[EN]

Uimhir 3.


[EN]

ACHT UM THOISCEANNA REACHTÚLA (BUANÚ MUIREARACHA), 1923.


ACHT CHUN ÚDARÁS DO THABHAIRT DO THOIS-CEANNA REACHTÚLA ÁIRITHE I SAORSTÁT ÉIREANN CHUN BUANÚ AIMSEARTHA DO DHÉANAMH AR NA MÉADUITHE DO hÚDARUÍODH DO DHÉANAMH FÉ REACHTANNA DÉANACHA AR NA MUIREARACHA REACHTÚLA DO DINEADH LEIS NA TOISCEANNA SAN FÉ SEACH AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEANN LEO. [16adh Feabhra, 1923.] DE BHRÍ gur dineadh leis an Acht um Thoisceanna Reachtúla (Méadú Sealadach Muirearacha), 1918, fé mar do leasuíodh é le hAcht na mBóithre Tram (Méadú Sealadach Muirearacha), 1920, na forálacha reachtúla, a rialuíonn na muirearacha a dhéanfadh toisceanna áirithe bóithre tram agus toisceanna reachtúla eile, d'atharú go sealadach chun méadú na muirearacha so d'údarú:

AGUS DE BHRÍ gur dineadh le hAcht na gCuan, na nDug agus na bPiaranna (Méadú Sealadach Muirearacha), 1920, na forálacha reachtúla a rialuíonn na muirearacha a dhéanfadh toisceanna cuain, duig agus piara d'atharú ar an gcuma gcéanna chun údaruithe méadú den tsórt céanna ar na muirearacha san:

AGUS DE BHRÍ gur dineadh Orduithe ó am go ham fé sna hAchtanna uile sin roimh-ráite á údarú do thoisceanna Reachtúla áirithe i Saorstát Éireann méadú do dhéanamh ar na muirearacha atá ortha fé seach do dhéanamh do réir reachta agus go raghaidh gach Ordú den tsórt san in éag ar an 15adh lá d'Fheabhra, 1923, maille leis an méadú a údaruíonn sé, no go gairid 'na dhiaidh sin, mara mbuanóidh an t-Oireachtas é:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil Toisceanna áirithe Canálach i Saorstát Éireann údaruithe ag Aire an Iompair fé Acht Aireacht an Iompair, 1919, chun a muirearacha do mhéadú laistigh de theoranta áirithe agus go raghaidh an t-údarú san in éag ar an 15adh lá d'Fheabhra, 1923, no go gairid 'na dhiaidh sin, mara mbuanóidh an t-Oireachtas é:

AGUS DE BHRÍ go bhfuilid ann fós na cúiseanna ba bhun leis na hOrduithe agus na hUdaruithe uile sin roimh-ráite do bheith riachtanach agus cóir agus ar an abhar san gur riachtanach agus gur cóir go mbuanóch an t-Oireachtas na hOrduithe agus na hUdaruithe uile sin roimh-ráite:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

[EN]

Buanú Orduithe sa Chéad Sceideal.

1.—Na hOrduithe uile sin atá luaidhte sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a dineadh fén Acht um Thoisceanna Reachtúla (Méadú Sealadach Muirearacha), 1918 (8 & 9 Geo V., ch. 34), fé mar do leasuíodh é le hAcht na mBóithre Tram (Méadú Sealadach Muirearacha), 1920 (10 & 11 Geo. V., ch. 14), leanfaid i bhfeidhm, gan dochar don chomhacht aithfhéachainte atá ann fé sna hAchtanna roimh-ráite, an fhaid a fhanfaidh an t-alt so i bhfeidhm.

[EN]

Buanú Orduithe sa Dara Sceideal.

2.—Na hOrduithe uile sin atá luaidhte sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a dineadh fé Acht na gCuan, na nDug agus na bPiaranna (Méadú Sealadach Muirearacha), 1920 (10 & 11 Geo. V., ch. 21), leanfaid i bhfeidhm, gan dochar don chomhacht aith-fhéachainte atá ann fén Acht roimh-ráite, an fhaid a fhanfaidh an t-alt so i bhfeidhm.

[EN]

Féadfaidh Toisceanna Canálach sa Treas Sceideal leanúint ar rátaí, cánacha etc. áirithe d'éileamh.

3.—(1) Beidh sé dleathach do gach ceann de sna Toisceanna Canálach uile sin a luaidhtear sa Chéad Cholún den Treas Sceideal a ghabhann leis an Acht so leanúint, an fhaid a fhanfaidh an t-alt so i bhfeidhm, ar éileamh na rátaí, na dtáillí, na gcánach, na ndiúitéthe agus na muirearacha eile go léir sin fé seach gur orduíodh a n-éileamh do sna Toisceanna san fé seach leis na hOrduithe atá luaidhte sa Dara Colún den Treas Sceideal roimh-ráite.

[EN]

(2) Féadfar gach ceann de sna hOrduithe roimh-ráite atá luaidhte sa Treas Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'aithfhéachaint sa tslí chéanna gur féidir Orduithe a déanfaí fé Acht na gCuan, na nDug agus na bPiaranna (Méadú Sealadach Muirearacha), 1920 (10 & 11 Geo. V., ch. 21), d'aith-fhéachaint fén Acht san agus dá réir sin bainfidh fo-alt (5) d'Alt 1 agus Ailt 2, 3 agus 4 den Acht san leis na hOrduithe roimh-ráite atá luaidhte sa Treas Sceideal roimh-ráite sa tslí chéanna go mbainid le hOrduithe a déanfaí fén Acht san.

[EN]

Míniú ar “An t-Aire.”

4.—San Acht so cialluíonn an abairt “An t-Aire” an t-Aire um Thiúscal agus Thráchtáil.

[EN]

Gearr-Theideal agus Tréimhse Bhuaine.

5.—(1) Féadfar an t-Acht um Thoisceanna Reachtúla (Buanú Muirearacha), 1923, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Fanfaidh an t-Acht so i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Bhealtaine, 1923, agus raghaidh sé in éag ansan.


[EN]

AN CHEAD SCEIDEAL—Orduithe Bóithre Tram.

FIRST SCHEDULE—Tramway Orders.

Title of Order.

Date.

Reference No.

The Dublin Tramways (Temporary Increase of Charges) Order, 1920.

November 8, 1920.

1920, No. 2064

The Cork Electric Tramways (Temporary Increase of Charges) Order, 1921.

July 1, 1921.

1921, No. 1096.

AN DARA SCEIDEAL—Orduithe Cuain.

SECOND SCHEDULE—Harbour Orders.

Title of Order.

Date.

Reference No.

The Arklow Harbour (Temporary Increase of Charges) Order, 1921.

May 12, 1921.

1921, No. 1831.

The Ballina Port and Harbour (Temporary Increase of Charges) Order, 1921.

August 5, 1921.

1921, No. 1255.

The Drogheda Harbour (Temporary Increase of Charges) Order, 1921.

March 4, 1921.

1921, No. 291

The Dundalk Harbour (Temporary Increase of Charges) Order, 1921.

December 16, 1921.

1921, No. 1909.

The Foynes Harbour (Temporary Increase of Charges) Order, 1921.

December 16, 1921.

1921, No. 1905.

The Kinsale Port, Harbour and Pier (Temporary Increase of Charges) Order, 1921.

May 12, 1921.

1921, No. 845.

The Sligo Port and Harbour (Temporary Increase of Charges) Order, 1921.

August 5, 1921.

1921, No. 1259

The Westport Port and Harbour (Temporary Increase of Charges) Order, 1921.

April 19, 1921.

1921, No. 656.

The Kilrush Pier, County Clare, Order, 1921.

July 1, 1921.

1921, No. 1097.

AN TREAS SCEIDEAL—Toisceanna Canálach.

THIRD SCHEDULE—Canal Undertakings.

Canal Undertakings.

Orders relating thereto.

The Grand Canal Company.

Order dated the 8th day of September, 1920, made by the Minister of Transport.

The Royal Canal Company.

Order dated the 22nd day of September, 1920, made by the Minister of Transport.

The River Shannon Navigation.

Order dated the 26th day of July, 1921, made by the Minister of Transport.