[EN]

Uimhir 30 de 1937.


[EN]

ACHT TOGHACHÁIN AN tSEANAID (BAILL PHRÍOMH-SCOILE), 1937.


ACHT CHUN RIALÁLA DO DHÉANAMH, CHUN CRÍCHE BUNREACHTA NA hÉIREANN D'ACHTUIGH AN POBAL LE DÉANAÍ, AR THOGHACHÁIN (IDIR THOGHACHÁIN CHORRA AGUS OLLTOGHACHAIN) DO SNA COMHALTAÍ TOGHTHA SAN DO SHEANAD ÉIREANN GUR GÁ DO RÉIR AN BHUNREACHTA SAN GUR OLL-SCOILEANNA DO THOGHFADH IAD, CHUN A MHÍNIÚ CADÉ AN TOGH-CHORAS AR A dTOGHFAR NA COMHALTAÍ SIN, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE GHABHAS NO BHAINEAS LEIS NA TOGHACHÁIN SIN. [19adh Mí na Samhna, 1937.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—Féadfar Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile), 1937, do ghairm den Acht so.

[EN]

Tosach feidhme.

2.—Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh do Bhunreacht na hÉireann d'achtuigh an Pobal le déanaí.

[EN]

Mínithe.

3.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Puiblí;

[EN]

cialluíonn an abairt “olltoghachán Seanaid” an méid sin d'olltoghachán do chomhaltaí do Sheanad Éireann a comórfar do réir Airtiogail 18 den Bhunreacht, a bhainfidh le toghachán na gcomhaltaí sin gur gá do réir an Airtiogail sin 18 gur ollscoileanna a thoghfadh iad;

[EN]

cialluíonn an abairt “an chéad olltoghachán Seanaid” an chéad olltoghachán Seanaid a comórfar tar éis tosach feidhme an Achta so;

[EN]

cialluíonn an abairt “toghachán corra Seanaid” comhalta de Sheanad Éireann do thoghadh chun ionaid chomhalta do toghadh ag ollscoil agus gur fágadh a shuidheachán folamh tré n-a éag, a eirghe as no a dhí-cháiliú;

[EN]

foluíonn an abairt “toghachán Seanaid” olltoghachán Seanaid agus toghachán corra Seanaid;

[EN]

nuair a húsáidtear an focal “toghachán” gan coinníoll foluíonn sé olltoghachán agus toghachán corra;

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

[EN]

Rialacháin.

4.—Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá crduithe no le hordú.

[EN]

Costaisí.

5.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

CUID II.

Toghdais, Togh-Choras, agus Claru.

[EN]

Toghdais agus toghthóirí.

6.—(1) I ngach toghachán Seanaid—

[EN]

(a) beidh Ollscoil na hÉireann ina toghdas (dá ngairmtear toghdas Ollscoil na hÉireann san Acht so) chun triúr comhalta do thoghadh chun Seanad Éireann, agus

[EN]

(b) beidh Ollscoil Bhaile Atha Cliath ina toghdas (dá ngairmtear toghdas Ollscoil Bhaile Atha Cliath san Acht so) chun triúr comhalta do thoghadh chun Seanad Éireann, agus

[EN]

(c) gach duine bheidh cláruithe mar thoghthóir de thurus na huaire ar an rolla de thoghthóirí do thoghdas Ollscoil na hÉireann beidh sé i dteideal vótála sa toghdas san, agus

[EN]

(d) gach duine bheidh cláruithe mar thoghthóir de thurus na huaire ar an rolla de thoghthóirí do thoghdas Ollscoil Bhaile Atha Cliath beidh sé i dteideal vótála sa toghdas san.

[EN]

(2) Ní bheidh éinne i dteideal vótála i dtoghachán i dtoghdas ollscoile mara mbeidh sé cláruithe mar thoghthóir ar an rolla de thoghthóirí don toghdas san.

[EN]

(3) Ní thabharfaidh éinní atá san alt so teideal do dhuine ar bith chun vótála i dtoghachán i dtoghdas ollscoile faid a bheidh toirmeasctha air do réir dlí vótáil amhlaidh, ná ní shaorfaidh éinní atá alt so duine ar bith o aon phionóisí dhlighfe sé a chur air mar gheall ar vótáil amhlaidh.

[EN]

(4) San Acht so gairmtear toghdais ollscoile de thoghdas Ollscoil na hÉireann agus de thoghdas Ollscoil Bhaile Atha Cliath agus san Acht so léireofar an abairt “toghdas ollscoile” dá réir sin.

[EN]

Togh-chóras.

7.—(1) Gach duine is saoránach d'Éirinn agus a fuair céim (seachas céim oinigh) in Ollscoil na hÉireann agus ag á mbeidh bliain agus fiche slán, beidh sé i dteideal é chlárú mar thoghthóir ar an rolla de thoghthóirí do thoghdas Ollscoil na hÉireann.

[EN]

(2) Gach duine is saoránach d'Éirinn agus a fuair céim (seachas céim oinigh) in Ollscoil Bhaile Atha Cliath no fuair scoláireacht bhunathachta san Ollscoil sin no, más bean an duine sin, a fuair scoláireacht nach scoláireacht bhunathachta san Ollscoil sin agus (in aon chás) ag á mbeidh bliain agus fiche slán, beidh sé i dteideal é chlárú mar thoghthóir ar an rolla de thoghthóirí do thoghdas Ollscoil Bhaile Atha Cliath.

[EN]

Rollaí de thoghthóirí.

8.—(1) Cuirfidh cólucht rialuithe gach ollscoile is toghdas ollscoile fé ndeár rolla (dá ngairmtear rolla de thoghthóirí san Acht so) do choimeád do réir an Achta so de sna daoine bheidh de thurus na huaire i dteideal iad do chlárú mar thoghthóirí sa toghdas san.

[EN]

(2) Gach rolla de thoghthóirí bheidh á choimeád fén Acht so alos toghdais ollscoile beidh sé sa bhfuirm sin a dhéanfaidh cólucht rialuithe na hollscoile gurb í an toghdas san í a ordú-le ceadú an Aire.

[EN]

(3) An rolla de thoghthóirí do hullamhuíodh agus atá á choimeád do réir an Achta Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923), agus do tháinig i bhfeidhm an 1adh lá de Mheitheamh, 1937, do thoghdas Ollscoil na hÉireann do bunuíodh leis an Acht san, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, díreach ar theacht i bheidhm don Acht so, ina rolla de thoghthóirí chun crícheanna an Achta so do thoghdas Ollscoil na hÉireann agus as san amach coimeádfaidh cólucht rialuithe Ollscoil na hÉireann é do réir an Achta so.

[EN]

(4) An clár de thoghthóirí do hullamhuíodh agus atá á choimeád do réir an Achta Timpeal Toghachán 1923 (Uimh. 12 de 1923), agus do tháinig i bhfeidhm an 1adh lá de Mheitheamh, 1937, do thoghdas Ollscoil Bhaile Atha Cliath do bunuíodh leis an Acht san, tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, díreach ar theacht i bhfeidhm don Acht so, ina chlár de thoghthóirí chun crícheanna an Achta so do thoghdas Ollscoil Bhaile Atha Cliath agus as san amach coimeádfaidh cólucht rialuithe Ollscoil Bhaile Atha Cliath é do réir an Achta so.

[EN]

(5) Ní éileoidh cólucht rialuithe ollscoile aon táille alos duine ar bith do chlárú ar an rolla de thoghthóirí don toghdas ollscoile gurb é an ollscoil sin é.

[EN]

Oifigigh chlárathachta agus athscrúdú bliantúil na rollaí.

9.—(1) Beidh oifigeach clárathachta ann do gach toghdas ollscoile fé leith agus isé cólucht rialuithe na hollscoile gurb í an toghdas í a cheapfaidh agus a íocfaidh an t-oifigeach san.

[EN]

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach oifigeach clárathachta do thoghdas ollscoile an rolla de thoghthóirí don toghdas san d'athscrúdú in aghaidh na bliana do réir na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

[EN]

(3) Gach athscrúdú bliantúil a déanfar, do réir an ailt seo, ar rolla de thoghthóirí, críochnófar é roimh an 1adh lá de Mheitheamh agus tiocfa sé i bhfeidhm an lá san agus déanfar é i slí go mbeidh an rolla san de thoghthóirí ina rolla chruinn, chó fada agus is féidir é, de sna daoine bhí cáilithe an 15adh lá de Mhí na Samhna díreach roimhe sin chun iad do chlárú ar an rolla san de thoghthóirí.

[EN]

Lánas rollaí de thogthóirí.

10.—Beidh ar an rolla de thoghthóirí do gach toghdas ollscoile ainmneacha na ndaoine uile bheidh i dteideal fén Acht so iad do chlárú mar thoghthóirí sa toghdas san agus beidh air, freisin, alos gach duine den tsórt san, an seoladh ag á mbíonn sé ina ghnáthchomhnaí agus freisin, más mian leis é, seoladh eile mar sheoladh gur chuige a cuirfear a pháipéirí ballóide.

[EN]

Athchomhairc i gcoinnibh breithe an oifigigh chlárathachta.

11.—(1) Luighfidh athchomharc chun Bhreithimh den Chúirt Chuarda bheidh dáilithe don Chuaird gurb é atá inti ná contaebhuirg Bhaile Atha Cliath no ina bhfuil an chontae-bhuirg sin o aon bhreith a bhéarfaidh an t-oifigeach clárathachta do thoghdas ollscoile uaidh ar aon éileamh no agóid a bhreithneoidh sé fén Acht so.

[EN]

(2) Luighfidh athchomharc chun na hArd-Chúirte ar phuíntí dlí amháin o bhreith a bhéarfaidh Breitheamh den Chúirt Chuarda uaidh ar athchomharc fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so.

[EN]

(3) Ní luighfidh aon athchomhare o bhreith a bhéarfaidh an Ard-Chúirt uaithi ar athchomharc fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so.

[EN]

(4) Chó luath agus is féidir é tar éis breith do bheith tugtha ar athchomhare fén alt so, cuirfidh clárathóir na Cúirte fógra i dtaobh na breithe sin chun an oifigigh chlárathachta, agus déanfaidh an t-oifigeach clárathachta na hatharuithe sin ar an rolla de thoghthóirí is gá chun éifeacht do thabhairt don bhreith sin.

[EN]

(5) Ar aon athchomharc fén alt so, ainmneofar an t-oifigeach clárathachta mar an gcosantóir no mar dhuine de sna cosantóirí

CUID III.

Toghachain do Stiuradh.

[EN]

Lactheanta agus tráthanna d'olltoghacháin Seanaid do cheapadh.

12.—(1) Roimh gach ollthoghachán Seanaid, ceapfaidh an tAire le hordú, chun crícheanna an toghacháin sin—

[EN]

(a) an lá (dá ngairmtear san Acht so an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh) is lá deiridh ar a nglacfaidh an ceann comhrimh ainmniúcháin iarrthóirí i dtoghdais ollscoile;

[EN]

(b) an lá (dá ngairmtear san Acht so an lá chun páipéirí ballóide do thabhairt amach) a bhéarfar amach agus a postálfar na páipéirí ballóide chun toghthóirí i dtoghdais ollscoile;

[EN]

(c) an lá agus an uair (dá ngairmtear san Acht so críochnú na vótaíochta) a críochnófar an vótaíocht i dtoghdais ollscoile.

[EN]

(2) I gcás an chéad olltoghacháin Seanaid, déanfar an t-ordú fén alt so chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis tosach feidhme an Achta so agus, i gcás gach olltoghacháin Seanaid ina dhiaidh sin, déanfar an t-ordú fén alt so laistigh de sheacht lá tar éis an scurtha de Dháil Éireann gurb é fé ndeár an t-olltoghachán san.

[EN]

(3) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

[EN]

Orduithe toghacháin chorra Seanaid.

13.—(1) Pé uair a chuirfidh Cléireach Sheanad Éireann, le hordú Sheanad Éireann, in úil don Aire gur thárla folúntas i gcomhaltas Sheanad Éireann de bhíthin comhalta dhe do thoigh toghdas ollscoile d'éag, d'eirghe as no do theacht fé dhícháilíocht, déanfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú toghacháin chorra Seanaid san Acht so), chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin agus, in aon chás, fé cheann sé mhí ar a mhéid tar éis an eolais sin d'fháil, a ordú toghachán corra do chomóradh sa toghdas san chun an fholúntais sin do líonadh agus ceapfa sé leis an ordú san, chun crícheanna an toghacháin chorra san, an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh, an lá chun páipéirí ballóide do thabhairt amach, agus an lá agus an uair chun na vótaíochta do chríochnú.

[EN]

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú toghacháin chorra Seanaid, comórfar an toghachán corra a hordófar leis an ordú san do réir an orduithe sin agus an Achta so.

[EN]

Cinn chomhrimh.

14.—(1) I ngach toghachán i dtoghdas Ollscoil na hÉireann isé bheidh ina cheann chomhrimh ná Leas-Seansailéir Ollscoil na hÉireann.

[EN]

(2) I ngach toghachán i dtoghdas Ollscoil Bhaile Atha Cliath isé bheidh ina cheann chomhrimh ná Profast Choláiste na Tríonóide. Baile Atha Cliath.

[EN]

(3) Más rud é, le linn toghacháin i dtoghdas ollscoile, go mbeidh an oifig folamh a luaidhtear san alt so mar oifig a dheineann ceann comhrimh don toghdas san dá sealbhóir, no ná beidh ar chumas sealbhóra na hoifige sin, de dheascaibh droch-shláinte no aon chúise eile, gníomhú mar cheann chomhrimh sa toghachán san, ceapfaidh cólucht rialuithe na hollscoile gurb í an toghdas san í oifigeach éigin eile den ollscoil sin chun bheith ina cheann chomhrimh don toghdas san sa toghachán san.

[EN]

E bheith de dhualgas ar an gceann comhrimh togacháin do stiúradh.

15.—(1) Beidh sé de dhualgas ar an gceann coimhrimh do thoghdas ollscoile gach toghachán a comórfar sa toghdas san do stiúradh, na vótanna do bhéarfar ann do chomhreamh, agus a thoradh d'fháil amach agus do dhearbhú do réir an Achta so agus na rialacha atá sa Dara Sceideal agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus pé nithe agus rudaí eile do dhéanamh maidir leis an toghachán san a ceangailtear air leis an Acht so no leis na rialacha san do dhéanamh.

[EN]

(2) Ullamhóidh an tAire Airgid scála d'éilithe maximum do chinn chomhrimh i dtoghdais ollscoile, agus íocfaidh an tAire sin le gach ceann comhrimh den tsórt san, amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis, a chuid éilithe réasúnta alos a sheirbhísí agus a chostaisí maidir le gach toghachán sa toghdas ollscoile ina mbeidh sé ina cheann chomhrimh, ach gan iad a bheith níos mó in aon chás ná na héilithe maximum a bheidh luaidhte sa scála san d'éilithe maximum a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire

[EN]

Iarrthóirí d'ainmniú.

16.—(1) Déanfar gach iarrthóir i dtoghachán i dtoghdar ollscoile d'ainmniú i scríbhinn ar pháipéar ainmniúcháin ar n-a shighniú ag dhá thoghthóir chláruithe den toghdas mar thairgtheoir agus mar chuiditheoir fé seach agus ag ocht dtoghthóirí cláruithe eile den toghdas mar dhaoine a thoilíonn leis an ainmniúchán.

[EN]

(2) Einne bheidh de thurus na huaire dí-cháilithe chun a thoghtha no neamh-iontoghtha mar chomhalta de Dháil Éireann ní bheidh sé ina iarrthóir i dtoghachán i dtoghdas ollscoile.

[EN]

(3) Féadfaidh toghthóir an oiread páipéar ainmniúcháin do shighniú (pe'ca mar thairgtheoir, mar chuiditheoir no mar thoghthóir toilitheach é) agus a bheidh d'fholúntaisí le líonadh agus ní níos mó ná san.

[EN]

(4) Déanfar gach iarrthóir do thuairisciú sa pháipéar ainmniúcháin do réir a ainme, a sheolta agus a thuairisce i slí is leor, dar leis an gceann comhrimh, chun an iarrthóra san d'aithint.

[EN]

(5) Beidh gach páipéar ainmniúcháin sa bhfuirm orduithe agus bhéarfaidh an ceann comhrimh d'aon toghthóir cláruithe den toghdas an méid sin d'fhuirmeacha páipéar ainmniúcháin a theastóidh uaidh do réir réasúin.

[EN]

Fógra i dtaobh tráthanna agus áiteanna d'fhoillsiú.

17.—(1) I ngach toghachán i dtoghdas ollscoile déanfaidh an ceann comhrimh sa toghdas san fógra puiblí do thabhairt uaidh, na tráthanna luaidhtear sa chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so agus i pé slí is dóich leis is ceart, i dtaobh na nithe so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) na tráthanna agus na háiteanna inar féidir páipéirí ainmniúcháin d'fháil uaidh;

[EN]

(b) an lá bheidh ceaptha fén Acht so chun bheith ina lá dheiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh;

[EN]

(c) an áit ina mbeidh sé i láthair chun ainmniúcháin do ghlacadh an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh;

[EN]

(d) an lá bheidh ceaptha fén Acht so chun bheith ina lá chun páipéirí ballóide do thabhairt amach agus an tráth agus an áit ina dtabharfaidh páipéirí ballóide amach an lá san;

[EN]

(e) an lá agus an uair a bheidh ceaptha fén Acht so chun na vótaíochta do chríochnú.

[EN]

(2) An fógra is gá do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so don cheann chomhrimh a thabhairt uaidh bhéarfar é, i gcás olltoghacháin Seanaid, ar dháta nach déanaí ná trí lá tar éis dáta an orduithe ón Aire ag ceapadh an lae dheiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh sa toghachán san agus, i gcás toghacháin chorra Seanaid, bhéarfar é ar dháta nach déanaí ná trí lá tar éis dáta an orduithe toghacháin chorra Seanaid alos an toghacháin sin.

[EN]

An ceann comhrimh do ghlacadh páipéar ainmniúcháin.

18.—(1) Isé an t-iarrthóir a bheidh ainmnithe i bpáipéar ainmniúcháin no an duine bheidh luaidhte ann mar thairgtheoir no mar chuiditheoir a sheachadfaidh an páipéar ainmniúcháin sin don cheann chomhrimh agus is tar éis foillsithe an fhógra foillseofar do réir an ailt deiridh sin roimhe seo den Acht so agus roimh a dó-dhéag a chlog meán lae an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh a seachadfar amhlaidh é agus, má seachadtar amhlaidh é roimh a deich a chlog maidin an lae sin, coimeádfaidh an ceann comhrimh é go dtí an uair sin is déanaí luaidhtear.

[EN]

(2) An lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh beidh an ceann comhrimh i láthair, san áit a luadhfar chuige sin sa bhfógra san a foillseofar do réir an ailt deiridh sin roimhe seo den Acht so, ar feadh iomlán na tréimhse o n-a deich a chlog ar maidin go dtí n-a dó-dhéag a chlog meán lae chun ainmniúcháin do ghlacadh agus déanfaidh, i dtosach na tréimhse sin, gach páipéar ainmniúcháin a bheidh faighte aige roimhe sin do thaisbeáint agus déanfaidh, ar feadh na coda eile den tréimhse sin, aon pháipéirí ainmniúcháin eile tairgfear dó do ghlacadh.

[EN]

(3) Déanfar gach agóid i gcoinnibh páipéir ainmniúcháin chun an chinn chomhrimh san áit sin agus i rith na tréimhse sin chun ainmniúcháin do ghlacadh agus breithneoidh an ceann comhrimh í agus bhéarfaidh breith uirthi i rith na tréimhse sin no chó luath ina dhiaidh sin agus a bheidh caoi ann chuige sin ach ní níos déanaí ná a haon a chlog tráthnóna an lae dheiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh.

[EN]

(4) Más rud é, ar a haon a chlog tráthnóna an lae dheiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh, ná beidh níos mó iarrthóirí ainmnithe ná mar a bheidh d'fholúntaisí le líonadh, dearbhóidh an ceann comhrimh láithreach na hiarrthóirí bheidh ainmnithe amhlaidh do bheith toghtha agus tuairisceoidh a n-ainmneacha de Chléireach Dháil Éireann agus (ach amháin i gcás an chéad olltoghacháin Seanaid) do Chléireach Sheanad Éireann.

[EN]

(5) I gcás an chéad olltoghacháin Seanaid cuirfidh an ceann comhrimh go dtí Cléireach Sheanad Éireann, chó luath agus is féidir é tar éis an Chléirigh sin do cheapadh, cóip den tuairisceán is gá, do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, do chur go dtí Cléireach Dháil Éireann.

[EN]

(6) Más rud é, ar a haon a chlog tráthnóna an lae dheiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh, go mbeidh níos mó iarrthóirí ainmnithe ná mar a bheidh d'fholúntaisí le líonadh, cuirfidh an ceann comhrimh an toghachán ar athló agus déanfaidh vótaíocht do réir an Achta so.

[EN]

(7) An bhreith do bhéarfaidh an ceann comhrimh ar agóid i gcoinnibh páipéir ainmniúcháin no ar aon cheist eile eireoidh maidir leis na hiarrthóirí d'ainmniú, beidh sí ina breith dheiridh agus ní bheidh sí in-athbhreithnithe ag aon Chúirt.

[EN]

(8) Beidh gach iarrthóir a bheidh ainmnithe i bpáipéar ainmniúcháin agus a thairgtheoir agus a chuiditheoir agus duine amháin eile ainmneoidh sé agus ní bheidh aon daoine eile (seachas congantóirí bheidh ar fostú ag an gceann comhrimh) i dteideal bheith i láthair ag na himeachta le linn na bpáipéar ainmniúcháin do ghlacadh agus breith do thabhairt ortha.

[EN]

Iarrthóirí do tharrac siar.

19.—(1) Féadfaidh iarrthóir, roimh a haon a chlog tráthnóna an lae dheiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh, ach ní níos déanaí ná san, tarrac siar o bheith ina iarrthóir tré fhógra sa chéill sin, fé n-a láimh, do thabhairt don cheann chomhrimh.

[EN]

(2) Má hainmnítear iarrthóir le linn é bheith as láthair o Éirinn, féadfaidh a thairgtheoir agus a chuiditheoir, roimh a haon a chlog an lá deiridh chun ainmniúcháin do ghlacadh, ach ní níos déanaí ná san, an t-iarrthóir sin do tharrac siar tré fhógra i scríbhinn sa chéill sin, fé n-a lámha, do thabhairt don cheann chomhrimh maraon le dearbhú i scríbhinn á rá go bhfuil an t-iarrthóir sin as láthair o Éirinn.

[EN]

(3) Más rud é, tar éis don cheann chomhrimh toghachán do chur ar athló chun vótaíocht do dhéanamh, go bhfaighidh duine de sna hiarrthóirí bheidh ainmnithe bás roimh an lá chun páipéirí ballóide do thabhairt amach, déanfaidh an ceann comhrimh, ar bheith deimhnitheach dó go bhfuair an duine sin bás, an vótaíocht d'fhreasordú agus, leis sin, tosnófar as an nua na himeachta uile bhaineann leis an toghachán agus, chun na críche sin, ceapfaidh an tAire, le hordú, laetheanta nua chun ainmniúcháin do ghlacadh agus chun páipéirí ballóide do thabhairt amach agus lá agus uair nua chun na vótaíochta do chríochnú, ach sa toghachán nua san ní gá aon ainmniúchán nua maidir le haon iarrthóir a bhí ainmnithe le linn na vótaíochta d'fhreas-ordú.

[EN]

Páipéirí ballóide.

20.—(1) I ngach toghachán i dtoghdas ollscoile isé bheidh mar bhallóid ag gach vótálaí fé leith ná páipéar (dá ngairmtear páipéar ballóide san Acht so) ar a mbeidh liost de sna hiarrthóirí ina mbeidh a n-ainmneacha, a seolta, agus na mion-innste ina dtaobh fé mar a bheid luaidhte ar a bpáipéirí ainmniúcháin fé seach agus na hiarrthóirí in eagar aibítre do réir ord a sloinnte agus, i gcás có-ionannas sloinnte, do réir ord a n-ainmneacha eile.

[EN]

(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh na páipéirí ballóide agus beidh uimhir clóbhuailte ar chúl gach páipéir bhallóide agus beidh có-dhuille, agus an uimhir chéanna clóbhuailte ar a aghaidh. ceangailte dhe agus le linn a thabhartha amach marcálfar gach páipéar ballóide ar a dhá thaobh le marc oifigiúil a stampálfar air no a pollfar tríd.

[EN]

(3) Clóbhuailfear sloinne gach iarrthóra fé leith i leitreacha móra ar na páipéirí ballóide agus clóbhuailfear a ainm eile agus a sheoladh agus a thuairisc i leitreacha beaga ach pé uair is ionann sloinne do dhá iarrthóir no níos mó clóbhuailfear i leitreacha móra (i dteanta a sloinnte) ainmneacha eile na n-iarrthóirí sin agus oiread de sheoladh no de thuairisc no de sheoladh agus de thuairisc gach iarrthóra acu san agus a chuirfidh in úil go soiléir, dar leis an gceann comhrimh, cé hé an t-iarrthóir sin.

[EN]

Páipéirí ballóide do thabhairt amach.

21.—(1) An lá a bheidh ceaptha chun páipéirí ballóide i dtoghachán i dtoghdas ollscoile do thabhairt amach déanfaidh an ceann comhrimh sa toghachán san páipéar ballóide maraon le fuirm dhearbhuithe céannachta do chur tríd an bpost chun gach duine go mbeidh a ainm ar an gclár de thoghthóirí don toghdas san.

[EN]

(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach dearbhú céannachta.

[EN]

(3) Nuair a bheidh an ceann comhrimh i dtoghachán i dtoghdas ollscoile ag cur amach agus ag fáil na bpáipéirí ballóide sa toghachán san agus ag deighleáil leo ar shlí eile, déanfaidh do réir na rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhnn leis an Acht so.

[EN]

An modh vótála.

22.—(1) Gach duine bheidh i dteideal vótála i dtoghachán i dtoghdas ollscoile beidh sé i dteideal vótála sa toghachán san sa tslí seo leanas agus ní hin aon tslí eile, sé sin le rá, tré pháipéar bhallóide cuirfear chuige fén Acht so do mharcáil agus do chur thar n-ais go dtí an ceann comhrimh sa toghachán san tríd an bpost maraon leis an bhfuirm dhearbhuithe céannachta cuirfear chuige amhlaidh i dteanta an pháipéar bhálloide sin agus an dearbhú san déanta agus críochnuithe go cuibhe aige.

[EN]

(2) Caithfidh toghthóir agus é ag tabhairt a vóta i dtoghachán i dtoghdas ollscoile, an figiúir 1 do chur ar a pháipéar ballóide os coinne ainm an iarrthóra le n-a mbeidh sé ag vótáil agus féadfaidh ina theanta san na figiúirí 2 agus 3, no 2. 3, agus 4 agus mar sin de do chur ar a pháipéar ballóide os coinne ainmneacha iarrthóirí eile in ord a rogha.

[EN]

(3) Aon pháipéar ballóide—

[EN]

(a) ná beidh an marc oifigiúil air, no

[EN]

(b) ná beidh an figiúir 1 ina aonar curtha air in aon chor no ná beidh sé curtha air i slí go dtaisbeánfaidh céad-rogha d'iarrthóir éigin, no

[EN]

(c) ar a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taisbeáint céadrogha, curtha os coinne ainme níos mó ná aon iarrthóra amháin, no

[EN]

(d) ar a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taisbeáint céadrogha, maraon le huimhir éigin eile curtha os coinne ainme an aon iarrthóra amháin, no

[EN]

(e) ar a mbeidh éinní, ach an uimhir ar an gcúl, scríobhtha no marcálta tré n-ar féidir an vótálaí d'aithint,

[EN]

beidh sé gan bhrí agus ní comhreofar é.

[EN]

Toradh an toghacháin do dhéanamh amach agus do dhearbhú.

23.—(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis na vótaíochta i dtoghachán i dtoghdas ollscoile do bheith críochnuithe, déanfaidh an ceann comhrimh sa toghachán san toradh an toghacháin amach, i bhfianaise na n-iarrthóirí sin agus a ngníomhairí fé seach a bheidh i láthair, do réir an Achta so agus go sonnrách do réir na rialacha atá sa Dara Sceideal agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus dearbhóidh sé na hiarrthóirí do bheith toghtha a déanfar amach amhlaidh do bheith toghtha.

[EN]

(2) An bhreith do bhéarfaidh an ceann comhrimh ar aon cheist eireoidh i dtoghachán i dtoghdas ollscoile i dtaobh na bpáipéirí ballóide, na ndearbhuithe céannachta no na gclúdach ina mbeid no ar éinní eile eireoidh i dtaobh na vótanna do thabhairt amach, d'fháil no do chomhreamh, beidh sí ina breith dheiridh, ach féadfaidh Cúirt a thrialfaidh achuinge thoghacháin i dtaobh an toghacháin sin claochló do dhéanamh uirthi.

[EN]

Rún do choimeád ar an vótáil.

24.—(1) Déanfaidh an ceann comhrimh agus gach duine dá chongantóirí go mbeidh baint acu le páipéirí ballóide do thabhairt amach, d'fháil no do chomhreamh i dtoghachán i dtoghdas ollscoile agus gach iarrthóir agus gníomhaire bheidh i láthair agus na páipéirí sin á dtabhairt amach, á bhfáil, no á gcomhreamh, rún do choimeád agus cabhrú chun rún do choimeád ar an vótáil sa toghachán san agus ní thabharfaid uatha roimh chríochnú an toghacháin, ach amháin chun críche éigin le n-a mbeidh údarás dlí, aon eolas i dtaobh ce'ca vótáil aon toghthóir áirithe sa toghachán san no nár vótáil, ná i dtaobh an mhaire oifigiúil, agus ní thabharfaid d'éinne uair ar bith aon eolas, do gheobhfar le linn no i gcúrsa na tabhartha amach, na fála, no an chomhrimh sin, i dtaobh cé hé an t-iarrthóir gur vótáil no nár vótáil aon toghthóir áirithe leis ná i dtaobh na huimhreach ar chúl an pháipéir bhallóide do cuireadh chun aon toghthóra áirithe.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh éinne cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar aon toghthóir i dtoghachán i dtoghdas ollscoile d'fháil no do mharcáil a pháipéir bhallóide no do chur an pháipéir sin thar n-ais.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh éinne go díreach ná go nea-dhíreach a thabhairt ar aon toghthóir i toghachán i dtoghdas ollscoile a pháipéar ballóide do thaisbeáint, tar éis é dá mharcáil, i slí go nochtfaí don duine sin no d'éinne eile ainm aon iarrthóra 'nar mharcáil sé a vóta leis ar an bpáipéar ballóide sin.

[EN]

(4) Gach éinne ghníomhóidh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí do chur air.

[EN]

Droch-bhearta toghacháin do chosc.

25.—(1) Beidh feidhm ag Coda I, II, III, IV, agus VIII den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 (Uimh. 38 de 1923), maidir le toghacháin i dtoghdais ollscoile, agus chun na críche sin—

[EN]

(a) déanfar an focal “Dáil-toghachán” do léiriú agus beidh éifeacht aige, i ngach áit ina bhfuil sé sna Coda san den Acht san, mar fhocal a fholuíonn toghachán i dtoghdas ollscoile;

[EN]

(b) déanfar an focal “Dáil-toghthóir” do léiriú agus beidh éifeacht aige, i ngach áit ina bhfuil sé sna Coda san den Acht san, mar fhocal a fholuíonn toghthóir i dtoghachán i dtoghdas ollscoile;

[EN]

(c) déanfar an focal “toghachán” do léiriú agus beidh éifeacht aige, i ngach áit ina bhfuil sé gan choinníoll sna Coda san den Acht san, mar fhocal a fholuíonn toghachán i dtoghdas ollscoile.

[EN]

(2) I dteanta forálacha an fho-ailt sin roimhe seo den alt so agus gan dochar dóibh, beidh feidhm ag gach foráil reachtúil a bhaineann le breabaireacht, le pearsanáil, no le cleachtanna cuirpthe ag toghacháin chun comhaltaí de Dháil Éireann do thogha, beidh feidhm acu maidir le toghacháin i dtoghdais ollscoile fé is dá mba toghacháin chun comhaltaí de Dháil Éireann do thogha na toghacháin sin.

[EN]

Achuingeacha toghacháin i dtaobh togachán i dtoghdais ollscoile.

26.—(1) Na hachtacháin a bhaineann le tíolacadh agus le triail achuingeacha toghacháin i dtaobh toghachán chun comhaltaí de Dháil Éireann do thogha beidh feidhm acu maidir le toghacháin i dtoghdais ollscoile ach san gus na hatharuithe is gá ortha.

[EN]

(2) Ní déanfar, in aon imeachta dlí chun toghadh no tuairisciú aon iarrthóra i dtoghachán i dtoghdas ollscoile do dhíospóid, a cheangal ar dhuine ar bith a vótáil sa toghachán san a rá cé leis gur vótáil sé.

[EN]

Rialacha d'fhágaint gan cólíonadh.

27.—Ní dearbhófar aon toghadh iarrthóra i dtoghachán i dtoghdas ollscoile do bheith gan bhrí de bhíthin na rialacha atá sa Dara Sceideal no sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'fhágaint gan cólíonadh ná de bhíthin aon dearmhaid in úsáid na bhfuirmeacha bheidh orduithe fén Acht so agus dá bhíthin sin amháin, má chítear don bhínse 'na mbeidh an cheist os a chóir gur stiúradh an toghachán do réir na bpríonsiobal atá leagtha amach i gcorp an Achta so, agus ná dearna an nea-chólíonadh no an dearmhad san deifir do thoradh an toghacháin.

[EN]

Seirbhísí puist in aisce.

28.—Na seirbhísí puist go léir (ar a n-áirmhítear seirbhísí clárathachta) a déanfar ar fad laistigh d'Éirinn maidir le páipéirí ballóide i dtoghachán i dtoghdas ollscoile do thabhairt amach agus do chur thar n-ais, déanfaidh an tAire Puist agus Telegrafa iad gan na héilithe ar a son do roimh-íoc leis agus tuigfear gur cuid de chostaisí an chinn chomhrimh sa toghachán san gach éileamh den tsórt san agus íocfar iad dá réir sin.

CUID IV.

Ilghneitheach.

[EN]

Eirghe as comhaltas Sheanad Éireann.

29.—(1) Féadfaidh comhalta de Sheanad Éireann do thoghdas ollscoile eirghe as bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann dá dheoin féin tré fhógra i scríbhinn do thabhairt do Chathaoirleach Sheanad Éireann agus craolfaidh seisean an t-eirghe as san do Sheanad Éireann ag an gcéad chruinniú eile bheidh acu.

[EN]

(2) Má eiríonn comhalta do Sheanad Éireann as fén alt so beidh éifeacht ag an eirghe as san díreach ar Chathaoirleach Sheanad Éireann do chraoladh an chéanna do réir an ailt seo.

[EN]

Srian maidir le hiarrthóirí i dtoghacháin chorra Seanaid.

30.—Ní bheidh aon chomhalta de Sheanad Éireann, faid a leanfaidh de bheith ina chomhalta amhlaidh, ina iarrthóir i dtoghachán corra Seanaid.

[EN]

Duine do thogha do dhá thoghdas ollscoile.

31.—Pé uair a déanfar in olltoghachán Seanaid, duine do thogha mar chomhalta do Sheanad Éireann do dhá thoghdas ollscoile, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfaidh an duine sin, tré scríbhinn fé n-a láimh a seachadfar do Chléireach Sheanad Éireann roimh a shuidheachán do thógaint do cheachtar do sna toghdais sin, a dhearbhú ce'ca de sna toghdais sin go mbeidh sé ina ionadaí dhó i Seanad Éireann;

[EN]

(b) mara ndeinidh an duine sin, laistigh de mhí tar éis an chéad chruinnithe bheidh ag Seanad Éireann tar éis an olltoghacháin Seanaid sin, an dearbhú san a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so do sheachadadh do Chléireach Sheanad Éireann do réir na míre sin, tuigfear an duine sin do dhearbhú i ndeireadh an mhí sin gurb é toghdas go mbeadh sé ina ionadaí dhó i Seanad Éireann ná an ceann san de sna toghdais sin ina bhfuair sé an uimhir is mó de chéad-roghna san olltoghachán Seanaid sin;

[EN]

(c) chó luath agus a dhearbhóidh an duine sin no tuigfear é do dhearbhú ce'ca de sna toghdais sin go mbeidh sé ina ionadaí dhó i Seanad Éireann, tuigfear é d'eirighe as a shuidheachán i Seanad Éireann mar chomhalta den chéanna don cheann eile de sna toghdais sin.

[EN]

Duine do thoghadh mar chomhalta ollscoile agus mar chomhalta ainmliosta.

32.—Pé uair a thárlóidh, in olltoghachán do chomhaltaí de Sheanad Éireann, go dtoghfar duine mar chomhalta de Sheanad Éireann do thoghdas ollscoile (dá ngairmtear comhalta ollscoile san alt so) agus freisin mar chomhalta de Sheanad Éireann ar n-a thoghadh o ainmliost d'iarrthóirí a bheidh có-dhéanta do réir ailt 7 d'Airtiogal 18 den Bhunreacht (dá ngairmtear comhalta ainmliosta san alt so), beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfaidh an duine sin, tré scríbhinn fé n-a láimh a seachadfar do Chléireach Dháil Éireann roimh a shuidheachán do thógaint i gceachtar feadhmannas, a dhearbú ce'ca mar chomhalta ollscoile no mar chomhalta ainmliosta shuidhfe sé i Seanad Éireann;

[EN]

(b) mara ndeinidh an duine sin, laistigh de mhí tar éis an chéad chruinnithe bheidh ag Seanad Éireann tar éis an olltoghacháin sin, an dearbhú san a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so do sheachadadh do Chléireach Sheanad Éireann do réir na míre sin, tuigfear an duine sin do dhearbhú i ndeireadh an mhí sin go suidhfe sé i Seanad Éireann mar chomhalta ollscoile;

[EN]

(c) chó luath agus a dhearbhóidh an duine sin no a tuigfear é do dhearbhú ce'ca de sna feadhmannaisí sin ina suidhfe sé i Seanad Éireann, tuigfear é d'eirighe as a shuidheachán i Seanad Éireann mar chomhalta den chéanna sa bhfeadhmannas eile acu san.

CEAD SCEIDEAL.

Rialacha Clarathachta.

Míniú.

1. Sa Sceideal so—

cialluíonn an abairt “oifigeach clárathachta” an t-oifigeach clárathachta do thoghdas ollscoile.

Liost de thoghthóirí d'fhoillsiú.

2. An 29adh lá d'Eanar gach bliain, foillseoidh gach oifigeach clárathachta liost (dá ngairmtear an liost de thoghthóirí sna rialacha so) sa bhfuirm orduithe de sna daoine uile chífear dó bheith i dteideal iad do chlárú sa chlár de thoghthóirí dá thoghdas.

Ceart chun éilimh do chur isteach.

3. Einne ná beidh iontrálta i liost de thoghthóirí do thoghdas ollscoile agus adeir go bhfuil sé i dteideal é chlárú mar thoghthóir sa toghdas ollscoile sin, féadfaidh, ar an 26adh lá no roimh an 26adh lá d'Fheabhra tar éis an liosta san de thoghthóirí d'fhoillsiú, éileamh sa bhfuirm orduithe, á éileamh é chlárú amhlaidh, do chur chun an oifigigh chlárathachta don toghdas san.

Lánas fuirme orduithe éilimh.

4. An fhuirm orduithe éilimh dá dtagartar sa riail deiridh sin roimhe seo beidh sí de shaghas a chuirfidh ar chumas an té bheidh á líonadh na nithe seo leanas a luadh inti—

(a) na mion-innste sin (ar a n-áirmhítear dáta a bheireatais) is gá chun a thaisbeáint é bheith i dteideal bheith ina thoghthóir sa toghdas le n-a mbainfidh an t-éileamh san, agus

(b) an seoladh ag á raibh sé ina ghnáth-chomhnaí an 15adh lá de Mhí na Samhna díreach roimhe sin, agus

(c) más mian leis é, seoladh eile mar sheoladh gur chuige a cuirfear a pháipéirí ballóide.

Liost d'éilimh d'fhoillsiú.

5. Ar dháta nach déanaí ná an 12adh lá de Mhárta gach bliain ullamhóidh agus foillseoidh gach oifigeach clárathachta liost d'éilimh sa bhfuirm orduithe agus cuirfidh sa liost san ainm gach duine a chuir fuirm orduithe éilimh chuige, an 26adh lá d'Fheabhra no roimhe sin, agus í líonta go ceart agus go dóthanach.

An t-am agus an tslí ina ndéanfar agóidí.

6. Einne bheidh cláruithe ar an rolla de thoghthóirí do thoghdas ollscoile, féadfaidh cur i gcoinnibh duine ar bith go mbeidh a ainm i liost de thoghthóirí no i liost d'éilimh alos an toghdais sin do chlárú ar an rolla san; déanfar gach agóid den tsórt san tré fhógra agóide sa bhfuirm orduithe do chur chun an oifigigh chlárathachta ar dháta nach déanaí ná an 26adh lá de Mhárta díreach tar éis an liosta de thoghthóirí no an liosta d'éilimh (pe'ca aca é) le n-a mbainfidh an agóid sin d'fhoillsiú.

E bheith d'oblagáid fógra do thabhairt don té go gcuirfear ina choinnibh.

7. Ní breithneofar agóid fén riail deiridh sin roimhe seo mara ndeinidh an t-agóideach, laistigh den am atá leagtha amach chun an fhógra agóide do chur isteach, cóip den fhógra agóide cuireadh chun an oifigigh chlárathachta do chur tríd an bpost chláruithe roimh-íoctha chun an duine go mbeifear ag cur i gcoinnibh a chláruithe ag á sheoladh mar a bheidh san luaidhte sa liost de thoghthóirí no sa liost d'éilimh, pe'ca aca é.

Liost d'agóidí d'fhoillsiú.

8. Chó luath agus is féidir é tar éis an 26adh lá de Mhárta gach bliain, ullamhóidh agus foillseoidh gach oifigeach clárathachta liost de sna daoine bheidh ainmnithe sa liost de thoghthóirí no sa liost d'éilimh agus go mbeidh fógra agóide i gcoinnibh a gcláruithe faighte ag an oifigeach clárathachta san an 26adh lá san de Mhárta no roimhe sin.

Agóidí do bhreithniú agus breith do thabhairt ortha.

9. Déanfaidh gach oifigeach clárathachta, chó luath agus is féidir é, na hagóidí uile gur tugadh fógra dhó ina dtaobh do réir na rialacha so do bhreithniú agus breith do thabhairt ortha agus, chun na críche sin, déanfaidh, alos gach agóide den tsórt san, fógra cúig lá glan ar a laighead, i dtaobh an ama agus na háite ina mbreithneoidh sé an agóid sin agus ina dtabharfa sé breith uirthi, do thabhairt don agóideach agus don duine go mbeifear ag cur i gcoinnibh a chláruithe leis an agóid sin.

Eilimh do bhreithniú agus breith do thabhairt ortha.

10. Déanfaidh gach oifigeach clárathachta freisin, chó luath agus is féidir é, gach éileamh a bheidh luaidhte sa liost d'éilimh, agus nár tugadh aon fhógra agóide ina thaobh do réir na rialacha so, do bhreithniú agus,

(a) más dóich leis gur féidir an t-éileamh san do lomháil gan a thuilleadh fiosruithe, lomhálfa sé an t-éileamh san agus bhéarfaidh fógra ina thaobh san don éilitheoir, no

(b) maran deimhin leis gur féidir an t-éileamh san do lomháil gan a thuilleadh fiosruithe, bhéarfaidh fógra cúig lá glan ar a laighead don éilitheoir i dtaobh an ama agus na háite ina mbreithneoidh sé an t-éileamh san agus ina dtabharfaidh breith air.

An t-oifigeach clárathachta do dhéanamh agóidí.

11. Féadfaidh oifigeach clárathachta pé fiosruithe eile is dóich leis is gá do dhéanamh alos aon éilimh a bheidh luaidhte i liost d'éilimh agus má chítear dó, tar éis an fhiosruithe sin do dhéanamh, ná fuil an t-éilitheoir i dteideal é chlárú, féadfaidh an t-oifigeach clárathachta féin, aon tráth, cur i gcoinnibh an éilimh sin tré fhógra agóide ina luadhfaidh foras na hagóide do chur chun an éilitheora.

Gach agóid a dhéanfaidh oifigeach clárathachta fén riail seo breithneoidh sé í agus bhéarfaidh breith uirthi, agus chun na críche sin bhéarfaidh fógra cúig lá glan ar a laighead don éilitheoir i dtaobh an ama agus na háite ina mbreithneoidh sé an t-éileamh san agus ina dtabharfa sé breith air amhlaidh.

Eilimh chun iontrála ar rolla do cheartú.

12. Einne bheidh cláruithe mar thoghthóir ar rolla de thoghthóirí agus adéarfaidh go bhfuil sé iontrálta i slí nea-chruinn ar an rolla san no go bhfuil mion-innste nea-chruinne curtha síos ann ina thaobh, féadfaidh, an 26adh lá d'Fheabra no roimhe sin, fógra sa bhfuirm orduithe do chur chun an oifigigh chlárathachta á rá go bhfuil sé iontrálta go nea-chruinn amhlaidh agus ag luadh na n-atharuithe adeir sé is gá chun an rolla san do dhéanamh cruinn maidir leis-sean agus á éileamh go n-atharófaí an rolla dá réir sin.

Ní cuirfear aon éileamh a déanfar fén riail seo sa liost d'éilimh.

Eilimh ar cheartúcháin do bhreithniú agus breith do thabhairt ortha.

13. Breithneoidh gach oifigeach clárathachta, chó luath agus is féidir é, gach éileamh a déanfar fén riail deiridh sin roimhe seo agus,

(a) más dóich leis gur féidir an t-éileamh san do lomháil gan a thuilleadh fiosruithe, lomhálfa sé an t-éileamh san agus bhéarfaidh fógra ina thaobh san don éilitheoir, no

(b) maran deimhin leis gur féidir an t-éileamh san do lomháil gan a thuilleadh fiosruithe, bhéarfaidh fógra cúig lá glan ar a laighead don éilitheoir i dtaobh an ama agus na háite ina mbreithneoidh sé an t-éileamh san agus ina dtabharfaidh breith air.

An rolla d'athscrúdú.

14. Déanfaidh gach oifigeach clárathachta, ar dháta nach déanaí ná an 31adh lá de Bhealtaine gach bliain, an rolla de thoghthóirí dá thoghdas d'athscrúdú tré sna nithe seo leanas do dhéanamh maidir leis an rolla san, sé sin le rá:—

(a) ainmneacha agus seolta na ndaoine uile bhí iontrálta sa liost de thoghthóirí do foillsíodh an 29adh lá den Eanar roimhe sin agus ná dearnadh agóid gur eirigh léi i gcoinnibh a gclárathachta do chur ar an rolla san, maraon le hainmneacha agus seolta na ndaoine uile adubhairt go rabhdar i dteideal iad do chlárú ar an rolla san agus gur lomháil an t-oifigeach clárathachta san a n-éileamh chun iad do chlárú amhlaidh, agus

(b) gach ceartúchán, den tsórt san is gá chun éifeacht do thabhairt do gach éileamh ar cheartúcháin do lomháil an t-oifigeach clárathachta san, do dhéanamh ar an rolla san, agus

(c) ainmneacha na ndaoine uile do fágadh ar lár sa liost san de thoghthóirí toisc iad do bheith marbh do bhaint den rolla san.

An rolla athscrúduithe d'fhoillsiú.

15. Nuair a bheidh an t-athscrúdú ar an rolla de thoghthóirí dá thoghdas críochnuithe ag oifigeach clárathachta do réir na rialach deiridh sin roimhe seo, déanfaidh na nithe seo leanas maidir leis an rolla san mar do hathscrúduíodh amhlaidh é (dá ngairmtear an rolla athscrúduithe sa riail seo), sé sin le rá:—

(a) an rolla athscrúduithe sin d'fhoillsiú ar dháta nach déanaí ná an 1adh lá de Mheitheamh tré fhógra d'fhoillsiú á rá go bhfuil cóip den rolla athscrúduithe sin ar nochtadh chun a iniúchta ina oifig, agus

(b) cóip amháin ar a laighead den rolla athscrúduithe sin do choimeád ar fáil ina oifig i gcóir iniúchta, agus

(c) leigint d'éinne cóip den rolla athscrúduithe sin d'iniúchadh in aisce ina oifig le linn tráthanna oifige, agus

(d) ar n-a iarraidh sin air d'éinne le linn tráthanna oifige agus ar an táille orduithe d'íoc, cóip den rolla athscrúduithe sin no den chuid sin de is abhar don iarratas san do thabhairt don duine sin, agus

(e) cóip den rolla athscrúduithe sin do chur chun an Aire chó luath agus is féidir é tar éis an rolla san d'fhoillsiú, agus

(f) pé uair a iarrfaidh an tAire san air, achmaireacht ar a mbeidh sa rolla athscrúduithe sin do chur chun an Aire agus í sa bhfuirm sin agus na mion-innste sin inti luadhfa sé san iarratas san.

An tslí chun athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Cuarda.

16. Duine gur mian leis athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh breithe oifigigh chlárathachta caithfe sé fógra athchomhairc do thabhairt sa bhfuirm orduithe don oifigeach chlárathachta san agus don pháirtí ar an taobh eile (más ann dó) nuair a bhéarfar an bhreith sin no laistigh de chúig lá ina dhiaidh sin.

Déanfaidh an t-oifigeach clárathachta gach fógra athchomhaire den tsórt san a bhéarfar dó amhlaidh do chur chun an chlárathóra chontae do chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath sa tslí bheidh orduithe le rialacha cúirte maraon le ráiteas, i ngach cás, i dtaobh na bhfíoraisí táchtacha a cruthuíodh, dar leis an oifigeach clárathachta san, sa chás agus i dtaobh a bhreithe ar an gcás go léir agus ar aon phuinte luadhfar mar fhoras athchomhairc.

Bhéarfaidh an t-oifigeach clárathachta don chúirt éistfidh aon athchomharc den tsórt san pé eolas eile bheidh aige no ar fáil aige agus a éileoidh an chúirt sin.

Athchomhairc ar fhorais den tsaghas chéanna.

17. Má chítear d'oifigeach chlárathachta aon dá fhógra athchomhairc no níos mó i gcoinnibh a bhreitheanna do bheith bunuithe ar fhorais den tsaghas chéanna, cuirfe sé an méid sin in úil don chlárathóir chontae do chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath chun a chur ar chumas an bhreithimh a éistfidh na hathchomhairc sin (más oiriúnach leis é) na hathchomhairc sin do chó-dhlúthú no athchomharc amháin acu san do thogha chun bheith ina chás tástála.

Atharú ar sheoladh toghthóirí cláruithe.

18. Einne bheidh cláruithe ar an rolla de thoghthóirí do thoghdas ollscoile féadfaidh, tráth ar bith, aon atharú ar sheoladh an duine sin (pe'ca ar an seoladh ag á mbíonn sé ina ghnáthchomhnaí no ar an seoladh gur chuige a cuirfear a pháipéirí ballóide é) do chur in úil don oifigeach chlárathachta don toghdas san agus leis sin leasóidh an t-oifigeach clárathachta san an rolla san de thoghthóirí tríd an atharú seolta san d'iontráil ann.

Toghthóirí marbha do scriosadh amach as an rolla.

19. Pé uair a thiocfa sé chun eolais don oifigeach chlárathachta do thoghdas ollscoile duine bheidh cláruithe ar an rolla de thoghthóirí don toghdas san do bheith marbh nótóidh sé an méid sin agus, nuair a bheidh an chéad athscrúdú bliantúil eile á dhéanamh ar an rolla san do réir an Achta so, fágfaidh ainm an duine sin ar lár sa liost de thoghthóirí.

Cruthúnas ar aois agus ar shaoránacht.

20. Roimh éinne do chlárú sa chlár de thoghthóirí do thoghdas ollscoile, féadfaidh an t-oifigeach clárathachta don toghdas san, más dóich leis gur gá é—

(a) a cheangal ar an duine sin deimhniú ar a bheireatas do thaisbeáint no, maran féidir no mara mbeidh sé caothúil déanamh amhlaidh, dearbhú reachtúil do dhéanamh go bhfuil bliain is fiche slán aige, agus

(b) a cheangal ar an duine sin dearbhú reachtúil a dhéanamh gur saoránach d'Éirinn é no deimhniú ar a eadóirseacht mar shaoránach d'Éirinn do thaisbeáint, fé mar is gá sa chás.

Má ceangailtear ar dhuine fén riail seo dearbhú reachtúil a dhéanamh, íocfaidh an t-oifigeach clárathachta, mar chuid dá chostaisí clárathachta, aon táille is iníoctha maidir leis an dearbhú reachtúil sin agus beidh an dearbhú saor o dhiúité stampa.

An tslí ina bhfoillseofar scríbhinní.

21. Má ceangailtear ar oifigeach chlárathachta leis na rialacha so aon scríbhinn d'fhoillsiú agus ná beidh aon tsocrú áirithe déanta i dtaobh slí a foillsithe, foillseoidh an t-oifigeach clárathacha san an scríbhinn sin tré chóipeanna dhi do chur ar fáil chun a n-iniúchta ina oifig i rith tráthanna oifige agus tré fhógra, ina luadhfar na tráthanna inar féidir an scríbhinn sin d'iniúchadh ina oifig, do phostáil in áit éigin so-fheicse ar an taobh amuich dá oifig.

Oifigigh chlárathachta do sholáthar fuirmeacha.

22. Ar n-a iarraidh sin air do dhuine ar bith, bhéarfaidh gach oifigeach clárathachta don duine sin in aisce an méid sin d'fhuirmeacha éilimh agus d'fhuirmeacha fógra agóide theastóidh uaidh do réir réasúin.

Ar n-a iarraidh sin air do dhuine ar bith, déanfaidh gach oifigeach clárathachta, freisin, leigint don duine sin aon éileamh no fógra agóide do gheobhaidh an t-oifigeach clárathachta san fé sna rialacha so d'iniúchadh agus cóipeanna do dhéanamh de agus déanfaidh, freisin, ar an táille orduithe d'íoc, cóip d'aon éileamh no d'aon fhógra agóide den tsórt san do thabhairt don duine sin.

An tslí chun fógraí do chur ar aghaidh.

23. Aon éileamh, fógra agóide, no scríbhinn eile bheidh le cur chun oifigigh chlárathachta fé sna rialacha so, féadfar é chur chuige tríd an bpost roimh-íoctha agus é dírithe chuige fé sheoladh a oifige.

Aon fhógra ceangailtear ar oifigeach chlárathachta, leis na rialacha so, a chur chun duine ar bith, is leor é chur tríd an bpost agus é dírithe chun an duine sin ag an seoladh thug sé uaidh chuige sin no, más toghthóir cláruithe é, ag á sheoladh mar a bheidh sé luaidhte ar an rolla de thoghthóirí no, i gcás gan ceachtar de sna seolta san a bheith ar fáil, ag an áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

Daoine bheidh i dteideal teacht i láthair an oifigigh chlárathachta agus éisteacht d'fháil.

24. Ar aon éileamh no agóid no ní eile do bheith á bhreithniú ag oifigeach clárathachta do réir na rialacha so féadfaidh éinne, go bhfeicfear don oifigeach clárathachta leas do bheith aige sa scéal, teacht i láthair agus éisteacht d'fháil i bpearsain no tré dhuine éigin eile thar a cheann (nach abhcóide).

Comhacht d'oifigeach chlárathachta fianaise do thógaint fé mhionn.

25. Ar aon éileamh no agóid no ní eile do bheith á bhreithniú ag oifigeach clárathachta do réir na rialacha so, féadfaidh an t-oifigeach clárathachta san, ar n-a iarraidh san air d'éinne ag á mbeidh leas sa scéal no, más oiriúnach leis é, gan an t-iarratas san, a chur mar cheangal gur fé mhionn a bhéarfar an fhianaise thairgfidh aon duine áirithe agus chuige sin féadfaidh an duine sin do chur fé mhionn.

Ainmneacha neachearta agus tuairiscí neachruinne.

26. Má tugtar ainm nea-cheart no tuairisc nea-chruinn ar dhuine no ar áit ar bith in aon liost no i gclár de thoghthóirí no in aon fhógra ní dhéanfaidh san dochar d'oibriú an Achta so ná na rialacha so maidir leis an duine no an áit sin má bhíonn an duine no an áit sin ainmnithe agus tuairiscithe ar shlí ina n-aithneofar go coitianta cé hé an duine no cadé an áit a bheidh i gceist.

DARA SCEIDEAL.

Toghachain do Stiuradh.

Páipéirí ballóide do thabhairt amach.

1. An lá chun páipéirí ballóide do thabhairt amach, déanfaidh an ceann comhrimh, sa tslí a horduítear sna rialacháin seo leanas, páipéar ballóide do thabhairt amach do gach toghthóir a bheidh cláruithe ar an rolla de thoghthóirí don toghdas.

Iarrthóirí do bheith i láthair.

2. Beidh gach iarrthóir agus a ghníomhaire i dteideal bheith i láthair le linn na páipéirí ballóide bheith á dtabhairt amach agus, ar n-a iarraidh san air d'aon iarrthóir no gníomhaire den tsórt san, cuirfidh an ceann comhrimh in úil dó cathain a bhéarfar agus cá háit ina dtabharfar na páipéirí ballóide sin amach.

Na daoine bheidh i láthair le linn páipéirí ballóide do thabhairt amach.

3. Ní bheidh éinne i láthair le linn páipéirí ballóide do thabhairt amach ach an ceann comhrimh agus a chongantóirí, an méid sin de sna hiarrthóirí agus dá ngníomhairí a thogróidh bheith i láthair, agus pé daoine eile (más ann dóibh) dá gceadóidh an ceann comhrimh bheith i láthair amhlaidh.

An tslí chun páipéirí ballóide do thabhairt amach.

4. Bhéarfaidh an ceann comhrimh gach páipéar ballóide amach tré sna nithe seo leanas a dhéanamh no a chur fé ndeár iad do dhéanamh san ord so leanas, sé sin le rá:—

(a) glaofar amach uimhir, ainm, agus tuairisc an toghthóra chun a mbeidh an páipéar ballóide le tabhairt amach fé mar a bheidh san luaidhte ar an rolla de thoghthóirí;

(b) marcálfar uimhir sin an toghthóra ar chó-dhuille an pháipéir bhallóide;

(c) cuirfear mare ar chóip den rolla de thoghthóirí, os coinne uimhreach an toghthóra air, chun a thaisbeáint gur tugadh amach páipéar ballóide don toghthóir sin gan a nochtadh cadé an páipéar ballóide é;

(d) marcálfar an páipéar ballóide ar a dhá thaobh leis an mare oifigiúil;

(e) déanfar an uimhir a bheidh ar chúl an pháipéir bhallóide do mharcáil ar fhuirm dhearbhuithe chéannachta agus ar chlúdach pháipéir bhallóide;

(f) cuirfear i gclúdach (dá ngairmtear an forchlúdach anso feasta) a bheidh sa bhfuirm orduithe agus a bheidh dírithe chun an toghthóra ag an seoladh bheidh luaidhte ar an rolla de thoghthóirí mar an seoladh gur chuige a cuirfear a pháipéirí ballóide no, mara mbeidh aon tseoladh den tsórt san luaidhte amhlaidh, ag seoladh a ghnáth-áite comhnaithe mar a bheidh sé luaidhte ar an rolla de thoghthóirí na scríbhinní seo leanas, sé sin le rá:—

(i) an páipéar ballóide sin, agus

(ii) an fhuirm dhearbhuithe chéannachta san, agus

(iii) clúdach (dá ngairmtear an clúdach clúdacháin anso feasta) sa bhfuirm orduithe agus é dírithe chun an chinn chomhrimh, agus

(iv) clúdach is lugha ná san (dá ngairmtear clúdach an pháipéir bhallóide anso feasta) sa bhfuirm orduithe agus é marcálta, mar a horduítear anso roimhe seo, leis an uimhir a bheidh ar chúl an pháipéir bhallóide sin;

(g) dúnfar an forchlúdach go héifeachtúil;

(h) nuair a bheidh na forálacha san roimhe seo den riail seo cólíonta maidir le gach páipéar ballóide a bheidh le tabhairt amach, baileofar, comhreofar, agus postálfar na forchlúdaigh dhúnta san go léir.

Páipéirí ballóide do phostáil.

5. Postálfaidh an ceann comhrimh na forchlúdaigh dhúnta san tré sna forchlúdaigh sin do sheachadadh don cheann-oifig phuist is goire dhó, no do pé oifig eile ar a socrófar leis an gceann-mháistir puist, agus stampálfaidh an máistir puist san oifig sin, leis an dátstampa post-oifige, fuirm admhála a thíolacfaidh an ceann comhrimh agus ina mbeidh an méid forchlúdach do seachadadh amhlaidh luaidhte, agus cuirfe sé na forchlúdaigh sin ar aghaidh láithreach tríd an bpost cláruithe chun a seachadtha do sna daoine go mbeidh a seolta ortha.

An rolla de thoghthóirí agus na có-dhuillí do choimeád.

6. Chó luath agus is féidir é tar éis tabhairt-amach na bpáipéirí ballóide do bheith críochnuithe agus i bhfianaise an mhéide sin de sna hiarrthóirí agus dá ngníomhairí bheidh i láthair déanfaidh an ceann comhrimh pacáidí ar leithligh den chóip mharcálta den rolla de thoghthóirí agus de chó-dhuillí na bpáipéirí ballóide, agus séalófar na pacáidí sin le n-a shéala féin agus le séalaí an mhéide sin de sna hiarrthóirí no de sna gníomhairí le n-ar mian a séalaí do chur ortha.

An bosca ballóide.

7. Cuirfidh an ceann comhrimh bosca ballóide ar fáil, chun na gclúdach clúdacháin do chur isteach ann nuair a chuirfidh na vótálaithe thar n-ais iad, agus ar thabhairt-amach na bpáipéirí ballóide do bheith críochnuithe taisbeánfaidh an ceann comhrimh an bosca ballóide sin, ar oscailt agus folamh, do sna hiarrthóirí agus do sna gníomhairí (más ann dóibh) a bheidh i láthair, agus séalóidh sé an bosca ballóide sin le n-a shéala agus déanfa sé socrú chun an bhosca bhallóide sin do choimeád slán sábhálta.

An ní déanfar leis na clúdaigh chlúdacháin ar iad d'fháil.

8. Déanfaidh an ceann comhrimh láithreach gach clúdach clúdacháin a gheobha sé roimh an vótaíocht do chríochnú do chur isteach, gan oscailt, sa bhosca bhallóide agus déanfa sé gach clúdach clúdacháin a gheobha sé tar éis na vótaíochta do chríochnú do chur isteach, gan oscailt, i bpacáiste ar leithligh fé shéala agus déanfa sé freisin gach forchlúdach a cuirfear thar n-ais chuige mar rud nár seachadadh do chur isteach, gan oscailt, i bpacáiste ar leithligh fé shéala.

Fógra i dtaobh comhreamh na vótanna.

9. Trí lá ar a laighead roimh an vótaíocht do chríochnú cuirfidh an ceann comhrimh tríd an bpost, chun gníomhaire gach iarrthóra, fógra i scríbhinn i dtaobh an ama agus na háite ina n-osclóidh sé an bosca ballóide agus ina gcomhreoidh na vótanna.

An bosca ballóide d'oscailt.

10. Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis na vótaíochta do chríochnú osclóidh an ceann comhrimh an bosca ballóide agus comhreoidh na vótanna.

Na daoine bheidh i láthair le linn na vótanna do chomhreamh.

11. Ní bheidh éinne i láthair le linn an bhosca bhallóide d'oscailt ná le linn vótanna do chomhreamh ach an ceann comhrimh agus a chongantóirí, an méid sin de sna hiarrthóirí agus dá ngníomhairí thogróidh bheith i láthair agus pé daoine eile (más ann dóibh) dá gceadóidh an ceann comhrimh bheith i láthair.

An nós imeachta leanfar ar an mbosca ballóide d'oscailt.

12. Nuair a beifear tar éis an bosca ballóide d'oscailt déanfaidh an ceann comhrimh na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) na clúdaigh chlúdacháin uile do thógaint amach as an mbosca ballóide agus iad do chomhreamh agus a líon do nótú;

(b) gach clúdach clúdacháin acu san d'oscailt agus an dearbhú céannachta ann do scrúdú agus an uimhir ar an dearbhú san do chur i gcompráid leis an uimhir ar chlúdach an pháipéir bhallóide sa chlúdach chlúdacháin sin;

(c) más mar a chéile na huimhreacha san agus go bhfaighfear an dearbhú céannachta do bheith críochnuithe agus déanta go cuibhe, cuirfidh an ceann comhrimh an dearbhú céannachta agus clúdach an pháipéir bhallóide i gcoimeádáin ar leithligh;

(d) maran deimhin leis an gceann comhrimh an dearbhú céannachta do bheith críochnuithe agus déanta go cuibhe cúl-scríobhfaidh “diúltuíodh don vóta” ar an dearbhú céannachta agus ceanglóidh sé clúdach an pháipéir bhallóide dhe gan an clúdach san d'oscailt no, mara mbeidh aon chlúdach den tsórt san ann, ceanglóidh sé an páipéar ballóide dhe;

(e) má fhaghann an ceann comhrimh nach mar a chéile an uimhir ar an dearbhú céannachta agus an uimhir ar chlúdach an pháipéir bhallóide, no mara mbeidh aon uimhir ar an gclúdach, osclóidh sé an clúdach agus, más mar a chéile an uimhir ar an bpáipéar ballóide agus an uimhir ar an dearbhú céannachta, cuirfe sé an páipéar ballóide sa choimeádán speisialta bheidh curtha ar fáil aige i gcóir páipéirí ballóide;

(f) maran mar a chéile an uimhir ar an bpáipéar ballóide agus an uimhir ar an dearbhú céannachta, cuirfidh an ceann comhrimh an páipéar ballóide thar n-ais ina chlúdach, más ann dó, ceanglóidh sé an clúdach no an páipéar ballóide sin (pe'ca aca é) den dearbhú chéannachta, agus cúl-scríobhfaidh “diúltuíodh don vóta” ar an dearbhú céannachta;

(g) má dheallruíonn sé ná fuil dearbhú céannachta i dteanta clúdach an pháipéir bhallóide, osclóidh an ceann comhrimh clúdach an pháipéir bhallóide, agus má faightear an dearbhú céannachta do bheith ann deighleálfa sé leis an dearbhú agus leis an bpáipéar ballóide sin do réir na bhforálacha san roimhe seo den riail seo;

(h) marcálfa sé an focal “diúltuithe” ar gach dearbhú céannachta ná beidh páipéar ballóide ina theanta agus ar gach páipéar ballóide ná beidh dearbhú céannachta ina theanta.

Páipéirí ballóide agus dearbhuithe ná beidh sna clúdaigh chearta.

13. Más in éineacht a gheobhfar páipéar ballóide agus dearbhú céannachta agus gur mar a chéile na huimhreacha ortha, ní diúltófar don pháipéar bhallóide mara mbeidh de chúis leis sin ach go raibh an páipéar ballóide agus an dearbhú céannachta no aon cheann acu gan bheith sna clúdaigh chearta no sa chlúdach cheart no go raibh aon chlúdach den tsórt san gan bheith daingnithe.

Dearbhuithe céannachta do dhiúltú.

14. Taisbeánfaidh an ceann comhrimh do sna hiarrthóirí agus do sna gníomhairí bheidh i láthair aon dearbhú céannachta go mbeidh sé chun diúltú dhó ar an scór nár críochnuíodh agus ná dearnadh sa cheart é agus má chuireann aon iarrthóir no gníomhaire acu san i gcoinnibh na breithe sin uaidh cuirfe sé leis an gcúl-scríbhinn na focail “cuireadh i gcoinnibh an diúltuithe”.

Dearbhuithe dá ndiúltófar do choimeád ar deighilt.

15. Déanfaidh an ceann comhrimh na dearbhuithe uile dá ndiúltófar, maraon leis na clúdaigh no leis na páipéirí ballóide, pe'ca aca é, a bheidh ceangailte dhíobh, do choimeád ar deighilt o scríbhinní eile.

Clúdaigh pháipéirí ballóide d'oscailt.

16. Nuair a beifear tar éis na gclúdach clúdacháin uile sa bhosca bhallóide d'oscailt agus a bheidh deighleálta fé sna rialacha san roimhe seo le n-a mbeidh ionta, osclóidh an ceann comhrimh gach clúdach páipéir bhallóide ná beidh oscailte agus cuirfidh an uimhir ar an gclúdach i gcompráid leis an uimhir ar an bpáipéar ballóide agus más mar a chéile na huimhreacha cuirfidh an páipéar ballóide isteach sa ghabhadán speisialta bheidh curtha ar fáil aige i gcóir páipéirí ballóide ach maran mar a chéile na huimhreacha marcálfaidh “diúltuithe” ar an bpáipéar ballóide agus ceanglóidh den chlúdach é.

Dearbhuithe, páipéirí ballóide, etc., do choimeád.

17. Chó luath agus a bheidh an ceann comhrimh tar éis na bpáipéirí ballóide uile do chur isteach sa ghabhadán speisialta san cuirfe sé isteach i bpacáidí ar leithligh fé shéala (1) na dearbhuithe céannachta bhí i dteanta aon pháipéirí ballóide le n-ar glacadh go cuibhe; (2) aon dearbhuithe céannachta dar diúltuíodh; agus (3) aon pháipéirí ballóide dar diúltuíodh agus, sa dá chás deiridh sin, beidh ina dteanta na clúdaigh (más ann dóibh) a bheidh ceangailte dhíobh.

Na vótanna do chomhreamh.

18. Nuair a bheidh na rialacha san roimhe seo cólíonta ag an gceann comhrimh meascfa sé go maith ar a chéile na páipéirí ballóide a bheidh sa ghabhadán speisialta san agus ansan tógfa sé na páipéirí ballóide sin amach as an ngabhadán speisialta san, comhreoidh sé iad agus nótóidh a líon agus ansan comhreoidh sé, do réir na rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, na vótanna do breacadh ar na páipéirí ballóide sin.

Páipéirí ballóide bheidh gan bhrí do dhiúltú.

19. Cúl-scríobhfaidh an ceann comhrimh “diúltuithe” ar aon pháipéar ballóide dá ndiúltóidh sé mar pháipéar gan bhrí agus má chuireann aon iarrthóir no gníomhaire i gcoinnibh na breithe sin uaidh le n-ar dhiúltuigh sé don pháipéar bhallóide cuirfe sé leis an gcúl-scríbhinn sin “cuireadh i gcoinnibh an diúltuithe”.

Na himeachta fén Sceideal so do bheith leanúnach.

20. Sa mhéid gur féidir é déanfaidh an ceann comhrimh na himeachta fén Sceideal so tar éis an bhosca bhallóide d'oscailt agus fós comhreamh na vótanna do choimeád ar siúl gan sos ach féadfaidh, tráth ar bith, na himeachta no an comhreamh san do chur ar fiunraoi go ceann pé tréimhse is ceart, dar leis, chun bia no deoch do thógaint no i gcóir na hoíche no mar gheall ar aon réasúin eile is leor, dar leis, agus pé uair a chuirfe sé na himeachta san no an comhreamh san ar fiunraoi amhlaidh glacfaidh gach réamh-chúram is cóir chun na bpáipéirí ballóide, na gclúdach, na vótanna, agus na scríbhinní eile a bhaineann leis an toghachán do choimeád sábhálta.

Dearbhú seicréideachta.

21. Déanfaidh an ceann comhrimh agus gach éinne dá chongantóirí a thógfaidh páirt in aon cheann de sna himeachta fén Sceideal so no i gcomhreamh na vótanna agus gach iarrthóir agus gníomhaire bheidh i láthair le linn aon imeachta dhíobh san no le linn an chomhrimh sin geallúint sa bhfuirm orduithe do shighniú, sara dtógfaid páirt amhlaidh no sara mbeid i láthair amhlaidh, go gcoimeádfaid rún ar an vótáil.

Deimhniú ar thoradh na vótaíochta.

22. Chó luath agus a bheidh comhreamh na vótanna críochnuithe ullamhóidh an ceann comhrimh i ndúbláid deimhniú, sa bhfuirm orduithe, ina luadhfar ainmneacha na n-iarrthóirí do toghadh, méid iomlán na vótanna do tugadh do gach iarrthóir fé leith (pe'ca toghadh é no nár toghadh), gach aistriú vótanna do rinneadh fén Acht so agus méid iomlán na vótanna do bhí curtha i leith gach iarrthóra fé leith i ndeireadh an chomhrimh ina ndearnadh gach aistriú fé leith den tsórt san, agus pé nithe eile a hordófar, agus sighneoidh an ceann comhrimh an deimhniú dúbláide sin ansan agus cuirfidh ceann de sna dúbláidí sin go dtí Cléireach Dháil Éireann agus (ach amháin i gcás an chéad olltoghacháin Seanaid) an ceann eile de sna dúbláidí sin go dtí Cléireach Sheanad Éireann.

I gcás gach deimhniú a hullamhófar fén riail seo maidir leis an gcéad olltoghachán Seanaid, déanfaidh an ceann comhrimh, tar éis dó dúbláid amháin den deimhniú san do chur go dtí Cléireach Dháil Éireann, an dúbláid eile den deimhniú san do choimeád agus cuirfidh an dúbláid eile sin go dtí Cléireach Sheanad Éireann no seachadfaidh dó é chó luath agus is féidir é tar éis an Chléirigh sin do cheapadh.

Toradh an toghacháin d'fhoillsiú.

23. Ullamhóidh an ceann comhrimh freisin agus foillseoidh san Iris Oifigiúil ráiteas sa bhfuirm orduithe ina luadhfar ainmneacha na n-iarrthóirí do toghadh agus an t-ord inar toghadh iad.

Páipéirí ballóide do choimeád.

24. Ar chríochnú chomhreamh na vótanna dhó cuirfidh an ceann comhrimh isteach i bpacáidí ar leithligh fé shéala na páipéiri ballóide comhrithe agus na páipéirí ballóide dar diúltuíodh mar pháipéirí gan bhrí.

An ceann comhrimh do choinneáil scríbhinní.

25. Coinneoidh an ceann comhrimh go ceann sé mhí tar éis na vótaíochta do chríochnú na pacáidí uile agus fé seach a bheidh fé shéala agus ina mbeidh an chóip mharcálta den rolla de thoghthóirí, có-dhuillí na bpáipéirí ballóide, na clúdaigh chlúdacháin do fuarthas tar éis na vótaíochta do chríochnú, na forchlúdaigh do cuireadh thar n-ais mar nithe nár seachadadh, na dearbhuithe céannachta le n-ar glacadh, na dearbhuithe céannachta dar diúltuíodh, na páipéirí ballóide dar diúltuíodh, na páipéirí ballóide comhrithe, agus na páipéirí ballóide gan bhrí, agus i gcionn na tréimhse sin de sé mhí dítheoidh sé na pacáidí séaluithe sin go léir mara mbeidh a mhalairt orduithe ag bínse toghacháin.

Pacáidí séaluithe d'iniúchadh.

26. Ní leigfear do dhuine ar bith iniúchadh do dhéanamh ar aon cheann de sna pacáidí séaluithe sin a choinneoidh an ceann comhrimh ná ar éinní dá mbeidh ionta ach amháin fé ordú bhínse thoghacháin agus dá réir sin.

Údarás chun pacáidí séaluithe d'iniúchadh.

27. Féadfaidh bínse toghacháin a údarú do dhuine ar bith iniúchadh do dhéanamh ar a mbeidh in aon cheann de sna pacáidí séaluithe sin ar ar gá do réir chirt san a dhéanamh ach ar dhéanamh aon iniúchta den tsórt san bhéarfar aire ná déanfar an tslí in ar vótáil aon toghthóir áirithe d'fháil amach go dtí go mbeidh cruthuithe chun sástachta bhínse thoghacháin gur vótáil an toghthóir sin agus go mbeidh dearbhuithe ag an mbínse sin a vóta do bheith gan bhrí.

Orduithe bínse thoghacháin do chólíonadh.

28. Cólíonfaidh an ceann coimhrimh gach ordú a dhéanfaidh bínse toghacháin i dtaobh na bpácáidí séaluithe sin d'iniúchadh agus do thabhairt i láthair agus i dtaobh cad déanfar leo.

Tabhairt-i-lathair ag an gceann comhrimh do bheith ina fianaise dho-chlaoite.

29. Má orduíonn bínse toghacháin don cheann chomhrimh aon scríbhinn no pacáid scríbhinní ina sheilbh a bhaineann le toghachán áirithe do thabhairt i láthair agus má dheineann an ceann comhrimh an scríbhinn no an phacáid scríbhinní sin do thabhairt i láthair do réir an orduithe sin beidh an thabhairt-iláthair sin ina fianaise dho-chlaoite go mbaineann an scríbhinn no an phacáid scríbhinní sin leis an toghachán áirithe sin, agus an chúl-scríbhinn a bheidh curtha ag an gceann comhrimh do réir an Sceidil seo ar aon scríbhinn no pacáid scríbhinní den tsórt san beidh sí ina fianaise dho-chlaoite gurb é ní an scríbhinn no an phacáid sin ná an ní adeirtear sa chúl-scríbhinn sin iseadh í.

Fianaise ar vótáil

30. Má dheineann an ceann comhrimh páipéar ballóide do thabhairt i láthair a bhéarfaidh le tuisgint gur húsáideadh é in aon toghachán agus có-dhuille ar a mbeidh marcálta an uimhir chlóbhuailte chéanna agus ar a mbeidh uimhir marcálta i scríbhinn, beidh an thabhairt-i-láthair sin ina fianaise prima facie gurb éinne amháin an duine do vótáil leis an bpáipéar ballóide sin agus an duine gur mar a chéile a uimhir ar an rolla de thoghthóirí agus an uimhir a bheidh marcálta amhlaidh ar an gcó-dhuille sin.

An ceann comhrimh do chur cúlscríbhinne ar phacáidí

31. Pé uair is gá don cheann chomhrimh, do réir an Sceidíl seo, aon scríbhinní do chur i bpacáid ar leithligh fé shéala cúl-scríobhfaidh ar an bpacáid sin ráiteas ina luadhfar líon agus cineál na scríbhinní sin agus an toghachán le n-a mbainid.

An bhrí atá le “bínse toghacháin.”

32. Sa Sceideal so cialluíonn an abairt “bínse toghacháin” cúirt ag á mbeidh údarás go dleathach chun deighleáil le hachuingeacha ag gearán mar gheall ar thuairisciú nea-chuibhe no ar thogha nea-chuibhe i dtoghachán Seanaid.

TRIU SCEIDEAL.

Comhreamh na Votanna.

1. (1) Nuair a bheidh na páipéirí ballóide measctha do réir na Rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, déanfaidh an ceann comhrimh, tar éis diúltú d'aon chuid acu bheidh gan bhrí, a chur fé ndeár go ndéanfar beartanna de sna páipéirí ballóide do réir na gcéad-roghna do breacadh do gach iarrthóir.

(2) Déanfaidh an ceann comhrimh ansan an méid páipéirí bheidh i ngach beartán do chomhreamh, agus cuirfe sé i leith gach iarrthóra fé leith uimhir de vótanna is có-ionann leis an uimhir de pháipéirí dleathacha ar ar breacadh céad-rogha don iarrthóir sin, agus déanfa sé amach uimhir iomlán na bpáipéar dleathach uile.

2. Déanfaidh an ceann comhrimh ansan uimhir iomlán na bpáipéar dleathach uile do roinnt ar uimhir a bheidh aon thar uimhir na bhfolúntas a bheidh le líonadh. An uimhir a bheidh aon thar toradh na roinnte sin, gan aon iarmhar briste do bhac, isí sin an uimhir de vótanna is leor chun iarrthóir do thoghadh. An “quota” a bheirtear ar an uimhir sin anso.

3. Más ionann agus an quota, no más mó ná an quota, an uimhir de vótanna bheidh curtha i leith iarrthóra i ndeireadh aon chomhrimh, tuigfear an t-iarrthóir sin do bheith toghtha.

4. (1) Más mó ná an quota an uimhir de vótanna bheidh curtha i leith iarrthóra i ndeireadh aon chomhrimh aistreofar an barrachas do réir forálacha na Rialach so chun an iarrthóra leanúnaigh no na n-iarrthóirí leanúnacha taisbeántar ar na páipéirí ballóide i mbeartán no i bhfo-bheartán an iarrthóra thoghtha do réir na gcéad roghna infheadhma eile a breacadh ortha.

(2) (a) Más bun-vótanna amháin na vótanna a cuireadh i leith iarrthóra thoghtha scrúdóidh an ceann comhrimh gach páipéar i mbeartán an iarrthóra thoghtha 'na mbeidh a bharrachas le n-aistriú agus déanfa sé fo-bheartáin de sna páipéirí ionaistrithe do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha.

(b) Más bun-vótanna agus vótanna aistrithe, no más vótanna aistrithe amháin, na vótanna bheidh curtha i leith iarrthóra thoghtha, scrúdóidh an ceann comhrimh na páipéirí bheidh sa bhfobheartán is déanaí do fuair an t-iarrthóir toghtha agus déanfa sé, de sna páipéirí ionaistrithe bheidh ann, tuilleadh fo-bheartáin do réir na gcéad roghna infheadhma eile breacadh ortha.

(c) I gceachtar de sna cásanna dá dtagartar i míreanna (a) agus (b) den fho-alt so déanfaidh an ceann comhrimh fo-bheartán fé leith de sna páipéirí neamh-ionaistrithe, agus déanfa sé amach cadé an uimhir de pháipéirí atá i ngach fo-bheartán de pháipéirí ionaistrithe, agus sa bhfo-bheartán de pháipéirí neamhionaistrithe.

(3) Más ionann an barrachas agus uimhir iomlán na bpáipéar sna fo-bheartáin de pháipéirí ionaistrithe, no más mó ná san é, aistreoidh an ceann comhrimh gach fo-bheartán de pháipéirí ionaistrithe chun an iarrthóra leanúnaigh a taisbeántar ortha mar chéad rogha infheadhma eile ag na vótálaithe:

Ach nuair is mó an barrachas ná an uimhir iomlán san déanfar fo-bheartán d'uimhir de pháipéirí neamh-ionaistrithe bheidh có-ionann leis an deifríocht a bheidh idir an uimhir iomlán san agus an barrachas agus cuirfear i leataoibh na páipéirí bheidh sa bhfo-bheartán san agus ní bacfar leo a thuilleadh agus chun crícheanna Rialach 22 atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so gairmfear páipéirí neamh-ionaistrithe neamh-éifeachtúla dhíobh agus déanfar fo-bheartán, freisin, de sna páipéirí neamhionaistrithe bheidh fágtha, agus cuirfear iad le páipéirí an iarrthóra tuigfear a bheith toghtha.

(4) (a) Más lugha an barrachas ná an uimhir iomlán de pháipéirí ionaistrithe, aistreoidh an ceann comhrimh as gach fo-bheartán de pháipéirí ionaistrithe, chun an iarrthóra leanúnaigh a taisbeántar ortha mar chéad rogha infheadhma eile ag na vótálaithe, an uimhir sin de pháipéirí go mbeidh idir í agus an uimhir de pháipéirí bheidh sa bhfo-bheartán an cothrom céanna bheidh idir an barrachas agus uimhir iomlán na bpáipéar ionaistrithe.

(b) Déanfar amach an uimhir de pháipéirí bheidh le n-aistriú as gach fo-bheartán fé leith tríd an uimhir de pháipéirí bheidh sa bhfo-bheartán d'iolrú fé uimhir an bharrachais agus an toradh do roinnt ar uimhir iomlán na bpáipéar ionaistrithe. Déanfar nóta de sna codáin, má bhíd ann, i ngach líon fé leith a déanfar amach alos gach iarrthóra fé leith.

(c) Má thagann as a leithéidí de chodáin do bheith ann gur lugha ná an barrachas an uimhir de pháipéirí bheidh le n-aistriú, tógfar do réir ord a méide, ón gceann is mó anuas, oiread de sna codáin sin agus is gá chun na huimhreach iomláine de pháipéirí bheidh le n-aistriú do dhéanamh có-ionann leis an mbarrachas, agus áirmheofar ina n-aon iad agus ní tabharfar áird ar an gcuid eile de sna codáin.

Más có-mhéid do dhá chodán no níos mó tuigfear gurb é an codán san eireoidh as an bhfo-bheartán is mó an codán is mó, agus más có-mhéid do sna fó-bheartáin sin, bhéarfar tosaíocht don iarrthóir a fuair an uimhir is mó de bhun-vótanna. Má bhíonn uimhreacha na mbun-vótanna san có-ionann, féachfar do sna huimhreacha iomlána de vótanna bhí curtha i leith na n-iarrthóirí sin sa chéad chomhreamh nár chó-ionann vótanna dhóibh, agus tuigfear gurb é an codán a bhí curtha i leith an iarrthóra ba mhó vótanna sa chomhreamh san an codán is mó. Má bhí na huimhreacha de vótanna bhí curtha i leith na n-iarrthóirí sin có-ionann i ngach comhreamh cinnfidh an ceann comhrimh le crannchur ce'ca codán a tuigfear is mó.

(d) Isiad páipéirí áirithe bheidh le n-aistriú as gach fo-bheartán fé leith ná na cinn is déanaí cuireadh sa bhfo-bheartán agus déanfar gach páipéar a haistreofar amhlaidh do mharcáil, do stampáil no do pholladh ar chuma thaisbeánfidh uimhir an chomhrimh ina ndearnadh an t-aistriú.

(5) Déanfar barrachas a eireoidh i ndeireadh comhrimh ar bith d'aistriú roimh bharrachas a eireoidh i gcomhreamh ina dhiaidh sin: Ach—

(a) ní fhágann san gur gá don cheann chomhrimh barrachas iarrthóra thoghtha d'aistriú nuair is lugha an barrachas san, maraon le haon bharrachas eile neamhaistrithe, ná an deifríocht a bheidh idir na huimhreacha de sna vótanna bheidh curtha i leith an dá iarrthóir leanúnacha is ísle;

(b) barrachas a bheidh có-ionann leis an deifríocht no níos mó ná an deifríocht a bheidh idir na huimhreacha de vótanna a bheidh curtha i leith an dá iarrthóir is ísle, aistreofar é roimh aon bharrachas is lugha ná an deifríocht san;

(c) má bhíonn dhá bharrachas no níos mó ann agus gach ceann acu níos lugha an deifríocht a bheidh idir na huimhreacha de vótanna bheidh curtha i leith an dá iarrthóir is ísle, isé an barrachas is mó dhíobh san is túisce a haistreofar agus san gan féachaint don chomhreamh as ar eirigh sé.

(6) Nuair eireoidh dhá bharrachas no níos mó as an aon chomhreamh amháin is leis an gceann is mó dhíobh is túisce deighleálfar agus deighleálfar leis na cinn eile do réir ord a méide.

(7) Más có-ionann barrachas do gach duine de dhá iarrthóir no níos mó agus san ag eirghe as an aon chomhreamh amháin féachfar don uimhir de bhun-vótanna fuair gach iarrthóir fé leith, agus is le barrachas an iarrthóra go mbeidh an uimhir is mó de bhunvótanna curtha ina leith is túisce deighleálfar.

Má bhíonn uimhreacha na mbun-vótanna san có-ionann, féachfar don uimhir iomlán de vótanna bhí curtha i leith na n-iarrthóirí sin sa chéad chomhreamh nár chó-ionann vótanna dhóibh, agus is le barrachas an iarrthóra go mbeidh an uimhir is mó de vótanna curtha ina leith sa chomhreamh san is túisce deighleálfar.

Má bhí na huimhreacha de vótanna bhí curtha i leith na n-iarrthóirí sin có-ionann i ngach comhreamh, cinfidh an ceann comhrimh le crannchur ce'ca barrachas díobh is túisce le n-a ndeighleálfa sé.

5. (1) Má ráiníonn aon uair gan barrachas do bheith ag iarrthóir ar bith (no nach gá agus ná déanfar, fén Riail deiridh sin roimhe seo, barrachas a bheidh ann d'aistriú) agus go mbeidh folúntas no folúntaisí gan líonadh, dúnfaidh an ceann comhrimh amach an t-iarrthóir go mbeidh an uimhir is lugha de vótanna curtha ina leith agus scrúdóidh páipéirí uile an iarrthóra san, agus déanfaidh fo-bheartáin de sna páipéirí ionaistrithe do réir na gcéad roghna infheadhma eile breacadh ortha d'iarrthóirí leanúnacha, agus aistreoidh gach fo-bheartán fé leith chun an iarrthóra dar breacadh an rogha san, agus déanfaidh fo-bheartán fé leith de sna páipéirí neamh-ionaistrithe. Cuirfear na páipéirí neamh-ionaistrithe i leataoibh mar pháipéirí go bhfuiltear réidh ar fad leo agus, chun crícheanna Rialach 22 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, gairmfear páipéirí neamh-ionaistrithe neamh-éifeachtúla dhíobh.

(2) Má bhíonn iomlán vótanna an dá iarrthóir no níos mó is ísle, maraon le haon bharrachas neamh-aistrithe, níos lugha ná an uimhir de vótanna bheidh curtha i leith an chéad iarrthóra eile is aoirde, féadfaidh an ceann comhrimh, d'aon iarracht amháin, na hiarrthóirí sin do dhúnadh amach agus a vótanna d'aistriú do réir míre (1) den Riail seo.

(3) Má ráiníonn, nuair is gá iarrthóir do dhúnadh amach fén Riail seo, go mbeidh an uimhir chéanna de vótanna ag gach duine fé leith de dhá iarrthóir no níos mó agus gurb iad is ísle, féachfar don uimhir de bhun-vótanna bheidh curtha i leith gach iarrthóra fé leith acu san, agus dúnfar amach an t-iarrthóir go mbeidh an uimhir is lugha de bhun-vótanna aige agus, má bhíonn uimhreacha na mbún-vótanna có-ionann, féachfar do sna huimhreacha iomlána de vótanna bhí curtha i leith na n-iarrthóirí sin sa chéad chomhreamh nár chó-ionann vótanna dhóibh agus dúnfar amach an t-iarrthóir ag á raibh an uimhir is lugha de vótanna sa chomhreamh san agus, má bhí na huimhreacha de vótanna bhí curtha i leith na n-iarrthóirí sin có-ionann i ngach comhreamh, cinnfidh an ceann comhrimh le crannchur ce'ca aca a dúnfar amach.

6. (1) Aon uair a déanfar aistriú ar bith fé aon Riail acu san roimhe seo, déanfar gach fo-bheartán de pháipéirí a haistreofar do chur ar bharr an bheartáin, má bhíonn ann, de pháipéirí a bheidh ag an iarrthóir chun a ndéanfar an t-aistriú, agus cuirfear i leith an iarrthóra san uimhir de vótanna bheidh có-ionann leis an uimhir de pháipéirí a haistreofar chuige.

(2) Má bhíonn barrachas ag iarrthóir tar éis aon aistrithe, deighleálfar leis an mbarrachas san do réir agus fé réim na bhforálacha atá i Riail 4 sara ndúnfar amach aon iarrthóir eile.

7. (1) Nuair is có-ionann an uimhir d'iarrthóirí leanúnacha agus an uimhir d'fholúntaisí a bheidh gan líonadh tuigfear leis sin na hiarrthóirí leanúnacha do bheith toghtha.

(2) Nuair ná beidh ach aon fholúntas amháin gan líonadh agus a bheidh vótanna aon iarrthóra leanúnaigh amháin éigin níos líonmhaire ná iomlán vótanna uile na n-iarrthóirí leanúnacha eile, maraon le haon bharrachas neamh-aistrithe, tuigfear leis sin an t-iarrthóir sin do bheith toghtha.

(3) Nuair is féidir na folúntaisí deiridh do líonadh fén Riail seo, ní gá aon aistriú eile vótanna do dhéanamh.

8. (1) I ndeireadh aon chomhrimh féadfaidh aon iarrthóir no a ghníomhaire a iarraidh ar an gceann comhrimh gach ceann no aon cheann de sna páipéirí le n-ar deighleáladh le linn an chomhrimh sin d'ath-scrúdú agus d'ath-chomhreamh agus déanfaidh an ceann comhrimh dá réir sin na páipéirí do luadhadh d'ath-scrúdú agus d'ath-chomhreamh láithreach gan aon atharuithe do dhéanamh ar chóiriú na bpáipéar sna beartáin iomdha, ach amháin i gcás a leithéidí sin d'atharuithe do bheith riachtanach de dheascaibh aon earráide do nochtadh san athchomhreamh. Féadfaidh an ceann comhrimh freisin, más rogha leis é, páipéirí d'ath-comhreamh aon uair amháin no níos minicí in aon chás ná beidh sé sásta i dtaobh cruinnis aon chomhrimh áirithe: Ach ní chuirfidh éinní anso d'oblagáid ar an gceann comhrimh an t-aon bheartán amháin páipéar d'ath-chomhreamh níos mó ná aon uair amháin.

(2) Beidh ar chomhachta na Cúirte, i gcás achuinge toghacháin, comhacht chun a ordú go ndéanfar na páipéirí ballóide uile no aon chuid acu d'ath-chomhreamh, agus toradh an toghacháin d'fháil amach do réir na Rialacha so.

(3) In aon ath-chomhreamh den tsórt san, geobhaidh gach páipéar an cúrsa céanna do ghaibh sé sa chéad chomhreamh vótanna ach beidh san fé réir pé atharuithe is gá de bhíthin aon orduithe ón gCúirt.

9. (1) Má eiríonn aon cheist maidir le hiarrthóir ar bith do dhúnadh amach fé Riail 5 no maidir le haon vótanna d'aistriú, ní bheidh dul thar breith an chinn chomhrimh, pe'ca adéarfaidh í no is iontuigthe as a ghníomhartha í, mara ndeinidh aon iarrthóir no a ghníomhaire agóid i scríbhinn agus foraisí na hagóide ráite inti do thabhairt don cheann chomhrimh roimh thoradh na vótaíochta do dhearbhú, agus sa chás san féadfar breith an chinn chomhrimh do chlaochló ar achuinge thoghacháin.

(2) Má claochluítear amhlaidh aon bhreith dá dtabharfaidh an ceann comhrimh beidh an t-aistriú bheidh i gceist agus gach oibriú lean é gan bhrí agus féadfaidh an chúirt a ordú cadé an t-aistriú bheidh le déanamh in ionad an aistrithe bheidh i gceist, agus féadfaidh a chur fé ndeár go ndéanfar na hoibrithe bheidh le déanamh i ndiaidh an aistrithe agus go bhfaighfear amach toradh an toghacháin do réir na Rialacha so.

10. Sna Rialacha so—

(1) Cialluíonn an abairt “iarrthóir leanúnach” aon iarrthóir ná tuigfear a bheith toghtha agus ná beidh dúnta amach.

(2) Cialluíonn an focal “céad-rogha” an figiúir “1” ina aonar; cialluíonn an abairt “dara rogha” an figiúir “2” ina aonar i leanúntas an fhigiúra “1” agus cialluíonn an abairt “tríú rogha” an figiúir “3” ina aonar i leanúntas na bhfigiúirí “1” agus “2” os coinne ainme aon iarrthóra, agus mar sin de.

(3) Cialluíonn an abairt “an chéad rogha infheadhma eile” dara rogha no rogha ina dhiaidh sin ar n-a bhreacadh in ord uimhreach có-leantach d'iarrthóir leanúnach, gan áird do thabhairt ar an gcéad rogha eile do réir úird ar an bpáipéar ballóide d'iarrthóirí a tuigfear a bheith toghtha no bheidh dúnta amach cheana.

(4) Cialluíonn an abairt “páipéar ionaistrithe” páipéar ballóide ar a mbeidh, i ndiaidh céad-rogha, dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha in ord uimhreach có-leantach d'iarrthóir leanúnach.

(5) Cialluíonn an abairt “páipéar neamh-ionaistrithe” páipéar ballóide ná beidh aon dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha air d'iarrthóir leanúnach.

Ach tuigfear páipéar neamh-ionaistrithe do dhéanamh de pháipéar—

(a) má bhíonn ainmneacha dhá iarrthóir no níos mó (pe'ca iarrthóirí leanúnacha iad no nach eadh) marcálta leis an aon uimhir amháin agus gurb iad na céad iarrthóirí eile iad in ord rogha; no

(b) má bhíonn ainm an chéad iarrthóra eile in ord rogha (pe'ca iarrthóir leanúnach é no nach eadh) marcálta—

(i) le huimhir ná tagann in ord leanúnach i ndiaidh uimhreach éigin eile ar an bpáipéar ballóide; no

(ii) le dhá uimhir no níos mó; no

(c) má bhíonn sé gan bhrí toisc nea-chinnteachta.

(6) Cialluíonn an focal “bun-vóta,” maidir le haon iarrthóir, vóta o pháipéar bhallóide ar a mbeidh céad-rogha breactha don iarrthóir sin.

(7) Cialluíonn an abairt “vóta aistrithe,” maidir le haon iarrthóir, vóta o pháipéar bhallóide ar a mbeidh dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha don iarrthóir sin.

(8) Cialluíonn an focal “barrachas” an méid thar an quota a bheidh uimhir na vótanna uile, idir bhun-vótanna agus vótanna aistrithe, a bheidh curtha i leith aon iarrthóra.

(9) Cialluíonn an focal “comhreamh”—

(a) gach oibriú is gá do dhéanamh chun na gcéad-roghna bheidh breactha d'iarrthóirí do chomhreamh; no

(b) gach oibriú is gá do dhéanamh chun barrachais iarrthóra thoghtha d'aistriú; no

(c) gach oibriú is gá do dhéanamh chun vótanna iarrthóra bheidh dúnta amach d'aistriú.

(10) Cialluíonn an abairt “tuigfear a bheith toghtha” tuigfear a bheith toghtha chun críche comhreamh na vótanna ach beidh san gan dochar do thoradh na vótaíochta do dhearbhú.

(11) Cialluíonn an abairt “cinneadh le crannchur” cinneadh do réir na treorach so leanas:—Tar éis ainmneacha na n-iarrthóirí le n-a mbainfidh do scríobhadh ar bhlúirí páipéir có-chosúla agus na blúirí sin d'fhilleadh i slí ná haithneofar thar a chéile iad agus iad do mheascadh agus do tharrac gan ordú gan eagar, déanfar an t-iarrthóir no na hiarrthóirí bheidh le dúnadh amach do dhúnadh amach san ord ina dtarraiceofar a n-ainmneacha agus, i gcásanna barrachaisí, déanfar na barrachaisí d'aistriú san ord ina dtarraiceofar na hainmneacha.