forléireofar tagairtí san fho-alt do chuid shubstainteach de shaothar nó d'ábhar eile mar thagairtí d'aon chuid de shaothar nó d'ábhar eile.
(b) Ní bheidh feidhm ag ailt 12 agus 14 den Acht seo maidir leis na cóipchirt dá dtagraítear san alt seo.
(5) Maidir le boinn airgid lena mbaineann an t-alt seo agus leis an saothar ealaíne a shonraíonn dearadh aon bhoinn airgid den sórt sin ní mheasfar, chun críocha alt 172 d'Acht 1927, gur deartha iad.
(6) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le boinn airgid arna n-eisiúint faoin Acht Coighneála, 1926, nó faoin Acht sin arna leasú, maidir le boinn arna n-eisiúint faoin Acht Airgid Reatha, 1927, agus maidir le boinn arna n-eisiúint faoin Acht Monaíochta, 1950.
Leabhair Leabharlann Ostaí an Rí, Baile Átha Cliath a dhiúscairt.
1801, c. 107.
1836, c. 110.
58.—D'ainneoin aon ní atá in Acht Leabharlann Ostaí an Rí, 1945, nó sna hachtacháin dá dtagraítear ansin nó san Copyright Act, 1801, nó san Copyright Act, 1836, féadfaidh Binseoirí Chomhlacht Onórach Ostaí an Rí aon chuid de na leabhair i Leabharlann Ostaí an Rí, Baile Átha Cliath, a dhíol nó a mhalartú, cibé acu roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin a fuarthas iad,
Leasú ar alt 70 d'Acht 1927.
59.—Leasaítear leis seo alt 70 d'Acht 1927 trí—
(a) “roimh dheireadh tréimhse chúig bliana agus sé mhí ó dháta an chláraithe sin” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “laistigh den aimsir orduithe roimh dheire na gcúig mblian san”, agus
(b) “roimh dheireadh tréimhse deich mbliana agus sé mhí ó dháta an chláraithe sin” a chur i bhfo-alt (3) in ionad “laistigh den aimsir orduithe roimh dheire na dara tréimhse sin de chúig bliana”.
Cosaint.
60.—(1) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'aon cheart nó pribhléid leis an Rialtas a bheidh ar substaineadh ar shlí seachas de bhua achtacháin, ná ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'aon cheart nó pribhléid leis an Rialtas nó le haon duine eile faoi aon achtachán, ach amháin sa mhéid go ndéantar an t-achtachán sin a aisghairm, a leasú nó a mhodhnú go sainráiteach leis an Acht seo.
(2) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear do cheart an Rialtais ná do cheart aon duine a ghabhann teideal ón Rialtas earraí a dhíol nó a úsáid nó déileáil in aon tslí eile le hearraí, is earraí a forghéilleadh faoi na dlíthe a bhaineann le custam nó mál, lena n-áirítear aon earra a forghéilleadh amhlaidh de bhua an Achta seo nó de bhua aon achtacháin a aisghairtear leis an Acht seo.
(3) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir d'oibriú aon riail chothromais a bhaineann le sáraithe iontaobhais nó iontaoibhe.
(4) Faoi réir na bhforálacha roimhe seo den alt seo, ní bheidh aon chóipcheart, ná ceart de chineál cóipchirt, ar substaineadh ar shlí seachas de bhua an Achta seo nó achtacháin éigin eile chuige sin.
AN CHEAD SCEIDEAL.
Forálacha Idirlinne.
CUID I.
Forálacha a bhaineann le Codanna I agus II den Acht.
1. Chun críocha feidhme fo-alt (3) d'alt 3 den Acht seo maidir le gníomh a rinneadh roimh thosach feidhme forála den Acht seo lena mbaineann an fo-alt sin, folóidh tagairtí do chóipcheart tagairtí do chóipcheart faoi Acht 1911 agus Acht 1927 agus, maidir le cóipcheart faoi na hAchtanna sin, is tagairtí do thoiliú nó do aontú an úinéara tagairtí do cheadúnas an úinéara.
2. Nuair a bheidh ailt 8 agus 9 den Acht seo á bhfeidhmiú maidir le saothair a céadfhoilsíodh roimh thosach feidhme na n-alt sin, beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 8, agus ag fo-alt (3) d'alt 9 amhail agus dá bhfágfaí ar lár míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (2) d'alt 8 agus d'fho-alt (3) d'alt 9.
3. Maidir le haon ghrianghraf a tógadh roimh thosach feidhme alt 9 den Acht seo, ní bheidh feidhm ag fo-alt (7) den alt sin, ach, faoi réir fo-alt (3) den alt sin, an cóipcheart a bheidh ar substaineadh sa ghrianghraft de bhua an ailt sin leanfaidh sé de bheith ar substaineadh go dtí deireadh na tréimhse caoga bliain ó dheireadh na bliana a tógadh an grianghraf.
4. (1) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (2) go (4) d'alt 10 den Acht seo—
(a) maidir le haon saothar arna dhéanamh mar a luaitear i bhfo-alt (2) nó i bhfo-alt (4) den alt sin, más roimh thosach feidhme an ailt sin a rinneadh an saothar amhlaidh, ná
(b) maidir le haon saothar arna dhéanamh mar a luaitear i bhfo-alt (3) den alt sin, más de bhun conartha a rinneadh roimh thosach feidhme an ailt sin a rinneadh nó a dhéanfar an saothar amhlaidh.
(2) Maidir le haon saothar lena mbaineann an fhomhír roimhe seo den mhír seo, beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt sin 10 faoi réir an choinníll seo a leanas, eadhon—
(a) más rud é, i gcás greanadóireachta, grianghrafa, nó portráide, gur duine éigin eile a d'ordaigh an pláta nó an saothar bunaidh eile agus go ndearnadh é ar chomaoin luachmhar de bhun an ordaithe sin, ansin, d'éagmais aon chomhaontú dá mhalairt, is é an duine a chéad-ordaigh an pláta nó an saothar bunaidh eile sin céad-úinéir an chóipchirt; agus
(b) i gcás ina raibh an t-údar fostaithe ag duine éigin eile faoi chonradh seirbhíse nó printíseachta agus gur i gcúrsa a fhostaíochta a rinne an duine sin an saothar ansin, d'éagmais aon chomhaontú dá mhalairt, is é an duine ag a raibh an t-údar fostaithe céad-úinéir an chóipchirt, ach más é a bheidh sa saothar alt nó dréacht eile i nuachtán, irisleabhar, nó tréimhseachán eile dá shamhail, ansin, d'éagmais aon chomhaontú dá mhalairt, measfar ceart a bheith forchoiméadta don údar bac a chur le foilsiú an tsaothair, ar shlí seachas mar chuid de nuachtán, d'irisleabhar, nó de thréimhseachán dá shamhail.
5. Chun críocha alt 11 den Acht seo, is ionann éifeacht d'fhios a bheith ag duine gur shárú cóipchirt faoi Acht 1927 earra a dhéanamh nó gur shárú den sórt sin é dá mba san áit arbh isteach ann a allmhairíodh an t-earra a rinneadh an t-earra agus d'fhios a bheith ag an duine sin gurbh shárú cóipchirt faoin Acht seo an t-earra a dhéanamh.
6. Ní bheidh feidhm ag fo-alt (7) d'alt 12 den Acht seo maidir le sannadh a rinneadh nó le ceadúnais a deonaíodh roimh thosach feidhme an ailt sin.
7. Na tagairtí atá in alt 13 den Acht seo do thaifid a rinneadh roimhe sin ag an duine, nó le ceadúnas ón duine, is úinéir ar an gcóipcheart i saothar, folaíonn siad tagairtí do thaifid a rinneadh roimhe sin ag an duine, nó le toiliú an duine, is úinéir ar an gcóipcheart sa saothar sin faoi Acht 1927.
8. (1) Beidh feidhm ag fo-alt (5) d'alt 14 den Acht seo maidir le péintéireacht, líníocht, greanadóireacht, grianghraf nó scannán cineamatagrafach a rinneadh roimh thosach feidhme an ailt sin, más rud é, de bhua fo-alt (3) den alt sin, nár shárú cóipchirt faoin Acht seo an phéintéireachta, an líníocht, an ghreanadóireacht, an grianghraf nó an scannán a dhéanamh, dá mbeadh an tAcht seo i ngníomh nuair a rinneadh é.
(2) I bhfo-alt (10) d'alt 14 den Acht seo, folaíonn an tagairt d'fhoirgniú ag an duine, nó le ceadúnas ón duine, is úinéir, ar an gcóipcheart in aon líníochtaí nó pleananna ailtireachta tagairt d'fhoirgniú ag an duine, nó le ceadúnas ón duine, arbh é, tráth an fhoirgnithe an t-úinéir é ar an gcóipcheart sna líníochtaí nó sna pleananna faoi Acht 1927 nó faoi aon achtachán a aisghaireadh leis an Acht sin.
CUID II.
Forálacha a bhaineann le Cuid III den Acht.
9. Ní dhéanann Codanna VI agus VII d'Acht 1927 a aisghairm leis an Acht seo difear do ghníomhú fo-ailt (1) agus (8) d'alt 169 (a bhaineann le cóipcheart i ngléasanna meicniúla ceoil) den Acht sin maidir le gléasanna dá dtagraítear san alt sin agus a rinneadh roimh thosach feidhme alt 17 den Acht seo.
10. Ní bhainfidh fo-alt (6) d'alt 17 den Acht seo le fuaimthaifeadadh a rinneadh roimh thosach feidhme an ailt sin agus ní bhainfidh fo-alt (11) den alt sin 17 le sannadh a rinneadh ná le ceadúnais a deonaíodh roimh thosach feidhme an ailt sin.
11. Ní bhainfidh alt 18 den Acht seo le scannáin chineamatagrafacha a rinneadh roimh thosach feidhme an ailt sin.
12. Beidh éifeacht ag forálacha an Achta seo, seachas an mhír seo, maidir le scannán cineamatagrafach a rinneadh roimh thosach feidhme alt 18 den Acht seo ionann is dá mba shaothar drámaíochta é de réir bhrí Acht 1927; agus an duine arbh é údar an tsaothair é chun críocha Acht 1927 measfar gurb é údar an tsaothair é chun críocha na bhforálacha sin arna bhfeidhmiú leis an mír seo.
13. Beidh éifeacht ag forálacha an Achta seo maidir le grianghrafanna is cuid de scannán cineamatagrafach a rinneadh roimh thosach feidhme alt 18 den Acht seo mar atá éifeacht ag na forálacha sin maidir le grianghrafanna nach cuid de scannán cineamatagrafach.
14. Ní bheidh cóipcheart ar substaineadh de bhua alt 19 den Acht seo in aon chraoladh teilifíse ná fuaimthaifeadadh a rinneadh roimh thosach feidhme an ailt sin.
15. Chun críocha fo-alt (4) d'alt 19 den Acht seo ní thabharfar aird ar chraoladh teilifíse ná ar fhuaimchraoladh roimhe sin más roimh thosach feidhme an ailt sin a rinneadh é.
16. Chun críocha fo-ailt (5) go (7) d'alt 21 den Acht seo, is ionann éifeacht d'fhios a bheith ag duine gur shárú cóipchirt faoi Acht 1927 earra a dhéanamh nó gur shárú den sórt sin é dá mba san áit arbh isteach ann a allmhairíodh an t-earra a rinneadh an t-earra agus d'fhios a bheith ag an duine sin gur shárú cóipchirt faoin Acht seo an t-earra a dhéanamh.
CUID III.
Forálacha a bhaineann le Cuid IV den Acht.
17. Ní bheidh feidhm ag aon ní in alt 22 den Acht seo maidir le haon sárú cóipchirt faoi Acht 1927, ná ní dhéanfaidh sé difear d'aon imeachtaí faoin Acht sin, is cuma cé acu roimh thosach feidhme an ailt sin nó ina dhiaidh sin a tosaíodh ar na himeachtaí sin.
18. Ní bheidh feidhm ag alt 24 den Acht seo maidir le haon earra a rinneadh, nó, cibé acu é, a allmhairíodh, roimh thosach feidhme an ailt sin; ach, d'ainneoin alt 160 d'Acht 1927 (ina bhfuil forálacha a fhreagraíonn d'fho-ailt (1) agus (2) den alt sin 24) a aisghairm leis an Acht seo, féadfar (faoi réir forálacha an Achta sin) imeachtaí a thionscnamh nó leanúint díobh de bhua an ailt sin 160 maidir le haon earra a rinneadh nó a allmhairíodh roimh an aisghairm, cé go mbainfidh na himeachtaí leis an earra a chomhshó nó a choinnéail tar éis don aisghairm teacht in éifeacht.
19. Ní bheidh feidhm ag alt 25 den Acht seo maidir le haon cheadúnas a deonaíodh roimh thosach feidhme an ailt sin, agus ní dhéanfaidh sé difear d'aon imeachtaí faoi Acht 1927, is cuma cé acu roimh thosach feidhme an ailt sin nó ina dhiaidh sin a tosaíodh ar na himeachtaí sin.
20. Chun críocha alt 27 den Acht seo beidh feidhm ag an míniú ar “cóip sháraitheach” atá in alt 24 den Acht seo ionann agus dá bhfolaíodh aon tagairt do chóipcheart atá sa mhíniú sin tagairt do chóipcheart faoi Acht 1927.
21. I gcás fógra a bheith tugtha, roimh thosach feidhme alt 28 den Acht seo, faoi alt 165 d'Acht 1927 (ina bhfuil forálacha a fhreagraíonn don alt sin 28) agus nár tarraingeadh siar an fógra agus nár scoir sé ar shlí eile d'éifeacht a bheith aige roimh thosach feidhme an ailt sin 28, beidh éifeacht ag an bhfógra sin tar éis tosach feidhme an ailt sin ionann agus dá faoin alt sin, a tugadh é go cuí; ach ní leanfaidh fógra d'éifeacht a bheith aige de bhua na míre seo tar éis deireadh na tréimhse sé mhí dar tús tosach feidhme an ailt sin 28.
CUID IV.
Forálacha a bhaineann le Cuid V den Acht.
22. Beidh feidhm ag forálacha Chuid V den Acht seo maidir le scéimeanna ceadúnas arna ndéanamh roimh thosach feidhme na Coda sin mar a bheidh feidhm acu maidir le scéimeanna ceadúnas arna ndéanamh ina dhiaidh sin, faoi réir an mhodhnaithe go measfar go bhfolaíonn na tagairtí atá sa Chuid sin V do chóipcheart tagairtí do chóipcheart faoi Acht 1927.
23. Na tagairtí atá in alt 34 den Acht seo do dhiúltú nó do mhainneachtain ceadúnas a dheonú nó a chur faoi deara ceadúnas a dheonú ní fholaíonn siad diúltú ná mainneachtain, ná beartú a rinneadh, roimh thosach feidhme an ailt sin.
CUID V.
Foráil a bhaineann le Cuid VI den Acht.
24. Ní bheidh cóipcheart ar substaineadh de bhua alt 44 den Acht seo amháin in aon fhuaimthaifeadadh a foilsíodh roimh thosach feidhme an ailt sin.
CUID VI.
Forálacha a bhaineann le Cuid VII den Acht.
25. (1) I gcás cóipcheart a bheith ar substaineadh de bhua aon fhorála den Acht seo i saothar, ansin aon doiciméad nó teagmhas—
(a) a rinneadh nó a tharla roimh thosach feidhme na forála sin, agus
(b) a raibh ag gabháil leis aon oibriú a dhéanann difear do theideal chun cóipchirt sa saothar atá ar substaineadh de bhua an Copyright Act, 1911, agus an Achta Cóipchirt (Buanú),
1929, nó Acht 1927, nó a mbeadh oibriú den sórt sin ag gabháil leis dá leanadh Coda VI agus VII d'Acht 1927 i bhfeidhm,
beidh oibriú comhréire aige maidir leis an gcóipcheart i saothar faoin Acht seo.
Ar shlí, áfach, má bhí nó go mbeadh tréimhse a sonraíodh in aon doiciméad den sórt sin de theorainn le hoibriú an doiciméid sin, nach mbeidh aon oibriú ag gabháil leis maidir leis an gcóipcheart faoin Acht seo ach amháin sa mhéid go síneann an tréimhse sin thar dáta tosach feidhme na forála den Acht seo ar dá bhua atá cóipcheart ar substaineadh sa saothar.
(2) Chun críocha oibriú doiciméid de réir na fomhíre roimhe seo den mhír seo—
(a) déanfar abairtí a úsáidtear sa doiciméad a fhorléiriú de réir a n-éifeachta díreach roimh thosach feidhme na forála a bheidh i gceist, d'ainneoin brí eile a shannadh dóibh chun críocha an Achta seo; agus
(b) ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 49 den Acht seo.
(3) Gan dochar do ghinearáltacht fomhír (1) den mhír seo, beidh feidhm ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 158 d'Acht 1927 maidir le sannadh agus le ceadúnais ag a bhfuil éifeacht maidir le cóipcheart faoin Acht seo de réir na fomhíre sin, amhail is dá n-athachtófaí an coinníoll sin san Acht seo.
(4) Maidir le cóipcheart faoin Acht seo i bhfuaimthaifeadadh nó i scannán cineamatagrafach, beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den mhír seo faoi réir na modhnuithe seo a leanas, is é sin le rá—
(a) i gcás fuaimthaifeadta, forléireofar tagairtí don chóipcheart faoi Acht 1911 nó faoi Acht 1927 mar thagairtí don chóipcheart faoi Acht 1911 nó faoi Acht 1927, de réir mar a bheidh, i dtaifid ina bhfuil an fuaimthaifeadadh, agus
(b) i gcás scannáin chinematagrafaigh, forléireofar tagairtí don chóipcheart faoi Acht 1911 nó faoi Acht 1927 mar thagairtí d'aon chóipcheart faoi Acht 1911 nó faoi Acht 1927, de réir mar a bheidh, sa scannán, sa mhéid gur shaothar drámaíochta é chun críocha Acht 1911 nó Acht 1927, de réir mar a bheidh, nó i ngrianghrafanna ar cuid den scannán iad.
(5) Sa mhír seo ciallaíonn “oibriú a dhéanann difear do theideal”, maidir le cóipcheart faoi Acht 1911 nó faoi Acht 1927, aon oibriú a dhéanann difear d'úinéireacht an chóipchirt sin, nó a bhunaíonn, a aistrionn nó a fhoirceannann leas, ceart nó ceadúnas i leith an chóipchirt sin.
26. (1) Ní bheidh feidhm ag alt 50 den Acht seo maidir le tiomnacht in uacht, nó i gcodaisíl le huacht, de chuid tiomnóra a fuair bás roimh thosach feidhme an ailt sin.
(2) I gcás údar a fuair bás roimh thosach feidhme an ailt sin 50, beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 167 d'Acht 1927 amhail is dá n-athachtófaí é san Acht seo.
27. Beidh feidhm ag fo-alt (4) d'alt 51 den Acht seo maidir le grianghrafanna a tógadh roimh thosach feidhme an ailt sin amhail is dá bhfágfaí ar lár mír (a) agus na focail “i gcás aon saothair ealaíne eile” i mír (b) den fho-alt sin.
28. D'ainneoin aisghairm alt 168 d'Acht 1927 a aisghairm, an cóipcheart ba leis an Rialtas, díreach roimh thosach feidhme na míre seo, in aon saothar de bhua an ailt sin 168 leanfaidh sé ar substaineadh ar feadh na coda gan chaitheamh den tréimhse caoga bliain atá luaite ann.
29. (1) Beidh feidhm ag míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (2) d'alt 54 den Acht seo maidir le haon ghníomh den sórt atá luaite ann, más tar éis tosach feidhme an ailt sin a dhéanfar é, d'ainneoin an t-ainm a bheidh i gceist a chur isteach nó a shocrú roimh thosach feidhme an ailt sin.
(2) Faoi réir na fomhíre roimhe seo den mhír seo, ní bheidh aon ghníomh a rinneadh roimh thosach feidhme an ailt sin 54 inchaingne de bhua an ailt sin.
(3) Sa mhír seo tá le “ainm” an bhrí chéanna atá leis san alt sin 54.
CUID VII.
Saothair a rinneadh roimh an 1ú Iúil, 1912.
30. (1) Baineann an Chuid seo den Sceideal seo le saothair a rinneadh roimh an lú lá d'Iúil, 1912.
(2) Sa Chuid seo den Sceideal seo ciallaíonn “ceart a bhronntar le hAcht 1911”, maidir le saothar, ceart ionadach de shórt a bronnadh, de bhua alt 24 d'Acht 1911, in ionad cirt a bhí ar substaineadh díreach roimh thosach feidhme an Achta sin.
31. D'ainneoin aon ní atá i gCuid I den Sceideal seo, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) ná ag fo-alt (2) d'alt 8 den Acht seo, ná ag fo-alt (2) ná ag fo-alt (3) d'alt 9 den Acht seo, maidir le saothar lena mbaineann an Chuid seo den Sceideal seo, mura raibh ceart arna bhronnadh ag Acht 1911 ar substaineadh sa saothar díreach roimh thosach feidhme an ailt sin 8 nó an ailt sin 9, de réir mar a bheidh.
32. (1) Más rud é, i gcás saothair drámaíochta nó ceoil lena mbaineann an Chuid seo den Sceideal seo, nár fholaigh an ceart a bronnadh le hAcht 1911 an t-aon-cheart chun an saothar a léiriú go poiblí, ansin, a mhéid go bhfuil cóipcheart ar substaineadh sa saothar de bhua an Achta seo, déileálfar leis na gníomhartha a shriantar leis an gcóipcheart mar ghníomhartha nach mbeidh iontu ach iad sin a shonraítear i bhfomhír (3) den mhír seo.
(2) Más rud é, i gcás saothair drámaíochta nó ceoil lena mbaineann an Chuid seo den Sceideal seo, nach raibh sa cheart a bronnadh le hAcht 1911 ach amháin an t-aoncheart chun an saothar a léiriú go poiblí, ansin, a mhéid a bheidh cóipcheart ar substaineadh sa saothar de bhua an Achta seo, déileálfar leis na gníomhartha a sriantar leis an gcóipcheart mar ghníomhartha nach mbeidh iontu ach iad sin a shonraítear i bhfo-mhír (3) den mhír seo.
(3) Is iad seo na gníomhartha a dúradh —
(a) an saothar nó athchóiriú ar an saothar a léiriú go poiblí;
(b) an saothar nó athchóiriú air a chraoladh;
(c) a chur faoi deara an saothar nó athchoiriú ar an saothar a tharchur chun daoine a ranníocann le seirbhís forleata.
33. Más é a bheidh i saothar lena mbaineann an Chuid seo den Sceideal seo aiste, alt nó saothar ba chuid d'iris, d'irislán nó de thréimhseachán nó saothar eile dá samhail agus a céad-fhoilsíodh in iris, in iriseán nó tréimhseachán nó saothar eile dá samhail, agus díreach roimh thosach feidhme alt 8 den Acht seo, go mbeidh ceart chun an saothar a fhoilsiú i bhfoirm ar leithligh ar substaineadh de bhua an nóta a cuireadh leis an gCéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1911, beidh éifeacht ag an nóta sin, maidir leis an saothar sin, amhail is dá n-athachtófaí é san Acht seo ach an focal “copyright” a chur in ionad an focail “right” sa chéad áit ina bhfuil sé.
34. (1) Gan dochar do ghineáraltacht fomhír (1) de mhír 25 den Scheideal seo, beidh éifeacht ag forálacha na míre seo más rud é—
(a) go ndearna údar saothair lena mbaineann an Chuid seo den Sceideal seo, roimh thosach feidhme Acht 1911, sannadh nó deonú den sórt a luaitear i mír (a) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 24 den Acht sin (a bhaineann le hidirbheartanna trína ndearna an t-údar an leas i gcóipcheart nó i gceart léiriúcháin saothair a shannadh nó a dheonú go ceann téarma iomlán an chirt sin faoin dlí a bhí i bhfeidhm roimh Acht 1911), agus
(b) go mbeidh coipcheart ar substaineadh sa saothar de bhua aon fhorál den Acht seo.
(2) Más rud é, roimh thosach feidhme na forála sin den Acht seo, go dtarlóidh aon teagmhas, nó go dtabharfar aon fhógra, a mbeidh aon fheidhm aige de réir mhír (a) den choinníoll sin a dhéanfaidh difear d'úinéireacht an chirt a thugtar le hAcht 1911 maidir leis an saothar, nó ag cruthú, ag aistriú nó ag forceannadh, leasa, cirt nó ceadúnais maidir leis an gceart sin, beidh an fheidhm chomhréire ag an teagmhas nó ag an bhfógra sin maidir leis an gcóipcheart sa saothar faoin Acht seo.
(3) Aon cheart a bheadh, tráth tar éis tosach feidhme na forála sin den Acht seo, infheidhmithe de bhua mír (a) den choinníoll sin maidir leis an saothar, nó maidir leis an gceart a thugtar le hAcht 1911, dá mba rud é nár ritheadh an tAcht seo, beidh sé infheidhmithe maidir leis an saothar nó leis an gcóipcheart ann faoin Acht seo, de réir mar a bheidh.
(4) Más rud é, de réir mhír (a) den choinníoll sin, go bhfillfeadh an ceart a thugtar le hAcht 1911 chun an údair nó chun a ionadaithe pearsanta ar an dáta a luaitear sa mhír sin, agus go dtiocfaidh an dáta tar éis dáta thosach feidhme na forála den Acht seo trína bhfuil cóipcheart ar substaineadh sa saothar, ansin ar an dáta sin—
(a) fillfidh an cóipcheart sa saothar faoin Acht seo chun an údair nó chun a ionadaithe pearsanta, de réir mar a bheidh, agus
(b) aon leas le haon duine eile sa chóipcheart sin a bheidh ar substaineadh ar an dáta sin de bhua aon doiciméid a rinneadh roimh Acht 1911 beidh sé forceannta air sin.
CUID VIII.
Forálacha Ginearálta agus Forálacha Forlíontacha.
35. (1) Beidh éifeacht ag forálacha na míre seo le haghaidh forléiriú aon tagartha atá in aon fhoráil den Acht seo do dhaoine cáilithe.
(2) Más rud é, tráth ar bith tar éis tosach feidhme aon fhorálacha den Acht seo, nach mbeifear tar éis feidhm a thabhairt d'fhoráil ina mbeidh tagairt den sórt sin i gcás tíre faoi alt 43 den Acht seo, ansin, maidir le tráth ar bith sul a dtabharfar feidhm don fhoráil amhlaidh, forléireofar an tagairt amhail agus nach raibh feidhm ag an bhforáil maidir leis an tír sin.
(3) Maidir le tagairtí atá in aon ordú faoi alt 175 d'Acht 1927 do shaothair a céadfhoilsíodh sa Stát déanfar, maidir le saothair fhoilsithe le húdair a bhí, tráth an chéadfhoilsithe, ina saoránaigh de thír lena mbaineann an t-ordú, iad a fhorléiriú mar thagairtí do shaothair a raibh an n-údair ina ndaoine cáilithe tráth an fhoilsithe sin.
(4) Maidir le grianghrafanna a bheidh tógtha roimh thosach feidhme alt 9 den Acht seo, agus le fuaimthaifid a bheidh déanta roimh thosach feidhme alt 17 den Acht seo beidh feidhm ag an míniú ar “duine cáilithe” i bhfo-alt (5) d'alt 7 den Acht seo amhail is dá ndéantaí, i mír (b) den fho-alt sin, na focail “comhlacht corpraithe ag a bhfuil áit ghnó bunaithe sa Stát” a chur in ionad na bhfocal “comhlacht a corpraíodh faoi dhlíthe an Stáit”.
36. (1) Beidh feidhm ag forálacha an chéad dá fhomhír eile más rud é—
(a) díreach roimh an dáta a aisghairfear leis an Acht seo Codanna VI agus VII d'Acht 1927, beidh éifeacht ag forálacha na Coda sin VI arna bhfeidhmiú le hordú arna dhéanamh maidir le tír faoi alt 175 d'Acht 1927 arna leasú le halt 11 den Acht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint) (Leasú), 1957; agus
(b) nach ndéanfar aon ordú faoi alt 43 den Acht seo, ag feidhmiú aon fhorálacha den Acht seo i gcás na tíre sin, chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an dáta sin nó roimhe.
(2) Leanfaidh forálacha Chuid VI d'Acht 1927 arna bhfeidhmiú maidir le haon tír le hordú faoin alt sin 175 (arna leasú amhlaidh mar a dúradh) d'éifeacht a bheith acu, d'ainneoin aisghairm na Coda sin VI, go dtí an teagmhas is túisce acu seo a leanas, is é sin le rá:
(a) cúlghairm an ordaithe arna dhéanamh faoi alt 175 (arna leasú) d'Acht 1927;
(b) teacht i ngníomh ordaithe faoi alt 43 den Acht seo ag feidhmiú aon cheann d'fhorálacha an Achta seo i gcás na tíre coigríche a bheidh i gceist.
(3) Chun críocha oibriú aon cheann d'fhorálacha Chuid VI d'Acht 1927 a choimeád i bhfeidhm, a athrú nó a fhoirceannadh de réir na fomhíre deiridh sin roimhe seo, agus chun críocha aon imeachtaí a thiocfaidh as oibriú na bhforálacha de réir na fomhíre sin, áireofar go mbeidh na forálacha uile de Chodanna VI agus VII d'Acht 1927 (lena n-áirítear an chumhacht chun orduithe a dhéanamh faoi alt 175 (arna leasú) den Acht sin) i bhfeidhm i gcónaí amhail agus nár aisghaireadh aon fhoráil acu sin leis an Acht seo.
37. Gan dochar d'oibriú aon cheann de na forálacha roimhe seo den Sceideal seo—
(a) forléireofar aon achtachán nó doiciméad eile a thagraíonn d'achtachán a aisghairtear leis an Acht seo mar ní a thagraíonn (nó a fholaíonn tagairt) don achtachán comhréire den Acht seo;
(b) aon achtachán nó doiciméad eile a thagraíonn do chóipcheart, nó do shaothair ina bhfuil cóipcheart ar substaineadh, más rud é, ar leithligh ón Acht seo, go bhforléireofaí é mar thagairt do chóipcheart faoi Acht 1927, nó do shaothair ina bhfuil cóipcheart ar substaineadh faoin Acht sin, forléireofar é mar ní a thagraíonn (nó a fholaíonn tagairt) do chóipcheart faoin Acht seo, nó, de réir mar a bheidh, do shaothair nó d'aon ábhar eile ina bhfuil cóipcheart ar substaineadh faoin Acht seo;
(c) aon tagairt in aon achtachán nó doiciméad eile do leas i gcóipcheart a dheonú trí cheadúnas forléireofar é, maidir le cóipcheart faoin Acht seo, mar thagairt do cheadúnas a dheonú maidir leis na gcóipcheart sin.
38. (1) Ach amháin sa mhéid go bhforáiltear a mhalairt go sainráiteach sa Sceideal seo, beidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir le nithe a bheidh ar marthain i dtosach feidhme na bhforálacha sin amhail mar a bheidh feidhm acu maidir le nithe a thiocfaidh chun bheith ar marthain ina dhiaidh sin.
(2) Chun críocha aon tagairtí atá sa Sceideal seo do shaothair, fuaim-thaifeadta nó scannáin chineamatagrafacha a bheidh déanta roimh thosach feidhme forála den Acht seo, ní áireofar, i gcás saothair, fuaimthaifeadaidh nó scannáin a thógfaidh sé tréimhse a dhéanamh, go mbeidh an céanna déanta amhlaidh mura mbeidh a dhéanamh críochnaithe roimhthosach feidhme na bhforálacha sin.
39. Sa Sceideal seo—
folaíonn “grianghraf’ fótailiotagraf agus aon obair a tháirgfear trí aon phróis ar aon dul i grianghrafaíocht, agus níl leis an bhrí a thugtar dó le halt 2 den Acht seo;
ciallaíonn “Acht 1911” an Copyright Act, 1911.
AN DARA SCEIDEAL.
Achtacháin a Aisghairtear.
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
Codanna VI (seachas alt 172) agus VII, a mhéid nach bhfuil siad aisghairthe cheana. | ||
An tAcht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint) (Leasú) 1929. | Ailt 10, 11 agus 12. | |
Alt 17. | ||
Alt 18. | ||
An tAcht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint) (Leasú), 1957. | Alt 8, 9, 10, 11, 12 agus 13. | |
An tAcht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint) (Leasú), 1958. | An tAcht iomlán (seachas alt 4). |