Uimhir 30 de 1969
AN tACHT LEITHREASA, 1969
[An tiontú oifigiúil.]
Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £363,498,080, a leithreasú.
1891, c. 24.
1.—(1) Na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965, chun slánú an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim trí chéad seasca is trí mhilliún, ceithre chéad nócha is ocht míle agus ochtó punt agus atá comhdhéanta den tsuim ocht milliún, cúig chéad seasca is míle amháin agus ochtó punt le haghaidh Seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1969, agus den tsuim trí chéad caoga is ceithre mhilliún, naoi gcéad tríocha is seacht míle punt le haghaidh Seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1970, déantar iad a leithreasú le haghaidh na Seirbhísí agus na críocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.
(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim fiche is ceithre mhilliún, dhá chéad caoga is dhá mhíle, céad is dhá phunt déag, a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.
Leasú ar alt 4 den Acht Leithreasa, 1965.
1854, c. 94.
2.—Leasaítear leis seo alt 4 den Acht Leithreasa, 1965, le héifeacht amhail ó dháta an Achta sin a rith, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) (a) Is é méid a bheidh le híoc isteach sa Státchiste i leith aon airgead a gheofar ar iasacht faoin alt seo an méid d'airgead reatha an Stáit a gheofar nuair a dhéanfar an tsuim a gheofar ar iasacht amhlaidh a chomhshó in airgead reatha de chuid an Stáit.
(b) Déanfaidh an tAire Airgeadais an comshó láithreach nó aon tráth is cuí leis laistigh de bhliain ó thráth an airgid a fháil ar iasacht agus, go dtí go ndéanfar an comhshó, féadfaidh sé an tsuim a gheofar ar iasacht amhlaidh a thaisceadh lasmuigh den Stát.
(c) Beidh sna cuntais airgeadais bhliantúla faoi alt 2 den Public Revenue and Consolidated Fund Charges Act, 1854, ráiteas ag insint aon suimeanna a bheidh i dtaisce faoin bhfo-alt seo ag deireadh na bliana airgeadais.
(d) Chun críocha cumhachtaí an Aire Airgeadais airgead a fháil ar iasacht, is é méid a mheasfar a bheith faighte ar iasacht i gcás airgead a fháil ar iasacht faoin alt seo an méid a bheidh íoctha isteach sa Státchiste.”
Gearrtheideal.
3.—Féadfar an tAcht Leithreasa, 1969, a ghairm den Acht seo.
AN SCEIDEAL
Cuid I
Sceideal de shuimeanna Forlíontacha a deonaíodh, agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach, don bhliain dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1969.
Suimeanna nach mó ná | |||
Vóta Uimh. | Teideal | Deontais Soláthair | Leithreasaí-i-gCabhair |
(1) | (2) | (3) | (4) |
8 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig na nOibreacha Poiblí; le haghaidh caiteachais i leith Foirgneamh Poiblí; chun Páirceanna agus Oibreacha Poiblí áirithe a chothabháil; agus chun Oibreacha Siltin agus Oibreacha Innealtóireachta eile a dhéanamh agus a chothabháil; agus chun deontas-i-gcabhair a íoc .. .. .. | £ | £ |
10 | -- | ||
12 | Le haghaidh Pinsin, Aoisliúntais, Cúiteamh (lena n-áirítear Cúiteamh do Lucht Oibre), agus liúntais agus Aiscí, breise agus eile, faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, agus faoi Reachtanna éagsúla eile; Pinsin, Liúntais agus Aiscí Eisreachtúla, arna ndámhachtain ag an Aire Airgeadais; táillí do Lia-Réiteoirí agus corrtháillí do Dhochtúirí; Cúiteamh agus íocaíochtaí eile i leith Díobhálacha Pearsanta; etc. .. .. .. .. | 10 | 10 |
16 | Le haghaidh Costais Ilghnéitheacha áirithe, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe | 70,000 | -- |
21 | Le haghaidh tuarastail agus costais an Gharda Síochána, lena n-áirítear pinsin, etc.; le haghaidh íocaíochtaí cúitimh agus costais eile i leith seirbhíse sna Caomhnóirí Áitiúla; agus chun deontas-icabhair a íoc .. .. .. .. | 60,000 | |
26 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear deontais d'Údaráis Áitiúla, deontais agus costais eile i ndáil le Tithíocht, agus scéimeanna agus deontais ilghnéitheacha lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe .. | 10 | -- |
32 | Le haghaidh deontaís-i-gcabhair d'Ollscoileanna agus do Choláistí agus d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath | 353,000 | -- |
36 | Le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair | 10 | -- |
38 | Le haghaidh tuarastail agus costais i ndáil le hIascach Mara agus Intire, lena n-áirítear ildeontais-i-gcabhair .. .. | 10 | -- |
40 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc .. .. .. .. | 2,822,000 | -- |
41 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Iompair agus Cumhachta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc .. .. .. .. | 10 | -- |
42 | Le haghaidh tuarastail agus i gcostais Oifig an Aire Poist agus Telegrafa agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontas-i-gcabhair a íoc .. | 10 | -- |
45 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha agus seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair .. .. | 49,000 | 4,000 |
47 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Árachais Shóisialaigh, agus le haghaidh ildeontas .. .. .. .. .. | 3,907,000 | 59,000 |
48 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais d'Údaráis Áitiúla, deontais ilghnéitheacha agus deontais-i-gcabhair áirithe .. .. .. .. .. | 1,300,010 | -- |
£ | 8,561,080 | 3,010 |
Cuid II
Sceideal de shuimeanna a deonaíodh, agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair na dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach agus a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1970.
Suimeanna nach mó ná | |||
Vóta Uimh. | Teideal | Deontais Soláthair | Leithreasaí-i-gCabhair |
(1) | (2) | (3) | (4) |
1 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig Rúnaí an Uachtaráin agus le haghaidh costais áirithe eile a bhaineann le Teaghlachas an Uachtaráin, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair .. .. .. .. | £ | £ |
19,500 | -- | ||
2 | Le haghaidh tuarastail agus costais Thithe an Oireachtais, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe .. .. .. .. | 790,000 | -- |
3 | Le haghaidh tuarastail agus costais Roinn an Taoisigh .. .. .. .. .. | 69,800 | -- |
4 | Le haghaidh tuarastail agus costais na Príomh-Oifige Staidrimh .. .. .. | 331,000 | 2,000 |
5 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste .. | 74,000 | 18,150 |
6 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Oifig an Phámháistir Ghinearálta, agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc .. .. | 1,560,000 | 12,200 |
7 | Le haghaidh tuarastail agus costais oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin .. .. .. .. .. | 5,015,000 | 120,000 |
8 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig na nOibreacha Poiblí; le haghaidh caiteachais i leith Foirgneamh Poiblí; chun Páirceanna agus Oibreacha Poiblí áirithe a chothabháil; agus chun Oibreacha Siltin agus Oibreacha Innealtóireachta eile a dhéanamh agus a chothabháil; agus chun deontas-i-gcabhair a íoc .. .. .. | 9,883,000 | 1,223,217 |
9 | Le haghaidh tuarastail agus costais na Saotharlainne Stáit .. .. .. | 60,000 | 1,600 |
10 | Le haghaidh tuarastail agus costais Choimisiún na Státseirbhíse agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla .. .. .. | 72,000 | 88,500 |
11 | Le haghaidh deontais (deontas-i-gcabhair) don Chomhairle Ealaíon .. .. .. | 60,000 | -- |
12 | Le haghaidh Pinsin, Aoisliúntais, Cúiteamh (lena n-áirítear Cúiteamh do Lucht Oibre), agus Liúntais agus Aiscí, breise agus eile, faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, agus faoi Reachtanna éagsúla eile; Pinsin, Liúntais agus Aiscí Eisreachtúla arna ndámhachtain ag an Aire Airgeadais; táillí do Lia-Réiteoirí agus corrtháillí do Dhochtúirí; Cúiteamh agus íocaíochtaí eile i leith Díobhálacha Pearsanta; etc. .. .. .. .. | 2,119,000 | 483,500 |
13 | Le haghaidh Seirbhís Sicréideach .. .. | 11,500 | -- |
14 | Le haghaidh deontais d'Údaráis Áitiúla mar fhaoiseamh i leith rátaí ar Thalamh Talmhaíochta .. .. .. .. | 19,100,000 | -- |
15 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Ard-Aighne, etc., agus le haghaidh costais ionchúiseamh coiriúil agus Dlí-Mhuirear eile .. .. .. .. .. .. | 299,000 | 7,200 |
16 | Le haghaidh Costais Ilghnéitheacha áirithe, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe | 2,202,000 | -- |
17 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an tSoláthair; le haghaidh clódóireacht agus ceangaltóireacht, agus páipéar, foilseacháin, innealra oifige agus soláthairtí eile oifige a sholáthar do na Seirbhísí Poiblí; agus le haghaidh ilchuspóirí ilghnéitheacha .. .. .. .. .. .. | 1,244,000 | 252,600 |
18 | Le haghaidh tuarastail agus costais na hOifige Luachála, Shuirbhéireacht an Ordanáis agus mionseirbhísí áirithe .. | 395,000 | 50,150 |
19 | Le haghaidh rátaí agus ranníocaí in ionad rátaí, etc., i leith maoin Rialtais, agus le haghaidh ranníocaí i leith rátaí ar áitribh i seilbh Ionadaithe do Rialtais Eachtracha | 1,021,600 | 150,400 |
20 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Dlí agus Cirt, agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair; agus na hOifige Irisí Poiblí agus Choimeádaí na Stát-Pháipéar, agus chun Doiciméid Stairiúla, etc., a cheannach .. .. .. | 324,000 | 525 |
21 | Le haghaidh tuarastail agus costais an Gharda Síochána, lena n-áirítear pinsin, etc.; le haghaidh íocaíochtaí cúitimh agus costais eile i leith seirbhíse sna Caomhnóirí Áitiúla; chun costais finnéithe áirithe a íoc; agus chun deontas-i-gcabhair a íoc | 10,823,000 | 728,000 |
22 | Le haghaidh Costais Phríosún, Foras Naomh Pádraig, agus chun Priosúnaigh a chothabháil a choinnítear in Ospidéil Mheabhair-Ghalar Cheantair .. .. | 521,000 | 41,000 |
23 | Le haghaidh na dtuarastal agus na gcostas sin de chuid na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche nach muirear ar an bPríomh-Chiste .. .. .. .. .. | 678,000 | 68,600 |
24 | Le haghaidh tuarastail agus costais Chlárlann na Talún agus Chlárlann na nGníomhas .. | 313,000 | -- |
25 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla .. .. .. .. .. | 14,000 | 43 |
26 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear deontais d'Údaráis Áitiúla, deontais agus costais eile i ndáil le Tithíocht, agus scéimeanna agus deontais ilghnéitheacha lena n-áirítear deontas-i-gcabhair .. .. | 11,137,000 | 325,250 |
27 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Oideachais (lena n-áirítear Forais Eolaíochta agus Ealaíon), le haghaidh seirbhísí ilghnéitheacha áirithe oideachais agus cultúir, agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc .. .. .. .. | 4,539,000 | 18,970 |
28 | Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc. .. .. .. .. .. .. | 22,909,000 | 273,000 |
29 | Le haghaidh Meánoideachais .. .. | 15,952,000 | 92,000 |
30 | Le haghaidh Gairmoideachais, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair .. .. .. .. | 7,676,000 | 59,230 |
31 | Le haghaidh costais i ndáil le Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, lena n-áirítear Áiteanna Coinneála .. .. .. | 212,500 | 2,000 |
32 | Le haghaidh deontais-i-gcabhair d'Ollscoileanna agus do Choláistí agus d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath .. .. | 6,875,000 | -- |
33 | Le haghaidh tuarastail agus costais na Dánlainne Náisiúnta, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe .. .. .. .. | 65,600 | 720 |
34 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Tailte agus Oifig Choimisiún Talún na hÉireann .. .. .. .. | 4,328,000 | 292,175 |
35 | Le haghaidh tuarastail agus costais i ndáil le Foraoiseacht, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair chun Talamh a Fháil .. .. | 4,597,000 | 892,000 |
36 | Le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le Deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair .. | 1,625,000 | 500 |
37 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun fóirdheontais áirithe agus ildeontais-i-gcabhair a íoc .. .. .. .. | 57,473,000 | 2,919,989 |
38 | Le haghaidh tuarastail agus costais i ndáil le hIascach Mara agus Intíre, lena n-áirítear ildeontais-i-gcabhair .. .. .. | 1,317,000 | 30,180 |
39 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Saothair, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc .. | 1,975,000 | 477,500 |
40 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Tionscail agus Tráchtála, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc .. .. .. .. | 16,470,000 | 547,360 |
41 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Iompair agus Cumhachta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc .. .. .. .. | 13,772,000 | 2,160,020 |
42 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Poist agus Telegrafa agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontas-i-gcabhair a íoc .. | 25,410,000 | 10,152,000 |
43 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh pá agus costais Óglaigh na hÉireann; agus chun deontas-i-gcabhair a íoc .. .. .. .. .. .. | 12,852,000 | 830,000 |
44 | Le haghaidh Pá Scoir, Pinsin, Cúiteamh, Liúntais agus Aiscí is iníoctha faoi reachtanna éagsúla le Comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann agus d'Eagraíochtaí áirithe Míleata eile, etc., nó ina leith sin, agus le haghaidh ranníocaí agus costais éagsúla i ndáil leo sin; le haghaidh liúntais eisreachtúla áirithe leanaí agus le haghaidh ildeontas .. .. .. .. .. | 3,130,000 | 2,823 |
45 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha agus seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair .. .. | 1,085,000 | 9,600 |
46 | Le haghaidh ranníocaí do Chomhairle na hEorpa, don Eagras um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, do na Náisiúin Aontaithe, do Dhlí-Chomhlachtaí Idir-Rialtasacha agus don Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil; agus le haghaidh costais eile i ndáil leis an gcéanna | 290,000 | 100 |
47 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Árachais Shóisialaigh, agus le haghaidh ildeontas .. .. .. .. .. | 51,880,000 | 1,878,000 |
48 | Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais d'Údaráis Áitiúla, deontais ilghnéitheacha agus deontas-i-gcabhair áirithe .. .. .. .. | 31,533,000 | 34,500 |
49 | Le haghaidh costais chothabhála, etc., Othar sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar .. | 96,500 | 3,500 |
50 | Le haghaidh Méadú ar Phinsin, Liúntais agus Pá Scoir áirithe i leith seirbhíse poiblí agus chun íoc as pinsin ex-gratia do bhaintreacha agus do leanaí seirbhíseach poiblí áirithe .. .. .. .. .. | 738,000 | -- |
£ | 354,937,000 | 24,249,102 | |
Iomlán an Sceideal .. ..£ | 363,498,080 | 24,252,112 |