Uimhir 30 de 1987
AN tACHT EOLAÍOCHTA AGUS TEICNEOLAÍOCHTA, 1987
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. | |
6. | |
7. |
Feidhmeanna Breise de Chuid na Gníomhaireachta
8. | Feidhmeanna i ndáil leis an eolaíocht agus leis an teicneolaíocht. |
9. | |
10. | |
11. | |
12. | |
13. | |
14. |
Riaradh
15. | |
16. | |
17. | Comhaltas de Thithe an Oireachtais nó de Thionól na gComhphobal Eorpach. |
18. | |
19. | |
20. | |
21. | |
22. | |
23. | |
24. | |
25. | |
26. |
Forálacha Idirlinne
27. | |
28. | |
29. | Cearta agus dliteanais a aistriú agus imeachtaí ar feitheamh a choimeád ar marthain. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
An tAcht um Bord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta, 1977 |
Uimhir 30 de 1987
AN tACHT EOLAÍOCHTA AGUS TEICNEOLAÍOCHTA, 1987
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, 1987, a ghairm den Acht seo.
Tosach feidhme.
2.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar an gcéad lá d'Eanáir, 1988.
Ainm na Gníomhaireachta.
3.—Eolas — Gníomhaireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta na hÉireann a thabharfar ar an gcomhlacht ar a dtugtaí go n-uige seo an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán agus féadfaidh sé séala nua a sholáthar dó féin.
Mínithe.
4.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961, arna leasú leis an Acht Taighde Tionscail agus Caighdeán (Leasú), 1979;
ciallaíonn “an Ghníomhaireacht” Eolas — Gníomhaireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta na hÉireann;
ciallaíonn “an Bord” Bord na Gníomhaireachta;
ciallaíonn “an comhlacht díscaoilte” an Bord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta a dhíscaoiltear le halt 8 (7) den Acht seo;
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;
ciallaíonn “foras” aon institiúid, coláiste, saotharlann, oifig nó seirbhís (faoi rialú Aire nó eile) atá ag gabháil go hiomlán nó go páirteach do thaighde agus d'fhorbairt nó d'aon ghníomhaíocht eile a bhaineann le heolaíocht nó le teicneolaíocht;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.
Orduithe.
5.—(1) Féadfaidh an tAire aon ordú a bheidh déanta aige faoi aon fhoráil d'Acht 1961 nó faoin Acht seo a leasú nó a chúlghairm.
(2) Gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
Aisghairm.
6.—Aisghairtear leis seo na hachtacháin seo a leanas:
(a) in Acht 1961, ailt 14, 17, 25 (5), 34, 40, 41 agus 42;
(b) an tAcht um Bord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta, 1977.
Caiteachais.
7.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
CUID II
Feidhmeanna Breise de Chuid na Gníomhaireachta
Feidhmeanna i ndáil leis an eolaíocht agus leis an teicneolaíocht.
8.—(1) Beidh ag an nGníomhaireacht, de bhreis ar aon fheidhmeanna a shanntar di le hAcht 1961 nó faoi, na feidhmeanna ginearálta seo a leanas a bhí sannta go n-uige seo don Bhord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta—
(a) gníomhú faoin Aire mar chomhlacht atá freagrach as eolaíocht agus teicneolaíocht a chur chun cinn,
(b) comhairle a thabhairt don Rialtas nó don Aire, ar thionscnamh na Gníomhaireachta nó ar iarraidh ón Aire, ar bheartas i leith eolaíochta agus teicneolaíochta agus ábhair ghaolmhara,
(c) comhoirdniú na hinfheistíochta poiblí agus na hinfheistíochta poiblí agus príobháidí le chéile in eolaíocht agus i dteicneolaíocht a spreagadh agus tograí maidir le hinfheistíocht phoiblí a ullmhú,
(d) deontais agus saoráidí airgeadais eile le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a chur ar fáil agus a riaradh,
(e) comhairle a thabhairt don Aire ar é á iarraidh sin faoi aon ábhar a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht,
(f) taighde a spreagadh,
(g) feidhmiú eolaíochta agus teicneolaíochta ar fhorbairt eacnamaíoch agus sóisialach a spreagadh,
(h) forbairt acmhainní aiceanta a spreagadh trí eolaíocht agus teicneolaíocht a fheidhmiú,
(i) meas ar luachmhaireacht eolaíochta agus teicneolaíochta a spreagadh.
(2) Féadfaidh an Ghníomhaireacht, faoi réir cibé coinníollacha a fhorordóidh an tAire, na nithe eile sin go léir a dhéanamh a eascróidh nó a leanfaidh as na feidhmeanna a shanntar don Ghníomhaireacht leis an Acht seo nó faoi.
(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh ag an nGníomhaireacht na feidhmeanna sonracha seo a leanas—
(a) comhairle a thabhairt don Rialtas faoin ngá atá le haon fhoras nua a bhunú nó le haon fhoras atá ann a dhíscaoileadh nó faoin ngá atá le feidhmeanna aon fhorais atá ann a athscrúdú agus faoin gcineál forais a bheadh iontu nó an deilbh a bheadh orthu,
(b) clár náisiúnta eolaíochta agus teicneolaíochta a ullmhú agus a athbhreithniú ó am go ham i gcomhairle le forais iomchuí,
(c) gníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a chomhoirdniú,
(d) páirteachas i ngníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a spreagadh,
(e) gabháil do cibé gníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a cheadóidh an tAire,
(f) litríocht agus faisnéis a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht a leathadh agus a leathadh a spreagadh,
(g) gabháil (nuair is iomchuí sin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha) do ghníomhaíochtaí idirnáisiúnta in eolaíocht agus i dteicneolaíocht, lena n-áirítear, nuair is iomchuí sin, ionadú don Stát ag comhdhálacha, cruinnithe agus seimineáir,
(h) bheith páirteach i gcomharthionscadail idirnáisiúnta eolaíochta agus teicneolaíochta agus páirteachas iontu a spreagadh, agus, nuair is iomchuí sin, comhaontuithe a dhéanamh le comhlachtaí inchomparáide lasmuigh den Stát, faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais agus, nuair is iomchuí sin, faoi réir dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha,
(i) gabháil do staidéar ar dhaonchumhacht, i gcomhairle leis na forais iomchuí, i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht agus, nuair is iomchuí sin, leathnú agus forbairt daonchumhachta le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin a spreagadh,
(j) dul i mbun aireagáin a fhorbairt agus a shaothrú, agus cabhrú leis sin a dhéanamh, i gcomhairle leis na forais iomchuí,
(k) seimineáir, comhdhálacha, léachtaí agus léiriúcháin, sa Stát nó in áit eile, a bhaineann le heolaíocht agus le teicneolaíocht agus le nithe gaolmhara, a spreagadh agus a eagrú,
(l) feidhmiú eolaíochta agus teicneolaíochta ar fhorbairt agus ar fheabhsú dearadh tionscail agus tráchtála a spreagadh,
(m) comhairle agus cúnamh a thabhairt d'aireagóirí a n-aireagáin a chlárú agus a chosaint.
(4) (a) Measfar nach gcuireann forálacha ar bith de chuid an Achta seo srian léis na cumhachtaí ná leis na feidhmeanna a thugtar le reacht d'aon fhoras agus i bhfeidhmiú a cumhachtaí agus a feidhmeanna tabharfaidh an Ghníomhaireacht aird ar fheidhmeanna reachtúla na bhforas sin.
(b) Measfar nach gcuireann forálacha ar bith de chuid an Achta seo srian le feidhmeanna múinteoireachta institiúide, coláiste nó scoile oideachais ar bith.
(5) Ní ghabhfaidh an Ghníomhaireacht d'aon ghníomhaíocht, ná ní spreagfaidh sí aon ghníomhaíocht, a bhaineann go príomha le cúrsaí míleata gan ceadú roimh ré ón Rialtas.
(6) Féadfaidh an tAire le hordú feidhmeanna breise a shannadh don Ghníomhaireacht tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus le haon Aire eile den Rialtas ar dóigh leis an Aire baint a bheith aige leis an ábhar.
(7) Díscaoiltear leis seo an Bord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta.
Buiséad Eolaíochta.
9.—(1) Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i ndáil le gach bliain airgeadais nó le cibé tréimhse eile a shonróidh an tAire, ráiteas a ullmhú, a bheidh bunaithe a mhéid is féidir ar an gclár dá dtagraítear in alt 8 (3) (b) den Act seo, agus ina n-áireofar riachtanais agus tograí gach forais a bheidh ag fáil airgid ón Stát agus a thabharfaidh tuairimí agus moltaí na Gníomhaireachta ar na riachtanais agus ar na tograí sin de réir an bheartais náisiúnta i leith eolaíochta agus teicneolaíochta.
(2) Aon uair a ullmhóidh an Ghníomhaireacht ráiteas de bhun fho-alt (1) den alt seo, cuirfear an ráiteas sin faoi bhráid an Aire agus cuirfidh seisean faoi bhráid an Rialtais é tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.
(3) Is é an Buiséad Eolaíochta don bhliain nó don tréimhse i gceist sonraí na leithranna airgid a ceadaíodh ar deireadh don bhliain airgeadais nó don tréimhse i gceist i leith gach forais agus tráchtair eacht ón nGníomhaireacht ag gabháil leo faoin mbeartas náisiúnta i leith eolaíochta agus teicneolaíochta, i dteannta a chéile.
(4) Leagfaidh an tAire cóip de gach Buiséad Eolaíochta faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais.
Cláir a athbhreithniú.
10.—Seolfaidh agus foilseoidh an Ghníomhaireacht ó am go ham athbhreithniú ar éifeachtúlacht na gclár dá bhforáiltear sa Bhuiséad Eolaíochta.
Faisnéis a thabhairt a éileoidh an Ghníomhaireacht.
11.—Aon fhoras dá ndéantar foráil sa Bhuiséad Eolaíochta tabharfaidh sé don Ghníomhaireacht cibé faisnéis i cibé foirm agus cibé tráth a éileoidh sí.
Cumhacht taighde a dhéanamh.
12.—Féadfaidh an Ghníomhaireacht, le ceadú an Aire, taighde agus staidéar ar cibé fadhbanna i ndáil le heolaíocht agus le teicneolaíocht is cuí léi, a thosú agus a sheoladh agus féadfaidh sí torthaí aon imscrúdaithe den sórt sin is cuí léi, a fhoilsiú nó a leathadh.
Treoracha don Ghníomhaireacht.
13.—(1) Féadfaidh an tAire cibé treoracha ginearálta beartais is dóigh leis is cuí ag féachaint d'fhorálacha an Achta seo, a thabhairt don Ghníomhaireacht.
(2) Cuirfidh an tAire faoi deara aon treoir a thabharfaidh sé faoi fho-alt (1) den alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas laistigh de 21 lá tar éis í a thabhairt amhlaidh.
(3) Déanfaidh an Ghníomhaireacht de réir aon treorach a thabharfar di faoin alt seo agus leagfaidh sí an treoir amach ina tuarascáil bhliantúil agus áireoidh sí ina tuarascáil bhliantúil cuntas ar na gníomhartha a rinne sí chun éifeacht a thabhairt don treoir.
Teorainn caiteachais ar aireagáin.
14.—Leasaítear leis seo alt 43 (5) d'Acht 1961 (lena gcuirtear teorainn le caiteachas ag an nGníomhaireacht gan ceadú an Aire ar fhorbairt agus ar shaothrú aireagán) trí “nó cibé suim is mó ná sin a fhorordóidh an tAire ó am go ham le hordú” a chur isteach i ndiaidh “suim cúig mhíle punt”.
CUID III
Riaradh
Príomhfheidhmeannach.
15.—Ceapfaidh Bord na Gníomhaireachta duine chun bheith ina Phríomhfheidhmeannach ar an nGníomhaireacht faoi chonradh seirbhíse ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh an Bord le ceadú an Aire agus an Aire Airgeadais.
Comhalta den Bhord do nochtadh leasa i gconradh beartaithe.
16.—Comhalta den Bhord—
(a) a bhfuil aon leas ábhartha nó airgid aige in aon chomhlacht corpraithe lena mbeartaíonn an Bord conradh a dhéanamh, nó
(b) a bhfuil aon leas ábhartha nó airgid aige in aon chonradh a bheartaíonn an Bord a dhéanamh,
nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é, agus ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon phlé ná cinneadh a dhéanfaidh an Bord i ndáil leis an gconradh, agus taifeadfar an nochtadh i miontuairiscí an Bhoird.
Comhaltas de Thithe an Oireachtais nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.
17.—(1) Más rud é, i gcás comhalta den Bhord—
(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó
(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó
(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,
scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta de Bhord na Gníomhaireachta.
(2) Más rud é, i gcás oifigigh nó seirbhísigh don Ghníomhaireacht—
(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó
(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó
(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,
beidh sé air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an nGníomhaireacht agus ní íocfaidh an Ghníomhaireacht leis ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón nGníomhaireacht, aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Tionól sin.
(3) De thoradh na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, beidh éifeacht le halt 13 d'Acht 1961 mar a leanas:
(a) scoirfidh fo-ailt (1) agus (2), míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (3) agus fo-alt (6) d'éifeacht a bheith leo;
(b) forléireofar na tagairtí i bhfo-alt (3) d'oifigeach nó do sheirbhíseach a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas mar thagairt do dhuine lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo;
(c) forléireofar na tagairtí san alt sin 13 do bheith ar iasacht agus do thréimhse na hiasachta mar thagairtí do bheith ar iasacht agus don tréimhse iasachta faoi fho-alt (2) den alt seo.
(4) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord nó chun fostaíochta ag an nGníomhaireacht.
Caiteachas ag an nGníomhaireacht.
18.—Féadfar cistí na Gníomhaireachta a úsáid—
(a) chun na caiteachais a thabhaíonn sí i gcomhlíonadh a feidhmeanna a íoc, agus
(b) chun íocaíochtaí a dhéanamh, nó deontais nó iasachtaí a thabhairt, chun aon chríche a chabhróidh, i dtuairim na Gníomhaireachta, le gníomhaíochtaí eolaíochta agus teicneolaíochta a spreagadh agus a fhorbairt.
Infheistíocht ag an nGníomhaireacht.
19.—Féadfaidh an Ghníomhaireacht aon chistí dá cuid (nach cistí lena mbaineann alt 20 (3) den Acht seo) a infheistiú in aon slí a dtugann an dlí cumhacht d'iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.
An Ghníomhaireacht do ghlacadh bronntanas.
20.—(1) Féadfaidh an Ghníomhaireacht bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.
(2) Ní ghlacfaidh an Ghníomhaireacht bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha ag gabháil lena ghlacadh ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna na Gníomhaireachta.
(3) Féadfar aon chistí de chuid na Gníomhaireachta, is bronntanas nó is fáltais ó bhronntanas a tugadh di, a infheistiú, faoi réir aon téarmaí nó coinníollacha a bheidh ag gabháil leis an mbronntanas, in aon slí a dtugann an dlí cumhacht d'iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.
Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis don Aire
21.—(1) Tabharfaidh an Ghníomhaireacht gach bliain, ar cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil don Aire ar a himeachtaí faoin Acht seo i gcaitheamh na tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an dáta sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(2) Beidh sa tuarascáil a thabharfar don Aire de bhun fho-alt (1) den alt seo cibé faisnéis a ordóidh an tAire i dtaobh feidhmeanna na Gníomhaireachta.
(3) Tabharfaidh an Ghníomhaireacht don Aire cibé faisnéis a éileoidh sé ó am go ham maidir le comhlíonadh a feidhmeanna.
Cuntais agus iniúchadh.
22.—(1) Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a fuair an Ghníomhaireacht nó ar na caiteachais go léir a thabhaigh sí agus, go háirithe, coimeádfaidh sí san fhoirm sin a dúradh na cuntais speisialta go léir sin a ordóidh an tAire nó an tAire Airgeadais ó am go ham.
(2) Déanfaidh an Ghníomhaireacht cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur gach bliain faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta sin, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus de cibé cuid eile de na cuntais a choimeádfar de bhun fho-alt (1) den alt seo a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Oifigigh agus seirbhísigh.
23.—(1) Déanfaidh an Ghníomhaireacht cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Ghníomhaireacht a chinnfidh sí le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.
(2) Cinnfidh an Ghníomhaireacht ó am go ham gráid, tionacht oifige agus coinníollacha seirbhíse a cuid oifigeach agus seirbhíseach.
(3) Íocfar le hoifigeach nó le seirbhíseach don Ghníomhaireacht cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Ghníomhaireacht ó am go ham, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.
Cumhacht sainchomhairleoirí a fhostú.
24.—Féadfaidh an Ghníomhaireacht cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú ar chonarthaí seirbhíse gearrthréimhseacha a mheasfaidh sí is gá chun a feidhmeanna a urscaoileadh go cuí.
Toirmeasc ar fhaisnéis faoi rún a nochtadh.
25.—(1) Ní dhéanfaidh aon duine atá nó a bhí ina chomhalta den Bhord nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Ghníomhaireacht, nó ina chomhairleoir nó ina shainchomhairleoir don Ghníomhaireacht aon fhaisnéis a nochtadh a bheidh aicmithe ag an nGníomhaireacht mar fhaisnéis faoi rún agus a fuair an duine le linn dó bheith ag comhlíonadh (nó de thoradh é do chomhlíonadh) dualgas mar chomhalta, mar oifigeach, mar sheirbhíseach, mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir den sórt sin.
(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.
Coistí de chuid an Bhoird.
26.—(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham coistí a bhunú chun na feidhmeanna sin de chuid na Gníomhaireachta a chomhlíonadh is fearr nó is caothúla a d'fhéadfaí, i dtuairim an Bhoird, a chomhlíonadh ag coiste agus a shannfaidh an Bord do choiste.
(2) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith, más oiriúnach leis an mBord é, ina gcomhaltaí de choiste a bhunaítear faoin alt seo.
(3) Beidh ceapadh duine chun gníomhú mar chomhalta de choiste a bhunaítear faoin alt seo faoi réir cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha maidir le téarmaí agus tionacht oifige an chomhalta) is oiriúnach leis an mBord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a fhorchur tráth déanta an cheaptha.
(4) Féadfaidh an Bord comhalta de choiste a bhunaítear faoin alt seo a chur as oifig aon tráth.
(5) Féadfaidh an Bord aon tráth coiste a cheaptar faoin alt seo a dhíscaoileadh.
(6) Beidh gníomhartha coiste a bhunaítear faoin alt seo faoi réir a gceadaithe ag an mBord.
(7) Féadfaidh an Bord nós imeachta coistí a bhunaítear faoin alt seo a rialáil, ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coistí a bhunaítear faoin alt seo a nós imeachta féin a rialáil.
CUID IV
Forálacha Idirlinne
Foireann a aistriú.
27.—(1) Duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don chomhlacht díscaoilte, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an tosach feidhme sin, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Ghníomhaireacht ar théarmaí agus ar choinníollacha nach lú fabhar ná na téarmaí agus na coinníollacha a bhí infheidhme maidir leis an duine sin díreach roimh an tosach feidhme sin.
(2) Maidir le scéim a bheidh ceadaithe faoi alt 28 den Acht um Bord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta, 1977 le haghaidh aoisliúntas oifigigh agus sheirbhísigh an chomhlachta dhíscaoilte, measfar gur scéim í a bheidh ceadaithe faoi alt 35 d'Acht 1961 agus féadfar í a leasú dá réir sin.
(3) Leasaítear leis seo alt 35 (1) d'Acht 1961 trí “nó maidir leo ar scor nó ar bhás dóibh” a chur in ionad na bhfocal “ar scor dóibh”.
Maoin a aistriu.
28.—(1) Ar thosach feidhme an Achta seo, an mhaoin go léir, lena n-áirítear ábhair i gcaingean, ar mhaoin í de chuid an chomhlachta dhíscaoilte díreach roimh an tosach feidhme sin, beidh sí arna dílsiú don Ghníomhaireacht gan aon tíolacadh ná sannadh.
(2) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear chuig an nGníomhaireacht le fo-alt (1) den alt seo féadfaidh an Ghníomhaireacht agra a dhéanamh ina leith agus é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina hainm féin agus ní gá don Ghníomhaireacht fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.
Cearta agus dliteanais a aistriú agus imeachtaí ar feitheamh a choimeád ar marthain.
29.—(1) Beidh cearta agus dliteanais uile an chomhlachta dhíscaoilte arna n-aistriú chuig an nGníomhaireacht ar thosach feidhme an Achta seo.
(2) Gach ceart agus gach dliteanas a aistrítear chuig an nGníomhaireacht le fo-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Ghníomhaireacht agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina hainm féin nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne na Gníomhaireachta ina hainm féin agus ní gá don Ghníomhaireacht fógra faoin aistriú sin a thabhairt don duine a bhfuil a cheart nó a dhliteanas á aistriú leis an alt seo.
(3) Na himeachtaí dlíthiúla uile a bhí ar feitheamh díreach roimh thosach feidhme an Achta seo agus ar pháirtí iontu an comhlacht díscaoilte coimeádfar ar marthain iad agus cuirfear ainm na Gníomhaireachta in ionad ainm an chomhlachta dhíscaoilte.